2 1935


Uimhir 2 de 1935.


ACHT UM HALLAÍ RINNCE PUIBLÍ, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN ÁITEANNA A hÚSÁIDTEAR I gCÓIR RINNCE PHUIBLÍ DO CHEADÚNÚ, DO RIALÚ, AGUS DO MHAOIRSEACHT, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [19adh Feabhra, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “áit” foirgint (agus cuid d'fhoirgint d'áireamh), clós, gáirdín, no áit dúnta eile, pe'ca atá díon air no ná fuil agus pe'ca buan no sealadach don áit dúnta agus don díon (más ann do);

cialluíonn an abairt “rinnce puiblí” rinnce atá ar oscailt don phuiblíocht agus go bhfuil teideal ag daoine atá i láthair páirt ghníomhach do thógaint ann;

cialluíonn an abairt “líomatáiste ceadúnúcháin” líomatáiste cúirte dúithche atá orduithe do réir dlí chun na gcrícheanna bhaineann le gnó ceadúnúcháin do dhéanamh;

cialluíonn an abairt “cúirt dúithche cheadúnúcháin bhliantúil” an suidhe bheidh ag an gCúirt Dúithche do réir rialacha cúirte i líomatáiste ceadúnúcháin chun iarrataisí d'éisteacht ar dheimhnithe le haghaidh athnuachaintí ceadúnaisí díolta deocha meisciúla.

Ceadúnaisí rinnce phuiblí d'iarraidh agus do dheonadh.

2. —(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh duine ar bith ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas rinnce phuiblí san Acht so) d'iarraidh ar an mBreitheamh den Chúirt Dúithche go ndlighinse in aon líomatáiste ceadúnúcháin chun áite áirithe sa líomatáiste ceadúnúcháin sin d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí pe'ca bheidh an áit sin ceadúnuithe chun deocha meisciúla do dhíol ann no ná beidh agus féadfaidh an Breitheamh san, más dóich leis san do bheith ceart, an ceadúnas san do dheonadh don duine sin,

(2) Nuair a bheidh iarratas fén alt so ar cheadúnas rinnce phuiblí á bhreithniú aige féachfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche do sna nithe seo leanas i dteanta éinní eile chífear do bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(a) carachtar agus cúrsaí airgeadais agus eile neach iarrtha an cheadúnais sin;

(b) oiriúnacht na háite le n-a mbaineann an t-iarratas san;

(c) na saoráidí i gcóir rinnce phuiblí atá i gcomharsanacht na háite sin tráth déanta an iarratais sin;

(d) an chóiríocht chun suidhte feithiclí i gcomharsanacht na háite sin;

(e) an aois is cosúil a bheidh ag an muintir is dócha úsáidfidh an áit sin i gcóir rinnce phuiblí;

(f) pe'ca tá no ná fuil an áit sin suidhte i slí gur dheacair don Ghárda Síochána bainistí na háite sin agus a mbeidh ar siúl ann do mhaoirseacht;

(g) na tráthanna go n-iarann an t-iarratasóir gceadófaí rinnce puiblí do bheith san áit sin le n-a linn.

(3) Nuair a bheidh iarratas fén alt so ar cheadúnas rinnce phuiblí á éisteacht féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána, agus duine ar bith go bhfeicfear don Bhreitheamh a bheidh ag éisteacht an iarratais sin baint do bheith aige leis, teacht i láthair agus éisteacht d'fháil i gcoinnibh an iarratais sin agus fianaise do thabhairt ar áird chun neartuithe leis i gcoinnibh an iarratais sin.

(4) Is ag cúirt dúithche cheadúnúcháin bhliantúil agus ní tráth ar bith eile déanfar gach iarratas fén Acht so ar cheadúnas rinnce phuiblí (seachas iarratas ar cheadúnas rinnce phuiblí maidir le háit ná beidh aon cheadúnas den tsórt san ann do tráth déanta an iarratais sin agus iarratas ar cheadúnas rinnce phuiblí in aghaidh tréimhse áirithe nách sia ná mí agus iarratas a húdaruítear leis an Acht so a dhéanamh am ar bith).

Fógra d'fhoillsiú i dtaobh iarratais ar cheadúnas rinnce phuiblí.

3. —(1) Ní déanfar ná ní breithneofar aon iarratas chun na Cúirte Dúithche ar cheadúnas rinnce phuiblí (seachas ceadúnas rinnce phuiblí in aghaidh tréimhse áirithe nách sia ná mí) do dheonadh mara ndeinidh neach déanta an iarratais, mí ar a laighead roimh an iarratas san d'éisteacht, fógra d'fhoillsiú i bpáipéar nuachta léightear sa cheanntar ina bhfuil an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san i dtaobh é bheith ar intinn an t-iarratas san do dhéanamh.

(2) Gach duine iarrfaidh ar an gCúirt Dúithche ceadúnas rinnce phuiblí do dheonadh dho déanfaidh—

(a) i gcás iarratais ar cheadúnas rinnce phuiblí in aghaidh tréimhse áirithe nách sia ná mí, fógra ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead i dtaobh an iarratais sin do thabhairt i scríbhinn don Cheannphort don Ghárda Síochána gur ina cheanntar atá an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san, agus

(b) i ngach cás eile, fógra mí ar a laighead i dtaobh an iarratais sin do thabhairt i scríbhinn don Cheannphort don Ghárda Síochána gur ina cheanntar atá, agus don údarás áitiúil gur ina líomatáiste feidhmiúcháin atá, an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san.

Coinníollacha agus srianta do chur i gceadúnaisí rinnce phuiblí.

4. —Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche bheidh ag deonadh ceadúnais rinnce phuiblí pé coinníollacha agus srianta do chur ann is dóich leis is ceart agus go sonnrách (gan dochar do gheneráltacht na comhachta san roimhe seo) féadfaidh coinníollacha do chur sa cheadúnas san ag ceapadh teoranta maidir leis na laetheanta agus na tráthanna féadfar an áit le n-a mbaineann an t-iarratas san d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí.

Oibriú ceadúnais rinnce phuiblí.

5. —(1) Oibreoidh gach ceadúnas rinnce phuiblí chun a údarú don cheadúnaí fén gceadúnas san agus (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so) ní do dhuine ar bith eile an áit a luadhfar sa cheadúnas san d'úsáid, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, i gcóir rinnce phuiblí fé réir forálacha an Achta so agus fé réir na gcoinníollacha agus na srianta bheidh sa cheadúnas san.

(2) Má éagann an ceadúnaí fé cheadúnas rinnce phuiblí le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm tuigfear chun gach críche, go dtí go dtárlóidh pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá, an ceadúnas san do dhul in éag, d'athghairm, no do thabhairt suas no ráithe do chaitheamh o éag an duine sin, gurb é ionadaí pearsanta an cheadúnaí mhairbh is ceadúnaí fén gceadúnas san agus beidh aige dá réir sin na cearta, na comhachta agus na dualgaisí uile do bhí ag an gceadúnaí sin fén gceadúnas san no alos an cheadúnais sin.

Ré cheadúnais rinnce phuiblí.

6. —(1) Féadfar ceadúnas rinnce phuiblí do dheonadh in aghaidh tréimhse áirithe luadhfar ann agus nách sia ná mí agus nuair a deonfar amhlaidh é beidh sé i bhfeidhm, mara ndeintear é do cheiliúradh no do thabhairt suas fén Acht so, ar feadh na tréimhse áirithe sin agus ní níos sia ná san.

(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so tiocfaidh gach ceadúnas rinnce phuiblí a deonfar fén Acht so i bhfeidhm díreach ar é do dheonadh agus, mara ndeintear roimhe sin é do cheiliúradh no do thabhairt suas fén Acht so, leanfaidh i bhfeidhm go dtí críochnú na céad chúirte dúithche ceadúnúcháin bliantúla bheidh sa líomatáiste ceadúnúcháin tar éis na cúirte dúithche ceadúnúcháin bliantúla no an tsuidhe eile ag ar deonadh an ceadúnas san.

Ceadúnas rinnce phuiblí do thabhairt suas.

7. —Féadfaidh an ceadúnaí fé cheadúnas rinnce phuiblí an ceadúnas san do thabhairt suas uair ar bith tré fhógra i scríbhinn do chur chun an chléirigh chúirte dúithche don líomatáiste cheadúnúcháin ina bhfuil an áit le n-a mbaineann an ceadúnas san, no do sheacadadh dho, maraon leis an gceadúnas san.

Ceadúnas rinnce phuiblí do bheith neamhionaistrithe.

8. —(1) Ní bheidh ceadúnas rinnce phuiblí ionaistrithe ón gceadúnaí fén gceadúnas san chun duine eile.

(2) Má bhíonn ceadúnas rinnce phuiblí (dá ngairmtear an seanacheadúnas san alt so) i bhfeidhm maidir le háit ar bith féadfar, le toiliú an cheadúnaí fén seana-cheadúnas, ceadúnas rinnce phuiblí maidir leis an áit sin d'iarraidh fén Acht so tráth ar bith do dhuine eile agus má deontar an ceadúnas san oibreoidh a dheonadh mar cheiliúradh ar an seana-cheadúnas.

thchomhaire maidir le hiarrataisí ar cheadúnaisí rinnce phuiblí.

9. —(1) I dteanta aon chirt athchomhairc agus gan dochar d'aon cheart athchomhairc a bheidh ann de thuras na huaire fé Acht ar bith eile, luighfidh athchomharc chun na Cúirte Cuarda—

(a) o neach iarrtha ceadúnais rinnce phuiblí, i gcoinnibh orduithe ón gCúirt Dúithche ag diúltú don iarratas san, agus

(b) o neach iarrtha ceadúnais rinnce phuiblí, i gcoinnibh na coda san d'ordú ón gCúirt Dúithche, ag deonadh an cheadúnais sin, gur gá dá réir coinníollacha no srianta áirithe do chur sa cheadúnas san, agus

(c) o dhuine ar bith do bhí i láthair le linn, agus do héisteadh i gcoinnibh, iarratais ar cheadúnas rinnce phuiblí, i gcoinnibh orduithe no aon chuid áirithe d'ordú ón gCúirt Dúithche ag deonadh an cheadúnais sin.

(2) An dlighinse bheidh ag an gCúirt Chuarda chun athchomhaire fén alt so d'éisteacht isé fheidhmeoidh í ná an Breitheamh den Chúirt sin go ndlighinse sa chuaird ina raibh an tigh cúirte ina ndearnadh an t-ordú go mbeifear ag athchomharc ina choinnibh.

Ait neacheadúnuithe d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí.

10. —(1) Ní déanfar áit ar bith, pe'ca bheidh sé ceadúnuithe chun deocha meisciúla do dhíol no ná beidh, d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí mara mbeidh ceadúnas rinnce phuiblí do deonadh fén Acht so i bhfeidhm maidir leis an áit sin.

(2) Má húsáidtear áit ar bith i gcóir rinnce phuiblí contrárdha don alt so beidh sealbhaire na háite sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air in aghaidh gach lae no coda de lá a húsáidfear an áit sin amhlaidh.

Sárú ar cheadúnas rinnce phuiblí.

11. —(1) Pé uair a déanfar aon áit go mbeidh ceadúnas rinnce phuiblí i bhfeidhm de thuras na huaire ina taobh d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí agus gur duine seachas an ceadúnaí fén gceadúnas san úsáidfidh amhlaidh í no pé uair a húsáidfear í contrárdha do sna coinníollacha agus do sna srianta bheidh sa cheadúnas san no gan iad do chólíonadh go cuibhe beidh an ceadúnaí fén gceadúnas san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae no coda de lá a húsáidfear an áit sin amhlaidh.

(2) Pé uair a ciontófar duine ar bith i gcionta fén alt so féadfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche do chiontuigh an duine amhlaidh, más dóich leis gur ceart é agus i dteanta no in ionad fíneála do ghearradh, an ceadúnas rinnce phuiblí do cheiliúradh a bhaineann leis an áit gur maidir léi do rinneadh an cionta san.

Fógra i dtaobh ceadúnais do chur suas ar áit cheadúnuithe.

12. —(1) Faid a bheidh ceadúnas rinnce phuiblí i bhfeidhm déanfaidh an ceadúnaí fén gceadúnas san no cuirfidh fé ndeár fógra i litreacha so-léighte mar leanas, sé sin le rá, “Ceadúnuithe fé Acht den Oireachtas i gcóir rinnce phuiblí” do choimeád greamuithe no scríobhtha ar an áit le n-a mbaineann an ceadúnas san in ionad feiceálach ar phríomh-dhoras no in aice le príomhdhoras na háite sin.

(2) Pé uair a theipfidh ar cheadúnaí fé cheadúnas rinnce phuiblí déanamh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae no aon choda de lá thárlóidh an teip sin.

Comhachta an Ghárda Síochána.

13. —(1) Féadfaidh ball ar bith den Ghárda Síochána in éide dul isteach in áit ar bith go mbeidh ceadúnas rinnce phuiblí i bhfeidhm de thuras na huaire maidir léi tráth ar bith a bheidh an áit sin á húsáid i gcóir rinnce phuiblí no aon tráth eile réasúnta agus pé iniúchadh, scrúdú, agus fiosrú do dhéanamh ann is dóich leis is ceart.

(2) Gach duine dhéanfaidh ball den Ghárda Síochána do chosc no do bhéarfaidh fé n-a chosc ar chomhacht d'fheidhmiú bheidh dílsithe sa bhall san de bhuadh an ailt seo no bhacfaidh aon bhall den tsórt san no do bhéarfaidh fé n-a bhac agus é ag feidhmiú na comhachta san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Alt 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, do scur d'fheidhm do bheith aige.

14. —(1) Díreach ar an Acht so do rith scuirfidh alt 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, d'fheidhm no éifeacht do bheith aige maidir le rinnce puiblí do réir bhrí an Achta so.

(2) Gach ceadúnas do deonadh fén alt san 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, agus atá i bhfeidhm le linn an Achta so do rith agus go raibh éifeacht aige, díreach roimh san do rith, mar cheadúnas á údarú áit d'úsáid i gcóir rinnce phuiblí do réir bhrí an Achta so tuigfear, sa mhéid go raibh éifeacht aige amhlaidh agus o am an Achta so do rith, gur ceadúnas rinnce phuiblí do deonadh fén Acht so an ceadúnas san agus beidh éifeacht aige fén Acht so agus bainfidh an tAcht so leis dá réir sin.

(3) Más rinnce puiblí mar a mínítear san leis an Acht so an chuid is mó de shiamsa phuiblí áirithe ach go mbeidh ann leis, mar fho-chuid den tsiamsa san no mar chuid a ghabhann leis, rinnce taisbeántais o rinnceoirí speisialta, comórtaisí rinnce, amhránaíocht no ceol oirnéise (i dteanta an cheoil a bheidh á sheinnt don rinnce phuiblí sin), no aon tsiamsa eile dá shamhail sin, is rinnce puiblí le n-a mbaineann an tAcht so an siamsa puiblí sin agus ní siamsa puiblí é le n-a mbaineann an t-alt san 51 den Public Health Acts Amendment Act, 1890.

Seomraí caitheamh aimsire leis an Arm no leis an nGárda Síochána.

15. —Ní bheidh feidhm ag an Acht so maidir le rinnce puiblí bheidh ar siúl in aon tseomra caitheamh aimsire bheidh á bhainistí no á stiúradh fé údarás an Aire Cosanta no Choimisinéara an Ghárda Síochána.

Gearr-theideal.

16. —Féadfar an tAcht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935 , do ghairm den Acht so.