11 1935


Uimhir 11 de 1935.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1935.


ACHT CHUN NA hACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1934, DO BHUANÚ. [29adh Marta, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1934.

1. —Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1934, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1936, agus raghaid in éag ansan.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1935 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1934, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1935, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.