13 1935


Uimh. 13 de 1935.


ACHT NÁISIÚNTACHTA AGUS SAORÁNACHTA ÉIREANN, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE AGUS RIALUITHE DO DHÉANAMH CHUN GACH CRÍCHE, DÚTHCHASACH AGUS EADARNÁISIÚNTA, MAIDIR LE SAORÁNACHT SHAORSTÁIT ÉIREANN D'FHÁIL DE BHÍTHIN BEIRTHE NO AR SHLÍ EILE AGUS MAIDIR LEIS AN SAORÁNACHT SAN DO DHUL AR CEAL NO DO CHAILLIÚINT AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I gCÓIR NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [10adh Abrán, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt; foluíonn an focal “leagáideacht” oifig Ard-Choimisinéara; nuair a húsáidtear an focal “saoránach” maidir le Saorstát Éireann foluíonn sé (lasmuich d'áit ná ceaduíonn an có-théacs é) duine is saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht agus nuair a húsáidtear é maidir le tír seachas Saorstát Éireann foluíonn sé géilliúnach no náisiúnach den tír sin agus léireofar an focal “saoránacht” dá réir sin; foluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Saoránaigh dhúthchais.

2. —(1) Beidh na daoine seo leanas ina saoránaigh dhúthchais de Shaorstát Éireann, sé sin le rá:—

(a) gach duine do rugadh i Saorstát Éireann an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no dá éis agus roimh dháta an Achta so do rith, agus

(b) gach duine a béarfar i Saorstát Éireann ar dháta an Achta so do rith no dá éis, agus

(c) gach duine do rugadh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922. no dá éis agus roimh dháta an Achta so do rith i luing do bhí cláruithe i Saorstát Éireann, agus

(d) gach duine a béarfar an dháta an Achta so do rith no dá éis i luing a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, agus

(e) gach duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no dá éis agus roimh dháta an Achta so do rith, agus gur shaoránach de Shaorstát Éireann a athair an lá do rugadh an duine sin, agus

(f) fé réir na bhforálacha anso ina dhiaidh seo den alt so, gach duine béarfar lasmuich de Shaorstát Éireann ar dháta an Achta so do rith no dá éis agus gur saoránach de Shaorstát Éireann a athair an lá béarfar an duine sin.

(2) I gcás—

(a) duine do bheith lasmuich de Shaorstát Éireann ar dháta an Achta so do rith no dá éis, agus

(b) athair an duine sin do bheith, an lá béarfar an duine sin, ina shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no ina shaoránach eadóirsithe de Shaorstát Éireann, agus

(c) gan athair an duine sin do bheith ar fostú i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann an lá béarfar an duine sin,

ní bheidh an duine sin ina shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann mara ndeintear, fé cheann bliana no, i gcás an tAire dá cheadú de bhíthin cúrsaí speisialta, fé cheann dhá bhlian tar éis an lae béarfar an duine sin, breith an duine sin do chlárú—

(d) más i dTuaisceart Éireann a béarfar an duine sin, sa chlár de bheireataisí i dTuaisceart Éireann, no (in aon chás eile),

(e) másé áit ina mbéarfar an duine sin ná i dtír ina mbeidh leagáideacht no consulacht le Saorstát Éireann an lá béarfar é, sa leabhar iontrálta beireataisí coigríche bheidh á choimeád sa leagáideacht no sa chonsulacht san no sa chlár de bheireataisí coigríche, no

(f) másé áit ina mbéarfar an duine sin ná i dtír ná beidh leagáideacht ná consulacht le Saorstát Éireann inti an lá béarfar é, sa chlár de bheireataisí coigríche.

(3) Gach saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann go mbeidh a cheart chun na saoránachta san ag brath ar a bhreith do bheith iontrálta sa chlár de bheireataisí coigríche no i leabhar iontrálta beireataisí coigríche scuirfe sé de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann i gceann bliana, no i gceann pé tréimhse is sia ná san a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe de bhíthin cúrsaí speisialta, tar éis lá slánuithe bliana is fiche don duine sin maran rud é, tar éis slánuithe na haoise sin do agus fé cheann na bliana san no na tréimhse sin is sia ná san adubhradh, go ndéanfaidh an duine sin dearbhú sa bhfuirm orduithe ag coinneáil saoránachta Shaorstáit Éireann agus go gcláróidh sa tslí orduithe leis an Aire é agus fós, más saoránach de thír choigríche é, go gcuirfidh saoránacht na tíre sin uaidh do réir dlithe na tíre sin.

(4) Gach duine nách saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht ach do rugadh roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, in Éirinn no do thuismitheoirí gur rugadh duine amháin ar a laighead acu in Éirinn—

(a) tuigfear, má tá an duine sin le linn an Achta so do rith no má thagann sé chun bheith dá éis sin ina bhuanchomhnaí i Saorstát Éireann, gur saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann é, no

(b) tuigfear, má tá an duine sin le linn an Achta so do rith ina bhuan-chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann agus nách saoránach eadóirsithe d'aon tír eile é, gur saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann é ar é chlárú do réir an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so.

(5) Einne go bhforáltar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so a cheart chun é d'áireamh mar shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann fén bhfo-alt san do bheith ag brath ar é chlárú do réir an fho-ailt seo ní tuigfear gur saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann é mara ndeintear, fé cheann bliana no, i gcás an tAire dá cheadú (fé cheann no tar éis na bliana san) de bhíthin cúrsaí speisialta, fé cheann dhá bhlian tar éis an Achta so do rith, ainm an duine sin do chlárú—

(a) má tá an duine sin, le linn an Achta so do rith, ina bhuan-chomhnaí i dtír ina bhfuil leagáideacht no consulacht le Saorstát Éireann, sa chlár de náisiúnaigh a coimeádtar sa leagáideacht no sa chonsulacht san no sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh, no

(b) má tá an duine sin, le linn an Achta so do rith, ina bhuan-chomhnaí i dtír ná fuil leagáideacht le Saorstát Éireann ná consulacht le Saorstát Éireann inti, sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh.

(6) Gach duine do rugadh roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus atá, le linn an Achta so do rith, ar fostú lasmuich de Shaorstát Éireann i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann mar oifigeach bhunuithe ach nách saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht tuigfear gur saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann é.

(7) D'ainneoin éinní atá sna forálacha san roimhe seo den alt so—

(a) ní bheidh duine do rugadh no béarfar i Saorstát Éireann an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no ina dhiaidh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) ina shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann i gcás athair an duine sin do bheith, ar dháta an duine sin do bhreith, ina envoyé extraordinaire agus ina Aire lán-chomhachtach no ina cheann ar shlí eile ar mhisiún taidhleoireachta choigríche do bunuíodh i Saorstát Éireann no do bheith ina rúnaí leagáideachta no ina bhall de shaghas eile d'fhuireann taidhleoireachta an mhisiúin sin gur cuireadh a cheapadh chun na hoifige sin in úil go hoifigiúil don Aire Gnóthaí Coigríche no do bheith i dteideal ar shlí eile chun saoirsí taidhleoireachta agus do bheith in aon chás acu ina náisiúnach den tír d'údaruigh an misiún san, agus

(b) duine do rugadh no béarfar i Saorstát Éireann an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no ina dhiaidh (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) agus go raibh no go mbeidh a athair, ar dháta an duine sin do bhreith, ina árd-chonsul, ina chonsul, ina leas-chonsul no ina oifigeach de shaghas eile do thír eile agus misiún oifigiúil i Saorstát Éireann de chúram air agus é ina náisiúnach den tír do cheap no cheapfaidh é scuirfe sé, más rud é, le linn a bheirthe agus de bhuadh dlithe na tíre sin do cheap no cheapfaidh a athair amhlaidh, go bhfuair no go bhfuighidh náisiúntacht na tíre sin, de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann i gcás agus le linn athair an duine sin do dhéanamh agus do lóisteáil dearbhuithe eachtrannachta leis an Aire thar ceann an duine sin sa bhfuirm agus sa tslí orduithe sara mbeidh bliain is fiche slán ag an duine sin no i gcás agus le linn an duine sin dá dhéanamh san tar éis slánuithe na haoise sin do.

Iarratas ar dheimhniú eadóirseachta.

3. —(1) Féadfaidh duine ar bith nách saoránach de Shaorstát Éireann deimhniú eadóirseachta d'iarraidh ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe.

(2) Gach duine iarrfaidh deimhniú eadóirseachta fén alt so bhéarfaidh don Aire, ina fhuirm iarratais no i slí eile, gach eolas iarrfaidh an tAire sa bhfuirm sin no i slí eile chun an iarratais sin do bhreithniú go cuibhe agus má iarrann agus nuair iarrfaidh an tAire air san do dhéanamh fíoróidh an t-eolas san go léir no aon chuid de tré dhearbhú reachtúil o dhuine éigin (pe'ca isé an t-iarratasóir no duine eile é) go mbeidh fios an scéil aige.

(3) Má theipeann ar dhuine ar bith aon eolas no fíorú do thabhairt uaidh iarrfaidh an tAire air fén alt so do thabhairt uaidh féadfaidh an tAire, ar scór na teipe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar leis an Acht so, diúltú don iarratas gur ina thaobh do hiarradh an t-eolas no an fíorú san.

(4) Má dheineann duine ar bith, chun crícheanna no i dtaobh iarratais fén alt so, éinní do rá leis an Aire no aon eolas do thabhairt dó is eol dó do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh tréimhse ar bith nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

Deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach.

4. —(1) Pé uair a hiarrfar deimhniú eadóirseachta go cuibhe ar an Aire féadfaidh an tAire, más rogha leis é ach fé réir na gcoinníollacha fhorchuireann an t-alt so—

(a) géilleadh don iarratas san agus deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach don iarratasóir dá réir sin, no

(b) diúltú don iarratas san.

(2) Ní tabharfar amach deimhniú eadóirseachta do dhuine nách slán meabhair ná (lasmuich de chás dá n-údaruítear san go soiléir leis an Acht so) do dhuine ná beidh bliain is fiche slán aige.

(3) Ní thabharfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta amach do dhuine ar bith maran deimhin ná go dtí gur deimhin leis—

(a) gur duine measúil an duine sin, agus

(b) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, gur chomhnuigh an duine sin go leanúnach i Saorstát Éireann ar feadh na tréimhse de bhliain dar chríoch an dáta ar ar iarr sé an deimhniú san agus fós gur chomhnuigh sé i Saorstát Éireann, i rith na n-ocht mblian díreach roimh an tréimhse sin de bhliain, ar feadh tréimhse leanúnaighe de cheithre bliana no ar feadh tréimhsí nea-leanúnacha gur ceithre bliana a n-iomlán, agus

(c) go bhfuil beartuithe bona fide ag an duine sin, má tugtar agus nuair do bhéarfar an deimhniú san amach do, a ghnáth-áit no a phríomh-áit chomhnuithe do bheith aige i Saorstát Éireann, agus

(d) go bhfuil an duine sin tar éis dearbhú do dhéanamh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe ag glacadh le saoránacht Shaorstáit Éireann.

(4) Más céile do dhuine a háirmhítear fén Acht so (de bhuadh buan-chomhnuithe i Saorstát Éireann) mar shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann an té bheidh ag iarraidh deimhnithe eadóirseachta féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart é, a cheadú, i gcás an iarrtasóra san, gan a bheith air bheith do réir an méid sin den alt so bhaineann le comhnaí i Saorstát Éireann roimh dheimhniú eadóirseachta d'iarraidh.

(5) Má dheineann an té bheidh ag iarraidh deimhnithe eadóirseachta a chur ina luighe ar an Aire—

(a) gur baintreach í, agus

(b) nár shaoránach de Shaorstát Éireann a fear céile díreach roimh a bhás, agus

(c) gur shaoránach de Shaorstát Éireann í díreach sarar phós sí, agus

(d) gur leig sí saoránacht Shaorstáit Éireann di fén Acht so toisc gur phós sí duine nár shaoránach de Shaorstát Éireann, agus

(e) go raibh sí ar dháta báis a fir chéile agus go bhfuil sí ar dháta an iarratais ina gnáth-chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann,

féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart é, a cheadú, i gcás an iarratasóra san, gan a bheith uirthi bheith do réir an méid sin den alt so bhaineann le duine bheith ina chomhnaí no le n-a bheith beartuithe aige bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann.

(6) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é i gcás éinne áirithe bheidh ag iarraidh deimhnithe eadóirseachta, aon tréimhse áirithe sheirbhíse thug an t-iarratasóir sin lasmuich de Shaorstát Éireann i bhfostaíocht Rialtais Shaorstáit Éireann d'áireamh mar chomhnaí i Saorstát Éireann chun crícheanna an ailt seo.

Deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach i gcásanna speisialta.

5. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, más dóich leo agus pé uair is dóich leo é bheith ceart, a chur fé ndeár deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach fén Acht so do dhuine ar bith, no do dhuine chlainne no chlainne clainne le duine ar bith, is dóich leis an Ard-Chomhairle do thug mór-onóir no seirbhís oirdhearc do Náisiún na hÉireann.

(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle a údarú don Aire, maidir le deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach fén alt so, an té dá dtabharfar amach an deimhniú san do shaoradh o gach coinníoll no o pé coinníoll no coinníollacha is dóich leis an Aire is ceart de sna coinníollacha nách foláir, de bhuadh an Achta so, iad do chólíonadh sara ndeontar deimhniú eadóirseachta.

Deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach chun amhrais do chur ar ceal.

6. —(1) Má iarrann duine deimhniú eadóirseachta ar an Aire fén Acht so agus go ndéarfaidh san iarratas san go n-áirmheann sé é féin mar shaoránach de Shaorstát Éireann agus gur eirigh amhras éigin i dtaobh ce'ca tá sé i dteideal na saoránachta san no ná fuil agus gur chuige amháin atá an t-iarratas san á dhéanamh aige chun an amhrais sin do chur ar ceal féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart é ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach don duine sin ina ndéarfar go soiléir gur chuige amháin atá sé á thabhairt amach chun amhrais do chur ar ceal.

(2) Má bheirtear deimhniú eadóirseachta amach d'éinne fén alt so ní fianaise ná admháil é sin nár shaoránach de Shaorstát Éireann an duine sin roimh an deimhniú san do thabhairt amach ná ní dhéanfaidh dochar ná deifir don duine sin dá dhéanamh amach gur shaoránach de Shaorstát Éireann é tráth ar bith roimh an tabhairt amach san.

Deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach do mhionaciseach.

7. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach do dhuine ná beidh bliain is fiche slán aige d'ainneoin gan an aois sin do bheith slán aige agus pe'ca bheidh no ná beidh na coinníollacha san cólíonta aige nách foláir, de bhuadh an Achta so, iad do chólíonadh sara ndeontar deimhniú cadóirseachta dho más dóich leis an Aire as a chomhairle féin gur ceart an deimhniú san do thabhairt amach don duine sin toisc gur de bhunadh Éireannach an duine sin no toisc baint éigin do bheith aige le cúrsaí na hÉireann agus ag féachaint do chúrsaí eile an cháis.

(2) Ní tabharfar amach deimhniú eadóirseachta fén alt so ach amháin ar iarratas, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, o thuismitheoir no o chaomhnóir an duine go mbeidh beartuithe an deimhniú san do bhaint leis.

(3) Duine go dtabharfar deimhniú eadóirseachta amach do fén alt so féadfaidh, fé cheann bliana tar éis bliain is fiche do shlánú dho, dearbhú eachtrannachta do dhéanamh agus do lóisteáil leis an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe agus air sin scuirfidh an duine sin de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann.

Fuirm agus feidhm deimhnithe eadóirseachta.

8. —(1) Is sa bhfuirm orduithe a bheidh gach deimhniú eadóirseachta do bhéarfar amach fén Acht so agus beidh sé séaluithe le séala oifigiúil an Aire agus déarfa sé agus, o am a thabhartha amach agus faid a bheidh sé gan ceiliúradh, déanfa sé an seasamh céanna bhíonn ag saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann do bhronnadh ar an té bheidh ainmnithe ann.

(2) Eileofar agus íocfar ar gach deimhniú cadóirseachta do bhéarfar amach fén Acht so pé táille bheidh orduithe.

(3) Ar n-a iarraidh sin air sa bhfuirm agus sa tslí orduithe féadfaidh an tAire cóip d'aon deimhniú eadóirseachta do tugadh amach fén Acht so, agus í deimhnithe sa tslí orduithe mar chóip dhílis, do thabhairt amach ar íoc na táille orduithe.

(4) Duine go dtabharfar deimhniú eadóirseachta amach do fén Acht so beidh sé, o dháta an deimhnithe sin do thabhairt amach agus faid a bheidh an deimhniú san gan ceiliúradh, i dteideal agus i seilbh (fé réir forálacha an Achta so) gach cirt, comhachta agus príbhléide, poiliticiúil agus eile, a bhíonn ag saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann agus fé gach oblagáid, dualgas agus freagarthacht a bhíonn ar shaoránach dhúthchais den tsórt san ach, i gcás deimhnithe eadóirseachta do bhéarfar amach do dhuine ná beidh bliain is fiche slán aige, beidh san, faid a bheidh an duine sin fé bhun na haoise sin, gan dochar do sna teoranta bheidh ann toisc gan an aois sin do bheith slán aige.

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach fén Acht so foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh an deimhnithe sin do thabhairt amach agus ainm an duine ann dar tugadh amach é agus pé mion-innste eile (más aon cheann é) ina thaobh is dóich leis an Aire is ceart.

Ainmneacha clainne do luadh i ndeimhniú eadóirseachta.

9. —(1) I ngach deimhniú eadóirseachta do bhéarfar amach fén Acht so luadhfar ainm gach duine chlainne, leis an té le n-a mbaineann an deimhniú, a bheidh, ar dháta an deimhnithe sin do thabhairt amach, fé bhun bliain is fiche d'aois agus gan bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann.

(2) An luadh bheidh i ndeimhniú eadóirseachta do réir an ailt seo ar ainm dhuine chlainne leis an té le n-a mbaineann an deimhniú san oibreoidh sé chun seasamh saoránaigh dhúthchais de Shaorstát Éireann do bhronnadh ar an duine clainne sin ach féadfaidh aon duine clainne den tsórt san, fé cheann bliana tar éis bliain is fiche do shlánú dho, dearbhú eachtrannachta sa bhfuirm orduithe do dhéanamh agus do lóisteáil leis an Aire sa tslí orduithe agus air sin scuirfidh an duine clainne sin de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann.

Deimhniú eadóirseachta do cheiliúradh.

10. —(1) Féadfaidh an tAire aon uair, as a chomhairle féin agus más rogha leis féin é, aon deimhniú eadóirseachta do tugadh amach fén Acht so do cheiliúradh le hordú.

(2) Ceiliúrfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta pé uair is deimhin leis—

(a) gur tré chalaois do tugadh chun críche an deimhniú san do thabhairt amach no tré cham-thuairisc (calaoiseach no neamh-urchóideach) no tré fhíora no cúrsaí táchtacha do cheilt, no

(b) go ndearnadh, laistigh de chúig bliana tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach, an té le n-a mbaineann an deimhniú san do dhaoradh ag aon chúirt (agus áireamh do dhéanamh ar chúirt i dtír ina mbíonn ag saoránaigh de Shaorstát Éireann, do réir chonvensiúin no do réir dhlí, an seasamh céanna bhíonn ag saoránaigh den tír sin no teideal chun an tseasaimh sin) chun fíneála nách lugha ná céad púnt no chun príosúntachta ar feadh téarma nách giorra ná bliain no chun pian-tseirbhíse ar feadh téarma ar bith, no

(c) nár dhuine measúil an duine sin ar dháta an deimhnithe sin do thabhairt amach, no

(d) go raibh an duine sin (ach amháin i gcás gur duine é ná fuil bliain is fiche slán aige no gur duine é gur chuir an Ard-Chomhairle fé ndeár deimhniú eadóirseachta do thabhairt amach do), ar feadh tréimhse leanúnaighe nár ghiorra ná seacht mbliana tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach, ina ghnáthchomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann (ar shlí eile seachas de bharr bheith ar fostú i seirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann no mar ghníomhaire no ionadaí do dhuine bhí ina chomhnaí no ag gabháil do ghnó i Saorstát Éireann) gan aon bhaint mhór aige le Saorstát Éireann, no

(e) go bhfuil an duine, fé dhlí thíre atá i gcogadh le Saorstát Éireann, ina náisiúnach den tír sin.

(3) Chó luath agus is féidir é tar éis deimhniú eadóirseachta do cheiliúradh foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh ceiliúrtha an deimhnithe sin.

(4) Pé uair a ceiliúrfar deimhniú eadóirseachta déanfaidh an té le n-ar bhain an deimhniú san é do sheachadadh don Aire fé cheann trí mí tar éis an cheiliúrtha san agus má theipeann air san do dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an teip sin.

(5) Beidh sé ina chosaint mhaith ar chúiseamh i dtaobh cionta do dhéanamh fén alt so a chruthú gur dithíodh an deimhniú gur maidir leis adeirtear do rinneadh an cionta.

Saoránacht chéile dhuine go gceiliúrfar a dheimhniú.

11. —Pé uair a cheiliúrfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta, ansan, má bhíonn an duine le n-ar bhain an deimhniú san pósta le linn an cheiliúrtha san agus gur shaoránach de Shaorstát Éireann, díreach roimh an gceiliúradh san, bean chéile no fear céile an duine sin (pe'ca aca é), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an ceiliúradh san ann féin dochar ná deifir don tsaoránacht san na mná céile no an fhir chéile sin;

(b) má ba shaoránach de Shaorstát Éireann an bhean chéile no an fear céile sin (pe'ca aca é), díreach roimh an gceiliúradh san, de bhuadh deimhnithe eadóirseachta do tugadh amach di no dho, féadfaidh an tAire, leis an ordú dheineann an ceiliúradh san no le hordú ina dhiaidh sin a déanfar fé cheann bliana tar éis an cheiliúrtha san, an deimhniú eadóirseachta do tugadh amach amhlaidh don mhnaoi chéile no don fhear chéile sin do cheiliúradh;

(c) féadfaidh an bhean chéile no an fear céile sin (marar ceiliúradh a deimhniú no a dheimhniú eadóirseachta fé sna forálacha san roimhe seo den alt so) dearbhú eachtrannachta do dhéanamh agus do lóisteáil leis an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe fé cheann bliana tar éis an cheiliúrtha san agus air sin scuirfidh an bhean chéile no an fear céile sin (pe'ca aca é) de bheith ina saoránach no ina shaoránach de Shaorstát Éireann.

Saoránacht duine chlainne le duine go gceiliúrfar a dheimhniú.

12. —Pé uair a cheiliúrfaidh an tAire deimhniú eadóirseachta, ansan, más rud é, le linn an cheiliúrtha san, go raibh ag an duine le n-a bhain an deimhniú san duine clainne fé bhun bliain is fiche d'aois do bhí, díreach roimh an gceiliúradh san, ina shaoránach de Shaorstát Éireann beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an ceiliúradh san ann féin dochar ná deifir don tsaoránacht san an duine chlainne sin;

(b) féadfaidh an tAire, leis an ordú dheineann an ceiliúradh san no le hordú ina dhiaidh sin a déanfar fe cheann bliana tar éis an cheiliúrtha san, deireadh do chur le saoránacht an duine chlainne sin agus air sin scuirfidh an duine clainne sin de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann.

Saoránacht leanbhaí faighte.

13. —Gach leanbh faighte gur i Saorstát Éireann do fuarthas no do gheobhfar é den chéad uair ina leanbh thréigthe tuigfear go dtí go gcruthófar a mhalairt gur i Saorstát Éireann do rugadh é.

Baintreach d'athghlacadh saoránachta.

14. —Má chuireann bean ina luighe ar an Aire—

(a) gur baintreach í, agus

(b) nár shaoránach de Shaorstát Éireann a fear céile díreach roimh a bhás, agus

(c) gur shaoránach de Shaorstát Éireann í díreach sarar phós sí, agus

(d) gur leig sí saoránacht Shaorstáit Éireann di fén Acht so toisc gur phós sí duine nár shaoránach de Shaorstát Éireann, agus

(e) go bhfuil gnáth-chomhnaí uirthi i Saorstát Éireann,

beidh teideal ag an mnaoi sin dearbhú do dhéanamh agus do lóisteáil leis an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe á rá go bhfuil beartuithe aici leanúint de bheith ina gnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann agus gur mian léi saoránacht Shaorstáit Éireann d'ath-ghlacadh chúichi agus ar dhéanamh agus ar lóisteáil an dearbhuithe sin amhlaidh tuigfear saoránacht Shaorstáit Éireann do bheith ath-ghlactha chúichi ag an mnaoi sin.

Ní dhéanfaidh pósadh deifir do shaoránacht.

15. —(1) Má phós saoránach de Shaorstát Éireann, tar éis an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, agus roimh dháta an Achta so do rith, duine nár shaoránach de Shaorstát Éireann ní oibreoidh san ann féin ná ní tuigfear gur oibrigh riamh ann féin chun saoránachta Shaorstáit Éireann do bhaint den pháirtí sa phósadh san ba shaoránach de Shaorstát Éireann roimh an bpósadh san ná chun saoránachta Saorstáit Éireann do bhronnadh ar an bpáirtí sa phósadh san nár shaoránach de Shaorstát Éireann roimh an bpósadh san.

(2) Má phósann saoránach de Shaorstát Éireann, ar dháta an Achta so do rith no dá éis, duine nách saoránach de Shaorstát Éireann ní oibreoidh san ann féin chun saoránachta Shaorstáit Éireann do bhaint den pháirtí sa phósadh san is saoránach de Shaorstát Éireann roimh an bpósadh san ná chun saoránachta Shaorstáit Éireann do bhronnadh ar an bpáirtí sa phósadh san nách saoránach de Shaorstát Éireann roimh an bpósadh san.

Saoránacht shaoránaigh atá pósta le heachtrannach.

16. —(1) I gcás—

(a) duine de lánamhain do pósadh (pe'ca in Éirinn é no lasmuich dhi) roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, do theacht chun bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht agus gan an duine eile den lánamhain sin do theacht chun bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh an Airtiogail sin, no

(b) duine de lánamhain do pósadh (pe'ca i Saorstát Éireann é no lasmuich dhe) an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no dá éis, agus roimh dháta an Achta so do rith, do bheith, díreach roimh an bpósadh san, ina shaorá nach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht agus gan an duine eile den lánamhain sin do bheith, díreach roimh an bpósadh san, ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhunadh an Airtiogail sin,

agus, i gceachtar cás acu, an lánamha san do bheith ina ngnáthchomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann ar feadh dhá bhlian ar a laighead roimh an Acht so do rith no, más i rith an dá bhlian san do pósadh iad, go leanúnach o am an phósta san agus é bheith ar aigne acu leanúint de bheith ina ngnáth-chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann, ansan, an duine den lánamhain sin do tháinig chun bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht no (neachtar acu) do bhí, díreach roimh an bpósadh san, ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh an Airtiogail sin, scuirfidh, ar an am a ceaptar leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so, de bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann maran rud é go ndéanfaidh agus go lóisteálfaidh leis an Aire, fé cheann dhá bhlian tar éis an Achta so do rith, dearbhú sa bhfuirm agus sa tslí orduithe gurb é a rogha saoránacht Shaorstáit Éireann do choinneáil mar shaoránacht iar-phósta dho féin no dhi féin.

(2) Isé tráth a scuirfidh aon duine áirithe de bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so ná pé tráth acu so leanas a bhaineann le cás an duine sin, sé sin le rá:—

(a) má fuair an duine sin náisiúntacht chéile an duine sin roimh an Acht so do rith—i gceann bliana tar éis an Achta so do rith, no

(b) má gheibheann an duine sin náisiúntacht chéile an duine sin fé cheann dhá bhlian tar éis an Achta so do rith— i gceann na tréimhse sin, no

(c) mara bhfaghaidh an duine sin náisiúntacht chéile an duine sin fé cheann dhá bhlian tar éis an Achta so do rith—an dáta ar a bhfuighidh an náisiúntacht san.

(3) I gcás duine de lánamhain a pósfar (pe'ca i Saorstát Éireann é no lasmuich dhe) ar dháta an Achta so do rith no dá éis do bheith, direach roimh an bpósadh san, ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann agus gan an duine eile den lánamhain sin do bheith, díreach roimh an bpósadh san, ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann agus é bheith ar aigne ag an lánamhain sin bheith ina ngnáth-chomhnaí go buan lasmuich de Shaorstát Éireann tar éis an phósta san, ansan, an duine den lánamhain sin a bheidh díreach roimh an bpósadh san ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann, scuirfidh ar an am a ceaptar leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so de bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann maran rud é go ndéanfaidh agus go lóisteálfaidh leis an Aire fé cheann bliana tar éis an phósta san dearbhú sa bhfuirm agus sa tslí orduithe gurb é a rogha saoránacht Shaorstáit Éireann do choinneáil mar shaoránacht iar-phósta dho féin no dhi féin.

(4) Isé tráth a scuirfidh aon duine áirithe de bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so ná pé tráth acu so leanas a bhaineann le cás an duine sin, sé sin le rá:—

(a) má fuair an duine sin náisiúntacht chéile an duine sin ar phósadh no fé cheann bliana tar éis pósta don duine sin—i gceann na bliana san, no

(b) mara bhfaghaidh an duine sin náisiúntacht chéile an duine sin fé cheann bliana tar éis pósta don duine sin— an dáta ar a bhfuighidh an náisiúntacht san.

Deimhniú eadóirseachta eachtrannaigh do pósadh roimhe seo le saoránach.

17. —I gcás—

(a) (i) duine de lánamhain do pósadh (pe'ca in Éirinn é no lasmuich dhi) roimh an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, do theacht chun bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht agus gan an duine eile den lánamhain sin do theacht chun bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh an Airtiogail sin, no

(ii) duine de lánamhain do pósadh (pe'ca i Saorstát Éireann é no lasmuich dhe) an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no dá éis, agus roimh dháta an Achta so do rith, do bheith, díreach roimh an bpósadh san, ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht agus gan an duine eile den lánamhain sin do bheith, díreach roimh an bpósadh san, ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh an Airtiogail sin, agus

(b) go ndéanfaidh an duine den lánamhain sin nár tháinig chun bheith ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht, no (neachtar acu) nár shaoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh an Airtiogail sin díreach roimh an bpósadh san, deimhniú eadóirseachta d'iarraidh go cuibhe fén Acht so, agus go lóisteálfaidh leis an Aire, i dteanta an iarratais ar an deimhniú san, dearbhú sa bhfuirm orduithe gurb é a rogha saoránacht Shaorstáit Éireann do ghlacadh mar shaoránacht iar phósta dho féin no dhi féin, agus go gcruthóidh, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, chun sástachta an Aire go bhfuil scurtha aige no aici, no go scuirfidh ar shaoránacht Shaorstáit Éireann d'fháil, de bheith ina shaoránach d'aon tír eile, agus

(c) gur deimhin leis an Aire an lánamha san do bheith, ar dháta an iarratais sin, ina ngnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann agus iad do bheith ina ngnáth-chomhnaí amhlaidh go leanúnach o am an Achta so do rith agus ar feadh dhá bhlian ar a laighead roimh an am san no, más i rith an dá bhlian san do pósadh iad, ar feadh na tréimhse idir an pósadh san agus an t-am san,

ceadóidh an tAire gan a bheith ar an duine sin a bheidh ag iarraidh deimhnithe eadóirseachta amhlaidh bheith do réir na bhforálacha den Acht so bhaineann le duine do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann roimh an iarratas mar choinníoll nách foláir do a chólíonadh sara dtugtar deimhniú eadóirseachta amach do.

Deimhniú eadóirseachta eachtrannaigh a pósfar ina dhiaidh seo le saoránach.

18. —I gcás—

(a) duine de lánamhain a pósfar (pe'ca i Saorstát Éireann é no lasmuich dhe) ar dháta an Achta so do rith, no dá éis, do bheith díreach roimh an bpósadh san ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann agus gan an duine eile den lánamhain sin do bheith díreach roimh an bpósadh san ina shaoránach no ina saoránach de Shaorstát Éireann, agus

(b) é bheith ar aigne ag an lánamhain sin bheith ina ngnáthchomhnaí go buan i Saorstát Éireann, agus

(c) go ndéanfaidh an duine den lánamhain sin nár shaoránach de Shaorstát Éireann díreach roimh an bpósadh san deimhniú eadóirseachta d'iarraidh go cuibhe fén Acht so agus go lóisteálfaidh leis an Aire, i dteanta an iarratais ar an deimhniú san, dearbhú sa bhfuirm orduithe gurb é a rogha saoránacht Shaorstáit Éireann do ghlacadh mar shaoránacht iar-phósta dho féin no dhi féin agus go gcruthóidh, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, chun sástachta an Aire go bhfuil scurtha aige no aici, no go scuirfidh ar shaoránacht Shaorstáit Éireann d'fháil, de bheith ina shaoránach no ina saoránach d'aon tír eile,

ansan, na forálacha den Acht so bhaineann le duine do bheith ina chomhnaí i Saorstát Éireann, roimh an iarratas, do bheith mar choinníoll nách foláir do a chólíonadh sara dtugtar deimhniú eadóirseachta amach do, beid, maidir leis an duine sin a bheidh ag iarraidh an deimhnithe sin amhlaidh, fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá, más fear an duine sin, isé a bheidh sa choinníoll san ná an duine sin do bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh tréimhse de dhá bhliain dar críoch dáta an iarratais sin agus más bean an duine sin ceadóidh an tAire gan a bheith ar an duine sin bheith do réir an choinníll sin maidir le comhnaí i Saorstát Éireann.

Bás no atharú saoránachta duine de lánamhain phósta.

19. —(1) Ní thiocfaidh de bhás duine saoránacht na mná céile no an fhir chéile mhairfidh i ndiaidh an duine sin d'atharú ná do chailliúint.

(2) Má gheibheann duine saoránacht Shaorstáit Éireann ní dhéanfaidh san ann féin saoránacht Shaorstáit Éireann do bhronnadh ar mhnaoi chéile no ar fhear chéile an duine sin agus má chailleann duine saoránacht Shaorstáit Éireann ní bhainfidh san an tsaoránacht san de mhnaoi chéile no d'fhear chéile an duine sin.

(3) Má gheibheann duine saoránacht tíre eile seachas Saorstát Éireann ní dhéanfaidh san ann féin saoránacht Shaorstáit Éireann do bhaint de mhnaoi chéile no d'fhear chéile an duine sin.

Saoránacht duine chlainne ar thuismitheoir d'atharú a shaoránachta.

20. —I gcás duine is saoránach de Shaorstát Éireann do scur de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann ní bhainfidh an scur san saoránacht Shaorstáit Éireann d'aon duine clainne leis an duine sin a bheidh fé bhun bliain is fiche d'aois ar dháta an scuir sin.

Saoránacht do chailliúint ar shaoránacht tíre eile d'fháil.

21. —(1) Gach saoránach de Shaorstát Éireann a thiocfaidh chun bheith ina shaoránach d'aon tír eile tar éis bliain is fiche do shlánú dho scuirfidh air sin de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so.

(2) Gach saoránach dúthchais de Shaorstát Éireann is saoránach de thír eile le linn a bheirthe no thiocfaidh chun bheith ina shaoránach de thír eile tar éis bliain is fiche do shlánú dho agus a dhéanfaidh agus a lóisteálfaidh dearbhú eachtrannachta sa bhfuirm agus sa tslí orduithe leis an Aire fé cheann bliana tar éis bliain is fiche do shlánú dho scuirfidh, o am an dearbhuithe sin do lóisteáil, de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann ach beidh san gan dochar d'é chailliúint na saoránachta san aon uair roimhe sin.

Gan oblagáidí, etc., do dhul ar ceal ar dhuine do scur de bheith ina shaoránach.

22. —Pé uair a scuirfidh duine de bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann ní cibreoidh an scur san ann féin agus gan a thuilleadh chun duine do shaoradh o aon oblagáid no dualgas no freagarthacht do ghlac sé air féin no do cuireadh air no fé n-a ndeachaidh roimh an scur san.

Có-chearta saoránachta idir Saorstát Éireann agus tíortha eile.

23. —(1) Pé uair a foráltar le convensiún ar n-a dhéanamh, roimh an Acht so do rith no dá éis, idir Saorstát Éireann agus aon tír eile no idir Rialtas Shaorstáit Éireann agus Rialtas aon tíre eile gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna príbhléidí bhíonn ag saoránaigh den tír eile sin do bheith ag saoránaigh de Shaorstát Éireann sa tír eile sin (gan coinníoll no fé réir coinníollacha do chólíonadh) agus gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna príbhléidí bhíonn ag saoránaigh de Shaorstát Éireann do bheith ag saoránaigh den tír eile sin i Saorstát Éireann (gan coinníoll no fé réir coinníollacha do chólíonadh), ansan agus i ngach cás den tsórt san, faid a leanfaidh an convensiún san i bhfeidhm beidh ag saoránaigh den tír eile sin i Saorstát Éireann, do réir agus fé réir téarmaí an chonvensiúin sin, pé cinn de chearta agus de phríbhléidí saoránach Shaorstáit Éireann a háirithíthear dóibh chuige sin leis an gconvensiún san.

(2) Pé uair is deimhin leis an Ard-Chomhairle gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna príbhléidí bhíonn ag saoránaigh d'aon tír áirithe do bheith ag saoránaigh de Shaorstát Éireann sa tír sin (gan coinníoll no fé réir coinníollacha do chólíonadh) de bhuadh an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire sa tír sin féadfaidh an Ard-Chomhairle le hordú a dhearbhú go mbeidh ag saoránaigh den tír sin i Saorstát Éireann pé cearta agus príbhléidí (den tsamhail a bronntar leis an dlí sin ar shaoránaigh de Shaorstát Éireann sa tír sin) a luadhfar san ordú san ach beidh san fé réir cólíonadh pé coinníollacha, más aon cheann é, (de shamhail na gcoinníollacha, más aon cheann é, a forchuirfear leis an dlí sin) a luadhfar san ordú san.

(3) Faid a leanfaidh ordú i bhfeidhm a dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh i Saorstát Éireann ag saoránaigh den tír le n-a mbaineann an t-ordú san, do réir an orduithe sin, na cearta agus na príbhléidí luadhfar chuige sin san ordú san ach beidh san fé réir cólíonadh pé coinníollacha (más aon cheann é) a luadhfar san ordú san.

(4) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, ordú do rinneadar roimhe sin fén alt so do leasú no do cheiliúradh.

(5) Ní oibreoidh éinní san alt so ná in aon ordú déanfar fén alt so—

(a) chun aon chirt no príbhléide do bhronnadh ar dhuine ar bith a bronntar le hAcht den Oireachtas (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) ar aon aicme no drong daoine, pe'ca mar shaoránaigh no mar náisiúnaigh de Shaorstát Éireann no ar aon tslí eile tuairiscítear iad, nách duine dhíobh an duine sin an t-am a bheidh i gceist, ná

(b) chun aon chirt no príbhléide do bhronnadh ar mhnaoi ar bith is bean chéile do shaoránach de Shaorstát Éireann agus nár tháinig chun bheith ina saoránach de Shaorstát Éireann de bhíthin a pósta leis an saoránach san agus ná raibh, díreach roimh an bpósadh san, ina saoránach de Shaorstát Éireann ná d'aon cheann de sna tíortha eile le n-a mbaineann an t-alt so, ná

(c) chun éinne do chur i dteideal teacht chun bheith no bheith ina únaer ar luing no ar scair i luing a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann agus ag á mbeidh seasamh luinge do bheadh cláruithe fén Merchant Shipping Act, 1894, maran saoránach an duine sin de thír go mbeidh idir í agus Saorstát Éireann no idir a Rialtas agus Rialtas Shaorstáit Éireann convensiún a bheidh i bhfeidhm agus go mbeidh teideal dá bhuadh ag saoránaigh den tír sin aon long den tsórt san no scair in aon luing den tsórt san adubhradh do bheith ar únaeracht acu.

(6) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar neambrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

An leabhar iontrálta beireataisí coigríche.

24. —(1) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Coigríche fé ndeár go gcoimeádfar, i ngach leagáideacht agus i ngach consulacht, leabhar ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an leabhar iontrálta beireataisí coigríche.

(2) Leanbh a béarfar in aon tír lasmuich de Shaorstát Éireann agus, le linn a bheirthe, gur saoránach de Shaorstát Éireann a athair beidh a bhreith ionchláruithe, do réir rialachán a déanfar fén alt so, sa leabhar iontrálta beireataisí coigríche bheidh á choimeád sa leagáideacht (más ann di) no in aon chonsulacht (más ann di) sa tír sin.

(3) O am go ham, uair amháin ar a laighead gach bliain, cuirfear chun an Aire Gnóthaí Coigríche o gach leagáideacht agus o gach consulacht, do réir rialachán a déanfar fén alt so, cóip de gach iontráil (más aon cheann é) a bheidh déanta sa leabhar iontrálta beireataisí coigríche bheidh á choimeád sa leagáideacht no sa chonsulacht san agus ná beidh cóip di curtha chun an Aire sin amhlaidh cheana.

(4) Gach scríbhinn a bheireann le tuiscint gur cóip í d'iontráil i leabhar iontrálta beireataisí coigríche agus í bheith fíoruithe go cuibhe do réir rialachán a déanfar fén alt so glacfar léi i bhfianaise i ngach cúirt bhreithiúnais gan cruthú ar an séala ná ar an sighniú tré n-a dtugann an scríbhinn sin le tuiscint í bheith fíoruithe amhlaidh ná ar údarás an té do ghreamuigh an séala san di no do rinne an sighniú san agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur cóip dhílis den iontráil sin í agus glacfar léi mar chruthú mhaith dhiongbhálta ar an iontráil sin agus ar théarmaí na hiontrála san.

(5) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm an leabhair iontrálta beireataisí coigríche agus an t-oifigeach a choimeádfaidh an leabhar san agus, i gcoitinne, an tslí ina gcoimeádfar é;

(b) na daoine fhéadfaidh agus an tslí ina bhféadfar beireataisí do chlárú i leabhar iontrálta beireataisí coigríche;

(c) na mion-innste a hiontrálfar sa leabhar iontrálta beireataisí coigríche i dtaobh gach beireatais a clárófar ann;

(d) daoine den phuiblíocht d'iniúchadh leabhar iontrálta beireataisí coigríche;

(e) cóipeanna d'iontrála i leabhair iontrálta beireataisí coigríche do thabhairt do dhaoine den phuiblíocht agus na cóipeanna san d'fhíorú;

(f) cóipeanna d'iontrála sa leabhar iontrálta beireataisí coigríche do chur chun an Aire Gnóthaí Coigríche do réir an ailt seo;

(g) le toiliú an Aire Airgid, na táillí (más aon cheann é) a héileofar ar bheireataisí do chlárú i leabhar iontrálta beireataisí coigríche, ar iontrála sa leabhar san d'iniúchadh, agus ar chóipeanna d'iontrála sa leabhar san.

Cláir de bheireataisí.

25. —(1) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Coigríche fé ndeár go gcoimeádfar:—

(a) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus agus dá ngairmtear san Acht so clár de bheireataisí i dTuaisceart Éireann, agus

(b) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an clár de bheireataisí coigríche.

(2) Leanbh a béarfar i dTuaisceart Éireann agus, le linn a bheirthe, gur saoránach de Shaorstát Éireann a athair beidh a bhreith ionchláruithe, do réir rialachán a déanfar fén alt so, sa chlár de bheireataisí i dTuaisceart Éireann.

(3) Leanbh a béarfar lasmuich d'Éirinn agus, le linn a bheirthe, gur saoránach de Shaorstát Éireann a athair beidh a bhreith ionchláruithe, do réir rialachán a déanfar fén alt so, sa chlár de bheireataisí coigríche.

(4) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Coigríche fé ndeár go gclárófar sa chlár de bheireataisí coigríche gach breith a hiontrálfar i leabhar iontrálta beireataisí coigríche agus 'na gcuirfear cóip dá hiontráil sa leabhar san chun an Aire sin do réir an Achta so.

(5) Gach scríbhinn a bheireann le tuiscint gur cóip í d'iontráil i gceachtar de sna cláir a bheidh á gcoimeád do réir an ailt seo agus í do bheith fíoruithe go cuibhe do réir rialachán a déanfar i dtaobh an chláir sin fén alt so glacfar léi i bhfianaise i ngach cúirt bhreithiúnais gan cruthú ar an séala ná ar an sighniú tré n-a dtugann an scríbhinn sin le tuiscint í bheith fíoruithe amhlaidh ná ar údarás an duine do ghreamuigh an séala san di no rinne an sighniú san agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur cóip dhílis den iontráil sin í agus glacfar léi mar chruthú mhaith dhiongbhálta ar an iontráil sin agus ar théarmaí na hiontrála san.

(6) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas maidir le gach clár fé leith den dá chlár a bheidh á gcoimeád do réir an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) fuirm an chláir sin agus an t-oifigeach a choimeádfaidh an clár san agus an áit agus, i gcoitinne, an tslí ina gcoimeádfar é;

(b) na daoine fhéadfaidh agus an tslí ina bhféadfar beireataisí do chlárú sa chlár san;

(c) na mion-innste a hiontrálfar sa chlár san i dtaobh gach beireatais a clárófar ann;

(d) daoine den phuiblíocht d'iniúchadh an chláir sin;

(e) cóipeanna d'iontrála sa chlár san do thabhairt do dhaoine den phuiblíocht agus na cóipeanna san d'fhíorú;

(f) i gcás an chláir de bheireataisí coigríche, beireataisí d'iontráil sa chlár san 'na ndéanfar cóipeanna dá n-iontráil sa leabhar iontrálta beireataisí coigríche do chur chun an Aire Gnóthaí Coigríche fén Acht so;

(g) le toiliú an Aire Airgid, na táillí (más aon cheann é) a héileofar ar bheireataisí do chlárú sa chlár san, ar iontrála sa chlár san d'iniúchadh, agus ar chóipeanna d'iontrála sa chlár san.

An clár de náisiúnaigh.

26. —(1) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Coigríche fé ndeár go gcoimeádfar, i ngach leagáideacht agus i ngach consulacht, clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár de náisiúnaigh.

(2)—

(a) gach duine is saoránach de Shaorstát Éireann agus a chomhnuíonn go sealadach no go buan i dtír ina mbeidh clár de náisiúnaigh á choimeád, agus

(b) gach duine chomhnuíonn go buan i dtír ina mbeidh clár de náisiúnaigh á choimeád agus go mbeidh a cheart chun é d'áireamh mar shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann ag brath, fén Acht so, ar é bheith cláruithe sa chlár de náisiúnaigh no sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh,

beidh a n-ainm ionchláruithe, do réir rialachán a déanfar fén alt so, sa chlár de náisiúnaigh a bheidh á choimeád sa leagáideacht (más ann di) no in aon chonsulacht (más ann di) sa tír ina gcomhnuíonn amhlaidh.

(3) O am go ham, uair amháin ar a laighead gach bliain, cuirfear chun an Aire Gnóthaí Coigríche o gach leagáideacht agus o gach consulacht, do réir rialachán a déanfar fén alt so, cóip de gach iontráil (más aon cheann é) a bheidh déanta sa chlár de náisiúnaigh a bheidh á choimeád sa leagáideacht no sa chonsulacht san agus ná beidh cóip di curtha chun an Aire sin amhlaidh cheana.

(4) Gach scríbhinn a bheireann le tuiscint gur cóip í d'iontráil i gclár de náisiúnaigh agus í bheith fíoruithe go cuibhe do réir rialachán a déanfar fén alt so glacfar léi i bhfianaise i ngach cúirt bhreithiúnais gan cruthú ar an séala ná ar an sighniú tré n-a dtugann an scríbhinn sin le tuiscint í bheith fíoruithe amhlaidh ná ar údarás an té do ghreamuigh an séala san di no do rinne an sighniú san agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur cóip dhílis den iontráil sin í agus glacfar léi mar chruthú mhaith dhiongbhálta ar an iontráil sin agus ar théarmaí na hiontrála san.

(5) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm an chláir de náisiúnaigh agus an t-oifigeach a choimeádfaidh an clár san agus, i gcoitinne, an tslí ina gcoimeádfar é;

(b) na daoine fhéadfaidh agus an tslí ina bhféadfar ainmneacha do chlárú i gclár de náisiúnaigh;

(c) na mion-innste a hiontrálfar sa chlár de náisiúnaigh i dtaobh gach ainme clárófar ann;

(d) daoine den phuiblíocht d'iniúchadh clár de náisiúnaigh;

(e) cóipeanna d'iontrála i gcláir de náisiúnaigh do thabhairt do dhaoine den phuiblíocht agus na cóipeanna san d'fhíorú;

(f) cóipeanna d'iontrála sa chlár de náisiúnaigh do chur chun an Aire Gnóthaí Coigríche do réir an ailt seo;

(g) le toiliú an Aire Airgid, na táillí (más aon cheann é) a héileofar ar ainmneacha do chlárú i gclár de náisiúnaigh, ar iontrála sa chlár san d'iniúchadh, agus ar chóipeanna d'iontrála sa chlár san.

(6) Chó luath agus is féidir é tar éis ainm éinne d'iontráil gclár de náisiúnaigh go mbeidh a cheart chun saoránachta dúthchais Shaorstáit Éireann ag brath, fén Acht so, ar é bheith cláruithe sa chlár san no sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh foillseoidh an tAire Gnóthaí Coigríche san Iris Oifigiúil fógra go ndearnadh an iontráil sin agus ainm an té le n-a mbaineann an iontráil sin maraon le pé mion-innste eile (más aon cheann é) is dóich leis an Aire sin is ceart.

An clár generálta de náisiúnaigh.

27. —(1) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Coigríche fé ndeár go gcoimeádfar clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht so an clár generálta de náisiúnaigh.

(2) Gach duine chomhnuíonn go buan lasmuich de Shaorstát Éireann agus go mbeidh a cheart chun é d'áireamh mar shaoranach dhúthchais de Shaorstát Éireann ag brath, fén Acht so, ar é bheith cláruithe sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh no, neachtar acu, sa chlár san no i gclár de náisiúnaigh beidh a ainm ionchláruithe, do réir rialachán a déanfar fén alt so, sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh.

(3) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Coigríche fé ndeár go gclárófar, sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh, gach ainm a bheidh cláruithe i gclár de náisiúnaigh agus 'na ndéanfar cóip dá hiontráil sa chlár san do chur chun an Aire sin do réir an Achta so.

(4) Gach scríbhinn a bheireann le tuiscint gur cóip í d'iontráil sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh agus í bheith fíoruithe go cuibhe do réir rialachán a déanfar fén alt so glacfar léi i bhfianaise i ngach cúirt bhreithiúnais gan cruthú ar an séala ná ar an sighniú tré n-a dtugann an scríbhinn sin le tuiscint í bheith fíoruithe amhlaidh ná ar údarás an té do ghreamuigh an séala san di no do rinne an sighniú san agus, go dtí go gcruthófar a mhalairt, tuigfear gur cóip dhílis den iontráil sin í agus glacfar léi mar chruthú mhaith dhiongbhálta ar an iontráil sin agus ar théarmaí na hiontrála san.

(5) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) fuirm an chláir ghenerálta de náisiúnaigh agus an t-oifigeach a choimeádfaidh, agus an áit agus, i gcoitinne, an tslí ina gcoimeádfar, an clár generálta de náisiúnaigh;

(b) na daoine fhéadfaidh agus an tslí ina bhféadfar ainmneacha do chlárú sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh;

(c) na mion-innste a hiontrálfar sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh i dtaobh gach ainme clárófar ann;

(d) daoine den phuiblíocht d'iniúchadh an chláir ghenerálta de náisiúnaigh;

(e) cóipeanna d'iontrála sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh do thabhairt do dhaoine den phuiblíocht agus na cóipeanna san d'fhíorú;

(f) ainmneacha d'iontráil sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh 'na ndéanfar cóipeanna dá n-iontráil i gclár de náisiúnaigh do chur chun an Aire Gnóthaí Coigríche do réir an Achta so;

(g) le toiliú an Aire Airgid, na táillí (más aon cheann é) a héileofar ar ainmneacha do chlárú sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh, ar iontrála sa chlár san d'iniúchadh, agus ar chóipeanna d'iontrála sa chlár san.

(6) Chó luath agus is féidir é tar éis ainm éinne d'iontráil sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh go mbeidh a cheart chun é d'áireamh mar shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann ag brath, fén Acht so, ar é bheith cláruithe sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh no, neachtar acu, sa chlár san no i gclár de náisiúnaigh foillseoidh an tAire Gnóthaí Coigríche san Iris Oifigiúil, i ngach cás ná beidh ainm an duine sin iontrálta i gclár de náisiúnaigh, fógra go ndearnadh an iontráil sin sa chlár ghenerálta de náisiúnaigh agus ainm an té le n-a mbaineann an iontráil sin maraon le pé mion-innste eile (más aon cheann é) is dóich leis an Aire sin is ceart.

Rialacháin.

28. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méid ná bailiú táillí gan toiliú an Aire Airgid.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Deimhniú náisiúntachta.

29. —Ar n-a iarraidh sin d'éinne is saoránach (seachas saoránach eadóirsithe) de Shaorstát Éireann agus ar an duine sin d'íoc na táille orduithe féadfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche no aon oifigeach taidhleoireachta no consulachta go n-údarás aige chuige sin ón Aire Gnóthaí Coigríche deimhniú i scríbhinn do thabhairt amach don duine sin á rá gur saoránach de Shaorstát Éireann an duine sin ar dháta an deimhnithe sin.

Costaisí.

30. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire no an tAire Gnóthaí Coigríche chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Táillí is iníoctha ar dhearbhú.

31. —Pé uair a bheidh ar dhuine ar bith no a bheidh de chomhacht aige do réir an Achta so dearbhú do dhéanamh chun crícheanna an Achta so féadfar a chur de cheangal ar an duine sin, le rialacháin a déanfar fén Acht so, pé táille a hordófar d'íoc ar é do dhéanamh an dearbhuithe sin.

Táillí do bhailiú agus do chur de láimh.

32. —(1) Is i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham a baileofar agus a tógfar na táillí uile is iníoctha fén Acht so agus íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir orduithe an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén Acht so.

Athghairm.

33. —(1) Athghairmtear leis seo an British Nationality and Status of Aliens Act, 1914, agus an British Nationality and Status of Aliens Act, 1918, más rud é agus sa mhéid go bhfuil no go raibh feidhm riamh acu fé seach i Saorstát Éireann.

(2) An dlí coiteann a bhaineann le náisiúntacht Bhriotáineach scuirfidh d'éifeacht do bheith aige más rud é agus sa mhéid go bhfuil no go raibh riamh i bhfeidhm, i bpáirt no go hiomlán, i Saorstát Éireann.

(3) Na fíora no na teagmhaisí gur dá mbíthin a bheidh duine ina shaoránach dhúthchais de Shaorstát Éireann tráth ar bith ní oibreoid, ionta féin, chun aon tsaoránachta no náisiúntachta eile do bhronnadh ar an duine sin.

Scóip dhlí na saoránachta.

34. —Gach duine is saoránach de Shaorstát Éireann de bhuadh Airtiogail 3 den Bhunreacht agus gach duine is saoránach de Shaorstát Éireann no thiocfaidh chun bheith ina shaoránach de Shaorstát Éireann tríd an Acht so no fé beidh sé ina shaoránach de Shaorstát Éireann chun gach críche, dúthchasach agus eadarnáisiúnta.

Gearr-theideal.

35. —Féadfar Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann, 1935 , do ghairm den Acht so.