29 1935


Uimhir 29 de 1935.


ACHT UM PINSIN DO BHAINTREACHA AGUS DO DHÍLLEACHTAITHE, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH PINSEAN DO BHAINTREACHA AGUS DÍLLEACHTAITHE ÁIRITHE AGUS I dTAOBH SINTIÚISÍ D'ÍOC MAR CHABHAIR CHUN NA bPINSEAN SAN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE AGUS AR A nÁIRMHÍTEAR NA hACHTANNA UM ÁRACHAS SLÁINTE NÁISIÚNTA, 1911 GO 1934, AGUS ACHTANNA NA bPINSEAN SEAN-AOISE, 1908 GO 1932, DO LEASÚ. [2adh Lúnasa, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar an tAcht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta” na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, mar a leasuítear iad leis an achtachán so no mar a leasófar iad le haon achtachán ina dhiaidh seo;

cialluíonn an abairt “tír cheaptha” tír

(a) ina mbeidh socrú déanta tré achtachán reachtúcháin chun aon scéim phinsean do bhunú inti—

(i) a dheimhneoidh an tAire do bheith go substainteach ar aon dul leis an scéim phinsean a bunuítear leis an Acht so, agus

(ii) ina mbeidh socrú chun pinsin d'íoc le daoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann, agus

(b) nách tír go mbeidh comhar-shocrú déanta ag an Aire le n-a húdarás ceart fé sna forálacha de chuid VII den Acht so bhaineann le comhar-shocrú do dhéanamh le tíortha eile;

nuair a húsáidtear an focal “pinsean” gan coinníoll cialluíonn sé pinsean ar bith fén Acht so;

cialluíonn an focal “saighdiúir” ball d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann (ar a n-áirmhítear an Cúltaca) go mbeidh síntiúisí fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta iníoctha ina thaobh de thurus na huaire fé sna hAchtanna san;

tá an brí céanna leis an abairt “bliain síntiúis” atá leis an abairt “contribution year” sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta;

nuair a húsáidtear an abairt “an aois cheaptha” maidir le leanbh cialluíonn sí aois cheithre mblian déag maran leanbh é bheidh, ar an aois sin do bheith slán aige, fé theagasc lán-aimsire i scoil lae agus a leanfaidh de bheith fén teagasc lán-aimsire sin tar éis na haoise sin do bheith slán aige agus sa chás san cialluíonn an abairt sin an aois (nach mó ná sé bliana déag) gur go dtí í leanfaidh an leanbh san de bheith fén teagasc lán-aimsire sin no gur leanbh é bheidh, ar a cheithre bliana déag do bheith slán aige, neamh-inniúil, de dheascaibh laige chuirp no aigne, ar theagasc lán-aimsire do ghlacadh i scoil lae no ar ghabháil le haon tslí bheatha le n-a ngabhann luach saothair agus sa chás san cialluíonn an abairt sin an aois (nách mó ná sé bliana déag) gur go dtí í leanfaidh an laige chuirp no aigne sin;

cialluíonn an abairt “údarás conganta phuiblí” an t-údarás áitiúil go mbeidh de chúram ortha tré aon achtachán no dá réir na dlithe bhaineann le fóirithin na mbocht do riaradh i líomatáiste ar bith:

cialluíonn an abairt “congnamh díomhaointis” congnamh díomhaointis fén Acht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ;

cialluíonn an abairt “an Cumann Aontuithe” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

(2) I gcás baintreach aon fhir do phósadh ath-uair ní tuigfear chun crícheanna an Achta so gurb í baintreach an fhir chéile do bhí aici roimhe sin í.

Leanbhaí agus dílleachtaithe.

3. —(1) San Acht so—

foluíonn an focal “leanbh” leas-leanbh agus, maidir le fear, leanbh mí-dhlisteanach, leis féin no le n-a mhnaoi chéile, do bhí ina chomhnaí in éintigheas leis an tráth do fuair seisean bás agus, maidir le mnaoi, foluíonn sé leanbh mí-dhlisteanach leis an mnaoi sin do bhí ina chomhnaí in éintigheas léi an tráth do fuair sise bas;

cialluíonn an focal “dílleachtaí” leanbh go bhfuil a athair agus a mháthair marbh.

(2) Má bhíonn baintreach aon fhir, ar feadh aon tréimhse, i bpríosún fé bhreith phríosúntachta do réir orduithe chúirte á ordú í chur i bpríosún gan a rogha dhi fíneáil d'íoc, no fé bhreith phian-tseirbhíse, no á cothú in áit ar bith mar ghealt choiriúil no mar othar neamh-íocach in aon óspidéal meabhairghalar ceanntair no fo-óspidéal meabhair-ghalar, do réir bhrí ailt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a leasuítear san le halt 79 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), ansan, chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) dílleachtaithe agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (neashíntiúsacha) dílleachtaithe, deighleálfar le leanbhaí an fhir sin (más ann dóibh) ar feadh na tréimhse sin fé is dá mba leanbhaí dílleachtacha leis an bhfear san iad.

(3) Má bhíonn leanbh fir mhairbh ar feadh aon tréimhse, le linn baintreach an fhir sin do bheith ina beathaidh—

(i) á choinneáil i scoil cheartúcháin no saothair, no

(ii) do réir orduithe o chúirt, i gcoimeád duine éigin seachas an bhaintreach san, no

(iii) tréigthe no fágtha ag an mbaintrigh sin, no

(iv) ina chomhnaí i bhfundúireacht no curtha ar cothú lasmuich ag údarás conganta phuiblí,

beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) bhaintreach agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (nea-shíntiúsacha) bhaintreach agus na bhforálacha, den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bhaineann le hacfuinn na baintrighe sin d'áireamh, deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is nár leanbh leis an bhfear san é, agus

(b) chun crícheanna na bhforálacha de Chuid II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) dílleachtaithe agus na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (nea-shíntiúsacha) dílleachtaithe deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is dá mba leanbh dílleachtach leis an bhfear san é.

(4) Má bhíonn leanbh fir mhairbh ar feadh aon tréimhse, le linn baintreach an fhir sin do bheith ina beathaidh, ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le ré:—

(a) mara mbeidh an leanbh san ina chomhnaí i dtír cheaptha, ansan, chun crícheanna Coda II den Acht so bhaineann le pinsin (síntiúsacha) bhaintreach, deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is nár leanbh leis an bhfear san é;

(b) chun crícheanna na bhforálacha de Chuid III den Acht so bhaineann le pinsin (nea-shíntiúsacha) bhaintreach agus na bhforálacha, den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, bhaineann le hacfuinn na baintrighe sin d'áireamh, deighleálfar leis an leanbh san ar feadh na tréimhse sin fé is nár leanbh leis an bhfear san é.

(5) I gcás leanbh do rugadh sarar phós a thuismitheoirí do dhlisteanú de bhuadh a thuismitheoirí do phósadh ina dhiaidh sin, tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gur leanbh do rugadh den phósadh san an leanbh san.

Fostaíochtaí eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so.

4. —(1) San Acht so cialluíonn an abairt “fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so” fostaíocht do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) (i) gur fostaíocht í is fostaíocht eiscithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, de bhuadh deimhnithe do tugadh fé mhír (b) no (c) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an National Insurance Act, 1911, no

(ii) gur fostaíocht í fé aon údarás áitiúil no údarás puiblí eile dúntar amach o Chuid I den Chéad Sceideal san do réir mhíre (e) den Chuid sin (eadhon, an mhír do cuireadh isteach tré alt 6 den National Insurance Act, 1913), agus

(b) nách fostaíocht í is fostaíocht eiscithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, de bhuadh míre (g) de Chuid II den chéad Sceideal san, agus

(c) nách fostaíocht í go bhfuil ordú déanta ina taobh ag an Aire fé fho-alt (3) den alt so..

(2) Sa mhéid go mbainfidh mír (g) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an National Insurance Act, 1911, mar a leasuítear í tré alt 1 den National Health Insurance Act, 1919, le haon tréimhse roimh an 30adh lá de Mheitheamh, 1919, beidh éifeacht aici, chun crícheanna míre (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo, fé is dá ndeintí sa mhír sin (g), agus í leasuithe amhlaidh, na focail “one hundred and sixty pounds” do chur in ionad na bhfocal “two hundred and fifty pounds” i ngach áit ina bhfuil na focail sin.

(3) Más deimhin leis an Aire, maidir le haon fhostaíocht a bheidh do réir na gcoinníollacha luaidhtear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt so, socrú bheith déanta, tré aon achtachán reachtúcháin no ar shlí eile le n-a n-aontóidh an tAire, chun go bhfuighfear, maidir le baintreacha agus leanbhaí fear a bheidh sa bhfostaíocht san no maidir le leanbhaí ban a bheidh sa bhfostaíocht san, sochair a bheidh, tríd is tríd, gan bheith níos lugha ná na sochair a bronntar leis an Acht so féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú nách fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so an fhostaíocht san.

(4) Chun crícheanna an Achta so beidh feidhm ag alt 66 den National Insurance Act, 1911, maidir le haon cheist i dtaobh ce'ca fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so no saghas áirithe fostaíochta eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so aon fhostaíocht áirithe no saghas áirithe fostaíochta no nách eadh, no i dtaobh ce'ca ba dhuine sa bhfostaíocht eiscithe sin duine áirithe no nárbh eadh no ce'ca duine den tsórt san é no nách eadh, agus le haon cheist i dtaobh cé is fostóir no cé dob fhostóir do dhuine in aon fhostaíocht eiscithe den tsórt san, fé is dá mba le fostaíocht do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta do bhainfeadh an cheist.

Daoine árachuithe.

5. —(1) Is duine árachuithe chun crícheanna an Achta so gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gach duine is duine árachuithe do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta;

(b) gach duine is saigdiúir.

(c) gach duine i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) Má scuireann duine, is duine árachuithe de bhuadh míre (c) den fho-alt deiridh sin roimhe seo, de bheith i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so leanfaidh an duine sin, chun crícheanna an Achta so, de bheith ina dhuine árachuithe ar feadh tréimhse de dhá mhí dhéag a thosnóidh díreach tar éis deireadh na seachtaine inar scuir sé de bheith i bhfostaíocht amhlaidh.

Nuair a beifear, chun crícheanna an fho-ailt seo, ag áireamh na tréimhse sin de dhá mhí dhéag ní tabharfar aon áird ar aon tréimhse bheidh an té do scuir amhlaidh de bheith i bhfostaíocht neamh-inniúil chun oibre de dheascaibh galair éigin áirithe no mí-chumais chuirp no aigne gur tugadh fógra agus cruthú ina thaobh don Aire fé cheann na haimsire orduithe agus sa tslí orduithe ná ar aon tréimhse tar éis a sheachtó bliain do bheith slán ag an duine sin.

(3) San Acht so nuair a húsáidtear an abairt “duine árachuithe” gan coinníoll cialluíonn sí duine is duine árachuithe de bhuadh an ailt seo, agus léireofar an focal “árachas” dá réir sin maidir le haon duine den tsórt san.

Fostaíocht talmhaíochta.

6. —(1) San Acht so nuair a húsáidtear an abairt “fostaíocht talmhaíochta” maidir le duine ar bith cialluíonn sí fostaíocht in obair thalmhaíochta ar thalamh atá i seilbh dhuine éigin eile agus a húsáidtear le haghaidh talmhaíochta amháin ach ní fholuíonn sí fostaíocht mar sheirbhíseach tighis.

(2) Má eiríonn aon cheist i dtaobh ce'ca fostaíocht talmhaíochta do réir bhrí an Achta so aon fhostaíocht áirithe no nách eadh cuirfear an cheist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

Contae-bhuirgí, baile-líomatáistí agus tuath-líomatáistí.

7. —(1) Chun crícheanna an Achta so tuigfear gur contaebhuirg Buirg Dhún Laoghaire.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “baile-líomatáiste” aon bhailecheanntar (nach contae-bhuirg) gur mó ná seacht míle a líon daoine (do réir an mhóráirimh daoine gurb é móráireamh is déanaí den tsórt san é de thurus na huaire).

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “tuath-líomatáiste” aon líomatáiste nách contae-bhuirg ná baile-líomatáiste.

Laetheanta ceaptha.

8. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina chéad lá cheaptha chun crícheanna an Achta so agus lá (eadhon, an lá ceapfar chun bheith ina chéad lá cheaptha no lá eile) do cheapadh chun bheith ina dhara lá cheaptha chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn na habairtí “an chéad lá ceaptha” agus “an dara la ceaptha” an lá no na laetheanta cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith ina chéad lá cheaptha agus ina dhara lá cheaptha fé seach.

CUID II.

Pinsin (Sintiusacha) Bhaintreach agus Pinsin (Sintiusacha) Dilleachtaithe.

Pinsin (síntiúsacha) bhaintreach.

9. —Fé réir forálacha an Achta so beidh pinsean (dá ngairmtear pinsean (síntiúsach) baintrighe san Acht so) iníoctha, má cólíontar na coinníollacha reachtúla, le baintrigh aon fhir—

(a) do fuair bás an dara lá ceaptha no dá éis sin,

(b) ná raibh os cionn seachtó bliain d'aois an dara lá ceaptha, agus

(c) ba dhuine árachuithe ar dháta a bháis.

Có-dhéanamh agus rátaí pinsean (síntiúsach) baintreach.

10. —(1) Fé réir forálacha an Achta so is mar leanas a bheidh pinsean (síntiúsach) baintrighe is iníoctha le baintrigh dhuine árachuithe, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an duine sin ina mbeathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas (dá ngairmtear liúntas (síntiúsach) na baintrighe san Acht so) do réir deich scillinge sa tseachtain, agus

(ii) liúntas (dá ngairmtear liúntas (síntiúsach) leinbh san Acht so), alos an té is sine de sna leanbhaí sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain, agus

(iii) liúntas (dá ngairmtear freisin liúntas (síntiúsach) leinbh san Acht so), i gcás triúr no níos mó leanbhaí den tsórt san do bheith ann, alos gach leinbh fé leith acu san (seachas an leanbh is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, alos an té is óige de sna leanbhaí sin, do réir trí scillinge sa tseachtain:

(b) mara mbeidh agus faid ná beidh ach aon leanbh amháin leis an duine sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas (síntiúsach) na baintrighe, agus

(ii) liúntas (dá ngairmtear freisin liúntas (síntiúsach) leinbh san Acht so), alos an leinbh sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain;

(c) mara mbeidh aon leanbh leis an duine sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná liúntas (síntiúsach) na baintrighe.

(2) I gcás an té go mbeidh pinsean (síntiúsach) baintrighe iníoctha alos a árachais do bheith de ghnáth i bhfostaíocht talmhaíochta i rith na tréimhse oiriúnaighe beidh éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ar feadh na tréimhse de chúig bliana dar tosach an dara lá ceaptha, maidir le méid an phinsin sin fé is dá gcuirtí na focail “ocht scillinge” “ceithre scillinge” agus “dhá scilling agus reul” fé seach in ionad na bhfocal “deich scillinge” “cúig scillenge” agus “trí scillinge” i ngach áit ina bhfuil na focail sin fé seach sa bhfo-alt san.

(3) Má eiríonn aon cheist fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh ce'ca bhí aon duine áirithe de ghnáth i bhfostaíocht talmhaíochta i rith na tréimhse oiriúnaighe no ná raibh cuirfear an cheist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

(4) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo—

(a) cialluíonn an abairt “an tréimhse oiriúnach”, maidir le duine do fuair bás ar an dáta ar ar shlánuigh sé a sheachtó bliain no dá éis sin, an tréimhse de thrí bliana díreach roimh an dáta san, ach nuair a bheidh an tréimhse sin de thrí bliana á háireamh ní tabharfar aon áird ar aon tréimhse leanúnach dar chríoch an dáta san go raibh an duine sin ar a feadh gan bheith ábalta ar obair do dhéanamh de dheascaibh galair éigin áirithe no laige éigin aigne no chuirp; agus

(b) cialluíonn an abairt “an tréimhse oiriúnach”, maidir le duine do fuair bás sara raibh a sheachtó bliain slán aige, an tréimhse de thrí bliana díreach roimh dháta a bháis, ach nuair a bheidh an tréimhse sin de thrí bliana á háireamh ní tabharfar aon áird ar aon tréimhse leanúnach dar chríoch an dáta san go raibh an duine sin ar a feadh gan bheith ábalta ar obair do dhéanamh de dheascaibh galair éigin áirithe no laige éigin aigne no chuirp.

Pinsin (síntiúsacha) dílleachtaithe.

11. —Fé réir forálacha an Achta so, beidh pinsean (dá ngairmtear pinsean (síntiúsach) dílleachtaí san Acht so) iníoctha, má cólíontar na coinníollacha reachtúla, in aghaidh gach leinbh a bheidh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur leanbh dílleachtach é le fear no le mnaoi—

(i) do fuair bás an dara lá ceaptha no dá éis sin, agus

(ii) ná raibh os cionn seachtó bliain d'aois an dara lá ceaptha, agus

(iii) ba dhuine árachuithe ar an dáta ar a bhfuair bás; agus

(b) go mbeidh sé fé bhun na haoise ceaptha de thurus na huaire.

Ráta pinsean (síntiúsach) dílleachtaithe.

12. —(1) Fé réir forálacha an Achta so beidh pinsean (síntiúsach) dílleachtaí do réir seacht scillinge agus reul sa tseachtain.

(2) I gcás an duine go mbeidh pinsean (síntiúsach) dílleachtaí iníoctha alos a árachais do bheith de ghnáth i bhfostaíocht talmhaíochta i rith na tréimhse oiriúnaighe, beidh éifeacht ag an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, ar feadh na tréimhse de chúig bliana dar tosach an dara lá ceaptha, maidir le méid an phinsin sin fé is dá gcuirtí na focail “sé scillinge” in ionad na bhfocal “seacht scillinge agus reul” sa bhfo-alt san.

(3) Má eiríonn aon cheist fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh ce'ca bhí aon duine áirithe de ghnáth i bhfostaíocht talmhaíochta i rith na tréimhse oiriúnaighe no ná raibh cuirfear an cheist fé bhráid an Aire agus ní bheidh dul thar a bhreith sin uirthi.

(4) Chun crícheanna an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo—

(a) cialluíonn an abairt “an tréimhse oiriúnach”, maidir le duine do fuair bás ar an dáta ar ar shlánuigh sé a sheachtó bliain no dá éis sin, an tréimhse de thrí bliana díreach roimh an dáta san, ach nuair a bheidh an tréimhse sin de thrí bliana á háireamh ní tabharfar aon áird ar aon tréimhse leanúnach dar chríoch an dáta san go raibh an duine sin ar a feadh gan bheith ábalta ar obair do dhéanamh de dheascaibh galair éigin áirithe no laige éigin aigne no chuirp; agus

(b) cialluíonn an abairt “an tréimhse oiriúnach”, maidir le duine do fuair bás sara raibh a sheachtó bliain slán aige, an tréimhse de thrí bliana díreach roimh dháta a bháis, ach nuair a bheidh an tréimhse sin de thrí bliana á háireamh ní tabharfar aon áird ar aon tréimhse leanúnach dar chríoch an dáta san go raibh an duine sin ar a feadh gan bheith ábalta ar obair do dhéanamh de dheascaibh galair éigin áirithe no laige éigin aigne no chuirp.

Coinníollacha reachtúla maidir le pinsin (síntiúsacha) bhaintreach agus pinsin (síntiúsacha) dílleachtaithe

13. —(1) Isiad coinníollacha reachtúla bheidh le cólíonadh i gcás duine go mbeidh pinsean (síntiúsach) baintrighe no pinsean (síntiúsach) dílleachtaí iníoctha alos a árachais ná:—

(a) céad agus ceithre seachtainne do bheith caithte ón dáta is déanaí chuaidh an duine sin fé árachas, agus

(b) céad agus ceithre síntiúisí fén Acht so do bheith íoctha ag an duine sin no ina thaobh ón dáta is déanaí chuaidh an duine sin fé árachas, agus

(c) i gcás dhá chéad agus ocht seachtaine no níos mó do bheith idir an dáta chuaidh an duine sin fé árachas agus an dáta fuair sé bás no scuir síntiúisí fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta de bheith iníoctha aige no ina thaobh mar gheall ar a aois, pé dáta acu san ba thúisce, an méid síntiúisí fén Acht so do híocadh no tuigfear, do réir rialachán a déanfar fén Acht so, do híocadh aige no ina thaobh in aghaidh na dtrí mblian síntiúis díreach sara bhfuair sé báis, i gcás é d'fhail bháis fé bhun seachtó bliain d'aois no, in aon chás eile, sarar shlánuigh sé a sheachtó bliain do bheith có-ionann ar an meán le sé síntiúisí fichead ar a laighead fén Acht so ar n-a n-áireamh sa tslí orduithe in aghaidh gach bliana fé leith de sna trí bliana san.

(2) I gcás duine do bheith, ar an am orduithe no laistigh den am orduithe roimh an dara lá ceaptha, i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so, ansan, chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so—

(a) tuigfear gur híocadh síntiúisí fén Acht so ina thaobh in aghaidh gach seachtaine roimh an dara lá ceaptha go raibh sé i bhfostaíocht amhlaidh go leanúnach ar a feadh;

(b) tuigfear gur seachtain atá caithte ón dáta is déanaí chuaidh sé fé árachas gach seachtain acu san.

(3) Síntiúisí bheidh íoctha roimh an dara lá ceaptha fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta deighleálfar leo, chun crícheanna an ailt seo, mar shíntiúisí fén Acht so.

(4) Síntiúisí tuigfear do híocadh roimh an dara lá ceaptha fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta deighleálfar leo, chun crícheanna míre (c) d'fho-alt (1) den alt so ach ní chun críche ar bith eile, mar shíntiúisí fén Acht so.

(5) Fé réir forálacha aon rialachán a dhéanfaidh an tAire fé sna forálacha de Chuid VII den Acht so bhaineann le rialacháin, nuair a beifear á chinneadh chun crícheanna éilimh ar phinsean (síntiúsach) bhaintrighe no ar phinsean (síntiúsach) dílleachtaí ce'ca cólíonadh na coinníollacha reachtúla luaidhtear san alt so no nár cólíonadh ní tabharfar aon áird ar shíntiúsí fén Acht so do híocadh tar éis bháis an duine gur alos a árachais a bheidh an pinsean á éileamh.

Ré phinsean (síntiúsach) baintreach.

14. —(1) An méid sin (más aon mhéid é), de phinsean (síntiúsach) bhaintrighe is iníoctha le baintrigh, gurb é bheidh ann ná liúntas (síntiúsach) na baintrighe leanfaidh, fé réir forálacha an Achta so, de bheith iníoctha go slánóidh sí a seachtó bliain agus scuirfidh ansan, mara n-ath-phósfa sí roimhe sin, agus sa chás san scuirfidh liúntas (síntiúsach) san na baintrighe o am an athphósta san amach.

(2) Pé méid (más aon mhéid é), de phinsean (síntiúsach) bhaintrighe, gurb é bheidh ann ná liúntas (síntiúsach) leinbh leanfaidh, fé réir forálacha an Achta so, de bheith iníoctha go dtí go mbeidh an aonis cheaptha slán ag an leanbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha agus scuirfidh ansan.

CUID III.

Pinsin (Nea-Shintiusacha) Bhaintreach agus Pinsin (Nea-Shintiusacha) Dilleachtaithe.

Daoine marbha go bhfuil feidhm ag Cuid III den Acht so maidir leo.

15. —Tá feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis na daoine marbha so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine—

(i) do fuair bás (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) roimh an dara lá ceaptha, agus

(ii) ba dhuine árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta ar an dáta ar a bhfuair bás;

(b) duine—

(i) do fuair bás (pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é) roimh an dara lá ceaptha, agus

(ii) i gcás gan é no í do bheith os cionn seachtó bliain d'aois ar an dáta ar a bhfuair bás, do bhí i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so ar an dáta ar a bhfuair bás no, i gcás é no í do bheith os cionn seachtó bliain d'aois ar an dáta ar a bhfuair bás, do bhí i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so an lá do shlánuigh seachtó bliain;

(c) duine—

(i) do fuair bás an dara lá ceaptha no dá éis sin, agus

(ii) ná raibh os cionn seachtó bliain d'aois ar an dáta ar a bhfuair bás, agus

(iii) ba dhuine árachuithe fén Acht so ar an dáta ar a bhfuair bás, agus

(iv) nár cólíonadh na coinníollacha reachtúla ina thaobh;

(d) duine—

(i) do fuair bás an dara lá ceaptha no dá éis sin, agus

(ii) do bhí os cionn seachtó bliain d'aois an dara lá ceaptha, agus

(iii) ba dhuine árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta ar an dáta ar a bhfuair bás no do bhí, an lá do shlánuigh seachtó bliain, i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so.

Acfuinn sheachtainiúil ghlan bhaintreach agus dílleachtaithe.

16. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so isé is acfuinn sheachtainiúil ghlan bhaintrighe no dhílleachtaí ná acfuinn sheachtainiúil ghlan na baintrighe no an dílleachtaí sin mar a déanfar san amach do réir na bhforálacha oiriúnacha den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Ait chomhnaithe.

17. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so agus an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) d'ainneoin duine do bheith ina chomhnaí i mbailelíomatáiste tuigfear, má bhí sé ina chomhnaí i dtuath líomatáiste díreach roimh dhul chun comhnaithe sa bhaile-líomatáiste sin, é do leanúint de bheith ina chomhnaí sa tuath-líomatáiste sin ar feadh tréimhse bliana tar éis do dul chun comhnaithe amhlaidh;

(b) d'ainneoin duine do bheith ina chomhnaí i gcontae-bhuirg tuigfear, má bhí sé ina chomhnaí i mbaile-líomatáiste no má bhí sé no má tuigeadh, de bhuadh míre (a) den fho-alt so, go raibh sé ina chomhnaí i dtuath-líomatáiste díreach roimh dhul chun comhnaithe sa chontae-bhuirg sin, é do leanúint de bheith ina chomhnaí sa bhailelíomatáiste no sa tuath-líomatáiste sin (do réir mar bheidh) ar feadh tréimhse bliana tar éis do dul chun comhnaithe amhlaidh.

Sealbhóir beag.

18. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “sealbhóir beag” duine—

(a) is sealbhaire gabháltais no gabháltaisí de thalamh thalmhaíochta nách mó ná ocht bpúint a luacháil no iomlán a luachálanna, agus

(b) nách sealbhaire ná únaer aon ionoighreachta no ionoighreachtaí ionrátuithe (seachas talamh talmhaíochta) gur mhó ná ocht bpúint a luacháil no iomlán a luachálanna dá gcuirtí í no iad le luacháil an ghabháltais sin no le hiomlán luachálanna na ngabháltas san.

(2) San alt so—

cialluíonn an abairt “talamh talmhaíochta” aon ionoighreacht no cuid d'ionoighreacht—

(a) atá iontrálta mar thalamh sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála, agus

(b) nách chun crícheanna seachas talmhaíocht no tógaint eallaigh stuic is mó a húsáidtear é;

cialluíonn an focal “luacháil” luacháil fé sna hAchtanna Luachála;

tá an brí céanna leis an abairt “ionoighreacht ionrátuithe” atá leis an abairt “rateable hereditament” sna hAchtanna Luachála.

Pinsin (neashíntiúsacha) bhaintreach.

19. —Fé réir forálacha an Achta so beidh pinsean (dá ngairmtear pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe san Acht so) iníoctha—

(a) le baintrigh aon fhir mhairbh go mbeidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis, no

(b) le baintrigh aon fhir ba shealbhóir beag ar dháta a bháis, pe'ca roimh an dara lá ceaptha no an lá san no dá éis sin d'éag sé, má bhíonn agus faid a bheidh an bhaintreach san ina comhnaí ar an ngabháltas gur de bhuadh é bheith ar seilbh aige ba shealbhóir beag an fear san.

Có-dhéanamh agus rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) baintreach.

20. —(1) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so is mar leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha le baintrigh a chomhnuíonn i gcontae-bhuirg, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina mbeathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir seacht scillinge agus reul sa tseachtain, agus

(ii) liúntas, alos an té is sine de sna leanbhaí sin, do réir trí scillinge agus reul sa tseachtain, agus

(iii) liúntas, i gcás triúr no níos mó leanbhaí den tsórt san do bheith ann, alos gach leinbh fé leith acu san (seachas an leanbh is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, alos an té is óige de sna leanbhaí sin, do réir scilling agus reul sa tseachtain;

(b) mara mbeidh agus faid ná beidh ach aon leanbh amháin leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaid agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir seacht scillinge agus reul sa tseachtain, agus

(ii) liúntas, alos an leinbh sin, do réir trí scillinge agus reul sa tseachtain; agus

(c) mara mbeidh aon leanbh leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha isé bheidh sa phinsean san ná liúntas, alos na baintrighe sin, do réir seach scillinge agus reul sa tseachtain.

(2) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so is mar leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha le baintrigh a chomhnuíonn i mbaile-líomatáiste, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina mbeathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir sé scillinge sa tseachtain, agus

(ii) liúntas, alos an té is sine de sna leanbhaí sin, do réir dhá scillinge agus reul sa tseachtain, agus

(iii) liúntas, i gcás triúr no níos mó leanbhaí den tsórt san do bheith ann, alos gach leinbh fé leith acu san (seachas an leanbh is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, alos an té is óige de sna leanbhaí sin, do réir scilling sa tseachtain;

(b) mara mbeidh agus faid ná beidh ach aon leanbh amháin leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir sé scillinge sa tseachtain, agus

(ii) liúntas, alos an leinbh sin, do réir dhá scilling agus reul sa tseachtain; agus

(c) mara mbeidh aon leanbh leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha isé bheidh sa phinsean san ná liúntas, alos na baintrighe sin, do réir sé scillinge sa tseachtain.

(3) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so is mar leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha le baintrigh a chomhnuíonn i dtuath-líomatáiste, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn agus faid a bheidh beirt leanbh no níos mó leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina mbeathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná:—

(i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain, agus

(ii) liúntas, alos an té is sine de sna leanbhaí sin, do réir dhá scilling sa tseachtain, agus

(iii) liúntas, i gcás triúr no níos mó leanbhaí den tsórt san do bheith ann, alos gach leinbh fé leith acu san (seachas an leanbh is sine) no, i gcás gan ach beirt leanbh den tsórt san do bheith ann, alos an té is óige de sna leanbhaí sin, do réir scilling sa tseachtain;

(b) mara mbeidh agus faid ná beidh ach aon leanbh amháin leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná—

(i) liúntas, alos na baintrighe sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain, agus

(ii) liúntas, alos an leinbh sin, do réir dhá scilling sa tseachtain; agus

(c) mara mbeidh aon leanbh leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha, isé bheidh sa phinsean san ná liúntas, alos na baintrighe sin, do réir cúig scillinge sa tseachtain.

(4) Déanfar tagairtí san Acht so do liúntas (nea-shíntiúsach) na baintrighe do léiriú mar thagairtí do liúntas alos baintrighe fé fho-ailt (1), (2) no (3) den alt so, agus déanfar tagairtí san Acht so do liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh do léiriú mar thagairtí do liúntas alos leinbh fé fho-ailt (1), (2) no (3) den alt so.

Cineálacha baintreach dá bhféadfar pinsin (neashíntiúsacha) bhaintreach do dheonadh.

21. —Ní deonfar pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe do bhaintrigh maran rud é—

(a) go mbeidh a seasca bliain slán aici agus ná bheidh a seachtó bliain slán aici, no

(b) go mbeidh sí fé bhun seachtó bliain d'aois agus go mbeidh leanbh amháin ar a laighead, leis an bhfear do bhí ag an mbaintrigh sin, ann agus é de thurus na huaire ina bheathaidh agus fé bhun na haoise ceaptha.

Ré phinsean (neashíntiúsach) baintreach.

22. —(1) Fé réir forálacha an Achta so leanfaidh pinsean (neashíntiúsach) baintrighe, is iníoctha le baintrigh, de bheith iníoctha go dtí go mbeidh a seachtó bliain slán aici agus scuirfidh ansan, mara n-ath-phósfa sí roimhe sin, agus sa chás san scuirfidh an pinsean san o am an ath-phósta san amach.

(2) I gcás—

(a) pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe go mbeidh aon liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh ina chuid de do scur d'aon liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh do bheith ina chuid de, agus

(b) gan a naoi mbliana caogad agus sé mhí do bheith slán, ar dháta an scuir sin, ag an mbaintrigh dar deonadh an pinsean san,

scuirfidh an pinsean san de bheith iníoctha i gcionn sé mhí tar éis dáta an scuir sin ach beidh san gan dochar do phinsean (neashíntiúsach) baintrighe d'ath-dheonadh dhi nuair a bheidh a seasca bliain slán aici.

Pinsean (neashíntiúsach) baintrighe do scur no do laigheadú mar gheall ar acfuinn.

23. —(1) Ní bheidh teideal ag mnaoi chun pinsin (neashíntiúsach) baintrighe agus beidh sí dí-cháilithe chun an phinsin sin d'íoc léi má bhíonn agus faid a bheidh a hacfuinn sheachtainiúil ghlan có-ionann leis an suim cheaptha no níos mó ná san.

(2) Más lugha acfuinn sheachtainiúil ghlan bhaintrighe ná an tsuim cheaptha déanfar aon phinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe is iníoctha leis an mbaintrigh sin do laigheadú scilling in aghaidh gach scillinge iomláine den acfuinn sheachtainiúil ghlan san.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an tsuim cheaptha” maidir le baintrigh an tsuim sheachtainiúil do bheadh, dá mbeadh pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe á fháil aici agus gan aon acfuinn sheachtainiúil ghlan aici, iníoctha léi de thurus na huaire mar gheall ar an bpinsean san, ag féachaint do sna forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le có-dhéanamh agus rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) baintreach.

Pinsin (neashíntiúsacha) dílleachtaithe.

24. —Fé réir forálacha an Achta so beidh pinsean (dá ngairmtear pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí san Acht so) iníoctha alos gach leinbh a bheidh do réir na gcoinníollacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur leanbh dílleachtach é—

(i) le duine marbh go mbeidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis, no

(ii) le duine ba shealbhóir beag ar an dáta ar a bhfuair bás pe'ca roimh an dara lá ceaptha no an lá san no dá éis sin do fuair bás, agus

(b) go mbeidh sé fé bhun na haoise ceaptha de thurus na huaire.

Rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaithe.

25. —Fé réir forálacha an Achta so is do réir na rátaí seo leanas a bheidh pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí is iníoctha alos leinbh, sé sin le rá:—

(a) i gcás gan an leanbh san do bheith á choinneáil i scoil cheartúcháin no i scoil saothair ná ina chomhnaí i bhfundúireacht ná curtha ar cothú lasmuich ag údarás conganta phuiblí—

(i) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn an leanbh san, ceithre scillinge sa tseachtain,

(ii) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn an leanbh san, trí scillinge agus reul sa tseachtain,

(iii) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn an leanbh san, dhá scilling agus reul sa tseachtain;

(b) i gcás an leanbh san do bheith á choinneáil i scoil cheartúcháin no i scoil saothair no ina chomhnaí i bhfundúireacht no curtha ar cothú lasmuich ag údarás conganta phuiblí—

(i) más i gcontae-bhuirg a bheidh an scoil cheartúcháin no an scoil saothair no an fhundúireacht san no bheidh an leanbh san curtha ar cothú lasmuich, trí scillinge sa tseachtain,

(ii) más i mbaile-líomatáiste no i dtuath-líomatáiste bheidh an scoil cheartúcháin no an scoil saothair no an fhundúireacht san no bheidh an leanbh san curtha ar cothú lasmuich, dhá scilling sa tseachstain.

Pinsean (neashíntiúsach) dílleachtaí do scur no do laigheadú mar gheall ar acfuinn.

26. —(1) Ní bheidh teideal ag dílleachtaí chun pinsin (neashíntiúsach) dílleachtaí agus beidh sé dí-cháilithe chun an phinsin sin d'íoc leis má bhíonn agus faid a bheidh acfuinn sheachtainiúil ghlan an dílleachtaí sin có-ionann leis an suim cheaptha no níos mó ná san.

(2) Más lugha acfuinn sheachtainiúil ghlan dhílleachtaí ná an tsuim cheaptha déanfar aon phinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí is iníoctha leis an dílleachtaí sin do laigheadú scilling in aghaidh gach scillinge iomláine den acfuinn sheachtainiúil ghlan san.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an tsuim cheaptha” maidir le dílleachtaí an tsuim sheachtainiúil do bheadh, dá mbeadh pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí á íoc alos an dílleachtaí sin agus gan aon acfuinn sheachtainiúl ghlan ag an dílleachtaí sin, iníoctha mar gheall ar an bpinsean san, ag féachaint do sna forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le rátaí pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaithe.

(4) Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) den alt so tuigfear pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí alos dílleachtaí do bheith iníochta leis an dílleachtaí sin.

CUID IV.

Di-Chailiochtai Maidir le Pinsin, agus Foralacha i dTaobh Pinsean do Thosnu agus d'Ioc.

Mínithe chun crícheanna Coda IV.

27. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “pinsean baintrighe” pinsean is pinsean (síntiúsach) baintrighe no pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe;

cialluíonn an abairt “pinsean dílleachtaí” pinsean is pinsean (síntiúsach) dílleachtaí no pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí;

cialluíonn an abairt “pinsean síntiúsach” pinsean is pinsean (síntiúsach) baintrighe no pinsean (síntiúsach) dílleachtaí;

cialluíonn an abairt “pinsean nea-shíntiúsach” pinsean is pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe no pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí;

cialluíonn an abairt “liúntas leinbh” liúntas is liúntas (síntiúsach) leinbh no liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh.

Cosc ar phinsean baintrighe do dheonadh do bhaintrigh aon fhir do bhí os cionn seasca bliain ar dháta an phósta.

28. —Baintreach aon fhir go raibh a sheasca bliain slán aige ar dháta an phósta ní bheidh sí, i gcás an pósadh do dhéanamh tar éis an 11adh lá d'Abrán, 1935, i dteideal pinsin bhaintrighe maran rud é—

(a) go mbeidh leanbh ann de bharr an phósta; no

(b) go mbeidh, ar dháta a fir chéile d'fháil bháis, trí bliana no níos mó caithte o dháta an phósta; no

(c) go raibh pinsean baintrighe á fháil aici díreach roimh an bpósadh; no

(d) go mbeadh pinsean baintrighe á fháil aici díreach roimh an bpósadh mara mbeadh a dí-cháiliú de chionn céileachais.

Dí-cháilíocht maidir le pinsin mar gheall ar áit chomnaithe.

29. —(1) Má bhíonn duine ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann ar feadh aon tréimhse i dtír seachas tír cheaptha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní deonfar pinsean síntiúsach don duine sin ná alos an duine sin,

(b) má deonadh pinsean síntiúsach don duine sin no alos an duine sin ní bheidh aon tsuim iníoctha i rith na tréimhse sin mar gheall ar an bpinsean san.

(2) Má bhíonn duine ina chomhnaí lasmuich de Shaorstát Éireann ar feadh aon tréimhse beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní deonfar pinsean nea-shíntiúsach don duine sin ná alos an duine sin,

(b) má deonadh pinsean nea-shíntiúsach don duine sin no alos an duine sin ní bheidh aon tsuim iníoctha i rith na tréimhse sin mar gheall ar an bpinsean san.

(3) Ní deonfar pinsean nea-shíntiúsach (seachas pinsean (neashíntiúsach) dílleachtaí) do dhuine ná alos duine mara raibh an duine sin ina chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh na tréimhse de dhá bhliain díreach roimh an dáta ar a n-éileofar an pinsean san.

Dí-cháilíocht maidir le pinsin bhaintreach mar gheall ar chúiseanna ilghnéitheacha.

30. —(1) Ní bheidh teideal ag baintrigh chun pinsin bhaintrighe agus beidh sí dí-cháilithe chun an phinsin sin d'íoc léi má bhíonn sí agus faid a bheidh sí—

(a) i bpríosún fé bhreith phríosúntachta, do réir orduithe chúirte á ordú í chur i bpríosún gan a rogha dhi fíneáil d'íoc, no fé bhreith phian-tseirbhíse, no

(b) á cothú in áit ar bith mar ghealt choiriúil no mar othar neamh-íocach in aon óspidéal meabhair-ghalar ceanntair no fo-óspidéal meabhair-ghalar, do réir bhrí ailt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, mar a leasuítear san le halt 79 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ).

(2) Má bhíonn agus faid a bheidh baintreach agus duine ar bith ag maireachtaint i bhfochair a chéile mar lánúin phósta ní bheidh teideal ag an mbaintrigh sin—

(a) chun na coda san de phinsean (síntiúsach) bhaintrighe gurb é liúntas (síntiúsach) na baintrighe é, ná

(b) chun pinsin (nea-shíntiúsach) bhaintrighe,

agus beidh sí dí-cháilithe chun na coda san no chun an phinsin sin d'íoc léi.

Teora ama chun íocaíochtaí d'fháil mar gheall ar phinsin.

31. —Ní híocfar suim mar gheall ar phinsean mara bhfuighfear íocaíocht sa tsuim fé cheann trí mí tar éis an dáta ar a dtiocfa sí chun bheith iníoctha.

Forálacha breise i gcoinnibh pinsean dúbalta alos baintreach agus leanbhaí.

32. —(1) I gcás ina mbeadh baintreach, mara mbeadh an fo-alt so, i dteideal pinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe agus pinsin (neashíntiúsaigh) bhaintrighe, fé fhorálacha an Achta so, ní bheidh an pinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe sin iníoctha.

(2) Ní bheidh níos mó ná aon liúntas (síntiúsach) baintrighe amháin ná níos mó ná aon liúntas (nea-shíntiúsach) baintrighe amháin iníoctha le haon bhaintrigh áirithe.

(3) Ní bheidh níos mó ná aon liúntas leinbh amháin ná níos mó ná aon phinsean dílleachtaí amháin iníoctha alos aon leinbh áirithe.

(4) Ní bheidh pinsean dílleachtaí iníoctha alos leinbh go mbeidh liúntas leinbh inéilithe ina thaobh.

Pinsin bhaintreach d'íoc.

33. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo is leis an bpinsinéir híocfar pinsean baintrighe.

(2) Féadfaidh an tAire, más rogha leis é, a ordú o am go ham—

(a) i gcás pinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe ná beidh aon liúntas (síntiúsach) leinbh ina chuid de, go ndéanfar, in ionad an pinsean san d'íoc leis an bpinsinéir, é d'íoc le duine éigin eile chun tairbhe don phinsinéir;

(b) i gcás pinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe ná beidh liúntas (síntiúsach) na baintrighe ina chuid de, go ndéanfar, in ionad aon liúntas (síntiúsach) leinbh is cuid den phinsean san d'íoc leis an bpinsinéir, an liúntas (síntiúsach) leinbh sin d'íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha;

(c) i gcás aon phinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe bheidh códhéanta de liúntas (síntiúsach) na baintrighe agus d'aon liúntas (síntiúsach) leinbh, go ndéanfar ní acu so leanas no iad araon:

(i) in ionad liúntas (síntiúsach) na baintrighe d'íoc leis an bpinsinéir, go n-íocfar é le duine éigin eile chun tairbhe don phinsinéir, agus

(ii) in ionad aon liúntas (síntiúsach) leinbh is cuid den phinsean san d'íoc leis an bpinsinéir, go n-íocfar é le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha.

(3) Féadfaidh an tAire, más rogha leis é, a ordú o am go ham —

(a) go ndéanfar, in ionad an méid sin de phinsean (neashíntiúsach) bhaintrighe gurb é liúntas (nea-shíntiúsach) na baintrighe é d'íoc leis an bpinsinéir, é d'íoc le duine éigin eile chun tairbhe don phinsinéir agus go ndéanfar, in ionad aon liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh is cuid den phinsean san d'íoc leis an bpinsinéir, é d'íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha, no

(b) go ndéanfar, in ionad aon liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh is cuid de phinsean (nea-shíntiúsach) baintrighe d'íoc leis an bpinsinéir, é d'íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh gur ina thaobh a bheidh an liúntas san iníoctha.

Pinsin dílleachtaithe d'íoc.

34. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo íocfar pinsean dílleachtaí le caomhnóir an leinbh gur ina thaobh a bheidh an pinsean san iníoctha.

(2) Féadfaidh an tAire, más dóich leis gur mhaith an rud san do dhéanamh, a ordú go ndéanfar, in ionad pinsean dílleachtaí d'íoc le caomhnóir an leinbh gur ina thaobh a bheidh an pinsean san iníoctha, é d'íoc le duine éigin eile chun tairbhe don leanbh.

Dáta tosnuithe pinsean.

35. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis na dátaí ar a dtosnóidh pinsin fén Acht so ar rith, sé sin le rá:—

(a) ní thosnóidh pinsean nea-shíntiúsach ar rith in aon chás ar dháta is túisce ná an chéad lá ceaptha;

(b) ní thosnóidh pinsean síntiúsach ar rith in aon chás ar dháta is túisce ná an dara lá ceaptha;

(c) má thagann duine i dteideal pinsin nea-shíntiúsaigh an chéad lá ceaptha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás éileamh ag lorg an phinsin sin do dhéanamh fé cheann dhá mhí tar éis an chéad lae cheaptha tosnóidh an pinsean san ar rith an chéad lá ceaptha,

(ii) in aon chás eile tosnóidh an pinsean san ar rith an dáta ar a ndéanfar an t-éileamh á lorg;

(d) má thagann duine i dteideal pinsin nea-shíntiúsaigh ar dháta tar éis an chéad lae cheaptha beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás éileamh ag lorg an phinsin sin do dhéanamh fé cheann mí tar éis an dáta san tosnóidh an pinsean san ar rith ar an dáta san,

(ii) in aon chás eile tosnóidh an pinsean san ar rith an dáta ar a ndéanfar an t-éileamh;

(e) má thagann duine i dteideal pinsin shíntiúsaigh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) i gcás éileamh ag lorg an phinsin sin do dhéanamh fé cheann mí tar éis an dáta ar a dtáinig an duine sin i dteideal an phinsin sin tosnóidh an pinsean san ar rith ar an dáta san,

(ii) má cruthuítear in aon chás orduithe gur cúrsaí ná raibh aon neart ag an éilitheoir ortha fé ndeár gur theip air éileamh ag lorg pinsin shíntiúsaigh do dhéanamh fé cheann na haimsire ceaptar leis an gclás deiridh sin roimhe seo tosnóidh an pinsean san ar rith an dáta ar a dtáinig an t-éilitheoir ina theideal,

(iii) in aon chás eile tosnóidh an pinsean san ar rith an dáta ar a ndéanfar an t-éileamh.

(2) Másé dáta ar a dtosnódh pinsean ar rith fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo ná lá den tseachtain seachas lá go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh na híocaíochtaí seachtainiúla mar gheall ar phinsin den tsaghas san le déanamh ní thosnóidh an pinsean ar rith go dtí an lá orduithe sin sa chéad tseachtain tar éis an dáta céad-luaidhtear.

Forálacha i dtaobh íocaíochtaí deiridh pinsean.

36. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le leanúint de gach pinsean baintrighe d'íoc, sé sin le rá:—

(a) i gcás—

(i) an pinsean san do scur de bheith iníoctha toisc a sheachtó bliain do bheith slán ag an duine bheidh ina theideal, agus

(ii) nách é an lá sa tseachtain ar a mbíonn íocaíochtaí mar gheall ar phinsin sean-aoise iníoctha an lá sa tseachtain a shlánóidh an duine sin an aois sin,

leanfaidh an pinsean san de bheith iníoctha alos na laetheanta sa tseachtain go dtí an lá sa tseachtain ar a mbíonn na híocaíochtaí sin iníoctha ach gan an lá san d'áireamh;

(b) in aon chás eile, másé dáta ar a scuirfeadh an pinsean san de bheith iníoctha ná lá den tseachtain seachas an lá díreach roimh an lá sa tseachtain go mbeidh orduithe gurb é an lá sa tseachtain é ar a mbeidh na híocaíochtaí mar gheall ar an bpinsean san le déanamh, leanfaidh an pinsean san de bheith iníoctha alos na laetheanta sa tseachtain go dtí an lá orduithe sin ach gan an lá san d'áireamh.

Modh íoctha na bpinsean.

37. —Fé réir aon orduithe do bhéarfaidh an tAire uaidh i gcásanna speisialta déanfar pinsean fén Acht so d'íoc roimh ré in aghaidh na seachtaine i pé slí agus fé réir pé coinníollacha, maidir le céannú no eile, ordóidh an tAire.

CUID V.

Sintiuisi agus Foralacha Airgeadais.

Rátaí na síntiúisí.

38. —(1) Chun soláthar do dhéanamh mar chabhair chun costaisí pinsean is iníoctha fén Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas an dara lá ceaptha agus dá éis sin, sé sin le rá:—

(a) fé réir forálacha míre (b) den fho-alt so íocfar síntiúisí, alos gach duine is síntiúsaire ar fostú no bheidh i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so, agus ag gach duine is saor-shíntiúsaire, do réir na rátaí luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus

(b) ar feadh na tréimhse de chúig bliana dar tosach an dara lá ceaptha íocfar síntiúisí, alos gach duine is síntiúsaire ar fostú agus a bheidh i bhfostaíocht talmhaíochta, do réir na rátaí luaidhtear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí luaidhtear i gCuid I den Sceideal san.

(2) Ní bheidh aon tsíntiúisí fén alt so iníoctha ag duine is saor-shíntiúsaire agus ag á mbeidh a sheachtó bliain slán ná alos duine ar bith eile ag á mbeidh a sheachtó bliain slán.

(3) I gcás síntiúisí fén alt so do bheith iníoctha alos duine is síntiúsaire ar fostú no bheidh i bhfostaíocht is fostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so beidh na síntiúisí sin iníoctha go leathrannach ag an bhfostóir agus go leathrannach ag an duine sin, no go hiomlán ag an bhfostóir mar a foráltar sa Chuid a bhaineann leis an gcás den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, agus i gcás síntiúisí fén Acht so do bheith iníoctha ag saorshíntiúsaire beidh na síntiúisí sin iníoctha go hiomlán ag an saorshíntiúsaire sin.

(4) San alt so tá leis na habairtí “síntiúsaire ar fostú” agus “saor-shíntiúsaire” fé seach na bríonna tugtar do sna habairtí “employed contributor” agus “voluntary contributor” fé seach leis na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le saighdiúirí.

Síntiúisí do bhailiú.

39. —(1) Is mar aon tsíntiús amháin fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta a híocfar na síntiúisí o dhuine árachuithe no alos duine árachuithe is iníoctha fén alt deiridh sin roimhe seo agus na síntiúisí ón duine sin no alos an duine sin is iníoctha fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, agus (fé réir pé atharuithe agus oiriúnuithe a hordófar) déanfar na síntiúisí is iníoctha fén alt deiridh sin roimhe seo alos duine i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so d'íoc fé is dá mba shíntiúisí fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta iad, agus (fé réir mar adubhradh) beidh éifeacht dá réir sin ag gach foráil reachtúil i dtaobh íoc agus bailiú síntiúisí fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, le n-a n-áirmhítear (ach gan dochar do gheneráltacht an achtacháin sin roimhe seo) na forálacha maidir le ciontaí agus imeachta síbhialta i dtaobh síntiúisí, agus maidir le tosaíocht na n-éilithe um shíntiúisí, agus maidir le comhachta cigirí, agus fós ag forálacha ailt 31 den Unemployment Insurance Act, 1920.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le saighdiúirí.

Síntiúisí alos saighdiúirí.

40. —(1) An dara lá ceaptha agus dá éis sin íocfaidh an tAire Cosanta alos gach saighdiúra, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, síntiús chun crícheanna an Achta so do réir ocht bpingne sa tseachtain.

(2) Na méideanna bheidh le n'íoc ag an Aire Cosanta fén alt so déanfar amach iad i pé slí agus íocfar isteach i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe iad i pé slí agus ar pé dátaí i ngach bliain ar a gcó-aontóidh an tAire agus an tAire Cosanta.

(3) Bainfear amach, tré shuim do bhaint as págh gach saighdiúra fé leith, páirt de sna síntiúisí a híocfar fén alt so 'na mbeidh pé méid, nách mó ná a leath, ordóidh an tAire Cosanta le toiliú an Aire Airgid.

(4) Aon airgead a bhainfidh an tAire Cosanta amach fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe.

41. —(1) Coimeádfaidh an tAire ciste ar leithligh (dá ngairmtear an Ciste san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe, agus déanfaidh an Ciste do chothabháil agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) Íocfar isteach sa Chiste an t-airgead uile baileofar mar shíntiúisí fén gCuid seo den Acht so.

(3) Is amach as an gCiste a híocfar na pinsin uile is iníoctha fén Acht so.

Cuntas Suncála Pinsean.

42. —(1) Aon tsuimeanna bheidh i gcreidiúint don Chiste agus ná beidh ag teastáil chun caiteachas reatha d'íoc aistreofar iad chun an Aire Airgid agus cuirfidh seisean iad chun creidiúna do chuntas (dá ngairmtear an Cuntas san Acht so) ar a dtabharfar an “Cuntas Suncála Pinsean.”

(2) Íocfar isteach sa Chuntas, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, in aghaidh na bliana airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1936, agus in aghaidh gach bliana de sna naoi mbliana airgeadais ina dhiaidh sin, suim bhliantúil de dhá chéad agus caoga míle púnt, agus ina dhiaidh sin pé suimeanna ar a gcinnfidh an tOireachtas.

(3) Aon tsuimeanna bheidh i gcreidiúint don Chuntas suncálfar iad agus coimeádfar suncálta iad, fé mar is rogha leis an Aire Airgid thar ceann an Chiste, i ngach slí no in aon tslí acu so leanas, sé sin le rá, i gceannach aon stuic, ciste no urrúis go n-údaruítear d'iontaobhaithe le halt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 ( Uimh. 2 de 1922 ), cistí iontaobhais do shuncáil ann no i gceannach aon stuic, scaireanna no urrúis go mbeidh a gcolann agus a n-ús urruithe fé údarás reachtúil ag Rialtas Shaorstáit Éireann, agus cuirfear i gcreidiúint don Chuntas aon ús do gheobhfar as an suncáil sin.

(4) Airgead a dlighfear a shuncáil fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh sé ina airgead Rialtais do réir bhrí an Achta um Shuncáil Cheaduithe, 1933 ( Uimh. 34 de 1933 ), agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht san maidir leis an airgead san.

(5) Má thárlann, aon tráth, nách leor an t-airgead sa Chiste chun fiachaisí reatha d'íoc bhéarfaidh an tAire Airgid amach don Chiste, as an gCuntas, pé suimeanna is gá chun na bhfiachaisí sin do ghlanadh.

Costaisí riaracháin.

43. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo agus sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costaisí uile fé n-a raghfar chun an Achta so do riaradh.

(2) Déanfar pé suimeanna ordóidh an tAire Airgid d'íoc amach as an gCiste agus do chur, do réir rialachán a dhéanfaidh seisean, mar leithreas-i-gcabhair ar airgead a sholáthróidh an tOireachtas le haghaidh na gcostaisí sin.

Cuntaisí.

44. —(1) Is i pé fuirm a cheadóidh no ordóidh an tAire Airgid a coimeádfar cuntaisí an Chiste agus an Cuntas.

(2) Fé cheann bliana tar éis deireadh gach bliana cuntais déanfar na cuntaisí do coimeádadh do réir an ailt seo in aghaidh na bliana san do chur fé bhráid an Ard-Scrúdóra chun a n-iniúchta, agus ar iad do bheith scrúduithe agus deimhnithe leagfar iad fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

Fiosrúcháin achtuaire.

45. —Féadfaidh an tAire Airgid, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, a chur fé ndeár fiosrúchán achtuaire do dhéanamh i dtaobh oibriú generálta an Achta so maidir le cúrsaí airgeadais, mar aon le meastachán ar luach na síntiúisí is iníoctha fén Acht so agus ar luach na sochar a bronntar leis an Acht so agus cuirfidh fé ndeár tuarasgabháil an achtuaire do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.

CUID VI.

Foralacha i dTaobh Eilithe agus i dTaobh Athchomharc i gCoinnibh Molta agus Breitheanna.

Painéal de reiteoirí do bhunú.

46. —(1) Bunófar agus coimeádfar ar bun chun crícheanna an Achta so painéal de pé méid réiteoirí cheapfaidh an tAire Airgid o am go ham.

(2) Isé an tAire Airgid a cheapfaidh gach ball den phainéal de réiteoirí agus beidh gach ball den tsórt san i seilbh oifige faid is toil leis an Aire sin é.

(3) Is daoine bheidh ag fónamh i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann a bheidh ina mbaill den phainéal de réiteoirí.

Oifigigh fhiosrúcháin.

47. —(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, pé daoine agus pé méid daoine is dóich leis is ceart do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh fhiosrúcháin chun crícheanna an Achta so.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “oifigeach fiosrúcháin” oifigeach fiosrúcháin a ceapfar fén alt so.

Dualgaisí agus comhachta oifigeach fiosrúcháin.

48. —(1) Déanfaidh gach oifigeach fiosrúcháin fiosrú agus bhéarfaidh tuarasgabháil don Aire i dtaobh aon éilimh ar phinsean no maidir le pinsean agus i dtaobh aon cheiste eireoidh de dhruim no i dtaobh pinsin a chuirfidh an tAire fé n-a bhráid agus féadfaidh, chun críche an fhiosruithe agus na tuarasgabhála san, a cheangal ar aon éilitheoir pinsin no ar aon phinsinéir no ar aon fhostóir don éilitheoir no don phinsinéir sin eolas do thabhairt do agus scríbhinní do thaisbeáint do chun a n-iniúchta, pé eolas agus scríbhinní i dtaobh an éilitheora no an phinsinéara san a theastóidh do réir réasúin ón oifigeach fiosrúcháin sin.

(2) Má theipeann ar dhuine ar bith, is éilitheoir ar phinsean no is pinsinéir no is fostóir d'éilitheoir ar phinsean no do phinsinéir, an t-eolas san do thabhairt d'oifigeach fiosrúcháin is gá dho do réir an ailt seo do thabhairt don oifigeach san no na scríbhinní sin do thaisbeáint d'oifigeach fiosrúcháin chun a n-iniúchta is gá dho do réir an ailt seo do thaisbeáint don oifigeach san beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Oifigigh bhreithiúnachta.

49. —(1) Féadfaidh an tAire pé daoine agus pé méid daoine is dóich leis is ceart do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun crícheanna an Achta so agus beidh gach duine ceapfar amhlaidh i seilbh oifige mar oifigeach den tsórt san faid is toil leis an Aire é.

(2) San Acht so cialluíonn an abairt “oifigeach breithiúnachta” oifigeach breithiúnachta ceapfar fén alt so.

Eilithe ar phinsean agus athchomhairc.

50. —(1) Fé réir forálacha an Achta so agus do réir rialachán a déanfar fé, is chun an Aire déanfar gach éileamh ar phinsean no maidir le pinsean, agus is oifigeach breithiúnachta do bhéarfaidh breith ar gach ceist eireoidh de dhruim no i dtaobh an chéanna (seachas éinní go socruítear leis an Acht so ná beidh aon dul thar breith an Aire air, no éinní is ní ata, do réir an Achta so, le socrú fé mar is rogha leis an Aire, no éinní go mbeidh comhacht ag an Aire breith do thabhairt air fé alt 66 den National Insurance Act, 1911, no fén alt san mar do bheirtear feidhm do leis an Acht so).

(2) Má bhíonn aon éilitheoir mí-shásta le moladh no breith oifigigh bhreithiúnachta i dtaobh pinsin ar bith, ansan, ar iarratas do dhéanamh fé cheann na haimsire orduithe, cuirfear an cheist fé bhráid réiteora no réiteoirí thoghfaidh an tAire ón bpainéal de réiteoirí.

(3) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta, más dóich leis san do bheith ceart, aon cheist a thiocfaidh fé n-a bhráid chun breith do thabhairt uirthi fén alt so, féadfaidh, in ionad é féin do thabhairt breithe uirthi, í do chur sa tslí orduithe fé bhráid réiteora no réiteoirí thoghfaidh an tAire ón bpainéal de réiteoirí chun na críche sin.

(4) Ní bheidh dul thar an mbreith do bhéarfaidh réiteoir no réiteoirí ar éinní cuirfear fé n-a bhráid no fé n-a mbráid fén alt so.

Molta agus breitheanna d'athscrúdú.

51. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfaidh oifigeach breithiúnachta, am ar bith agus o am go ham, aon mholadh do rinneadh no aon bhreith do tugadh fén alt deiridh sin roimhe seo d'athscrúdú má chítear do an moladh no an bhreith do bheith earráideach ag féachaint d'fhíora nua do cuireadh in úil do o dháta a dhéanta no a tabhartha no de dheascaibh earráid éigin do dhéanamh maidir leis an dlí no leis na fíora, agus na forálacha den Acht so bhaineann le nithe do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí beidh feidhm acu maidir leis an moladh athscrúduithe no leis an mbreith athscrúduithe sin fé mar atá feidhm acu maidir le moladh bunaidh no breith bhunaidh.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo—

(a) maidir le moladh no breith i dtaobh ní do cuireadh fé bhráid réiteora no réiteoirí fén alt deiridh sin roimhe seo;

(b) mara mbeidh deireadh leis an aimsir chun a iarraidh go ndéanfaí an ní le n-a mbaineann an moladh no an bhreith do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí; no

(c) maidir le moladh a dhéanfaidh oifigeach breithiúnachta chun éifeacht do thabhairt do bhreith a bheidh tugtha ag réiteoir no ag réiteoirí,

maran rud é, i gcás le n-a mbaineann mír (a) no mír (b) den fho-alt so, go ndéanfaidh an té gur ar é dá iarraidh do rinneadh an cur fé bhráid no bheidh i dteideal a iarraidh san do chur fé bhráid, pe'ca aca é, toiliú leis sin.

(3) Más rud é, in aon chás in ar thug réiteoir no réiteoirí breith i dtaobh an ní do cuireadh fé n-a bhráid no fé n-a mbráid fén alt deiridh sin roimhe seo, go bhfeicfear don Aire go bhféadfaí go cuibhe a iarraidh ar an réiteoir no ar na réiteoirí an bhreith d'athbhreithniú ag féachaint d'fhíora nua do cuireadh in úil do ón dáta ar ar tugadh an bhreith no d'aon bhuiniscionntaíocht de dheallramh idir an bhreith agus aon bhreith eile do thug réiteoir no réiteoirí ina dhiaidh sin féadfaidh an tAire a ordú go gcuirfear an ní fé bhráid an réiteora no na réiteóirí chun é d'ath-bhreithniú.

(4) Is mar leanas a bheidh éifeacht ag moladh ath-scrúduithe dhéanfaidh no ag breith ath-scrúduithe bhéarfaidh oifigeach breithiúnachta fén alt so:—

(a) i gcás ina dtiocfaidh pinsean chun bheith iníoctha le duine ar bith no ina méadófar pinsean de bhuadh an mholta no na breithe athscrúduithe, beidh éifeacht aige—

(i) más toisc fíor nua do chur in úil d'oifigeach bhreithiúnachta déanfar no do bhéarfar é, ón dáta ar ar hiarradh ath-scrúdú,

(ii) in aon chás eile, ón dáta ar a dtáinig an moladh bunaidh no an bhreith bhunaidh in éifeacht;

(b) i gcás ina scuirfidh pinsean de bheith iníoctha no ina laigheadófar pinsean de bhuadh an mholta no na breithe athscrúduithe, beidh éifeacht aige ón dáta ar a dtabharfar fógra i dtaobh an mholta no na breithe athscrúduithe don duine le n-a mbaineann.

(5) I gcás réiteoir no réiteoirí d'athscrúdú breithe fen alt so beidh éifeacht ag an mbreith ath-scrúduithe, agus ag aon mholadh déanfar chun éifeachta do thabhairt di, ón dáta san a chinnfidh an réiteoir no na réiteoirí.

(6) Na forálacha san roimhe seo den alt so i dtaobh an dáta o n-a mbeidh éifeacht ag moladh athscrúduithe no ag breith athscrúduithe ní léireofar iad mar fhorálacha dheineann deifir d'oibriú na bhforálacha den Acht so bhaineann le haisíoc pinsean a bheidh íoctha thar an gceart.

Comhacht ag réiteoirí chun fianaise do ghlacadh fé mhionn.

52. —Beidh comhacht ag réiteoir no ag réiteoirí chun fianaise do ghlacadh fé mhionn ar éinní cuirfear fé n-a bhráid no fé n-a mbráid fén Acht so d'éisteacht agus chuige sin féadfaidh an réiteoir sin no, i gcás dhá réiteoir no níos mó do bheith ann, réiteoir ar bith acu san daoine thiocfaidh i láthair mar fhínnithe ag an éisteacht san do chur fé mhionn.

CUID VII.

Foralacha Ilghneitheacha.

Forálacha i dtaobh maraithe.

53. —Féadfaidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, ordú do dhéanamh ag atharú, i pé slí is dóich leis is ceart, forálacha an Achta so (ach ní hi slí do mhéadódh rátaí na síntiúisí no do laigheadódh ráta na bpinsean) sa mhéid go mbainid le máistrí agus le maraithe.

Forálacha maidir le fóirithin allamuich do phinsinéirí.

54. —Nuair a bheidh údarás conganta phuiblí ag tabhairt fóirithne, ar shlí seachas i bhfundúireacht, do dhuine bheidh ag fáil phinsin no i dteideal pinsean d'fháil ní thabharfaid áird ar aon phinsean den tsórt san ach amháin sa mhéid gur mó ná cúig scillinge sa tseachtain an pinsean san.

Forálacha i gcás pinsean do dheonadh do dhuine bheidh ag fáil fóirithne allamuich.

55. —(1) I gcás—

(a) údarás conganta phuiblí do dheonadh fóirithne, ar shlí seachas i bhfundúireacht, in aghaidh tréimhse ar bith do dhuine no alos duine beidh i dteideal pinsin ach ná beidh ag fáil íocaíochtaí an tráth san alos an phinsin sin, agus

(b) an fhóirithin sin do bheith níos mó ná an méid do deonfaí don duine sin dá mbeadh sé ag fáil íocaíochta alos pinsin, agus

(c) aon tsuim (dá ngairmtear an riaráiste sa bhfo-alt so), a bheidh ag fás in aghaidh coda ar bith den tréimhse sin alos pinsin, do theacht ina dhiaidh sin chun bheith iníoctha leis an duine sin, agus

(d) an t-údarás conganta phuiblí sin dá dheimhniú don Aire, sara n-íoctar an riaráiste leis an duine sin, cadé an méid sa bhreis (dá ngairmtear an bhreis sa bhfo-alt so) d'íoc an t-údarás conganta phuiblí sin amhlaidh in aghaidh na tréimhse gur ina haghaidh d'fhás an riaráiste,

féadfaidh an tAire an riaráiste do laigheadú méid nách mó ná méid na breise agus, sa chás san, íocfaidh leis an údarás conganta phuiblí sin, amach as Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe, suim is có-ionann leis an méid a laigheadófar an riaráiste amhlaidh.

(2) Bainfidh an t-alt so le cás ina dtiocfaidh aon tsuim chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin mar gheall ar liúntas (síntiúsach) leinbh, liúntas (nea-shíntiúsach) leinbh, pinsean (síntiúsach) dílleachtaí no pinsean (nea-shíntiúsach) dílleachtaí is iníoctha alos leinbh go mbeidh aon fhóirithin den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo deonta mar gheall air fé mar a bhaineann sé le cás ina dtagann suim alos pinsin chun bheith iníoctha ina dhiaidh sin le duine go mbeidh fóirithin den tsórt san roimhráite deonta dho no mar gheall air agus is fé réir na n-atharuithe riachtanacha bheidh feidhm aige maidir le cás den tsórt san.

Forálacha i gcás pinsean do dheonadh do dhuine bheidh ag fáil conganta dhíomhaointis.

56. —(1) I gcás—

(a) congnamh díomhaointis d'íoc in aghaidh tréimhse ar bith le duine bheidh i dteideal pinsin ach ná beidh ag fáil íocaíochtaí an tráth san alos an phinsin sin, agus

(b) ná híocfaí an congnamh díomhaointis sin dá mbeadh an duine sin ag fáil íocaíochta alos pinsin an tráth san, agus

(c) aon tsuim (dá ngairmtear an riaráiste sa bhfo-alt so) a bheidh ag fás in aghaidh coda ar bith den tréimhse sin alos pinsin do theacht ina dhiaidh sin chun bheith iníoctha leis an duine sin, agus

(d) an tAire Tionnscail agus Tráchtála dá dheimhniú don Aire, sara n-íoctar an riaráiste leis an duine sin, cadé an méid (dá ngairmtear an bhreis sa bhfo-alt so) d'íoc an tAire Tionnscail agus Tráchtála amhlaidh in aghaidh na tréimhse gur ina haghaidh d'fhás an riaráiste,

féadfaidh an tAire an riaráiste do laigheadú méid nách mó ná méid na breise agus, sa chás san, íocfaidh leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, amach as Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe, suim is có-ionann leis an méid a laigheadófar an riaráiste amhlaidh.

(2) Aon airgead a híocfar leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Pinsin a bheidh íoctha thar an gceart d'aisíoc.

57. —(1) Má gheibhtear amach tráth ar bith go raibh duine ag fáil pinsin ar feadh aon tréimhse ná raibh an duine sin ina theideal ar a feadh, no go raibh sé ag fáil pinsin do réir ráta is aoirde ná an ráta bhaineann leis an gcás, ansan, dlighfidh an duine sin no, i gcás an duine sin do bheith marbh, ionadaí pearsanta an duine sin íoc do dhéanamh leis an Aire, ar n-a éileamh san air, in aon tsuimeanna do híocadh leis an duine sin alos an phinsin ar feadh na tréimhse sin no i suim is có-ionann leis an deifríocht idir pinsean do réir an ráta gur dá réir do híocadh é agus pinsean do réir an ráta bhaineann leis an gcás, do réir mar bheidh.

(2) Aon tsuim is iníoctha ag duine leis an Aire fén alt so beidh sí ina fiacha ag an Aire ar an duine sin agus féadfaidh an tAire í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla no tré n-a baint as aon íocaíocht no íocaíochtaí alos pinsin go dtiocfaidh an duine sin ina theideal ina dhiaidh sin.

(3) Íocfar isteach i gCiste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe gach suim a haisíocfar no bhainfidh an tAire amach fén alt so.

(4) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo gus na hatharuithe riachtanacha ortha i gcás duine le n-a n-íoctar pinsean no liúntas leinbh fé aon fhoráil d'fhorálacha an Achta so thar ceann no chun tairbhe duine ar bith.

Pionós mar gheall ar ráitisí bréagacha.

58. —(1) Gach duine—

(a) dhéanfaidh go feasach aon ráiteas no plé cúise (pe'ca tré scríbhinn no tré bhréithre béil é) is eol dó do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach d'fhonn pinsean d'fháil no do choimeád ar marthain do féin no d'éinne eile no d'fhonn pinsean do réir ráta is aoirde ná an ráta bhaineann leis an gcás d'fháil no do choimeád ar marthain do féin no d'éinne eile, no

(b) gheobhaidh íoc pinsin no leanfaidh de phinsean do ghlacadh agus a fhios aige é bheith dí-cháilithe maidir leis an bpinsean san d'fháil, no gan é bheith i dteideal é d'fháil, no

(c) gheobhaidh no ghlacfaidh go feasach aon íocaíocht alos pinsin a bheidh, ar chúis ar bith, gan bheith iníoctha leis,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí.

(2) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo gus an atharú riachtanach ortha i gcás duine le n-a n-íoctar pinsean no liúntas leinbh fé aon fhoráil d'fhorálacha an Achta so thar ceann no chun tairbhe duine ar bith.

Deimhnithe beireatais, pósta agus báis.

59. —I gcás in ar gá, chun crícheanna an Achta so, aois, pósadh no bás duine ar bith do chruthú tré dheimhniú beireatais, pósta no báis do thabhairt i láthair beidh duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh sa bhfuirm sin a bheidh orduithe agus ina mbeidh na mion-innste sin a bheidh orduithe agus ar tháille de shé pingne d'íoc i gcás deimhnithe bheireatais, agus de scilling i gcás deimhnithe phósta no bháis, beidh sé i dteideal cóip dheimhnithe d'iontráil bheireatais, phósta, no bháis (pe'ca aca é) an duine sin i gclár na mbeireatas, na bpóstaíocha no na mbásanna (pe'ca aca é) d'fháil agus an chóip sin fé láimh an chlárathóra no fé láimh an cheann-chlárathóra no fé láimh dhuine eile ar a mbeidh cúram an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus básanna, agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ar a mbeidh cúram an chláir, fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce má hiarrtar iad.

Gan áird do thabhairt ar phinsin le linn airgead damáiste fé sna Fatal Accidents Acts, agus cúiteamh fé sna hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre do mheas.

60. —(1) Nuair a bheidh airgead damáiste á mheas in aon aicsean fé sna Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do bunuíodh é, ní tabharfar áird ar aon phinsean ná liúntas leinbh is iníoctha fén Acht so.

(2) Nuair a bheidh méid an chúitimh á áireamh fé fho-chlás (ii) de chlás (a) de mhír (1) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Workmen's Compensation Act, 1906, no fé Rialacha 2 no 4 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 (Uimh. 9 de 1934) , pe'ca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do bunuíodh imeachta chun an chúitimh sin do bhaint amach, ní tabharfar áird ar aon phinsean ná liúntas leinbh is iníoctha fén Acht so.

Comhar-shocrú le tíortha eile.

61. —(1) Má deintear socrú tré achtachán reachtúcháin in aon tír eile chun aon scéim phinsean do bhunú inti a bheidh go substainteach ar aon dul leis an scéim phinsean a bunuítear leis an Acht so féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, comhar-shocrú do dhéanamh le húdarás riartha na scéime sin sa tír sin, tré n-a ndéanfar tréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí sa tír sin fén scéim sin d'áireamh, chun crícheanna cáilíocht i gcóir pinsean fén Acht so, mar thréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí i Saorstát Éireann agus tré n-a mbeidh pinsin is iníoctha fén scéim sin iníoctha le daoine le linn iad do bheith i Saorstát Éireann, agus tré n-a ndéanfar tréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí i Saorstát Éireann, chun crícheanna cáiliocht i gcóir pinsean fén Acht so, d'áireamh, chun crícheanna na scéime sin, mar thréimhsí árachais, síntiúisí bheidh íoctha agus comhnaí sa tír sin, agus tré n-a mbeidh pinsin is iníoctha fén Acht so iníoctha le daoine le linn iad do bheith sa tír sin.

(2) Féadfar, le toiliú an Aire Airgid, socrú do dhéanamh le rialacháin fén Acht so chun a ordú go mbeidh feidhm ag an Acht so, fé réir pé atharuithe agus oiriúnuithe a hordófar, maidir le daoine no mar gheall ar dhaoine ar bith go ndéanfaidh aon tsocrú déanfar fén alt so deifir dóibh, agus féadfar leis na rialacháin sin socrú do dhéanamh chun aon choigeartuithe airgeadais do dhéanamh is gá.

Pinsin do bheith neamhionaistrithe.

62. —(1) Gach sannadh dá ndéanfar agus gach muirear dá gcuirfear, agus gach có-aontú chun sannadh do dhéanamh no muirear do chur, ar phinsean beidh sé gan bhrí agus ar éinne do ghnó-bhriseadh bheidh i dteideal pinsin ní raghaidh an pinsean chun aon iontaobhaí ná duine eile bheidh ag gníomhú thar ceann na bhfiach-éilitheoirí.

(3) Ní déanfar aon tsuimeanna bheidh á bhfáil ag duine ar bith i bhfuirm pinsin do chur san áireamh nuair a bheidh a hacfuinn á háireamh chun crícheanna ailt 6 den Debtors Act (Ireland), 1872.

Feidhm do bheith ag Acht na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 .

63. —Gach leabhar, cárta, ordú, cruthúnacht no scríbhinn eile do bhéarfar amach d'aon duine agus 'na mbeidh aon phinsean fén Acht so iníoctha leis an duine sin ar é do sheachadadh no do thaisbeáint na scríbhinne sin no i dtaobh na scríbhinne sin do bheith ina sheilbh aige ar dháta no tar éis dáta bheidh luaidhte go soiléir sa scríbhinn sin no le tuisgint uaithi agus a bheidh i ndiaidh lae na scríbhinne sin do thabhairt amach tuigfear, chun crícheanna Achta na Leabhar Pinsean (Toirmeasc ar Aistriú), 1932 (Uimh. 1 de 1932) , gur scríbhinn é le n-a mbaineann an tAcht deiridh sin a luaidhtear agus déanfar an tAcht deiridh sin a luaidhtear do léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Comhacht chun deacrachtaí do chur as an slí.

64. —(1) Má eiríonn, ar shlí ar bith, aon deacracht maidir leis an Acht so do chur i ngníomh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, éinní do dhéanamh, le hordú a chífear is gá no is oiriúnach chun an Achta so do chur i ngníomh agus féadfar le haon ordú den tsórt san forálacha an Achta so d'atharú sa mhéid a chífear is gá no is oiriúnach chun an orduithe do chur in éifeacht.

(2) Ní féadfar aon ordú do dhéanamh fén alt so tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1936.

Rialacháin.

65. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh go generálta chun an Achta so do chur in éifeacht agus, gan dochar do gheneráltacht an mhéide sin roimhe seo, go sonnrách—

(a) chun a ordú cadé an tslí ina ndéanfar éilithe ar phinsin agus cadé an tslí ina n-íocfar pinsin;

(b) chun a ordú cadé an nós imeachta leanfar ar cheist do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí fén Acht so, agus chun feidhm do thabhairt d'aon chinn áirithe d'fhorálacha an Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, chun crícheanna aon churtha-fé-bhráid den tsórt san, agus chun feidhm aon cheann áirithe d'fhorálacha eile an Achta san do dhúnadh amach;

(c) chun a údarú, sna cásanna san a hordófar, aon tsuim d'íoc i bhfuirm pinsin i rith aon tréimhse idir tráth aon éilimh do dhéanamh no aon cheiste do chur fé bhráid réiteora no réiteoirí agus tráth na breithe deiridh do thabhairt ar an éileamh no ar an gceist;

(d) chun socrú do dhéanamh chun suimeanna gheobhfar mar gheall ar shíntiúisí do chion-roinnt idir an Ciste Arachais Sláinte Náisiúnta agus Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe;

(e) chun comhacht do thabhairt, sna cásanna san a hordófar, chun deighleáil, chun crícheanna pinsean fén Acht so, le síntiúisí alos daoine fostuithe nár híocadh ar na dátaí cearta mar shíntiúisí do híocadh amhlaidh;

(f) chun go bhféadfar duine do cheapadh chun feidhmiú do dheanamh, thar ceann aon éilitheora no duine bheidh i dteideal no ag fáil pinsin agus a bheidh gan bheith ábalta ar ghníomhú de bhíthin aon mhí-chumais aigne no eile, ar aon cheart chun a mbeidh teideal ag an éilitheoir no ag an duine sin fén Acht so, agus chun a údarú do dhuine ar bith a ceapfar amhlaidh pinsean ar bith d'fháil thar ceann agus chun tairbhe an éilitheora no an duine sin;

(g) chun a shocrú go bhféadfar, d'ainneoin éinní atá i bhforálacha Coda IV den Acht so i dtaobh teora aimsire chun íocaíochtaí d'fháil alos pinsean, ach fé réir na rialachán—

(i) íoc do dhéanamh, i gcás duine do bhí ag fáil pinsin d'fháil bháis, in aon tsuim do tháinig chun bheith iníoctha alos pinsin laistigh de thrí mhí roimh dháta a bháis ach nár híocadh; agus

(ii) íoc do dhéanamh, i gcás duine d'fháil bháis do bhí i dteideal pinsin agus do rinne éileamh á lorg, in aon tsuim do thiocfadh chun bheith iníoctha alos an phinsin go dtí dáta a bháis dá ngéilltí dá éileamh díreach sara bhfuair sé bás; agus

(iii) íoc do dhéanamh, i gcás aon duine d'fháil bháis do bhí i dteideal pinsin shíntiúsaigh ach ná dearna éileamh á lorg, in aon tsuim do thiocfadh chun bheith iníoctha alos an phinsin go dtí dáta a bháis dá ndeintí éileamh díreach sara bhfuair sé bás;

(h) chun a shocrú go bhféadfar, fé réir na rialachán, déanamh in éamais promháide no cruthúnais eile ar theideal ionadaithe pearsanta an duine mhairbh i gcás aon tsuime den tsórt a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo, agus go bhféadfar aon tsuim den tsórt san d'íoc leis na daoine no do roinnt ar na daoine dheallróidh, sa tslí foráltar leis na rialacháin, bheith i dteideal na suime sin no aon choda dhi d'fháil, mar dhaoine bheidh i dteideal an chéanna chun tairbhe dhóibh fé aon ionstruim thiomantach no mar neasacháin ghaoil no mar fhiachéilitheoirí don duine mharbh no í d'íoc le duine no daoine áirithe no do roinnt ar dhuine no daoine áirithe acu san, gan an chuid eile do bhac, no, i gcás aon neadhlisteanas do bhaint leis an duine marbh no le haon duine clainne leis, í d'íoc leis an duine no na daoine sin no í do roinnt ar an duine no na daoine sin a hordófar leis na rialacháin;

(i) chun éinní no aon rud d'ordú da dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Is le toiliú an Aire Puist agus Telegrafa déanfar rialacháin fén alt so chun a ordú cadé an tslí ina n-íocfar pinsin.

(3) Is le toiliú an Aire Airgid a déanfar rialacháin fén alt so chun socrú do dhéanamh chun suimeanna gheobhfar mar gheall ar shíntiúisí do chion-roinnt idir an Ciste Arachais Sláinte Náisiúnta agus Ciste Pinsean na mBaintreach agus na nDílleachtaithe.

CUID VIII.

Leasuithe ar na hAchtanna um Arachas Slainte Naisiunta agus ar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise.

Léiriú agus luadh Coda VIII.

66. —(1) Sa mhéid go leasuíonn an Chuid seo den Acht so na hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1934, léighfear í mar éinní amháin leis na hAchtanna san agus tuigfear gur cuid díobh í.

(2) Sa mhéid go leasuíonn an Chuid seo den Acht so Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, léighfear í mar éinní amháin leis na hAchtanna san agus tuigfear gur cuid díobh í.

Alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, do leasú.

67. —(1) Deintear leis seo alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, do leasú tré sna focail “or any period after a person has attained the age of seventy years” do chur isteach i ndeireadh fo-ailt (4) de, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige agus tuigfear go raith éifeacht aige o theacht i bhfeidhm d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918.

Leasú teoranta ar alt 13 den National Health Insurance Act, 1918.

68. —Chun crícheanna an Achta so ach ní chun críche eile ar bith bainfidh forálacha fo-ailt (1) d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, mar a leasuítear san leis an Acht so, agus tuigfear gur bhaineadar riamh le duine árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta nár bhall de chumann cheaduithe ná den Chumann Aontuithe an dáta ar ar scuir de bheith ar fostú.

Alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, do leasú tuilleadh.

69. —Chun crícheanna na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta bainfidh forálacha fo-ailt (1) d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, mar a leasuítear san leis an Acht so, agus tuigfear gur bhaineadar riamh le duine árachuithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, nár bhall de chumann cheaduithe ná den Chumann Aontuithe agus a chuirfidh ina luighe ar an gCumann Aontuithe, le linn do ceangal leis an gCumann Aontuithe, gur fostaíocht do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta a ghnáth-shlí bheatha.

Rogha do dhaoine is saor-shíntiúsairí fé láthair.

70. —(1) Einne atá, ar dháta an Achta so do rith, árachuithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta mar shaor-shíntiúsaire scuirfe sé ón dara lá ceaptha de bheith i dteideal síntiúisí d'íoc fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta mar shaorshíntiúsaire, agus tuigfear ón dara lá ceaptha nách duine árachuithe é chun crícheanna an Achta so, mara dtugaidh fógra don Aire, roimh an dara lá ceaptha agus sa tslí orduithe, gur rogha leis teacht chun bheith ina dhuine árachuithe fén Acht so.

(2) Beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (4) d'alt 13 den National Health Insurance Act, 1918, maidir le héinne scuirfidh, de bhuadh fo-ailt (1) den alt so, de bheith i dteideal síntiúisí d'íoc fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta mar shaor-shíntiúsaire, fé is dá gcuirtí tagairtí do cheithre mhí fichead in ionad na dtagairtí do dhá mhí dhéag atá ionta.

Daoine eile fhéadfaidh teacht chun beith ina saor-shíntiúsairí.

71. —(1) I gcás éinne (nách bean phósta) do bhí ar fostú i bhfostaíocht eiscithe le n-a mbaineann an tAcht so do scur tar éis dáta an Achta so do rith de bheith ar fostú amhlaidh féadfaidh an duine sin, fé réir na gcoinníollacha orduithe, teacht chun bheith ina shaor-shíntiúsaire fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta.

(2) I gcás fear nách duine árachuithe do phósadh mná is duine árachuithe go mbeidh céad agus ceithre síntiúisí íoctha aici no ina taobh fén Acht so féadfaidh, má thugann fógra uaidh fé cheann na haimsire orduithe tar éis an phósta agus sa tslí orduithe, teacht chun bheith ina shaor-shíntiúsaire fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta.

Duine do scur de cheart do bheith aige síntiúisí d'íoc mar shaorshíntiúsaire.

72. —I gcás an méid síntiúisí, ar n-a áireamh sa tslí orduithe, a bheidh íoctha no tuigfear, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén Acht so, do bheith íoctha in aghaidh aon bhliana áirithe síntiúis (pe'ca sa bhliain sin do híocadh iad no fé cheann pé tréimhse tar éis deireadh na bliana san a hordófar) ag duine fé árachas mar shaor-shíntiúsaire fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta do bheith níos lugha ná naoi gcinn tríochad no i gcás an méid síntiúisí bheidh no tuigfear do bheith íoctha amhlaidh in aghaidh aon dá bhlian síntiúis as a chéile do bheith níos lugha do réir mheánachta ná cúig síntiúisí ceathrachad in aghaidh gach bliana acu san scuirfidh an duine sin, o dheireadh na tréimhse orduithe, de bheith i dteideal síntiúisí d'íoc mar shaor-shíntiúsaire agus tuigfear ón dáta san nách duine árachuithe é chun crícheanna an Achta so.

Tuairisceáin ón gCumann Aontuithe.

73. —Ar na tuairisceáin a féadfar a cheangal ar an gCumann Aontuithe do thabhairt uatha fé fho-alt (1) d'alt 35 den National Insurance Act, 1911, beidh na mion-innste sin, i dtaobh árachais aon duine áirithe fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta ba bhall de chumann cheaduithe no is ball no ba bhall den Chumann Aontuithe, éileoidh an tAire chun crícheanna an Achta so agus beidh feidhm ag forálacha an ailt sin dá réir sin agus íocfar leis an gCumann Aontuithe pé suimeanna a hordófar fé réir toiliú an Aire Airgid agus áirmheofar mar chuid de chostaisí riartha an Achta so na suimeanna a híocfar amhlaidh.

Baint an Probation of Offenders Act, 1907.

74. —I gcás—

(a) cionta do chur i leith fostóra dhuine árachuithe, do réir bhrí na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta no an Achta so, maidir le síntiúisí do bhí dlite air fé sna hAchtanna san no fén Acht so d'íoc, agus

(b) an Chúirt do bheith chun ordú do dhéanamh fé fho-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907,

ní dhéanfaidh an Chúirt an t-ordú san go dtí gur deimhin léi gach riaráiste alos na síntiúisí sin do bheith íoctha ag an bhfostóir sin.

Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, do leasú maidir le baintreacha áirithe.

75. —I gcás—

(a) bean do bheith ag fáil pinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe an dáta bheidh a seachtó bliain slán aici, no

(b) bean a bheidh os cionn seachtó bliain d'aois ar dháta bháis a céile do theacht i dteideal pinsin (shíntiúsaigh) bhaintrighe dá mbeadh sí fé bhun na haoise sin ar an dáta san,

beidh an bhean san i dteideal pinsin sean-aoise fé Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1932, do réir deich scllinge sa tseachtain d'ainneoin gur mó a hacfuinn bhliantúil ná an méid do chuirfeadh i dteideal pinsin do réir an ráta san í.

CEAD SCEIDEAL.

Rialacha chun Acfuinn Sheachtainiuil Ghlan Baintreacha agus Dilleachtaithe do dheanamh amach chun Cricheanna Coda III den Acht so.

Acfuinn bhliantúil.

1.—(1) Nuair a bheidh acfuinn bhliantúil duine á háireamh chun críche an Sceidil seo tuigfear gurb iad na nithe seo leanas agus nách éinní eile acfuinn an duine sin, sé sin le rá:—

(a) luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, maoine uile an duine sin (nách maoin a bheidh in úsáid no ar seilbh aige féin go pearsanta) a bheidh súncálta no curtha chun úsáide chun tairbhe ar shlí eile no féadfaí a shuncáil no a chur chun úsáide chun tairbhe ach ná beidh san déanta léi;

(b) an t-ioncum uile (dá ngairmtear ioncum tuillte bliantúil sa Sceideal so) do fuair an duine sin i rith na bliana díreach roimh dháta an áirimh fé sna mírchinn seo leanas:—

(i) luach glan, in airgead, aon ioncuim do tháinig as saothar an duine sin féin,

(ii) aon airgead do fuair mar shochar bhreoiteachta no dí-nirt fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta no o chara-chumann no o cheárdchumann,

(iii) aon airgead do fuair mar shochar dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933;

(c) an t-ioncum uile nach miste don duine sin súil do bheith aige le n-a fháil in airgead i rith na bliana ina dhiaidh sin, ach gan áireamh do dhéanamh—

(i) ar aon ioncum no airgead a thagann fé aon mhír eile den Riail seo,

(ii) ar luach bliantúil, in airgead, aon ioncuim a thiocfaidh as saothar an duine sin féin,

(iii) ar aon airgead do gheobhaidh mar shochar bhreoiteachta no dí-nirt fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, no o chara-chumann no o cheárd-chumann,

(iv) ar aon airgead do gheobhaidh mar shochar dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933,

(v) ar aon airgead do gheobhaidh mar phinsean fén Acht so;

(d) luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, aon bhuntáiste thiocfaidh chun an duine sin as úsáid maoine (seachas troscán agus éifeachtaí pearsanta) a bheidh in úsáid no ar seilbh ag an duine sin go pearsanta;

(e) an t-ioncum uile agus luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, na maoine uile le n-ar scar an duine sin go díreach no go nea-dhíreach d'fhonn í féin do cháiliú chun pinsin (nea-shíntiúsaigh) bhaintrighe d'fháil.

(2) Chun crícheann míre (c) den fho-riail deiridh sin roimhe seo tuigfear, cheal slí eile chun é dhéanamh amach, gurb é is ioncum do dhuine ná an t-ioncum do fuair i rith na bliana díreach roimh dháta an áirimh.

Acfuinn sheachtainiúil agus acfuinn tuillte sheachtainiúil.

2.—(1) Chun crícheanna na Rialacha so—

(a) isé is acfuinn sheachtainiúil do dhuine ná acfuinn bhliantúil na ndaoine sin ar n-a háireamh fé Riail I den Sceideal so agus ar n-a roinnt ar dhó caogad;

(b) isé is acfuinn tuillte sheachtainiúil do dhuine ná ioncum tuillte bliantúil an duine sin ar n-a roinnt ar dhó caogad.

(2) Chun crícheanna na Rialach so—

(a) tuigfear gur cuid d'acfuinn bhliantúil bhaintrighe ag á mbeidh aon leanbh no leanbhaí fé bhun na haoise ceaptha acfuinn bhliantúil an leinbh no na leanbhaí sin (más ann di);

(b) tuigfear gur cuid d'acfuinn tuillte bhaintrighe ag á mbeidh aon leanbh no leanbhaí fé bhun na haoise ceaptha ioncum tuillte bliantúil an leinbh no na leanbhaí sin (más ann do).

(3) Déanfar tagairtí sa Riail seo agus sa chéad Riail ina dhiaidh seo do leanbh no do leanbhaí baintrighe do léiriú mar thagairtí do leanbh no do leanbhaí (pe'ca aca é) an fhir ba-chéile don bhaintrigh sin.

An tsuim oiriúnach maidir le baintrigh.

3.—Sa Sceideal so cialluíonn an abairt “an tsuim oiriúnach”—

(1) maidir le baintrigh gan aon leanbhaí fé bhun na haoise ceaptha aici no maidir le baintrigh nách acfuinn tuillte sheachtainiúil i bpáirt no go hiomlán a hacfuinn sheachtainiúil—

(a) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn sí ...

...

5s. 0d.

(b) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

4s. 0d.

(c) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

3s. 0d.

(2) maidir le baintrigh gur acfuinn tuillte sheachtainiúil a hacfuinn sheachtainiúil uile agus ag á mbeidh triúr leanbh no níos mó fé bhun na haoise ceaptha—

(a) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn sí ...

...

12s. 6d.

(b) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

10s. 9d.

(c) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

9s. 0d.

(3) maidir le baintrigh gur acfuinn tuillte sheachtainiúil a hacfuinn sheachtainiúil uile agus ná beidh ach beirt leanbh fé bhun na haoise ceaptha aici—

(a) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn sí ...

..

10s. 0d.

(b) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

8s. 6d.

(c) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

7s. 0d.

(4) maidir le baintrigh gur acfuinn tuillte sheachtainiúil a hacfuinn sheachtainiúil uile agus ná beidh ach aon leanbh amháin fé bhun na haoise ceaptha aici—

(a) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn sí

...

7s. 6d.

(b) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

6s. 3d.

(c) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn sí

...

5s. 0d.

(5) maidir le baintrigh gur acfuinn tuillte sheachtainiúil cuid dá hacfuinn sheachtainiúil agus ag á mbeidh triúr leanbh no níos mó fé bhun na haoise ceaptha—

(a) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn sí—

(i) 5s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 7s. 6d. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 7s. 6d.,

(b) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn sí—

(i) 4s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 6s. 9d. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 6s. 9d.,

(c) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn sí—

(i) 3s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 6s. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 6s.,

(6) maidir le baintrigh gur acfuinn tuillte sheachtainiúil cuid dá hacfuinn sheachtainiúil agus ná beidh ach beirt leanbh fé bhun na haoise ceaptha aici—

(a) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn sí—

(i) 5s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 5s. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 5s.

(b) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn sí—

(i) 4s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 4s. 6d. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 4s. 6d.,

(c) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn sí—

(i) 3s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 4s. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 4s.,

(7) maidir le baintrigh gur acfuinn tuillte sheachtainiúil cuid dá hacfuinn sheachtainiúil agus ná beidh ach aon leanbh amháin fé bhun na haoise ceaptha aici—

(a) más i gcontae-bhuirg a chomhnuíonn sí—

(i) 5s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 2s. 6d. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 2s. 6d.,

(b) más i mbaile-líomatáiste chomhnuíonn sí—

(i) 4s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 2s. 3d. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 2s. 3d.,

(c) más i dtuath-líomatáiste chomhnuíonn sí—

(i) 3s. agus

(ii) i gcás in ar lugha ná 2s. an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici, an acfuinn tuillte sheachtainiúil sin aici no, i gcás ar bith eile, 2s.

An tsuim oiriúnach maidir le leanbh dílleachtach.

4.—Sa Sceideal so cialluíonn an abairt “an tsuim oiriúnach” maidir le leanbh dílleachtach trí scillinge.

Acfuinn sheachtainiúil ghlan.

5.—(1) Má bhíonn acfuinn sheachtainiúil duine có-ionann leis an suim oiriúnach no níos lugha ná í, is nil is acfuinn sheachtainiúil ghlan don duine sin chun crícheanna an Achta so.

(2) Má bhíonn acfuinn sheachtainiúil duine níos mó ná an tsuim oiriúnach isí an bhreis is acfuinn sheachtainiúil ghlan don duine sin chun crícheanna an Achta so.

DARA SCEIDEAL.

Ratai Sintiuisi.

CUID I.

Gnath-Ratai.

Iníoctha i gCás Daoine Fostuithe

Ráta an tSíntiúis sa tSeachtain

Ag an bhFostóir

Ag an Duine Fostuithe

Síntiúisí i gcás fear

...

...

8d.

4d.

4d.

Síntiúisí i gcás ban

...

...

4d.

4d.

Nil

CUID II.

Na Ratai ag a mBeidh feidhm i gCas Daoine i bhFostaiocht Thalmhaiochta ar feadh na treimhse de chuig bliana dar tosach an dara la ceaptha.

Iníoctha i gCás Daoine Fostuithe

Ráta an tSíntiúis sa tSeachtain

Ag an bhFostóir

Ag an Duine Fostuithe

Síntiúisí i gcás fear

...

...

4d.

2d.

2d.

Síntiúisí i gcás ban

...

...

2d.

2d.

Nil