3 1936


Uimhir 3 de 1936.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1936.


ACHT CHUN NA nACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1935, DO BHUANÚ. [14adh Márta, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Buanú ar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1935.

1. —Leanfaidh na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1935, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1937, agus raghaid in éag ansan.

Gearr-theideal agus léiriú.

2. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1935, agus féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1936, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.