9 1936


Uimhir 9 de 1936.


ACHT FÓIRITHIN NA mBOCHT (BAILE ÁTHA CLIATH), 1936.


ACHT CHUN ACHTA FÓIRITHIN NA mBOCHT (BAILE ÁTHA CLIATH), 1929 , DO BHUANÚ. [14adh Márta, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 , do bhuanú.

1. —D'ainneoin éinní atá in Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1931 (Uimh. 7 de 1931) , leanfaidh Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 (Uimh. 40 de 1929) , mar do hatharuíodh é le halt 102 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 ( Uimh. 27 de 1930 ), i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhárta, 1937, agus ragha sé in éag ansan.

Gearr-theideal agus luadh.

2. —(1) Féadfar Acht Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 go 1936, do ghairm den Acht so agus d'Achtanna Fóirithin na mBocht (Baile Atha Cliath), 1929 agus 1931, le chéile.