26 1936


Uimhir 26 de 1936.


ACHT UM SHEANAD ÉIREANN (FORÁLACHA IARMARTACHA), 1936.

ACHT CHUN NA LEASUITHE SIN DO DHÉANAMH AR AN DLÍ AGUS NA hOIRIÚNUITHE AGUS NA hATHARUITHE SIN DO DHÉANAMH AR ACHTANNA DEN OIREACHTAS AGUS AR IONSTRUIMÍ DO RINNEADH FÚTHA IS GÁ TOISC DEIREADH DO CHUR LE SEANAD ÉIREANN MAR THIGH BA CHUID DEN CHÓIR REACHTÚCHÁIN DO BUNUÍODH LE hAIRTIOGAL 12 DEN BHUNREACHT NO CHUN A SHOCRÚ GO nDÉANFAR NA NITHE SIN. [3adh Iúl, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Gan éifeacht do bheith feasta ag tagairtí reachtúla do Sheanad Éireann.

1. —Fé réir na hathghairme sonnruithe dheineann an tAcht so ar Achtanna no ar choda d'Achtanna den Oireachtas agus gan dochar don athghairm sin ní bheidh éifeacht feasta ag aon luadh no trácht atá in aon Acht den Oireachtas ar Sheanad Éireann no ar an Seanad no ar Chathaoirleach no ar Leas-Chathaoirleach Sheanaid Éireann no ar bhall no ar bhaill de Sheanad Éireann no den tSeanad.

Oiriúnú tagairtí reachtúla do Thithe an Oireachtais.

2. —(1) Fé réir na leasuithe sonnruithe agus na hathghairme sonnruithe dheineann an tAcht so no dhéanfaidh aon ordú déanfar fén Acht so ar Achtanna no ar choda d'Achtanna den Oireachtas agus gan dochar do sna leasuithe ná don athghairm sin, déanfar gach luadh no trácht atá in aon Acht den Oireachtas ar dhá Thigh an Oireachtais no ar aon Tigh den Oireachtas do léiriú agus beidh éifeacht aige mar luadh no trácht ar Dháil Éireann.

(2) Pé uair is gá do réir aon Achta den Oireachtas dhá Thigh an Oireachtais no aon Tigh den Oireachtas do dhéanamh éinní áirithe féadfaidh Dáil Éireann (fé réir na leasuithe sonnruithe agus na hathghairme sonnruithe dheineann an tAcht so ar Achtanna no ar choda d'Achtanna den Oireachtas agus gan dochar do sna leasuithe ná don athghairm sin) an ní sin do dhéanamh agus má deintear agus nuair a déanfar an ní sin amhlaidh beidh aige, chun crícheanna an Achta san, an fheidhm agus an éifeacht chéanna do bheadh aige dá ndeintí é ag dhá Thigh an Oireachtais no ag aon Tigh den Oireachtas (pe'ca aca é).

An tAcht um Chostaisí Billí Príobháideacha, 1924 , do leasú.

3. —Déanfar an tAcht um Chostaisí Billí Príobháideacha, 1924 (Uimh. 52 de 1924) , do léiriú agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí na hailt agus na fo-ailt de a luaidhtear sa chéad cholún den chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal san os coinne luadh gach ailt agus fo-ailt acu san fé seach sa chéad cholún san.

Comhacht don Ard-Chomhairle chun oiriúnuithe agus atharuithe reachtúla do dhéanamh.

4. —(1) Pé uair a mheasfaidh an Ard-Chomhairle gur gá, toisc deireadh do chur le Seanad Éireann mar Thigh ba chuid den Chóir Reachtúcháin do bunuíodh le hAirtiogal 12 den Bhunreacht, aon oiriúnú no atharú, generálta no áirithe, do dhéanamh ar aon Acht (puiblí no príobháideach) den Oireachtas chun go mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an Acht san, féadfaidh an Ard-Chomhairle o am go ham, le hordú, gach oiriúnú no atharú, generálta no áirithe, do dhéanamh ar aon Acht den tsórt san a mheasfaidh an Ard-Chomhairle is gá chun go mbeadh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an Acht san.

(2) Féadfar aon oiriúnú no atharú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do dhéanamh d'ainneoin an oiriúnuithe no an atharuithe sin (pe'ca aca é) do thabhairt chun críche le haon oiriúnú no atharú generálta deintear leis an Acht so, ach ní déanfar fén alt so oiriúnú ná atharú ar bith a bheidh buiniscionn le hoiriúnú no atharú ar bith a deintear leis an Acht so.

(3) An chomhacht a bronntar leis an alt so ar an Ard-Chomhairle chun Achtanna den Oireachtas d'oiriúnú no d'atharú bainfidh le gach ordú, rialachán, no ionstruim eile do rinneadh fé aon Acht den tsórt san.

An fheidhm a bheidh ag oriúnuithe agus atharuithe generálta.

5. —Gach oiriúnú no atharú generálta dheineann an tAcht so ar Achtanna den Oireachtas bainfidh—

(a) le hAchtanna príobháideacha chó maith le hAchtanna puiblí den Oireachtas, agus

(b) le gach ordú, rialachán, no ionstruim eile do rinneadh fé aon Acht den tsórt san.

Athghairm.

6. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

7. —Féadfar an tAcht um Sheanad Éireann (Forálacha Iarmartacha), 1936 , do ghairm den Acht so.

CEAD SCEIDEAL.

Leasuithe ar an Acht um Chostaisi Billi Priobhaideacha, 1924 .

An tAlt agus an Fo-alt a leasuítear

An tslí ina leasuítear iad

Alt 1.

(a) Tré sna focail “agus Seanad Éireann le chéile” do scriosadh amach as mír (a) den alt san;

(b) tríd an bhfocal “Có” agus na focail “agus Sheanaid Éireann” do scriosadh amach as mír (c) den alt san.

Alt 2.

Tré sna focail “aon Tighe den Oireachtas no os cóir coiste d'aon Tigh acu san no os cóir có-choiste den dá Thigh sin” do scriosadh amach agus na focail “Dháil Éireann no coiste de Dháil Éireann” do chur ina n-ionad.

Alt 3, fo-alt (1).

Tríd an bhfocal “Có” agus na focail “agus Sheanaid Éireann” do scriosadh amach.

Alt 4.

(a) Tré sna focail “cheachtar de Thithe an Oireachtais no có-choiste den dá Thigh sin” do scríosadh amach agus na focail “Dháil Éireann” do chur ina n-ionad;

(b) tré sna focail “agus Seanad Éireann le chéile” do scriosadh amach as míreanna (b) agus (d) den alt san;

(c) tríd an bhfocal “Có” agus na focail “agus Sheanaid Éireann” do scriosadh amach as mír (c) den alt san.

Alt 5.

(a) Tré sna focail “cheachtar de Thithe an Oireachtais no os cóir có-choiste den dá Thigh sin” do scriosadh amach i ngach áit ina bhfuil na focail sin agus na focail “Dháil Éireann” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(b) tré sna focail “agus Seanad Éireann le chéile” do scriosadh amach as mír (d) den alt san.

Alt 6, fo-alt (1).

(a) Tré sna focail “agus Cathaoirleach Sheanaid Éireann” do scriosadh amach;

(b) tré sna focail “acu araon” do scriosadh amach agus an focal “aige” do chur ina n-ionad;

(c) tré sna focail “ceachtar de Thithe an Oireachtais no os cóir coiste de cheachtar den dá Thigh sin no os cóir có-choiste den dá Thigh sin” do scriosadh amach agus na focail “Dáil Éireann no coiste de Dháil Éireann” do chur ina n-ionad.

Alt 6, fo-alt (2).

Tré sna focail “gach Tighe den Oireachtas,” na focail “ceachtar den dá Thigh sin,” agus na focail “an Tigh sin” do scriosadh amach agus na focail “Dáil Éireann” do chur isteach (i ngach cás) in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Alt 7.

(a) Tré sna focail “agus Seanad Éireann le chéile” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil an abairt “Dáil Éireann agus Seanad Éireann le chéile”;

(b) tré sna focail “no Cathaoirleach an tSeanaid” do scriosadh amach.

DARA SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimh. agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 12 de 1923 .

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923 .

Cuid VII; an méid d'alt 65 do bheireann go bhfolóidh an focal “toghachán” toghachán Seanaid; (má táid agus sa mhéid go bhfuilid gan athghairm) na tagairtí uile do thoghacháin Seanaid agus do Sheanad-toghthóirí.

Uimh. 18 de 1923 .

Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1923 .

Míreanna (c) agus (d) d'fho-alt (2) d'alt 2; mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 3; na focail “agus le Cathaoirleach Sheanaid Éireann” i bhfo-alt (2) d'alt 3; an mhír dar tosach na focail “na focail” agus dar críoch an focal “ainmníodh” i bhfo-alt (1) d'alt 6.

Uimh. 38 de 1923 .

An tAcht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923.

An méid d'alt 56 do bheireann go bhfoluíonn an focal “toghachán” Seanad-toghachán; (má táid agus sa mhéid go bhfuilid gan athghairm) na tagairtí uile do Sheanad-toghacháin, do Sheanadtoghthóirí, agus do Sheanad Éireann.

Uimh. 29 de 1928 .

Acht Toghacháin an tSeanaid, 1928 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 1 de 1930 .

An tAcht um Thoghacháin Chorra an tSeanaid, 1930 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 14 de 1933 .

An tAcht Toghacháin (Leasú), 1933 .

Alt 4.

Uimh. 50 de 1933 .

Acht an Oireachtais (Baill d'Ioc), 1933 .

Mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 3; na focail “agus i ngach cás den tsórt san” agus na focail “no an Chathaoirligh (pe'ca aca é)” san áit ina bhfuil na focail sin sa bhfo-alt san (3) d'alt 3.