43 1936


Uimhir 43 de 1936.


ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS DO RIALÁIL), 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN SOLÁTHAIR AGUS PRAGHAIS AN BHAINNE DO RIALÁIL, AGUS CHUN A SHOCRÚ GO nGEARRFAR DLEACHTA AR BHAINNE AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [14adh Lúnasa, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil), 1936 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an focal “bainne” fíor-bhainne, seachas fíor-bhainne a húsáidtear chun bainne tiughtha no bainne tiormuithe do dhéanamh;

cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn o bhord ar n-a bhunú fé Chuid II den Acht so chun na comhachta bronntar ar chigire d'fheidhmiú;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so—

(a) bainne go ndeighleálfar leis in áitreabh a bheidh cláruithe in aon chlár dá gcoimeádtar fén Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) , no in áitreabh go mbeidh ceadúnas deonta ina thaobh fé alt 13 no fé alt 14 d'Acht na nUachtarlann, 1928 ( Uimh. 26 de 1928 ), tuigfear gur san áitreabh san do táirgeadh é, agus

(b) tuigfear gurb é únaer an áitreibh sin táirgtheoir aon bhainne go ndeighleálfar leis san áitreabh san,

(c) má díoltar no má ceannuítear aon bhainne tuigfear gur san áit ina mbíonn gnó ar siúl ag an gceannuitheoir a díoladh an bainne sin.

Orduithe.

3. —Gach ordú déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid Dháil Éireann chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche shuidhfidh Dáil Éireann tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe.

Costaisí.

5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire fén Acht so.

CUID II.

Solathar Bainne agus Praghas Mor-Dhiola Bainne do Rialail.

Có-Cheanntair (Díol agus Soláthar) do bhunú.

Líomatáistí díola có-nasctha agus líomatáistí táirgthe cónasctha.

6. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú bainne (có-cheanntar) sa Chuid seo den Acht so), na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a dhearbhú go mbeidh líomatáiste áirithe, luadhfar san ordú san no go luadhfar a theoranta amhlaidh, ina cheanntar dhíola chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus

(b) a dhearbhú go mbeidh líomatáiste áirithe (go bhféadfaidh iomlán an líomatáiste no aon chuid den líomatáiste dearbhuítear do bheith ina cheanntar dhíola leis an ordú san do bheith ann no gan a bheith ann), a luadhfar san ordú san no go luadhfar a theoranta amhlaidh, ina cheanntar tháirgthe chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus

(c) a dhearbhú go mbeidh an dá líomatáiste sin le chéile ina gcó-cheanntar (díol agus soláthar) chun crícheanna na Coda so den Acht so, agus

(d) a mhíniú (i pé slí agus do réir pé nithe is dóich leis an Aire is ceart) cad is mion-díoltóir agus cad is mórdhíoltóir ann fé seach maidir le bainne alos an cheanntair dhíola san, agus

(e) a dhearbhú, maidir le gnáth-bhaill an bhúird a bunófar fén gCuid seo den Acht so don chó-cheanntar (díol agus soláthar) san—

(i) gurb iad a bheidh ar an mbord san ná uimhir áirithe de bhaill is táirgtheoirí, uimhir áirithe de bhaill is mion-díoltóirí, agus uimhir áirithe de bhaill is mórdhíoltóirí, no

(ii) más rud é, agus amháin más rud é, gur dóich leis an Aire ná fuil gnó mór-dhíoltóirí ar siúl ag aon daoine sa cheanntar díola san an tráth san, gurb iad a bheidh ar an mbord san ná uimhir áirithe de bhaill is táirgtheoirí agus uimhir áirithe de bhaill is mion-díoltóirí, agus

(f) lá do cheapadh chun bheith, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina lá cheaptha alos an chó-cheanntair (díol agus soláthar) san, agus

(g) lá do cheapadh chun bheith, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina lá ina raghaidh na baill a céad-toghfar alos an chó-cheanntair (díol agus soláthar) san i seilbh oifige.

(2) Ní bheidh uimhir na mball is táirgtheoirí bheidh ar bhord do chó-cheanntar (díol agus soláthar) níos lugha in aon chás ná leath uimhreach gnáth-bhall an bhúird sin.

(3) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, mar is rogha leis, féadfaidh, le hordú, ordú bainne (có-cheanntar) do cheiliúradh no do leasú agus go sonnrách féadfaidh, le haon ordú leasúcháin den tsórt san, atharú do dhéanamh (pe'ca tré chur leis no baint uaidh no tré chur leis agus baint uaidh é) ar an líomatáiste is ceanntar díola agus ar an líomatáiste is ceanntar táirgthe de bhuadh an orduithe sin no ar cheachtar de sna líomatáistí sin.

(4) San Acht so—

cialluíonn an abairt “ceanntar díola” líomatáiste bheidh dearbhtha le hordú bainne (có-cheanntar) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina cheanntar dhíola;

cialluíonn an abairt “ceanntar táirgthe” líomatáiste bheidh dearbhtha le hordú bainne (có-cheanntar) a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bheith ina líomatáiste táirgthe;

cialluíonn an abairt “có-cheanntar” líomatáiste bheidh dearbhtha le hordú bainne (có-cheanntar) do bheith ina chó-cheanntar (díol agus soláthar);

cialluíonn an abairt “an ceanntar díola có-nasctha”—

(a) nuair a húsáidtear í maidir le có-cheanntar, an ceanntar díola is cuid den chó-cheanntar san, agus

(b) nuair a húsáidtear í maidir le ceanntar táirgthe, an ceanntar díola dheineann, i dteanta an cheanntair tháirgthe sin, có-cheanntar;

cialluíonn an abairt “an ceanntar táirgthe có-nasctha”—

(a) nuair a húsáidtear í maidir le có-cheanntar, an ceanntar táirgthe is cuid den chó-cheanntar san, agus

(b) nuair a húsáidtear í maidir le ceanntar díola, an ceanntar táirgthe dheineann, i dteanta an cheanntair dhíola san, có-cheanntar;

nuair a húsáidtear an abairt “an lá ceaptha” maidir le cócheanntar cialluíonn sí an lá ceapfar le hordú bainne (có-cheanntar) chun bheith ina lá cheaptha alos an chó-cheanntair sin;

nuair a húsáidtear an abairt “an lá raghaidh na baill a céadtoghfar i seilbh oifige” maidir le có-cheanntar cialluíonn sí an lá ceapfar le hordú bainne (có-cheanntar) chun bheith ina lá ina raghaidh na baill a céad-toghfar alos an chó-cheanntair sin i seilbh oifige;

nuair a húsáidtear an abairt “an uimhir oiriúnach de bhaill is táirgtheoirí” maidir le bord do chó-cheanntar cialluíonn sí an uimhir de bhaill is táirgtheoirí luadhfar san ordú bainne (cócheanntar) a bhaineann leis an gceanntar san;

nuair a húsáidtear an abairt “an uimhir oiriúnach de bhaill is mion-díoltóirí” maidir leis an mbord do chó-cheanntar cialluíonn sí an uimhir de bhaill is mion-díoltóirí luadhfar san ordú bainne (có-cheanntar) a bhaineann leis an gceanntar san;

nuair a húsáidtear an abairt “an uimhir oiriúnach de bhaill is mór-dhíoltóirí” maidir leis an mbord do chó-cheanntar cialluíonn sí an uimhir de bhaill is mór-dhíoltóirí a luadhfar san ordú bainne (có-cheanntar) a bhaineann leis an gceanntar san;

nuair a húsáidtear an focal “mion-díoltóir” maidir le ceanntar díola cialluíonn sé duine is mion-díoltóir mar a mínítear san san ordú bainne (có-cheanntar) a bhaineann leis an gceanntar díola san;

nuair a húsáidtear an focal “mór-dhíoltóir” maidir le ceanntar díola cialluíonn sé duine is mór-dhíoltóir mar a mínítear san san ordú bainne (có-cheanntar) a bhaineann leis an gceanntar díola san.

Forálacha de dhruim orduithe ag leasú orduithe bhainne (có-cheanntar.)

7. —Pé uair a scuirfidh ceanntar díola no cuid de cheanntar dhíola de bheith ina cheanntar dhíola no ina cuid de cheanntar dhíola (pe'ca aca é) no a scuirfidh ceanntar táirgthe no cuid de cheanntar tháirgthe de bheith ina cheanntar tháirgthe no ina cuid de cheanntar tháirgthe (pe'ca aca é) de bhuadh orduithe fén Acht so ag ceiliúradh no ag leasú orduithe bhainne (có-cheanntar), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an scur san deifir—

(i) d'oibriú an Achta so roimhe sin sa cheanntar dhíola san no sa chuid sin de no sa cheanntar tháirgthe sin no sa chuid sin de (pe'ca aca é) ná d'éinní do rinneadh ná do fulaingeadh fén Acht so sa cheanntar no sa chuid sin, ná

(ii) d'aon cheart, príbhléid, oblagáid ná freagarthacht do fuarthas no d'fhás no fé n-a ndeachthas fén Acht so sa cheanntar no sa chuid sin (pe'ca aca é), ná

(iii) d'aon phionós, geallbhruid ná peannaid fé n-a ndeachthas fén Acht so, ná

(iv) d'aon fhiosrúchán, imeacht dlí ná leigheas alos aon chirt, príbhléide, oblagáide, pionóis, geallbhruide no peannaide den tsórt san roimhráite; agus

(b) féadfar aon chionta fé alt ar bith den Acht so, do rinneadh roimh an scur san, d'fhiosrú, do chúiseamh, do thriail agus do phionósú tar éis an scurtha san, agus dá ainneoin, fé is ná tárlódh an scur san.

Búird do Chó-Cheanntair.

Có-dhéanamh bord do chócheanntair.

8. —(1) Pé uair a déanfar ordú bainne (có-cheanntar) bunófar, chun bheith ann an lá agus ón lá ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm, bord don chó-cheanntar le n-a mbainfidh an t-ordú san, ar a dtabharfar an ainm sin a luadhfaidh an tAire san ordú san, chun na bhfeidhmeanna ceaptar dóibh leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh maidir leis an gceanntar san, agus déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so do bhord agus don bhord do chó-cheanntar do léiriú mar thagairtí do bhord a bunófar fén alt so agus don bhord a bunófar fén alt so don chó-cheanntar san, fé seach.

(2) Beidh gach bord ina chólucht chorpruithe go síor-chomharbas agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúntais) agus féadfaid dul chun dlí agus féadfar dul chun dlí leo fé n-a n-ainm chorpruithe agus féadfaid talamh do shealbhú agus do chur de láimh.

(3) Beidh ar gach bord do chó-cheanntar an uimhir seo leanas do bhaill, eadhon—

(a) cathaoirleach (dá ngairmtear cathaoirleach an bhúird sin sa Chuid seo den Acht so), agus

(b) go dtí an lá raghaidh na baill a céad-toghfar alos an cheanntair sin i seilbh oifige, uimhir de ghnáth-bhaill a bheidh có-ionann leis an suim do gheobhfar as an uimhir oiriúnaigh de bhaill is táirgtheoirí agus an uimhir oiriúnach de bhaill is mion-díoltóirí agus an uimhir oiriúnach de bhaill is mór-dhíoltóirí (más ann dóibh) do chur le chéile, agus

(c) an lá raghaidh na baill a céad-toghfar alos an cheanntair sin i seilbh oifige agus dá éis sin, na gnáth-bhaill seo leanas, eadhon—

(i) an uimhir oiriúnach de bhaill is táirgtheoirí, agus

(ii) an uimhir oiriúnach de bhaill is mion-díoltóirí, agus

(iii) más rud é, agus amháin más rud é, go ndearbhóidh an t-ordú bainne (có-cheanntar) a bhainfidh leis an gceanntar san go mbeidh ar an mbord san aon bhaill is mór-dhíoltóirí, an uimhir oiriúnach de bhaill is mór-dhíoltóirí.

Cathaoirligh bhord.

9. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le cathaoirleach búird, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an tAire, sara dtiocfaidh an t-ordú bainne (cócheanntar) fé n-a mbunófar an ceanntar san i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin fé mar is gá é, duine d'ainmniú chun bheith ina chathaoirleach ar an mbord san, agus

(b) beidh cathaoirleach an bhúird sin i seilbh oifige faid is toil leis an Aire é agus íocfaidh an bord san leis an luach saothair sin agus na liúntaisí sin i gcóir costaisí a cheapfaidh an tAire o am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgid, agus

(c) pé uair a bheidh cathaoirleach as bhúird sin, toisc easláinte no toisc leor-chúise eile, fé mhí-chumas shealadach maidir le dualgaisí a oifige do chólíonadh, féadfaidh an tAire duine d'ainmniú chun dualgaisí an chathaoirligh sin do chólíonadh faid a leanfaidh an mí-chumas san agus beidh comhachta uile chathaoirligh an bhúird sin ag an duine ceapfar amhlaidh, agus tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so gurb é cathaoirleach an bhúird sin é, faid a leanfaidh an mí-chumas san, agus íocfaidh an bord san le duine ar bith a hainmneofar amhlaidh an luach saothair sin agus na liúntaisí sin i gcóir costaisí a cheapfaidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgid.

Céad ghnáthbhaill bhord.

10. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le céad gnáth-bhaill an bhúird do chó-cheanntar, sé sin le rá:—

(a) isé an tAire ainmneoidh na céad gnáth-bhaill;

(b) marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach céad ghnáth-bhall i seilbh oifige go dtí an lá raghaidh na baill a céad-toghfar alos an cheanntair sin i seilbh oifige;

(c) pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear foth-fholúntas san alt so), roimh an lá raghaidh na baill a céad-toghfar alos an cheanntair sin i seilbh oifige, i mballraíocht an bhúird de dheascaibh gnáth-bhall d'éagadh no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht, cuirfidh cathaoirleach an bhúird sin an méid sin in úil don Aire agus déanfaidh an tAire, chó luath agus is féidir é, duine d'ainmniú chun an fholúntais sin;

(d) marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach duine ceapfar chun aon fhothfholúntais den tsórt san i seilbh oifige go dtí an lá raghaidh na baill a céad-toghfar alos an cheanntair sin i seilbh oifige.

Orduithe lae thoghacháin.

11. —(1) Déanfaidh an tAire, maidir leis an mbord do chócheanntar, ordú ag ceapadh lae, roimh an lá raghaidh na baill a céad-toghfar alos an cheanntair sin i seilbh oifige, chun bheith ina lá thoghacháin.

(2) I ngach tríú bliain, tar éis na bliana ina mbeidh an lá ceapfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo chun bheith ina lá thoghacháin do bhord, déanfaidh an tAire, alos an bhúird sin, ordú ag ceapadh lae, i ngach bliain den tsórt san a céad-luaidhtear, chun bheith ina lá thoghacháin.

(3) Sa Chuid seo den Acht so nuair a húsáidtear an abairt “lá toghacháin” maidir le bord cialluíonn an abairt sin lá ceapfar le hordú fén alt so chun bheith ina lá thoghacháin alos an bhúird sin.

Gnáth-bhaill do thoghadh.

12. —(1) Gach lá toghacháin alos búird do chó-cheanntar—

(a) déanfaidh na daoine bheidh cláruithe ar an dáta cáilitheach sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord san an uimhir oiriúnach de bhaill is táirgtheoirí do thoghadh as a líon féin chun bheith ina ngnáth-bhaill,

(b) déanfaidh na daoine beidh cláruithe ar an dáta cáilitheach sa chlár de mhion-díoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san an uimhir oiriúnach de bhaill is miondíoltóirí do thoghadh as a líon féin chun bheith ina ngnáth-bhaill,

(c) más rud é, agus amháin más rud é, go ndearbhóidh an t-ordú bainne (có-cheanntar) a bhainfidh leis an gceanntar san go mbeidh ar an mbord san aon bhaill is mórdhíoltóirí, déanfaidh na daoine bheidh cláruithe ar an dáta cáilitheach sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san an uimhir oiriúnach de bhaill is mór-dhíoltóirí do thoghadh as a líon féin chun bheith ina ngnáth-bhaill.

(2) San alt so nuair a húsáidtear an abairt “an dáta cáilitheach” maidir le toghachán a ceangailtear leis an alt so do bheith ann ar lá thoghacháin (ar a n-áirmhítear an chéad lá toghacháin) cialluíonn sí an chéad lá den mhí díreach roimh an mí ina mbeidh an lá toghacháin sin.

(3) Chun crícheanna na Coda so den Acht so beidh na baill is táirgtheoirí, na baill is mion-díoltóirí agus na baill is mór-dhíoltóirí (más ann dóibh) de bhord, beidh gach dream fé leith acu ina n-aicme ar leithligh de ghnáth-bhaill den bhord san.

Modh toghtha gnáth-bhall.

13. —(1) Déanfar gach toghachán fé leith de gach aicme fé leith de ghnáth-bhaill do stiúradh mar thoghachán ar leithligh agus beidh sé ina thoghachán ar leithligh.

(2) Déanfaidh an tAire, le hordú, rialacháin maidir leis an slí ina stiúrfar toghachán de ghnáth-bhaill agus le pé nithe eile, i dtaobh toghacháin den tsórt san, is dóich leis is ceart.

(3) Déanfar gach toghachán de ghnáth-bhaill fé réim agus do réir rialachán a déanfar fén alt so.

Téarma oifige gnáth-bhall.

14. —(1) Marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach gnáth-bhall de bhord (seachas duine de sna céad ghnáth-bhaill no duine ceapfar chun foth-fholúntais) i seilbh oifige—

(a) más ar an gcéad lá toghacháin a toghfar é, ón lá raghaidh na baill a céad-toghfar i seilbh oifige go dtí an lá i ndiaidh an chéad lae thoghacháin eile,

(b) más ar aon lá toghacháin (seachas an chéad lá toghacháin) a toghfar é, ón lá i ndiaidh a thoghtha go dtí an lá i ndiaidh an chéad lae thoghacháin eile.

(2) Gnáth-bhall a bheidh ag dul as oifig ar bheith caithte dá théarma oifige tré imeacht aimsire, beidh sé ion-aththoghtha.

Gnáth-bhaill d'eirghe as agus do theacht fé dhícháilíocht.

15. —(1) Féadfaidh gnáth-bhall búird eirghe as a oifig mar bhall den tsórt san tráth ar bith tré leitir do dhíriú agus do chur chun rúnaí an bhúird sin agus beidh éifeacht ag gach eirghe as den tsórt san i dtosach an chéad chruinnithe bheidh ag an mbord san tar éis don rúnaí an leitir sin d'fháil.

(2) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh go dtabharfar mar bhreith ar aon ghnáth-bhall de bhord gur duine gnó-bhriste é, no go ndéanfaidh aon ghnáth-bhall de bhord réiteach no socrú le n-a fhiach-éilitheoirí, no go gciontófar é i gcionta fé aon alt atá san Acht so, no go scuirfe sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann no go scuirfe sé de bheith cláruithe, más ball is táirgtheoir é, sa chlár de tháirgtheoirí a bheidh á choimeád ag an mbord san no, más ball is mion-díoltóir é, sa chlár de mhion-díoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san no, más ball is mór-dhíoltóir é, sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san, beidh sé dí-cháilithe chun oifig ghnáth-bhaill do shealbhú.

Foth-fholúntaisí imeasc ball do líonadh.

16. —(1) Pé uair a thárlóidh folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san alt so) i mballraíocht bhúird de dheascaibh gnáthbhaill de d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht, cuirfidh an cathaoirleach in úil don Aire an folúntas san do bheith ann agus, chó luath agus is féidir é, déanfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mbord san, pé duine (is duine bheidh, i gcás gur bhall ba tháirgtheoir an gnáth-bhall san, cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord san no is duine bheidh, i gcás gur bhall ba mhion-díoltóir an gnáth-bhall san, cláruithe sa chlár de mhion-díoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san no is duine bheidh, i gcás gur bhall ba mhór-dhíoltóir an gnáth-bhall san, cláruithe sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san) do cheapadh chun an fholúntais sin is dóich leis is ceart.

(2) Marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó, beidh gach duine ceapfar chun foth-fholúntais i seilbh oifige mar ghnáth-bhall ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma oifige go mbeadh an ball gurbh é a éag no a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht fé ndeár an folúntas i seilbh oifige mara mbeadh a éag no a eirghe as no a theacht fé dhí-cháilíocht.

Ionadaí sealadach do ghnáthbhall.

17. —Pé uair a chífear don Aire go mbeidh gnáth-bhall de bhord gan bheith ábalta go sealadach, toisc breoiteachta no leor-chúise eile, ar a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh, féadfaidh an tAire pé duine (is duine bheidh, i gcás gur bhall ba tháirgtheoir an gnáth-bhall san, cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord san no is duine bheidh, i gcás gur bhall ba mhion-díoltóir an gnáth-bhall san, cláruithe sa chlár de mhiondíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san no is duine bheidh, i gcás gur bhall ba mhór-dhíoltóir an gnáth-bhall san, cláruithe sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san) is dóich leis is ceart do cheapadh chun gníomhú mar ghnáth-bhall ar feadh pé tréimhse (nach sia ná ré na mí-ábaltachta san) is dóich leis is ceart, agus gach duine ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar ghnáth-bhall den bhord san, beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dá gceapfar é amhlaidh, ina ghnáth-bhall in ionad an ghnáth-bhaill sin a céad-luaidhtear.

Luach saothair gnáth-bhall bord.

18. —Íocfaidh gach bord le gach gnáth-bhall den bhord san na liúntaisí sin i gcóir costaisí cheapfaidh an tAire o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

Oifigí agus fóirne bord.

19. —(1) Féadfaidh bord pé oifigí agus áitreabhacha eile, is dóich leo is gá chun a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú go cuibhe, do cheannach no do thógaint ar léas no do thógáil no d'fháil ar shlí eile i pé áiteanna is dóich leo is gá chun an fheidhmithe sin, agus iad do ghléasadh agus do chothabháil, agus féadfaid aon áitreabh den tsórt san, is dóich leo ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin, do dhíol, do chur ar léas no do chur de láimh ar shlí eile.

(2) Beidh oifig ag gach bord chun leitreacha agus fógraí do ghlacadh agus cuirfid seoladh na hoifige sin agus aon atharú déanfar ar an seoladh san in úil don Aire.

(3) Ceapfaidh gach bord rúnaí agus pé oifigigh, seirbhísigh agus gníomhairí eile agus pé méid acu is dóich leis an mbord san o am go ham is gá chun a bhfeidhmeanna fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú go cuibhe agus beidh an rúnaí agus gach oifigeach, seirbhíseach agus gníomhaire eile ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha chinnfidh an tAire.

(4) Íocfaidh gach bord leis an rúnaí agus le hoifigigh, le seirbhísigh agus le gníomhairí eile an bhúird sin an luach saothair sin agus na liúntaisí sin i gcóir costaisí cheapfaidh an tAire o am go ham.

Stát-Sheirbhísigh do thabhairt ar iasacht do bhúird.

20. —Má deintear duine bheidh ag fónamh i Stát-Sheirbhís Rialtais Shaorstáit Éireann do thabhairt ar iasacht le haghaidh seirbhíse fé bhord, aisíocfaidh an bord san leis an Stát-Chiste, i pé slí ordóidh an tAire Airgid, tuarastal an duine sin agus fós na muir earacha san, alos aois-liúntais agus liúntaisí agus aiscí eile is iníoctha leis an duine sin no ina thaobh fé sna hAchtanna Aoisliúntais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, a chinnfidh an tAire sin do bheith ceart.

Toirmeasc ar bhaill de bhord agus ar oifigigh do bhord eolas do nochtadh.

21. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'aon bhall de bhord ná d'aon oifigeach do bhord aon eolas i dtaobh gnótha dhuine ar bith eile gheobhaidh sé mar bhall no mar oifigeach den tsórt san do nochtadh.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

(3) Ní bhainfidh éinní atá i bhfo-alt (1) den alt so le haon eolas do nochtadh chun crícheanna aon imeacht dlí (síbhialta no coiriúil) a bunófar no beifear chun a bhunú fén gCuid seo den Acht so.

Nós imeachta bord.

22. —(1) Féadfaidh bord gníomhú d'ainneoin folúntas no folúntaisí do bheith imeasc na ngnáth-bhall.

(2) Déanfaidh gach bord an nós imeachta leanfar agus an gnó déanfar ag á gcruinnithe do rialáil tré bhuan-orduithe no ar shlí eile.

Cruinnithe bord.

23. —(1) Beidh a gcéad chruinniú ag gach bord pé lá agus pé tráth agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo beidh ag gach bord pé cruinnithe agus pé méid cruinniú agus san pé tráthanna is gá chun a bhfeidhmeanna fén Acht so d'fheidhmiú go ceart.

(3) Is leor cathaoirleach búird leis féin mar quorum ag cruinniú den bhord san.

(4) Ní bheidh aon chruinniú ag bord mara mbeidh cathaoirleach an bhúird sin i láthair.

Búird do thabhairt breithe ar cheisteanna.

24. —Fé réir forálacha na Coda so den Acht so, bhéarfar breith ar gach ceist eireoidh ag cruinniú de bhord tré mhóráireamh vótanna na mball a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist, agus i gcás na vótanna ar gach taobh do bheith cothrom beidh an dara vóta no vóta réitigh ag cathaoirleach an bhúird sin.

Miontuairiscí cruinnithe bord.

25. —Coimeádfaidh gach bord i leabhar, a chuirfid ar fáil chuige sin, miontuairiscí ar na himeachta ag gach cruinniú den bhord san, agus sighneoidh cathaoirleach an bhúird sin na miontuairiscí uile den tsórt san ag an gcruinniú le n-a mbainid no ag an gcéad chruinniú eile agus, ar iad do bheith sighnithe amhlaidh, glacfar i bhfianaise iad.

Séalaí bord.

26. —(1) Cuirfidh gach bord có-shéala ar fáil agus beidh san acu.

(2) Déanfar séala búird do dhílse-dheimhniú le sighniú chathaoirligh an bhúird sin.

(3) Gach scríbhinn a bheireann le tuisgint gur ionstruim í ar n-a déanamh ag bord agus í bheith séaluithe le séala an bhúird sin ar n-a dhílse-dheimhniú sa tslí foráltar leis an alt so, glacfar i bhfianaise í agus tuigfear, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gurb í an t-ordú no an ionstruim sin í gan cruthú ar údarás ná ar shighniú neach sighnithe an chéanna.

Cuntaisí, breacacháin agus tuarasgabhála bord.

27. —(1) Coimeádfaidh gach bord gach leabhar cuntaisí agus gach leabhar agus breacachán eile is ceart agus déanfaid, laistigh de thrí mhí tar éis deireadh gach bliana caileandair, ráiteas ar chuntaisí (agus é iniúchta agus deimhnithe go cuibhe ag iniúchóir a cheapfaidh an bord san le toiliú agus le haontú an Aire) in aghaidh na bliana san d'ullamhú agus do chur chun an Aire.

(2) Déanfaidh gach bord i ngach bliain chaileandair, ar pé dáta agus i pé fuirm ordóidh an tAire, tuarasgabháil i dtaobh a n-imeacht fén gCuid seo den Acht so i rith na bliana caileandair roimhe sin do thabhairt don Aire agus leagfaidh an tAire an tuarasgabháil sin fé bhráid Dháil Éireann.

(3) Bhéarfaidh gach bord don Aire pé eolas, staitistíocht agus tuairisceáin a theastóidh ón Aire o am go ham.

(4) Bhéarfaidh gach bord do dhuine ar bith, ar tháille scillinge d'íoc, cóip d'aon ráiteas ar chuntaisí d'ullamhuíodar do réir an ailt seo.

An tAire do thabhairt iasachtaí do bhúird.

28. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, pé suimeanna airgid is dóich leis is ceart do thabhairt ar iasacht d'aon bhord o am go ham amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) An t-airgead uile do bhéarfar ar iasacht do bhord fén alt so bhéarfar ar iasacht amhlaidh é ar pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ham agus slí a aisíoctha agus leis an ráta úis agus le hurrús agus le nithe eile, cheapfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgid.

(3) An t-airgead uile gheobhaidh an tAire in aisíoc aon airgid a bheidh tugtha ar iasacht aige fén alt so no in íoc úis ar an airgead san no ar shlí eile maidir leis an airgead san, déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

Búird do choimeád cistí.

29. —(1) Coimeádfaidh gach bord ciste (dá ngairmtear an ciste san alt so) agus déanfaid an ciste sin do chothabháil agus do bhainistí do réir an Achta so.

(2) An t-airgead uile gheobhaidh bord fén gCuid seo den Acht so, íocfaidh an bord san é isteach i gciste an bhúird sin.

(3) Déanfar an t-airgead so leanas, agus ní haon airgead eile, d'íoc amach as ciste an bhúird sin, sé sin le rá, an t-airgead uile is gá don bhord san do réir na Coda so den Acht so d'íoc agus na costaisí eile go léir fé n-a raghaidh an bord san chun a gcomhacht agus a ndualgas fén gCuid seo den Acht so d'fheidhmiú.

(4) Chun muirearacha do ghlanadh is gá do réir na Coda so den Acht so d'íoc amach as ciste búird, féadfaidh an bord san iasacht d'fháil ar urrús an chiste sin.

(5) An méid sin de chiste bhúird is dóich leis an mbord san ná beidh, de thurus na huaire, ag teastáil láithreach chun suimeanna is iníoctha as an gciste sin fén gCuid seo den Acht so d'íoc, suncálfaidh an bord san é in urrúis go mbeidh údaruithe d'iontaobhaithe, do réir an dlí bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, cistí iontaobhais do shuncáil ionta.

(6) Féadfaidh bord o am go ham, más rogha leo é, an t-airgead uile bheidh suncálta fén alt so d'atharú no d'aistriú chun suncálanna eile bheidh údaruithe fén alt so agus féadfaid tráth ar bith gach suncáil no aon tsuncáil a bheidh déanta acu fén alt so do dhíol agus airgead d'fháil ar an gcéanna.

(7) Na díbhinní agus an t-ús go léir a gheobhaidh bord ar shuncálanna bheidh déanta acu fén alt so no alos aon tsuncálanna den tsórt san do dhíol, íocfar isteach i gciste an bhúird sin iad.

Táirgtheoirí, mion-díoltóirí agus mór-dhíoltóirí do chlárú.

Cláir de tháirgtheoirí, de mhiondíoltóirí agus de mhór-dhíoltóirí.

30. —(1) Déanfaidh gach bord, ar é do bhunú, na cláir seo leanas do bhunú láithreach agus do chothabháil agus do choimeád ina dhiaidh sin, eadhon—

(a) clár ar a dtabharfar an clár de tháirgtheoirí, agus

(b) clár ar a dtabharfar an clár de mhion-díoltóirí, agus

(c) clár ar a dtabharfar an clár de mhór-dhíoltóirí.

(2) Iontrálfar i ngach clár a bheidh á choimeád fén alt so ag bord na nithe a héilítear leis an gCuid seo den Acht so d'iontráil sa chlár san.

(3) Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear na habairtí “an clár de tháirgtheoirí”, “an clár de mhion-díoltóirí” agus “an clár de mhór-dhíoltóirí,” maidir le bord, cialluíd na cláir uile agus fé seach dá ngairmtear na hainmneacha san fé seach agus a bheidh á gcoimeád ag an mbord san do réir an ailt seo;

nuair a húsáidtear an focal “clár” maidir le bord cialluíonn sé clár a bheidh á choimeád ag an mbord san do réir an ailt seo.

Iarrataisí ar chlárú.

31. —(1) Gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) duine bheidh ag táirgeadh bainne no bheidh ar intinn bainne do tháirgeadh in áitreabh i gceanntar tháirgthe, no

(b) duine bheidh ag táirgeadh bainne in áitreabh lasmuich den cheanntar tháirgthe sin agus do rinne, i rith na tréimhse de chúig mhí dhéag dar críoch dáta bunuithe an bhúird don chó-cheanntar ina bhfuil an ceanntar táirgthe sin, bainne do sholáthar, fiche lá ar a laighead i ngach mí d'aon ocht mí sa tréimhse sin, do dhaoine ag a mbíonn gnó díola bainne ar siúl sa cheanntar díola có-nasctha,

féadfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, a iarraidh (ach, i gcás duine le n-a mbaineann mír (b) den fho-alt so, ar dháta nach déanaí ná sé mhí tar éis dáta an bhunuithe sin) ar an mbord san é chlárú sa chlár de tháirgtheoirí alos an áitreibh sin.

(2) Duine ar bith go mbeidh gnó mion-díoltóra ar siúl aige no bheidh ar intinn san do bheith ar siúl aige in áitreabh i gceanntar díola, féadfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, a iarraidh ar an mbord don chó-cheanntar ina bhfuil an ceanntar díola san é chlárú sa chlár de mhion-díoltóirí alos an áitreibh sin.

(3) Duine ar bith go mbeidh gnó mór-dhíoltóra ar siúl aige no bheidh ar intinn san do bheith ar siúl aige in áitreabh i gceanntar díola, féadfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, a iarraidh ar an mbord don chó-cheanntar ina bhfuil an ceanntar díola san é chlárú sa chlár de mhór-dhíoltóirí alos an áitreibh sin.

(4) Ní bheidh duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar é chlárú, alos áitreibh ar bith, in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord mara mbeidh an duine sin cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag údarás áitiúil do réir na Contagious Diseases (Animals) Acts, 1878 and 1886, no cláruithe alos an áitreibh sin sa chlár de reachtairí bainne bheidh á choimeád ag údarás sláintíochta do réir Coda II den Acht Bainne agus Déirithe, 1935 (Uimh. 22 de 1935) .

(5) Gach iarratas ar chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord—

(a) déanfar é sa bhfuirm orduithe agus beidh na mion-innste orduithe ann, agus

(b) ní bhainfidh ach le haon áitreabh amháin.

Táillí ar iarrataisí ar chlárú.

32. —(1) Déanfaidh gach iarratasóir a bheidh á iarraidh é chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord an táille oiriúnach d'íoc leis an mbord san alos gach iarratais, agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an bord san an t-iarratas.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an táille oiriúnach”—

(a) maidir le hiarratas ar chlárú sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag bord, cúig scillinge, agus

(b) maidir le hiarratas ar chlárú sa chlár de mhion-díoltóirí no sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag bord, deich scillinge.

Daoine agus áitreabhacha do chlárú.

33. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo déanfaidh bord, ar iad d'fháil iarratais ar chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád acu agus an t-iarratas san ar n-a dhéanamh, fé réim agus do réir an Achta so, ag duine bheidh i dteideal an iarratais sin a dhéanamh, déanfaid ainm agus seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh a luadhfar san iarratas san agus gur ina thaobh a bheidh clárú á lorg d'iontráil sa chlár san.

(2) Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear na habairtí “táirgtheoir cláruithe”, “miondíoltóir cláruithe” agus “mór-dhíoltóir cláruithe” maidir le cócheanntar, cialluíd fé seach duine bheidh cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord don chó-cheanntar san, duine bheidh cláruithe sa chlár de mhion-díoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san agus duine bheidh cláruithe sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san.

(3) Féadfaidh bord, fé mar is rogha leo féin, diúltú d'iarratas o dhuine ar é do chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád acu alos áitreibh ar bith ar fhoras amháin acu so leanas no ar an dá fhoras san, sé sin le rá:—

(a) go raibh an duine sin no duine ar bith eile cláruithe roimhe sin alos an áitreibh sin in aon chlár den tsórt san agus gur chealuigh an bord san an clárú san fén gCuid seo den Acht so,

(b) go raibh an duine sin cláruithe roimhe sin in aon chlár den tsórt san alos áitreibh eile agus gur chealuigh an bord san an clárú san fén gCuid seo den Acht so.

Tuairisceáin o dhaoine cláruithe.

34. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) na tuairisceáin a bhéarfaidh daoine uatha bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord;

(b) an duine dá dtabharfar na tuairisceáin sin;

(c) na tráthanna do bhéarfar na tuairisceáin sin;

(d) na fuirmeacha ina dtabharfar na tuairisceáin sin.

(2) Gach duine ar a gceanglófar le rialacháin a déanfar fén alt so aon tuairisceán áirithe do thabhairt uaidh agus go dteipfidh air no dhiúltóidh an tuairisceán san do thabhairt uaidh do réir na rialachán san ar gach slí no dhéanfaidh in aon tuairisceán den tsórt san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air másé an chéad chionta aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Breacacháin a coimeádfar in áitreabh chláruithe.

35. —(1) Beidh sé de dhualgas ar gach duine bheidh cláruithe alos áitreibh ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord na breacacháin orduithe do choimeád no a chur fé ndeár iad do choimeád sa bhfuirm orduithe san áitreabh san agus na hiontrála orduithe do chur no a chur fé ndeár iad do chur i ngach breacachán den tsórt san sna tráthanna no laistigh de sna tráthanna orduithe.

(2) Gach breacachán a bheidh á choimeád do réir an ailt seo féadfaidh cigire é d'iniúchadh tráth ar bith le linn uaireanna oifige, agus an té dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád beidh sé de dhualgas air an breacachán san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh an cigire sin é agus fós gach billín, nóta consighneachta, admháil agus scríbhinn eile (ar a n-áirmhítear cóipeanna dhíobh i gcás ná beid féin ar fáil) a iarrfaidh an cigire sin go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as.

(3) Má thárlann d'éinne dhlighfidh fén alt so breacachán do choimeád alos áitreibh ar bith—

(a) go dteipfidh air an breacachán san is gá do réir an ailt seo do choimeád no a chur fé ndeár é choimeád, no

(b) go dteipfidh air iontráil ar bith do chur no a chur fé ndeár í chur, laistigh den am a ceaptar leis an alt so, sa bhreacachán san is gá do réir an ailt seo do chur sa bhreacachán san, no

(c) go dteipfidh air aon bhreacachán, scríbhinn no cóip de scríbhinn do thaisbeáint no a chur fé ndeár é thaisbeáint ar n-a iarraidh sin air, chun go n-iniúchfaidh cigire é, is gá dhó do réir an ailt seo a thaisbeáint amhlaidh, no go gcoiscfidh aon chigire den tsórt san agus é ag déanamh an iniúchta san, no

(d) go ndéanfa sé no go gcuirfe sé fé ndeár aon iontráil a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach do chur sa bhreacachán san,

beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

(4) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh breacachán no scríbhinn d'iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de no sleachta do thógaint as, agus

(b) tuigfear gur hiarradh breacachán, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos áitreibh ar bith, no aon scríbhinn eile d'iarr cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint arbh fhíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, tuigfear gur hiarradh go cuibhe, ar an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán san do choimeád, an breacachán no an scríbhinn sin do thaisbeáint chun go n-iniúchfaí é má hiarradh san de bhréithe béil san áitreabh ar phearsain ar bith a bhí ar fostú ag an duine sin, agus

(c) má thárlann diúltú no teip maidir le breacachán do thaisbeáint, is gá do réir an ailt seo do choimeád alos áitreibh ar bith, no maidir le haon scríbhinn eile do thaisbeáint, iarrfaidh cigire go réasúnta fén alt so chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe sa bhreacachán san no cad fé ndeár éinní áirithe d'fhágaint amach as, agus másé duine dá dtárlóidh san ná pearsa ar fostú ag an duine dhlighfidh fén alt so an breacachán no an cuntas san do thaisbeáint, tuigfear gurb é an duine deiridh sin a luaidhtear do dhiúltuigh no gurb air do theip amhlaidh, agus

(d) cialluíonn an abairt “uaireanna oifige” tráth ar bith idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna 'na mbíonn gnó ar siúl no obair á dhéanamh san áitreabh chláruithe.

A mbeidh sna cláir agus nithe eile d'fhoillsiú.

36. —(1) Féadfaidh bord gach ní no éinní dá mbeidh iontrálta in aon chlár no cláir a bheidh á gcoimeád acu fén gCuid seo den Acht so, agus fós fógra á rá gur cealuíodh no gur hatharuíodh clárú in aon chlár den tsórt san, d'fhoillsiú i pé slí is oiriúnach leo.

(2) Ní déanfar aon tuairisceán áirithe ná aon chuid áirithe de thuairisceán do bhéarfar do réir na Coda so den Acht so d'fhoillsiú ná do nochtadh ach amháin chun críche cúisimh fén Acht so.

(3) Féadfaidh bord o am go ham pé eolas staitistíochta is oiriúnach leo (le n-a áirmhítear staitistíocht as tuairisceáin do cuireadh chúcha do réir na Coda so den Acht so) do bhailiú agus d'fhoillsiú i dtaobh méid na ngnóthaí bheidh ar siúl in áitreabhacha bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád acu.

(4) Chó fada agus is féidir san do réir réasúin, ní bheidh in aon eolas staitistíochta foillseofar fén alt so mion-innste ar bith do chuirfeadh ar chumas éinne a aithint gur le duine, le gnó, no le cúram áirithe bhaineann na mion-innste sin gan an duine sin no dílseánach an ghnótha no an chúraim sin do thoiliú chuige sin i scríbhinn.

Comhachta chun iniúchadh agus scrúdú do dhéanamh.

37. —(1) Udaruítear agus bheirtear comhacht leis seo do gach ball den Ghárda Síochána agus do gach cigire gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) dul isteach agus saorchead do bheith aige istigh gach tráth réasúnta in aon áitreabh ina mbíonn bainne, no ina gcreidtear bainne do bheith, á dhíol no á choimeád no á thaisbeáint no á stóráil chun a dhíolta, no in áitreabh éinne dheineann earraí d'iompar ar luach saothair, no in aon bhaigín traenach, laraí mótair, trucail, no feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;

(b) scrúdú do dhéanamh ar na tanncáird bhainne no ar na gabhadáin eile bhainne go léir a gheobhfar in aon áit no feithicil go mbeidh cead aige bheith istigh ann de bhuadh an ailt seo agus ina gcreidtear bainne do bheith;

(c) pé ceisteanna is dóich leis an mball no leis an gcigire sin is ceart, i dtaobh aon bhainne, tanncárd bainne no gabhadán eile bainne gheobhfar le linn feidhmithe aon chomhachta dá mbronntar leis an alt so, do chur chun duine ar bith ag á mbeidh coimeád no seilbh an bhainne, na dtanncárd no na ngabhadán eile sin agus ainm agus seoladh an duine sin d'éileamh agus do thógaint agus fós ainm agus seoladh únaera an bhainne, na dtanncárd, no na ngabhadán eile sin d'éileamh ar an duine sin agus do thógaint uaidh.

(2) Nuair a bheidh na comhachta bronntar air leis an alt so á bhfeidhmiú aige in áitreabh aon chuideachtan bóthair iarainn no loingis déanfaidh gach ball den Ghárda Síochána agus gach cigire do réir pé éilithe réasúnta ón gcuideachtain sin is gá chun ná déanfaí cosc ná cur isteach ar oibriú an tráchta san áitreabh san.

(3) Gach éinne—

(a) a bhacfaidh no a choiscfidh aon bhall den Ghárda Síochána no aon chigire agus an ball no an cigire sin ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so, no

(b) go dteipfidh air no dhiúltóidh freagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh aon bhall no cigire den tsórt san chuige i bhfeidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) do bhéarfaidh ar aon cheist den tsórt san freagra is eol dó a bheith bréagach no mí-threorach, no

(d) ar éileamh a ainme no a sheolta no aon ainme no seolta eile air d'aon bhall no cigire den tsórt san i bhfeidhmiú comhachta bronntar chuige sin leis an alt so, go dteipfidh air no dhiúltóidh an ainm sin do thabhairt uaidh no go dteipfidh air no dhiúltóidh an seoladh san do thabhairt uaidh no do bhéarfaidh uaidh ainm no seoladh bheidh bréagach no mí-threorach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

An clárú d'atharú i gcás éaga no i gcás an ghnótha d'aistriú.

38. —(1) Má éagann duine ar bith a bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord, déanfaidh an bord san, ar iarratas o ionadaí phearsanta an duine sin, ar n-a dhéanamh i pé slí agus i pé fuirm agus pé mion-innste ann a theastóidh ón mbord san, ainm an ionadaí phearsanta san do chur sa chlár san in ionad ainme an duine sin.

(2) Má deintear únaeracht aon ghnótha bheidh ar siúl in áitreabh a bheidh iontrálta in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord d'aistriú chun duine eile, déanfaidh an bord san, ar iarratas ón duine sin, ar n-a dhéanamh i pé slí agus i pé fuirm agus pé mion-innste ann a theastóidh ón mbord san, ainm an duine sin do chur sa chlár san in ionad ainme an duine do bhí cláruithe roimhe sin ann.

Clárú d'atharú no do chealú.

39. —(1) Féadfaidh bord, tráth ar bith, clárú duine ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád acu d'atharú no do chealú ar n-a iarraidh sin don duine sin no, i gcás pearsan, dá ionadaí phearsanta no, i gcás cóluchta chorpruithe, don tsocrathóir.

(2) Féadfaidh bord tráth ar bith, gan iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád acu d'atharú in aon tslí go bhfeictear don bhord san an clárú san do bheith earráideach no mí-threorach,

(3) Féadfaidh bord tráth ar bith, gan aon iarratas den tsórt san roimhráite, aon chlárú in aon chlár a bheidh á choimeád acu do chealú más rud é—

(a) gur deimhin leis an mbord san gur tré chalaois no tré chamthuairisc do fuarthas an clárú; no

(b) gur scuir an duine atá cláruithe sa chlár san den ghnó do dhéanamh gur ina thaobh a bhí sé cláruithe amhlaidh; no

(c) gur thárla don duine atá cláruithe sa chlár san, más pearsa é, é d'éag no, más cólucht corpruithe é, é do scur, agus ná dearnadh, laistigh de thrí mhí tar éis an éaga no an scurtha san, duine ar bith eile do chlárú in ionad an duine chláruithe d'éag no do scuir amhlaidh; no

(d) gur tugadh de bhreith ar an duine atá cláruithe sa chlár san gur duine gnó-bhriste é; no

(e) go ndearnadh an duine atá cláruithe sa chlár san do chiontú i gcionta fé aon alt den Acht so; no

(f) tar éis sé mhí do bheith caithte o thosach feidhme Coda II den Acht Bainne agus Déirithe, 1935 (Uimh. 22 de 1935) , ná fuil an t-áitreabh atá iontrálta sa chlár san cláruithe, no go bhfuil scurtha ag an áitreabh san de bheith cláruithe, i gclár de reachtairí bainne atá á choimeád ag údarás sláintíochta fén gCuid sin II.

(4) Sara ndeinidh bord atharú no cealú (ar shlí seachas do réir iarratais chuige sin a déanfar fén alt so) ar chlárú dhuine ar bith bhéarfaid fógra dhá sheachtain ar a laighead i scríbhinn don duine sin no dá ionadaí phearsanta (más ann do) no don tsocrathóir (do réir mar bheidh) á rá go bhfuilid ar intinn an clárú san d'atharú no do chealú amhlaidh agus ag luadh na réasún a bheidh leis sin, agus pé uair a bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní dhéanfaidh an bord san an clárú san d'atharú ná do chealú go dtí go raghaidh an fógra san in éag; agus

(b) má dheineann an té dá dtabharfar an fógra san aon chúis do phlé laistigh de sheacht lá tar éis seirbheála an fhógra san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(i) breithneoidh an bord san an chúis sin, agus

(ii) mara gcinnfidh an bord san de bharr an bhreithnithe sin gan an clárú san d'atharú ná do chealú, ansan, má iarrann an duine sin, laistigh de sheacht lá tar éis seirbheála an fhógra san, go ndéanfaí fiosrúchán i dtaobh an scéil agus má íocann sé táille de chúig púint leis an mbord san laistigh den tseacht lá san, cuirfidh an bord san fé ndeár no, más oiriúnach leis an mbord san déanamh amhlaidh in aon chás eile, féadfaid a chur fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh, agus

(iii) má chuireann an bord san fé ndeár aon fhiosrúchán den tsórt san do dhéanamh ní dhéanfaidh an bord san an clárú san d'atharú ná do chealú go dtí go mbeidh deireadh leis an bhfiosrúchán san; agus

(c) beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a déanfar fén bhfo-alt so, sé sin le rá:—

(i) an bord a chuirfidh fé ndeár an fiosrúchán san do dhéanamh ceapfaid duine ceart oiriúnach chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh agus beidh sé de chomhacht ag an té ceapfar amhlaidh fianaise do ghlacadh fé mhionn agus údaruítear dó leis seo daoine do chur fé mhionn;

(ii) bhéarfaidh an bord san, don duine (dá ngairmtear an duine cláruithe sa mhír seo) gur ina thaobh a bheidh an fiosrúchán san le déanamh, fógra i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfar an fiosrúchán san, agus beidh an duine cláruithe i dteideal teacht i láthair ag an bhfiosrúchán san tré abhcóide no tré atúrnae agus fianaise do thabhairt ar áird;

(iii) má chinneann an bord san, de bharr an fhiosrúcháin sin, gan clárú an duine chláruithe d'atharú ná do chealú déanfaidh an bord san, i gcás táille do bheith íoctha ag an duine cláruithe fén mír dheiridh sin roimhe seo, an táille sin d'aisíoc leis.

(5) Féadfar fógra, i dtaobh bord do bheith ar intinn clárú do chealú no d'atharú, do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don té dá mbeidh sé dírithe no tré n-a chur tríd an bpost chun an té dá mbeidh sé dírithe ag an áit chomhnuithe is déanaí is eol do bheith aige.

Forálacha i dtaobh clár agus fianaise.

40. —(1) Gach clár a bheidh á choimeád ag bord—

(a) tuigfear é bheith sa choimeád cheart nuair a bheidh sé i gcoimeád an bhúird sin, agus

(b) beidh sé ionghlactha mar fhianaise, gan a thuilleadh cruthúnais, ar é thabhairt i láthair as an gcoimeád cheart.

(2) Féadfar fianaise dho-chlaoite ar iontráil ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád ag bord do thabhairt in aon chúirt no in aon imeachta dlí tré chóip den iontráil sin do thabhairt i láthair is cóip do bheireann le tuisgint í bheith deimhnithe bheith ina cóip dhílis ag rúnaí an bhúird sin, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an rúnaí sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an rúnaí sin é.

(3) Deimhniú do bheireann le tuisgint é bheith fé láimh rúnaí bhúird, á dheimhniú go bhfuil éinne no aon áitreabh a luaidhtear sa deimhniú san gan bheith iontrálta i gclár áirithe bheidh á choimeád ag an mbord san, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an rúnaí sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an rúnaí sin é.

(4) Féadfaidh duine ar bith—

(a) aon chlár a bheidh á choimeád ag bord d'iniúchadh ar tháille scillinge d'íoc leis an mbord san ar gach iniúchadh fé leith;

(b) cóip d'fháil o bhord, agus í deimhnithe ar an slí luaidhtear anso roimhe seo bheith ina cóip dhílis, d'iontráil ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád ag an mbord san ar tháille reulach d'íoc leis an mbord san ar gach fólio de dhá fhocal sheachtód den chóip;

(c) deimhniú den tsórt san a luaidhtear anso roimhe seo d'fháil o bhord, á dheimhniú go bhfuil éinne no aon áitreabh áirithe gan bheith cláruithe i gclár áirithe bheidh á choimeád ag an mbord san, ar tháille dhá scilling agus reul d'íoc leis an mbord san ar an deimhniú san.

Dleachta is iníoctha ag táirgtheoirí, ag mion-díoltóirí agus ag mórdhíoltóirí le búird do chó-cheanntair.

Tuairisceáin o dhaoine cláruithe agus dleachta is iníoctha acu.

41. —(1) Gach duine do bhí, ar feadh iomlán tréimhse cuntasaíochta no aon choda de thréimhse chuntasaíochta alos an bhúird do chó-cheanntar, cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord san, déanfa sé an dá ní seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tuairisceán sa bhfuirm orduithe do chur tríd an bpost chun an bhúird sin, lá nach déanaí ná seacht lá tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta san, á thaisbeáint cadé an méid bainne do dhíol sé i rith na tréimhse sin—

(i) le duine ar bith, seachas duine bhí cláruithe sa chlár de mhion-díoltóirí no sa chlár de mhór-dhíoltóirí >bhí á choimeád ag an mbord san, laistigh den cheanntar díola chó-nasctha, agus

(ii) le duine ar bith do bhí cláruithe i gceachtar clár acu san no sa dá chlár san;

(b) íoc do dhéanamh leis an mbord san do réir an ailt seo i ndleacht a háirmheofar do réir suime orduithe ar gach galún bainne do dhíol sé i rith na tréimhse cuntasaíochta san le daoine seachas daoine bhí cláruithe sa chlár san de mhion-díoltóirí no sa chlár san de mhór-dhíoltóirí.

(2) Gach duine bhí, ar feadh iomlán tréimhse cuntasaíochta no aon choda de thréimhse chuntasaíochta alos an bhúird do chócheanntar, cláruithe sa chlár de mhion-díoltóirí no sa chlár de mhór-dhíoltóirí bhí á choimeád ag an mbord san, déanfa sé an dá ní seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tuairisceán sa bhfuirm orduithe do chur tríd an bpost chun an bhúird sin, lá nach déanaí ná seacht lá tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta san, á thaisbeáint, maidir leis an tréimhse cuntasaíochta san, cadé an méid bainne—

(i) do tháirg agus do dhíol sé, agus

(ii) do fuair sé o dhuine ar bith do bhí cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bhí á choimeád ag an mbord san, agus

(iii) do fuair sé o dhuine ar bith seachas duine bhí cláruithe sa chlár san de tháirgtheoirí, agus

(b) íoc do dhéanamh leis an mbord san do réir an ailt seo i ndleacht a háirmheofar do réir suime orduithe ar gach galún bainne do tháirg agus do dhíol sé i rith na tréimhse cuntasaíochta san no do fuair sé i rith na tréimhse sin o dhaoine bhí cláruithe sa chlár san de tháirgtheoirí.

(3) Chó luath agus is féidir é i ndiaidh an seachtú lae tar éis deireadh tréimhse cuntasaíochta alos an bhúird do chó-cheanntar, déanfaidh an bord san—

(a) maidir le gach duine bhí, ar feadh na tréimhse sin no aon choda dhi, cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bhí á choimeád ag an mbord san agus a dhlighfidh fé fho-alt (1) den alt so dleacht d'íoc alos aon bhainne do dhíol sé i rith na tréimhse cuntasaíochta san (pe'ca bheidh an tuairisceán is gá do réir an fho-ailt sin (1) tugtha uaidh ag an duine sin no ná beidh) deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais san alt so) á dheimhniú cad is méid don dleacht is iníoctha ag an duine sin amhlaidh in aghaidh na tréimhse sin, agus

(b) maidir le gach duine bhí, ar feadh na tréimhse sin no aon choda dhi, cláruithe sa chlár de mhion-díoltóirí no sa chlár de mhór-dhíoltóirí bhí á choimeád ag an mbord san agus a dhlighfidh fé fho-alt (2) den alt so dleacht d'íoc alos aon bhainne do tháirg no do cheannuigh sé i rith na tréimhse cuntasaíochta san (pe'ca bheidh an tuairisceán is gá do réir an fho-ailt sin (2) tugtha uaidh ag an duine sin no ná beidh) deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais freisin san alt so) á dheimhniú cad is méid don dleacht is iníoctha ag an duine sin amhlaidh in aghaidh na tréimhse sin.

(4) Beidh gach deimhniú féichiúnais ina fhianaise prima facie ar gach ní go dtabharfar le tuisgint é bheith á dheimhniú ann, agus scríbhinn ar bith do bheireann le tuisgint í bheith ina deimhniú féichiúnais ar n-a thabhairt amach fén alt so tuigfear, ar í thabhairt i láthair in imeachta ar bith chun na suime dheimhníonn sí bheith iníoctha do bhaint amach agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur deimhniú féichiúnais í ar n-a thabhairt amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an bord do chó-cheanntar deimhniú féichiúnais cuirfidh an bord san fé ndeár cóip den deimhniú san do sheirbheáil ar an duine le n-a mbaineann an deimhniú san, agus leis sin tiocfaidh méid an dleachta bheidh luaidhte sa deimhniú san chun bheith agus beidh sé iníoctha ag an duine sin leis an mbord san laistigh de sheacht lá tar éis an deimhnithe sin do sheirbheáil amhlaidh agus, ar an seacht lá san do bheith caithte, féadfaidh an bord san an méid sin do bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(6) Má thárlann do dhuine ar bith a bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád ag an mbord do chó-cheanntar—

(a) go dteipfidh air aon tuairisceán do thabhairt don bhord san is gá dhó do réir an ailt seo do thabhairt dóibh, no

(b) go dtabharfaidh uaidh aon tuairisceán den tsórt san a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, no

(c) go dteipfidh air aon tsuim is iníoctha aige leis an mbord san fén alt so d'íoc laistigh den am a ceaptar leis an alt so,

féadfaidh an bord san clárú an duine sin sa chlár san do chealú.

(7) Pé uair a dhéanfaidh an bord do chó-cheanntar clárú dhuine ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád ag an mbord san do chealú toisc gan an duine sin d'íoc aon tsuime áirithe is iníoctha ag an duine sin leis an mbord san fén alt so, déanfaidh an bord san, má íocann an duine sin an tsuim sin laistigh de thrí mhí tar éis dáta an chealuithe sin, clárú an duine sin d'athshuidheamh ar an dáta agus ón dáta ar a n-íocfar an tsuim sin amhlaidh.

(8) Féadfar cóip de dheimhniú déanfar fén alt so do sheirbheáil tré n-a seachadadh don duine le n-a mbaineann, no tré n-a cur tríd an bpost agus í dírithe chun an duine sin ag aon áit ina mbíonn gnó ar siúl aige.

(9) Gach duine—

(a) go dteipfidh air, laistigh den am a ceaptar leis an alt so, aon tuairisceán do thabhairt uaidh is gá dhó do réir an ailt seo do thabhairt uaidh, no

(b) do bhéarfaidh aon tuairisceán den tsórt san uaidh a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air.

(10) Chun crícheanna an ailt seo beidh an mí a thosnóidh ar an lá ceaptha alos có-cheanntair agus gach mí ina dhiaidh sin ina thréimhse chuntasaíochta alos an bhúird don chó-cheanntar san.

Praghsanna mór-dhíola minimum ar bhainne.

Molta o bhúird do chó-cheanntair maidir le praghsanna mór-dhíola minimum ar bhainne.

42. —(1) Déanfaidh an bord do chó-cheanntar, chó luath agus is féidir é tar éis dáta a mbunuithe agus ina dhiaidh sin pé tráthanna is dóich leo is gá, cruinniú do chomóradh agus na praghsanna an galún do shocrú do bheadh, dar leis an mbord—

(a) ina bpraghsanna cothroma le n'íoc le táirgtheoirí cláruithe alos an cheanntair sin ar bhainne a dhíolfaid san le mion-díoltóirí cláruithe alos an cheanntair sin, agus

(b) ina bpraghsanna cothroma le n'íoc leis na táirgtheoirí cláruithe sin ar bhainne a dhíolfaid san le mórdhíoltóirí cláruithe alos an cheanntair sin.

(2) Má thárlann, ag cruinniú de bhord a comórfar do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo chun praghsanna do shocrú, ná beidh na baill a bheidh i láthair (gan an cathaoirleach d'áireamh) ar aon aigne maidir leis na praghsanna san do shocrú, bhéarfaidh an cathaoirleach breith ar an scéal agus tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gurb é breith an chathaoirligh socrú an bhúird sin.

(3) Gach socrú dhéanfaidh bord fén alt so cuirfear in úil don Aire láithreach é.

Praghsanna minimum ar bhainne do cheapadh.

43. —(1) Ar an socrú dhéanfaidh bord do chó-cheanntar fén alt deiridh sin roimhe seo do chur in úil don Aire breithneoidh an tAire an socrú san agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i gcás gurb é an socrú san céad-shocrú an bhúird sin, déanfaidh an tAire ordú—

(i) ag ceapadh na bpraghsanna minimum a híocfar le táirgtheoirí cláruithe alos an cheanntair sin ar bhainne dhíolfaid le mion-díoltóirí cláruithe alos an cheanntair sin, agus

(ii) ag ceapadh na bpraghsanna minimum a híocfar leis na táirgtheoirí cláruithe sin ar bhainne a dhíolfaid le mór-dhíoltóirí cláruithe alos an cheanntair sin,

(b) in aon chás eile, féadfaidh an tAire, más ceart san dar leis, éinní acu so leanas do dhéanamh:—

(i) aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm an uair sin do cheiliúradh agus, más ceart san dar leis, ordú nua do dhéanamh ag ceapadh na bpraghsanna san,

(ii) aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm an uair sin do leasú.

(2) Nuair a bheidh sé ag déanamh aon orduithe fén alt so féadfaidh an tAire praghsanna deifriúla do cheapadh alos bainne díolfar fé shreathanna deifriúla de choinníollacha (a míneofar i pé slí agus do réir pé nithe is ceart dar leis an Aire).

(3) San Acht so—

nuair a húsáidtear an abairt “an praghas minimum reachtúil oiriúnach” maidir le bainne dhíolfaidh táirgtheoir cláruithe alos có-cheanntair le mion-díoltóir cláruithe no le mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin, fé shreath áirithe de choinníollacha ar n-a luadh in ordú bheidh déanta maidir leis an gceanntar san agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, cialluíonn sí an praghas a bheidh ceaptha de thurus na huaire, leis an ordú san, mar phraghas ar bhainne nuair a dhíolfaidh táirgtheoir cláruithe alos an cheanntair sin é amhlaidh le mion-díoltóir cláruithe no le mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin fén sreath san de choinníollacha.

(4) Má dheineann duine ar bith is táirgtheoir cláruithe alos có-cheanntair aon bhainne do dhíol le duine ar bith eile is miondíoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin ar phraghas is lugha ná an praghas minimum reachtúil oiriúnach, beidh gach duine acu san fé seach ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(5) Má dheineann duine ar bith is mór-dhíoltóir cláruithe alos có-cheanntair aon bhainne do dhíol le duine eile is mion-díoltóir cláruithe alos an cheanntair sin ar phraghas is lugha ná an praghas gurbh é an praghas minimum reachtúil oiriúnach é dá mba tháirgtheoir cláruithe alos an cheanntair sin an mór-dhíoltóir cláruithe sin, beidh gach duine acu san fé seach ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Srian le bainne do dhíol agus do cheannach ina mhór-choda i gceanntair dhíola.

Srian le bainne do dhíol i gceanntair dhíola.

44. —(1) An lá ceaptha alos có-cheanntair agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith tháirgfidh bainne aon bhainne do dhíol sa cheanntar dhíola chó-nasctha maran rud é—

(a) go mbeidh an duine sin cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord don chó-cheanntar san agus gur in áitreabh go mbeidh sé cláruithe amhlaidh ina thaobh a táirgfear an bainne sin, no

(b) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an mbord san fén gCuid seo den Acht so a díolfar an bainne sin amhlaidh, no

(c) gur le seirbhíseach don táirgtheoir sin agus chun úsáide an tseirbhísigh sin a díolfar an bainne sin amhlaidh.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

Srian le bainne do cheannach chun é d'ath-dhíol i gceanntair dhíola.

45. —(1) An lá ceaptha alos chó-cheanntair agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith seachas mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an chó-cheanntair sin, aon bhainne do cheannach chun é d'ath-dhíol sa cheanntar dhíola chó-nasctha.

(2) An lá ceaptha alos có-cheanntair agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon mhion-díoltóir cláruithe ná d'aon mhór-dhíoltóir cláruithe alos an chó-cheanntair sin aon bhainne do cheannach o dhuine ar bith chun é d'ath-dhíol sa cheanntar dhíola chó-nasctha maran rud é—

(a) gur táirgtheoir cláruithe, mion-díoltóir cláruithe no mórdhíoltóir cláruithe alos an chó-cheanntair sin an duine sin, no

(b) gur fé réim agus do réir cheadúnais ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so a ceannófar an bainne sin.

Srian le bainne do dhíol i mbuidéil dhuine eile.

46. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith aon bhainne do dhíol ná do thairisgint chun a dhíolta a bheidh i mbuidéal ar a mbeidh ainm no marc trádála dhuine éigin eile mara bhfuair an duine sin a céad-luaidhtear an bainne sin sa bhuidéal san díreach ón duine eile sin.

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt so aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead.

Forálacha maidir le gnóthaí idir tháirgtheoirí cláruithe agus mion-díoltóirí cláruithe agus mór-dhíoltóirí cláruithe.

47. —(1) An lá ceaptha alos có-cheanntair agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon táirgtheoir cláruithe alos an chócheanntair sin aon bhainne do dhíol le haon mhion-dhíoltóir cláruithe ná le haon mhór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin maran fé réim agus do réir chonnartha chuige sin, a bheidh déanta idir an táirgtheoir cláruithe sin agus an mion-díoltóir cláruithe sin no an mór-dhíoltóir cláruithe sin (pe'ca aca é) agus a bheidh ceaduithe ag cathaoirleach an bhúird don cheanntar san fén alt so, a díolfar an bainne sin amhlaidh.

(2) An lá ceaptha alos có-cheanntair agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'aon mhion-díoltóir cláruithe ná d'aon mhór-dhíoltóir cláruithe alos an chó-cheanntair sin aon bhainne do cheannach o aon táirgtheoir cláruithe alos an cheanntair sin maran fé réim agus do réir chonnartha chuige sin, a bheidh déanta idir an miondíoltóir cláruithe sin no an mór-dhíoltóir cláruithe sin (pe'ca aca é) agus an táirgtheoir cláruithe sin agus a bheidh ceaduithe ag cathaoirleach an bhúird don cheanntar san fén alt so, a ceannófar an bainne sin amhlaidh.

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóisí luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach connradh chun bainne do dhíol a déanfar idir tháirgtheoir cláruithe alos có-cheanntair agus mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin má bhíonn aon bhainne le seachadadh fén gconnradh san an lá ceaptha alos an cheanntair sin no dá éis sin (pe'ca bheidh an connradh san déanta roimh an lá ceaptha san no ná beidh), sé sin le rá:—

(a) beidh an connradh san sa bhfuirm orduithe (más ann di);

(b) críochnófar an connradh san i ndúbláid;

(c) cuirfidh na páirtithe sa chonnradh an connradh féin agus an contra-pháirt de agus cóip de chun an bhúird sin;

(d) ar fháil na scríbhinní sin ceadóidh an cathaoirleach an connradh san, más rud é, agus amháin más rud é—

(i) go mbeidh an praghas an galún luaidhte ann,

(ii) ná beidh an praghas san níos lugha ná an praghas minimum reachtúil oiriúnach,

(iii) go luadhfar an bhun-chaindíocht de bhainne a bheidh le soláthar gach lá no gach seachtain,

(iv) go mbeidh sé mar choinníoll sa chonnradh san go mbeidh an praghas a luadhfar ann no praghas áirithe ná beidh níos lugha ná an praghas minimum reachtúil oiriúnach iníoctha ar an mbainne uile sholáthróidh an díoltóir don cheannuitheoir de bhreis ar an mbun-chaindíocht a bheidh luaidhte ann;

(e) mara gceaduighidh an cathaoirleach san an connradh cuirfe sé na scríbhinní sin uile thar n-ais chun an duine do chuir chun an bhúird sin iad agus cuirfidh in úil dó nár cheaduigh sé an connradh;

(f) má cheaduíonn an cathaoirleach san an connradh san—

(i) cuirfe sé fé ndeár séala an bhúird sin do chur ar an gconnradh féin agus ar an gcontra-pháirt agus cuirfidh iad thar n-ais chun an duine do chuir na scríbhinní sin chun an bhúird sin agus beidh an séalú san ina fhianaisc dho-chlaoite gur cheaduigh an cathaoirleach san an connradh san,

(ii) coinneoidh sé an chóip den chonnradh a cuireadh chuige.

48. —Más deimhin leis an mbord do chó-cheanntar go raghadh sé chun leasa don phuiblíocht bainne d'fháil o tháirgtheoirí bainne seachas táirgtheoirí cláruithe alos an cheanntair sin, féadfaidh an bord san ceadúnas, chun caindíocht áirithe de bhainne do cheannach o dhuine nach táirgtheoir cláruithe ná mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin, do dheonadh d'aon mhion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin, ach san fé réir an choinníll ná beidh an praghas a híocfar ar an mbainne sin níos lugha ná an praghas minimum reachtúil oiriúnach.

Ciontaí fé Chuid II do chúiseamh.

Ciontaí fé Chuid II den Acht so do chúiseamh.

49. —Nuair a dhéanfaidh duine is táirgtheoir cláruithe no miondíoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos có-cheanntair cionta fé aon alt atá sa Chuid den Acht so féadfaidh an bord don cheanntar san no féadfar ar agra an bhúird sin mar chúisitheoir an cionta san do chúiseamh.

Búird do chó-cheanntair do cheannach agus do dhíol bainne agus na búird sin do chabhrú le scéimeanna chun a chur in áirithe go gcaithfear tuilleadh bainne.

Búird do cheannach agus do dhíol bainne.

50. —Féadfaidh bord do chó-cheanntar bainne do cheannach ar phraghas is lugha ná an praghas minimum reachtúil o mhiondíoltóirí cláruithe agus o mhór-dhíoltóirí cláruithe alos an chócheanntair sin (a gheibheann, dar leis an mbord, cuid mhaith den bhainne ina ndeighleálaid díreach o tháirgtheoirí cláruithe alos an chó-cheanntair sin) agus é dhíol no é úsáid chun crícheanna déantóireachta.

Búird do thabhairt síntiúis mar chabhair chun scéimeanna chun a chur in áirithe go gcaithfear tuilleadh bainne.

51. —Féadfaidh an bord do chó-cheanntar, le toiliú an Aire, dul fé iomlán costais aon scéime no fé chuid de chostas aon scéime ceapfar chun a chur in áirithe go gcaithfear tuilleadh bainne sa cheanntar dhíola chó-nasctha.

CUID III.

Praghsanna Mion-Diola Bainne do Rialail.

Orduithe bainne (praghas miondíola).

52. —(1) Pé uair agus chó minic agus is dóich leis san do bheith oiriúnach, agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú bainne (praghas mion-díola) sa Chuid seo den Acht so) an praghas maximum a cheapadh ar a bhféadfar bainne de shaghas áirithe (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta i líomatáiste áirithe nuair a déanfar é dhíol no é thairisgint chun a dhíolta ina mhion-choda fén sreath no fé sna sreathanna san de choinníollacha (a míneofar sa tslí sin agus do réir na nithe sin is dóich leis an Aire is ceart) a luadhfar san ordú san agus féadfaidh praghsanna deifriúla den tsórt san do cheapadh amhlaidh maidir le sreathanna deifriúla de choinníollacha den tsórt san.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le horduithe bainne (praghas mion-díola), sé sin le rá:—

(a) féadfaidh ordú bainne (praghas mion-díola) baint do bheith aige le níos mó ná aon tsaghas amháin de bhainne agus sa chás san féadfaidh forálacha deifriúla do bheith ann maidir le gach saghas bainne fé leith den tsórt san;

(b) luadhfar i ngach ordú bainne (praghas mion-díola) an líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus féadfaidh iomlán Shaorstáit Éireann no aon chuid áirithe dhe bheith sa líomatáiste sin;

(c) foillseofar gach ordú bainne (praghas mion-díola) san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta;

(d) luadhfar i ngach ordú bainne (praghas mion-díola) an dáta thiocfa sé i bhfeidhm, agus ní bheidh an dáta san níos luatha ná dáta foillsithe an orduithe sin san Iris Oifigiúil;

(e) tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, féadfaidh an tAire, le hordú fén mír seo, ordú bainne (praghas mion-díola) do cheiliúradh no do leasú agus bainfidh forálacha míreanna (c) agus (d) den fho-alt so le gach ordú déanfar fén mír seo.

(3) Pé uair—

(a) a bheidh ordú bainne (praghas mion-díola) i bhfeidhm de thurus na huaire, agus

(b) a bheidh praghas ceaptha leis an ordú san mar phraghas maximum ar a bhféadfar bainne den tsaghas a bheidh luaidhte san ordú san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san nuair a déanfar é dhíol no do thairisgint chun a dhíolta fé shreath áirithe de choinníollacha,

gach duine dhéanfaidh aon bhainne den tsórt san do dhíol no do thairisgint chun a dhíolta sa líomatáiste sin, fén sreath sin de choinníollacha, ar phraghas is mó ná an praghas maximum san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air másé an chéad chionta fén alt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta ina dhiaidh sin fén alt san aige é, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

(4) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

SCEIDEAL.

Pionoisi mar gheall ar Chiontai Airithe fe Chuid II.

Fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.