45 1936


Uimhir 45 de 1936.


ACHT ÁRACHAIS, 1936.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH I dTAOBH GNÓTHA ÁRACHAIS AGUS I dTAOBH DAOINE GO mBÍONN AN GNÓ SAN NO AON BHRAINSE DHE AR SIÚL ACU, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN CUIDEACHTAN DO BHUNÚ AGUS DO CHLÁRÚ DAR PRÍOMH-CHUSPÓIR GNÓ ÁRACHAIS D'ATH-ÁRACHÚ AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [14adh Lúnasa, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Arachais, 1936 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Arachais, 1909 agus 1936, do ghairm den Assurance Companies Act, 1909, agus den Acht so le chéile.

Tosach feidhme an Achta so.

2. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá san no na laethanta san a ceapfar chuige sin le haon ordú no orduithe ón Aire, go generálta no i dtaobh aon Choda áirithe, agus féadfar laethanta deifriúla do cheapadh amhlaidh do Choda deifriúla den Acht so, ach ní dhéanfaidh an tAire ordú ar bith fén alt so i dtaobh Coda VI den Acht so gan toiliú an Aire Airgid.

Mínithe.

3. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn an focal “orduithe” (ach amháin mar a n-abartar a mhalairt go soiléir) orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “gnó árachais” aon ghnó acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gnó árachais saoil,

(b) gnó árachais tionnscail,

(c) gnó árachais tóiteáin,

(d) gnó árachais tionóisce,

(e) gnó banna-shúncála,

(f) gnó árachais fhreagarthachta fostóirí,

(g) gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste,

(h) gnó árachais fhreagarthachta puiblí,

(i) gnó árachais innealltóireachta,

(j) gnó árachais ghloine,

(k) gnó árachais urraíochta,

(l) gnó árachais bhuirgléireachta;

ní fholuíonn an abairt “gnó árachais saoil” aon ghnó is gnó árachais tionnscail, ach fé réir na teorann san cialluíonn an abairt sin gnó déanta connradh árachais ar shaol daoine, le n-a n-áirmhítear airgead d'íoc ar éag do dhuine (ach amháin nuair nach éinní ach tionóisc fé ndeár an t-éag san) agus le n-a n-áirmhítear connartha árachais go mbíonn na praemia bhaineann leo iníoctha ar feadh téarma bhíonn ag brath ar shaol daoine agus fós connartha chun blianachtaí ar shaol daoine no maidir le saol daoine do dheonadh (seachas aois-liúntaisí agus blianachtaí is iníoctha as aon chistí nach ionchurtha ach chun fóirthne agus cothabhála daoine atá no do bhí ag gabháil do ghairm, do chéird no d'fhostaíocht áirithe no cleithiúnaithe a leithéidí) agus fós connartha bhíonn ag gabháil le connartha árachais ar shaol daoine no ag brath ortha agus ná bíonn aon cheart cealúcháin ag an árachóir fútha agus le n-a socruítear airgead d'íoc i gcás tionóisc no galar, marbhthach no eile, do bhaint don árachaí no do theacht air;

cialluíonn an abairt “gnó árachais tionnscail” gnó déanta árachaisí ar shaol daoine ina mbíonn na praemia bhaineann leis na hárachaisí sin iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná dhá mhí agus ina mbailítear iad tré bhailitheoirí (agus ortha san áirmhítear connartha bhíonn ag gabháil le hárachaisí den tsórt san no ag brath ortha agus ná bíonn aon cheart cealúcháin ag an árachóir fútha agus le n-a socruítear airgead d'íoc i gcás tionóisc nó galar, marbhthach no eile, do bhaint don árachaí no do theacht air) ach ní fholuíonn an abairt sin gnó déanta aon árachais acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) árachaisí ar n-a ndéanamh, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, ag cuideachtain árachais go raibh gnó árachais ar siúl acu roimh dháta an Achta so do rith agus ná raibh acu ar an dáta san aon árachaisí go raibh na praemia ortha iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná mí, faid a fhanfaidh an chuideachta san gan aon árachaisí den tsórt san do dhéanamh, agus

(b) árachaisí do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith agus go bhfuil na praemia ortha iníoctha i gcionn tréimhsí de mhí no tréimhsí is sia ná san agus le n-a ndeighleáltaí, go dtí tosach feidhme na Coda den Acht so bhaineann le gnó árachais tionnscail, mar chuid den ghnó do dheineadh brainse seachas an bhrainse árachais tionnscail den chuideachtain a dheineann árachaisí den tsórt san, agus

(c) árachaisí ar chúig púint fhichead no níos mó ná san a déanfar tar éis an Achta so do rith agus go mbeidh na praemia ortha iníoctha i gcionn tréimhsí de mhí no tréimhsí is sia ná san ach is giorra ná dhá mhí agus le n-a ndeighleálfar mar chuid den ghnó dheineann brainse seachas an bhrainse árachais tionnscail de chuideachtain árachais, i gcásanna ina ndeimhneoidh an tAire go bhfuil téarmaí agus coinníollacha na n-árachas san, tríd is tríd, chó fábhrach ar a laighead don árachaí leis na tearmaí agus na coinníollacha forchuirtear leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “gnó árachais tóiteáin” gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh tóiteáin;

cialluíonn an abairt “gnó árachais tionóisce” gnó déanta connradh árachais in aghaidh no ar shlí eile i dtaobh tionóiscí pearsanta, marbhthach no eile, no galair no breoiteachta pearsanta, no aon tsaghais áirithe tionóiscí no galair no breoiteachta pearsanta, lasmuich d'aon chonnartha ghabhann le connartha gnótha árachais saoil no gnótha árachais tionnscail no bhíonn ag brath ar a leithéidí agus a bhronnann sochar ar an árachaí i gcás tionóisc no galar, marbhthach no eile, do bhaint don árachaí no do theacht air agus ná fuil aon cheart cealúcháin ag an árachóir fútha;

ní fholuíonn an abairt “gnó banna-shúncála” gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, ná gnó ciste fhiach-laigheaduithe no fuascailte caipitail, ach fé réir na teorann san cialluíonn an abairt sin gnó tabhartha amach bannaí no deimhnithe dearlaice tré n-a gconnruíonn an chuideachta dheineann an gnó san suim airgid d'íoc le sealbhóir an bhanna no an deimhnithe sin ar dháta áirithe i gcomaoine síntiúisí is iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná sé mhí;

cialluíonn an abairt “gnó árachais fhreagarthachta fostóirí” gnó déanta connradh árachais le fostóirí in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le lucht oibre ar fostú acu;

cialluíonn an abairt “gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste” gnó déanta connradh árachais in aghaidh feithiclí inneall-ghluaiste do chailliúint no in aghaidh damáiste dhóibh no damáiste de dheascaibh no i dtaobh a n-úsáidthe, le n-a n-áirmhítear fionntair threas-pháirtí;

cialluíonn an abairt “gnó árachais fhreagarthachta puiblí” na gnóthaí árachais seo leanas agus ní haon ghnóthaí árachais eile, sé sin le rá, gnó déanta connradh árachais a shlánuíonn an t-árachaí in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le duine ar bith alos díobháil phearsanta no caillteanas no damáiste do thárlachtaint don duine sin de dheascaibh faillí i bpáirt an árachaí no i bpáirt a sheirbhísigh no a ghníomhaire ag gníomhú laistigh de scóip a fhostaíochta no a údaráis mar sheirbhíseach no mar ghníomhaire den tsórt san (do réir mar bheidh) agus gnó déanta connradh árachais a shlánuíonn an t-árachaí in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc de dheascaibh no i dtaobh maoin an árachaí, réalta no pearsanta, d'úsáid go neamhaireach no de dheascaibh no i dtaobh staid na maoine sin;

cialluíonn an abairt “gnó árachais innealltóireachta” an gnó árachais seo leanas agus ní haon ghnó árachais eile, sé sin le rá, gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanas do theacht de dheascaibh damáiste no díobhála d'aon choire no fearas eile ina mbeadh geas, gal no fliuchán fé bhrughadh no d'aon fhearas mheicniúil no meaisínteacht eile no ar aon tslí eile de dheascaibh no i dtaobh aon fhearas no meaisínteacht den tsórt san d'úsáid, le n-a n-áirmhítear freagarthacht i gcúiteamh d'íoc le treas-pháirtithe maidir le fearas no le meaisínteacht den tsórt san;

cialluíonn an abairt “gnó árachais ghloine” gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh gloine do bhriseadh;

cialluíonn an abairt “gnó árachais urraíochta” gnó déanta connradh árachais le fostóirí in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh fostuithe do dhéanamh calaoise, fallsaíochta, gadaíochta no ladrannachta no do chlaon-chasadh no do mhí-leithreasú airgid no maoine, agus gnó tabhartha amach bannaí no connradh urrachais;

ní fholuíonn an abairt “gnó árachais bhuirgléireachta” gnó árachais urraíochta, ach fé réir na teorann san cialluíonn an abairt sin gnó déanta connradh árachais in aghaidh caillteanais de dheascaibh no i dtaobh buirgléireachta, tigh-réabtha, gadaíochta no ladrannachta;

cialluíonn an abairt “gnó ciste fhiach-laigheaduithe no fuascailte caipitail” gnó déanta connradh árachais (seachas ar shaol daoine) tré n-a gcó-aontuíonn an t-árachóir, i gcomaoine praemium amháin d'íoc leis no dhá phraemium no níos mó d'íoc leis i gcionn tréimhsí nach giorra ná dhá mhí, suim amháin no sreath de shuimeanna d'íoc leis an árachaí ar dháta áirithe no ar dhátaí áirithe;

cialluíonn an focal “polasaí” aon scríbhinn le n-a ndeintear aon chonnradh árachais no le n-a gcó-aontuítear aon chonnradh árachais do dhéanamh no is fianaise ar aon chonnradh den tsórt san;

cialluíonn an focal “praemium” aon airgead no luach airgid is iníoctha no a híoctar le duine ar bith go mbíonn gnó árachais ar siúl aige agus a thógann freagarthacht ar bith air féin fé aon pholasaí, banna no deimhniú i gcomaoine an airgid no an luacha airgid sin;

cialluíonn “cuideachta árachais” cuideachta go mbíonn aon ghnó árachais ar siúl acu (pe'ca cláruithe i Saorstát Éireann dóibh fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no ionchorpruithe fé dhlí tíre éigin seachas Saorstát Éireann) agus, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn an abairt sin cumann, comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no bunuithe ar aon tslí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann agus go mbíonn gnó árachais ar siúl acu;

cialluíonn an abairt “cuideachta le Saorstát Éireann” cuideachta árachais atá cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924;

cialluíonn an abairt “cuideachta choigríche” cuideachta árachais atá ionchorpruithe fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann agus, mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt, foluíonn an abairt sin cumann, comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no bunuithe ar aon tslí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann;

cialluíonn an focal “sinneagóid” aon ghrúpa d'fho-scríbhneoirí is baill de Lloyd's agus a dheimhneoidh Cathaoirleach Choiste Lloyd's do bheith ina sinneagóid chun crícheanna an Achta so;

cialluíonn an focal “achtuaire” achtuaire ag á bhfuil na cáilíochtaí orduithe;

cialluíonn an abairt “Acht 1908” an Companies (Consolidation) Act, 1908;

cialluíonn an abairt “Acht 1909” an Assurance Companies Act, 1909, mar do hoiriúnuíodh é leis an Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922) , no fé, agus mar do leasuíodh no do leathnuíodh le haon achtachán eile é.

Costaisí.

4. —(1) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm agus ná deintear aon tsocrú eile leis an Acht so ina thaobh.

(2) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire Airgid chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

Rialacháin.

5. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú agus ná deintear aon tsocrú eile leis an Acht so chun a orduithe.

Srian le hoibriú an Achta so.

6. —Ní dhéanfaidh éinní san Acht so deifir—

(a) do dhleathacht aon chonnartha árachais a bheidh déanta roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so ná d'é choimeád ar siúl agus do chólíonadh go cuibhe; ná

(b) do fhreagarthacht chiste árachais saoil no ciste árachais tionnscail cuideachtan go mbeidh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail ar siúl acu i Saorstát Éireann le linn an tosach feidhme sin chun dochair do dhaoine go mbeidh polasaithe árachais saoil no árachais tionnscail déanta acu le haon chuideachtain den tsórt san roimh an tosach feidhme sin; ná

(c) d'aon ghnó bheidh ar siúl go dleathach ag cumainn agus cóluchtaí eile bheidh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna bhaineann le cara-chumainn no le cara-chumainn no le ceárd-chumainn; ná

(d) d'aon ghnó is árachú in aghaidh fionntar do thiocfadh de dheascaibh no i dtaobh aer-árthach d'úsáid; ná

(e) d'aon ghnó do bhí ar an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, ar siúl go dleathach ag ceárd-chumann ná raibh cláruithe i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna bhaineann le ceárd-chumainn agus a bheidh ar siúl ag an gceárd-chumann san de thurus na huaire fé réim agus do réir cheada ar n-a dheonadh ag an Aire chuige sin; ná

(f) d'aon ghnó nach gnó árachais.

Athghairm.

7. —(1) Deintear leis seo na ranna so leanas d'Acht 1909 d'athghairm go n-éifeacht i dtosach feidhme Coda II den Acht so agus as san amach, sé sin le rá, míreanna (b), (c) agus (d) d'alt 31, míreanna (b) agus (c) d'alt 32, míreanna (a), (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 33, agus míreanna (b) agus (c) d'alt 34 agus, in alt 35, na focail “originally established more than twenty years before the commencement of this Act.”

(2) Deintear leis seo an Collecting Societies and Industrial Assurance Companies Act, 1896, agus alt 36 d'Acht 1909 d'athghairm go n-éifeacht i dtosach feidhme Coda V den Acht so agus as san amach.

(3) Deintear leis seo an roinn seo leanas d'Acht 1909 d'athghairm go n-éifeacht i dtosach feidhme Coda VII den Acht so agus as san amach, sé sin le rá, na focail uile i bhfo-alt (1) d'alt 3 o sna focail “Provided that” go deireadh an fho-ailt sin.

CUID II.

Ceadunaisi Arachais.

Toirmeasc ar ghnó árachais nea-cheadúnuithe.

8. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon chuideachtain árachais ná d'éinne eile gnó árachais ar bith do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann ach amháin fé réim agus do réir cheadúnais (dá ngairmtear ceadúnas árachais san Acht so) ar n-a dheonadh ag an Aire fén gCuid seo den Acht so.

(2) Gach duine (seachas cuideachta árachais) go mbeidh aon ghnó árachais ar siúl aige contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air agus ina theanta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar cúig púint in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta.

Toirmeasc ar árachú do dhéanamh le hárachóir neacheadúnuithe.

9. —(1) Ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith (ach amháin le linn dó ath-árachú do dhéanamh aon chonnradh árachais do dhéanamh ná tabhairt fé n-a dhéanamh le cuideachtain árachais ná le haon duine eile nach sealbhóir ar cheadúnas árachais a chuireann an chuideachta no an duine sin i dteideal connartha árachais do dhéanamh den tsórt a dhéanfaidh an duine sin no do bhéarfa sé fé n-a dhéanamh amhlaidh.

(2) Gach duine dhéanfaidh aon chonnradh árachais no do bhéarfaidh fé n-a dhéanamh contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

Gnó tuigfear do bheith ina ghnó árachais i Saorstát Éireann.

10. —(1) Cuideachta le Saorstát Éireann go mbeidh aon ghnó árachais ar siúl acu tuigfear, chun crícheanna an Achta so, gnó árachais do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann d'ainneoin iomlán an ghnótha san no cuid de do bheith ar siúl no á dhéanamh lasmuich de Shaorstát Éireann.

(2) Cuideachta choigríche no duine (pé áit ina gcomhnuíonn sé no ina ndeineann sé gnó) do bhéarfaidh amach (ach amháin i gcúrsa ath-árachú no mar ath-árachú) polasaí, banna, deimhniú no ionstruim eile árachais do dhuine ar a mbeidh gnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann no do bhéarfaidh amach do dhuine ar bith den tsórt san polasaí, banna, deimhniú, no ionstruim eile árachais in aghaidh freagarthachta, caillteanais, no damáiste eireoidh (má eiríonn in aon chor) i Saorstát Éireann, no ghlacfaidh o dhuine ar bith ar a mbeidh gnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann praemium alos polasaí do bhéarfar amach amhlaidh tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, tuigfear ina dtaobh chun crícheanna an Achta so, más i gcúrsa gnó do bheith ar siúl is gnó árachais do réir bhrí an Achta so agus más mar chuid den gnó san do tugadh amach an ionstruim árachais sin no do glacadh an praemium san, gnó árachais do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann pe'ca in áit laistigh no in áit lasmuich de Shaorstát Éireann do bhéarfar amach an ionstruim sin no glacfar an praemium san.

Iarrataisí ar cheadúnaisí árachais.

11. —(1) Féadfaidh aon chuideachta árachais no aon tsinneagóid ceadúnas árachais, á údarú dhóibh gnó árachais áirithe do bheith ar siúl acu, d'iarraidh ar an Aire.

(2) Is sa bhfuirm orduithe bheidh agus is sa tslí orduithe déanfar gach iarratas a déanfar fén alt so ar cheadúnas árachais agus luadhfar ann an gnó no na gnóthaí árachais a bheidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid (pe'ca aca é) a bheidh ag déanamh an iarratais sin ar aigne a bheith ar siúl acu agus fós pé mion-innste eile a hordófar.

(3) Gach cuideachta árachais no sinneagóid iarrfaidh ceadúnas árachais fén alt so bhéarfaid don Aire, ar an Aire á cheangal san ortha, gach eolas a theastóidh ón Aire chun an iarratais sin do bhreithniú.

(4) Féadfaidh an tAire a chur mar cheangal, maidir le haon ráiteas réada déanfar in iarratas ar cheadúnas árachais no déanfar mar fhreagra ar an Aire ar eisean d'iarraidh eolais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, go bhfíorófaí é le dearbhú reachtúil o dhuine éigin go n-eolas pearsanta ar na réada bheidh sa ráiteas san.

(5) Má dheineann duine ar bith, in iarratas ar cheadúnas árachais no le linn aon eolas do thabhairt uaidh do réir éilimh ón Aire fén alt so, aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air másé an chéad chionta den tsórt san aige é agus, másé an dara cionta no aon chionta den tsórt san ina dhiaidh sin aige é, fíneáil ná raghaidh thar cúig céad púnt.

(6) Má theipeann ar aon chuideachtain árachais no ar aon tsinneagóid aon eolas no fíorú do thabhairt uatha cheanglóidh an tAire ar an gcuideachtain no ar an sinneagóid sin (pe'ca aca é) fén alt so do thabhairt uatha féadfaidh an tAire, ar scór an teipthe sin agus gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so, diúltú don iarratas gur ina thaobh do héilíodh an t-eolas no an fíorú san amhlaidh.

(7) Ar gach iarratas fén alt so ar cheadúnas árachais íocfar pé táille ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgid agus beidh íoc cuibhe na táille sin ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara mbreithneoidh an tAire an t-iarratas.

(8) Déanfar na táillí uile is iníoctha fén alt so d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.

(9) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

Ceadúnaisí árachais do dheonadh.

12. —(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an tAire géilleadh no diúltú d'iarratas ar cheadúnas árachais fé mar is rogha leis.

(2) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann go raibh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, ceadúnas árachais, chun gnó acu san no iad araon do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san.

(3) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann go raibh aon ghnó árachais eile, i dteanta gnótha árachais saoil no gnótha árachais tionnscail no ina dteanta san araon, ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, ceadúnas árachais, chun an ghnótha árachais eile sin do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas san más rud é, agus amháin más rud é, gur deimhin leis gur leor sócmhainní na cuideachtan san chun a chur ar chumas na cuideachtan san an gnó árachais eile sin do bheith ar siúl acu.

(4) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann iarratas le n-a mbaineann ceann den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ar cheadúnas árachais chun gnó no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa bhfo-alt san do bheith ar siúl acu i dteanta gnótha no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa cheann eile den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas san más deimhin leis go bhfuil an chuideachta san do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa cheann san den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo bhaineann leis an iarratas san agus ná fuil an ceadúnas san ag teastáil ón gcuideachtain sin ach go dtí go gcríochnófar socrú chun an ghnótha no na ngnóthaí árachais le n-a mbaineann an t-iarratas d'aistriú go dtí cuideachta no cuideachtana éigin eile le Saorstát Éireann a bheidh ceadúnuithe fén Acht so chun an ghnótha no na ngnóthaí sin do bheith ar siúl acu.

(5) Má dheonann an tAire ceadúnas árachais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun ceiliúrtha bronntar air leis an Acht so) an ceadúnas san do cheiliúradh ar chríochnú an tsocruithe chun an ghnótha árachais gur ina thaobh a deonadh an ceadúnas san d'aistriú agus déanfaidh, pé scéal é, an ceadúnas san do cheiliúradh i gcionn naoi mí tar éis dáta a dheonta.

(6) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann ná raibh gnó árachais saoil ná gnó árachais tionnscail ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, no a bunuíodh tar éis an dáta san, ceadúnas árachais, chun gnó acu san no iad araon do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh na coinníollacha uile seo leanas cólíonta, sé sin le rá:—

(a) nach lugha caipital eisithe na cuideachtan san ná dhá chéad míle púnt agus nach lugha caipital íoctha na cuideachtan san ná céad míle púnt, agus

(b) go bhfuil ar a laighead dhá dtrian (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san, le n-a ngabhann cearta vótála (is infheidhmithe láithreach no i gcás ní áirithe do thárlachtaint), ar únaeracht tairbheach ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine acu, ina shaoránach de Shaorstát Éireann, agus

(c) gur saoránaigh de Shaorstát Éireann furmhór stiúrthóirí na cuideachtan san (lasmuich de stiúrthóir bhainisteoireachta bheireann a chuid aimsire ar fad dá dhualgaisí mar stiúrthóir den tsórt san).

(7) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta choigríche ceadúnas árachais, chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, ní dhéanfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) géilleadh don iarratas san maran deimhin leis—

(a) go raibh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl ag an gcuideachtain sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(b) má bhí gnó árachais saoil ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh, go bhfuilid do réir na bhforálacha d'Acht 1909 bhaineann le gnó árachais saoil, agus

(c) má bhí gnó árachais tionnscail ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh, go bhfuilid ag cólíonadh na bhforálacha d'Acht 1909 bhaineann le gnó árachais tionnscail, agus

(d) go raibh ag an gcuideachtain sin an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus go bhfuil acu ar dháta an iarratais sin áit ghnótha i Saorstát Éireann, agus

(e) go bhfuil an chuideachta san (más fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann atáid ionchorpruithe) ag cólíonadh forálacha ailt 274 d'Acht 1908 no (más cumann, comhlachas, no cólucht eile iad atá ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann) gur chuir an chuideachta san ar comhad ag Clárathóir na gCuideachtan—

(i) deimhniú (ar n-a dheimhniú ag oifigeach ceart na tíre ina bhfuil an chuideachta san ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile amhlaidh) ar chlárú na cuideachtan san sa tír sin, agus

(ii) cóip (ar n-a deimhniú sa tslí chéanna) de sna rialacha no den ionstruim eile mhíníonn cóiriú na cuideachtan san, agus

(iii) ainmneacha na ndaoine atá ar an gcoiste bainistí no ar an gcólucht eile stiúrann no rialann an chuideachta san, agus

(iv) ainmneacha rúnaí agus iontaobhaithe na cuideachtan san agus na ndaoine go bhfuil sé údaruithe dhóibh dul chun dlí, agus go bhfuil sé údaruithe dul chun dlí leo, thar ceann na cuideachtan san, agus

(v) ainmneacha agus seolta duine no daoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus dá bhfuil sé údaruithe seirbheáil aon fhógraí, scríbhinní no próisis dlí do ghlacadh thar ceann na cuideachtan san.

(8) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta choigríche ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, ní dhéanfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) géilleadh don iarratas san maran deimhin leis—

(a) go raibh gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl ag an gcuideachtain sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(b) go bhfuil an chuideachta san ag cólíonadh na bhforálacha d'Acht 1909 bhaineann leis an ngnó no na gnóthaí árachais a bhíonn ar siúl acu, agus

(c) go raibh ag an gcuideachtain sin an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus go bhfuil acu ar dháta an iarratais sin áit ghnótha i Saorstát Éireann, agus

(d) go bhfuil an chuideachta san ag cólíonadh forálacha ailt 274 d'Acht 1908.

(9) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta choigríche iarratas le n-a mbaineann ceann den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ar cheadúnas árachais chun gnó no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa bhfo-alt san do bheith ar siúl acu i dteanta gnótha no gnóthaí árachais de shaghas no de shaghsanna luaidhtear sa cheann eile den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo, féadfaidh an tAire géilleadh don iarratas san más deimhin leis go bhfuil an chuideachta san do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa cheann san den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo bhaineann leis an iarratas san agus ná fuil an ceadúnas san ag teastáil ón gcuideachtain sin ach go dtí go gcríochnófar socrú chun an ghnótha no na ngnóthaí árachais le n-a mbaineann an t-iarratas d'aistriú chun cuideachtan no cuideachtana árachais éigin eile a bheidh ceadúnuithe fén Acht so chun an ghnótha no na ngnóthaí sin do bheith ar siúl acu.

(10) Má dheonann an tAire ceadúnas árachais fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so féadfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun ceiliúrtha bronntar air leis an Acht so) an ceadúnas san do cheiliúradh ar chríochnú an tsocruithe chun an ghnótha árachais gur ina thaobh a deonadh an ceadúnas san d'aistriú agus déanfaidh, pé scéal é, an ceadúnas san do cheiliúradh i gcionn naoi mí tar éis dáta a dheonta.

(11) Pé uair a déanfar iarratas go cuibhe do réir an Achta so—

(a) ag cuideachtain le Saorstát Éireann ná beidh gnó árachais saoil ná gnó árachais tionnscail ar siúl acu ar dháta an iarratais sin ach go raibh gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl acu an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus ná raibh gnó árachais saoil ná gnó árachais tionnscail ar siúl acu an 31adh lá san de Dheireadh Fómhair, 1935, no

(b) ag cuideachtain le Saorstát Éireann a bunófar tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus a bheidh do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá, go bhfuil ar a laighead dhá dtrian (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san, le n-a ngabhann cearta vótála (is infheidhmithe láithreach no i gcás ní áirithe do thárlachtaint), ar únaeracht tairbheach ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine acu, ina shaoránach de Shaorstát Éireann, agus gur saoránaigh de Shaorstát Éireann furmhór stiúrthóirí na cuideachtan san (lasmuich de stiúrthóir bhainisteoireachta bheireann a chuid aimsire ar fad dá dhualgaisí mar stiúrthóir den tsórt san), agus nach lugha caipital eisithe na cuideachtan san ná dhá chéad míle púnt agus nach lugha caipital íoctha na cuideachtan san ná céad míle púnt, no

(c) ag cuideachtain gur deimhin leis an Aire ina dtaobh go bhfuilid do réir forálacha ailt 2 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926) ,

ar cheadúnas árachais chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Acht so, géilleadh don iarratas san.

(12) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann ceadúnas árachais, chun gnó árachais fhreagarthachta fostóirí amháin do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san más deimhin leis gur comhlachas d'fhostóirí an cuideachta san agus, an gnó bhíonn no atá le bheith ar siúl ag an gcuideachtain sin, gurb é atá ann, ar fad no go substainteach, ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le fir oibre ar fostú ag na baill sin, go haonarach no maraon le hárachas in aghaidh aon fhionntair eile gur gnó freagarthachta fostóirí do réir bhrí an Achta so árachas ina aghaidh.

(13) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta le Saorstát Éireann ceadúnas árachais, chun gnó árachais tóiteáin amháin do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, déanfaidh an tAire, fé réir forálacha an Achta so, géilleadh don iarratas san más deimhin leis gur comhlachas d'únaerí no de shealbhairí foirgintí no maoine eile an chuideachta san agus, an gnó bhíonn no atá le bheith ar siúl ag an gcuideachtain sin, gurb é atá ann, ar fad no go substainteach, ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh damáiste do dhéanamh, de dheascaibh no i dtaobh tóiteáin, do sna foirgintí no don mhaoin eile atá ar únaeracht no ar seilbh acu.

(14) Pé uair a dhéanfaidh sinneagóid ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no gnó banna-shúncála do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, ní dhéanfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) géilleadh don iarratas san maran deimhin leis—

(a) go raibh an gnó no na gnóthaí árachais sin seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail no gnó banna shúncála ar siúl ag an sinneagóid sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus

(b) go raibh na baill a bhí sa tsinneagóid sin ar an dáta san ag cólíonadh forálacha an Ochtú Sceidil a ghabhann le hAcht 1909, agus

(c) gur chuir an tsinneagóid sin ar comhad ag Clárathóir na gCuideachtan—

(i) liost (agus é deimhnithe ag Cathaoirleach Lloyd's) d'ainmneacha agus de sheolta ball na sinneagóide sin, agus

(ii) ainmneacha agus seolta duine no daoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus dá bhfuil sé údaruithe seirbheáil aon fhograí, scríbhinní, no próisis dlí do ghlacadh thar ceann na sinneagóide sin.

Forálacha speisialta i dtaobh cuideachtana coigríche áirithe.

13. —Pé uair a bheidh cuideachta choigríche, is cumann no comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann, tar éis ceadúnas árachais, chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, no pé uair a beifear tar éis ceadúnas árachais do dheonadh chun an dá ghnó san no ceachtar acu do bheith ar siúl aca, d'aon chuideachtain den tsórt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) aon atharú, sna rialacha no san ionstruim eile mhíníonn cóiriú na cuideachtan san agus do cuireadh ar comhad ag Clárathóir na gCuideachtan, cuirfear in úil don Chlárathóir sin é fé cheann na haimsire orduithe, agus

(b) féadfar aon fhógra, scríbhinn no próiseas dlí lasmuich de chás inar gá a mhalairt do réir no fé réim aon rialacha cúirte no aon orduithe chúirte no bhreithimh) do sheirbheáil tré n-a fhágaint ag na daoine, no tré n-a chur tríd an ngáth-phost roimh-íoctha chun na ndaoine, ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, ag seolta na ndaoine sin mar a bheid luaidhte ag an gcuideachtain sin fén gCuid seo den Acht so, agus

(c) deanfaidh Clárathóir na gCuideachtan, más deimhin leis gur chuir an chuideachta san ar comhad aige na nithe is gá dhóibh do réir na Coda so den Acht so do chur ar comhad amhlaidh, deimhniú fé n-a láimh do thabhairt amach á dheimhniú gur chuir an chuideachta san ar comhad amhlaidh na nithe is gá dhóibh amhlaidh do chur ar comhad, agus

(d) beidh gach deimhniú den tsórt san ina fhianaise prima facie ar a mbeidh ráite ann agus ní gá sighniú Clárathóra na gCuideachtan do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é, agus

(e) má éilíonn duine ar bith san ar Chlárathóir na gCuideachtan agus má íocann an duine sin leis an gClárathóir sin pé táille acu so leanas is lugha, sé sin le rá, táille de reul an fólio de dhá fhocal sheachtód no táille phúint, bhéarfaidh an Clárathóir sin amach don duine sin cóipeanna (a bheidh deimhnithe ag an gClárathóir sin a bheith ina gcóipeanna dílse) d'aon cheann de sna nithe is gá d'aon chuideachtain den tsórt san, do réir na Coda so den Acht so, do chur ar comhad ag an gClárathóir sin agus ar bheith deimhnithe dhi amhlaidh beidh gach cóip den tsórt san ina fianaise prima facie ar a mbeidh inti agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an Chlárathóra san do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é.

Forálacha speisialta i dtaobh sinneagóidí

14. —Pé uair a bheidh sinneagóid tar éis ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no gnó banna-shúncála do bheith ar siúl acu, d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, no pé uair a beifear tar éis ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais (seachas na gnóthaí adubhradh) do bheith ar siúl acu, do dheonadh do shinneagóid, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuirfidh Cathaoirleach Lloyd's in úil do Chlárathóir na gCuideachtan fé cheann na haimsire orduithe aon atharú déanfar ar bhallraíocht na sinneagóide sin, agus

(b) féadfar (lasmuich de chás inar gá a mhalairt do réir no fé réim aon rialacha cúirte no aon orduithe chúirte no bhreithimh) aon fhógra, scríbhinn no próiseas dlí do sheirbheáil tré n-a fhágaint ag na daoine, ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, a bheidh luaidhte ag an sinneagóid sin chuige sin fén gCuid seo den Acht so no tré n-a chur tríd an ngnáth-phost roimh-íoctha chun na ndaoine sin ag á seolta mar a bheid luaidhte ag an sinneagóid sin amhlaidh, agus

(c) déanfaidh Clárathóir na gCuideachtan, más deimhin leis gur chuir an tsinneagóid sin ar comhad aige na nithe is gá dhóibh do réir na Coda so den Acht so do chur ar comhad amhlaidh, deimhniú fé n-a láimh do thabhairt amach á dheimhniú gur chuir an tsinneagóid sin ar comhad amhlaidh na nithe is ghá dhóibh amhlaidh do chur ar comhad, agus

(d) beidh gach deimhniú den tsórt san ina fhianaise prima facie ar a mbeidh ráite ann agus ní bheidh sé riachtanach sighniú Clárathóra na gCuideachtan do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é, agus

(e) má éilíonn duine ar bith san ar Chlárathóir na gCuideachtan agus má íocann an duine sin leis an gClárathóir sin pé táille acu so leanas is lugha, sé sin le rá, táille de reul an fólio de dhá fhocal sheachtód no táille phúint, bhéarfaidh an Clárathóir sin amach don duine sin cóip (a bheidh deimhnithe ag an gClárathóir sin a bheith ina cóip dhílis) d'aon cheann de sna nithe is gá don tsinneagóid sin, do réir na Coda so den Acht so, do chur ar comhad ag an gClárathóir sin agus ar bheith deimhnithe dhi amhlaidh beidh gach cóip den tsórt san ina fianaise prima facie ar a mbeidh inti agus ní bheidh sé riachtanach sighniú an Chlárathóra san do chruthú ná a chruthú gurbh é an Clárathóir sin é.

Srian le ceadúnaisí árachais do dheonadh.

15. —(1) Pé uair a dhéanfaidh cuideachta árachais no sinneagóid ceadúnas árachais d'iarraidh go cuibhe do réir an Achta so, féadfaidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) diúltú don iarratas san—

(a) marar chólíon an chuideachta san no Coiste Lloyd's (pe'ca aca é) na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le hairgead do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, no

(b) má chítear don Aire go bhfuil cúis mhaith chun a chreidiúint go bhfuil an chuideachta san dócmhainneach.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas árachais, chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san do bheith ar siúl acu, do dheonadh do chuideachtain árachais, diúltóidh an tAire, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, do gach iarratas ón gcuideachtain sin ar cheadúnas árachais chun aon ghnó árachais eile do bheith ar siúl acu, lasmuich de chás ina n-údaruítear go soiléir le halt eile den Chuid seo den Acht so an ceadúnas a hiarrfar amhlaidh do dheonadh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas árachais, chun gnó no gnóthaí árachais (seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail) do bheith ar siúl acu, do dheonadh do chuideachtain choigríche, diúltóidh an tAire (gan dochar d'aon chomhacht eile chun diúltuithe bronntar air leis an Acht so) do gach iarratas ón gcuideachtain sin ar cheadúnas árachais chun aon ghnó árachais eile den tsórt san do bheith ar siúl acu mara raibh an gnó árachais eile sin ar siúl ag an gcuideachtain sin i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadúnas árachais, chun aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, do dheonadh do chuideachtain árachais, diúltóidh an tAire, faid a bheidh an ceadúnas san i bhfeidhm, do gach iarratas ón gcuideachtan sin ar cheadúnas árachais chun gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu, lasmuich de chás ina n-údaruítear go soiléir le halt eile den Chuid seo den Acht so an ceadúnas a hiarrfar amhlaidh do dheonadh.

Athchomharc in aghaidh diúltuithe d'iarratas ar cheadúnas árachais.

16. —Má dhiúltuíonn an tAire d'iarratas ar cheadúnas árachais beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh neach iarrtha an cheadúnais sin, fé cheann mí tar éis an diúltuithe sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair a dhearbhú gur cheart an ceadúnas san do dheonadh dhó;

(b) ainmneofar an tAire mar fhreagarthóir in aon iarratas a déanfar chun na hArd-Chúirte fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so;

(c) más deimhin leis an Ard-Chúirt gur chólíon an t-iarratasóir sin no go gcólíonfaidh i dtráth forálacha Achta 1909 agus an Achta so agus, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go bhfuil sé ceart agus cothrom an ceadúnas san do dheonadh don iarratasóir sin, féadfaidh ordú do dhéanamh á dhearbhú gur cheart an ceadúnas san do dheonadh don iarratasóir sin;

(d) pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén alt so á dhearbhú gur cheart ceadúnas árachais do dheonadh do dhuine bheidh á iarraidh déanfaidh an tAire, chó luath agus a bheidh san caothúil, an ceadúnas san do dheonadh don duine sin fé réim agus do réir an Achta so.

Fuirm, etc., cheadúnais árachais.

17. —Maidir le gach ceadúnas árachais—

(a) beidh sé sa bhfuirm orduithe, agus

(b) más do chuideachtain árachais a deonfar é, luadhfar ann ainm na cuideachtan árachais sin agus, más do shinneagóid a deonfar é, luadhfar ann ainmneacha agus seolta ball na sinneagóide sin, agus

(c) luadhfar ann an gnó no na gnóthaí árachais fhéadfaidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) a bheith ar siúl acu, agus

(d) déarfaidh agus déanfaidh a údarú don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin (pe'ca aca é) an gnó no na gnóthaí árachais a luaidhtear sa cheadúnas san do bheith ar siúl acu, agus

(e) deonfar é agus déarfaidh go ndeontar é fé réir forálacha an Achta so.

Ceadúnaisí árachais d'aistriú.

18. —(1) Ní bheidh ceadúnas árachais ionaistrithe ag an duine is ceadúnaí fé, ná tré oibriú dlí, chun aon chuideachtan ná chun aon duine eile.

(2) Pé uair a haistreofar únaeracht ghnótha árachais, tré ghníomh na bpáirtithe no tré oibriú dlí, ón duine is ceadúnaí fén gceadúnas árachais a bhaineann leis an ngnó san chun cuideachtan árachais eile féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh ar n-a iarraidh sin don duine no don chuideachtain eile sin, an ceadúnas árachais sin d'aistriú chun na cuideachtan árachais eile sin agus chuige sin an ceadúnas árachais sin do leasú tré ainm na cuideachtan árachais eile sin do chur ann (tré cheartú no tré chúl-scríbhinn) mar cheadúnaí fé, in ionad ainm an duine ba cheadúnaí fé díreach roimhe sin.

(3) Pé uair a scuirfidh sinneagóid, is sealbhóir ar cheadúnas árachais a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, den ghnó árachais le n-a mbainfidh an ceadúnas árachais sin do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann féadfaidh an tAire, mar is rogha leis féin, ar iarratas sinneagóide éigin eile, an ceadúnas árachais sin d'aistriú chun na sinneagóide eile sin agus chuige sin an ceadúnas árachais sin do leasú tríd an sinneagóid eile sin do chur ann (tré cheartú no tré chúl-scríbhinn) mar cheadúnaí fé, in ionad na céad shinneagóide sin adubhradh.

(4) Na forálacha den Acht so bhaineann le ceadúnas árachais d'iarraidh agus do dheonadh beidh acu, sa mhéid is infheidhmithe iad sa chás, feidhm maidir le haistrithe ceadúnaisí árachais d'iarraidh agus do dheonadh

Ceadúnas árachais do gheallbhruideadh.

19. —Pé uair—

(a) a deonfar ceadúnas árachais do chuideachtain le Saorstát Éireann fé fhoráil den Acht so le n-a gceangailtear ar an Aire an ceadúnas san do dheonadh más rud é, agus amháin más rud é, go mbeidh coinníollacha áirithe á gcólíonadh ag an gcuideachtain sin, agus

(b) a bheidh sé ina choinníoll de sna coinníollacha san go mbeidh ar a laighead dhá dtrian (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san, le n-a ngabhann cearta vótála (is infheidhmithe láithreach no i gcás ní áirithe do thárlachtaint), ar únaeracht tairbheach ag duine atá, no ag beirt no níos mó go bhfuil gach duine acu, ina shaoránach de Shaorstát Éireann,

ansan agus i ngach cás den tsórt san tuigfear gur coinníoll leanúnach ag gabháil leis an gceadúnas san an coinníoll atá leagtha amach sa mhír sin (b) roimhe seo agus má scuireann an chuideachta san, aon uair le linn an cheadúnais sin do bheith i bhfeidhm, de bheith do réir an choinníll sin tiocfaidh an ceadúnas san chun bheith agus beidh sé geallbhruidthe agus gan bhrí láithreach.

Ceadúnaisí árachais do cheiliúradh, etc.

20. —(1) Féadfaidh an tAire, tráth ar bith, ceadúnas árachais d'atharú no do cheiliúradh ar n-a iarraidh sin i scríbhinn, sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, don duine is ceadúnaí fén gceadúnas san.

(2) Pé uair a chífear don Aire gur cheart ceadúnas árachais do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh ar gach foras no ar aon fhoras acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) gur theip ar an duine is ceadúnaí fé forálacha Achta 1909 no an Achta so do chólíonadh, no

(b) nach ceart, toisc nea-dhóthanacht sócmhainní an duine is ceadúnaí fé, an gnó árachais gur ina thaobh a deonadh an ceadúnas san do bheith ar siúl ag an gceadúnaí sin, no

(c) gur theip ar an gceadúnaí sin méid éilimh fé pholasaí árachais do rinneadh leis an gceadúnaí sin d'íoc, leis an té do bhí ina theideal, fé cheann mí tar éis an dáta ar ar hadmhuíodh no ar ar cinneadh no ar ar breithiúnuíodh méid an éilimh sin do bheith dlite, no

(d) i gcás sinneagóide, go bhfuil códhéanamh na sinneagóide atharuithe tré mhéadú do dhéanamh ar bhallraíocht na sinneagóide sin is dóich leis an Aire do bheith míréasúnta ag féachaint do líon na mball a bhí sa tsinneagóid sin ar dháta an cheadúnais árachais do thabhairt amach don tsinneagóid sin,

féadfaidh an tAire fógra i scríbhinn do thabhairt don cheadúnaí sin á rá go bhfuil sé ar intinn féachaint ar cheart an ceadúnas san do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh agus ag luadh na bhforas ar a bhfuil sé ar intinn féachaint ar cheart an ceadúnas san do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh (pe'ca aca é).

(3) Pé uair a bhéarfaidh an tAire fógra fén alt so, don duine is ceadúnaí fé cheadúnas árachais, á rá go bhfuil sé ar intinn féachaint ar cheart an ceadúnas san do chur ar fiunraoi no do cheiliúradh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an ceadúnaí sin, fé cheann lá is fiche, no fé cheann pé aimsire níos sia ná san a cheadóidh an tAire, tar éis an fhógra san do thabhairt, cúis do phlé leis an Aire i dtaobh an churtha-ar-fiunraoi no an cheiliúrtha san;

(b) aon uair tar éis deireadh na haimsire ceaptar leis an mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so chun na cúise sin a luaidhtear sa mhír sin do phlé agus tar éis don Aire an chúis sin (má pléidhtear í) do bhreithniú féadfaidh an tAire más dóich leis san do bheith ceart, tré fhógra do thabhairt don cheadúnaí sin, an ceadúnas san do chur ar fiunraoi go ceann pé aimsire is dóich leis is ceart agus a luadhfaidh sa bhfógra san no é cheiliúradh ar fad;

(c) lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bhfo-alt so raghaidh an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san (pe'ca aca é) in éifeacht an cúigiú lá déag tar éis an fhógra le n-a ndéanfar an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san do thabhairt agus beidh éifeacht aige ón lá san amach;

(d) aon uair tar éis an fhógra san i dtaobh cur-ar-fiunraoi no ceiliúrtha (pe'ca aca é) do thabhairt agus sara raghaidh an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san in éifeacht féadfaidh an ceadúnaí sin a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar shlí achmair an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san do chur ar nea-mbrí agus ar éisteacht an iarratais sin féadfaidh an Ard-Chúirt an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san do chur ar nea-mbrí más deimhin léi go bhfuil forálacha Achta 1909 agus an Achta so cólíonta ag an gceadúnaí sin agus, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, go bhfuil sé ceart agus cothrom an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh san (pe'ca aca é) do chur ar nea-mbrí;

(e) ainmneofar an tAire mar fhreagarthóir in aon iarratas chun na hArd-Chúirte fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so;

(f) nuair a déanfar iarratas chun na hArd-Chúirte fén mír sin roimhe seo den fho-alt so ní raghaidh an cur-ar-fiunraoi no an ceiliúradh is abhar don iarratas san in éifeacht mara ndiúltuighidh ná go dtí go ndiúltóidh an Ard-Chúirt don chur-ar-fiunraoi no don cheiliúradh san do chur ar nea-mbrí, ach beidh san fé réir chirt na hArd-Chúirte chun an dul-in-éifeacht san do chur ar athló tuilleadh go dtí go ndéanfar athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe.

Clár de cheadúnaisí

21. —(1) Cuirfidh an tAire fé ndeár clár de cheadúnaisí (dá ngairmtear san alt so an clár de cheadúnaisí) do choimeád de sna ceadúnaisí árachais uile.

(2) Pé uair a deonfar ceadúnas árachais cuirfidh an tAire fé ndeár go gcuirfear sa chlár de cheadúnaisí láithreach na mioninnste seo leanas, sé sin le rá:—

(a) deonadh an cheadúnais sin, agus

(b) dáta deonta an cheadúnais sin, agus

(c) i gcás cuideachtan árachais, ainm agus seoladh na hoifige cláruithe no na príomh-áite gnótha eile i Saorstát Éireann atá ag an gcuideachtain árachais dar deonadh an ceadúnas san, agus, i gcás sinneagóide, ainmneacha agus seolta ball na sinneagóide sin maraon le hainmneacha agus seolta an duine no na ndaoine chomhnuíonn i Saorstát Éireann agus dá bhfuil sé údaruithe seirbheáil aon fhógraí, scríbhinní, no próiseas dlí do ghlacadh thar ceann na sinneagóide sin, agus

(d) pé mion-innste eile, i dtaobh an cheadúnais sin no bhainnean leis, ordóidh an tAire o am go ham.

(3) Pé uair a hatharófar, a ceiliúrfar, no a haistreofar ceadúnas árachais, no a thiocfa sé chun bheith geallbhruidthe, cuirfear láithreach sa chlár de cheadúnaisí na mion-innste sin i dtaobh an atharuithe, an cheiliúrtha, an aistrithe, no an gheallbhruidthe sin, do réir mar bheidh, ordóidh an tAire o am go ham.

(4) Beidh an clár de cheadúnaisí i pé fuirm agus coimeádfar é i pé áit i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath ordóidh an tAire o am go ham.

(5) Féadfaidh duine ar bith, na tráthanna san ordóidh an tAire, an clár de cheadúnaisí d'iniúchadh ar íoc pé táille, nach mó ná scilling, a ordóidh an tAire o am go ham le toiliú an Aire Airgid.

(6) Na táillí uile is iníoctha fén alt so, déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgid.

(7) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

E d'oblagáid ar chuideachtana árachais airgead do lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

22. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, déanfaidh gach cuideachta árachais go mbeidh gnó árachais ar siúl acu no bheidh ar aigne gnó árachais do bheith ar siúl acu i Saorstát Éireann pé suim no suimeanna acu so leanas, a bhainfidh leis an ngnó no na gnóthaí árachais a bheidh ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh, do lóisteáil agus (faid a bheidh an gnó árachais le n-a mbainfidh aon tsuim a lóisteálfar fén alt so ar siúl ag an gcuideachtain sin amhlaidh) do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, sé sin le rá:—

(a) suim fiche míle púnt alos gach gnótha árachais fé leith acu so leanas, sé sin le rá, gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail, agus

(b) suim fiche míle púnt alos aon ghnótha no gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste agus gnó árachais ghloine, agus

(c) suim cúig mhíle dhéag púnt alos gnótha árachais fheithicle inneall-ghluaiste.

(2) Beidh feidhm ag alt 2 (bhaineann le lóisteála) d'Acht 1909, mar a leasuítear no a hatharuítear san leis an alt so, maidir le gach suim a ceangailtear leis an alt so ar chuideachtain árachais do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil fé mar atá feidhm ag an alt san 2 maidir leis an suim is gá do chuideachtain árachais do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil fén alt san.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chuideachtain acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) cuideachta le Saorstát Éireann is comhlachas d'fhostóirí agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh gurb é atá, ar fad no go substainteach, sa ghnó bhíonn no atá le bheith ar siúl acu ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh freagarthachta i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le fir oibre ar fostú ag na baill sin, go haonarach no maraon le hárachas in aghaidh aon fhionntair eile bhaineann leis an trádáil, an tionnscal no an gnó bhíonn ar siúl ag na baill sin, no

(b) cuideachta le Saorstát Éireann is comhlachas d'únaerí no de shealbhairí foirgintí no maoine eile agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh gurb é atá, ar fad no go substainteach, sa ghnó bhíonn no atá le bheith ar siúl acu ná comhar-árachú a gcuid bhall in aghaidh damáiste do dhéanamh, de dheascaibh no i dtaobh tóiteáin, do sna foirgintí no don mhaoin eile atá ar únaeracht no ar seilbh acu, no

(c) cuideachta gur deimhin leis an Aire ina dtaobh iad do bheith do réir forálacha ailt 2 d'Acht na nUdarás nAitiúil (Comhar-Arachas), 1926 (Uimh. 34 de 1926) , no

(d) cuideachta árachais go raibh gnó árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail ar siúl acu i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus nach gá dhóibh do réir Achta 1909 éarlais do lóisteáil agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh gurb é atá, ar fad no go substainteach, sa ghnó bhíonn ar siúl aca ná árachaisí do dhéanamh in aghaidh cailliúint no damáistiú maoine no alos maoine is le cóghléasadh no cólucht creidimh no atá i seilbh ar iontaobhas dóibh no in úsáid no ar seilbh acu no thar a gceann le n-a n-áirmhítear freagarthacht i gcúiteamh no in airgead damáiste d'íoc le fir oibre ar fostú ag iontaobhaithe, coistí, maoir no oifigigh eile no sealbhóirí maoine den tsórt san, no

(e) cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais ghloine ar siúl acu agus gur deimhin leis an Aire ina dtaobh ná bíonn aon ghnó árachais eile ar siúl acu.

E d'oblagáid ar Choiste Lloyd's éarlaisí do lóisteáil.

23. —(1) Pé uair agus faid a bheidh aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó banna-shúncála, gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste, agus gnó árachais ghloine ar siúl i Saorstát Éireann ag sinneagóid no dhá shinnegóid no níos mó déanfaidh Coiste Lloyd's suim fiche míle púnt do lóisteáil agus go choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(2) Pé uair agus faid a bheidh gnó árachais fheithicle inneallghluaiste ar siúl i Saorstát Éireann ag sinneagóid no dhá shinneagóid no níos mó, déanfaidh Coiste Lloyd's suim cúig mhíle dhéag púnt do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(3) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais gach suim a lóisteálfar fén alt so do shúncáil i pé urrúis is rogha le Coiste Lloyd's agus go mbeidh údaruithe de thurus na huaire do réir dlí airgead fé urláimh no fé réir ordú na hArd-Chuirte do shúncáil ionta, agus íocfaidh an Cuntasóir sin an t-ús ar na hurrúis sin leis an gCoiste sin.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 2 d'Acht 1909 maidir le suimeanna do lóisteáil fén alt so fé mar atá feidhm acu maidir le suimeanna do lóisteáil fén alt san.

Earlaisí a bheidh ar lóisteáil fé Acht 1909 d'aistriú.

24. —(1) Pé uair a bheidh cuideachta árachais ag coimeád éarlaise ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais i dtosach feidhme na Coda so den Acht so do réir Achta 1909 alos saghais áirithe gnótha árachais agus is gá don chuideachtain árachais sin do réir na Coda so den Acht so suim airgid do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais alos an tsaghais áirithe céanna san gnótha árachais, coinneoidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais sin a bheidh á coimeád ar lóisteáil amhlaidh i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus na súncála is ionann agus an éarlais sin an uair sin agus tuigfear gur éarlais iad do lóisteáil an chuideachta árachais sin alos an tsaghais áirithe sin gnótha árachais do réir na Coda so den Acht so.

(2) Díreach i dtosach feidhme na Coda so den Acht so áirmheoidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais agus déanfaidh amach, maidir le gach éarlais a choinneoidh do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, an méid is luach margaidh, le linn an tosach feidhme sin, do sna súncála is ionann an uair sin agus an éarlais sin agus bhéarfaidh láithreach don chuideachtain árachais do choimeád an éarlais sin ar lóisteáil amhlaidh fógra i scríbhinn ag luadh méid an luacha mhargaidh sin a déanfar amach amhlaidh agus an méid (más aon mhéid é) is lugha no is mó (pe'ca aca é) an luach margaidh sin ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin agus leis sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más lugha an luach margaidh sin ná an lán-mhéid ceart san agus go lóisteálfaidh an chuideachta árachais sin le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, mí ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, suim is có-ionann leis an deifríocht idir an luach margaidh sin agus an lán-mhéid ceart san, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais gurb ionann na súncála san agus í agus d'áireamh mar chuid den éarlais sin agus tuigfear an lán-mhéid ceart san do bheith san éarlais sin i dtosach feidhme na Coda so den Acht so agus ón am san amach;

(b) má bhíonn breis ag an luach margaidh sin ar an lán-mhéid ceart san féadfaidh an chuideachta árachais sin, tráth ar bith fé cheann trí mhí tar éis an fhógra san d'fháil, íoc na breise sin d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire, agus leis sin féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú do Chuntasóir na hArd-Chúirte an oiread san (más ann dó) de sna súncála san do dhíol a fhágfaidh luach margaidh na coda eile de sna súncála san do bheith, lá an díola san, có-ionann leis an lán-mhéid ceart san agus sochar an díola san d'íoc leis an gcuideachtain árachais sin (tar éis costaisí an díola san do thógaint as) no, má iarrann an chuideachta árachais sin go ndéanfaí amhlaidh, a ordú do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an oiread san (más ann dó) de sna súncála san d'aistriú chun na cuideachtan árachais sin, no chun duine éigin ainmneoidh an chuideachta árachais sin, a fhágfaidh luach margaidh na coda eile de sna súncála san do bheith, lá an aistrithe sin, có-ionann leis an lán-mhéid ceart san.

Fiacha breithiúntais d'íoc as éarlaisí.

25. —(1) Pé uair a dhéanfaidh Cúirt ordú, aithne, no breithiúntas á cheangal ar chuideachtain árachais no ar shinneagóid airgead d'íoc le duine ar bith alos éilimh fé pholasaí ar n-a thabhairt amach ag an gcuideachtain árachais no ag an sinneagóid sin (pe'ca aca é) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin i slí achmair don duine sin, a ordú an t-airgead san d'íoc (i dteanta no d'éamuis costaisí an iarratais sin) leis an duine sin as an éarlais no as aon éarlais áirithe bheidh á coimeád ar lóisteáil ag an gcuideachtain árachais sin no ag Coiste Lloyd's (pe'ca aca é) do réir an Achta so.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt ordú fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so íocfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an t-airgead a luadhfar san ordú san leis an duine agus as an éarlais a luadhfar san ordú san agus díolfaidh chuige sin oiread, de sna súncála is ionann agus an éarlais sin, agus is gá (tar éis costaisí an díola san do ghlanadh) chun go bhféadfar an t-airgead san d'íoc amhlaidh.

(3) Pé uair a dhéanfaidh Cuntasóir na hArd-Chúirte, do réir orduithe ar n-a dhéanamh ag Cúirt fén alt so, aon airgead d'íoc as éarlais, no aon chuid do dhíol de sna súncála is ionann agus éarlais, a bheidh á coimeád ar lóisteáil leis do réir na Coda so den Acht so ag cuideachtain árachais no ag Coiste Lloyd's, áirmheoidh agus déanfaidh amach láithreach luach margaidh an mhéide bheidh gan díol de sna súncála is ionann agus an éarlais sin agus, más lugha ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin an luach margaidh sin maraon le haon airgead nea-shúncálta is cuid den éarlais sin, bhéarfaidh fógra i scríbhinn don chuideachtain árachais sin no don Choiste sin (fé mar is gá sa chás) i dtaobh an easnaimh sin agus a mhéide.

(4) Más rud é, nuair a bhéarfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais fógra i dtaobh easnaimh ar éarlais do chuideachtain árachais no do Choiste Lloyd's do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, go lóisteálfaidh an chuideachta árachais sin no Coiste Lloyd's le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, ceithre lá déag ar a mhéid tar éis an fhógra san d'fháil, suim is có-ionann le méid an easnaimh a luadhfar sa bhfógra san, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais sin agus d'áireamh mar chuid di agus tuigfear gur choimeád an chuideachta árachais sin no Coiste Lloyd's (pe'ca aca é) an éarlais sin ina lán-mhéid cheart.

Earlaisí do scaoileadh.

26. —(1) Pé uair a scuirfidh cuideachta árachais d'aon tsaghas áirithe gnótha árachais do bheith ar siúl acu go mbeidh an chuideachta árachais sin ag coimeád éarlaise ar lóisteáil ina thaobh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do réir na Coda so den Acht so, féadfaidh an chuideachta árachais sin ordú den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire.

(2) Más rud é, ar chuideachtain árachais do dhéanamh iarratais chun na hArd-Chúirte fén alt so, gur deimhin leis an Ard-Chúirt nach gá an éarlais le n-a mbaineann an t-iarratas san do choimeád ar lóisteáil i dtaobh aon ghnótha árachais eile bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain árachais sin, agus gur híocadh agus gur glanadh na fiachaisí do bhí ar an gcuideachtain árachais sin i Saorstát Éireann alos an ghnótha árachais sin gur scuir an chuideachta árachais sin amhlaidh d'é do bheith ar siúl acu no gur tugadh do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais urrús chun a shástachta ar na fiachaisí sin d'íoc, ordóidh an Ard-Chúirt do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais pé costaisí (más ann dóibh) d'íoc as na súncála agus as an airgead is ionann agus an éarlais sin ordóidh an Ard-Chúirt agus, maran leor an t-airgead san chun na gcostaisí sin d'íoc, oiread de sna súncála san do dhíol agus is leor (tar éis costaisí an díola san d'íoc) chun na críche sin agus na súncála san no an méid a bheidh fanta dhíobh (pe'ca aca é) d'aistriú chun na cuideachtan árachais sin agus an t-airgead san no an méid (más aon mhéid é) a bheidh fanta dhe (pe'ca aca é) d'íoc leis an gcuideachtain árachais sin.

Earlaisí bheidh ar lóisteáil ag Coiste Lloyd's do scaoileadh.

27. —(1) Más rud é, aon uair le linn Coiste Lloyd's do bheith ag coimeád éarlaise fiche míle púnt ar lóisteáil le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais do réir na Coda so den Acht so, ná beidh aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó banna-shúncála, gnó árachais fheithicle inneallghluaiste, no gnó árachais ghloine ar siúl i Saorstát Éireann ag aon tsinneagóid, féadfaidh Coiste Lloyd's ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiadh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i dtaobh na héarlaise sin i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire.

(2) Más rud é, aon uair le linn Coiste Lloyd's do bheith ag coimeád éarlaise cúig mhíle dhéag púnt ar lóisteáil le Cuntasóir na gCuirteanna Breithiúnais do réir na Coda so den Acht so, ná beidh gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste ar siúl i Saorstát Éireann ag aon tsinneagóid, féadfaidh Coiste Lloyd's ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i dtaobh na héarlaise sin i slí achmair ar fhógra do thabhairt don Aire.

(3) Más rud é, ar Choiste Lloyd's do dhéanamh iarratais chun na hArd-Chúirte fén alt so, gur deimhin leis an Ard-Chúirt ná fuil aon ghnó árachais oiriúnach (mar a mínítear san sa chéad fho-alt eile den alt so) ar siúl i Saorstát Éireann ag aon tsinneagóid agus gur híocadh no gur glanadh na fiachaisí do bhí, laistigh de Shaorstát Éireann, ar gach sinneagóid ag á raibh aon ghnó árachais oiriúnach ar siúl i Saorstát Éireann roimhe sin no gur tugadh do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais urrús chun a shástachta ar na fiachaisí sin d'íoc, ordóidh an Ard-Chúirt do Chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais pé costaisí (más ann dóibh) d'íoc as na súncála agus as an airgead is ionann agus an éarlais le n-a mbainfidh an t-iarratas san ordóidh an Ard-Chúirt agus, maran leor an t-airgead san chun na gcostaisí sin d'íoc, oiread de sna súncála san do dhíol agus is leor (tar éis costaisí an díola san d'íoc) chun na críche sin agus na súncála san no a mbeidh fanta dhíobh (pe'ca aca é) d'aistriú chun Coiste Lloyd's agus an t-airgead san no an méid (más aon mhéid é) a bheidh fanta dhe d'íoc leis an gCoiste sin.

(4) Sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so cialluíonn an abairt “gnó árachais oiriúnach”—

(a) i gcás iarratais i dtaobh éarlaise fiche míle púnt do lóisteáil Coiste Lloyd's do réir an Achta so—aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionnscail, gnó banna-shúncála, gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste, agus gnó árachais ghloine, agus

(b) i gcás iarratais i dtaobh éarlaise cúig mhíle dhéag púnt do lóisteáil Coiste Lloyd's do réir an Achta so—gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste.

CUID III

Gnothai Arachais Airithe do Cho-Nascadh agus d'Aistriu.

Scéim chun cuideachtana árachais do chó-nascadh do leagadh fé bhráid an Aire.

28. —(1) Aon dá chuideachtain no níos mó le Saorstát Éireann go raibh gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu i Saorstát Éireann an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935 (dá ngairmtear cuideachtana bunathóireachta sa Chuid seo den Acht so) féadfaidh, d'ainneoin éinní atá in airtiogail agus i memorandum comhlachais na gcuideachtan san agus pe'ca bhíonn aon ghnó árachais eile ar siúl ag na cuideachtana san no ná bíonn, scéim i scríbhinn do leagadh fé bhráid an Aire tráth ar bith roimh an lá ceaptha chun na gcuideachtana bunathóireachta san do chó-nascadh in aon chuideachtain amháin (dá ngairmtear an chuideachta chó-nasctha sa Chuid seo den Acht so agus sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so) chó fada is théigheann an gnó árachais saoil (más ann dó) agus an gnó árachais tionnscail (más ann dó) a bhíonn ar siúl ag gach cuideachtain acu fé seach agus chun gach saghas eile gnótha árachais (más aon tsaghas é) a bhíonn ar siúl ag na cuideachtana bunathóireachta san fé seach d'aistriú go dtí cuideachta no cuideachtana éigin eile le Saorstát Éireann (dá ngairmtear na cuideachtana glacthacha sa Chuid seo den Acht so).

(2) Maidir le gach scéim a cuirfear fé bhráid an Aire fén alt so—

(a) beidh mion-innste inti i dtaobh an tsocruithe idir na cuideachtana bheidh i gceist le haghaidh an chó-nasctha agus an aistrithe (más ann dó) le n-a mbaineann an scéim sin,

(b) beidh ina teanta cóipeanna de sna dintiúirí, de sna connartha agus de sna scríbhinní eile ina mbeidh an socrú san,

(c) beidh na forálacha uile inti is gá chun an chó-nasctha san agus an aistrithe sin, más ann dó, do dhéanamh,

(d) beidh ina teanta tuarasgabhála bheidh déanta agus deimhnithe ag achtuairí thar ceann gach cuideachtan de sna cuideachtana bunathóireachta i dtaobh na ngnóthaí leis an gcuideachtain sin a bheidh le có-nascadh do réir na scéime sin,

(e) beidh ina teanta tuarasgabháil a bheidh déanta agus deimhnithe ag achtuaire nea-spleách ar a gcó-aontóidh na cuideachtana bunathóireachta uile i dtaobh na ngnóthaí uile agus fé seach le n-a mbainfidh an cónascadh san,

(f) beidh inti, maidir leis an gcuideachtain chó-nasctha bheidh le bunú do réir na scéime sin, forálacha bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna an ailt seo, agus cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” san alt so an lá ceapfar amhlaidh.

An tAire d'iniúchadh scéime có-nasctha.

29. —(1) Nuair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire an scéim sin do chur fé bhráid duine éigin ainmneoidh sé chun í d'iniúchadh agus chun tuarasgabháil do thabhairt uirthi.

(2) Nuair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so bhéarfaidh cuideachta bhunathóireachta don Aire, ar an Aire dá cheangal san ortha, gach eolas, mion-innsint agus scríbhinn i dtaobh na cuideachtan bunathóireachta san a theastóidh ón Aire.

(3) Má theipeann ar aon chuideachtain bhunathóireachta aon eolas, mion-innste, no scríbhinní do thabhairt uatha cheanglóidh an tAire ar an gcuideachtain sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do thabhairt uatha, ansan ar fhoras an teipthe sin agus gan dochar dá chomhacht chun diúltuithe más rogha leis féin é d'aontú leis an scéim gur ceann de sna cuideachtana bunathóireachta le n-a mbaineann sí an chuideachta ar a dteipfidh amhlaidh, féadfaidh an tAire diúltú d'aontú leis an scéim sin.

(4) Nuair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire a cheangal ar na cuideachtana bunathóireachta an scéim sin do leasú in aon tslí no ponc áirithe agus má theipeann ar na cuideachtana bunathóireachta no má dhiúltuíd an scéim sin do leasú dá réir sin féadfaidh an tAire (gan dochar dá chomhacht chun diúltuithe más rógha leis féin é d'aontú leis an scéim sin) diúltú leis an scéim sin.

(5) Sa mhéid go gcinnfidh an tAire é le toiliú an Aire Airgid déanfaidh na cuideachtana bunathóireachta na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire fén alt so d'íoc i pé cionúireachtaí ordóidh an tAire i ngach cás áirithe agus féadfaidh an tAire an chionúireacht de sna costaisí sin a leagfar amhlaidh ar aon chuideachtain den tsórt san do bhaint den chuideachtain sin mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.

An tAire d'aontú le scéim.

30. —Pé uair a cuirfear scéim fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so féadfaidh an tAire, fé mar is rogha leis féin é, aontú no diúltú d'aontú leis an scéim sin roimh é leasú no tar éis é leasú do réir éilimh ar n-a dhéanamh ag an Aire chuige sin.

An Ard-Chúirt do dhaingniú agus do cheadú scéime cónasctha.

31. —(1) Nuair aontóidh an tAire le scéim (go leasú no gan leasú) a cuirfear fé n-a bhráid fén gCuid seo den Acht so féadfaidh na cuideachtana bunathóireachta no an tAire a iarraidh ar an Ard-Chúirt an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú.

(2) Sara n-iarrfar ar an Ard-Chuirt fén alt so scéim do dhaingniú agus do cheadú déanfaidh na cuideachtana bunathóireachta no an tAire (pe'ca aca é)—

(a) a chur fé ndeár fógra d'fhoillsiú uair amháin ar a laighead san Iris Oifigiúil á rá gur aontuigh an tAire leis an scéim agus go bhfuil na cuideachtana bunathóireachta no an tAire (pe'ca aca é) ar intinn a iarraidh ar an Ard-Chúirt an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú, agus

(b) cóipeanna de sna có-aontuithe, de sna dintiúirí, agus de sna socruithe eile is foras don scéim sin do choimeád in oifig gach cuideachtan de sna cuideachtana bunathóireachta no in oifig an Aire (fé mar is gá sa chás) ar feadh cúig lá déag ar a laighead sara ndéanfar an t-iarratas san agus leigint do shealbhóirí polasaithe agus do scaireánaigh in aon cheann de sna cuideachtana bunathóireachta na cóipeanna san d'iniúchadh gan íoc as, agus

(c) mar a n-orduighidh an Ard-Chúirt a mhalairt, fógra i dtaobh na scéime sin do thabhairt tré fhógrán do chur uair amháin san Iris Oifigiúil agus uair amháin i ngach ceann de dhá pháipéar laethiúla foillsítear i Saorstát Éireann agus beidh na mion-innste seo leanas i ngach fógrán den tsórt san, sé sin le rá:—

(i) ráiteas ar chineál an chó-nasctha bheartuithe agus an aistrithe bheartuithe, más aon cheann é, agus

(ii) achmaireacht ar na réada táchtacha atá sna có-aontuithe, sna dintiúirí, no sna socruithe eile is foras don scéim sin, agus

(iii) an áit ina bhféadfar agus na tráthanna féadfar aon tuarasgabháil d'iniúchadh do tugadh don Aire leis an scéim sin.

(3) Ar éisteacht iarratais fén alt so ar scéim do dhaingniú agus do cheadú féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis na gcuideachtana bunathóireachta agus an Aire d'éisteacht agus fós pé daoine eile is dóich léi do bheith i dteideal a n-éistithe, an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú, más oiriúnach léi é, gan coinníoll no tar éis pé atharuithe is oiriúnach léi do dhéanamh uirthi agus, pe'ca dhéanfaidh an scéim sin do dhaingniú agus do cheadú no ná déanfaidh, féadfaidh pé ordú chífear don Chúirt sin ag féachaint do chúrsaí uile an cháis do bheith ceart agus cothrom do dhéanamh maidir le costaisí an iarratais sin agus leis na páirtithe ar a mbeidh na costaisí sin.

Eifeacht de bhíthin scéim chó-nasctha do dhaingniú agus do cheadú.

32. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt scéim do dhaingniú agus do cheadú fén gCuid seo den Acht so, ansan, d'ainneoin éinní i memorandum comhlachais aon chuideachtan de sna cuideachtana bunathóireachta bheidh páirteach sa scéim sin, cuirfidh an daingniú agus an ceadú san ceangal ar scaireánaigh uile agus ar shealbhóirí polasaithe uile agus fós ar chreidmheasóirí agus féichiúnaigh uile gach cuideachtan bunathóireachta acu san.

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Ard-Chúirt scéim do dhaingniú agus do cheadú fén gCuid seo den Acht so, déanfaidh pé cuideachta ordóidh an Ard-Chúirt, de sna cuideachtana bunathóireachta bheidh páirteach sa scéim sin, cóip den scéim sin, mar do dhaingnigh agus do cheaduigh an Ard-Chúirt í, agus fós cóip dheimhnithe den ordú ón Ard-Chúirt ag daingniú agus ag ceadú na scéime sin do sheachadadh don Aire agus do Chlárathóir na gCuideachtan fé cheann lá is fiche tar éis an daingnithe agus an cheaduithe sin, agus má theipeann ar an gcuideachtain bhunathóireachta san déanamh amhlaidh beidh gach stiúrthóir den chuideachtain bhunathóireachta san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air agus fós, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an cionta san.

Cearta cuideachtan có-nasctha chun crícheanna Coda II.

33. —I gcás aon chuideachtana bunathóireachta do theacht, fén gCuid seo den Acht so, chun bheith ina gcuideachtain chó-nasctha agus gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san do bheith ar siúl ag gach ceann no aon cheann de sna cuideachtana bunathóireachta san an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, tuigfear chun crícheanna Coda II den Acht so an chuideachta chó-nasctha san do bheith ina cuideachtain le Saorstát Éireann go raibh ceachtar de sna gnóthaí sin no iad araon (do réir mar is gá sa chás) ar siúl acu an dáta san.

Srian le feidhm ailt 13 d'Acht 1909.

34. —Ní bhainfidh alt 13 d'Acht 1909 le haon scéim a cuirfear fé bhráid an Aire fén gCuid seo den Acht so ach má dhiúltuíonn an tAire d'aontú le scéim fén gCuid seo den Acht so ní dhéanfaidh an nea-mbaint sin deifir ná dochar do cheart aon dá chuideachtan no níos mó le Saorstát Éireann, go mbíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu (pe'ca bhíonn aon ghnó árachais eile ar siúl aca no ná bíonn), có-nascadh le chéile no aon ghnó árachais d'aistriú fén alt san 13.

Srian le cuideachtain chó-nasctha do thabhairt amach scair-chaipitail.

35. —Ní déanfar aon chuid de scair-chaipital aon chuideachtan có-nasctha do thabhairt amach, faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon scaireanna leis an gcuideachtain sin, gan an tAire Airgid do thoiliú chuige tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

An tAire Airgid d'fho-scríobhadh scaireanna le cuideachtana có-nasctha agus do shuibscríobhadh le n-a n-aghaidh.

36. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an tAire Airgid—

(a) fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, a chó-aontú le haon chuideachtain chó-nasctha go ndéanfa sé, mara dtógfaidh an phuiblíocht fé cheann aimsire áirithe aon scaireanna sa chuideachtain sin a beifear ar tí a thairisgint don phuiblíocht chun suibscríbhte, na scaireanna san no cionúireacht éigin áirithe dhíobh do thógaint agus íoc asta, agus

(b) aon scaireanna (d'aon chineál no saghas) le cuideachtain chó-nasctha d'fháil o am go ham tré shuibscríobhadh.

(2) Ní raghaidh méid iomlán no scaireanna uile thógfaidh no gheobhaidh an tAire fén alt so thar cúig céad míle púnt in ainm-luach.

Airgead do thabhairt amach as an bPrímh-Chiste.

37. —(1) Déanfar an t-airgead uile is gá o am go ham chun íoctha íocaíochtaí bheidh le déanamh ag an Aire Airgid le haon chuideachtain chó-nasctha alos aon scaireanna thógfaidh no gheobhaidh fén Acht so do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis.

(2) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimh-íocfar amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis fén alt so féadfaidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca no fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(4) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Díbhinní, etc., do gheobhaidh an tAire Airgid do chur de láimh.

38. —Déanfar gach díbhinn, bonus, agus airgead eile, do gheobhaidh an tAire Airgid alos scaireanna le cuideachtain chónasctha bheidh ar seilbh aige, d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire sin.

An tAire Airgid d'fheidhmiú comhacht scaireánaigh.

39. —Faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon choda de scaireanna cuideachtan có-nasctha féadfaidh gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta bheidh infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san d'fheidhmiú agus, i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin, más dóich leis san do bheith ceart, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.

Comhacht don Aire Airgid chun scaireanna do choimeád agus do dhíol.

40. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid na scaireanna le cuideachtain chó-nasctha do gheobhaidh no thógfaidh fén Acht so do choimeád faid is oiriúnach leis é agus féadfaidh gach scair no aon scair acu san do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

(2) Gach uair a dhéanfaidh an tAire Airgid scaireanna le cuideachtain chó-nasctha bheidh ar seilbh aige do dhíol déanfar sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire sin.

An tAire Airgid do dhul i gcomhairle leis an Aire.

41. —Sara bhfeidhmeoidh an tAire Airgid aon chomhacht a bronntar air le hairtiogail chomhlachais chuideachtan có-nasctha maidir le stiúrthóirí den chuideachtain sin d'ainmniú ragha sé i gcomhairle leis an Aire.

Memorandum agus airtiogail chomhlachais chuideachtan có-nasctha d'atharú.

42. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan 1908 go 1924, ní bheidh dleathacht ná éifeacht ag aon atharú ar mhemorandum chomhlachais no ar airtiogail chomhlachais chuideachtan có-nasctha déanfar, le linn aon scaireanna leis an gcuideachtain sin do bheith ar seilbh ag an Aire Airgid, gan an tAire Airgid d'aontú leis roimh ré tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

E d'oblagáid ar chuideachtain chó-nasctha cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt uatha.

43. —(1) Bhéarfaidh gach cuideachta chó-nasctha, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana fé leith de bhlianta cuntasaíochta na cuideachtan san, don Aire agus don Aire Airgid, in aghaidh na bliana cuntasaíochta san, na scríbhinní seo leanas agus iad iniúchta ag iniúchóir na cuideachtan san agus tarraicthe suas i pé slí le n-a n-aontóidh an tAire Airgid tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, sé sin le rá, cuntas cothromaíochta agus cuntas sochair agus dochair, agus fós cuntas ioncuim ar leithligh maidir le gach saghas gnótha árachais ar leithligh a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin.

(2) Ar n-a éileamh san don Aire no don Aire Airgid bhéarfaidh gach cuideachta chó-nasctha don Aire dhéanfaidh an t-éileamh san pé mínithe is dóich leis an Aire sin is ceart d'éileamh i dtaobh aon chuntais chothromaíochta, cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim do bhéarfar dó do réir an ailt seo.

(3) Déanfaidh an tAire Airgid cóip de gach cuntas cothromaíochta, cuntas sochair agus dochair agus cuntas ioncuim do bhéarfar don Aire sin do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid Dháil Éireann fé cheann mí tar éis an chuntais chothromaíochta, an chuntais sochair agus dochair no an chuntais ioncuim sin (do réir mar a bheidh) do thabhairt dó amhlaidh.

(4) Má fhaillíonn cuideachta chó-nasctha aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do chólíonadh, beidh an chuideachta san, agus gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile de chuid na cuideachtan san d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí.

(5) An cuntas cothromaíochta, an cuntas sochair agus dochair agus an cuntas ioncuim is gá do réir an ailt seo do gach cuideachtain chó-nasctha do thabhairt uatha is cuntaisí iad i dteanta, agus ní cuntaisí iad in ionad, aon chuntais chothromaíochta no cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim eile is gá don chuideachtain sin de thurus na huaire do réir dlí d'ullamhú agus do thabhairt uatha.

CUID IV.

Cuideachtana Arachais Docmhainneacha d'Fhoirceannadh agus d'Iniuchadh.

Míniú ar dhócmhainneacht.

44. —Tuigfear cuideachta do bheith dócmhainneach chun crícheanna na Coda so den Acht so ar aon dáta áirithe, san am láithreach no san am caithte, i gcás cúrsaí na cuideachtan san do bheith ar a leithéid sin de chor ar an dáta áirithe sin go bhféadfadh an Chúirt, fé ailt 129 agus 130 d'Acht 1908, dá mbunuítí imeachta ar an dáta san chun na cuideachtan san d'fhoirceannadh, a thabhairt mar bhreith an chuideachta san do bheith, ar an dáta san, neamh-ábalta ar a bhfiacha d'íoc.

Comhacht don Aire chun a achuinge go ndéanfaí cuideachta árachais d'fhoirceannadh.

45. —Féadfaidh an tAire achuinge do thíolacadh á iarraidh cuideachta árachais d'fhoirceannadh ar an bhforas go bhfuil an chuideachta san neamh-ábalta ar a bhfiacha d'íoc do réir bhrí alt 129 agus 130 d'Acht 1908.

Comhachta i gcás cuideachtana árachais ná beifear cinnte i dtaobh a sócmhainneachta.

46. —(1) Tré fhógra do sheirbheáil ar chuideachtain árachais féadfaidh an tAire a cheangal ar an gcuideachtain sin go dtabharfaidís dó, fé cheann pé aimsire luadhfar sa bhfógra san, pé mínithe, eolas, cuntaisí, cuntaisí cothromaíochta, achmaireachtaí agus ráitisí luadhfar agus is dóich leis an Aire is gá chun a chinneadh ce'ca tá an chuideachta san dócmhainneach no ná fuil.

(2) Le fógra seirbheálfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so féadfar a cheangal, maidir le haon mhíniú, eolas, cuntas, cuntas cothromaíochta, achmaireacht no ráiteas dá mbeidh le tabhairt do réir an fhógra san—

(a) é bheith sighnithe ag an méid sin de stiúrthóirí na cuideachtan árachais agus ag na hoifigigh sin d'oifigigh na cuideachtan árachais a luadhfar sa bhfógra san;

(b) na cóipeanna san de scríbhinní luadhfar sa bhfógra san do bheith ina theanta;

(c) é bheith deimhnithe bheith ceart ag iniúchóir le n-a mbeidh an tAire sásta no ag achtuaire le n-a mbeidh an tAire sásta no ag iniúchóir agus ag achtuaire den tsórt san.

(3) Pé uair a sheirbheálfaidh an tAire fógra ar chuideachtain árachais fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) pe'ca dhéanfaidh an chuideachta árachais sin do réir an fhógra san no ná déanfaidh féadfaidh an tAire, más dóich leis san do bheith ceart, aon uair tar éis deireadh na haimsire do ceapadh leis an bhfógra san chun déanamh dá réir agus tar éis an eolais agus na scríbhinní (más aon cheann é) do thug an chuideachta árachais sin uatha do réir an fhógra san do bhreithniú, fógra (da ngairmtear fógra fiosrúcháin san alt so) do sheirbheáil ar an gcuideachtain árachais sin á rá go bhfuil an tAire chun fiosrúchán do dhéanamh fén alt so i dtaobh cúrsaí na cuideachtan árachais sin i gceann na haimsire (nach giorra ná seacht lá o am seirbheála an fhógra san) a luadhfar chuige sin sa bhfógra san;

(b) aon uair roimh dheireadh na haimsire luadhfar, mar adubhradh, sa bhfógra fiosrúcháin sin féadfaidh an chuideachta árachais sin fógra (dá ngairmtear fógra agóide san alt so) do thabhairt don Aire á rá go bhfuil an chuideachta árachais sin i gcoinnibh an fhiosrúcháin a luaidhtear sa bhfógra fiosrúcháin sin;

(c) fé cheann mí tar éis fógra agóide do thabhairt féadfaidh an tAire, mara ndeinidh an chuideachta árachais sin an fógra agóide sin do tharrac siar níos túisce, ordú den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i slí achmair agus ar éisteacht an iarratais sin déanfaidh an Ard-Chúirt, maran deimhin léi, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, ná fuil sé réasúnta go n-éileodh no go ndéanfadh an tAire an fiosrúchán a luaidhtear sa bhfógra fiosrúcháin sin, a ordú agus a thabhairt de chomhacht don Aire an fiosrúchán san do dhéanamh;

(d) ar iarratas fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so d'éisteacht féadfaidh an Ard-Chúirt pé ordú do dhéanamh is dóich léi is ceart i dtaobh costaisí an iarratais sin agus na gcostaisí ghabhann leis;

(e) mara seirbheáltar aon fhógra agóide fé cheann na haimsire ceapfar chuige sin no má deintear fógra agóide do seirbheáladh amhlaidh do tharrac siar sara mbunóidh an tAire iarratas chun na hArd-Chúirte no má dheineann an Ard-Chúirt ordú ag tabhairt comhachta don Aire an fiosrúchán san do dhéanamh, féadfaidh an tAire an fiosrúchán san a luaidhtear sa bhfógra fiosrúcháin sin do dhéanamh tráth ar bith tar éis pé ama acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

(i) mara seirbheáltar aon fhógra agóide fé cheann na haimsire ceapfar chuige sin, deireadh na haimsire ceapfar amhlaidh, no

(ii) má deintear fógra agóide seirbheálfar amhlaidh do tharrac siar mar adubhradh, dáta an tarraicthesiar san, no

(iii) má dheineann an Ard-Chúirt ordú den tsórt san roimhráite, dáta an orduithe sin.

(4) Pé uair fhiosróidh an tAire cúrsaí cuideachtan árachais fén alt so féadfaidh, le toiliú an Aire Airgid, cigire no cigirí do cheapadh chun crícheanna an fhiosrúcháin sin agus beidh gach cigire ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar pé téarmaí agus coinníollacha agus ar pé luach saothair a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgid.

(5) Bainfidh forálacha fo-alt (3), (4) agus (5) d'alt 109 d'Acht 1908 le gach cigire ceapfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so fé mar a bhainid le cigirí ceaptar fén alt san, agus aon diúltú luaidhtear sa bhfo-alt san (5) agus is diúltú oifigigh no gníomhaire chuideachtan árachais agus atá no fhéadfadh bheith ina fhoras chun an oifigigh no an ghníomhaire sin na cuideachtan árachais sin do phionósú fén bhfo-alt san (5), beidh sé ina fhoras freisin ar a bhféadfaidh an tAire achuinge do thíolacadh chun na cuideachtan árachais sin d'fhoirceannadh agus ar a bhféadfaidh an Ard-Chúirt, ar éisteacht aon achuinge den tsórt san, ordú do dhéanamh chun na cuideachtan árachais sin d'fhoirceannadh fé réim agus do réir Achta 1908.

(6) Pé uair fhiosróidh an tAire cúrsaí cuideachtan árachais fén alt so féadfaidh an tAire ordú d'iarraidh ar an Ard-Chúirt i slí achmair á ordú go n-aisíocfaidh an chuideachta árachais sin leis an Aire na costaisí agus na caiteachaisí uile do ghaibh agus do bhain leis an bhfiosrúchán san do dhéanamh no aon chuid díobh, agus ar éisteacht aon iarratais den tsórt san féadfaidh an Ard-Chúirt, más oiriúnach léi é, ordú do dhéanamh á ordú go n-íocfaidh an chuideachta árachais sin leis an Aire na costaisí agus na caiteachaisí uile do ghaibh agus do bhain leis an bhfiosrúchán san do dhéanamh no aon chuid díobh, agus chuige sin féadfaidh méid na gcostas agus na gcaiteachas san do thomhas no do mheas-iniúchadh no d'fháil amach ar shlí eile.

Fianaise ar neamhábaltacht ar fhiacha d'íoc.

47. —In aon imeachta de dhruim achuinge tíolacfar fén gCuid seo den Acht so chun cuideachta árachais d'fhoirceannadh, beidh fianaise ar an gcuideachtain sin do bheith dócmhainneach i ndeireadh na tréimhse le n-a mbaineann na cuntaisí agus an cuntas cothromaíochta ón gcuideachtain sin is déanaí tugadh don Aire do réir na Coda so den Acht so no ar an dáta ar ar sheirbheáil an tAire fógra ar an gcuideachtain árachais sin fén gCuid seo den Acht so beidh san, mara gcruthuítear a mhalairt, ina fhianaise go bhfuil an chuideachta san, má háirmhítear a gcuid fiachaisí teagmhasacha agus todhachaí, neamh-ábalta ar a bhfiacha d'íoc.

CUID V.

Gno Arachais Tionnscail.

Mínithe sa Chuid seo.

48. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “cuideachta árachais tionnscail” cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais tionnscail ar siúl acu;

cialluíonn an focal “bailitheoir” duine, pé saghas a luach saothair, a théigheann o thigh go tigh chun praemia is iníoctha ar pholasaithe árachais tionnscail do ghlacadh agus foluíonn ionadaí d'aon duine den tsórt san agus foluíonn fós duine go leas ar bith aige i leabhar bailiúcháin;

cialluíonn an abairt “leabhar bailiúcháin” aon leabhar no scríbhinn, ar n-a thabhairt amach o chuideachtain árachais tionnscail agus a bhíonn i gcoimeád bhailitheora, ina gcuirtear síos íocaíochtaí praemia ar scór polasaithe árachais tionnscail;

cialluíonn an abairt “leabhar admhála praemium” aon leabhar no scríbhinn ina gcuirtear síos adhmála ar phraemia d'fháil is iníoctha alos polasaí árachais tionnscail.

Feidhm na Coda so den Acht so i gcásanna áirithe.

49. —(1) I gcás cuideachta árachais go raibh gnó árachais tionnscail ar siúl acu roimhe seo do scur, roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, de ghnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu bainfidh an Chuid seo den Acht so leis an gcuideachtain sin faid a leanfaid (má leanaid in aon chor), tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, de bheith fé fhreagarthacht de dhruim polasaí árachais tionnscail do thugadar amach roimh an scur san.

(2) I gcás cuideachta árachais go mbeidh gnó árachais tionnscail ar siúl acu le linn no tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do scur, tar éis an tosach feidhme sin, de ghnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu leanfaidh an Chuid seo den Acht so de bhaint leis an gcuideachtain sin faid a leanfaidh an chuideachta san de bheith fé fhreagarthacht de dhruim polasaí árachais tionnscail do thugadar amach roimh an scur san.

(3) Pé uair a bhainfidh an Chuid seo den Acht so le cuideachtain de bhuadh an ailt seo tuigfear, ar feadh ré agus chun crícheanna na bainte sin, gur cuideachta árachais tionnscail do réir bhrí na Coda so den Acht so an chuideachta san.

Crícheanna breise chun a bhféadfar polasaithe árachais tionnscail do thabhairt amach.

50. —(1) Ar na crícheanna chun a bhféadfaidh cuideachtana árachais tionnscail polasaithe árachais tionnscail do thabhairt amach beidh—

(a) a árachú go n-íocfar airgead in aghaidh na gcostaisí réasúnta bhainfidh le bás agus sochraid éinne acu so leanas, sé sin le rá:—

(i) tuismitheoir, mac, inghean, sean-athair, seanamháthair, ua, leas-tuismitheoir, leas-mhac, leasinghean, driotháir no drifiúr don té thógfaidh amach an polasaí, no

(ii) uncail no aintín don té thógfaidh amach an polasaí, má bhíonn an t-uncail no an aintín sin, le linn an pholasaí do thógaint amach, in éintigheas leis an té thógfaidh amach an polasaí, no

(iii) gar-mhac no gar-inghean don té thógfaidh amach an polasaí, má bhíonn an duine sin, le linn an pholasaí do thógaint amach, in éintigheas leis an ngar-mhac no leis an ngar-inghin sin;

(b) fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, a árachú go n-íocfar airgead ar mhaireachtaint go ceann tréimhse áirithe do thuismitheoir, mac, inghean, seanathair, seana-mháthair, ua, leas-tuismitheoir, leas-mhac, leas-inghean, driotháir, no drifiúr, no a árachú go n-íocfar airgead ar mhaireachtaint go ceann tréimhse áirithe d'uncail, aintín, gar-mhac, no gar-inghean, don té thógfaidh amach an polasaí, a bheidh in éintigheas leis an duine sin no le n-a mbeidh an duine sin in éintigheas agus, i gceachtar cás, airgead do bheith no gan bheith le n'íoc má éagann an duine sin fé cheann na tréimhse sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon chuideachta árachais tionnscail, tré pholasaí ar n-a thabhairt amach fé mhír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, a árachú go n-íocfar, ar éag d'aon duine áirithe, aon tsuim-thar mar a bheidh réasúnta in aghaidh costaisí bhainfidh le bás agus sochraid an duine sin, ach nuair a beifear ag áireamh na suime sin ní cuirfear san áireamh aon aisíoc a bheidh le déanamh, ar éag don duine sin, i bpraemia do híocadh alos polasaí dhearlaice no polasaí árachais dearlaice.

(3) Gach duine thógfaidh amach polasaí árachais tionnscail fé réim agus do réir an ailt seo, tuigfear leas ion-árachuithe do bheith aige i saol an té gur ina thaobh a tógadh an polasaí sin amach agus ní tuigfear gur polasaí slánaíochta aon pholasaí den tsórt san.

(4) Ní cheadóidh éinní san alt so ná ní raghaidh chó fada le n-a cheadú do chuideachtain árachais tionnscail ná d'éinne eile saol duine ar bith fé bhun deich mblian d'aois d'árachú.

(5) Pé uair nach mó ná cúig púint fhichead an tsuim a hárachófar fé pholasaí árachais tionnscail (do bhéarfar amach chun críche chun a bhféadfaidh cuideachtana árachais tionnscail polasaithe árachais tionnscail do thabhairt amach fén alt so) tuigfear an tsuim sin do bheith réasúnta.

Arachas ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois.

51. —(1) D'ainneoin éinní atá sa Life Assurance Act, 1774, mar a leathnuítear é leis an Life Insurance (Ireland) Act, 1866, beidh sé dleathach do chuideachtain árachais tionnscail polasaithe árachais tionnscail ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois do thabhairt amach más rud é agus amháin más rud é gur do thuismitheoir, sean-athair, seana-mháthair, leas-tuismitheoir, driotháir, no drifiúr don leanbh san do bhéarfar amach na polasaithe sin, no d'uncail no d'aintín don leanbh san má bhíonn an leanbh san in éintigheas leis an uncail no leis an aintín sin nuair a tógfar amach an polasaí.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach do chuideachtain árachais tionnscail íoc do dhéanamh ná a thógaint ortha féin, tré pholasaí do thabhairt amach ná ar aon tslí eile, íoc do dhéanamh, ar éag do leanbh fé bhun deich mblian d'aois, in aon tsuim airgid a bheidh, nuair a cuirfear í leis an méid no le suim na méideanna uile is iníoctha ar éag don leanbh san ag cuideachtain no cuideachtana árachais tionnscail eile, lasmuich de bhonus no de shaor-pholasaithe lán-íoctha—

(a) os cionn sé bpúnt i gcás an leinbh sin d'éag agus é fé bhun trí mblian d'aois, no

(b) os cionn deich bpúnt i gcás an leinbh sin d'éag agus é trí bliana d'aois no níos mó ach gan sé bliana bheith slán aige, no

(c) os cionn cúig púint déag i gcás an leinbh sin d'éag agus é sé bliana d'aois no níos mó ach gan deich mbliana bheith slán aige.

(3) Nuair a beifear ag áireamh na suime airgid is maximum fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maidir le haon leanbh áirithe, ní cuirfear san áireamh aon aisíoc a bheidh le déanamh, ar éag don leanbh san, i bpraemia do híocadh alos polasaí dhearlaice no polasaí árachais dearlaice.

(4) Fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach do chuideachtain árachais tionnscail aon tsuim a thiocfaidh chun bheith iníoctha ag an gcuideachtain árachais tionnscail sin ar éag do leanbh agus é fé bhun deich mblian d'aois d'íoc (ach amháin alos aisíoctha phraemia do híocadh ar scór agus fé réim polasaí dhearlaice no polasaí árachais dearlaice) maran rud é—

(a) go n-íocfar an tsuim sin fé pholasaí do tógadh amach ar shaol an leinbh sin agus ina mbeidh an chuideachta san freagarthach, agus

(b) go n-íocfar an tsuim sin leis an té do thóg amach an polasaí sin no le hionadaí pearsanta an duine sin no, mara mbeidh aon ionadaí pearsanta den tsórt san ann, le neasachán gaoil don duine sin a chuirfidh ina luighe ar an gcuideachtain árachais tionnscail sin gur íoc no go n-íocfaidh costaisí sochraide an leinbh sin, agus

(c) lasmuich de chás shaor-pholasaí lán-íoctha, go dtaisbeánfaidh an té le n-a n-íocfar an tsuim sin don chuideachtain árachais tionnscail sin, roimh an íocaíocht san d'fháil dó, deimhniú ar bhás an leinbh sin ar n-a thabhairt amach ag clárathóir básanna agus é do réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach deimhniú báis do bhéarfaidh clárathóir básanna amach más chuige a hiarrfar an deimhniú san ná chun íoc d'fháil o chuideachtain árachais tionnscail i suim airgid is iníoctha ag an gcuideachtain sin do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) luadhfaidh neach iarrtha an deimhnithe sin leis an gclárathóir básanna san ainm na cuideachtan árachais tionnscail sin agus méid na suime airgid sin;

(b) uimreoidh an clárathóir básanna san in ord leanúnach gach deimhniú den tsórt san do bhéarfaidh amach alos báis an aon leinbh amháin;

(c) scríobhfaidh an clárathóir básanna san ar gach deimhniú den tsórt san na focail “Le taisbeáint do.................. adeirtear a dhligheann suim.................., lasmuich de bhonus no de shaor-pholasaithe lán-íoctha, d'íoc,” agus luadhfar ainm na cuideachtan árachais tionnscail sin agus méid na suime airgid sin, fé seach, sna spásanna folmha sa bhfuirm focal san roimhe seo;

(d) an méid airgid a luadfar in aon deimhniú no deimhnithe den tsórt san do réir na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so ní bheidh a iomlán níos mó ná an tsuim mhaximum, ar n-a ceapadh leis an gcéad fho-alt den alt so, a bhaineann leis an leanbh san;

(e) ní thabharfaidh an clárathóir básanna san amach aon deimhniú den tsórt san marar taisbeánadh don chlárathóir sin, ar chlárú báis an leinbh le n-a mbainfeadh an deimhniú san, deimhniú o choróinéir no ón dochtúir leighis cláruithe do bhí ag friothálamh an leinbh sin le linn a bhreoiteachta deiridh agus trúig bháis an leinbh sin luaidhte ann no deimhniú o dhochtúir leighis chláruithe ar an ní is dócha ba thrúig leis an mbás san no fianaise éigin eile, le n-a mbeidh an clárathóir sin sásta, ar thrúig an bháis sin;

(f) mara dtugaidh an deimhniú san le tuisgint gurb é an chéad deimhniú den tsórt san é do tugadh amach alos an leinbh a bheidh ainmnithe ann déanfaidh an chuideachta árachais tionnscail sin, sara n-íocfaid aon airgead alos báis an leinbh sin, a fháil amach, chó cruinn agus is féidir é agus tré pé fiosrú is dóich leo is ceart, cadiad na suimeanna do híocadh no is iníoctha ag cuideachtana árachais tionnscail eile alos an bháis sin agus, le linn déanamh do réir na bhforálacha den alt so chuireann teora leis an méid is iníoctha ag cuideachtain árachais tionnscail, bhéarfaid áird ar na suimeanna do híocadh no is iníoctha amhlaidh ach ní bhacfaid le suimeanna do híocadh no is iníoctha ar scór bonus no saor-pholasaithe láníoctha no alos aisíoctha praemia do híocadh ar scór polasaithe dearlaice no polasaithe árachais dearlaice.

(6) Bainfidh an t-alt so le híocaíochtaí fé aon pholasaí árachais (ach amháin mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) ar n-a thabhairt amach ag cuideachtain árachais tionnscail pe'ca uair sa dá mhí no níos minicí no níos annamhaí bheidh na praemia fén bpolasaí sin iníoctha ach ní bhainfidh le híocaíochtaí fé pholasaí ar n-a thógaint amach ag duine go raibh aige, le linn an pholasaí sin do thógaint amach, leas ion-árachuithe i saol an leinbh le na mbaineann an polasaí sin.

(7) Ar n-a iarraidh ar chlárathóir básanna sa bhfuirm agus sa tslí sin a bheidh ceaduithe ag an Ard-Chlárathóir Beireataisí, Básanna agus Póstaíocha déanfaidh an clárathóir sin deimhniú ar bhás leinbh d'éag agus é fé bhun deich mblian d'aois do thabhairt amach, chun crícheanna an ailt seo, ar íoc suime nach mó ná scilling agus beidh an tsuim sin in ionad gach táille eile is iníoctha leis an gclárathóir sin no is inéilithe aige, ar shlí eile, alos an deimhnithe sin.

(8) Pé uair a hiarrfar ar chlárathóir básanna, chun crícheanna an ailt seo agus sa bhfuirm agus sa tslí luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, níos mó ná aon chóip dheimhnithe amháin d'iontráil bháis leinbh d'éag agus é fé bhun deich mblian d'aois déanfaidh an clárathóir sin gach cóip dheimhnithe fé leith den tsórt san (seachas an chéad chóip den tsórt san) do bhéarfaidh amach do réir an iarratais sin do thabhairt amach ar íoc suime nach mó ná reul agus beidh an tsuim sin in ionad gach táille eile is iníoctha leis an gclárathóir sin no is inéilithe aige, ar shlí eile, alos gach cóipe den tsórt san seachas an chéad chóip den tsórt san.

(9) Pé uair a cheanglóidh duine ar bith ar chlárathóir básanna, ar a n-iarrfaidh chun crícheanna an ailt seo deimhniú no deimhnithe ar bhás leinbh d'éag agus é fé bhun deich mblian d'aois, an t-iarratas a luaidhtear sa dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do líonadh féadfaidh an clárathóir sin suim nach mó ná leath-reul d'éileamh ar an duine sin agus do ghlacadh uaidh as an iarratas san do líonadh amhlaidh.

(10) San alt so foluíonn an abairt “clárathóir básanna” clárathóir conganta básanna agus duine ar bith eile go mbeidh clár de bhásanna ina choimeád agus cialluíonn an abairt “deimhniú ar bhás” cóip dheimhnithe d'iontráil bháis do hiontráladh no do cláruíodh in aon chlár de bhásanna bheidh i gcoimeád chlárathóra básanna.

Polasaithe áirithe bheith dleathach.

52. —Gach polasaí árachais tionnscail—

(a) a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme na Coda so den Acht so, agus

(b) do bheadh dleathach ar dháta tabhartha amach an pholasaí sin dá mbeadh forálacha na Coda so den Acht so i ngníomh ar an dáta san,

beidh sé agus tuigfear go raibh sé riamh dleathach, agus beidh agus tuigfear go raibh riamh lán-fheidhm agus lán-éifeacht aige, chun crícheanna na Coda so den Acht so.

Toirmeasc ar pholasaithe neadhlíthiúla do thabhairt amach.

53. —(1) Gach cuideachta árachais tionnscail do bhéarfaidh amach polasaí árachais tionnscail a bheidh nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san tuigfear gur fhaillíodar forálacha an Achta so do chólíonadh.

(2) I gcás cuideachta árachais tionnscail do thabhairt amach polasaí árachais tionnscail agus an polasaí sin do bheith neadhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san dlighfidh an chuideachta san, gan dochar d'aon phionós no freagarthacht eile fé n-a ndeachadar tríd sin, suim is có-ionann le luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim (luach a gheobhfar amach do réir na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann leis sin) d'íoc leis an té bheidh ina teideal más roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do tógadh amach an polasaí sin agus, más tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do tógadh amach an polasaí sin, suim is có-ionann le méid na bpraemia do híocadh ar scór an pholasaí sin d'íoc leis an té bheidh ina teideal maran rud é, i gceachtar cás, go gcruthóidh an chuideachta san go raibh an chuideachta san, toisc tuairisc bhréagach d'fháil ón té do thóg amach an polasaí sin no ón té do rinne an tairisgint i gcóir an pholasaí sin, gan a fhios acu go raibh an polasaí sin nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san.

(3) Gach bailitheoir do chuideachtain árachais tionnscail, agus gach duine ar fostú acu, a chabhróidh chun polasaí árachais tionnscail a bheidh nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san do thógaint amach beidh sé, mara gcruthuighidh ná raibh a fhios aige agus ná féadfadh sé do réir réasúin a fhios do bheith aige go raibh an polasaí sin nea-dhlíthiúil no ultra vires na cuideachtan san, ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Baint do bheith ag Acht 1909 le hárachas tionnscail.

54. —Tuigfear chun crícheanna Achta 1909 gur gnó árachais ar leithligh gnó árachais tionnscail agus dá réir sin bainfidh an tAcht san leis an ngnó san agus beidh éifeacht aige fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) na forálacha den Acht san a bhaineann le gnó árachais saoil bainfid le gnó árachais tionnscail ach amháin go ndéanfar, chun crícheanna na bainte sin, tagairtí san Acht san do “industrial assurance business” agus “the industrial assurance fund” do chur in ionad tagairtí do “life assurance business” agus “the life assurance fund” fé seach, agus

(b) i gcás aon chostaisí bainistí, no aon ús no díbhinn as súncála, no aon tsuimeanna in aghaidh laigheadú luacha urrús do chion-roinnt idir an gnó árachais tionnscail agus an gnó árachais saoil (más ann dó) a bheidh ar siúl ag cuideachtain árachais tionnscail, déanfaidh iniúchóir na cuideachtan san, le linn a gcuntaisí d'iniúchadh, tuarasgabháil speisialta, i dtaobh ce'ca cionroinnt cheart an chion-roinnt sin no nárbh eadh, do chur ina thuarasgabháil ar na cuntaisí sin, agus

(c) bhéarfar don Aire cóip de gach tuarasgabháil o iniúchóir cuideachtan árachais tionnscail.

Luachála árachais tionnscail.

55. —Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach luacháil (dá ngairmtear luacháil árachais tionnscail sa Chuid seo den Acht so) a dhéanfaidh cuideachta árachais tionnscail ar a ngnó árachais tionnscail aon uair tar éis deireadh dhá mhí dhéag o thosach feidhme na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) is achtuaire dhéanfaidh an luacháil sin;

(b) déanfar an luacháil sin i slí go gcuirfear luach ceart ar fhiachaisí na cuideachtan san ag féachaint don mhortlaíocht do thárla imeasc na ndaoine gur hárachuíodh a saol sa chuideachtain sin, don mheán-ráta úis as súncála, agus do sna costaisí bainistí (ar a n-áirmhítear airgead do híocadh mar choimisiún) agus i slí go gcuirfear in áirithe ná háirmheofar mar shócmhainn aon pholasaí ar n-a thabhairt amach ag an gcuideachtain sin;

(c) fé réir forálacha na céad mhíre ina dhiaidh seo den alt so, má háirmhítear i gcuntas cothromaíochta cuideachtan árachais tionnscail mar chuid de shócmhainní na cuideachtan san aon tsuimeanna is ionann agus costaisí do bhain le cóghléasadh, no le leathnú gnótha na cuideachtan san, no le ceannach gnótha no dea-thoile aon chuideachtan eile den tsórt san, agus go mbeidh méid na sócmhainní sin lasmuich de sna suimeanna san (tar éis fiacha bheidh ar an gcuideachtain chéadluaidhte sin, seachas bintiúirí agus iasachtaí, do bhaint as) níos lugha ná méid an chiste árachais tionnscail no méid an chiste árachais saoil agus an chiste árachais tionnscail le chéile (pe'ca aca é) mar a taisbeántar san sa chuntas chothromaíochta san, déanfar méid an chiste árachais tionnscail a taisbeántar sa chuntas chothromaíochta luachála do laigheadú pé méid no suim acu so leanas a bhainfidh le haon chás áirithe, sé sin le rá, méid an easnaimh, no suim go mbeidh idir í agus an t-easnamh san an cothrom céanna bheidh idir méid an chiste árachais tionnscail, a taisbeántar sa chuntas chothromaíochta chéad-luaidhte sin, agus méid iomlán an chiste árachais saoil agus an chiste árachais tionnscail le chéile;

(d) sna cásanna agus ar feadh na dtréimhsí luaidhtear sa mhír seo bainfidh forálacha na míre deiridh sin roimhe seo den alt so le cuideachtana árachais tionnscail fé réir pé bogadh ortha is oiriúnach leis an Aire a lomháil, sé sin le rá:—

(i) i gcás cuideachtan árachais tionnscail gur háirmhíodh sa chuntas chothromaíochta uatha is déanaí tugadh amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so aon tsuim dá luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo, ar feadh tréimhse seacht mblian díreach tar éis an tosach feidhme sin, agus

(ii) i gcás cuideachtan árachais tionnscail do tháinig, tar éis an dáta gur go dtí é do rinneadh amach an cuntas cothromaíochta ón gcuideachtain sin is déanaí tugadh amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, chun bheith freagarthach, de bhíthin có-nascadh le haon chuideachtain árachais tionnscail eile no de bhíthin aistriú gnótha o aon chuideachtain eile den tsórt san, i gconnartha agus in oblagáidí no in aon chuid de chonnartha agus d'oblagáidí na cuideachtan eile sin agus do rinne, i gcomaoine na freagarthachta san, sócmhainní ar a n-áirmhítear aon tsuim dá luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo do ghlacadh no dul fé chaiteachas tríd an ngnó no an dea-thoil a luaidhtear amhlaidh do cheannach, ar feadh tréimhse seacht mblian tar éis an chéad 31adh lá de Mhí na Nodlag i ndiaidh dáta an chó-nasctha no an aistrithe sin (pe'ca aca é);

(e) i gcás bintiúirí do thabhairt amach no iasachtaí do chruinniú agus na bintiúirí no na hiasachtaí sin (pe'ca aca é) do mhuirearú ar aon chuid de shócmhainní cuideachtan árachais tionnscail ina mbeidh an ciste árachais tionnscail súncálta, cuirfear sa chuntas chothromaíochta luachála nóta ina mbeidh mion-innste an mhuirir sin agus ina ndéarfar an tora taisbeántar tríd an luacháil do bheith fé réir na freagarthachta fén muirear san.

An tAire do dhiúltú do luacháil.

56. —(1) Pé uair is deimhin leis an Aire na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le haon luacháil árachais tionnscail do bheith gan cólíonadh no ciste árachais tionnscail aon chuideachtan árachais tionnscail, mar a luaidhtear é i gcuntas cothromaíochta luachála ón gcuideachtain sin, do bheith níos mó ná luach na sócmhainní bheidh ar fáil in agaidh fiachaisí an chiste sin, ag féachaint go cuibhe d'fhiachaisí eile na cuideachtan san agus do sna forálacha san den Chuid seo den Acht so, féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, diúltú don luacháil sin agus féadfaidh, fé réir na bhforálacha céanna, a ordú don chuideachtain sin pé atharuithe do dhéanamh ar an luacháil sin is gá chun í bheith do réir na bhforálacha san.

(2) Pé uair a dhiúltóidh an tAire do luacháil árachais tionnscail agus a bhéarfaidh ordú do chuidheachtain árachais tionnscail fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an chuideachta san, fé cheann mí tar éis an diúltuithe agus an orduithe sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt a dhearbhú go bhfuil an luacháil sin do réir forálacha na Coda so den Acht so;

(b) más deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil an luacháil sin do réir na bhforálacha den Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) a bhaineann le luachála den tsórt san féadfaidh a dhearbhú go bhfuil an luacháil sin do réir na bhforálacha san amhlaidh;

(c) pé uair a dhearbhóidh an Ard-Chúirt fén bhfo-alt so go bhfuil luacháil árachais tionnscail do réir na bhforálacha den Acht so (agus an t-alt so d'áireamh) a bhaineann le luachála den tsórt san tuigfear, d'ainneoin an diúltuithe agus an orduithe sin ón Aire, an luacháil sin do bheith do réir na bhforálacha san (agus an t-alt so d'áireamh).

An tAire d'éileamh mion innste breise.

57. —Féadfaidh an tAire a cheangal ar chuideachtain árachais tionnscail go dtabharfaidís dó, i dteanta an eolais a ceangailtear ar gach cuideachtain den tsórt san do thabhairt uatha fé Acht 1909, gach ceann no aon cheann de sna mion-innste luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, maraon le pé mínithe is dóich leis is gá chun a dheimhniú dhó féin an bhfuil luacháil árachais tionnscail do réir na bhforálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann le luachála den tsórt san.

An t-am chun an chéad luacháil árachais tionnscail do dhéanamh.

58. —D'ainneoin éinní atá in alt 5 d'Acht 1909, déanfar an chéad luacháil árachais tionnscail maidir le cuideachtain árachais tionnscail fé cheann dhá bhlian tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so no fé cheann pé tréimhse, níos sia ná san, tar éis an tosach feidhme sin a cheapfaidh an tAire in aon chás áirithe.

An t-am chun cuideachtana áirithe do lóisteáil luachála

59. —Pé uair is deimhin leis an Aire cuideachta árachais tionnscail is cumann no comhlachas no cólucht eile atá ionchorpruithe no có-dhéanta ar shlí eile fé dhlí tíre seachas Saorstát Éireann do bheith neamh-ábalta ar luacháil árachais tionnscail no ar aon luacháil a bhaineann le gnó árachais saoil a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin do lóisteáil leis fé cheann na haimsire in ar cheart don chuideachtain sin an luacháil sin do lóisteáil amhlaidh féadfaidh an tAire an aimsir sin d'fhaidiú go ceann aon tréimhse nach sia ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse le n-a mbaineann an luacháil sin.

Cruinnithe generálta cuideachtana árachais tionnscail.

60. —Comórfaidh gach cuideachta árachais tionnscail aon chruinniú generálta amháin ar a laighead den chuideachtain sin gach bliain.

A mbeidh i dtairisgintí i gcóir polasaithe árachais tionnscail.

61. —(1) I ngach tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail, maran rud é—

(a) gur ar shaol agus thar ceann leinbh fé bhun sé mblian déag a tairgfear an polasaí sin do thógaint amach, no

(b) gur duine ina bhfuil leas ion-árachuithe ag an tairgtheoir an duine 'na dtairgfear a shaol d'árachú fén bpolasaí sin,

beidh dearbhú, ón duine 'na dtairgfear a shaol d'árachú fén bpolasaí sin, á dhearbhú gurb é féin a thairgeann an polasaí sin do thógaint amach agus gurb é íocfaidh na praemia air.

(2) I gcás an duine go dtairgfear a shaol d'árachú fé pholasaí árachais tionnscail do bheith ina dhuine go bhfuil leas ion-árachuithe ag an tairgtheoir ann déarfar sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin cadé an saghas an leas san.

(3) Gach cuideachta árachais tionnscail go dteipfidh ortha na forálacha san roimhe seo den alt so do chólíonadh no d'fhor coimeád tuigfear gur theip ortha forálacha an Achta so do chólíonadh agus gach bailitheoir no gníomhaire don chuideachtain sin go mbeidh baint aige leis an teip sin no bheidh páirteach ann beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

(4) Pé uair a bheidh, i dtairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail, ráiteas nach fíor á rá, maidir leis an duine gur alos a shaoil a rinneadh an tairisgint sin, nach duine é, le linn na tairisgeana san do dhéanamh, gur thug an chuideachta árachais tionnscail chun a mbeidh an tairisgint sin á déanamh aon pholasaí eile amach ar a shaol agus a bhéarfaidh an chuideachta san polasaí árachais amach ar shaol an duine sin do réir na tairisgeana san, ansan, d'ainneoin nach fíor an ráiteas san agus gur coinníoll de choinníollacha an pholasaí sin an ráiteas san do bheith fíor, ní bheidh an chuideachta san saor, de bhíthin nach fíor an ráiteas san, o fhreagarthacht ar scór an pholasaí sin.

(5) Pé uair a bheidh tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail i riocht fuirme tairisgeana ar n-a líonadh, ar fad no go leathrannach, ag duine ar fostú ag an gcuideachtain árachais tionnscail chun a mbeidh an tairisgint sin á déanamh, agus a bheidh mí-ráiteas ná beidh calaoiseach déanta ag an tairgtheoir i dtaobh puinc tháchtaigh eigin agus ionchorpruithe sa tairisgint sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má líonadh an tairisgint sin ar fad ag aon duine ar fostú amhlaidh, ní bheidh an chuideachta san i dteideal dleathacht an pholasaí bheidh bunuithe ar an tairisgint sin do chonspóid ar scór an mhí-ráitis sin do rinne an tairgtheoir amhlaidh agus do hionchorpruíodh sa tairisgint sin, agus

(b) má líonadh an tairisgint sin go leathrannach ag aon duine ar fostú amhlaidh, ní bheidh an chuideachta san i dteideal dleathacht an pholasaí bheidh bunuithe ar an tairisgint sin do chonspóid ar scór an mhí-ráitis sin do rinne an tairgtheoir amhlaidh agus do hionchorpruíodh sa tairisgint sin mara mbeidh an ráiteas san i gcuid éigin den tairisgint sin nár líonadh ag aon duine ar fostú amhlaidh.

(6) I gcás ina bhféadfaí, mara mbeadh forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, dleathacht pholasaí ar n-a thabhairt amach ag cuideachtain árachais tionnscail do chonspóid ar scór mí-ráitis sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin i dtaobh an chuma ina raibh an tsláinte, ar dháta na tairisgeana san, ag an duine gur ar a shaol a tairgtear an polasaí sin do thógaint amach, ní choiscfidh éinní sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo an chuideachta san ar an gconspóid sin do dhéanamh fé cheann dhá bhlian ó dháta an pholasaí sin do thabhairt amach.

(7) D'ainneoin forálacha an ailt seo, pé uair a bheidh, i dtairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail a bheidh tógtha amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ráiteas nea-cheart ar aois an duine go mbeidh a shaol árachuithe fén bpolasaí sin, féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin téarmaí an pholasaí, no téarmaí aon pholasaí bhéarfar amach ina ionad, do choigeartú i slí go mbeidh na téarmaí sin ar aon dul leis na téarmaí do bhainfeadh leis an gcás dá luaidhtí aois cheart an duine sin sa tairisgint sin, agus dá réir sin ní déanfar aon pholasaí árachais tionnscail a bheidh tugtha amach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so do nea-dhleathú ar scór aois an duine gur alos a shaoil a tugadh an polasaí sin amach do bheith curtha síos go nea-cheart sa pholasaí sin no sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin.

A mbeidh i bpolasaithe árachais tionnscail.

62. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, beidh i ngach polasaí árachais tionnscail do bhéarfar amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so cóip de pé forálacha den Acht so a hordófar o am go ham le horduithe dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt so.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, cead do thabhairt do chuideachtain árachais tionnscail ráiteas, ar éifeacht na bhforálacha den Acht so bheidh orduithe de thurus na huaire le hordú ar n-a dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, do chur isteach i ngach polasaí árachais tionnscail do bhéarfaidh an chuideachta san amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so agus, leis sin, déanfaidh gach cuideachta den tsórt san an ráiteas san do chur isteach i ngach polasaí den tsórt san, agus beidh an cur-isteach san in ionad na hoblagáide cuirtear ar gach cuideachtain den tsórt san leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo agus tuigfear é bheith ina chólíonadh ar an oblagáid sin.

(3) Gach cuideachta árachais tionnscail do bhéarfaidh amach, tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, polasaí árachais tionnscail ná beidh do réir pé fo-ailt de sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so bhaineann leis an gcuideachtain sin tuigfear gur theip ortha forálacha an Achta so do chólíonadh agus, gan dochar don fhreagarthacht fé n-a ndeachthas mar gheall ar an teip sin, déanfaid (fé mar is rogha leis an duine d'íoc na praemia bhí dlite ar scór an pholasaí sin) an polasaí sin do cheartú no suim is có-ionann le méid na bpraemia do híocadh amhlaidh d'íoc leis an duine sin, ach ní bheidh an chuideachta san fé aon fhreagarthacht thairis sin ná ar shlí eile don duine sin, agus féadfaidh an duine sin na praemia sin do bhaint den chuideachtain sin in aon chúirt dlighinse inniúla.

Tairisgintí agus polasaithe árachais tionnscail.

63. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn d'fhágaint, i gcás cuideachtan árachais tionnscail a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, in oifig chláruithe na cuideachtan san i Saorstát Éireann agus, i gcás cuideachtan árachais tionnscail ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, i bpríomh-oifig na cuideachtan san i Saorstát Éireann, a cheangal ar an gcuideachtain sin aon téarma, coinníoll, ceist, no foráil, a bheidh in aon fhuirm thairisgeana i gcóir polasaí árachais tionnscail do bhéarfaidh an chuideachta san amach ar an dáta luadhfar chuige sin sa bhfógra san no dá éis sin, do scriosadh amach no do leasú.

(2) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis san do bheith ceart, féadfaidh an tAire, tré fhógra i scríbhinn d'fhágaint, i gcás cuideachtan árachais tionnscail a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, in oifig chláruithe na cuideachtan san i Saorstát Éireann agus, i gcás cuideachtan árachais tionnscail ná beidh cláruithe i Saorstát Éireann, i bpríomh-oifig na cuideachtan san i Saorstát Éireann, a cheangal ar an gcuideachtain sin aon téarma, coinníoll no foráil, a bheidh in aon fhuirm pholasaí árachais tionnscail a bheidh an chuideachta san ar aigne a thabhairt amach ar an dáta luadhfar chuige sin sa bhfógra san no dá éis sin, do scriosadh amach no do leasú.

(3) Gach cuideachta árachais tionnscail dá dtabharfaidh an tAire fógra fén alt so cólíonfaid an fógra san láithreach agus, chuige sin, déanfaid gach ní cheanglóidh an fógra san ar an gcuideachtain sin a dhéanamh.

(4) Ní thabharfaidh éinní atá san alt so údarás ná comhacht don Aire chun a cheangal ar chuideachtain árachais tionnscail an praemium is iníoctha fé pholasaí árachais tionnscail no an tsuim a hárachuítear leis no dáta a aibithe d'atharú.

Aois an té go n-árachófar a shaol d'admháil.

64. —(1) Gach polasaí árachais tionnscail do bhéarfar amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so tuigfear é dhéanamh ar na téarmaí go n-admhuíonn an chuideachta bhéarfaidh an polasaí sin amach gurb é is aois, ar dháta an pholasaí sin do thabhairt amach, don duine gur alos a shaoil a bhéarfar an polasaí sin amach ná an aois a bheidh luaidhte chuige sin sa pholasaí sin no, mara mbeidh an aois sin luaidhte chuige sin sa pholasaí sin, an aois a bheidh luaidhte chuige sin sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin, agus dá réir sin ní déanfar aon pholasaí árachais tionnscail do neadhleathú ná do chonspóid ar an scór go bhfuil aois an duine gur alos a shaoil a bhéarfar an polasaí sin amach curtha síos go neacheart sa pholasaí sin no sa tairisgint i gcóir an pholasaí sin.

(2) Pé uair a gheobhaidh cuideachta árachais tionnscail tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail agus a bheidh ráiteas nea-cheart sa tairisgint sin ar aois an duine go dtairgtear léi a shaol d'árachú, féadfaidh an chuideachta san, fé cheann dhá mhí dhéag tar éis an dáta ar a bhfuighid an tairisgint sin, téarmaí an pholasaí bheidh tugtha amach no le tabhairt amach do réir na tairisgeana san do choigeartú i slí go mbeidh na téarmaí sin ar aon dul leis na téarmaí bhaineann le haois cheart an duine sin.

(3) Má cheanglann cuideachta árachais tionnscail, mar choinníoll nach foláir a chólíonadh roimh pholasaí árachais tionnscail do thabhairt amach, aois an duine gur alos a shaoil a bheidh an polasaí sin le tabhairt amach d'fhíorú tré chóip dheimhnithe d'iontráil bheireatais an duine sin no fianaise eile do thaisbeáint, agus go n-íocfaidh an chuideachta san costas soláthruithe na cóipe deimhnithe no na fianaise eile sin, féadfaidh an chuideachta san méid an airgid is iníoctha ag an gcuideachtain sin fén bpolasaí sin do choigeartú tré mhéid an chostais sin d'íoc an chuideachta san amhlaidh do bhaint as an airgead san más rud é, agus amháin más rud é, go raibh fógra sa bhfuirm thairisgeana á rá go gceanglófaí mar adubhradh an chóip dheimhnithe no an fhianaise eile sin do thaisbeáint agus go ndéanfaí a chostas san, dá n-íocadh an chuideachta san é, do bhaint as an airgead dob' iníoctha ag an gcuideachtain sin fén bpolasaí sin.

(4) Gach clárathóir beireataisí, gach clárathóir conganta beireataisí agus gach duine eile go mbeidh clár de bheireataisí ina choimeád, déanfaidh, ar chuideachtain árachais tionnscail dá iarraidh air sa bhfuirm agus sa tslí sin a cheadóidh an tArd-Chlárathóir Beireataisí, Básanna agus Póstaíocha agus ar an gcuideachtain sin d'íoc táille leis nach mó ná reul an chóip dheimhnithe, cóip dheimhnithe do thabhairt don chuideachtain sin d'iontráil bheireatais aon duine 'na mbeidh a bheireatas iontrálta sa chlár san de bheireataisí agus 'na mbeidh tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail faighte ina thaobh no polasaí árachais tionnscail tugtha amach ina thaobh ag an gcuideachtain sin.

(5) Gach clárathóir póstaíocha, gach leas-chlárathóir póstaíocha agus gach duine eile go mbeidh clár de phóstaíocha ina choimeád, déanfaidh, ar chuideachtain árachais tionnscail dá iarraidh air sa bhfuirm agus sa tslí sin a cheadóidh an tArd-Chlárathóir Beireataisí, Básanna agus Póstaíocha agus ar an gcuideachtain sin d'íoc táille leis nach mó ná scilling an chóir dheimhnithe, cóip dheimhnithe do thabhairt don chuideachtain sin d'iontráil phósadh aon mhná pósta no baintrighe 'na mbeidh a pósadh iontrálta sa chlár san agus 'na mbeidh tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail faighte ina taobh no polasaí árachais tionnscail tugtha amach ina taobh ag an gcuideachtain sin.

Polasaithe, etc., do thabhairt thar n-ais tar éis a n-iniúchta.

65. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, pé uair a dhéanfaidh cuideachta árachais tionnscail no duine ar bith ar fostú ag aon chuideachtain den tsórt san seilbh do ghlacadh ar pholasaí árachais tionnscail no ar leabhar admhála praemium no ar aon scríbhinn eile do thug an chuideachta san amach maidir leis an bpolasaí sin, bhéarfaidh an chuideachta no an duine sin (pe'ca aca é) admháil ar an bpolasaí, ar an leabhar admhála praemium no ar an scríbhinn eile sin (do réir mar bheidh) agus mara ndearnadh na polasaí sin do thabhairt i láimh no do thabhairt suas don chuideachtain sin toisc an tsuim do hárachuíodh no luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim d'íoc no polasaí eile do thabhairt amach ina ionad, bhéarfaidh an chuideachta no an duine sin (pe'ca aca é) an polasaí, an leabhar admhála praemium no an scríbhinn eile sin thar n-ais, don duine o n-a bhfuarthas an polasaí no an leabhar no an scríbhinn eile sin (do réir mar a bheidh), fé cheann triocha lá tar éis seilbhe do ghlacadh amhlaidh agus féadfar é thabhairt thar n-ais amhlaidh tré n-a sheachadadh no tré n-a fhágaint dó san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

(2) Má dheineann cuideachta árachais tionnscail, chun críche imeacht dlí ag an gcuideachtain sin in aghaidh bailitheora ar fostú ag an gcuideachtain sin, seilbh do ghlacadh ar pholasaí árachais tionnscail no ar leabhar admhála praemium no ar aon scríbhinn eile do thug an chuideachta san amach maidir leis an bpolasaí sin, féadfaidh an chuideachta san an polasaí, an leabhar admhála praemium no an scríbhinn eile sin do choinneáil go ceann pé tréimhse, níos sia ná an triocha lá san, is gá chun crícheanna na n-imeacht san ach, má leanann an choinneáil sin go ceann tréimhse is sia ná an triocha lá san, bhéarfaidh an chuideachta san, don duine o n-a bhfuarthas an polasaí, an leabhar no an scríbhinn eile sin (do réir mar a bheidh), cóip de bheidh deimhnithe ag an gcuideachtain sin bheith ina cóip dhílis.

Geallbhruideadh mar gheall ar gan praemium d'íoc.

66. —(1) Einne do thóg no thógfaidh polasaí árachais tionnscail amach o chuideachtain árachais tionnscail (roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so no dá éis sin) ní dhlighfidh an polasaí sin do gheallbhruideadh in aon tslí toise é theip air praemium d'íoc alos an pholasaí sin mara mbeidh praemium is iníoctha alos an pholasaí sin gan íoc ar feadh deich seachtain ar a laighead tar éis é theacht chun bheith dlite.

(2) Má thagann polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe toisc gan praemium is iníoctha mar gheall air d'íoc agus go dtaisbeánfar go raibh an bailitheoir faillítheach no gur theip air dícheall cuibhe do dhéanamh i mbailiú na bpraemia san i rith na tréimhse idir an uair dheiridh do híocadh aon phraemium den tsórt san agus geallbhruideadh an pholasaí sin agus go ndéanfar fé cheann bliana tar éis an gheallbhruidthe sin gach praemium a bheidh gan íoc alos an pholasaí sin (agus praemia d'áireamh do thiocfadh chun bheith iníoctha dá mba ná geallbhruidfí an polasaí sin) d'íoc leis an gcuideachtain árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin, cealófar an geallbhruideadh sin, agus na cearta, fén bpolasaí sin, do bhí ag an duine do thóg amach an polasaí sin, tiocfaid chun bheith agus beid aithbheoite.

Cearta sealbhóra pholasaí do geallbhruideadh mar gheall ar gan praemium d'íoc.

67. —(1) Pé uair a thiocfaidh polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, tiocfaidh an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin chun bheith i dteideal an tsaor-pholasaí lán-íoctha luaidhtear anso ina dhiaidh seo ar an ngeallbhruideadh sin do thárlachtaint agus, an chuideachta árachais tionnscail do thug amach an polasaí geallbhruidthe sin déanfaid, fé réir forálacha an ailt seo, fógra do thabhairt, chó luath agus is féidir é tar éis an gheallbhruidthe sin, don duine bheidh i dteideal an pholasaí sin, á rá go ndearnadh den pholasaí sin saor-pholasaí lán-íoctha árachuíonn go n-íocfar, do réir na dtéarmaí (seachas praemia d'íoc) atá sa pholasaí gheallbhruidthe sin, suim ar n-a háireamh do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) Ní bhainfidh an fo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so le polasaí nach polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice tugadh amach ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois mara ndearnadh, roimh an ngeallbhruideadh sin do thárlachtaint, praemia d'íoc ar an bpolasaí sin—

(a) ar feadh trí mblian ar a laighead más tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do bhéarfar amach an polasaí sin agus go n-árachuíonn sé airgead d'íoc maidir le bás agus sochraid duine seachas neach tógtha amach an pholasaí sin agus gur polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice é in aghaidh bun-téarma nach giorra ná sé bliana déag no polasaí in aghaidh téarma iomláin saoil, no

(b) ar feadh dhá bhlian ar an laighead más tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do bhéarfar amach an polasaí sin agus go n-árachuíonn sé airgead d'íoc maidir le bás agus sochraid duine seachas neach tógtha amach an pholasaí sin agus gur polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice é in aghaidh bun-téarma is giorra ná sé bliana déag, no

(c) in aon chás eile (ach fé réir na teorann a luaidhtear sa mhír seo), ar feadh an mhéid sin blian ar a laighead a luaidhtear sa dara colún den Chuid, den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, a bhaineann leis an bpolasaí sin os coinne luadh bliana an gheallbhruidthe sin sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal san, ach san fé réir na teorann go ndéanfar, más mó ná leath bun-téarma an pholasaí an tréimhse mhinimum íoctha praemia luaidhtear sa dara colún de Chuid II no de Chuid III den Sceideal san, an méid blian is ionann agus leath agus is leath de bhuntéarma an pholasaí do chur in ionad an mhéid blian a luaidhtear so cholún san 2 sa Chuid sin II no sa Chuid sin III (pe'ca aca é).

(3) Pé uair a thiocfaidh polasaí árachais tionnscail, is polasaí dearlaice no polasaí árachais dearlaice tugadh amach ar shaol leinbh fé bhun deich mblian d'aois chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, féadfar, más rogha san leis an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin, luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim, ar n-a áireamh do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, d'íoc leis an duine sin in ionad an tsaor-pholasaí lán-íoctha foráltar leis an alt so.

(4) Más rud é, do réir choinníollacha polasaí árachais tionnscail a thiocfaidh chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, gur fábhrúla don duine bheidh i dteideal an pholasaí sin na cearta do bheadh ag an duine sin, i gcás an pholasaí sin do gheallbhruideadh, ná na cearta a bronntar leis an alt so, ní choiscfidh éinní atá san alt so ná ní léireofar é mar ní a choisceann aon éileamh do dhéanamh fé sna coinníollacha san in ionad é dhéanamh fén alt so.

(5) Má deintear aon tsochair a bhronnann cuideachta árachais tionnscail fé pholasaithe árachais tionnscail d'atharú i bhfábhar daoine árachuithe no chun tuilleadh sochar do bhronnadh ar dhaoine árachuithe go n-éifeacht chúl-ghabhálach, i bpáirt no go hiomlán, maidir le haon pholasaithe den tsórt san a bheidh i bhfeidhm ar dháta an atharuithe sin, ní bheidh cearta na ndaoine bheidh i dteideal na bpolasaithe sin níos fábhrúla do sna daoine sin, i gcás na bpolasaithe sin do gheallbhruideadh, ná mar a bheadh na cearta san dá mbeadh na sochair sin ag gabháil leis na polasaithe sin ar dháta tabhartha amach na bpolasaithe sin.

(6) Beidh i gcló i ngach leabhar admhála praemium do bhéarfaidh cuideachta árachais tionnscail amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so fógra ag luadh na gcúinsí ina dtiocfaidh polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe fén gCuid seo den Acht so toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc agus ag luadh na gceart a bheidh ag duine fén gCuid seo den Acht so, maidir leis an bpolasaí sin, chun saor-pholasaí láníoctha no luach scarúna in airgead tirim (pe'ca is gá sa chás) d'fháil in ionad an pholasaí gheallbhruidthe sin.

(7) Pé uair a thiocfaidh polasaí árachais tionnscail chun bheith geallbhruidthe tar éis an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1937, toisc praemium is iníoctha fé do bheith gan íoc, beidh sé de dhualgas ar an gcuideachtain árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin eolas do thabhairt don duine bheidh i dteideal an pholasaí sin, ar an duine sin dá iarraidh sin ortha, i dtaobh méid an tsaorpholasaí lán-íoctha no an luacha scarúna in airgead tirim (pe'ca aca é) go dtáinig an duine sin ina theideal ar an geallbhruideadh sin do thárlachtaint.

Daoine árachuithe ag aistriú o chuidheachtain go cuideachtain eile.

68. —(1) Pé uair do gheobhaidh cuideachta árachais tionnscail (dá ngairmtear an chéad chuideachta san alt so) o dhuine ar bith tairisgint i gcóir polasaí árachais tionnscail a bheidh go bhfios don chuideachtain sin ceaptha, agus a bheidh na praemia bheidh iníoctha fé pholasaí árachais tionnscail do bhéarfar amach do réir na tairisgeana san ceaptha, chun dul agus chun bheith in ionad polasaí árachais tionnscail, agus na bpraemia is iníoctha fé pholasaí árachais tionnscail, a bheidh tugtha amach ag cuideachtain árachais tionnscail eile (dá ngairmtear an dara cuideachta san alt so) agus a bheidh i bhfeidhm ar an dáta ar a bhfuighidh an chéad chuideachta an tairisgint sin, déanfaidh an chéad chuideachta (mara ndiúltuíd don tairisgint sin) fógra do chur, fé cheann seacht lá tar éis na tairisgeana san d'fháil, chun na dara cuideachtan sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste seo leanas ann, sé sin le rá:—

(a) téarmaí an pholasaí do rinneadh leis an dara cuideachtain agus na cearta fé, agus

(b) téarmaí na tairisgeana san, agus

(c) téarmaí an pholasaí atáthar ar intinn a dhéanamh leis an gcéad chuideachtain sin agus na cearta fé.

(2) Pé uair do gheobhaidh aon chéad chuideachta den tsórt san o dhuine ar bith aon tairisgint den tsórt a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so ní thabharfaidh an chéad chuideachta san polasaí árachais tionnscail amach do réir na tairisgeana san go ceann ceithre lá déag tar éis don chéad chuideachtain sin an tairisgint sin d'fháil.

(3) Pé uair a theipfidh ar aon chéad chuideachtain den tsórt san, go bhfios dóibh, forálacha an ailt seo do chólíonadh tuigfear gur theip ar an gcéad chuideachtain sin forálacha an Achta so do chólíonadh, agus gach bailitheoir no oifigeach eile don chéad chuideachtain sin go mbeidh baint aige leis an teip sin no bheidh páirteach ann beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Eilithe d'íoc

69. —Pé uair íocfaidh cuideachta árachais tionnscail éileamh eireoidh fé pholasaí árachais tionnscail cuirfidh an chuideachta san tríd an ngnáth-phost roimh-íoctha o n-a n-oifig chláruithe no a bpríomh-oifig (pe'ca aca é) i Saorstát Éireann, chun an duine le n-a n-íocfar an t-éileamh san, ráiteas ina luadhfar an mór-mhéid is iníoctha alos an éilmh sin, méid gach suime fé leith do baineadh as an mór-mhéid sin, agus pé mion-innste ar gach as-baint den tsórt san is gá chun na bhforas ar a ndearnadh an as-baint sin agus chun na slí in ar háirmhíodh a méid do mhíniú go soiléir.

Luach polasaithe árachais tionnscail.

70. —Pé uair is gá do réir forálacha na Coda so den Acht so luach polasaí árachais tionnscail (agus polasaí nea-dhlíthiúil agus polasaí atá ultra vires cuideachtan árachais tionnscail d'áireamh) no a luach scarúna in airgead tirim d'fháil amach, is do réir na rialacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so a háirmheofar an luach san no an luach scarúna san in airgead tirim (do réir mar a bheidh).

Cosaint do pholasaithe áirithe tugadh amach roimh an 3adh Mí na Nodlag, 1909.

71. —(1) I gcás polasaí árachais tionnscail do thógaint amach roimh an 3adh lá de Mhí na Nodlag, 1909, agus coinne bona fide do bheith, le linn an pholasaí sin do thógaint amach, ag an duine do thóg amach an polasaí sin amhlaidh go raghadh sé fé chostaisí maidir le bás no sochraid an duine gur hárachuíodh a shaol leis an bpolasaí sin, ní tuigfear an polasaí sin do bheith gan bhrí de bhíthin gach ní no éinní acu so leanas, agus dá mbíthin no dá bhíthin sin amháin, sé sin le rá:—

(a) gan leas ion-árachuithe do bheith ag an duine do thóg amach an polasaí sin, le linn an pholasaí sin do thógaint amach, i saol an duine gur hárachuíodh a shaol leis an bpolasaí sin, no

(b) gan ainm an duine go raibh leas aige sa pholasaí sin, no gur chun tairbhe dhó no thar a cheann do tógadh amach an polasaí sin, do bheith luaidhte ann, no

(c) gan an t-árachas do bheith ina árachas do bhí údaruithe leis na hAchtanna bhaineann le cara-chumainn.

(2) Gach polasaí árachais tionnscail le n-a mbaineann an fo-alt san roimhe seo den alt so beidh éifeacht aige chun tairbhe don duine no do shannaithe an duine gur chun tairbhe dhó do tógadh an polasaí sin amach.

Breith do thabhairt ar aighnis idir cuideachtana árachais tionnscail agus daoine eile.

72. —(1) Pé uair eireoidh aon aighneas idir cuideachta árachais tionnscail agus duine ar bith acu so leanas (dá ngairmtear an t-iarratasóir san alt so), sé sin le rá:—

(a) éinne do thóg polasaí árachais tionnscail amach ón gcuideachtain sin no éinne bheidh ag éileamh tríd an duine sin, no

(b) éinne eile bheidh ag éileamh fé réim no alos polasaí árachais tionnscail do tógadh amach ón gcuideachtain sin, no

(c) éinne bheidh ag éileamh fé réim no de bhuadh aon fhorála den Chuid seo den Acht so,

féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail sin no an t-iarratasóir, lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so agus d'ainneoin aon fhorála contrárdha dhó san atá sa pholasaí árachais tionnscail a bheidh i gceist no in airtiogail no i memorandum comhlachais na cuideachtan san, a iarraidh i slí achmair ar an gCúirt Chuarda breith do thabhairt ar an aighneas san agus leis sin féadfaidh an Chúirt Chuarda an t-aighneas san d'éisteacht agus breith do thabhairt air agus féadfaidh pé ordú is oiriúnach léi do dhéanamh i dtaobh costaisí.

(2) Féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail agus an t-iarratasóir le chéile aon aighneas den tsórt san a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do chur, sara ndéanfar aon iarratas chun na Cúirte Cuarda ina thaobh, fé bhráid an Aire chun breith do thabhairt air no, mara mbeidh aon imreas i dtaobh dlíthiúlachta polasaí árachais tionnscail agus ná déarfar go ndearnadh calaois no gur tugadh mí-thuairisc, féadfaidh an chuideachta árachais tionnscail no an t-iarratasóir é chur fé bhráid an Aire amhlaidh.

(3) Nuair a cuirfear aighneas fé bhráid an Aire fén alt so chun breith do thabhairt air ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith a iarraidh ar an gCúirt Chuarda fén alt so breith do thabhairt ar an aighneas san.

(4) Nuair a cuirfear aighneas fé bhráid an Aire fén alt so chun breith do thabhairt air féadfaidh an tAire breith do thabhairt ar an aighneas san agus chuige sin féadfaidh a chur fé ndeár do chigire cheapfa sé fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an aighnis sin agus tuarasgabháil air do thabhairt dó.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach fiosrúchán a chuirfidh an tAire á dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) an cigire ceapfar chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh déanfaidh é san am agus san áit sin a cheapfaidh an cigire sin;

(b) cuirfidh an cigire sin fé ndeár fógra i dtaobh déanta an fhiosrúcháin sin do thabhairt, ceithre lá déag ar a laighead roimh an bhfiosrúchán san do dhéanamh, do pé daoine le n-a mbainfidh (ar a n-áirmhítear an chuideachta árachais tionnscail) agus is dóich leis is ceart;

(c) beidh comhacht ag an gcigire sin fianaise do ghlacadh fe mhionn agus chuige sin daoine do chur fé mhionn agus a chur de cheangal go dtiocfadh fínnithe i láthair agus go dtabharfaí scríbhinní i láthair.

(6) Pé uair do bhéarfaidh an tAire breith ar aighneas a cuirfear fé n-a bhráid fén alt so ní bheidh dul thar an mbreith sin agus ní luighfidh aon athchomharc chun aon chúirte ina coinnibh ach déanfaidh an tAire, ar iarratas aon pháirtí san aighneas san, aon cheist dlí eireoidh san aighneas san do chur fé bhráid na hArd-Chúirte chun breith do thabhairt uirthi.

(7) Má dheineann cuideachta árachais tionnscail athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh breithe do bhéarfaidh an Ard-Chúirt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so dlighfidh agus déanfaidh an chuideachta san costaisí na bpáirtithe uile san athchomharc san d'íoc pé ní thiocfaidh den athchomharc san no pé breith do bhéarfaidh an Chúirt Uachtarach uirthi.

(8) Pé uair do bhéarfaidh an tAire breith ar aighneas a cuirfear fé n-a bhráid fén alt so féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san a dhéanamh, a ordú, maidir leis na costaisí agus na caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine ar bith (agus cuideachta árachais tionnscail d'áireamh) tré theacht i láthair no tré ionadaíocht do bheith aige no tré fhianaise do thabhairt ar áird ag aon fhiosrúchán do rinneadh fén alt so, go n-íocfaidh duine ar bith eile iad do tháinig a láthair no 'na raibh ionadaíocht aige ag an bhfiosrúchán san.

(9) Pé uair ordóidh an tAire fén alt so, maidir le haon chostaisí agus caiteachaisí fé n-a ndeachaidh duine áirithe, go n-íocfaidh duine eile iad, déanfaidh máistir measaireachta den Ard-Chúirt na costaisí agus na caiteachaisí sin do mheas agus d'fháil amach ar n-a iarraidh sin don duine dar horduíodh amhlaidh na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc no don duine gur horduíodh amhlaidh iad d'íoc leis agus beidh méid na gcostaisí agus na gcaiteachaisí sin, ar é do mheas agus d'fháil amach amhlaidh, ionbhainte amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla ag an duine gur horduíodh amhlaidh na costaisí agus na caiteachaisí sin d'íoc leis.

(10) Pé uair a cuirfear aighneas fé bhráid an Aire fén alt so chun breith do thabhairt air íocfar leis an Aire an táille sin a hordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén alt so le toiliú an Aire Airgid agus isé íocfaidh an táille sin ná an chuideachta árachais tionnscail no an t-iarratasóir (do réir mar a bheidh) do chuir an t-aighneas san fé bhráid an Aire no, má rinne an chuideachta árachais tionnscail agus an t-iarratasóir le chéile an t-aighneas san do chur fé bhráid an Aire, an chuideachta agus an t-iarratasóir sin leath má leath, agus beidh íoc na táille sin go cuibhe ina choinníoll nach foláir a chólíonadh sara dtabharfaidh an tAire breith ar an aighneas san.

(11) Na táillí uile is iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin roime seo den alt so, baileofar agus tógfar iad i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire sin, agus ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí den tsórt san.

Aighnis i dtaobh duine árachuithe do bheith ina bheathaidh no gan a bheith.

73. —Pé uair eireoidh aon aighneas no amhrus i dtaobh duine gur tógadh amach polasaí árachais tionnscail ar a shaol do bheith ina bheathaidh no gan a bheith féadfaidh an tAire, más dóich leis gur ceart san do dhéanamh, a ordú, ar iarratas an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin no na cuideachtan árachais tionnscail do thug amach an polasaí sin, go n-íocfadh an chuideachta san leis an duine bheidh i dteideal an pholasaí sin luach scarúna an pholasaí sin in airgead tirim, ar n-a fháil amach do réir forálacha na Coda so den Acht so, agus, ar an gcuideachtain sin d'íoc an luacha scarúna san in airgead tirm leis an duine sin, beidh an t-ordú san ina chúiteántas alos gach éilimh ón gcuideachtain sin no ina n-aghaidh maidir leis an bpolasaí sin.

Srian áirithe maidir le bailitheoirí.

74. —(1) Ní bheidh bailitheoir a bheidh ar fostú ag cuideachtain árachais tionnscail ina bhall de bhord stiúrthóirí na cuideachtan san agus ní bheidh aon oifig eile aige sa chuideachtain sin (ach amháin oifig mhaoirsithe stiúrthóirí eile leis an gcuideachtain sin i líomatáiste áirithe).

(2) Ní bheidh bailitheoir (agus duine i seilbh oifige maoirsithe bailitheoirí eile d'áireamh) a bheidh ar fostú ag cuideachtain árachais tionnscail i láthair ag aon chruinniú den chuideachtain sin.

Srian le daoine d'fhostú chun gnó nua d'fháil.

75. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta árachais tionnscail ná éinne bheidh ar fostú ag aon chuideachtain den tsórt san duine ar bith ná beidh ar gnáth-fhostú ag an gcuideachtain sin d'fhostú chun éinne d'fháil no tabhairt fé éinne d'fháil chun connradh árachais tionnscail do dhéanamh leis an gcuideachtain árachais tionnscail sin no le haon chuideachtain eile den tsórt san.

(2) Gach duine (seachas cuideachta árachais tionnscail) fhostóidh duine eile chun éinne d'fháil no chun tabhairt fé éinne d'fháil chun connradh árachais tionnscail do dhéanamh le cuideachtain árachais tionnscail beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(3) Gach duine ná beidh ar gnáth-fhostú ag cuideachtain árachais tionnscail agus do gheobhaidh éinne, no do bhéarfaidh fé éinne d'fháil, chun connradh árachais tionnscail do dhéanamh leis an gcuideachtain sin beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(4) Folóidh tagairtí san alt so do ghnáth-fhostú gnáth-fhostú páirt-aimsire chó maith le gnáth-fhostú lán-aimsire.

Fógraí do sheirbheáil.

76. —Más gá do chuideachtain árachais tionnscail do réir na Coda so den Acht so aon fhógra do sheirbheáil ar éinne do thóg amach polasaí árachais tionnscail leis an gcuideachtain sin beidh an fógra san i scríbhinn (lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so) agus féadfar é sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine sin no tré n-a fhágaint don duine sin san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige no tré n-a chur tríd an ngnáth-phost roimh-íoctha agus é dírithe chun an duine sin san áit chomhnaithe is déanaí is eol do bheith aige.

CUID VI.

Cuideachta Ath-Arachais na hÉireann, Teoranta.

Cuideachta Ath-Arachais na hÉireann, Teoranta, do bhunú agus do chlárú.

77. —Díreach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so déanfaidh an tAire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, gach ní do chífear dó bheith riachtanach no oiriúnach chun a chur fé ndeár go mbunófar agus go gclárófar i Saorstát Éireann fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, cuideachta theoranta (dá ngairmtear an Chuideachta sa Chuid seo den Acht so agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so) a bheidh do réir na gcoinníoll atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

Iasacht don Chuideachtain chun costaisí a bunuithe d'íoc.

78. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, suim nach mó ná seacht míle púnt do thabhairt ar iasacht don Chuideachtain ar na téarmaí agus na coinníollacha san is dóich leis is ceart maidir le ham agus modh aisíoctha, ráta úis, urrús agus gach ní eile.

(2) Déanfaidh an Chuideachta aon airgead do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so do chur chun íoctha no mar chabhair chun íoctha costaisí tionnscanta, bunuithe agus cláruithe na Cuideachtan agus roimh-chostaisí eile na Cuideachtan, agus ní chun aon chrícheanna eile.

(3) Íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgid in aisíoc no mar chabhair chun aisíoctha aon airgid do bhéarfar ar iasacht don Chuideachtain fén alt so no in íoc an úis ar an airgead san.

Scair-chaipital leis an gCuideachtain do thabhairt amach.

79. —Ní tabharfar amach aon scair-chaipital leis an gCuideachtain tráth ar bith gan an tAire Airgid dá údarú san tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

An tAire Airgid d'fhoscríobhadh scaireanna bheidh le tabhairt amach.

80. —Féadfaidh an tAire Airgid, fé réir pé coinníollacha is oiriúnach leis, a cho-aontú leis an gCuideachtain go ndéanfa sé, mara dtógaidh an phuiblíocht fé cheann aimsire áirithe aon scaireanna sa Chuideachtain a beifear ar tí a thairisgint tráth ar bith chun suibscríbhte, na scaireanna san no cionúireacht éigin áirithe dhíobh do thógaint agus íoc asta.

Airgead do mhuirearú ar an bPrímh-Chiste.

81. —(1) Déanfar an t-airgead uile is gá o am go ham chun íoctha íocaíochtaí bheidh le déanamh ag an Aire Airgid leis an gCuideachtain alos scaireanna sa Chuideachtain a thógfaidh fén Acht so do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis.

(2) Chun airgead do sholáthar i gcóir na suimeanna roimhíocfar amach as an bPrímh-Chiste fén alt so féadfaidh an tAire Airgid aon tsuim no suimeanna d'fháil ar iasacht o dhuine ar bith agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus do thabhairt amach ar pé ráta úis agus fé réir pé coinníollacha, i dtaobh aisíoca, fuascailte no eile, is oiriúnach leis.

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrús do bhéarfar amach fén alt so agus muirear na gcostaisí fé n-a raghfar i dtaobh na n-urrús san do thabhairt amach.

(4) Aon airgead a cruinneofar de bharr urrús do bhéarfar amach fén alt so cuirfear é chun creidiúna do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phrímh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Ciste sin ar fáil.

Díbhinní, etc. d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

82. —Déanfar gach díbhinn, bonus, agus airgead eile, do gheobhaidh an tAire Airgid alos scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige, d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste fé mar ordóidh an tAire sin.

Comhachta an Aire Airgid mar scaireánach.

83. —Faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon choda de scaireanna na Cuideachtan féadfaidh gach ceann no aon cheann de sna cearta agus de sna comhachta bheidh infheidhmithe o am go ham ag sealbhóir na scaireanna san d'fheidhmiú agus, i gcás na gceart no na gcomhacht san do bheith infheidhmithe tré atúrnae, féadfaidh an tAire sin, más dóich leis san do bheith ceart, na cearta no na comhachta san d'fheidhmiú tré n-a atúrnae.

Comhachta an Aire Airgid maidir le scaireanna bheidh ar seilbh aige.

84. —(1) Féadfaidh an tAire Airgid na scaireanna leis an gCuideachtain go suibscríobhfaidh le n-a n-aghaidh fén Acht so do choimeád faid is oiriúnach leis é agus féadfaidh gach scair no aon scair acu san do dhíol fé mar agus nuair is oiriúnach leis é.

(2) Gach uair a dhéanfaidh an tAire Airgid scaireanna leis an gCuideachtain a bheidh ar seilbh aige do dhíol déanfar sochar glan an díola san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste ar pé slí ordóidh an tAire sin.

Memorandum agus airtiogail chomhlachais na Cuideachtan d'atharú.

85. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh dleathacht ná éifeacht ag aon atharú ar mhemorandum chomhlachais no ar airtiogail chomhlachais na Cuideachtan a déanfar, le linn aon scair-chaipital leis an gCuideachtain do bheith ar seilbh ag an Aire Airgid no le linn bheith ar marthain d'aon urrú o Rialtas Shaorstáit Éireann ar aon chonnradh ath-árachais do rinne an Chuideachta, mara ndeinidh an tAire Airgid, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, aontú roimh ré leis an atharú san do dhéanamh.

E bheith d'oblagáid ar an gCuideachtain cuntaisí cothromaíochta, etc., do thabhairt uatha.

86. —(1) Bhéarfaidh an Chuideachta, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, don Aire agus don Aire Airgid, in aghaidh na bliana cuntasaíochta san, na scríbhinní seo leanas agus iad iniúchta ag iniúchóir na Cuideachtan san agus tarraicthe suas i pé slí le n-a n-aontóidh an tAire Airgid tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, sé sin le rá, cuntas cothromaíochta agus cuntas sochair agus dochair, agus fós cuntas ioncuim ar leithligh maidir le gach saghas gnótha ath-árachais ar leithligh a bhíonn ar siúl ag an gCuideachtain.

(2) Ar n-a éileamh san don Aire no don Aire Airgid bhéarfaidh an Chuideachta don Aire dhéanfaidh an t-éileamh san pé mínithe is dóich leis an Aire sin is ceart d'éileamh i dtaobh aon chuntais chothromaíochta, cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim do bhéarfar dó do réir an ailt seo.

(3) Déanfaidh an tAire Airgid cóip de gach cuntas cothromaíochta, cuntas sochair agus dochair agus cuntas ioncuim do bhéarfar don Aire sin do réir an ailt seo do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas fé cheann mí tar éis an chuntais chothromaíochta, an chuntais sochair agus dochair no an chuntais ioncuim sin (do réir mar a bheidh) do thabhairt dó amhlaidh.

(4) Má fhaillíonn an Chuideachta aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do chólíonadh, beidh an Chuideachta, agus gach stiúrthóir, bainisteoir, agus oifigeach eile de chuid na Cuideachtan d'údaruigh no do cheaduigh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha in aghaidh gach lae leanfaidh an fhaillí.

(5) An cuntas cothromaíochta, an cuntas sochair agus dochair agus an cuntas ioncuim is gá do réir an ailt seo don Chuideachtain do thabhairt uatha, is cuntaisí iad i dteanta, agus ní cuntaisí iad in ionad, aon chuntais chothromaíochta no cuntais sochair agus dochair no cuntais ioncuim eile is gá don Chuideachtain de thurus na huaire do réir dlí d'ullamhú agus do thabhairt uatha.

An tAire d'iniúchadh leabhar, etc., na Cuideachtan.

87. —(1) Féadfaidh an tAire agus gach oifigeach don Aire go n-údarás chuige sin i scríbhinn ón Aire dul isteach in aon oifig leis an gCuideachtain gach tráth réasúnta agus gach leabhar, cuntas, agus scríbhinn a bheidh á gcoimeád ag an gCuideachtain san oifig sin d'iniúchadh ansan, agus beidh sé de dhualgas ar an gCuideachtain gach leabhar, cuntas, agus scríbhinn acu san do thaisbeáint, ar n-a iarraidh sin ortha, chun go n-iniúchfaidh an t-oifigeach san iad agus fós an có-fhreagarthas uile (le n-a n-áirmhítear cóipeanna de leitreacha i gcás gan iad féin do bheith ar fáil) a iarrfaidh an t-oifigeach san go réasúnta chun féachaint an fíor aon iontráil áirithe in aon leabhar, cuntas, no scríbhinn acu san no in aon chuntas cothromaíochta no cuntas do thug an Chuideachta don Aire fén gCuid seo den Acht so.

(2) Chun crícheanna an ailt seo—

(a) folóidh iniúchadh cóipeanna do dhéanamh de leabhair, de chuntaisí agus de scríbhinní no sleachta do thógaint asta, agus

(b) tuigfear go ndearna oifigeach don Aire rud d'iarraidh go cuibhe chun a iniúchta má hiarradh san de bhréithre béil in oifig leis an gCuideachtain ar aon leabhar-choimeádaí no duine eile d'fhuirinn chléireachais na Cuideachtan san oifig sin.

An Chuideachta do thabhairt staitistíochta agus tuairisceán uatha.

88. —Bhéarfaidh an Chuideachta don Aire, pé tráthanna agus i pé fuirm agus slí ordóidh an tAire an staitistíocht agus na tuairisceáin sin éileoidh an tAire.

E bheith d'oblagáid ath-árachú do dhéanamh leis an gCuideachtain.

89. —(1) Gach cuideachta árachais no sinneagóid a dhéanfaidh gnó árachais i Saorstát Éireann (ach gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail d'eisceacht agus athnuachaint ar aon ghnó árachais eile d'áireamh go ndearnadh an bun-chonnradh ina chóir roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so) déanfaid có-aontú leis an gCuideachtain tré n-a gcó-aontóidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) gur leis an gCuideachtain a dhéanfaid ath-árachú má dheinid agus sa mhéid go ndéanfaid ath-árachú ar a ngnó árachais (ag eisceacht agus ag áireamh mar adubhradh) ach san fé réir an choinníll go bhféadfaidh an Chuideachta, i gcás aon fhionntair áirithe, diúltú don ath-árachas air do ghlacadh mara gcoinnighidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) an méid sin den fhionntar san a bheidh sásúil don Chuideachtain.

(2) Gach có-aontú dhéanfaidh cuideachta árachais no sinneagóid leis an gCuideachtain do réir an fho-ailt sin roimhe seo den alt so forálfar leis—

(a) pé uair a bheidh méid aon fhionntair a ghlacfaidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin ortha féin níos mó ná an méid is gá don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin do réir an chó-aontuithe sin do choinneáil, go dtiocfaidh an Chuideachta chun bheith agus beid, leis sin agus gan a thuilleadh, freagarthach sa mhéid sin (pe'ca an t-iomlán no cuid é) d'iarmhéid an fhionntair sin a cheanglóidh an có-aontú san ar an gCuideachtain sin do ghlacadh, agus

(b) go bhféadfaidh an Chuideachta, fé cheann trí lá tar éis scéala d'fháil o chuideachtain árachais no o shinneagóid á rá cadé méid aon fhionntair áirithe do rinne an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin d'athárachú (i bpáirt no go hiomlán) leis an gCuideachtain, fógra i scríbhinn do thabhairt don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin á rá gur mian leis an gCuideachtain bheith saor o iomlán ath-árachais an fhionntair sin no o chuid de (pe'ca aca é), agus pé uair do bhéarfar aon fhógra den tsórt san amhlaidh beidh an Chuideachta, i gcionn deich lá tar éis an fhógra san d'fháil don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin, saor o fhreagarthacht in iomlán athárachais an fhionntair sin no sa chuid sin de (pe'ca aca luadhfar sa bhfógra san).

(3) Tar éis do chuideachtain árachais no do shinneagóid gur gá dhóibh do réir an ailt seo có-aontú do dhéanamh leis an gCuideachtain an có-aontú san do dhéanamh go cuibhe ní oibreoidh éinní atá san alt so chun srianadh ná rialú do dhéanamh maidir leis an gcuideachtain árachais no leis an sinneagóid sin d'ath-árachú a ngnótha árachais, ach amháin sa mhéid agus sna slite sin go ndéanfaidh an có-aontú san an t-ath-árachú san do shrianadh no do rialú.

(4) Ní oibreoidh éinní atá san alt so chun srianadh ná rialú do dhéanamh maidir le cuideachtain árachais no sinneagóid d'ath árachú aon choda dá ngnó árachais nach gá don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin do réir an ailt seo có-aontú do dhéanamh ina taobh leis an gCuideachtain.

An Stát d'urrú connradh athárachais.

90. —(1) Gach connradh ath-árachuithe gnótha árachais a dhéanfaidh an Chuideachta laistigh de thréimhse deich mblian tar éis an dáta ar a dtosnóidh an Chuideachta ar ghnó do dhéanamh urróidh Rialtas Shaorstáit Éireann é, ach ní luighfidh aon cheart aicsin, ar agra na Cuideachtan ná aon chuideachtan árachais, sinneagóide ná duine eile, i gcoinnibh Rialtais Shaorstáit Éireann fén urraíocht san ná ar shlí eile alos aon fhreagarthachta ar scór an chonnartha san.

(2) Pé uair a dheimhneoidh an Chuideachta don Aire Airgid go dteastuíonn aon tsuim airgid ón gCuideachtain chun aon fhiachas atá ar an gCuideachtain fé aon chonnradh ath-árachais den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do ghlanadh agus, toisc a gcistí no aon chiste dá gcistí is ionchurtha chun an fhiachais sin do ghlanadh, do bheith nea-dhóthanach, go bhfuil an Chuideachta neamh-ábalta ar an suim sin do sholáthar go hiomlán no i bpáirt, bhéarfaidh an tAire sin ar iasacht don Chuideachtain, as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis, pé suim a dhéanfaidh, maraon leis an méid (más aon mhéid é) de chistí na Cuideachtan is ionchurtha amhlaidh, an fiachas san do ghlanadh.

(3) Na suimeanna san do bhéarfaidh an tAire Airgid ar iasacht don Chuideachtain as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so is ar pé téarmaí agus coinníollacha chinnfidh an tAire sin ar dháta a dtabhartha ar iasacht no dá éis sin do bhéarfar ar iasacht iad agus aisíocfaidh an Chuideachta iad leis an bPrímh-Chiste (maraon le hús ortha ar na rátaí sin a cheapfaidh an tAire sin) i pé méideanna agus pé tráthanna cheapfaidh an tAire sin.

(4) Mara ndeinidh agus sa mhéid ná déanfaidh an Chuideachta aon tsuimeanna do bhéarfaidh an tAire Airgid ar iasacht don Chuideachtain as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste, aisíocfar na suimeanna san as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID VII.

Ilghneitheach.

Gnó bannashúncála do leathnú.

91. —(1) Pé uair a bheidh ar siúl mar ghnó ag aon duine no cólucht daoine, corpruithe no neamh-ionchorpruithe (ná beidh cláruithe ná deimhnithe fé aon Acht a bhaineann le carachumainn, cumainn foirgneoireachta, no ceárd-chumainn), síntiúisí is iníoctha i gcionn tréimhsí is giorra ná sé mhí do ghlacadh agus a thógaint ortha féin tré phrospectus no eile, i gcomaoine na síntiúisí sin, méid na síntiúisí sin maraon le hús air d'íoc (go gceart no gan ceart ag an síntiúsaire chun a chuid síntiúisí d'fháil thar n-ais idir an dá linn) leis na síntiúsairí ar dháta áirithe, tuigfear gur gnó banna-shúncála an gnó san.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach gnó tuigfear fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so do bheith ina ghnó bhanna-shúncála, sé sin le rá:—

(a) an cárta, an leabhar no an scríbhinn eile ina n-iontráltar admhála síntiúisí tuigfear gurb é ionstruim fianuithe an chonnartha é, agus

(b) isé an síntiúsaire is únaer ar an bpolasaí, agus

(c) féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú go ndéanfar ar an gCeathrú Sceideal, ar an gCúigiú Sceideal agus ar an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 na hatharuithe sin is gá chun na bhforálacha de sna Sceidil sin a bhaineann le gnó banna-shúncála do chur in oiriúint don ghnó tuigfear do réir an fho-ailt sin roimhe seo do bheith ina ghnó bhanna-shúncála.

Toirmeasc ar iasacht d'fháil ar urrús ciste árachais.

92. —Cuideachta árachais ar a gceangailtear le hAcht 1909 no leis an Acht so ciste árachais do chothabháil féadfaid airgead d'fháil ar iasacht ar urrús an chiste sin no aon tsúncála no airgid is cuid den chiste sin no is ionann agus an ciste sin (gan urrús eile no go n-urrús sócmhainní eile) agus féadfaid aon bhintiúir, stoc bintiúra, morgáiste, no urrús eile bheidh muirearuithe ar an gciste sin no ar aon tsúncáil no airgead den tsórt san (ina aonar no maraon le sócmhainní eile) d'eisiúint no do thabhairt más rud é, agus amháin más rud é, ná déanfaidh an chuideachta árachais airgead do gheobhfar ar iasacht agus a hurrófar amhlaidh do chur ach chun tairbhe agus chun crícheanna an tsaghais ghnótha árachais gur ina thaobh a ceangailtear an ciste sin do chothabháil.

Ait íoctha na suime urruithe.

93. —Gach polasaí do bhéarfaidh cuideachta árachais no sinneagóid amach i Saorstát Éireann, tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so, do dhuine chomhnuíonn de ghnáth i Saorstát Éireann déanfar, más i gcúrsa gnó árachais do bheith ar siúl i Saorstát Éireann agus mar chuid den ghnó san do bhéarfaidh an chuideachta no an tsinneagóid sin an polasaí sin amach, a fhoráil leis, maidir leis an airgead uile thiocfaidh no fhéadfaidh teacht chun bheith dlite ar an gcuideachtain no ar an sinneagóid sin (pe'ca aca é) agus iníoctha acu fén bpolasaí sin, gur i Saorstát Éireann a bheidh sé iníoctha agus gurb ann a híocfar é.

Polasaithe, etc., do thabhairt amach i Saorstát Éireann.

94. —Is i Saorstát Éireann do bhéarfar amach gach polasaí, banna, deimhniú, no ionstruim eile árachais do bhéarfar amach tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so do dhuine chomhnuíonn de ghnáth i Saorstát Éireann más i gcúrsa gnó árachais do bheith ar siúl i Saorstát Éireann agus mar chuid den ghnó san do bhéarfar amach an polasaí, an banna, an deimhniú no an ionstruim eile árachais sin.

An Cúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 do leasú.

95. —Deintear leis seo “Form (A)—Form applicable to Life Assurance Business” den Chúigiú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 do leasú ar na slite seo leanas, sé sin le rá:—

(a) tré mhír nua mar leanas do chur isteach i ndiaidh míre 4 di:—

“4A. The total amount assured under endowments, specifying sums assured and office premiums separately in respect of each year in which such assurance will mature for payment. The reversionary bonuses must also be separately specified, and the sums assured with immediate profits, with deferred profits, and without profits, separately returned,” agus

(b) tré mhír 7 di do scriosadh amach,

agus déanfar an Cúigiú Sceideal san agus fós alt 6 d'Acht 1909 do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Na Sceidil a ghabhann le hAcht 1909 agus leis an Acht so d'atharú.

96. —(1) Tar éis dó dul i gcomhairle le pé cuideachtana árachais is oiriúnach leis, no le haon chomhlachas ionaduíonn cuideachtana árachais, féadfaidh an tAire, le hordú, atharú do dhéanamh (tré chur leis no fágaint ar lár no atharú eile)—

(a) ar gach Sceideal no aon Sceideal (seachas an tOchtú Sceideal agus an Naoú Sceideal) dá ngabhann le hAcht 1909, no

(b) ar gach Sceideal no aon Sceideal dá ngabhann leis an Acht so.

(2) Tar éis dó dul i gcomhairle le Coiste Lloyd's féadfaidh an tAire, le hordú, an tOchtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909 d'atharú (tré chur leis no fágaint ar lár no atharú eile).

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag atharú aon Sceidil no Sceideal a ghabhann le hAcht 1909, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm is fé réir an atharuithe sin agus gus an atharú san a bheidh éifeacht ag an Acht san agus ag an Sceideal no na Sceidil a ghabhann leis agus ar a ndéanfar an t-atharú san.

(4) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú fén alt so ag atharú aon Sceidil no Sceideal a ghabhann leis an Acht so, ansan, faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm is fé réir an atharuithe sin agus gus an atharú san a bheidh éifeacht ag an Acht so agus ag an Sceideal no na Sceidil a ghabhann leis seo agus ar a ndéanfar an t-atharú san.

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú do rinne sé roimhe sin fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so.

Tuairisceáin, etc., o chuideachtana coigríche.

97. —I gcás aon ghnó árachais do bheith ar siúl i Saorstát Éireann ag cuideachtain choigríche féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, glacadh leo so leanas (in ionad na gcuntas, na gcuntas cothromaíochta, na n-achmaireacht agus na ráiteas is gá don cuideachtain sin do réir Achta 1909 no an Achta so do dhéanamh no do lóisteáil), eadhon, cóipeanna de sna cuntaisí, de sna cuntaisí cothromaíochta, de sna hachmaireachtaí agus de sna ráitisí is gá don chuideachtain sin, do réir dlí na tíre ina bhfuil an chuideachta san ionchorpruithe no bunuithe ar shlí eile, do dhéanamh no do lóisteáil le rialtas no le roinn de rialtas no le hoifigeach do rialtas na tíre sin.

Tuairisceáin o chuideachtana árachais i dtaobh gnótha ath-árachais.

98. —(1) Bhéarfaidh gach cuideachta árachais don Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana de bhlianta cuntasaíochta na cuideachtan san, tuairisceán ina dtaisbeánfar alos gach gnótha árachais seachas gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail—

(a) méideanna na bpraemia agus na n-éilithe (alos freagarthachta, caillteanais, no damáiste eireoidh (má eiríonn in aon chor) i Saorstát Éireann) maidir leis an gcuid sin de ghnó árachais na cuideachtan árachais sin d'athárachuigh an chuideachta árachais sin i rith na bliana cuntasaíochta san, agus

(b) méideanna na bpraemia agus na n-éilithe (alos freagarthachta, caillteanais, no damáiste eireoidh (má eiríonn in aon chor) i Saorstát Éireann) maidir leis an ngnó árachais uile do hath-árachuíodh leis an gcuideachtain árachais sin agus le n-ar ghlac an chuideachta árachais sin mar ath-árachas sa bhliain chuntasaíochta san.

(2) Gach cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu bhéarfaid don Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe, fé cheann sé mí tar éis deireadh gach bliana de bhlianta cuntasaíochta na cuideachtan san, tuairisceán ina dtaisbeánfar, maidir le gach saghas ar leithligh de sna saghsanna san gnótha árachais a bhíonn ar siúl ag an gcuideachtain sin, méid na suimeanna do féichiúnuíodh agus do creidiúnuíodh i rith na bliana cuntasaíochta san le haghaidh ath-árachais maidir le gnó árachais i Saorstát Éireann agus cuirfear síos an méid sin sa tuairisceán san i slí go mbeidh, na hítimí seo leanas le feiscint, sé sin le rá:—

(a) na praemia, agus

(b) na suimeanna do hárachuíodh, agus

(c) na héilithe d'eirigh tré bhás no tré aibiú, agus tré pholasaithe do thabhairt suas.

Na cuntaisí, etc., do bhéarfaidh sinneagóid uatha.

99. —(1) In ionad aon chuntais no ráitis is gá do shinneagóid no do bhall de shinneagóid, do réir Achta 1909, do thabhairt uatha bhéarfaidh gach sinneagóid don Aire, i pé fuirm agus slí agus pé tráthanna ordóidh an tAire, cuntaisí agus ráitisí ar gach saghas gnótha árachais ar leithligh do bhí ar siúl i Saorstát Éireann ag an sinneagóid sin i rith na bliana roimh an mbliain ina dtabharfar na cuntaisí agus na ráitisí sin.

(2) Leagfaidh an tAire fé bhráid Dháil Éireann cóip de gach cuntas agus ráiteas do bhéarfar dó do réir orduithe fén alt so.

Nithe breise bheidh sa chuntas ioncuim.

100. —An cuntas ioncuim is gá do gach cuideachtain árachais, do réir ailt 7 (alt a bhaineann le cuntaisí do lóisteáil leis an mBord Trádála) d'Acht 1909, do lóisteáil, cuirfear síos ann, i dteanta na nithe is gá bheith ann, na mion-innste seo leanas i dtaobh gach saghas gnótha árachais a bhí ar siúl ag an gcuideachtain árachais sin i Saorstát Éireann i rith na tréimhse le n-a mbainfidh an cuntas san, sé sin le rá:—

(a) méideanna na n-ítimí seo leanas (agus na méideanna san fé mhírchinn ar leithligh do ghnó árachais i Saorstát Éireann agus do ghnó árachais lasmuich de Shaorstát Éireann), sé sin le rá:—

(i) na praemia do creidiúnuíodh, agus

(ii) an bhreis atá ag na suimeanna do creidiúnuíodh mar choimisiún ar na suimeanna do féichiúnuíodh mar choimisiún no ag na suimeanna do féichiúnuíodh amhlaidh ar na suimeanna do creidiúnuíodh amhlaidh, pe'ca aca é, agus

(iii) na héilithe do híocadh agus na héilithe atá gan íoc, agus

(iv) costaisí bainistí, agus

(v) ioncum eile agus caiteachas eile i Saorstát Éireann, agus

(b) an méid (más aon mhéid é), de sna costaisí bhí ar an gcuideachtain sin lasmuich de Shaorstát Éireann, is ionchurtha i leith an ghnótha san do bhí ar siúl ag an gcuideachtain i Saorstát Éireann (agus an méid sin cion-roinnte chó cruinn agus is féidir é), agus

(c) méid na bpraemia (agus é déanta amach chó cruinn agus is féidir é agus aon tráthchoda áirmhithe ann atá gan íoc de lán-mhéid bhliantúil praemium) atá dlite agus gan íoc maidir le gnó árachais fhreagarthachta fostóirí agus gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste i Saorstát Éireann ar dháta an chuntais sin do dhéanamh suas agus ina nglactar creidiúint sa chuntas san.

Nithe breise bheidh sa chuntas chothromaíochta.

101. —An cuntas cothromaíochta is gá do gach cuideachtain árachais, do réir ailt 7 (alt a bhaineann le cuntaisí do lóisteáil leis an mBord Trádála) d'Acht 1909, do lóisteáil, beidh ag gabháil leis, i dteanta na ndeimhnithe luaidhtear i Nóta 3 agus i Nóta 4 atá leis an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1909, na deimhnithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) deimhniú ar n-a shighniú ag na daoine céanna gur gá dhóibh, do réir Achta 1909, an cuntas cothromaíochta san do shighniú agus ina ndéanfaidh na daoine sin—

(i) a dheimhniú, i dtaobh luachanna na sócmhainní uile bheidh curtha síos sa chuntas chothromaíochta san, gur mar do bhíodar ar dháta an chuntais chothromaíochta san do rinneadh amach agus do hath-scrúduíodh iad agus, na méideanna bheidh curtha síos dóibh ann, nach mó le chéile iad, dar leis na daoine sin, ná luach ionfhálta no margaidh na sócmhainní sin tar éis aon chúl-chiste súncála do chur san áireamh, agus

(ii) a dheimhniú na morgáistí agus na hiasachtaí luaidhtear sa chuntas chothromaíochta san do bheith, i dteanta a chéile dhóibh, leor-urruithe dar leis na daoine sin, agus

(iii) in aon chás ina mbeidh na luachanna bheidh curtha síos sa chuntas chothromaíochta san d'aon urrúis bhúrsa níos mó, i dteanta a chéile dhóibh agus tar éis aon chúl-chiste súncála do chur san áireamh, ná luachanna na n-urrús san ar n-a bhfáil amach as luadhanna búrsa foillsithe mar do bhíodar ar dháta an chuntais chothromaíochta san, a mhíniú conus a thánathas ar na luachanna san mar a bheid curtha síos amhlaidh, agus

(iv) a rá cadé méid gach méaduithe ar mhaoin shaorsheilbhe agus léas-sheilbhe nach é costas breiseanna do rinneadh i ndiaidh an chuntais chothromaíochta dheiridh roimhe sin an t-éinní amháin fé ndeár é, agus a mhíniú cadé cúis an mhéaduithe sin, agus

(b) deimhniú ar n-a shighniú ag na daoine céanna gur gá dhóibh, do réir Achta 1909, gach cuntas cothromaíochta do shighniú agus ag achtuaire, agus ina ndeimhneoidh na daoine sin agus an t-achtuaire sin, i dtaobh luachanna ath-orbaí agus saol-leasanna gur mar do bhíodar ar dháta an chuntais chothromaíochta san do fuarthas amach agus do hath-scrúduíodh iad agus, dar leis na daoine sin agus leis an achtuaire sin, nach mó ná luacháil an achtuaire a luach san le chéile mar a bheidh sé curtha síos sa chuntas chothromaíochta san.

Cuideachtana coigríche áirithe do thabhairt ráitis bhreise uatha.

102. —(1) Gach cuideachta choigríche go mbíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl acu i Saorstát Éireann déanfaid, i dteanta na ráitisí is gá don chuideachtain sin d'ullamhú fé alt 6 d'Acht 1909, mion-innste i dtaobh gnó árachais na cuideachtan san i Saorstát Éireann d'ullamhú ar leithligh fé mhíreanna 2 go 9 d'Fhuirm A den Chúigiú Sceideal (mar a leasuítear san leis an Acht so) a ghabhann le hAcht 1909.

(2) Bainfidh alt 7 d'Acht 1909 le gach ráiteas is gá do chuideachtain choigríche, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, d'ullamhú fé is dá mba ráiteas ba ghá do dhéanamh do réir forála den Acht san roimh an alt san 7 an ráiteas san.

Ráiteas breise i dtaobh gnótha árachais fheithicle inneallghluaiste.

103. —(1) Gach cuideachta árachais go mbíonn gnó árachais fheithicle inneall-ghluaiste ar siúl acu déanfaid, i dteanta an ráitis is gá don chuideachtain sin d'ullamhú gach bliain do réir mhíre (d) d'fho-alt (2) d'alt 76 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 ( Uimh. 11 de 1933 ), ráiteas d'ullamhú gach bliain ar fhiachas mheasta na cuideachtan árachais sin alos éilithe gan íoc agus éilithe gan socrú, a bhaineann leis an ngnó san i Saorstát Éireann.

(2) Is sa bhfuirm atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so bheidh gach ráiteas is gá do chuideachtain árachais, do réir an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, d'ullamhú agus bainfidh fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1909 leis an ráiteas san fé is dá mba ráiteas é ba ghá do dhéanamh do réir forála den Acht san roimh an alt san 7.

Acht 1909 do chur i mbaint le gnóthaí árachais áirithe.

104. —Má bhíonn ceann no níos mó de sna gnóthaí árachais seo leanas ar siúl ag cuideachtain árachais, sé sin le rá, gnó árachais fhreagarthachta puiblí, gnó árachais innealltóireachta, gnó árachais ghloine, gnó árachais urraíochta, no gnó árachais bhuirgléireachta, bainfidh Acht 1909 leis an gcuideachtain sin agus le pé ceann no cinn de sna gnóthaí árachais sin a bheidh ar siúl ag an gcuideachtain sin ach san gus na hatharuithe agus fé réir na n-atharuithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bhainfidh alt 5 ná alt 6 d'Acht 1909 leis an gcuideachtain sin, agus

(b) déanfaidh an chuideachta san gach bliain aon ráiteas amháin ar a ngnó árachais d'ullamhú sa bhfuirm sin ordóidh an tAire o am go ham, agus bainfidh fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1909 leis an ráiteas san fé is dá mba ráiteas é ba ghá do dhéanamh do réir forála den Acht san roimh an alt san 7, agus

(c) bainfidh alt 32 (ach amháin míreanna (a), (b) agus (c) dhe) leis an gcuideachtain sin ach cuirfear na focail “public liability insurance business, engineering insurance business, glass insurance business, guarantee insurance business, or burglary insurance business” san alt san in ionad na bhfocal “accident insurance business” i ngach áit ina bhfuil na focail sin san alt san mar do bheirtear feidhm dó leis an mír seo.

An ní déanfar le hairgead do gheobhaidh cuideachtana árachais.

105. —(1) Má dheineann cuideachta árachais, do réir ailt 3 (alt a bhaineann le cistí d'iomscaradh) d'Acht 1909, ciste árachais ar leithligh do chothabháil maidir le haon ghnó árachais a bhíonn ar siúl acu déanfaidh an chuideachta árachais sin an t-airgead uile do gheobhaidh an chuideachta árachais sin alos an ghnótha árachais sin do bhreith chun an chiste árachais ar leithligh a bhíonn á chothabháil amhlaidh maidir leis an ngnó árachais sin agus ní chun aon chiste eile.

(2) Má bhíonn gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl i Saorstát Éireann ag cuideachtain árachais agus fós aon ghnó eile ach amháin gnó ciste fhiach-laigheaduithe no fuascailte caipitail déanfaidh an chuideachta árachais sin, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, sócmhainní a gciste árachais saoil agus a gciste árachais tionnscail do choimeád ar deighilt o shócmhainní an ghnótha eile sin.

(3) Má bhí gnó árachais saoil no gnó árachais tionnscail no an dá ghnó san ar siúl i Saorstát Éireann ag cuideachtain árachais an 31adh lá de Dheireadh Fómhair, 1935, agus go mbeidh an dá ghnó san no aon cheann acu ar siúl acu go dleathach i Saorstát Éireann tar éis tosach feidhme Coda II den Acht so féadfaidh an tAire, ar iarratas aon chuideachtan den tsórt san, an chuideachta san do shaoradh o n-a bheith ortha forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so do chólíonadh go ceann tréimhse nach sia ná dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme na Coda so den Acht so.

(4) Má bhíonn gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl ag cuideachtain árachais ní bheidh ar an gcuideachtain sin sócmhainní a gcistí árachais saoil do choimeád ar deighilt o shócmhainní a gcistí árachais tionnscail.

(5) Má bhíonn níos mó ná aon ghnó árachais amháin seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail ar siúl ag cuideachtain árachais ní bheidh ar an gcuideachtain árachais sin sócmhainní aon chiste árachais a bhíonn á chothabháil ag an gcuideachtain árachais sin maidir le haon ghnó árachais áirithe do choimeád ar deighilt o shócmhainní aon chiste árachais eile bhíonn á chothabháil ag an gcuideachtain árachais sin maidir le haon gnó árachais eile.

Ordú toirmiscthe ath-árachais.

106. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú toirmiscthe ath-árachais san alt so) a thoirmeasc aon tsaghas gnótha árachais ar n-a dhéanamh i Saorstát Éireann (seachas gnó árachais saoil agus gnó árachais tionnscail) d'athárachú le haon chuideachtain árachais no duine seachas cuideachta árachais no sinneagóid go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann.

(2) Tiocfaidh gach ordú toirmiscthe ath-árachais i ngníomh pé lá (nach luatha ná sé mhí tar éis lae dhéanta an orduithe sin) a cheapfaidh an tAire leis an ordú san.

(3) Pé uair a bheidh ordú toirmiscthe ath-árachais i ngníomh maidir le haon tsaghas áirithe gnótha árachais, ansan, fé réir forálacha an ailt seo, ní dhéanfaidh cuideachta árachais ná sinneagóid aon chuid den tsaghas san gnótha árachais a beifear tar éis a dhéanamh i Saorstát Éireann d'ath-árachú le haon chuideachtain árachais no duine seachas cuideachta árachais no sinneagóid go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann.

(4) Gach cuideachta árachais no sinneagóid ath-árachóidh, contrárdha don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, aon tsaghas gnótha árachais do rinne an chuideachta no an tsinneagóid sin i Saorstát Éireann tuigfear, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, gur theip ortha forálacha an Achta so do chólíonadh.

(5) Pé uair a thárlóidh, le linn d'ordú toirmiscthe ath-árachais do bheith i ngníomh maidir le haon tsaghas áirithe gnótha árachais, gur deimhin leis an Aire cuideachta árachais no sinneagóid go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann do bheith tar éis socrú do dhéanamh, i dtaobh gnótha ath-árachais den tsaghas san, le cuideachtain no cuideachtana le Saorstát Éireann go mbíonn an saghas san gnótha árachais ar siúl acu i Saorstát Éireann, féadfaidh an tAire saoirse i scríbhinn do dheonadh don chuideachtain árachais no don tsinneagóid sin ag saoradh na cuideachtan árachais no na sinneagóide sin o fhorálacha an ailt seo maidir le hath-árachú na coda san dá ngnó árachais do rinneadh i Saorstát Éireann.

(6) Pé uair is dóich leis san do bheith ceart féadfaidh an tAire, le hordú, ordú toirmiscthe ath-árachais do leasú no do cheiliúradh.

Ordú um rátaí praemia.

107. —(1) Más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart san do dhéanamh agus tar éis dó dul i gcomhairle le pé cuideachtana árachais is oiriúnach leis no le haon chomlachas ionaduíonn cuideachtana árachais, agus le Coiste Lloyd's, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú um rátaí praemia san alt so), na rátaí do cheapadh a fhéadfaidh cuideachtana árachais no sinneagóidí d'éileamh mar phraemia maidir le gach saghas no aon tsaghas connartha ghnótha árachais fhreagarthachta fostóirí agus ghnótha árachais fheithicle inneall-ghluaiste.

(2) Tiocfaidh gach ordú um rátaí praemia i ngníomh pé lá (nach luatha ná dáta an orduithe sin) a cheapfaidh an tAire leis an ordú san.

(3) Gan dochar d'aon chomhacht ghenerálta cheiliúracháin no leasúcháin a bronntar leis an alt so, déanfaidh an tAire, fé cheann trí mblian tar éis ordú um rátaí praemia do dhéanamh agus ina dhiaidh sin i gcionn tréimhsí nach sia ná trí bliana, na rátaí praemia do ceapadh leis an ordú san no leis an leasú is déanaí do rinneadh air (pe'ca aca é) do bhreithniú agus, más oiriúnach leis é, na rátaí praemia sin d'atharú agus chun na críche sin an t-ordú san do leasú no an t-ordú san do cheiliúradh agus ordú nua do dhéanamh ina ionad.

(4) Pé uair agus faid a bheidh ordú um rátaí praemia i bhfeidhm maidir le haon tsaghas áirithe gnótha árachais ní éileoidh aon chuideachta árachais ná sinneagóid, ar aon árachas a bhainfidh leis an saghas san gnótha árachais, praemium is mó ná an praemium oiriúnach a bheidh ceaptha leis an ordú san.

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú do rinne sé fén alt so, le n-a n-áirmhítear ordú do rinneadh fén bhfo-alt so.

Polasaithe do thabhairt amach i nGaedhilg.

108. —Pé uair a déanfar fuirm thairisgeana i gcóir polasaí árachais do líonadh i nGaedhilg amháin, ansan, gach polasaí árachais do bhéarfar amach do réir no de dhruim na tairisgeana san agus aon scríbhinn eile do bhéarfar amach maidir leis an bpolasaí sin ag an gcuideachtain árachais no ag an sinneagóid chun a ndearnadh an tairisgint sin, déanfaidh an chuideachta árachais no an tsinneagóid sin (pe'ca aca é) iad do thabhairt amach i nGaedhilg má éilíonn an tairgtheoir san ortha.

Cuideachta árachais no sinneagóid do shárú, etc., an Achta.

109. —(1) Gach cuideachta árachais a sháróidh aon cheann d'fhorálacha an Achta so no go dteipfidh ortha an céanna no aon ordú do bhéarfaidh an tAire uaidh go dleathach fén Acht so do chólíonadh, beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur ortha agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

(2) Má dheineann cuideachta árachais cionta fén alt so beidh gach stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí, oifigeach no fostaí de chuid na cuideachtan san a bheidh páirteach go bhfios dó féin sa chuideachtain sin do dhéanamh an chionta san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear an fhíneáil no na fíneála san a luaidhtear sa chéad fho-alt den alt so do chur air.

(3) Pé uair a ciontófar cuideachta árachais i gcionta leanúnach fén alt so beidh déanamh an chionta san ina fhoras chun na cuideachtan san d'fhoirceannadh go héigeanta fé Acht 1908 más rud é, agus amháin más rud é, go gcuirfear ina luighe ar an gCúirt éistfidh an achuinge chun an fhoirceannta san do dhéanamh gur leanadh den chionta san do dhéanamh ar feadh trí mhí no níos mó.

(4) Pé uair a sháróidh sinneagóid forálacha an Achta so no theipfidh ortha an céanna no aon ordú do bhéarfaidh an tAire uaidh go dleathach fén Acht so do chólíonadh, beidh gach ball den tsinneagóid sin a bheidh páirteach go bhfios dó féin sa tsárú no sa teip sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air agus ina theanta san, más cionta leanúnach é, fíneáil bhreise ná raghaidh thar caoga púnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

Teora ama chun ciontaí do chúiseamh.

110. —(1) D'ainneoin aon fhorála atá in aon reacht Briotáineach no Acht den Oireachtas a theorannuíonn an tréimhse ina bhféadfar imeachta achmair do bhunú, ní déanfar imeachta mar gheall ar chionta fé Acht 1909 ná mar gheall ar chionta fén Acht so do bhunú breis agus sé bliana tar éis an chionta do dhéanamh ach, fé réir na teorann san, féadfar iad do bhunú tráth ar bith fé cheann sé mhí tar éis an dáta ar a bhfuighidh an tAire fianaise is leor dar leis chun an chionta do chúiseamh, no fé cheann bliana tar éis an chionta do dhéanamh, pé tréimhse acu san is sia.

(2) Chun crícheanna an ailt seo is fianaise dho-chlaoite ar an dáta ar a bhfuair an tAire fianaise is leor dar leis chun cionta áirithe do chúiseamh deimhniú ón Aire fé n-a shéala oifige ag luadh an dáta san.

CEAD SCEIDEAL.

Coinniollacha Bhainfidh le Cuideachtana Co-Nasctha fe Chuid III den Acht so.

1. Beidh memorandum agus airtiogail chomhlachais gach cuideachtan có-nasctha fé réir an Aire Airgid d'aontú leo tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

2. Forálfar le memorandum comhlachais gach cuideachtan có-nasctha—

(a) gur i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath a bheidh oifig chláruithe na cuideachtan san;

(b) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na cuideachtan san gnó árachais saoil do bheith ar siúl acu no gnó árachais tionnscail do bheith ar siúl acu no an dá ghnó san do bheith ar siúl acu, ach ná beidh ar a bpríomh-chuspóirí aon tsaghas eile gnótha árachais do bheith ar siúl acu;

(c) go mbeidh teora le fiachas ball na cuideachtan san.

3. Luadhfar in airtiogail chomhlachais gach cuideachtan cónasctha líon stiúrthóirí na cuideachtan san (agus an cathaoirleach d'áireamh) agus ní bheidh an líon a luadhfar amhlaidh níos lugha ná cúigear ná níos mó ná seachtar.

4. Forálfar le hairtiogail chomlachais gach cuideachtan cónasctha—

(a) go ndéanfar mar leanas faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh leath ar a laighead (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san—

(i) más seachtar líon stiúrthóirí na cuideachtan san, ainmneoidh an tAire Airgid ceathrar de sna stiúrthóirí sin o am go ham fé mar is gá,

(ii) más lugha ná seachtar líon stiúrthóirí na cuideachtan san, ainmneoidh an tAire Airgid triúr de sna stiúrthóirí sin o am go ham fé mar is gá,

(iii) ainmneoidh an tAire Airgid cathaoirleach na stiúrthóirí o am go ham as líon na stiúrthóirí bheidh ainmnithe aige;

(b) go mbeidh stiúrthóir bainisteoireachta ar an gcuideachtain sin agus, fé réir na céad mhíre ina dhiaidh seo, go ndéanfaidh stiúrthóirí na cuideachtan san o am go ham duine dá líon féin do cheapadh chun bheith ina stiúrthóir bhainisteoireachta ar an gcuideachtain sin;

(c) gurb é bheidh ina chéad stiúrthóir bainisteoireachta ar an gcuideachtain sin ná an duine sin de stiúrthóirí na cuideachtan san a cheapfaidh an tAire Airgid agus go mbeidh an duine sin i seilbh oifige mar stiúrthóir bainisteoireachta go ceann pé tréimhse, nach sia ná cúig bliana, agus ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha, ordóidh an tAire sin;

(d) go mbeidh comhacht ag an gcuideachtain sin chun airgead do chruinniú chun crícheanna na cuideachtan san tré bhintiúirí ach san fé réir na srian a forchuirtear leis an Acht so agus na srian so leanas, sé sin le rá:—

(i) nach mó tráth ar bith an méid a cruinneofar amhlaidh ná scair-chaipital íoctha na cuideachtan san, agus

(ii) ná beidh an chomhacht san infheidhmithe, gan toiliú an Aire Airgid, tráth ar bith faid a bheidh an tAire sin i seilbh níos mó ná an cúigiú cuid (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na cuideachtan san;

(e) nach féidir, faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon scaireanna sa chuideachtain sin, duine ar bith do cheapadh ina iniúchóir don chuideachtain sin mara n-aontuighidh an tAire sin leis an duine sin do cheapadh chun na hoifige sin.

DARA SCEIDEAL

Mion-Innste Breise ar Luachala Arachais Tionnscail.

1.—(1) Mion-dealú chó cruinn agus is féidir é ar an ioncum praemium do fuair cuideachta árachais tionnscail in aghaidh gach bliana de sna cúig blianta roimh an dáta gur go dtí é do rinneadh an luacháil sin, ag idirdhealú idir—

(a) ioncum as polasaithe ná raibh ar marthain níos mó ná bliain nuair d'eirigh an t-ioncum san, agus

(b) ioncum as polasaithe do bhí ar marthain níos mó ná bliain nuair d'eirigh an t-ioncum san.

(2) I ngach mion-dealú den tsórt san déanfar idirdhealú idir polasaithe go mbeidh na praemia ina dtaobh iníoctha gach seachtain agus polasaithe go mbeidh na praemia ina dtaobh iníoctha i gcionn tréimhsí is sia ná seachtain.

2.—An méid, más aon mhéid é, do rinneadh luach na “Office Yearly Premiums,” mar a taisbeánfar san i dtaobh gach ítime sa “Form referred to under Heading No. 7 in the Fourth Schedule (A)” a ghabhann le hAcht 1909, do laigheadú chun a chur in áirithe ná háirmheofar aon pholasaí mar shócmhainn.

3. I gcás gan an chionúireacht den ioncum phraemium bhliantúil do forcoimeádadh i gcóir costaisí agus brabúsanna todhachaí, mar a luaidhtear í mar fhreagra ar Cheist Uimh. 5 sa Cheathrú Sceideal “(A)—Form applicable to Life Assurance Business” a ghabhann le hAcht 1909, do bheith mar a chéile maidir le gach polasaí den aon tsaghas amháin, somplaí den chionúireacht do forcoimeádadh amhlaidh alos polasaithe do tógadh amach le linn pé aoiseanna, agus do bhí i bhfeidhm ar feadh pé tréimhsí, a roghnóidh an tAire.

4. Somplaí de luachanna na bhfiachaisí glan fé pholasaithe (gan aon bhónuis do cuireadh leo d'áireamh) do réir an fhorais luachála le n-ar glacadh, maidir le gach ceann fé leith de sna príomh-shaghsanna árachaisí, le haghaidh polasaithe do tógadh amach le linn pé aoiseanna, agus go ceann pé tréimhse, a roghnóidh an tAire.

5. Ráiteas (do bhéarfar ar leithligh maidir le gach grúpa deichbhliantach fé leith d'aoiseanna) ar an méid daoine fuair bás ar shlánú aoiseanna os cionn deich mblian i rith na gcúig mblian roimh an dáta gur go dtí é do rinneadh an luacháil sin fé pholasaithe in aghaidh an tsaol-téarma iomláin i gcompráid leis an méid do gheobhadh bás dá mbeadh an mhortlaíocht do thárla díreach ar aon dul leis an táible mortlaíochta do húsáideadh chun na luachála san do dhéanamh.

TRIU SCEIDEAL.

Rialacha chun Meid Saor-Pholasai Lan-Ioctha agus Luach Scaruna aon Pholasai Arachais Tionnscail in Airgead Tirim d'Fhail Amach.

CUID I.

Rialacha Generalta.

1. Is tuigthe an ráta úis do bheith do réir ceathair per cent. per annum.

2. Is tuigthe an ráta mortlaíochta do bheith do réir Saol-Táible an tSaorstáit Uimh. 1 (Fireannaigh).

3. Déanfar aois an duine go mbeidh a shaol árachuithe fé pholasaí árachais tionnscail go mbeidh praemia iníoctha ina thaobh d'fháil amach tríd an méid blian iomlán de ré an pholasaí sin a bheidh caithte ar an dáta ar a dtáinig an praemium deiridh do híocadh fé chun bheith dlite do chur leis an aois do shlánuigh an duine sin ar an gcéad lá dá laetheanta breithe tar éis dáta an pholasaí sin do thabhairt amach.

4. Gheobhfar amach aois an duine go mbeidh a shaol árachuithe fé shaor-pholasaí árachais tionnscail lán-íoctha tríd an méid blian iomlán, idir dáta an bhun-pholasaí árachais tionnscail do thabhairt amach agus an dáta gur go dtí é is gá luach an tsaorpholasaí lán-íoctha sin d'fháil amach, do chur leis an aois do shlánuigh an duine sin ar an gcéad lá dá laetheanta breithe tar éis dáta an bhun-pholasaí sin do thabhairtt amach.

5. Isé is praemium glan ann ná an praemium san is leor, do réir an ráta úis thuigthe agus an ráta mhortlaíochta thuigthe agus na haoise do shlánuigh an duine go mbeidh a shaol árachuithe ar an gcéad lá dá laetheanta breithe tháinig tar éis dáta an pholasaí, chun soláthar do dhéanamh in aghaidh an fhionntair fé n-a ndeachaidh an chuideachta árachais tionnscail tríd an bpolasaí sin do thabhairt amach, agus san gan éinní do chur leis in aghaidh costaisí oifige agus éilithe eile, ach i gcás an fhionntair fé n-a ndeachthas amhlaidh do mhéadú tar éis an pholasaí sin do thabhairt amach áirmheofar an praemium glan fé is dá mbeadh an fionntar méaduithe sin ag gabháil leis an bpolasaí sin ar dháta an pholasaí sin do thabhairt amach.

6. Tuigfear gurb é is luach do pholasaí árachais tionnscail go mbeidh praemia iníoctha ina thaobh ná an deifríocht idir an luach láithreach do bhí, ar an dáta ar a dtáinig an praemium deiridh do híocadh chun bheith dlite, ag an ath-orba sa tsuim árachuithe, maraon le haon bhónus a cuireadh léi, do réir an teagmhais gur ar theacht dó a bheidh sí iníoctha, agus an luach láithreach do bhí, ar an dáta san, ag na glan-phraemia todhachaí.

7. Tuigfear gurb é is luach do shaor-pholasaí árachais tionnscail lán-íoctha ná an luach láithreach do bhí, ar an dáta gur go dtí é is gá an luach d'fháil amach, ag an ath-orba sa tsuim árachuithe, maraon le haon bhónus a cuireadh léi, do réir an teagmhais gur ar theacht dó a bheidh sí iníoctha.

8. D'ainneoin éinní atá sa Sceideal so ní bheidh luach, chun crícheanna an Sceidil seo, ag polasaí árachais tionnscail go mbeidh praemia iníoctha ina thaobh mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an polasaí sin dhá bhliain iomlána i bhfeidhm.

CUID II.

Polasaithe Arachais Tionnscail ar Shaol-Tearma Iomlan.

1.—(1) I gcás polasaí árachais tionnscail, seachas aon pholasaí den tsórt san do bhéarfar amach sara mbeidh aois a shé mblian slán ag an duine go n-árachófar a shaol leis, féadfar a thuisgint gur dáta bheidh bliain tar éis an dáta bheidh air is dáta don pholasaí agus, má tuigtear amhlaidh, féadfar a thuisgint gur ré bheidh bliain níos giorra ná an ré bheidh luaidhte ann is ré don pholasaí.

(2) I gcás polasaí árachais tionnscail do bhéarfar amach sara mbeidh aois a shé mblian slán ag an duine go n-árachófar a shaol leis, ní cuirfear san áireamh aon tréimhse do bhí an polasaí i bhfeidhm roimh an lá san, de laetheanta cuimhnimh dháta an pholasaí sin do thabhairt amach, is déanaí tháinig roimh dháta slánuithe aois a sheacht mblian don duine sin.

2. Isé is méid do shaor-pholasaí árachais tionnscail lán-íoctha ná suim go mbeidh, idir í agus cúig is seachtó per cent. de luach an pholasaí gur ina thaobh do bhéarfar amach an saor-pholasaí láníoctha san, an cothrom céanna a bheidh idir púnt agus luach an ath-orba i bpúnt is iníoctha ar fháil bháis don duine árachuithe.

3. Isé is luach scarúna in airgead tirim don pholasaí bheidh á thabhairt suas ná 90 per cent. den luach láithreach do bheadh, ar an dáta gur go dtí é is gá an luach san d'fháil amach, ag an ath-orba sna suimeanna do hárachófaí (maraon le haon bhónus a cuirfí leo) fén saor-pholasaí lán-íoctha do bheadh an polasaí bheidh á thabhairt suas i dteideal d'fháil no, más saor-pholasaí lán-íoctha an polasaí bheidh á thabhairt suas, 90 per cent. den luach láithreach do bhí, ar an dáta san, ag an ath-orba sna suimeanna do hárachuíodh (maraon le haon bhónus a cuireadh leo) fén saor-pholasaí lán-íoctha san.

CUID III.

Polasaithe Dearlaice agus Polasaithe Arachais Dearlaice.

1.—(1) Arachóidh gach saor-pholasaí lán-íoctha go n-íocfar, ar theacht na dteagmhas gur ar theacht dóibh dob iníoctha do sna suimeanna do hárachuíodh leis an bpolasaí bheidh á thabhairt suas, suimeanna go mbeidh, idir iad agus na suimeanna san do hárachuíodh leis an bpolasaí bheidh á thabhairt suas (maraon le haon bhónus a cuireadh leo), an cothrom céanna bheidh idir méid na bpraemia do híocadh fén bpolasaí bheidh á thabhairt suas agus méid na bpraemia uile do bheadh iníoctha fén bpolasaí bheidh á thabhairt suas dá mbeadh líon iomlán na bpraemia tar éis teacht chun bheith iníoctha agus go n-íocfaí iad fé.

(2) Féadfar a thuisgint gur dáta bheidh bliain tar éis an dáta bheidh air is dáta do pholasaí árachais tionnscail agus, má tuigtear amhlaidh, féadfar méid na bpraemia a tuigfear fén bhfo-mhír dheiridh sin roimhe seo den mhír seo do bheith íoctha, agus fós an líon iomlán de phraemia is iníoctha fén bpolasaí sin, d'áireamh o dháta thuigthe an pholasaí.

2. Má foráladh leis an bpolasaí bheidh á thabhairt suas go n-íocfaí suim mar aisíoc praemium ar theacht do theagmhas áirithe, forálfar leis an saor-pholasaí lán-íoctha go n-aisíocfar, ar theacht don teagmhas san, an cion san, de sna praemia do híocadh fén bpolasaí bheidh á thabhairt suas, do bheadh ion-aisíoctha ar theacht don teagmhas san dá bhfanadh an polasaí sin i bhfeidhm.

3. Isé is luach scarúna in airgead tirim don pholasaí bheidh á thabhairt suas ná nócha per cent. den luach láithreach a bhí (ar an dáta gur go dtí é is gá an luach san d'fháil amach) ag an athorba sna suimeanna do hárachófaí (maraon le haon bhónus a cuirfí leo) fén saor-pholasaí lán-íoctha do bheadh an polasaí bheidh á thabhairt suas i dteideal d'fháil no, más saor-pholasaí lán-íoctha an polasaí bheidh á thabhairt suas, nócha per cent. den luach láithreach a bhí (ar an dáta san) ag an ath-orba sna suimeanna do hárachuíodh fén saor-pholasaí lán-íoctha san, ach san i slí go ndéanfar, más giorra ná cúig bliana iarsma téarma an pholasaí bheidh á thabhairt suas, na percentáistí seo leanas do chur in ionad an nócha per cent. sin, sé sin le rá:—

(a) dó is nócha per cent. más giorra ná cúig bliana ach nach giorra ná ceithre bliana iarsma an téarma, agus

(b) ceathair is nócha per cent. más giorra ná ceithre bliana ach nach giorra ná trí bliana iarsma an téarma, agus

(c) sé is nócha per cent. más giorra ná trí bliana ach nach giorra ná dhá bhliain iarsma an téarma, agus

(d) ocht is nócha per cent. más giorra ná dhá bhliain iarsma an téarma.

CUID IV.

An Foras Airimh i gCasanna na Bainfidh Coda I, II agus III den Sceideal so leo.

Más rud é, mar gheall ar na téarmaí no na coinníollacha ar a mbeidh na suimeanna bheidh árachuithe le polasaí árachais tionnscail iníoctha, pe'ca mar do có-aontuíodh ina dtaobh ar dtúis no mar do hatharuíodh ina dhiaidh sin iad, ná fuil an modh luaidhtear i gCoda I, II agus III den Sceideal so chun méid an tsaorpholasaí lán-íoctha d'áireamh infheidhmithe, is ar an bhforas san le n-a n-aontóidh an tAire a háirmheofar méid an tsaor-pholasaí lán-íoctha san.

CEATHRU SCEIDEAL.

Teoranta le Cearta ar Gheallbhruideadh Polasai mar gheall argan an Praemium d'Ioc.

CUID I.

Polasaithe Arachais Lan-tSaoil.

Bliain an gheallbhruidthe.

An tréimhse mhinimum íoctha praemia.

1938

10 mbliana

1939

9 mbliana

1940

8 mbliana

1941

7 mbliana

1942

6 bliana

1943

5 bliana

1944

4 bliana

1945, no aon bhliain ina dhiaidh sin

3 bliana

CUID II.

Polasaithe Dearlaice no Polasaithe Arachais Dearlaice, maran giorra na 16 Bliana Bun-Tearma an Pholasai.

Bliain an gheallbhruidthe.

An tréimhse mhinimum íoctha praemia.

1938

10 mbliana

1939

9 mbliana

1940

8 mbliana

1941

7 mbliana

1942

6 bliana

1943

5 bliana

1944

4 bliana

1945, no aon bhliain ina dhiaidh sin

3 bliana

CUID III.

Polasaithe Dearlaice no Polasaithe Arachais Dearlaice, mas giorra na 16 Bliana Bun-Tearma an Pholasai.

Bliain an gheallbhruidthe.

An tréimhse mhinimum íoctha praemia.

1938

10 mbliana

1939

9 mbliana

1940

8 mbliana

1941

7 mbliana

1942

6 bliana

1943

5 bliana

1944

4 bliana

1945

3 bliana

1946, no aon bhliain ina dhiaidh sin

2 bhliain

CUIGIU SCEIDEAL.

Coinniollacha ata le Colionadh ag an gCuideachtain.

1. Beidh Memorandum agus Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan fé réir an Aire Airgid d'aontú leo tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála.

2. Forálfar le Memorandum Comhlachais na Cuideachtan—

(a) gur Cuideachta Ath-Arachais na hÉireann, Teoranta, bheidh mar ainm ar an gCuideachtain;

(b) gur i mBaile Atha Cliath a bheidh oifig chláruithe na Cuideachtan;

(c) go mbeidh ar phríomh-chuspóirí na Cuideachtan gnó árachais d'ath-árachú agus gach ní do dhéanamh a ceangailtear le Cuid VI den Acht so no cheanglóidh an tAire no an tAire Airgid fé Chuid VI den Acht so do dhéanamh chun an ghnótha san do dhéanamh agus chun iomlán an ghnótha san no aon chuid den ghnó san d'athárachú tuilleadh;

(d) go mbeidh teora le fiachas ball na Cuideachtan;

(e) ná raghaidh méid scair-chaipitail na Cuideachtan thar cúig céad míle púnt in ainm-luach a bheidh roinnte ina scaireanna de phúnt an ceann no de pé méid no méideanna eile luadhfar sa Mhemorandum san.

3. Luadhfar in Airtiogail Chomhlachais na Cuideachtan líon stiúrthóirí na Cuideachtan (agus an cathaoirleach d'áireamh) agus is seachtar no cúigear an líon a luadhfar amhlaidh.

4. Forálfar le hAirtiogail Chomhlachais na Cuideachtan—

(a) go ndéanfar mar leanas faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh leath ar a laighead (do réir ainm-luacha) de scaireanna eisithe na Cuideachtan—

(i) más seachtar líon stiúrthóirí na Cuideachtan, ainmneoidh an tAire sin ceathrar de sna stiúrthóirí sin o am go ham fé mar is gá,

(ii) más cúigear líon stiúrthóirí na Cuideachtan, ainmneoidh an tAire sin triúr de sna stiúrthóirí sin o am go ham fé mar is gá,

(iii) ainmneoidh an tAire sin cathaoirleach na stiúrthóirí o am go ham as líon na stiúrthóirí bheidh ainmnithe aige;

(b) go mbeidh stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain agus, fé réir na céad fho-mhíre ina dhiaidh seo, go ndéanfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan o am go ham duine dá líon féin do cheapadh chun bheith ina stiúrthóir bhainisteoireachta ar an gCuideachtain;

(c) gurb é bheidh ina chéad stiúrthóir bainisteoireachta ar an gCuideachtain ná an duine sin de stiúrthóirí na Cuideachtan a cheapfaidh an tAire Airgid agus go mbeidh an duine sin i seilbh oifige mar stiúrthóir bainisteoireachta go ceann pé tréimhse, nach sia ná cúig bliana, agus ar pé téarmaí agus fé réir pé coinníollacha, ordóidh an tAire sin;

(d) go mbeidh comhacht ag an gCuideachtain chun airgead do chruinniú chun crícheanna na Cuideachtan tré bhintiúirí, ach san fé réir na nithe seo leanas:—

(i) nach mó tráth ar bith an méid a cruinneofar amhlaidh ná scair-chaipital íoctha na Cuideachtan, agus

(ii) ná beidh an chomhacht san infheidhmithe gan toiliú, an Aire Airgid faid a mhairfidh an urraíocht o Rialtas Shaorstáit Éireann maidir le connartha athárachais a dhéanfaidh an Chuideachta;

(e) nach féidir, faid a bheidh an tAire Airgid i seilbh aon scaireanna sa Chuideachtain, duine ar bith do cheapadh ina iniúchóir don Chuideachtain mara mbeidh an tAire sin tar éis aontú le hainmniú an duine sin chun bheith ina iniúchóir don Chuideachtain.

SEU SCEIDEAL.

Fuirm a Bhaineann le Gno Arachais Fheithicle Inneall-Ghluaiste.

RAITEAS ar an bhfiachas measta alos éilithe gan íoc d'eirigh sa bhliain chuntasaíochta, agus sa bhliain no sna blianta roimhe sin; ar n-a áireamh go dtí deireadh na bliana in ar eirigh na héilithe, agus go dtí deireadh na bliana cuntasaíochta; maraon le mion-innste ar líon agus ar mhéid na n-éilithe do híocadh san eatramh.

I. Eilithe d'eirigh i rith na bliana cuntasaíochta dar chríoch

.................................... 19.......

(a) Mion-innste ar éilithe d'eirigh agus do socruíodh i rith na bliana cuntasaíochta.

An meid Iomlan do hIocadh

Saghas an Eilimh

Líon na nEileamh

Tré Shuimeanna do hárachuíodh

Tré Chostaisí agus caiteachaisí

Iomlán colún (3) agus (4)

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

£

£

£

(i) Eilithe Treas-Pháirtí

(ii) Gach éileamh eile     ..

An tIomlan     ..

Notai.1. Airmheofar mar aon éileamh amháin chun crícheanna an Sceidil seo na héilithe uile d'eirigh fé aon pholasaí amháin agus as aon teagmhas amháin.

2. Fé sna mírchinn “Tré chostaisí agus caiteachaisí” (colún (4) den Fhuirm sin thuas) agus Iomlán colún (3) agus (4)” (colún (5) den Fhuirm sin thuas) ní gá na méideanna do roinnt i ngach ceann fé leith de sna mírchinn sin sna colúin sin (4) agus (5) idir—(i) éilithe treas-pháirtí agus (ii) gach éileamh eile.

(b) Mion-innste ar éilithe d'eirigh i rith na bliana cuntasaíochta agus do bhí gan íoc i ndeireadh na bliana san.

Saghas an Eilimh

Líon na nEileamh

An méid do híocadh i rith na Bliana Cuntasaíochta

An Fiachas Measta

Iomlán colún (3) go (6)

Tré shuimeanna do hárachuíodh

Tré chostaisí agus caiteachaisí

Tré shuimeanna do hárachuíodh

Tré chostaisí agus caiteachaisí

(1)

(2)

(3)

(5)

(5)

(6)

(7)

£

£

£

£

£

(i) Eilithe Treas-Pháirtí     ..

(ii) Gach éileamh eile        ..

An tIomlán

Notai.1. Airmheofar mar aon éileamh amháin chun crícheanna an Sceidil seo na héilithe uile d'eirigh fé aon pholasaí amháin agus as aon teagmhas amháin.

2. Fé sna mírchinn “Tré chostaisí agus caiteachaisí” (colúin (4) agus (6) den Fhuirm sin thuas) agus “Iomlán colún (3) go (6)” (colún (7) den Fhuirm sin thuas) ní gá na méideanna do roinnt fé gach ceann fé leith de sna mírchinn sin sna colúin sin (4), (6) agus (7) idir—(i) éilithe treas-pháirtí agus (ii) gach éileamh eile.

II. Eilithe gan íoc d'eirigh i rith na céad bhliana, roimh an mbliain chuntasaíochta, dar chríoch.............. 19.......

Saghas an Eilimh

An fiachas measta mar gheall ar éilithe bhí gan íoc ar an dáta san thuas

Na héilithe do híocadh i rith na tréimhse bliana idir an dáta san thuas agus deireadh na bliana cuntasaíochta

An fiachas measta mar gheall ar éilithe bhí gan íoc i ndeireadh na bliana cuntasaíochta

Iomlán colún (6), (7), (9), (10), (12), agus (13)

Uimh

Tré shuimeanna do hárachuíodh

Tré chostaisí agus caiteachaisí

Gur cuireadh deireadh leo laistigh den tréimhse sin

Nár cuireadh deireadh leo laistigh den tréimhse sin

Uimh

Tré shuimeanna do hárachuíodh

Tré chostaisí agus caiteachaisí

Uimh

Tré shuimeanna do hárachuíodh

Tré chostaisí agus caiteachaisí

Uimh

Tré shuimeanna do hárachuíodh

Tré chostaisí agus caiteachaisí

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

(8)

(9)

(10)

(11)

(12)

(13)

(14)

£

£

£

£

£

£

£

£

£

(i) Eilithe Treas-Pháirtí

(ii) Gach éileamh eile

An tIomlán

Notai.—1. Má tá éilithe gan íoc ann d'eirigh i rith na dara bliana roimh an mbliain chuntasaíochta, no ní os túisce, ba cheart an t-eolas ina dtaobh do thabhairt ar fhuirm de shaghas na Fuirme seo II.

2. Airmh ofar mar aon éileamh amháin chun crícheanna an Sceidil seo na héilithe uile d'eirigh fé aon pholasaí amháin agus as aon teagmhas amháin.

3. Fé sna mírchinn “Tré chostaisí agus caiteachaisí” (colúin (4), (7), (10) agus (13) den Fhuirm sin thuas) agus “Iomlán colún (6), (7), (9), (10), (12) agus (13)” (colún (14) den Fhuirm sin thuas) ní gá na méideanna do roinnt fé gach ceann fé leith de sna mírchinn sin sna colúin sin (4), (7), (10) agus (13) idir—(i) éilithe treas-pháirtí agus (ii) gach éileamh eile.

III. Achmaireacht ar fhiachas mheasta alos éilithe bhí gan íoc i ndeireadh na bliana cuntasaíochta.

Do réir Ráitis I (b)

..

..

..

..

..

£

  ,,            ,,     II

..

..

..

..

..

£

  ,,       tuilleadh sceideal i bhfuirm Ráitis II (más

gá san)

..

..

..

..

..

£_________________________

Iomlán an fhiachais mheasta alos éilithe bhí gan íoc

i ndeireadh na bliana cuntasaíochta

..

..

£

Iomlán na n-íocaíocht do rinneadh i rith na bliana

cuntasaíochta

..

..

..

..

..

£_________________________

Iomlán na n-éilithe do híocadh agus na n-éilithe bhí gan íoc mar a taisbeántar iad sa chuntas ioncuim

£_________________________