3 1937


Uimhir 3 de 1937.


ACHT CÚIRTE CUARDA (BREITHIÚNTAISÍ DO CHLÁRÚ), 1937.


ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH MAIDIR LE BREITHIÚNTAISÍ DEN CHÚIRT CHUARDA DO CHLÁRÚ, AGUS CHUN AN DLÍ BHAINEAS LEIS NA BREITHIÚNTAISÍ SIN DO LEASÚ CHUIGE SIN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE.

[26adh Feabhra, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Phríomh-Oifig” Príomh-Oifig na hArd-Chúirte;

foluíonn an focal “breithiúntas” aithne no ordú.

Breithiúntaisí Cúirte Cuarda do chlárú sa Phríomh-Oifig.

2. —(1) Féadfar aon bhreithiúntas ón gCúirt Chuarda do gheobhfar tar éis tosach feidhme an Achta so do chlárú sa Phríomh-Oifig fé mar is féidir breithiúntas den tsórt chéanna ón Ard-Chúirt do chlárú san Oifig sin.

(2) An cleachtadh agus an nós imeachta atá in úsáid sa Phríomh-Oifig maidir le breithiúntaisí ón Ard-Chúirt do chlárú bainfid le breithiúntaisí ón gCúirt Chuarda do chlárú fén alt so agus déanfar dá réir maidir leis an gclárú san.

(3) Má deintear breithiúntas ón gCúirt Chuarda ar chostaisí no ina mbeidh costaisí do chlárú sa Phríomh-Oifig fén alt so, déanfaidh an clárathóir contae, mara ndearnadh na costaisí sin amach do réir scála na Cúirte Dúithche, na costaisí fé n-a ndeachthas chun an bhreithiúntais sin do chlárú amhlaidh do chur leis na costaisí, agus sna costaisí, is iníoctha fén mbreithiúntas san, agus dá réir sin bainfidh an clárú san leis na costaisí breise sin.

Alt 336 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, do bhaint le breithiúntaisí ón gCúirt Chuarda.

3. —Gach breithiúntas ón gCúirt Chuarda do gheobhfar tar éis tosach feidhme an Achta so tuigfear gur breithiúntas cúirte árdchéime do réir bhrí agus chun críche ailt 336 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, é, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san maidir le gach breithiúntas den tsórt san ón gCúirt Chuarda, ach gus an atharú go ndéanfar, agus an t-alt san á chur i bhfeidhm amhlaidh, clárú sa Phríomh-Oifig fén Acht so do chur in ionad cláruithe in oifig an chlárathóra bhreithiúntas.

Breithiúntaisí Cúirte Cuarda do chlárú mar mhorgáistí breithiúntais.

4. —Tuigfear gach breithiúntas ón gCúirt Chuarda (pe'ca breithiúntas a fuarthas roimh thosach feidhme an Achta so no gheobhfar dá éis sin é) do bheith ina bhreithiúntas ar n-a iontráil i gcúirt árd-chéime i mBaile Atha Cliath do réir bhrí agus chun crícheanna ailt 6 den Judgment-Mortgage (Ireland) Act, 1850, mar a deintear san do leasú no do chur i mbaint tré achtacháin ina dhiaidh sin agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an Acht san, mar a deintear é leasú no do chur i mbaint amhlaidh, maidir le gach breithiúntas ón gCúirt Chuarda, ach san gus an atharú go gcomhadófar aon dearbhóid den tsórt san a luaidhtear san alt san 6, agus a déanfar maidir le haon bhreithiúntas den tsórt san, in oifig an chlárathóra chontae ina mbeidh an breithiúntas san iontrálta in ionad é chomhadú sa chúirt árd-chéime no sa chúirt eile luaidhtear san alt san.

Athghairm.

5. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

6. —(1) Féadfar an tAcht Cúirte Cuarda (Breithiúntaisí do Chlárú), 1937 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1937.

SCEIDEAL.

Achtachain a hathghairmtear.

Siosón agus Caibidil

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

13 & 14 Vic., c. 29.

Judgment-Mortgage (Ireland) Act, 1850.

An méid sin d'alt 6 a bhaineann le breithiúntaisí, rialacha no orduithe do fuarthas i gcúirt ísealchéime no do rinne cúirt den tsórt san.

27 & 28 Vic., c. 99.

Civil Bill Courts Procedure Amendment Act (Ireland), 1864.

Alt 9.

Uimh. 10 de 1924 .

Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 .

In alt 59 na focail “agus féadfar an bhreith in aon aicsean in aon tsuim is mó ná £20 sa bhreis ar chostaisí do chlárú i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte fé mar a cláruítear aicsin agus breitheanna na hArd-Chúirte.”

Uimh. 18 de 1926 .

Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 .

Fo-ailt (5) agus (6) d'alt 3.