23 1937


Uimhir 23 de 1937.


ACHT MUC AGUS BAGÚIN, 1937.


ACHT CHUN AN ACHTA MUC AGUS BAGÚIN, 1935 , DO LEASÚ, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN DLEACHTANNA DO GHEARRADH AR MHUCA AGUS AR CHONABLAIGH MHUC A CHEANNÓIDH TÁIRGTHEOIRÍ BAGÚIN, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [12adh Meitheamh, 1937.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus luadh.

1. —Féadfar an tAcht Muc agus Bagúin, 1937 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Muc agus Bagúin, 1935 agus 1937, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.

Mínithe i gcoitinne.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Muc agus Bagúin, 1935 (Uimh. 24 de 1935) ;

tá leis na habairtí “ceadúnaí”, “áitreabh ceadúnuithe” agus “mion-leasuitheoir cláruithe” na bríonna céanna atá leo sa Phríomh-Acht.

Feidhm ailt 3 den Phríomh-Acht.

3. —Léireofar an abairt “an Achta so” atá i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht mar abairt a chialluíonn an Príomh-Acht no an tAcht so.

Clárú mion-leasuitheoiri do chealú agus ceadúnaisí do cheiliúradh.

4. —(1) I gcás mion-leasuitheora chláruithe do chiontú i gcionta fé alt ar bith den Acht so tuigfear, chun crícheanna fo-ailt (2) d'alt 19 den Phríomh-Acht, é do chiontú i gcionta fé alt den Phríomh-Acht, agus léireofar an fo-alt san (2) agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Sárú dhéanfaidh ceadúnaí ar aon cheann d'fhorálacha an Achta so tuigfear, chun crícheanna ailt 30 den Phríomh-Acht, gur sárú é ar fhoráil den Phríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt san 30 dá réir sin.

Costaisí an Aire.

5. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé u-a raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

CUID II.

Cuid II den Phriomh-Acht do leasu.

An míniú ar“roimhthréimhse” do leasú.

6. —Deintear an míniú atá in alt 5 den Phríomh-Acht ar an abairt “an roimh-thréimhse” do leasú leis seo tré sna focail “de dhá bhliain” atá anois ann do scriosadh amach agus na focail “de bhliain” do chur isteach ina n-ionad agus déanfar an Príomh-Acht, agus an Príomh-Acht mar a leasuítear é leis an Acht so, do léiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.

7. —Leasuítear leis seo an leagan Béarla d'fho-alt (1) d'alt 14 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “person” do chur in ionad an fhocail “persons” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 24 den Phríomh-Acht do leasú.

8. —Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 24 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(1) tríd an mír seo leanas do chur isteach in ionad míre (a) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(a) iarratais do dhéanamh, fé cheann mí ar a dhéanaí tar éis dul in eag don roimh-thréimhse, ag lorg ceadúnais alos áitreibh ar bith, agus”;

(2) tríd an mír seo leanas do chur isteach in ionad míre (c) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(c) an iarratasóra dá chur ina luighe ar an Aire go ndearna sé dhá mhíle is dhá chéad céadmeáchaint de bhagún ar a laighead san áitreabh san i rith tréimhse nár ghiorra ná cúig seachtaine is dachad sa roimh-thréimhse,”.

Alt 72 den Phríomh-Acht do leasú.

9. —Déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (1) d'alt 72 den Phríomh-Acht don Acht Tora Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 (Uimh. 26 de 1933) , do léiriú mar thagairt do sna hAchtanna Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 agus 1935.

E bheith d'oblagáid ar cheadúnaí bagún do thaisbeáint do scrúdóirí tréidliaghachta chun é scrúdú agus leasuithe iarmartacha ar an bPríomh-Acht.

10. —(1) I gcás bagún do tháirgeadh in áitreabh ceadúnuithe o chonablaigh ar ar cuireadh na marcanna (dá ngairmtear na marcanna conablaigh sa bhfo-alt so) a horduítear leis na rialacháin do rinneadh fé fho-alt (1) d'alt 54 den Phríomh-Acht, agus na marcanna conablaigh do bheith ar an mbagún san, déanfaidh an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin, sara gconsighneofar an bagún san ón áitreabh san, an bagún san do thaisbeáint do scrúdóir thréidliaghachta chun é scrúdú do réir na rialachán i dtaobh scrúduithe thréidliaghachta (bagún) do rinneadh fé fho-alt (3) d'alt 52 den Phríomh-Acht agus ar n-a thaisbeáint amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más deimhin leis an scrúdóir tréidliaghachta san, tar éis an scrúduithe sin, gur do réir na rialachán i dtaobh bagúin do tháirgeadh do rinneadh fé alt 43 den Phríomh-Acht do táirgeadh an bagún san agus go bhfuil an bagún san oiriúnach mar bhia do dhaoine cuirfe sé san in úil don cheadúnaí dá réir sin;

(b) maran deimhin san leis an scrúdóir tréidliaghachta san tar éis an scrúduithe sin, bainfidh gach rian de sna marcanna conablaigh den bhagún san.

(2) Má theipeann ar aon cheadúnaí déanamh do réir forálacha fo-ailt (1) den alt so beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(3) Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir cionta fén alt so do chúiseamh.

(4) Leasuítear leis seo an Príomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a)  tré fho-ailt (2) agus (4) d'alt 54 do scriosadh amach;

(b)  tré sna focail “no ar an mbagún (do réir mar bheidh)” do scriosadh amach as fo-alt (3) den alt san 54;

(c)  tré sna focail “no ar aon bhagún” do scriosadh amach as fo-alt (5) den alt san 54;

(d)  tré alt 56 do scriosadh amach;

(e)  tré sna focail “ar a mbeidh scrúdóir tréidliaghachta tar éis na marcanna do chur a bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh bagúin do mharcáil” do scriosadh amach as fo-alt (1) d'alt 57 den Phríomh-Acht agus tré sna focail “eadhon, bagún ar a mbeidh na marcanna a horduítear leis na rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil agus go bhfuair scrúdóir tréidliaghachta ar é scrúdú gur do réir na rialachán i dtaobh bagúin do tháirgeadh do táirgeadh é agus go bhfuil sé oiriúnach mar bhia do dhaoine,” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(f)  tré sna focail “ar ar chuir scrúdóir tréidliaghachta na marcanna bheidh orduithe leis na rialacháin i dtaobh bagúin do mharcáil” do scriosadh amach as fo-alt (3) den alt san 57 agus tré sna focail “eadhon, bagún ar a mbeidh na marcanna a horduítear leis na rialacháin i dtaobh conablach do mharcáil agus go bhfuair scrúdóir tréidliaghachta ar é scrúdú gur do réir na rialachán i dtaobh bagúin do tháirgeadh do táirgeadh é agus go bhfuil sé oiriúnach mar bhia do dhaoine,” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(g)  tré sna focail “scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin” do scriosadh amach as mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 66 agus tré sna focail “conablach do mharcáil” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(h)  tré sna focail “marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta)” do scriosadh amach as mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 71;

(i)  tríd an míniú ar an abairt “marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta)” agus fós na focail “is ionstruim chun bagúin do mharcáil le marc bagúin (scrúdóir tréidliaghachta) agus í den phatrún a bheidh orduithe le rialacháin i dtaobh scrúdóirí tréidliaghachta do mharcáil bhagúin; no” do scriosadh amach as fo-alt (4) den alt san 71.

CUID III.

Cuid III den Phriomh-Acht do leasu.

Míniú chun crícheanna Coda III.

11. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Marguithe Bagúin.

An lá ceaptha chun crícheanna Coda III.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna Coda III den Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda san.

Toghachán do ghnáth-bhaill den Bhord Marguithe Bagúin do bheith ann gach re bliain in ionad bheith ann gach tríú bliain.

13. —(1) An méid sin de Chuid III den Phríomh-Acht le n-a bhforáltar toghacháin cinn trí mblian do bheith ann do ghnáth-bhaill agus do bhaill tánaisteacha den Bhord scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige, agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh toghacháin cinn dá bhlian ann do ghnáth-bhaill agus do bhaill tánaisteacha den Bhord Mharguithe Bagúin agus go mbeidh an chéad toghachán cinn dá bhlian acu san ann sa bhliain 1938.

(2) Chun lán-éifeacht do thabhairt don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) i ngach áit ina bhfuil an abairt “bliain toghacháin” i gCuid III den Phríomh-Acht, ciallóidh, in ionad an bhrí sin do bheith léi a cuirtear léi le fo-alt (2) d'alt 73 den Phríomh-Acht—

(i) an bhliain 1936, no

(ii) aon bhliain go gceangailtear le fo-alt (1) den alt so toghachán do ghnáth-bhaill agus do bhaill tánaisteacha den Bhord do bheith ann;

(b) léireofar fo-alt (1) d'alt 82 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “dhá bhlian” i mír (b) den fho-alt san in ionad na bhfocal “trí mblian” atá anois sa mhír sin;

(c) léireofar fo-alt (2) d'alt 82 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “dhá bhlian” i mír (b) den fho-alt san in ionad na bhfocal “trí mblian” atá anois sa mhír sin;

(d) leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 91 den Phríomh-Acht tré sna focail “dá bhlian” do chur in ionad na bhfocal “trí mblian” atá anois ann, agus léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Líon ball an Bhúird Mharguithe Bagúin do mhéadú

14. —(1) An méid d'fho-alt (3) d'alt 74 den Phríomh-Acht le n-a bhforáltar gur ocht mbaill a bheidh ar an mBord agus gur seacht ngnáth-bhaill a bheidh ar an mBord, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige o am agus d'éis ama an chéad toghacháin cinn dá bhlian (dá ngairmtear an chéad toghachán eile san alt so) do ghnáth-bhaill den Bhord a bheidh ann tar éis an Achta so do rith agus ina ionad san achtuítear leis seo gur naoi mbaill a bheidh ar an mBord agus gur ocht ngnáth-bhaill a bheidh ar an mBord o am an chéad toghacháin eile agus dá éis sin.

(2) Chun lán-éifeacht do thabhairt don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so beidh na forálacha so leanas de Chuid III den Phríomh-Acht leasuithe ar na slite seo leanas o am an chéad toghacháin eile agus dá éis sin agus léireofar an Chuid sin III agus beidh éifeacht aici dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “ocht” agus “seacht” do scriosadh amach as fo-alt (3) d'alt 74 agus tré sna focail “naoi” agus “ocht” do chur ina n-ionad fé seach;

(b) tré sna focail “seacht” agus “seachtar” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuilid i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 77 agus tré sna focail “ocht” agus “ochtar” do chur ina n-ionad fé seach.

Alt 92 den Phríomh-Acht do leasú.

15. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 92 den Phríomh-Acht tré mhír (f) (eadhon, an mhír dar tosach na focail “le hordú” agus dar críoch na focail “do tháirgeadh”) do scriosadh amach as, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 92 den Phríomh-Acht do bhaint le horduithe déanfar fé Chuid III den Acht so.

16. —(1) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 92 den Phríomh-Acht maidir leis an mBord do dhéanamh aon orduithe (seachas ordú dáiliúcháin (quota táirgthe)) fén gCuid seo den Acht so.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (3) d'alt 92 den Phríomh-Acht maidir leis an mBord do dhéanamh orduithe dháiliúcháin (quota táirgthe) fén gCuid seo den Acht so.

Alt 95 den Phríomh-Acht do leasú.

17. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 95 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “shé” do chur in ionad an fhocail “thrí” atá anois ann agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Léireofar an abairt “an Chuid seo den Acht so” i bhfo-alt (2) d'alt 95 den Phríomh-Acht mar abairt a chialluíonn Cuid III den Phríomh-Acht no an Chuid seo den Acht so.

Feidhm ailt 97 den Phríomh-Acht.

18. —Léircofar an abairt “an Chuid seo den Acht so,” i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 97 den Phríomh-Acht, mar abairt a chialluíonn Cuid III den Phríomh-Acht no an Chuid seo den Acht so.

Alt 98 den Phríomh-Acht do leasú.

19. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 98 den Phríomh-Acht tré sna focail “an lá deiridh de thréimhse tháirgthe no, más Satharn no Domhnach an lá deiridh de thréimhse tháirgthe, an Aoine dheiridh sa tréimhse tháirgthe sin” do chur in ionad na bhfocal “seachtain roimh dheireadh thréimhse tháirgthe” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Ailt 99, 100, agus 101 den Phríomh-Acht do scurd'fheidhm dobheith acu.

20. —(1) Ní dhéanfaidh an Bord aon ordú fé fho-alt (1) d'alt 99 den Phríomh-Acht an lá ceaptha ná dá éis sin.

(2) Scuirfidh ailt 100 agus 101 den Phríomh-Acht d'fheidhm do bheith acu maidir le haon tréimhse tháirgthe thosnóidh an lá ceaptha no dá éis sin.

Fo-quotanna táirgthe d'áitreabhacha ceadúnuithe.

21. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Bord an lá ceaptha no dá éis sin ordú táirgthe ag aon chruinniú, déanfaidh an Bord ordú (dá ngairmtear ordú dáiliúcháin (quota táirgthe bagúin) sa Chuid seo den Acht so) ag an gcruinniú san chun an quota táirgthe in aghaidh na tréimhse táirgthe ceapfar leis an ordú táirgthe sin do dháiliú, fé réir forálacha an ailt seo, ar na háitreabhacha ceadúnuithe uile i pé cionúireachtaí is ceart dar leis an mBord agus déanfar, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, tagairtí sa Chuid seo den Acht so don fho-quota tháirgthe d'áitreabh cheadúnuithe áirithe in aghaidh tréimhse táirgthe áirithe do léiriú mar thagairtí don chuid den quota táirgthe in aghaidh na tréimhse táirgthe sin a bheidh dáilithe don áitreabh san le hordú dáiliúcháin (quota táirgthe bagúin).

(2) Nuair a bheidh ordú dáiliúcháin (quota táirgthe bagúin) á dhéanamh ag an mBord déanfaidh an Bord an quota táirgthe le n-a mbainfidh an t-ordú san do dháiliú i slí go gcuirfear in áirithe, maidir leis an méid bagúin a dáileofar fé d'aon áitreabh ceadúnuithe, ná beidh sé, má háirmhítear do réir ráta mhíosúla é, níos lugha ná trí chéad céadmeáchaint sa mhí.

(3) Má dheonann an tAire ceadúnas alos áitreibh ar bith an lá ceaptha no dá éis sin, féadfaidh, aon uair a dhéanfaidh an Bord ordú dáiliúcháin (quota tairgthe bagúin) i rith na tréimhse de cheithre mhí dhéag dar tosach dáta an cheadúnais sin, a iarraidh ar an mBord go ndáileoidís don áitreabh san leis an ordú san, nuair a bheid ag déanamh an orduithe sin, fo-quota is có-ionann leis an bhfo-quota is lugha dá mbeidh le dáiliú leis an ordú san, i gcás an áitreibh sin do bheith ceadúnuithe do réir fo-ailt (3) d'alt 24 den Phríomh-Acht no, in aon chás eile, cionúireacht áirithe den quota táirgthe in aghaidh na tréimhse táirgthe le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus géillfidh an Bord d'aon iarratas den tsórt san.

(4) Nuair a bheidh an Bord ag dáiliú coda den quota táirgthe in aghaidh tréimhse táirgthe áirithe d'aon áitreabh ceadúnuithe fé ordú dháiliúcháin (quota táirgthe bagúin), féachfaid, fé réir forálacha an dá fho-alt deiridh sin roimhe seo—

(a) do sna hoblagáidí bheidh ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin fé aon ordú bheidh déanta ag an Aire fé alt 2 den Acht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil), 1933 ( Uimh. 26 de 1933 ), mar a leasuítear é leis an Acht Torthaí Talmhaíochta (Easportáil do Rialáil) (Leasú), 1935 (Uimh. 15 de 1935) , agus

(b) más leis an quota táirgthe in aghaidh aon tréimhse tháirgthe thosnóidh an lá ceaptha no dá éis sin a bhainfidh an t-ordú dáiliúcháin (quota táirgthe bagúin) sin, don méid bagúin (eadhon, bagún do táirgeadh san áitreabh ceadúnuithe sin) do chonsighnigh an ceadúnaí sin (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, i rith na bliana caileandair díreach roimh bhliain déanta an orduithe dháiliúcháin (quota táirgthe bagúin) sin, agus

(c) más leis an quota táirgthe in aghaidh aon tréimhse táirgthe thosnóidh an lá ceaptha no dá éis sin a bhainfidh an t-ordú dáiliúcháin (quota táirgthe bagúin) sin, don méid bagúin (eadhon, bagún do táirgeadh san áitreabh ceadúnuithe sin) do chonsighnigh an ceadúnaí sin go dleathach tré n-a easportáil, ar n-a dhíol, go dtí aon tír seachas an Bhreatain Mhór no Tuaisceart Éireann i rith na bliana caileandair díreach roimh bhliain déanta an orduithe dháiliúcháin (quota táirgthe bagúin) sin, agus

(d) don mhéid (más aon mhéid é) do bhí an méid bagúin do táirgeadh san áitreabh san i rith aon tréimhse táirgthe roimhe sin fé bhun no os cionn an fho-quota tháirgthe don áitreabh san in aghaidh na tréimhse táirgthe sin.

(5) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú dáiliúcháin (quota táirgthe bagúin) an lá ceaptha no dá éis sin alos tréimhse táirgthe áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a)  déanfaidh an Bord alos gach áitreibh cheadúnuithe fé leith deimhniú (dá ngairmtear deimhniú fo-quota tháirgthe sa Chuid seo den Acht so) á dheimhniú cadé an chaindíocht bhagúin a dáilítear don áitreabh san leis an ordú san agus cadé an tréimhse tháirgthe le n-a mbaineann an t-ordú san, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe deimhneofar amhlaidh;

(b)  cuirfidh an Bord fé ndeár cóip den deimhniú san do sheirbheáil, ar dháta nach déanaí ná an dara lá den tréimhse tháirgthe sin, ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin.

(6) Féadfaidh an Bord, ar chó-iarratas o shealbhóir cheadúnais alos áitreibh áirithe agus o shealbhóir cheadúnais alos áitreibh eile, iomlán an fho-quota tháirgthe don áitreabh san a céadluaidhtear, no aon chuid de, in aghaidh tréimhse táirgthe áirithe d'aistriú ón áitreabh san a céad-luaidhtear chun an áitreibh eile sin, agus leis sin tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so laigheadú agus méadú fé seach do bheith déanta dá réir sin ar an bhfo-quota táirgthe don áitreabh san a céad-luaidhtear in aghaidh na tréimhse táirgthe sin agus ar an bhfo-quota táirgthe don áitreabh eile sin in aghaidh na tréimhse táirgthe sin.

Quotanna táirgthe do mhéadú agus fo-quotanna táirgthe do mhéadú dá dhruim sin.

22. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an Bord, le hordú, ordú táirgthe in aghaidh tréimhse táirgthe do leasú tré chaindíocht bhreise de bhagún (dá ngairmtear an quota breise san alt so) do cheapadh le táirgeadh i rith na tréimhse sin agus sa chás san cuirfidh an Bord fé ndeár cóip den ordú leasúcháin do sheirbheáil, ar dháta nach déanaí ná trí lá tar éis dáta déanta an orduithe leasúcháin, ar gach ceadúnaí áitreibh cheadúnuithe ar ar seirbheáladh cóip den deimhniú fo-quota tháirgthe alos na tréimhse táirgthe sin, agus leis sin agus chun crícheanna na Coda so den Acht so cuirfear leis an bhfo-quota táirgthe don áitreabh san in aghaidh na tréimhse táirgthe sin caindíocht bhagúin go mbeidh idir í agus an quota breise an cothrom céanna bheidh idir suim an fho-quota dhíola sa bhaile agus an fho-quota eachtardhíola (más ann dó) don áitreabh san in aghaidh na tréimhse díola agus na tréimhse eachtar-dhíola fé seach díreach roimh dháta an orduithe sin agus suim an quota dhíola in aghaidh na tréimhse díola san agus an quota eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola san.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord ordú fén alt so ag leasú orduithe tháirgthe ar dháta is déanaí ná deich lá roimh dheireadh na tréimhse táirgthe do ceapadh leis an ordú tairgthe sin.

Pionós mar gheall ar gan méid áirithe bagúin do tháirgeadh.

23. —I gcás—

(a) cóip de dheimhniú fo-quota tháirgthe i dtaobh áitreibh ar bith do sheirbheáil go cuibhe ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an chaindíocht bhagúin a táirgfear san áitreabh san i rith na tréimhse táirgthe luaidhtear sa deimhniú san do bheith níos lugha ná cúig nóchad per cent. den fhoquota tháirgthe don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchainte bheidh an méid bagúin a táirgfear san áitreabh san i rith na tréimhse táirgthe sin fé bhun an fho-quota tháirgthe don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin.

Pionós mar gheall ar an iomarca bagúin do tháirgeadh.

24. —I gcás—

(a) cóip de dheimhniú fo-quota tháirgthe i dtaobh áitreibh ar bith do sheirbheáil go cuibhe ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an chaindíocht bhagúin a táirgfear san áitreabh san i rith na tréimhse táirgthe luaidhtear sa deimhniú san do bheith breis is deich per cent. os cionn an fho-quota tháirgthe don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céad meáchainte bheidh an méid bagúin a táirgfear san áitreabh san i rith na tréimhse táirgthe sin os cionn an fho-quota tháirgthe don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin.

An tslí chun an méid bagúin do táirgeadh i rith tréimhse táirgthe d'áireamh chun crícheanna na Coda so den Acht so.

25. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, na nithe seo leanas do dhéanamh, le hordú, maidir le haon áitreabh ceadúnuithe—

(a) a dhearbhú cadé an mheáchaint bhagúin is dóich leis an mBord is féidir a tháirgeadh de ghnáth san áitreabh san as meáchaint áirithe chonablach;

(b) an percentáiste is ionann agus an mheáchaint sin bhagúin do cheapadh fé threoir an chothruim a bheidh idir an mheáchaint sin bhagúin agus an mheáchaint áirithe sin chonablach agus ar an bhforas gurb ionann an mheáchaint áirithe sin chonablach agus céad per cent.

(2) Féadfaidh ordú fé fho-alt (1) den alt so baint le níos mó ná aon áitreabh ceadúnuithe amháin, agus sa chás san féadfar forálacha deifriúla do chur san ordú san i dtaobh gach ceann fé leith de sna háitreabhacha ceadúnuithe le n-a mbainfidh an t-ordú san.

(3) Féadfaidh an Bord, le hordú fén bhfo-alt so, aon ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúradh.

(4) I gcás percentáiste do bheith ceaptha alos aon áitreibh cheadúnuithe le hordú déanfar fén alt so agus a bheidh i bhfeidhm i rith aon tréimhse táirgthe tuigfear, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gurb é caindíocht bhagúin do táirgeadh san áitreabh san i rith na tréimhse sin ná méid is cóionann leis an bpercentáiste sin de mheáchaint chonablach na muc uile do marbhadh san áitreabh san i rith na tréimhse sin agus do húsáideadh chun bagún do tháirgeadh.

(5) Chun a chur ar chumas an Bhúird ordú do dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so féadfaidh an Bord, tráth ar bith, fógra do sheirbheáil ar an duine is ceadúnaí alos aon áitreibh cheadúnuithe á cheangal air tuairisceán do chur chun an Bhúird, fé cheann seacht lá o dháta na seirbheála san, agus mion-innste ann i dtaobh na meáchainte bagúin do táirgeadh san áitreabh san i rith tréimhse áirithe agus na meáchainte conablach as ar táirgeadh an bagún san, agus má theipeann ar aon cheadúnaí ar a seirbheálfar aon fhógra den tsórt san a n-éileofar leis an bhfógra san do chólíonadh, no má dheineann in aon tuairisceán a chuirfidh isteach do réir an fhógra san aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

(6) San alt so cialluíonn an focal “conablach” conablach cóirithe muice (le n-a n-áirmhitear an cloigeann gus an teanga, na dubháin, na maoth-bhléantracha, an bhlonag, an t-eirball, an enámh droma agus na crúba).

(7) Chun crícheanna an ailt seo tuigfear gurb é is meáchaint chonablaigh mhuice ná meáchaint an chonablaigh sin tar éis é dhí-inniú agus fé cheann uair a' chluig tar éis na muice sin do mharbhadh.

Ailt 103 agus 104 den Phríomh-Acht do scurd'fheidhm dobheith acu.

26. —(1) Ní dhéanfaidh an Bord aon ordú fé fho-alt (1) d'alt 103 den Phríomh-Acht an lá ceaptha ná dá éis sin.

(2) Scuirfidh alt 104 den Phríomh-Acht d'fheidhm do bheith aige maidir le haon tréimhse dhíola thosnóidh tar éis an lae cheaptha.

Fo-quotanna díola sa bhaile d'áitreabhacha ceadúnuithe.

27. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Bord, an lá ceaptha no dá éis sin, ordú um dhíola sa bhaile ag aon chruinniú déanfaidh an Bord ordú (dá ngairmtear ordú dáiliúcháin (quota díola sa bhaile) sa Chuid seo den Acht so) ag an gcruinniú san chun an quota dhíola in aghaidh na tréimhse díola ceapfar leis an ordú san um dhíola sa bhaile do dháiliú ar na háitreabhacha ceadúnuithe uile i pé cionúireachtaí is ceart dar leis an mBord agus déanfar, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, tagairtí sa Chuid seo den Acht so don fho-quota dhíola sa bhaile d'áitreabh cheadúnuithe áirithe in aghaidh tréimhse díola áirithe do léiriú mar thagairtí don chuid den quota díola in aghaidh na tréimhse díola san a bheidh dáilithe don áitreabh san le hordú dáiliúcháin (quota díola sa bhaile).

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú dáiliúcháin (quota díola sa bhaile) an lá ceaptha no dá éis sin alos tréimhse díola áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Bord alos gach áitreibh cheadúnuithe fé leith deimhniú (dá ngairmtear deimhniú fo-quota dhíola sa bhaile sa Chuid seo den Acht so) á dheimhniú cadé an chaindíocht bhagúin a dáilítear don áitreabh san leis an ordú san agus cadé an tréimhse dhíola le n-a mbaineann an t-ordú san, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe deimhneofar amhlaidh;

(b) cuirfidh an Bord fé ndeár cóip den deimhniú san do sheirbheáil, roimh thosach na tréimhse sin, ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin.

(3) Feadfaidh an Bord, ar chó-iarratas o shealbhóir cheadúnais alos áitreibh áirithe agus o shealbhóir cheadúnais alos áitreibh eile, iomlán an fho-quota dhíola sa bhaile don áitreabh san a céad-luaidhtear, no aon chuid de, in aghaidh tréimhse díola áirithe d'aistriú ón áitreabh san a céad-luaidhtear chun an áitreibh eile sin, agus leis sin tuigfear chun crícheanna na Coda so den Acht so laigheadú agus méadú fé seach do bheith déanta dá réir sin ar an bhfo-quota díola sa bhaile don áitreabh san a céad-luaidhtear in aghaidh na tréimhse díola san agus ar an bhfo-quota díola sa bhaile don áitreabh eile sin in aghaidh na tréimhse díola san.

Quotanna díola do mhéadú agus fo-quotanna díola sa bhaile do mhéadú dá dhruim sin.

28. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh an Bord, le hordú, ordú um dhíola sa bhaile in aghaidh tréimhse díola do leasú tré chaindíocht mhéaduithe de bhagún (dá ngairmtear an quota méaduithe san alt so) do chur in ionad an quota dhíola (dá ngairmtear an quota bunaidh san alt so) do ceapadh leis an ordú san um dhíola sa bhaile, agus sa chás san cuirfidh an Bord fé ndeár cóip den ordú leasúcháin do sheirbheáil, ar dháta nach déanaí ná trí lá tar éis an orduithe leasúcháin do dhéanamh, ar gach ceadúnaí áitreibh cheadúnuithe ar ar seirbheáladh cóip den deimhniú fo-quota dhíola sa bhaile alos na tréimhse díola san, agus leis sin agus chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh ina fho-quota dhíola sa bhaile don áitreabh san in aghaidh na tréimhse díola san, in ionad an méid bagúin (dá ngairmtear an fo-quota bunaidh san alt so) a luaidhtear sa deimhniú san, ná caindíocht bhagúin go mbeidh idir í agus an fo-quota bunaidh an cothrom céanna bheidh idir an quota méaduithe agus an quota bunaidh.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord ordú fén alt so ag leasú ordú um dhíola sa bhaile níos déanaí ná deich lá roimh dheireadh na tréimhse díola do ceapadh leis an ordú san um dhíola sa bhaile.

Pionós mar gheall ar bhagún sa bhreis ar fho-quota díola sa bhaile do chonsighniú.

29. —(1) I gcás—

(a) cóip de dheimhniú fo-quota dhíola sa bhaile do sheirbheáil go cuibhe ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an chaindíocht bhagúin a consighneofar (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, ón áitreabh san i rith na tréimhse díola luaidhtear sa deimhniú san do bheith breis is cúig per cent. os cionn an fho-quota dhíola sa bhaile don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchainte bheidh an méid bagúin a consighneofar amhlaidh ón áitreabh san i rith na tréimhse sin os cionn an fho-quota dhíola sa bhaile don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin.

(2) Bagún a táirgfear in áitreabh cheadúnuithe, thar ceann duine sheachadann muca don duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin chun a marbhtha agus a leasuithe, agus a haistreofar chun an duine sin a céad-luaidhtear no chun aon duine eile i rith tréimhse díola bheidh ceaptha le hordú um dhíola sa bhaile, tuigfear, chun crícheanna an ailt seo, é do chonsighniú (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, i rith na tréimhse sin ón áitreabh san.

(3) Má dheineann an duine is ceadúnaí alos aon áitreibh cheadúnuithe (dá ngairmtear an ceannuitheoir sa bhfo-alt so), le toiliú an Bhúird, aon bhagún do cheannach ón duine is ceadúnaí alos áitreibh cheadúnuithe eile (dá ngairmtear an díoltóir sa mhír seo), chun é dhíol i Saorstát Éireann, i rith aon tréimhse díola bheidh ceaptha le hordú um dhíola sa bhaile agus go nglacfaidh an ceannuitheoir an bagún san i rith na tréimhse sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) tuigfear gur chonsighnigh an díoltóir an bagún san (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, i rith na tréimhse sin ón áitreabh cheadúnuithe eile sin,

(b) má dhíolann an ceannuitheoir an bagún san i Saorstát Éireann i rith na tréimhse sin, ní tuigfear gur chonsighnigh an ceannuitheoir an bagún san (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, ón áitreabh cheadúnuithe sin a céad-luaidhtear.

(4) Má dheineann an duine is ceadúnaí alos aon áitreibh cheadúnuithe (dá ngairmtear an ceannuitheoir sa bhfo-alt so), le toiliú an Bhúird, aon bhagún do cheannach ón duine is ceadúnaí alos áitreibh cheadúnuithe eile (dá ngairmtear an díoltóir sa bhfo-alt so), chun é easportáil, i rith aon tréimhse díola bheidh ceaptha le hordú um dhíola sa bhaile agus go nglacfaidh an ceannuitheoir an bagún san i rith na tréimhse sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an ailt seo, sé sin le rá:—

(a) ní tuigfear gur chonsighnigh an díoltóir an bagún san (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, ón áitreabh san is déanaí luaidhtear,

(b) má cúisítear an ceannuitheoir i gcionta fén alt so agus ná cuirfidh ina luighe ar an gcúirt gur easportáil sé an bagún san i rith na tréimhse sin, tuigfear gur consighníodh an bagún san (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, i rith na tréimhse sin ón áitreabh san a céadluaidhtear.

(5) Má deintear bagún a táirgfear in áitreabh ceadúnuithe d'aistriú chun áitreibh eile agus é chonsighniú ina dhiaidh sin (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, i rith aon tréimhse díola, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur consighníodh an bagún san (ar shlí seachas tré n-a easportáil), ar n-a dhíol, ón áitreabh ceadúnuithe sin i rith na tréimhse díola san.

Quotanna eachtar-dhíola.

30. —Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is dóich leo gur ceart san do dhéanamh, le hordú (dá ngairmtear ordú eachtar-dhíola sa Chuid seo den Acht so)—

(a) tréimhse áirithe do cheapadh chun bheith ina tréimhse eachtar-dhíola chun crícheanna an orduithe sin, agus

(b) caindíocht áirithe bhagúin do cheapadh chun bheith ina quota eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse sin.

Fo-quotanna eachtar-dhíola d'áitreabhacha ceadúnuithe.

31. —(1) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú eachtar-dhíola ag aon chruinniú déanfaidh an Bord ordú (dá ngairmtear ordú dáiliúcháin (quota eachtar-dhíola) san alt so) ag an gcruinniú san chun an quota eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola ceapfar leis an ordú eachtar-dhíola san do dháiliú ar na háitreabhacha ceadúnuithe sin i pé cionúireachtaí is ceart dar leis an mBord agus déanfar, fé réir forálacha an chéad ailt ina dhiaidh seo, tagairtí sa Chuid seo den Acht so don fho-quota eachtar-dhíola d'áitreabh cheadúnuithe áirithe in aghaidh tréimhse eachtar-dhíola áirithe do léiriú mar thagairtí don chuid den quota eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola san a bheidh dáilithe don áitreabh san le hordú dáiliúcháin (quota eachtar-dhíola).

(2) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú dáiliúcháin (quota eachtar-dhíola) alos tréimhse eachtar-dhíola áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an Bord, alos gach áitreibh cheadúnuithe fé leith le n-a mbaineann an t-ordú san, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú fo-quota eachtar-dhíola sa Chuid seo den Acht so) á dheimhniú cadé an chaindíocht bhagúin a dáilítear don áitreabh san leis an ordú san agus cadé an tréimhse eachtar-dhíola le n-a mbaineann an t-ordú san, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite ar na nithe deimhneofar amhlaidh;

(b) cuirfidh an Bord fé ndeár cóip den deimhniú san do sheirbheáil, roimh thosach na tréimhse sin, ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin.

Quotanna eachtar-dhíola do mhéadú agus fo-quotanna eachtar-dhíola d'áitreabhacha ceadúnuithe do mhéadú dá dhruim sin.

32. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, féadfaidh an Bord, le hordú, ordú eachtar-dhíola in aghaidh tréimhse eachtar-dhíola do leasú tré chaindíocht mhéaduithe de bhagún (dá ngairmtear an quota méaduithe sa bhfo-alt so) do chur in ionad an quota eachtar-dhíola (dá ngairmtear an quota bunaidh san alt so) do ceapadh leis an ordú eachtar-dhíola san, agus sa chás san cuirfidh an Bord fé ndeár cóip den ordú leasúcháin do sheirbheáil, ar dháta nach déanaí ná trí lá tar éis an orduithe leasúcháin do dhéanamh, ar gach ceadúnaí áitreibh cheadúnuithe ar ar seirbheáladh cóip den deimhniú fo-quota eachtar-dhíola in aghaidh na tréimhse eachtar-dhíola san, agus leis sin agus chun crícheanna na Coda so den Acht so isé bheidh ina fho-quota eachtar-dhíola don áitreabh san in aghaidh na tréimhse eachtardhíola san, in ionad an méid bagúin (dá ngairmtear an fo-quota bunaidh san alt so) a luaidhtear sa deimhniú san, ná caindíocht bhagúin go mbeidh idir í agus an fo-quota bunaidh an cothrom céanna bheidh idir an quota méaduithe agus an quota bunaidh.

(2) Ní dhéanfaidh an Bord ordú fén alt so ag leasú ordú eachtardhíola níos déanaí ná deich lá roimh dheireadh na tréimhse eachlardhíola do ceapadh leis an ordú eachtar-dhíola san.

Pionós mar gheall ar gan méid an fho-quota eachtar-dhíola de bhagún d'easportáil.

33. —(1) I gcás—

(a) cóip de dheimhniú fo-quota eachtar-dhíola i dtaobh áitreibh ar bith do sheirbheáil go cuibhe ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an chaindíocht bhagúin a heasportálfar ón áitreabh san go dtí aon tír no tíortha (seachas an Bhreatain Mhór no Tuaisceart Éireann) i rith na tréimhse eachtar-dhíola luaidhtear sa deimhniú san do bheith níos lugha ná cúig nóchad per cent. den fho-quota eachtar-dhíola don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchainte bheidh an méid bagúin a heasportálfar amhlaidh fé bhun an fho-quota eachtardhíola don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin.

(2) Má deintear bagún a táirgfear in áitreabh ceadúnuithe d'aistriú chun áitreibh eile agus é easportáil ina dhiaidh sin go dtí aon tír (seachas an Bhreatain Mhór no Tuaisceart Éireann) i rith aon tréimhse eachtar-dhíola, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur heasportáladh an bagún san chun na tíre sin ón áitreabh ceadúnuithe sin i rith na tréimhse eachtar-dhíola san.

Pionós mar gheall ar bhagún sa bhreis ar fho-quota eachtar-dhíola d'easportáil.

34. —(1) I gcás—

(a) cóip de dheimhniú fo-quota eachtar-dhíola i dtaobh áitreibh ar bith do sheirbheáil go cuibhe ar an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin, agus

(b) an chaindíocht bhagúin a heasportálfar ón áitreabh san go dtí aon tír no tíortha (seachas an Bhreatain Mhór no Tuaisceart Éireann) i rith na tréimhse eachtar-dhíola luaidhtear sa deimhniú san do bheith breis is cúig per cent. os cionn an fho-quota eachtar-dhíola don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil do chur air a háirmheofar do réir deich scillinge in aghaidh gach céadmeáchainte bheidh an méid bagúin a heasportálfar amhlaidh os cionn an fho-quota eachtardhíola don áitreabh san in aghaidh na tréimhse sin.

(2) Má deintear bagún a táirgfear in áitreabh ceadúnuithe d'aistriú chun áitreibh eile agus é easportáil ina dhiaidh sin go dtí aon tír (seachas an Bhreatain Mhór no Tuaisceart Éireann) i rith aon tréimhse eachtar-dhíola, tuigfear chun crícheanna an ailt seo gur heasportáladh an bagún san chun na tíre sin ón áitreabh ceadúnuithe sin i rith na tréimhse eachtar-dhíola san.

Alt 114 den Phríomh-Acht do leasú.

35. —Leasuítear leis seo alt 114 den Príomh-Acht tré sna focail “le hordú” do scriosadh amach as agus léireofar Cuid III den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Feidhm ailt 115 den Phríomh-Acht.

36. —Léireofar an abairt “an Chuid seo den Acht so,” i ngach áit ina bhfuil sí in alt 115 den Phríomh-Acht, mar abairt a chialluíonn Cuid III den Príomh-Acht no an Chuid seo den Acht so.

Dleathacht orduithe an Bhúird Mharguithe Bagúin.

37. —Má dheineann an Bord ordú fé Chuid III den Príomh-Acht no fén gCuid seo den Acht so beidh san ina fhianaise prima facie go ndearnadh an t-ordú san go dleathach ar gach slí.

Fianaise.

38. —(1) Má bheirtear i láthair, in aon imeachta dlí bunófar ag an mBord no ina gcoinnibh, scríbhinn do bheireann le tuisgint gur cóip í d'ionstruim do rinne an Bord no d'aon tsliocht as aon ionstruim den tsórt san no d'aon rún do rith an Bord no d'aon mhiontuairiscí no d'aon chuid de mhiontuairiscí leis an mBord, agus go mbeidh deimhnithe ag Cathaoirleach an Bhúird no ag Rúnaí an Bhúird í bheith ina cóip dhílis, is leor san mar fhianaise ar an ionstruim no ar an sliocht san, no ar na miontuairiscí sin no ar an gcuid sin díobh, agus ní gá aon chruthúnas ar láimh-scríobhadh ná ar phost oifigiúil an té ag á mbeidh an céanna deimhnithe.

Sa bhfo-alt so foluíonn an focal “ionstruim” aon ordú, rialacháin, deimhniú no scríbhinn eile de shaghas ar bith.

(2) Deimhniú bheireann le tuisgint é bheith fé láimh Rúnaí an Bhúird, á dheimhniú gur cheadúnaí ar feadh tréimhse áirithe duine a hainmnítear sa deimhniú san, beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní gá sighniú an rúnaí sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an rúnaí sin é.

(3) In aon imeachta, fé Chuid III den Phríomh-Acht no fén gCuid seo den Acht so, i gcoinnibh ceadúnaí féadfar fianaise prima facie, ar gach ní no éinní bheidh i dtuairisceán a thug an ceadúnaí sin no a tugadh thar a cheann don Bhord do réir na Coda san III no na Coda so den Acht so, do thabhairt tríd an tuairisceán san do thabhairt i láthair.

(4) In aon imeachta fé alt 112 den Príomh-Acht i gcoinnibh ceadúnaí toise gur theip air no gur dhiúltuigh tuairisceán do thabhairt uaidh is gá dhó, do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt san, do thabhairt uaidh, beidh deimhniú bheireann le tuisgint é bheith sighnithe ag Rúnaí an Bhúird, á dheimhniú gur theip ar an gceadúnaí sin no gur dhiúltuigh an tuairisceán san do thabhairt uaidh, ina fhianaise prima facie ar na fíora bheidh deimhnithe amhlaidh.

An Bord Marguithe Bagún do dhéanamhíocaíochtaí le daoine áirithe ba leasuitheoirí tráth.

39. —(1) I gcás—

(a) gnó táirgthe bagúin do bheith ar siúl in áitreabh ar bith aon uair i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1935, agus

(b) gan an t-áitreabh san do bheith cláruithe riamh sa chlár de mhion-leasuitheoirí, agus

(c) gnó táirgthe bagúin do bheith ar siúl san áitreabh san aon uair i rith na tréimhse dar thosach an 20adh lá de Mheitheamh, 1936, agus dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1937, agus

(d) gnó táirgthe bagúin san áitreabh san do scur de bheith ar siúl roimh an 1adh lá d'Abrán, 1937,

íocfaidh an Bord, leis an duine is déanaí go raibh an gnó san ar siúl aige san áitreabh san i rith na tréimhse sin, is déanaí luaidhtear, cúiteamh i scur a chirt chun an ghnótha san do bheith ar siúl aige tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1937, agus nuair a beifear ag ceapadh méid an chúitimh sin bhéarfar áird ar an líon de chonablaigh iomlána do húsáideadh chun bagún do tháirgeadh chun a dhíolta san áitreabh san i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1935, agus ar chineál an ghnótha do bhí ar siúl ag an duine sin, agus ar an suim go ndeimhneoidh Cathaoirleach an Bhúird i scríbhinn gurb í an meán-bhrabús glan í do fuair leasuitheoirí bagúin i gcoitinne i Saorstát Éireann as gach conablach iomlán fé leith d'úsáideadar chun bagún do tháirgeadh i rith tréimhse an dá bhlian chaileandair 1935 agus 1936.

(2) I gcás—

(a) aon áitreabh do bheith cláruithe sa chlár de mhionleasuitheoirí an 1adh lá d'Abrán, 1937, agus

(b) clárú an duine do bhí cláruithe sa chlár san díreach roimh dheireadh na roimh-thréimhse do chealú tré oibriú fo-ailt (1) d'alt 19 den Phríomh-Acht, agus

(c) gan an duine sin do theacht, fé fho-alt (3) d'alt 24 den Phríomh-Acht mar a leasuítear é leis an Acht so, chun bheith ina cheadúnaí alos an áitreibh sin,

íocfaidh an Bord cúiteamh leis an duine sin i scur a chirt chun gnó táirgthe bagúin do bheith ar siúl aige san áitreabh san tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1938, agus nuair a beifear ag ceapadh méid an chúitimh sin bhéarfar áird ar an meán-líon bliantúil de chonablaigh iomlána do húsáideadh chun bagún do tháirgeadh chun a dhíolta san áitreabh san i rith na tréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch an 30adh lá de Mheitheamh, 1935, agus na tréimhse de dhá mhí dhéag dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1937, agus ar chineál an ghnótha do bhí ar siúl ag an duine sin, agus ar an suim go ndeimhneoidh Cathaoirleach an Bhúird i scríbhinn gurb í an meán-bhrabús glan í do fuair leasuitheoirí bagúin i gcoitinne i Saorstát Éireann as gach conablach iomlán d'úsáideadar chun bagún do tháirgeadh i rith tréimhse an dá bhlian chaileandair 1936 agus 1937.

(3) Is triúr eadrascánaithe ceapfar fén alt so a chinnfidh agus a cheapfaidh an méid cúitimh is iníoctha le duine fén alt so mara gcó-aontuítear idir an duine sin agus an Bord ina thaobh agus ní bheidh dul thar breith na n-eadrascánaithe sin.

(4) Má bhíonn cúiteamh iníoctha le duine ar bith fén alt so déanfaidh an tAire, mara gceaptar méid an chúitimh sin tré chó-aontú idir an duine sin agus an Bord, Cathaoirleach an Bhúird agus beirt eile do cheapadh chun bheith ina n-eadrascánaithe chun méid an chúitimh sin do cheapadh.

(5) Íocfaidh an Bord le gach duine fé leith (seachas Cathaoirleach an Bhúird) a ghníomhóidh ina eadrascánaí fén alt so an luach saothair sin a cheapfaidh an tAire.

(6) Nuair a molfar cúiteamh do dhuine ar bith fén alt so beidh méid an chúitimh sin ina fhiacha ag an duine sin ar an mBord agus féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha i gcúirt dlighinse inniúla.

(7) Is as an gCiste Marguithe Bagúin a híocfar aon airgead is iníoctha ag an mBord fén alt so agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an Bord maidir le haon eadrascán fén alt so.

Ceadúnaithe do thabhairt suas ceadúnaisí i gcomaoineíeaíochtaí ón mBord Marguithe Bagúin.

40. —(1) Féadfaidh an Bord agus an duine is ceadúnaí alos áitreibh ar bith, ach ní níos déanaí ná an 31adh lá de Mhárta, 1938, có-aontú do dhéanamh tré n-a gcó-aontóidh an ceadúnaí sin, i gcomaoine suime áirithe bheidh le n'íoc leis ag an mBord, an ceadúnas alos an áitreibh sin do thabhairt suas.

(2) Ar aon chó-aontú fén alt so do chríochnú cuirfidh an Bord an méid sin in úil don Aire agus déanfaidh an tAire an ceadúnas le n-a mbaineann an có-aontú san do cheiliúradh, go n-éifeacht ar dháta an chríochnuithe sin agus ón dáta san amach.

(3) Is as an gCiste Marguithe Bagúin a híocfar aon airgead a bheidh iníoctha ag an mBord fé chó-aontú déanfar fén alt so.

CUID IV.

Cuid IV den Phriomh-Acht do leasu.

Mínithe chun crícheanna Coda IV.

41. —Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an abairt “an Bord” an Bord Marguithe Muc;

nuair a húsáidtear an focal “conablach” maidir le muic cialluíonn sé conablach na muice sin tar éis a marbhtha (le n-a n-áirmhítear an cloigeann gus an teanga, na dubháin, na maoth-bhléantracha, an bhlonag, an t-eirball, an enámh droma agus na crúba);

cialluíonn an focal “seachtain” an tréimhse idir meán oíche Shathairn agus meán oíche an chéad Shathairn ina dhiaidh;

tá leis na habairtí “muc mhonarcha-cheannuithe,” “muc nach muc mhonarcha-cheannuithe,” “baill leasuitheoireachta,” agus “baill táirgtheoireachta,” na bríonna céanna atá leo i gCuid IV den Phríomh-Acht.

An lá ceaptha chun crícheanna Coda IV.

42. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá cheapfaidh an tAire fén alt so chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna na Coda san.

Baill leasuitheoireachta do thogha, agus baill táirgtheoireachta d'ainmniú, chun an Bhúird Mharguithe Muc gach re bliain in ionad gach tríú bliain.

43. —(1) An méid sin de Chuid IV den Phríomh-Acht le n-a bhforáltar toghacháin chinn trí mblian do bhaill leasuitheoireachta den Bhord do bheith ann, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige agus ina ionad san achtuítear leis seo go mbeidh toghacháin chinn dá bhlian ann do bhaill leasuitheoireachta agus go mbeidh an chéad cheann de sna toghacháin chinn dá bhlian san ann sa bhliain 1939.

(2) An méid sin de Chuid IV den Phríomh-Acht le n-a bhforáltar an tAire d'ainmniú ball táirgtheoireachta den Bhord gach tríú bliain, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige agus ina ionad san achtuítear leis seo go n-ainmneoidh an tAire baill táirgtheoireachta gach re bliain agus go ndéanfar an chéad cheann de sna hainmniúchain chinn dá bhlian san sa bhliain 1939.

(3) Chun lán-éifeacht do thabhairt d'fho-ailt (1) agus (2) den alt so beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) leasuítear leis seo alt 120 den Phríomh-Acht tré sna focail “cruinniú cinn trí mblian” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil na focail sin san alt san agus tré sna focail “cruinniú cinn dá bhlian” do chur, i ngach cás, in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh;

(b) leasuítear leis seo alt 123 den Phríomh-Acht tré sna focail “trí mbliain” do scriosadh amach as mír (b) d'fho-alt (1) agus tré sna focail “dhá bhlian” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

Feidhm ailt 118 den Phríomh-Acht.

44. —Léireofar an abairt “na Coda so den Acht so” i bhfo-alt (3) d'alt 118 den Phríomh-Acht mar abairt a chialluíonn Cuid IV den Phríomh-Acht no an Chuid seo den Acht so.

Alt 120 den Phríomh-Acht do leasú.

45. —Leasuítear leis seo fo-alt (2) d'alt 120 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “trí” do chur in ionad an fhocail “cúig” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 121 den Phríomh-Acht do leasú.

46. —Leasuítear leis seo alt 121 den Phríomh-Acht tré sna focail “lá nach déanaí ná trí lá” do chur in ionad na bhfocal “tráth nach déanaí ná cúig lá” atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 127 den Phríomh-Acht do leasú.

47. —Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 127 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar an tagairt atá san alt san do bhliain toghacháin do léiriú mar thagairt a chialluíonn aon bhliain in ar gá do réir an Phríomh-Achta, mar a leasuítear é le Cuid III den Acht so, toghachán cinn dá bhlian do bhaill den Bhord Mharguithe Bagúin do bheith ann.

An Bord Marguithe Muc do thabhairt breithe ar cheisteanna.

48. —Is do réir na bhforálacha so leanas do bhéarfar breith ar gach ceist eireoidh ag cruinniú den Bhord maidir leis an mBord do dhéanamh orduithe (seachas an chéad ordú um praghas ceaptha) fén gCuid seo den Acht so, sé sin le rá:—

(a) mara mbeidh aon ghnáth-bhall no mara mbeidh ach aon ghnáth-bhall amháin i láthair ag an gcruinniú san isé Cathaoirleach an Bhúird do bhéarfaidh breith ar an gceist sin;

(b) má bhíonn dhá ghnáth-bhall no níos mó i láthair—

(i) cuirfear an cheist sin, ar an gcéad ásc, fé bhráid na ngnáth-bhall san chun a vóta do thabhairt uirthi,

(ii) má vótálann na gnáth-bhaill sin uile ar an gceist sin agus go mbeidh an vóta san aon-aontach tuigfear breith do bheith tugtha ag an mBord ar an gceist sin do réir an vóta san,

(iii) má bhíonn na baill sin uile no cuid acu gan vótáil ar an gceist sin, no má vótálann na baill sin uile agus ná beidh an vóta san aon-aontach, cuirfear an cheist sin fé bhráid Chathaoirleach an Bhúird chun a bhreith do thabhairt uirthi agus tuigfear breith do bheith tugtha ar an gceist sin do réir bhreith an Chathaoirligh sin.

Alt 137 den Phríomh-Acht do leasú.

49. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 137 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal “shé” do chur in ionad an fhocail “thrí” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Feidhm ailt 139 den Phríomh-Acht.

50. —Léireofar an abairt “an Chuid seo den Acht so,” i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-ailt (2), (3), (4) agus (5) d'alt 139 den Phríomh-Acht, mar abairt a chialluíonn Cuid IV den Phríomh-Acht no an Chuid seo den Acht so.

Deireadh le comhacht chun orduithe do dhéanamh fé alt 140 den Phríomh-Acht.

51. —(1) Ní dhéanfaidh an Bord aon orduithe fé fho-alt (2) d'alt 140 den Phríomh-Acht an lá ceaptha ná dá éis sin.

Saghsanna áirithe muc d'eisceacht.

52. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, a dhearbhú le hordú ná beidh feidhm ag Cuid IV den Phríomh-Acht ná ag an gCuid seo den Acht so maidir le haon tsaghas no saghsanna áirithe muc (ar n-a míniú i pé slí agus fé threoir pé nithe is ceart dar leis an mBord), agus pé uair a déanfar aon ordú den tsórt san agus a bheidh sé i bhfeidhm ní fholóidh an focal “muca”, in aon áit ina bhfuil sé sa Chuid sin IV agus sa Chuid seo den Acht so, muca den tsaghas no de sna saghsanna luaidhtear san ordú san.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Is le có-aontú an Aire déanfar gach ordú déanfar fén alt so.

An tslí chun meáchaint chonablacha muc d'fháil amach.

53. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so gheobhfar amach meáchaint chonablaigh mhuice tríd an gconablach san do mheadh nuair a bheidh sé dí-innithe agus tráth nach déanaí ná leath-uair a' chluig tar éis an mharbhtha.

Muca agus conablaigh aicmiú agus do trádú.

54. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—

(a) muca nach muca monarcha-cheannuithe do roinnt i pé aicmí agus i pé méid aicmí (ar n-a míniú i pé slí is ceart dar leis an mBord) is oiriúnach leis an mBord, agus

(b) conablaigh mhuca monarcha-cheannuithe do roinnt i pé aicmí agus i pé méid aicmí (ar n-a míniú i pé slí is ceart dar leis an mBord) is oiriúnach leis an mBord, agus

(c) aon aicme no aicmí den tsórt san de chonablaigh mhuca monarcha-cheannuithe do roinnt i pé grádanna agus i pé méid grádanna (ar n-a míniú i pé slí is ceart dar leis an mBord) is oiriúnach leis an mBord.

(2) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis an mBord é féadfaid, le hordú, conablaigh mhuca nach muca monarchacheannuithe do roinnt i pé aicmí agus i pé méid aicmí (ar n-a míniú i pé slí is ceart dar leis an Bord) is oiriúnach leis an mBord.

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(4) Sa Chuid seo den Acht so—

cialluíonn an focal “aicme”—

(a) maidir le muca nach muca monarcha-cheannuithe, aicme de sna haicmí ina roinnfear muca den tsórt san le hordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire,

(b) maidir le conablaigh mhuca monarcha-cheannuithe, aicme de sna haicmí ina roinnfear conablaigh den tsórt san le hordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire,

(c) maidir le conablaigh mhuca nach muca monarchacheannuithe, aicme de sna haicmí ina roinnfear conablaigh den tsórt san le hordú déanfar fé fho-alt (2) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an focal “grád”, maidir le haon aicme de chonablaigh mhuca monarcha-cheannuithe, grád de sna grádanna ina roinnfear an aicme sin le hordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “aicme ghráduithe”, maidir le conablaigh mhuca monarcha-cheannuithe, aicme de sna conablaigh sin a roinnfear ina grádanna le hordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an abairt “aicme nea-ghráduithe”, maidir le conablaigh mhuca monarcha-cheannuithe, aicme de sna conablaigh sin ná roinnfear ina grádanna le hordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

Orduithe um praghas ceaptha.

55. —(1) Déanfaidh an Bord ordú (dá ngairmtear ordú um praghas ceaptha sa Chuid seo den Acht so), roimh dheireadh na tréimhse díola bheidh ag rith an lá ceaptha, agus féadfaid ina dhiaidh sin, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú um praghas ceaptha do dhéanamh—

(a) ag ceapadh an dáta (nach déanaí i gcás an chéad orduithe ná dáta dheireadh na tréimhse díola san, ná nach luaithe in aon chás ná an chéad Luan tar éis dáta an orduithe sin) ar a mbeidh an t-ordú san le teacht i bhfeidhm; agus

(b) á cheapadh, maidir le muca nach muca monarchacheannuithe, de gach aicme fé leith, a díolfar le ré an orduithe sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint díobh ar a gcois) a bheidh ortha; agus

(c) á cheapadh, maidir le conablaigh mhuca monarchacheannuithe, de gach grád fé leith de gach aicme ghráduithe, a díolfar le ré an orduithe sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh ortha; agus

(d) á cheapadh, maidir le conablaigh mhuca monarchacheannuithe, de gach aicme nea-ghráduithe fé leith, a díolfar le ré an orduithe sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh ortha; agus

(e) á cheapadh, maidir le conablaigh mhuca nach muca monarcha-cheannuithe, de gach aicme fé leith, a díolfar le ré an orduithe sin, cadé an praghas (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) a bheidh ortha.

(2) Tiocfaidh gach ordú um praghas ceaptha i bhfeidhm ar an dáta ceapfar chuige sin leis an ordú san agus fanfaidh i bhfeidhm go teacht i bhfeidhm don chéad ordú um praghas ceaptha ina dhiaidh sin, agus déanfar tagairtí san Acht so do ré orduithe um praghas ceaptha do léiriú mar thagairtí don tréimhse bheidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an Bord ordú um praghas ceaptha do leasú tráth ar bith le hordú (dá ngairmtear ordú um praghas ceaptha (leasú) sa Chuid seo den Acht so) agus luadhfar i ngach ordú déanfar fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so) cadé an dáta (nach luatha ná an chéad Luan tar éis dáta déanta an orduithe sin) ar a dtiocfaidh an t-ordú san i bhfeidhm.

(4) Nuair a bheidh ordú um praghas ceaptha no ordú um praghas ceaptha (leasú) á dhéanamh acu féachfaidh an Bord do sna nithe seo leanas, eadhon—

(a) an méid bagúin is féidir do sna margaí (cois baile agus lasmuich) a ghlacadh;

(b) an chaindíocht bhagúin is dóich leis an mBord is gá a chur i bhfuar-stóras i gcóir riachtanaisí todhachaí;

(c) an stoc bagúin a bheidh ar láimh;

(d) an méid muc is deallrathach a bheidh ar fáil;

(e) costas táirgthe muc agus go sonnrách costas abhar beathadh ar feadh na gceithre mí roimhe sin;

(f) pé nithe eile is dóich leis an mBord a bhaineann leis an scéal.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 134 den Phríomh-Acht maidir leis an gcéad ordú um praghas ceaptha do dhéanamh.

(6) An méid sin d'fho-alt (1) den alt so cheanglann ar an mBord praghas gach aicme fé leith de chonablaigh mhuca nach muca monarcha-cheannuithe do cheapadh le linn ordú um praghas ceaptha do dhéanamh, scuirfidh d'éifeacht do bheith aige maidir le haon ordú den tsórt san a bheidh le teacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1938, no dá éis sin, agus chun crícheanna an ailt seo tuigfear aon ordú praghais a bheidh i bhfeidhm an 31adh lá de Mhárta, 1938, do scur de bheith ag rith an 1adh lá d'Abrán 1938, sa mhéid go mbainfe sé le praghasanna aicmí de chonabhlaigh mhuca nach muca monarcha-cheannuithe agus sa mhéid sin amháin.

Liúntas fartha.

56. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú do dhéanamh—

(a) ag roinnt Shaorstáit Éireann i pé líomatáistí agus i pé méid líomatáistí (dá ngairmtear líomatáistí díola sa Chuid seo den Acht so) is oiriúnach leis an mBord; agus

(b) á cheapadh, maidir le gach líomatáiste díola fé leith, cadé an tsuim a bheidh ina liúntas fartha alos gach muice nach muc mhonarcha-cheannuithe no conablaigh mhuice nach muc mhonarcha-cheannuithe díolfar sa líomatáiste sin;

agus féadfar suimeanna deifriúla do cheapadh maidir le líomatáistí díola deifriúla.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an liúntas fartha”, maidir le muic nach muc mhonarcha-cheannuithe no conablach muice nach muc mhonarcha-cheannuithe a díolfar i líomatáiste díola áirithe, an tsuim a bheidh ceaptha de thurus na huaire le hordú fén alt so mar liúntas fartha alos aon mhuice den tsórt san no aon chonablaigh den tsórt san a díolfar sa líomatáiste sin.

(4) Aon ordú do rinne an Bord fé alt 141 den Phríomh-Acht agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith tuigfear gur fén alt so do rinneadh é agus féadfar é leasú no é cheiliúradh le hordú fén alt so, agus leanfaidh i bhfeidhm go dtí n-a cheiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

Liúntas ceannaigh.

57. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, ordú do dhéanamh á cheapadh cadé an tsuim a bheidh ina liúntas cheannaigh alos gach muice nach muc mhonarcha-cheannuithe no conablaigh mhuice nach muc mhonarcha-cheannuithe díolfar.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an liúntas ceannaigh”, maidir le haon mhuic nach muc mhonarchacheannuithe no conablach muice nach muc mhonarchacheannuithe, an tsuim a bheidh ceaptha de thurus na huaire le hordú fén alt so mar liúntas cheannaigh.

(4) Aon ordú do rinne an Bord fé alt 142 den Phríomh-Acht agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith tuigfear gur fén alt so do rinneadh é agus féadfar é leasú no é cheiliúradh le hordú fén alt so agus leanfaidh i bhfeidhm go dtí n-a cheiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

Liúntas árachais.

58. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus cho minic agus is oiriúnach leo é, ordú do dhéanamh á cheapadh cadé an tsuim a lomhálfar, alos gach muice no conablaigh a díolfar le ceadúnaí, i bhfuirm árachais i gcoinnibh scrúdóra thréidliaghachta do dhaoradh na muice no an chonablaigh sin agus scartaigh na muice sin fé Chuid II den Phríomh-Acht no i gcoinnibh údaráis sláintíochta áitiúla do dhaoradh an chéanna fé chomhachta reachtúla.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an liúntas árachais”, maidir le haon mhuic no conablach, an tsuim a bheidh ceaptha de thurus na huaire le hordú fén alt so.

(4) Aon rialacháin do rinne an Bord fé alt 143 den Phríomh-Acht agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith tuigfear gur fén Acht so do rinneadh iad agus féadfar iad a leasú no a cheiliúradh fén alt so, agus leanfaid i bhfeidhm go dtí n-a gceiliúradh amhlaidh agus fé réir aon leasuithe den tsórt san.

Liúntas damáiste.

59. —(1) Féadfaidh an Bord le hordú, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) a mhíniú cadé an díobháil no cadiad na díobhála do mhuic nach muc mhonarcha-cheannuithe is damáiste don mhuic sin chun crícheanna an orduithe sin agus a cheapadh, maidir le haon mhuic den tsórt san a bheidh damáistithe do réir bhrí an orduithe sin, cadé an tsuim a lomhálfar alos an damáiste sin;

(b) a mhíniú cadé an díobháil no cadiad na díobhála do chonablach muice monarcha-cheannuithe is damáiste don chonablach san chun crícheanna an orduithe sin agus a cheapadh, maidir le haon chonablach den tsórt san a bheidh damáistithe do réir bhrí an orduithe sin, cadé an tsuim a lomhálfar alos an damáiste sin;

(c) a mhíniú cadé an díobháil no cadiad na díobhála do chonablach muice nach muc mhonarcha-cheannuithe is damáiste don chonablach san chun crícheanna an orduithe sin agus a cheapadh, maidir le haon chonablach den tsórt san a bheidh damáistithe do réir bhrí an orduithe sin, cadé an tsuim a lomhálfar alos an damáiste sin,

agus féadfaidh suimeanna deifriúla do cheapadh maidir le saghsanna deifriúla damáiste.

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Sa Chuid seo den Acht so—

nuair a húsáidtear an focal “damáistithe” maidir le haon mhuic no conablach muice cialluíonn sé damáistithe do réir bhrí orduithe ar n-a dhéanamh fén alt so;

nuair a húsáidtear an abairt “liúntas damáiste oiriúnach” maidir le muic dhamáistithe no conablach damáistithe muice cialluíonn sí an tsuim a ceapfar le hordú fén alt so alos an damáiste bheidh déanta don mhuic no don chonablach san.

Srian le praghas muc agus conablach.

60. —(1) Faid a bheidh ordú um praghas ceaptha i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach go gceannódh aon cheadúnaí no aon mhionleasuitheoir cláruithe ná go ndíolfadh duine ar bith le ceadúnaí no le mion-leasuitheoir cláruithe—

(a) aon mhuc, nach muc mhonarcha-cheannuithe, d'aon aicme ar shuim seachas an tsuim seo leanas, eadhon, suim a háirmheofar do réir mheáchainte na muice sin agus an phraghais a bheidh ceaptha leis an ordú san do mhuca, nach muca monarcha-cheannuithe, den aicme sin, lughaide na méideanna so leanas—

(i) an méid oiriúnach,

(ii) an liúntas fartha,

(iii) an liúntas ceannaigh, agus

(iv) má bhíonn an mhuc san damáistithe, an liúntas damáiste oiriúnach;

(b) aon mhuc mhonarcha-cheannuithe, gur d'aicme ghráduithe a conablach, ar shuim seachas an tsuim seo leanas, eadhon, suim a háirmheofar do réir mheáchainte an chonablaigh sin agus an phraghais a bheidh ceaptha leis an ordú san do chonablaigh mhuca monarcha-cheannuithe de ghrád aicme a bheidh ar có-réir le grád aicme an chonablaigh sin, lughaide na méideanna so leanas—

(i) an méid oiriúnach, agus

(ii) má bhíonn an conablach san damáistithe, an liúntas damáiste oiriúnach, agus

(iii) má íocann an ceadúnaí no an mion-leasuitheoir sin luach fartha na muice sin agus go seachadfar nóta ina luaidhtear a mhéid don díoltóir, méid an luach fartha san, agus

(iv) má hiompruítear an mhuc san go háitreabh an cheadúnaí no an mhion-leasuitheora san i bhfeithicil is leis an gceadúnaí no leis an mion-leasuitheoir sin, suim is có-ionann leis an suim gurbh í an liúntas fartha í dá mba mhuc nach muc mhonarchacheannuithe an mhuc san;

(c) aon mhuc mhonarcha-cheannuithe, gur d'aicme neaghráduithe a conablach, ar shuim seachas an tsuim seo leanas, eadhon, suim a háirmheofar do réir mheáchainte an chonablaigh sin agus an phraghais a bheidh ceaptha leis an ordú san do chonablaigh mhuca monarchacheannuithe d'aicme a bheidh ar có-réir le haicme an chonablaigh sin, lughaide na méideanna so leanas—

(i) an méid oiriúnach, agus

(ii) má bhíonn an conablach san damáistithe, an liúntas damáiste oiriúnach, agus

(iii) má íocann an ceadúnaí no an mion-leasuitheoir sin luach fartha na muice sin agus go seachadfar nóta ina luaidhtear a mhéid don díoltóir, méid an luach fartha san, agus

(iv) má hiompruítear an mhuc san go háitreabh an cheadúnaí no an mhion-leasuitheora san i bhfeithicil is leis an gceadúnaí no leis an mion-leasuitheoir sin, suim is có-ionann leis an suim gurbh í an liúntas fartha í dá mba mhuc nach muc mhonarchacheannuithe an mhuc san.

(2) Faid a bheidh ordú um praghas ceaptha i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach d'aon mhion-leasuitheoir cláruithe conablach aon mhuice, nach muc mhonarcha-cheannuithe, d'aon aicme do cheannach, ná do dhuine ar bith conablach den tsórt san do dhíol le mion-leasuitheoir cláruithe, ar shuim seachas an tsuim seo leanas, eadhon, suim a ceapfar do réir mheáchainte an chonablaigh sin agus an phraghais a bheidh ceaptha leis an ordú san do chonablaigh mhuca, nach muca monarcha-cheannuithe, d'aicme bheidh ar córéir le haicme an chonablaigh sin, lughaide na méideanna so leanas—

(i) an méid oiriúnach,

(ii) an liúntas fartha,

(iii) an liúntas ceannaigh, agus

(iv) má bhíonn an conablach san damáistithe, an liúntas damáiste oiriúnach.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “an méid oiriúnach”, maidir le haon mhuic no conablach a díolfar, suim na méideanna so leanas:—

(a) más ceadúnaí cheannóidh an mhuc san—

(i) suim is có-ionann leis an suim a bheidh orduithe de thurus na huaire chun crícheanna an dleachta is iníoctha leis an mBord ag ceadúnaithe fé alt 150 den Phríomh-Acht; agus

(ii) suim is có-ionann leis an suim a bheidh orduithe de thurus na huaire ag an Aire fé alt 28 den Phríomh-Acht; agus

(iii) suim is có-ionann leis an suim a bheidh ceaptha de thurus na huaire mar liúntas árachais; agus

(b) más mion-leasuitheoir cláruithe cheannóidh an mhuc no an conablach san, suim scillinge; agus

(c) más ar aonach no ar mhargadh ar a mbeidh custuim iníoctha ceannófar an mhuc no an conablach san, suim is cóionann le méid an chustuim ar mhuic no ar chonablach (do réir mar bheidh); agus

(d) más ar aonach no ar mhargadh ceannófar an mhuc no an conablach san agus gur meadhadh chun críche an díola san é ar mheasín mheáchana bhí curtha ar fáil chun críche an aonaigh no an mhargaidh sin, suim is cóionann leis an suim is inéilithe ar mhuic no ar chonablach (do réir mar bheidh) do mheadh ar an meaisín meáchana san; agus

(e) más in áit seachas áitreabh an cheadúnaí no an mhionleasuitheora chláruithe sin a meadhfar an mhuc no an conablach san, agus san ar mheaisín mheáchana chuirfidh an ceadúnaí no an mion-leasuitheoir cláruithe sin ar fáil, suim is có-ionann leis an suim (más aon tsuim í) is inéilithe de ghnáth ag an gceadúnaí no ag an mionleasuitheoir cláruithe sin ar mhuic no ar chonablach (do réir mar bheidh) do mheadh.

(4) Má cheannuíonn aon cheadúnaí no mion-leasuitheoir cláruithe, no má dhíolann duine ar bith le ceadúnaí no le mion-leasuitheoir cláruithe, aon mhuca no conablaigh contrárdha don alt so beidh an ceadúnaí no an mion-leasuitheoir cláruithe sin agus an duine sin, gach duine fé leith acu, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil dhá phunt do chur air in aghaidh gach muice no conablaigh gur ina thaobh do rinneadh an cionta san.

Forálacha i dtaobh muca díolfar ináitreabh ceadúnuithe.

61. —(1) Má tairgtear muc chun a díolta in áitreabh ceadúnuithe, no in áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de mion-leasuitheoirí, ar an gcoinníoll gur tar éis a marbhtha cinnfear a praghas ní bheidh sé dleathach don duine is ceadúnaí alos an áitreibh cheadúnuithe sin no don duine bheidh cláruithe alos an áitreibh sin an mhuc san do cheannach ach ar an gcoinníoll san.

(2) Má dheineann duine ar bith is ceadúnaí no is mion-leasuitheoir cláruithe aon mhuc do cheannach contrárdha don alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Deimhnithe díola.

62. —(1) Féadfaidh an Bord le hordú, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, a cheangal ar aon cheadúnaí no mionleasuitheoir cláruithe cheannóidh aon mhuc no conablach muice deimhniú do dhéanamh, do shighniú, agus do sheachadadh don díoltóir agus ainmneacha agus seolta an díoltóra agus an cheannuitheora ann maraon le pé mion-innste, i dtaobh na muice no an chonablaigh sin, a luadhfar san ordú san.

(2) Féadfaidh an Bord, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Má theipeann ar aon cheadúnaí no mion-leasuitheoir cláruithe no má fhaillíonn a n-éileofar le hordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so do chólíonadh beidh an ceadúnaí no an mionleasuitheoir cláruithe sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Conablaigh do mharcáil.

63. —(1) Féadfaidh an Bord le hordú, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, a cheangal ar aon cheadúnaí no mionleasuitheoir cláruithe cheannóidh aon mhuc na marcanna luadhfar san ordú san do chur ar chonablach na muice sin.

(2) Féadfaidh an Bord, le hordú fén bhfo-alt so, ceiliúradh no leasú do dhéanamh ar ordú bheidh déanta fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so).

(3) Má theipeann ar aon cheadúnaí no mion-leasuitheoir cláruithe no má fhaillíonn a n-éileofar le hordú ar n-a dhéanamh fé fho-alt (1) den alt so do chólíonadh beidh an ceadúnaí no an mion-leasuitheoir cláruithe sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.

Alt 145 den Phríomh-Acht do leasú.

64. —Leasuítear leis seo alt 145 den Phríomh-Acht tré sna focail “i rith aon tréimhse díola” do scriosadh amach as gach áit ina bhfuil na focail sin san alt san, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 146 den Phríomh-Acht do leasú.

65. —Leasuítear leis seo alt 146 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “i gcontae no i gcontaethe no, má údaruíonn an tAire é, i gcás áirithe i líomatáiste áirithe” do chur i bhfo-alt (1) den alt san i ndiaidh na bhfocal “i dtrádáil an bhagúin”;

(b) tríd an mír seo leanas do chur i bhfo-alt (2) den alt san in ionad míre (c) atá anois ann, sé sin le rá:—

“(c) na muca san no aon chuid díobh do chur de láimh ar pé slí is oiriúnach leis an mBord.”

Tuairisceáin seachtainiúla o cheadúnaithe ar an méid muc a bheid ar intinn a mharbhadh.

66. —(1) Féadfaidh an Bord, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, a chur fé ndeár go seirbheálfar ar an duine is ceadúnaí alos aon áitreibh cheadúnuithe fógra i scríbhinn (dá ngairmtear fógra tuairisceán san alt so) á cheangal ar an gceadúnaí sin tuairisceán do thabhairt uaidh, go dtí go n-ordóidh an Bord a mhalairt, in aghaidh na seachtaine (nach seachtain a thosnóidh níos luatha ná an t-aonú lá fichead tar éis dáta an Achta so do rith) a luadhfar sa bhfógra san agus in aghaidh gach seachtaine ina dhiaidh sin ar dháta nach déanaí ná seacht lá roimh an seachtain sin, á rá cé méid muc atá sé ar intinn a mharbhadh san áitreabh san i rith na seachtaine sin, agus déanfar tagairtí sa Chuid seo den Acht so don quota marbhtha alos aon áitreibh cheadúnuithe in aghaidh aon tseachtaine do léiriú mar thagairtí don méid muc go ndéarfar, i dtuairisceán do bhéarfaidh an duine is ceadúnaí alos an áitreibh sin uaidh do réir fhógra thuairisceán, gurb é an méid é atáthar ar intinn a mharbhadh san áitreabh san i rith na seachtaine sin.

(2) Má thárlann do dhuine ar bith is ceadúnaí alos áitreibh cheadúnuithe agus ar a seirbheálfar fógra tuairisceán—

(a) go dteipfidh air, go ndiúltóidh no go bhfailleoidh aon tuairisceán do thabhairt uaidh do réir an fhógra san, no

(b) go marbhóidh, ach amháin le réamh-thoil an Bhúird, san áitreabh cheadúnuithe sin aon tseachtain líon muc is mó ná an quota marbhtha alos an áitreibh sin in aghaidh na seachtaine sin,

beidh an ceadúnaí sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Tairgtheoirí do thairisgint muca.

67. —Féadfaidh duine ar bith, ar dháta nach déanaí ná deich lá roimh aon tseachtain a thosnóidh tar éis an t-aonú lá fichead tar éis an Achta so do rith, fógra i scríbhinn (dá ngairmtear tairisgint táirgtheora sa Chuid seo den Acht so) do chur chun an Bhúird á rá go bhfuil sé inniúil agus ullamh ar an líon muc a luaidhtear sa bhfógra san (eadhon, muca bhí ar seilbh aige agus ina áitreabh féin ar feadh ceithre seachtaine ar a laighead roimh dháta an fhógra san) do dhíol agus do sheachadadh i rith na seachtaine sin.

Orduithe díola.

68. —(1) Pé uair a gheobhaidh an Bord tairisgint táirgtheora o dhuine ar bith á rá go bhfuil sé inniúil agus ullamh ar an líon muc (dá ngairmtear an líon tairgthe san alt so) a luaidhtear sa tairisgint sin do sheachadadh i rith na seachtaine le n-a mbaineann an tairisgint sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh Cathaoirleach an Bhúird ordú (dá ngairmtear an t-ordú san san alt so) do dhéanamh—

(i) á cheangal ar an duine sin (dá ngairmtear an díoltóir san alt so) líon áirithe de mhuca, eadhon, muca bhí ar seilbh agus in áitreabh an díoltóra ar feadh ceithre seachtaine ar a laighead roimh dháta na tairisgeana táirgtheora san do dhíol le ceadúnaí áitreabh cheadúnuithe áirithe (dá ngairmtear an ceannuitheoir san alt so) agus do sheachadadh dhó san áitreabh san pé lá no laetheanta i rith na seachtaine sin ordóidh an ceannuitheoir (sé sin, líon nach mó ná an líon tairgthe, lughaide pé líon de mhuca go mbeidh a ndíol agus a seachadadh de cheangal ar an díoltóir de dhruim orduithe eile bheidh déanta cheana fén alt so maidir leis an seachtain sin, ná nach mó ná an quota marbhtha alos an áitreibh sin in aghaidh na seachtaine sin, lughaide pé líon de mhuca go mbeidh a gceannach agus a nglacadh san áitreabh san de cheangal ar an gceannuitheoir de dhruim orduithe eile bheidh déanta cheana fén alt so maidir leis an seachtain sin), agus

(ii) á cheangal ar an gceannuitheoir an líon áirithe sin de mhuca do cheannach agus do ghlacadh san áitreabh san i rith na seachtaine sin;

(b) ar dhéanamh an orduithe sin féadfaidh Cathaoirleach an Bhúird a chur fé ndeár go seirbheálfar cóip de ar gach duine den bheirt, an díoltóir agus an ceannuitheoir, ar dháta nach déanaí ná ceithre lá roimh thosach na seachtaine sin;

(c) ar chóip den ordú san do sheirbheáil go cuibhe ar gach duine den bheirt, an díoltóir agus an ceannuitheoir, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas:—

(i) tuigfear connradh do bheith déanta idir an díoltóir agus an ceannuitheoir i dtéarmaí a n-éilítear leis an ordú san,

(ii) mara gcólíontar a n-éilítear leis an ordú san, beidh an díoltóir agus an ceannuitheoir, gach duine fé leith acu, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air,

(iii) beidh sé ina chosaint mhaith in aon imeachta mar gheall ar chionta fén alt so i gcoinnibh an díoltóra a chruthú gurbh iad gníomhartha no faillí an cheannuitheora fé ndeár gan an t-ordú san do chólíonadh,

(iv) beidh sé ina chosaint mhaith in aon imeachta mar gheall ar chionta fén alt so i gcoinnibh an cheannuitheora a chruthú gurbh iad gníomhartha no faillí an díoltóra fe ndeár gan an t-ordú san do chólionadh.

(2) Féadfar níos mó ná aon ordú amháin i dtaobh aon tseachtaine áirithe do dhéanamh fén alt so—

(a) alos duine go mbeidh tairisgint táirgtheora curtha aige chun an Bhúird maidir leis an seachtain sin, no

(b) alos ceadúnaí áitreibh cheadúnuithe.

(3) Gach muc a díolfar agus a seachadfar fé ordú ar n-a dhéanamh fén alt so díolfar agus seachadfar í amhlaidh ar choinníoll gur tar éis a marbhtha cinnfear praghas na muice sin.

Orduithe um praghas barúlach

69. —(1) Féadfaidh an Bord pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leo é, le hordú (dá ngairmtear ordú um praghas barúlach sa Chuid seo den Acht so), gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

(a) maidir le haon aicme de mhuca nach muca monarchacheannuithe, a cheapadh (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) cadé an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach san Acht so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart ar an aicme sin, i ngnáth-chúrsaí, an tráth san;

(b) maidir le haon ghrád d'aon aicme ghráduithe de chonablaigh mhuca monarcha-cheannuithe, a cheapadh (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) cadé an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach san Acht so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart ar an ngrád san, i ngnáth-chúrsaí, an tráth san;

(c) maidir le haon aicme nea-ghráduithe de chonablaigh mhuca monarcha-cheannuithe, a cheapadh (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) cadé an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach san Acht so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart ar an aicme sin, i ngnáth-chúrsaí, an tráth san;

(d) maidir le haon aicme de chonablaigh mhuca nach muca monarcha-cheannuithe, a cheapadh (i dtéarmaí ráta an chéadmeáchaint) cadé an praghas (dá ngairmtear an praghas barúlach san Acht so) is dóich leis an mBord ba phraghas ceart ar an aicme sin, i ngnáth-chúrsaí, an tráth san.

(2) Féadfaidh an Bord, le hordú, aon ordú um praghas barúlach do cheiliúradh.

(3) Scuirfidh gach ordú um praghas barúlach de bheith i bhfeidhm ar thárlachtaint do pé ní acu so leanas is túisce thárlóidh tar éis lá déanta an orduithe sin—

(a) an t-ordú san do cheiliúradh;

(b) ordú um praghas ceaptha no ordú um praghas ceaptha (leasú) do theacht i bhfeidhm.

Dleachta is iníoctha ag ceadúnaithe agus ag mionleasuitheoirí cláruithe.

70. —(1) Pé uair—

(a) a dhéanfaidh an Bord ordú um praghas barúlach á cheapadh, maidir le haon aicme mhuc, cadé praghas barúlach na haicme sin, agus

(b) is lugha ná an praghas barúlach san do mhuca den aicme sin an praghas ceaptha do mhuca den aicme sin in aghaidh na tréimhse bheidh an t-ordú san um praghas barúlach i bhfeidhm,

déanfaidh gach duine, ba cheadúnaí no ba mhion-leasuitheoir cláruithe ar feadh na tréimhse sin no ar feadh aon choda dhi, dleacht d'íoc leis an mBord i gcionn na tréimhse sin alos na muc uile den aicme sin do cheannuigh sé i rith na tréimhse sin, dleacht a háirmheofar do réir mheáchainte conablach na muc san agus praghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha san agus an praghas barúlach san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “muca” muca nach muca monarcha-cheannuithe.

(2) Pé uair—

(a) a dhéanfaidh an Bord ordú um praghas barúlach á cheapadh, maidir le haon ghrád d'aon aicme ghráduithe de chonablaigh, cadé praghas barúlach an ghráid sin, agus

(b) is lugha ná an praghas barúlach san don ghrád san den aicme sin de chonablaigh an praghas ceaptha do chonablaigh den ghrád san den aicme sin in aghaidh na tréimhse bheidh an t-ordú san um praghas barúlach i bhfeidhm,

déanfaidh gach duine ba cheadúnaí no ba mhion-leasuitheoir cláruithe ar feadh na tréimhse sin no ar feadh aon choda dhi, dleacht d'íoc leis an mBord i gcionn na tréimhse sin alos na muca monarcha-cheannuithe uile do cheannuigh sé i rith na tréimhse sin agus gur chonablaigh den ghrád san den aicme sin a gconablaigh, dleacht a háirmheofar do réir mheáchainte conablach na muc san agus praghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha san agus an praghas barúlach san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “conablaigh” conablaigh mhuca monarcha-cheannuithe.

(3) Pé uair—

(a) a dhéanfaidh an Bord ordú um praghas barúlach á cheapadh, maidir le haon aicme nea-ghráduithe de chonablaigh, cadé praghas barúlach na haicme sin, agus

(b) is lugha ná an praghas barúlach san don aicme sin de chonablaigh an praghas ceaptha do chonablaigh den aicme sin in aghaidh na tréimhse bheidh an t-ordú san um praghas barúlach i bhfeidhm,

déanfaidh gach duine, ba cheadúnaí no ba mhion-leasuitheoir cláruithe ar feadh na tréimhse sin no ar feadh aon choda dhi, dleacht d'íoc leis an mBord i gcionn na tréimhse sin alos na muca monarcha-cheannuithe uile do cheannuigh sé i rith na tréimhse sin agus gur chonablaigh den aicme sin a gconablaigh, dleacht a háirmheofar do réir mheáchainte no gconablach san agus praghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha san agus an praghas barúlach san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “conablaigh” conablaigh mhuca monarcha-cheannuithe.

(4) Pé uair—

(a) a dhéanfaidh an Bord ordú um praghas barúlach á cheapadh, maidir le haon aicme chonablach, cadé praghas barúlach na haicme sin, agus

(b) is lugha ná an praghas barúlach san don aicme sin de chonablaigh an praghas ceaptha do chonablaigh den aicme sin in aghaidh na tréimhse bheidh an t-ordú san um praghas barúlach i bhfeidhm.

déanfaidh gach duine, ba mhion-leasuitheoir cláruithe ar feadh na tréimhse sin no ar feadh aon choda dhi, dleacht d'íoc leis an mBord i gcionn na tréimhse sin alos na geonablach uile den aicme sin do cheannuigh sé i rith na tréimhse sin, dleacht a háirmheofar do réir mheáchainte na gconablach san agus praghais is có-mhéid leis an deifríocht idir an praghas ceaptha san agus an praghas barúlach san.

Sa bhfo-alt so cialluíonn an focal “conablaigh” conablaigh mhuca nach muca monarcha-cheannuithe.

(5) Má dhligheann aon duine fén alt so dleacht ar bith d'íoc leis an mBord i gcionn aon tréimhse gheobhaidh an Bord amach, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh na tréimhse sin, cadé méid an dleachta san, agus déanfaid deimhniú maidir leis an duine sin á dheimhniú go bhfuil an méid sin iníoctha ag an duine sin in aghaidh na tréimhse sin agus seirbheálfaid cóip den deimhniú san ar an duine sin, agus ar an seirbheáil sin do dhéanamh beidh an méid sin ina fhiacha ag an mBord ar an duine sin agus iníoctha aige leo, agus féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáthchonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(6) Airgead do gheobhaidh an Bord fén alt so ní húsáidfear é ach chun íocaíochtaí do dhéanamh fén gcéad alt ina dhiaidh seo.

(7) San alt so cialluíonn an abairt “praghas ceaptha” an praghas a ceapfar le hordú um praghas ceaptha.

Iocaíochtaí do dhéanamh le ceadúnaithe agus le mionleasuitheoirí cláruithe alos bagúin.

71. —(1) Féadfaidh an Bord, i gcionn aon tréimhse, ag tosnú an lá ceaptha no dá éis sin, a cheapfaidh an Bord o am go ham chun crícheanna an ailt seo, suim d'íoc as an gCiste Marguithe Muc le gach duine, ba cheadúnaí no ba mhion-leasuitheoir cláruithe ar feadh na tréimhse sin no ar feadh aon choda dhi, alos aon bhagúin (eadhon, bagún do tháirg sé) go ndearnadh, i rith na tréimhse sin, é dhíol i Saorstát Éireann no é easportáil, suim a háirmheofar do réir mheáchainte an bhagúin sin agus a bheidh do réir pé ráta is ceart dar leis an mBord.

(2) I gcás ina mbeidh údarás ag an mBord fén alt so íocaíochtaí do dhéanamh alos bagúin féadfaidh an Bord, chun na gcrícheanna bhaineann leis na híocaíochtaí sin do dhéanamh, rátaí deifriúla do cheapadh maidir le grádanna deifriúla de bhagún, agus maidir le bagún a heasportálfar, agus le bagún ná heasportálfar, agus féadfaid, maidir le bagún ná heasportálfar, rátaí deifriúla do cheapadh maidir le tíortha deifriúla.

(3) In ainneoin éinní atá i bhfo-alt (6) d'alt 147 den Phríomh-Acht féadfaidh an Bord airgead do gheobhfar fén alt san 147 d'úsáid chun íocaíochtaí do dhéanamh fén alt so.

Alt 147 den Phríomh-Acht do leasú.

72. —(1) Leasuítear leis seo alt 147 den Phríomh-Acht sna slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) tré sna habairtí “más mó” agus “ná an praghas barúlach” do scriosadh amach as gach foráil den alt san 147 le n-a mbaineann an t-alt so agus tré sna habairtí “má bhíonn” agus “deifriúil leis an bpraghas barúlach” fé seach do chur in ionad na n-abairtí sin fé seach;

(b) tré sna focail uile atá anois i ndiaidh na bhfocal “is dóich leis an mBord do bheith ceart” i ngach foráil acu san do scriosadh amach aisti.

(2) Baineann an t-alt so le gach foráil acu so leanas d'alt 147 den Phríomh-Acht, eadhon:—

(a) mír (c) d'fho-alt (1);

(b) mír (c) d'fho-alt (2);

(c) mír (c) d'fho-alt (3);

(d) mír (c) d'fho-alt (4).

(3) Beidh éifeacht ag an alt so ar dháta agus o dháta an Phríomh-Achta do rith.

Alt 148 den Phríomh-Acht do leasú.

73. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 148 den Phríomh-Acht tré sna focail “agus féadfaid scéimeanna chun feabhsuithe muc i gcoitinne no i gceanntair áirithe d'airgeadú no cuid dá gcostas d'íoc” do chur i ndeireadh an fho-ailt sin, agus léireofar an Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 149 den Phríomh-Acht do leasú.

74. —Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 149 den Phríomh-Acht tré sna focail “no in aon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár de mhion-leasuitheoirí agus na muca, na conablaigh agus an bagún go léir san áitreabh san d'iniúchadh agus aon phróiseas a bheidh ar siúl san áitreabh san do bhreathnú agus do scrúdú” do chur in ionad na bhfocal “agus na muca, na conablaigh agus an bagún go léir san áitreabh san d'iniúchadh” agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

Alt 153 den Phríomh-Acht do leasú.

75. —Leasuítear leis seo alt 153 den Phríomh-Acht tré sna focail “le hordú” do scriosadh amach, agus léireofar Cuid IV den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

Feidhm ailt 154 den Phríomh-Acht.

76. —Léireofar an abairt “an Chuid seo den Acht so” i ngach áit ina bhfuil sí in alt 154 den Phríomh-Acht mar abairt a chialluíonn Cuid IV den Phríomh-Acht no an Chuid seo den Acht so.

Dleathacht orduithe an Bhúird Mharguithe Muc.

77. —Má dheineann an Bord ordú fé Chuid IV den Phríomh-Acht no fén gCuid seo den Acht so beidh san ina fhianaise prima facie go ndearnadh an t-ordú san go dleathach ar gach slí.

Fianaise.

78. —(1) Má bheirtear i láthair in aon imeachta dlí bunófar ag an mBord no ina gcoinnibh, scríbhinn do bheireann le tuisgint gur cóip í d'ionstruim do rinne an Bord no Cathaoirleach an Bhúird no d'aon tsliocht as aon ionstruim den tsórt san no d'aon rún do rith an Bord no d'aon mhiontuairiscí no d'aon chuid de mhiontuairiscí leis an mBord, agus go mbeidh deimhnithe ag Cathaoirleach an Bhúird no ag Rúnaí an Bhúird, í bheith ina cóip dhílis, is leor san mar fhianaise ar an ionstruim no ar an sliocht san, no ar na miontuairiscí sin no ar an gcuid sin díobh, agus ní gá aon chruthúnas ar láimhscríobadh ná ar phost oifigiúil an té ag á mbeidh an céanna deimhnithe.

Sa bhfo-alt so foluíonn an focal “ionstruim” aon ordú, rialacháin, deimhniú no scríbhinn eile de shaghas ar bith.

(2) Deimhniú bheireann le tuisgint é bheith fé láimh Rúnaí an Bhúird, á dheimhniú gur cheadúnaí ar feadh tréimhse áirithe duine a hainmnítear sa deimhniú san no á dheimhniú gur mhionleasuitheoir cláruithe ar feadh tréimhse áirithe duine a hainmnítear sa deimhniú san, beidh san ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhnítear amhlaidh agus ní gá sighniú an rúnaí sin do chruthú ná a chruthú gurbh é an rúnaí sin é.

(3) In aon imeachta fé Chuid IV den Phríomh-Acht no fén gCuid seo den Acht so i gcoinnibh duine bheidh an uair sin no bhí roimhe sin ina cheadúnaí no ina mhion-leasuitheoir chláruithe féadfar fianaise prima facie, ar gach ní no éinní bheidh i dtuairisceán a thug an ceadúnaí no an mion-leasuitheoir cláruithe sin no a tugadh thar a cheann don Bhord do réir ailt 112 den Phríomh-Acht, do thabhairt tríd an tuairisceán san do thabhairt i láthair.

(4) In aon imeachta fé alt 112 den Phríomh-Acht i gcoinnibh duine, bheidh an uair sin no bhí roimhe sin ina cheadúnaí no ina mhion-leasuitheoir chláruithe, toisc gur theip air no gur dhiúltuigh tuairisceán do thabhairt uaidh is gá dhó do réir rialachán ar n-a ndéanamh fén alt san do thabhairt uaidh, beidh deimhniú bheireann le tuisgint é bheith sighnithe ag Rúnaí an Bhúird, á dheimhniú gur theip ar an gceadúnaí no ar an mion-leasuitheoir cláruithe sin no gur dhiúltuigh an tuairisceán san do thabhairt uaidh, ina fhianaise prima facie ar na fíora bheidh deimhnithe amhlaidh.