2 1938


Uimhir 2 de 1938,


ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS (LEASÚ), 1938.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933 AGUS 1935, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [20adh Eanar, 1938.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) , agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, léireofar í mar abairt a chialluíonn an tAcht san mar a leasuítear é leis an Acht Leasúcháin;

cialluíonn an abairt “an tAcht Leasúcháin” an t Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935) .

(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.

An dáta thiocfaidh móráireamh daoine i ngníomh.

2. —(1) Chun a chinneadh cadé an móráireamh daoine gurb é an móráireamh is déanaí den tsórt san é do réir bhrí míre (c) d'fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht agus an chéad ailt ina dhiaidh seo den Acht so déanfaidh an tAire, pé uair a beifear tar éis móráireamh daoine do dhéanamh, dáta foillsithe toradh an mhóráirimh sin do dheimhniú le hordú agus tuigfear, chun na críche roimhráite ach ní chun críche ar bith eile, gach móráireamh den tsórt san do dhéanamh ar dháta an fhoillsithe a deimhneofar amhlaidh alos an mhóráirimh sin.

(2) Pé uair a gheobhfar amach, ar mhóráireamh daoine do dhéanamh, nach mó ná seacht míle líon daoine bailecheanntair gur léir ón móráireamh deiridh den tsórt san do rinneadh roimhe sin a líon daoine do bheith níos mó ná seacht míle, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an laigheaduithe sin ar a líon daoine, de bheith ina bhailelíomatáiste chun crícheanna an Phríomh-Achta, an Achta Leasúcháin agus an Achta so go dtí an chéad 1adh lá d'Abrán (ach gan an lá san d'áireamh) tar éis dáta an fhoillsithe bheidh deimhnithe fén alt so alos an mhóráirimh sin agus (mara bhforáltar a mhalairt le hordú fén bhfo-alt so) scuirfe sé an 1adh lá san d'Abrán de bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna san;

(b) féadfaidh an tAire, le hordú, ar n-a dhéanamh roimh an 1adh lá san d'Abrán le haontú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an bhailecheanntair sin, a ordú go leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an laigheaduithe sin ar a líon daoine, de bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite agus, ar an ordú san do dhéanamh amhlaidh, léanfaidh an bailecheanntar san de bheith ina bhailelíomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú fén gcéad mhír ina dhiaidh seo den fho-alt so;

(c) pé uair a bheidh an tAire tar éis ordú do dhéanamh fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so maidir le bailecheanntar, féadfaidh tráth ar bith ina dhiaidh sin, más ceart san dar leis, le hordú ar n-a dhéanamh le haontú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an bhailecheanntair sin, a ordú go scuirfidh an bailecheanntar san, an chéad 1adh lá d'Abrán tar éis dáta an orduithe sin, de bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite agus, ar an ordú san do dhéanamh amhlaidh, scuirfidh an bailecheanntar san an 1adh lá san d'Abrán de bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite.

(3) Pé uair a gheobhfar amach, ar mhóráireamh daoine do dhéanamh, gur mó ná seacht míle líon daoine bailecheanntair gur léir ón móráireamh deiridh den tsórt san do rinneadh roimhe sin gan a líon daoine do bheith níos mó ná seacht míle, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an mhéaduithe sin ar a líon daoine, de bheith gan bheith ina bhailelíomatáiste chun crícheanna an Phríomh-Achta, an Achta Leasúcháin agus an Achta so go dtí an chéad 1adh lá d'Abrán (ach gan an lá san d'áireamh) tar éis dáta an fhoillsithe a bheidh deimhnithe fén alt so alos an mhóráirimh sin agus (mara bhforáltar a mhalairt le hordú fén bhfo-alt so) tiocfa sé an 1adh lá san d'Abrán chun bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna san;

(b) féadfaidh an tAire le hordú, ar n-a dhéanamh roimh an 1adh lá san d'Abrán le haontú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an bhailecheanntair sin, a ordú go leanfaidh an bailecheanntar san, d'ainneoin an mhéaduithe sin ar a líon daoine, de bheith gan bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite agus, ar an ordú san do dhéanamh amhlaidh, leanfaidh an bailecheanntar san de bheith gan bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú fén gcéad mhír ina dhiaidh seo den fho-alt so;

(c) pé uair a bheidh an tAire tar éis ordú do dhéanamh fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so maidir le bailecheanntar, féadfaidh tráth ar bith ina dhiaidh sin, más ceart san dar leis, le hordú ar n-a dhéanamh le haontú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an bhailecheanntair sin, a ordú go dtiocfaidh an bailecheanntar san, an chéad 1adh lá d'Abrán tar éis dáta an orduithe sin, chun bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite agus, ar an ordú san do dhéanamh amhlaidh, tiocfaidh an bailecheanntar san an 1adh lá san d'Abrán chun bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite.

(4) Beidh éifeacht ag an alt so agus tuigfear go raibh éifeacht aige amhail ar an 1adh lá d'Eanar, 1936, agus ón lá san amach, agus dá réir sin beidh feidhm agus éifeacht aige maidir leis an mór-áireamh daoine do rinneadh sa bhliain 1936.

Brí an fhocail “bailelíomatáiste” do leathnú.

3. —(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, féadfaidh an tAire le hordú, ar n-a dhéanamh le haontú an Aire Airgeadais agus an Aire Riaghaltais Áiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle aon bhailecheanntair nach mó ná seacht míle a líon daoine (do réir an mhóráirimh daoine gurb é an móráireamh is déanaí den tsórt san é de thurus na huaire), a ordú go mbeidh an bailecheanntar san ina bhaile-líomatáiste an chéad 1adh lá d'Abrán tar éis dáta an orduithe sin chun crícheanna an Phríomh-Achta, an Achta Leasúcháin agus an Achta so agus, ar an ordú san do dhéanamh amhlaidh, beidh an bailecheanntar san agus leanfaidh de bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite go dtí go bhforálfar a mhalairt le hordú fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo.

(2) Pé uair a bheidh an tAire tar éis ordú do dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo maidir le bailecheanntar, féadfaidh tráth ar bith ina dhiaidh sin, más ceart san dar leis, le hordú ar n-a dhéanamh le haontú an Aire Airgeadais agus an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus tar éis dó dul i gcomhairle le comhairle an bhailecheanntair sin, a ordú go scuirfidh an bailecheanntar san, an chéad 1adh lá d'Abrán tar éis dáta an orduithe sin, de bheith ina bhaile-líomatáiste chun crícheanna an Phríomh-Achta, an Achta Leasúcháin agus an Achta so agus, ar an ordú san do dhéanamh amhlaidh, scuirfidh an bailecheanntar san an 1adh lá san d'Abrán de bheith ina bhaile-líomatáiste chun na gcrícheanna roimhráite.

Rátaí congnaimh dhíomhaointis do mhéadú.

4. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht d'athghairm agus ina ionad san achtuítear leis seo go gcialluíonn an abairt “ráta sceidealta” san alt san 17 an ráta congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bhaineann, toisc cúrsaí an cháis de thurus na huaire, leis an duine gur ina thaobh a húsáidtear an abairt, agus léireofar an t-alt san 17 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Na tagairtí uile atá sa Phríomh-Acht do rátaí congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí do sna rátaí congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Athghairmtear leis seo an Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá ar a dtiocfaidh an t-alt so i ngníomh agus tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá ceapfar amhlaidh.

Iocaíochtaí don Aire amach as an gCiste Díomhaointis do mhéadú.

5. —(1) Sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, aistreofar chun an Aire amach as an gCiste Díomhaointis, i dteanta na suime luaidhtear in alt 25 den Phríomh-Acht, suim go mbeidh idir í agus £50,000 (caoga míle punt) an cothrom céanna bheidh idir an uimhir de laetheanta sa tréimhse thosnóidh an lá ceaptha agus a chríochnóidh an 31adh lá san de Mhárta, 1938, agus an uimhir de laetheanta sa bhliain airgeadais sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so agus sa bhfo-alt san cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar amhlaidh.

(3) Déanfar, i ngach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1938, suim de £300,000 (trí chéad míle punt) d'aistriú chun an Aire amach as an gCiste Díomhaointis.

(4) Scuirfidh alt 25 den Phríomh-Acht d'fheidhm do bheith aige maidir le haon bhliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1938.

(5) Aon airgead a haistreofar chun an Aire fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “an Ciste Díomhaointis” an ciste do bunuíodh agus atá á chothabháil fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933, mar a leasuítear iad le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Alt 26 den Phríomh-Acht do leasú maidir le contae-bhuirgí agus le buirg Dhún Laoghaire.

6. —(1) Deintear leis seo mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 26 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “scillinge agus ocht bpingne” do chur in ionad na bhfocal “scillinge agus reul” san áit ina bhfuil na focail sin sa mhír sin, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an 1adh lá d'Abrán, 1938, agus beidh éifeacht aige maidir leis an mbliain airgeadais a thosnóidh ar an dáta san agus le gach bliain airgeadais ina dhiaidh sin.

Alt 26 den Phríomh-Acht do leasú maidir le Cathair Luimnigh.

7. —(1) An tsuim dob iníoctha fé alt 26 den Phríomh-Acht leis an Aire ag comhairle chontae-bhuirge Luimnigh sa bhliain airgeadais do thosnuigh an 1adh lá d'Abrán, 1935, no dob iníoctha no is iníoctha amhlaidh in aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin (pe'ca thosnuigh sí roimh an Acht so do rith no thosnóidh sí dá éis sin) cruinneofar í agus (má cruinníodh agus sa mhéid gur cruinníodh í roimh an Acht so do rith) tuigfear í do bheith ionchruinnithe riamh tríd an ráta cathardha, ach mar ítim ar leithligh den ráta san.

(2) Maidir leis an suim dob iníoctha fé alt 26 den Phríomh-Acht leis an Aire ag comhairle chontae-bhuirge Luimnigh sa bhliain airgeadais do thosnuigh an 1adh lá d'Abrán, 1936, no dob iníoctha no is iníoctha amhlaidh in aon bhliain airgeadais ina dhiaidh sin (pe'ca thosnuigh sí roimh an Acht so do rith no thosnóidh sí dá éis sin), ciallóidh an abairt “luach ionrátuithe” agus tuigfear gur chialluigh sí riamh san alt san 26 an luacháil atá fé sna hAchtanna Luachála, mar a tuigtear í bheith laigheaduithe le halt 28 d'Acht Bainistí Chathair Luimnigh, 1934 ( Uimh. 35 de 1934 ), ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin atá suidhte i gcontaebhuirg Luimnigh agus atá ionrátuithe chun an ráta chathardha.

(3) Oibreoidh an t-alt so i bhfuirm leasuithe ar alt 26 den Phríomh-Acht agus dá réir sin beidh éifeacht aige d'ainneoin éinní contrárdha dhó-san atá san alt san 26.

Có-chealg chun cionta do dhéanamh fén bPríomh-Acht.

8. —Má chabhruíonn no má neartuíonn duine (dá ngairmtear an fostóir san alt so) le duine (dá ngairmtear an fostaí san alt so) bheidh ar fostú aige chun cionta do dhéanamh, no má chomhairlíonn dó no má bheireann air cionta do dhéanamh, fé alt 29 den Phríomh-Acht (mar a leasuítear san le halt 14 den Acht Leasúcháin) no má dheineann sé có-chealg leis an bhfostaí chun an fhostaí do dhéanamh cionta fén alt san 29, mar a leasuítear san amhlaidh, beidh an fostóir ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

Gearr-theideal agus luadh.

9. —(1) Féadfar an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1938, do ghairm de sna hAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 agus 1935, agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL.

RÁTAÍ CONGNAIMH DHÍOMHAOINTIS.

Aicmí daoine le n-a mbaineann na rátaí congnaimh dhíomhaointis atá leagtha amach sa Sceideal so

Ráta congnaimh dhíomhaointis a bhaineann le daoine atá ina gcomhnaí in aon chontaebhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire

Ráta congnaimh dhíomhaointis a bhaineann le daoine atá ina gcomhnaí in aon bhaile-líomatáiste (nach contaebhuirg ná buirg Dhún Laoghaire)

Ráta congnaimh dhíomhaointis a bhaineann le daoine atá ina gcomhnaí in aon áit eile

sa tseachtain

sa tseachtain

sa tseachtain

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Fear gan aon chleithúnaithe

10

6

8

0

6

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus gan aon chleithiúnaí eile     ..

15

0

11

6

10

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus cleithiúnaí amháin eile     ..

16

6

13

0

11

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus beirt chleithiúnaithe eile     ..

18

6

14

6

12

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus triúr cleithiúnaithe eile     ..

20

0

15

6

13

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus ceathrar cleithiúnaithe eile     ..

22

0

16

6

14

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus cúigear cleithiúnaithe eile no níos mó     ..     ..     ..

23

0

17

6

14

0

Einne is—

(a) fear pósta agus nach cleithiúnaí a bhean chéile;

(b) baintreach fir; no

(c) fear singil

agus ag á bhfuil cleithiúnaí amháin     ..

14

0

10

6

8

6

ag á bhfuil beirt chleithiúnaithe     ..

15

6

11

6

9

6

ag á bhfuil triúr cleithiúnaithe     ..

17

6

12

6

10

6

ag á bhfuil ceathrar cleithiúnaithe no níos mó     ..

19

0

14

0

11

6

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus gan aon chleithúnaí eile     ..

12

6

10

0

7

6

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus cleithiúnaí amháir, eile

14

6

11

0

9

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus eirt chleithiúnaithe eile     ..

16

0

12

0

10

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus triúr cleithiúnaithe eile     ..

18

0

13

0

11

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus ceathrar cleithiúnaithe eile     ..     ..     ..

19

6

14

6

12

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus cúigear cleithiúnaithe eile no níos mó     ..     ..     ..

20

6

15

6

13

0

Duine is éinne acu so leanas:

(a) bean singil;

(b) baintreach mná;

(c) bean phósta ná fuil i gcleithiúnas a fir chéile agus nach cleithiúnaí a fear céile,

agus ag á bhfuil cleithiúnaí amháin

12

6

10

0

7

6

ag á bhfuil beirt chleithiúnaithe     ..

14

6

11

0

9

0

ag á bhfuil triúr cleithiúnaithe     ..

16

0

12

0

10

0

ag á bhfuil ceathrar cleithiúnaithe no níos mó     ..

18

0

13

0

11

0

Duine is baintreach mná no bean singil gan cleithiúnaí

8

6

7

0

5

6