3 1941


Uimhir 3 de 1941.


ACHT ÁRACHAIS DÍOMHAOINTIS, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN FO-AILT (4) D'ALT 8 DEN UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1920, DO LEASÚ. [12adh Márta, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920.

Fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht do leasú maidir le daoine áirithe sna Fórsaí Cosanta.

2. —(1) San alt so tá leis na habairtí “na Fórsaí” agus “an Cúltaca” na bríonna céanna atá leo fé seach sna hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1940.

(2) I gcás duine ar bith—

(a) do cheapadh fé sna hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1940, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, chun céime coimisiúnta sealadaighe sna Fórsaí no chun céime coimisiúnta, buan no sealadach, sa Chúltaca, no

(b) do liostáil fé sna hAchtanna san, roimh an Acht so do rith no dá éis sin, sna Fórsaí no sa Chúltaca,

is duine le n-a mbaineann an t-alt so an duine sin.

(3) I gcás gan síntiús ar bith d'íoc aon bhliain árachais áirithe (ar n-a tosnú roimh an Acht so do rith no dá éis sin) alos duine ar bith le n-a mbaineann an t-alt so agus an duine sin do bheith ag fónamh sna Fórsaí no é bheith glaoidhte amach, mar bhall den Chúltaca, ar buan-tseirbhís ar feadh iomláine na bliana árachais sin no ar feadh coda dhi, ní cuirfear an bhliain árachais sin san áireamh maidir le fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht do bhaint i slí ar bith leis an duine sin.

Fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht do leasú maidir le daoine áirithe ar n-a bhfostú ar longa.

3. —(1) I gcás—

(a) clárathacht aon luinge ar n-a clárú sa Stát d'aistriú chun Stáit eile tar éis an 2adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin é, agus

(b) aon tsíntiús d'íoc alos duine ar bith de bhíthin é bheith ar fostú ar an luing sin an bhliain árachais ina ndearnadh no ina ndéanfar an chlárathacht san d'aistriú,

is duine le n-a mbaineann an t-alt so an duine sin.

(2) I gcás gan síntiús ar bith d'íoc, aon bhliain árachais áirithe (ar n-a tosnú roimh an Acht so do rith no dá éis sin) tar éis na bliana árachais ina ndearnadh no ina ndéanfar an t-aistriú iomchuibhe ar luing, alos duine ar bith le n-a mbaineann an t-alt so, ní cuirfear an bhliain árachais sin san áireamh maidir le fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht do bhaint i slí ar bith leis an duine sin.

Gearr-theideal, léiriú, agus có-luadh.

4. —(1) Féadfar an tAcht Arachais Díomhaointis, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933, agus féadfar na hAchtanna Arachais Díomhaointis, 1920 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.