18 1941


Uimhir 18 de 1941.


ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ACHTANNA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932 GO 1940, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ, CHUN ACHTANNA NA SCLÁBHAITHE, 1883 GO 1937, DO LEASÚ, AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS ÚDARÁS ÁITIÚIL ÁIRITHE ÍOC AIRGID DO GHEOBHAIDH CUMAINN FHOIRGNEOIREACHTA AR IASACHT D'URRÚ. [7adh Lúnasa, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 , do leasú.

1. —(1) Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 ( Uimh. 19 de 1932 ), do leasú sna slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) déanfar an tagairt don 1adh lá d'Abrán, 1935, atá i ngach ceann de sna míreanna (c), (d), (e), (f), (g), agus (h) den fho-alt san (1) do léiriú mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1942;

(b) déanfar gach tagairt fé leith don 1adh lá d'Abrán, 1940, atá i mír (j) den fho-alt san (1) (eadhon, an mhír do cuireadh isteach tré mhír (c) d'alt 2 d'Acht na dTithe (Leasú), 1939 ( Uimh. 3 de 1939 )) do léiriú mar thagairt don 1adh lá d'Abrán, 1942.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 d'Acht na dTithe (Leasú), 1940 ( Uimh. 10 de 1940 ).

(3) Beidh an t-alt so fé mar a bheadh éifeacht aige, agus is tuigthe éifeacht do bheith aige, ar an 1adh lá d'Abrán, 1941, agus ón lá san amach.

Alt 3 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 , do leasú.

2. —Leasuítear leis seo alt 3 d'Acht na Sclábhaithe, 1936 ( Uimh. 24 de 1936 ), tríd an bhfo-alt so leanas do chur isteach ann roimh fho-alt (2) dhe, sé sin le rá:—

“(1A) D'ainneoin forálacha ailt 93 den Irish Land Act, 1903, agus forálacha míre (a) d'fho-alt (1) d'alt 1 den Labourers (Ire- land Act, 1919, má bhíonn duine ag obair ar págh ní bheidh sé gan bheith ina sclábhaidhe talmhaíochta do réir bhrí na bPríomh-Achtanna de dhruim gan é bheith ag obair ar págh i dtuathcheanntar agus dá dhruim sin amháin.”

Údaráis áitiúla áirithe d'urrú suimeanna do gheobhaidh cumainn fhoirgneoireachta ar iasacht.

3. —(1) Is cead d'aon údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so, ach toiliú an Aire do bheith aca chuige sin, íoc aon tsuime do gheobhaidh cumann foirgneoireachta ar iasacht maraon leis an ús ar an suim sin d'urrú, ina n-aonar no i gcomhar le haon duine no daoine eile, fé réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha san (más ann dóibh) a fhorchuirfidh an tAire.

(2) Is cead d'údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so, ach toiliú an Aire do bheith aca chuige sin, airgead d'fháil ar iasacht chun urraíocht ar bith a bheidh tugtha aca fén alt so do chólíonadh fé is dá mba chun crícheanna na nAchtanna um Thithe Beaga Comhnaithe d'Fháil, 1899 go 1931, an iasacht san, agus bainfidh forálacha na nAchtanna san leis an airgead san d'fháil ar iasacht fé mar a bhainid le hairgead d'fháil ar iasacht chun crícheanna na nAchtanna san.

(3) Is tuigthe, chun crícheanna na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 agus 1935, tabhairt urraíochta fén alt so ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath no ag Bárdas Dhún Laoghaire do bheith ina feidhm fhorcoimeádtha de chuid Ard-Mhéara Ró-Onóraigh, Sheanóirí agus Bhuirgéiseach Bhaile Atha Cliath no de chuid Bhárdais Dhún Laoghaíre (do réir mar a bheidh).

(4) Ar dháta an Achta Bhainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), do theacht i bhfeidhm agus as san amach, is tuigthe, chun crícheanna an Achta san, tabhairt urraíochta fén alt so ag comhairle chontae Bhaile Atha Cliath do bheith ina feidhm fhorcoimeádtha de chuid chomhairle contae Bhaile Atha Cliath.

(5) Déanfar na costaisí fé n-a raghaidh comhairle chontae Bhaile Atha Cliath fén alt so do chruinniú tríd an ráta dealbhais go cothrom ar fuaid cheanntair shláinte chontae Bhaile Atha Cliath.

(6) San alt so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe,

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so” aon údarás áitiúil aca so leanas, sé sin le rá. Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath, comhairle chontae Bhaile Atha Cliath, agus Bárdas Dhún Laoghaire, agus

cialluíonn an abairt “cumann foirgneoireachta” cumann le n-a mbaineann Achtanna na gCumann Foirgneoireachta, 1874 go 1936.

Gearr-theideal agus có-luadh.

4. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1941, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1940, agus den Acht so le chéile.

(3) Féadfar Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1941, do ghairm d'Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1937, agus den Acht so le chéile.