22 1941


Uimhir 22 de 1941.


ACHT CEÁRD-CHUMANN, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN CÓLUCHTAÍ DO CHEADÚNÚ A DHEINEANN MARGÁNTAÍOCHT d'FHONN PÁGH NO COINNÍOLLACHA EILE FOSTAÍOCHTA DO CHEAPADH, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN BINSE DO BHUNÚ AG A mBEIDH SÉ DE CHOMHACHT SRIAN DO CHUR LEIS NA CEARTA CHUN CEÁRD-CHUMAINN DO CHÓ-EAGRÚ, AGUS CHUN NITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE. [23adh Meán Fhómhair, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus có-luadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Ceárd-Chumann, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Ceárd-Chumann, 1871 go 1941, do ghairm den Acht so agus na hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, le chéile.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála,

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

Rialacháin

3. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no rud atá orduithe no le hordú, ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh táille ar bith gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis.

Costais.

4. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

CUID II.

Coluchtai do Cheadunu a Dheineann Margantaiocht d'fhonn Pagh no Coinniollacha eile Fostaiochta do Cheapadh.

Mínithe chun crícheanna Coda II.

5. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “ceadúnas margántaíochta” ceadúnas ar n-a thabhairt amach ag an Aire fén gCuid seo den Acht so á údarú dá shealbhóir margántaíocht do dhéanamh chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh.

(2) Sa Chuid seo den Acht so agus sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, cialluíonn an focal “baill”, i gcás cólucht ná fuil cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, baill den chólucht san a chomhnuíonn sa Stát.

Srian le margántaíocht do dhéanamh chun págh, etc., do cheapadh.

6. —(1) Ní dleathach d'aon chólucht daoine, nach cólucht eiscithe, margántaíocht do dhéanamh chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh maran sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta an cólucht san.

(2) Má dheineann aon chólucht daoine gníomh ar bith contrárdha don alt so beidh gach duine fé leith de bhaill choiste bhainistighe no údaráis stiúrtha eile an chóluchta san, agus de sna hoifigigh sin den chólucht san a thoileoidh chun an ghnímh sin no a urasóidh é, ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air agus ina theannta san, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) San alt so cialluíonn an abairt “cólucht eiscithe” aon chólucht aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) cólucht a dheineann margántaíocht chun págh no coinníollacha eile fostaíochta a fhostaithe féin (agus iad san amháin) do cheapadh,

(b) cólucht a bheidh cláruithe fén gcéad fho-alt eile den alt so,

(c) comhlachas fuirinne Stát-sheirbhíse bheidh admhuithe ag an Aire Airgeadais,

(d) có-eagras oidí bheidh admhuithe ag an Aire Oideachais,

(e) an Bord Páigh Thalmhaíochta,

(f) bord céirde bheidh bunuithe fé sna Trade Board Acts, 1909 and 1918, agus

(g) bord a mbeidh ordú fé fho-alt (6) den alt so i bhfeidhm ina thaobh de thurus na huaire.

(4) Coimeádfaidh an tAire clár chun crícheanna an ailt seo agus cuirfidh ann ainm aon chóluchta—

(a) a iarrfaidh ar an Aire é chlárú ann, agus

(b) a chuirfidh táille phúint isteach i dteannta a iarratais, agus

(c) a chuirfidh ina luighe ar an Aire—

(i) gurb é atá ann ná daoine bhíonn ar fos de ghnáth i gcineál áirithe oibre agus gur ag an aon fhostóir amháin a bhíd ar fostú de ghnáth, agus

(ii) go ndeineann sé margántaíocht leis an bhfostóir sin amháin chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh.

(5) Déanfar na táillí uile fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bhailiú agus do thógaint sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais, agus déanfar iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin, agus ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táille den tsórt san.

(6) Féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, ná bainfidh an t-alt so le haon chólucht áirithe daoine.

(7) Féadfaidh an tAire, le hordú (a thiocfaidh i ngníomh lá áirithe nach luaithe ná mí tar éis a dhéanta), aon ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do cheiliúradh.

(8) Ní thiocfaidh d'éinní atá san alt so é bheith nea-dhleathach d'aon duine no dream daoine eadarghabháil do dhéanamh i ndiospóid chéirde no na páirtithe i ndiospóid chéirde do thabhairt le chéile d'fhonn réiteach cáirdiúil do dhéanamh.

(9) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh ar an dáta san, nach luaithe ná sé mhí tar éis dáta an Achta so do rith, a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

Srian le ceadúnas margántaíochta do dheonadh agus do shealbhú.

7. —(1) Ní deonfar ceadúnas margántaíochta do chólucht daoine ná ní shealbhóidh cólucht daoine ceadúnas margántaíochta maran cólucht é (dá ngairmtear ceárd-chumann údaruithe san Acht so) a bheidh do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

(a) é bheith cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, no, maran cláruithe amhlaidh dó, é bheith ina cheárd-chumann fé dhlí tíre eile agus urlámhas ceanncheathrún aige sa tír sin, agus

(b) an tsuim oiriúnach do bheith lóisteálta aige agus, fé réir forálacha an Achta so, í bheith á coimeád ar lóisteáil aige san Ard-Chúirt.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an tsuim oiriúnach” an tsuim is oiriúnach do líon ball an chóluchta iomchuibhe do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

An Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'atharú.

8. —(1) I gcás—

(a) an tAcht Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , do bheith i bhfeidhm, agus

(b) an tAire do bheith deimhnitheach, i dtaobh aon cheárdchumainn áirithe bheidh cláruithe fén sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, go mbeadh sé ró-dhian, mar gheall ar choinníollacha nea-ghnáthacha is ionchurtha i leith an chogaidh ina bhfuil Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann páirteach anois, dá gcuirtí d'fhiachaibh ar an gceárd-chumann san an éarlais iomlán a luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo do lóisteáil agus do choimeád ar lóisteáil san Ard-Chúirt,

féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, gur tuigthe, maidir leis an gceárd-chumann san, gach suim airgid a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith laigheaduithe an méid sin, nach mó na cúig seachtód per cent, is dóich leis an Aire is ceart.

(2) Aon ordú déanfar fé fho-alt (1) den alt so beidh éifeacht aige do réir a théarmaí ar feadh na tréimhse luadhfar ann chuige sin, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san tar éis dhá mhí dhéag do bheith caithte tar éis an Achta Comhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , do scur de bheith i bhfeidhm.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú ar n-a dhéanamh tar éis fógra sé mhí do thabhairt don cheárd-chumann iomchuibhe, aon ordú do cheiliúradh do rinne sé roimhe sin fé fho-alt (1) den alt so.

Ceadúnas margántaíochta d'iarraidh.

9. —(1) Féadfaidh ceárd-chumann údaruithe ar bith ceadúnas margántaíochta d'iarraidh ar an Aire.

(2) Is sa bhfuirm orduithe déanfar gach iarratas ar cheadúnas mhargántaíochta agus beidh na mion-innste orduithe ann agus beidh na scríbhinní orduithe agus táille phúint ag gabháil leis.

(3) Déanfar na táillí uile fén alt so do bhailiú agus do thógaint sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais agus iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táille fén alt so.

Ceadúnas margántaíochta do dheonadh.

10. —Má hiarrtar ceadúnas margántaíochta go cuibhe agus go gcuirfear ina luighe ar an Aire gur ceárd-chumann údaruithe an t-iarratasóir deonfaidh an tAire an ceadúnas san.

Srian le feidhm achtachán áirithe.

11. —(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 2, 3 agus 4 den Trades Disputes Act, 1906, ach amháin maidir le ceárd-chumainn údaruithe is sealbhóirí ceadúnas margántaíochta de thurus na huaire agus le baill agus oifigigh cheárd-chumann den tsórt san, agus leo san amháin.

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an lá céanna thiocfaidh alt 6 den Acht so i ngníomh.

Na hoblagáidí bheidh ar shealbhóir cheadúnais mhargántaíochta más ceárdchumann cláruithe é.

12. —(1) Pé uair agus faid is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta aon cheárd-chumann údaruithe áirithe bheidh cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh ina rialacha ag an gceárd-chumann san forálacha ag luadh na gcoinníollacha bhainfidh le daoine do dhul isteach mar bhaill sa cheárd-chumann san agus do scur de bheith ina mbaill de,

(b) coimeádfaidh an ceárd-chumann san ina oifig clár dá bhaill (ar a n-áirmhítear eis-bhaill seachas iad súd a bheidh tar éis bháis agus iad súd a bheidh scurtha de bheith ina mbaill le breis is cúig bliana no o am éigin roimh dheonadh an cheadúnais mhargántaíochta san) agus beidh sa chlár san, maidir le gach ball,—

(i) a ainm agus a sheoladh,

(ii) dáta tosnuithe a bhallraíochta,

(iii) má bhíonn scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an scuir agus cé aca eirghe as, cur ar fionnraighe, ionnarbadh, no ní eile ba chúis leis, agus

(iv) más tré chur-ar-fionnraighe no tré ionnarbadh bheidh scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an orduithe d'orduigh, agus tagairt don riail no don fhoráil eile d'údaruigh, an cur-ar-fionnraighe no an t-ionnarbadh san,

(c) déanfaidh an ceárd-chumann san, do réir rialachán ordóidh an tAire, an clár san de bhaill do choimeád ar oscailt ina oifig chun a iniúchta ag aon duine iomchuibhe íocfaidh an táille chinnfidh an ceárd-chumann san agus nach mó ná cúig scillinge in aghaidh gach lae (no cuid de lá) a leanfaidh an t-iniúchadh san,

(d) is tuigthe chun crícheanna an Achta so duine scuirfidh, ar aon tslí seachas tré n-a bhás, de bheith ina bhall den cheárd-chumann san do leanúint ina bhall de go ceann mí tar éis an scuir sin.

(2) Má dheineann aon cheárd-chumann údaruithe le n-a mbainfidh an t-alt so aon cheanglas den alt so d'fhágaint gan cólíonadh, beidh an ceárd-chumann san agus gach duine de sna hoifigigh sin de do thoiligh leis an nea-chólíonadh san no d'urasuigh é ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ar an gceárdchumann san agus ar gach duine fé leith dhíobh san adubhradh agus fairis sin, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta san.

(3) Féadfaidh duine ar bith údarás i scríbhinn d'iarraidh ar an Aire chun aon chlár de bhaill cheárd-chumainn a bheidh á choimeád fén alt so d'iniúchadh agus, más deimhin leis an Aire leas bona fide do bheith ag an iarratasóir sa chlár san d'iniúchadh, bhéarfaidh amach don iarratasóir údarás den tsórt san adubhradh le haghaidh na tréimhse is dóich leis an Aire is ceart.

(4) San alt so—

cialluíonn an focal “oifig”, maidir le ceárd-chumann, an oifig is oifig chláruithe de thurus na huaire don cheárd-chumann san chun crícheanna na nAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935,

cialluíonn an abairt “duine iomchuibhe” maidir le clár de bhaill cheárd-chumainn—

(a) duine ar bith go leas aige i gcistí an cheárd-chumainn sin, no

(b) oifigeach ar bith don Aire go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun an clár san d'iniúchadh, no

(c) ar feadh na tréimhse a dtabharfar amach údarás le n-a haghaidh fé fho-alt (3) den alt so maidir leis an gclár san, an duine luadhfar san údarás san.

Na hoblagáidí bheidh ar shealbhóir cheadúnais mhargántaíochta maran ceárdchumann cláruithe é.

13. —(1) Pé uair agus faid is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta aon cheárd-chumann údaruithe áirithe ná beidh cláruithe fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh ina rialacha no ina bhunreacht ag an gceárdchumann san forálacha ag luadh na gcoinníollacha bhainfidh le daoine chomhnuíonn sa Stát do dhul isteach mar bhaill sa cheárd-chumann san agus do scur de bheith ina mbaill de,

(b) beidh ag an gceárd-chumann san, agus cothabhálfaid, oifig sa Stát chun crícheanna an Achta so agus bhéarfaid fógra i scríbhinn don Aire i dtaobh suidheamh agus gach atharú ar shuidheamh na hoifige sin,

(c) coimeádfaidh an ceárd-chumann san san oifig sin clár dá bhaill (ar a n-áirmhítear eis-bhaill seachas iad súd a bheidh tar éis bháis agus iad súd a bheidh scurtha de bheith ina mbaill le breis is cúig bliana no o am éigin roimh dheonadh an cheadúnais mhargántaíochta san) agus beidh sa chlár san, maidir le gach ball den tsórt san—

(i) a ainm agus a sheoladh,

(ii) dáta tosnuithe a bhallraíochta,

(iii) má bhíonn scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an scuir agus cé aca eirghe as, cur ar fionnraighe, ionnarbadh, no ní eile ba chúis leis, agus

(iv) más tré chur-ar-fionnraighe no tré ionnarbadh bheidh scurtha aige de bheith ina bhall, dáta an orduithe d'orduigh, agus tagairt don riail no don fhoráil eile d'údaruigh, an cur-ar-fionnraighe no an t-ionnarbadh san,

(d) déanfaidh an ceárd-chumann san, do réir rialachán ordóidh an tAire, an clár san de bhaill do choimeád ar oscailt san oifig sin chun a iniúchta ag aon duine iomchuibhe íocfaidh an táille chinnfidh an ceárd-chumann san agus nach mó ná cúig scillinge in aghaidh gach lae (no cuid de lá) a leanfaidh an t-iniúchadh san,

(e) bhéarfaidh an ceárd-chumann san don Aire o am go ham fé mar is gá fógra i scríbhinn i dtaobh ainm duine, a chomhnuíonn de ghnáth sa Stát, is dóich leo is oiriúnach chun scríbhinní bheidh le seirbheáil ar an gceárd-chumann san do ghlacadh thar a cheann agus féadfar scríbhinn ar bith (chun crícheanna an Achta so no chun aon chrícheanna eile) do sheirbheáil ar an gceárd-chumann san tré n-a cur i gclúdach a bheidh dírithe chun an duine sin san oifig sin agus tríd an gclúdach san do sheachadadh ag an oifig sin no tré n-a chur chúichi tríd an bpost cláruithe agus air sin is tuigthe chun gach críche an scríbhinn sin do bheith seirbheálta sa cheart ar an gceárd-chumann san,

(f) bhéarfaidh an ceárd-chumann san fógra i scríbhinn don Aire i dtaobh gach atharú aca so leanas fé cheann lá is fiche ar a dhéanaighe tar éis a dhéanta, sé sin le rá:—

(i) gach atharú ar a rialacha no ar a bhunreacht,

(ii) gach atharú ar a choiste bainistighe no ar a údarás urlámhais eile,

(iii) gach atharú ar a iontaobhaithe, agus

(iv) gach atharú rúnaidhe no príomh-oifigigh eile, agus

(g) is tuigthe chun crícheanna an Achta so duine scuirfidh, ar aon tslí seachas tré n-a bhás, de bheith ina bhall den cheárd-chumann san do leanúint de bheith ina bhall de go ceann mí tar éis an scuir sin.

(2) Má thárlann, maidir le haon cheárd-chumann údaruithe le n-a mbainfidh an talt so, go bhfágfar aon cheanglas den alt so gan cólíonadh, beidh gach duine de sna baill agus de sna hoifigigh sin de do thoiligh leis an nea-chólíonadh san no d'urasuigh é ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ar gach duine fé leith aca agus fairis sin, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(3) Féadfaidh duine ar bith údarás i scríbhinn d'iarraidh ar an Aire chun aon chlár de bhaill cheárd-chumainn a bheidh á choimeád fén alt so d'iniúchadh agus. más deimhin leis an Aire leas bona fide do bheith ag an iarratasóir sa chlár san d'iniúchadh, bhéarfaidh amach don iarratasóir údarás den tsórt san adubhradh le haghaidh na tréimhse is dóich leis an Aire is ceart.

(4) San alt so cialluíonn an abairt “duine iomchuibhe” maidir le clár de bhaill cheárd-chumainn—

(a) duine ar bith go leas aige i gcistí an cheárd-chumainn sin, no

(b) oifigeach ar bith don Aire go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun an clár san d'iniúchadh, no

(c) ar feadh na tréimhse a dtabharfar amach údarás le n-a haghaidh fé fho-alt (3) den alt so maidir leis an gclár san, an duine luadhfar san údarás san.

Forálacha generálta i dtaobh éarlaisí fén gCuid seo den Acht so.

14. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas i dtaobh éarlaisí lóisteálfar san Ard-Chúirt de bhun na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) lóisteálfar gach éarlais den tsórt san le príbhité Chuntasóir na gCuirteanna Breithiúnais agus, ar bheith lósteálta dhi, beidh sí fé urláimh na hArd-Chúirte;

(b) in ionad í lóisteáil in airgead amháin féadfar aon éarlais den tsórt san do lóisteáil i bpáirt no go hiomlán tré urrúis de lóisteáil a bheidh údaruithe le Rialacha Cúirte i dtaobh airgead fé urláimh na hArd-Chúirte do shuncáil;

(c) más in airgead i bpáirt no go hiomlán a lóisteálfar aon éarlais den tsórt san, déanfar, ar n-a iarraidh sin don lóisteálaidhe, an t-airgead san do shuncáil sna hurrúis sin ar n-a n-údarú mar adubhradh a luadhfaidh an lóisteálaidhe;

(d) íocfar leis an lóisteálaidhe an t-ioncum a thiocfaidh as na hurrúis ina mbeidh an éarlais sin suncálta de thurus na huaire;

(e) déanfar, ar iarratas agus ar chostas an lóisteálaidhe, gach ceann no aon cheann no cinn de sna hurrúis sin do mhalairtiú ar urrúis ar bith eile bheidh údaruithe mar adubhradh agus a luadhfaidh an lóisteálaidhe;

(f) féadfaidh an lóisteálaidhe a iarraidh aon uair go dtabharfaí thar n-ais dó, i bpáirt no go hiomlán, an éarlais sin no a mbeidh gan íoc amach di de bhun orduithe ón Ard-Chúirt fén gCuid seo den Acht so;

(g) i gcás iarratas den tsórt san do dhéanamh go cuibhe, déanfar an éarlais no a mbeidh gan íoc amach di mar adubhradh do thabhairt thar n-ais, i bpáirt no go hiomlán, do réir an iarratais sin ar bheith caithte, no chó luath is bheidh caothúil tar éis bheith caithte, do thrí mhí o dháta déanta an iarratais sin agus, díreach tar éis an chéanna do thabhairt thar n-ais, cuirfear in úil don Aire é;

(h) beidh na nithe seo leanas fé rialú Rialacha Cúirte agus ní gá ordú ón Ard-Chúirt i dtaobh aon ní no nithe aca, sé sin le rá, ioncum d'íoc as na húrrúis ina mbeidh an éarlais suncálta, na hurrúis sin do mhalairtiú, agus an éarlais do thabhairt thar n-ais.

Earlais d'atharú de dhruim uimhir bhall d'atharú.

15. —(1) Gach lá cinn trí mblian tar éis ceárd-chumann údaruithe do lóisteáil éarlaise fén gCuid seo den Acht so no fé cheann mí tar éis gach lae den tsórt san, cuirfidh an ceárdchumann san chun an Aire ráiteas ar uimhir a bhall mar a bheidh san an lá cinn sin agus, más gá an éarlais sin do mhéadú no do laigheadú aon mhéid áirithe chun í dhéanamh có-ionann leis an suim oiriúnach, déanfaidh an ceárd-chumann san, lá nach déanaighe ná ceithre mhí tar éis an lae chinn sin, an éarlais sin do mhéadú an méid sin no a iarraidh go dtabharfaí an méid sin thar n-ais dó as an éarlais sin (do réir mar is gá sa chás).

(2) Má thárlann, maidir le haon cheárd-chumann dar gá ráiteas do chur isteach fén alt so, ná cuirfear ráiteas isteach no go gcuirfear isteach ráiteas ina mbeidh bréag thoiliúil, beidh gach duine de sna baill agus de sna hoifigigh sin den cheárd-chumann san do thoiligh le gan ráiteas do chur isteach no leis an ráiteas bréagach do chur isteach no d'urasuigh an céanna agus, i gcás ceárd-chumainn ar n-a chlárú fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, an ceárd-chumann féin, ciontach, gach taobh aca, i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

(3) Ní dhéanfaidh ceárd-chumann, ach amháin de bhun an ailt seo, méid éarlaise bheidh á cothabhál fén gCuid seo den Acht so d'atharú mar gheall ar atharú ar uimhir a bhall.

(4) San alt so, nuair a húsáidtear an abairt “an tsuim oiriúnach” maidir le ceárd-chumann údaruithe chuireann ráiteas ar uimhir a bhall chun an Aire, cialluíonn sí an tsuim is oiriúnach don uimhir sin de bhaill do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

Fiacha breithiúnais d'íoc as éarlaisí.

16. —(1) Pé uair a bheárfaidh Cúirt ordú no aithne no breithiúnas chun ceárd-chumann, is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta, d'íoc airgid le haon duine, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar n-a iarraidh sin ar shlí achmair don duine sin, a ordú an t-airgead san (i dteannta no d'éamais costaisí an iarratais sin) d'íoc leis an duine sin as an éarlais a bheidh á cothabháil ag an gceárdchumann san fén gCuid seo den Acht so.

(2) Pé uair a déanfar, de bhun orduithe dhéanfaidh an Ard-Chúirt fén alt so, aon airgead d'íoc as éarlais a bheidh á cothabháil fén gCuid seo den Acht so, deánfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais amach láithreach cad is luach don iarmhéid a bheidh fanta den éarlais sin (ag áireamh urrús do réir a margadh-luacha reatha) agus, más lugha an t-iarmhéid sin ná lán-mhéid ceart na héarlaise sin, bhéarfaidh don cheárd-chumann a bheidh i gceist fógra i scríbhinn i dtaobh an easnaimh sin agus i dtaobh a mhéide.

(3) Más rud é, nuair a bhéarfar fógra i dtaobh easnaimh ar éarlais de bhun an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, go ndéanfaidh an ceárd-chumann a bheidh i gceist suim is có-ionann le méid an easnaimh a luadhfar sa bhfógra san do lóisteáil san Ard-Chúirt trí mhí ar a dhéanaighe tar éis an fhógra san d'fháil dó, déanfar an tsuim a lóisteálfar amhlaidh do chur leis an éarlais sin agus d'áireamh mar chuid di agus is tuigthe an ceárdchumann san do chothabháil na héarlaise sin ina lán-mhéid cheart.

Ceadúnas margántaíochta do cheiliúradh.

17. —Féadfaidh an tAire aon cheadúnas margántaíochta do cheiliúradh le hordú más deimhin leis a shealbhóir do bheith scurtha de bheith ina cheárd-chumann údaruithe.

CUID III.

Bunu agus Feidhmeanna Bhinse na gCeard-Chumann.

Tosach feidhme Coda III.

18. —Tiocfaidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh ar an dáta san, nach luaithe ná sé mhí tar éis an dáta ar a dtiocfaidh alt 6 den Acht so i ngníomh, a cheapfaidh an tAire chuige sin le hordú.

Míniú chun crícheanna Coda III.

19. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “ceárdchumann” ceárd-chuman is sealbhóir ceadúnais mhargántaíochta ar n-a dheonadh fé Chuid II den Acht so.

Binse na gCeárd-Chumann do bhunú.

20. —Féadfaidh an tAire binse do bhunú, ar a dtabharfar Binse na gCeárd-Chumann (dá ngairmtear an Binse sa Chuid seo den Acht so) agus a bheidh có-dhéanta de chathaoirleach agus ceathrar gnáth-bhall, chun na bhfeidhmeanna ceaptar dó leis an gCuid seo den Acht so do chólíonadh.

Cathaoirleach an Bhinse.

21. —(1) Isé bheidh ina chathaoirleach ar an mBinse ná abhcóide bhíonn ag cleachtadh a ghairme agus seasamh deich mblian ar a laighead aige no atúrnae bhíonn ag cleachtadh a ghairme agus an seasamh céanna san aige no duine go dtaithighe ar oibriú ceárd-chumann no ar shocrú diospóidí céirde, agus déanfaidh an tAire é cheapadh le haghaidh na tréimhse sin, nach sia ná cúig bliana, is oiriúnach leis.

(2) Féadfaidh an tAire Cathaoirleach an Bhinse do chur as oifig aon uair agus féadfaidh an cathaoirleach féin eirghe as a oifig aon uair.

(3) Íocfar le cathaoirleach an Bhinse pé táillí no luach saothair eile chinnfidh an tAire Airgeadais.

(4) Má bhíonn cathaoirleach an Bhinse, ar aon chúis, neamhinniúil go sealadach ar shuidheanna an Bhinse do fhreastal, féadfaidh an tAire duine eile, gusna eáilíochta luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, do cheapadh chun gníomhú go sealadach mar chathaoirleach ar an mBinse faid a mhairfidh an neamhinniúlacht san.

Painéil de dhaoine is incheaptha ina ngnáth-bhaill den Bhinse.

22. —(1) Coimeádfaidh an tAire dhá phainéal de dhaoine is incheaptha ina ngnáth-bhaill den Bhinse, eadhon, painéal (dá ngairmtear painéal na máistrí sa Chuid seo den Acht so) de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag ceárd-chumainn mháistrí agus ag cóluchtaí is dóich leis an Aire do bheith ionaduitheach do sna ceárd-chumainn sin no don tionnscal, agus painéal eile (dá ngairmtear painéal na bhfear oibre sa Chuid seo den Acht so) de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag ceárd-chumainn fear oibre agus ag cóluchtaí is dóich leis an Aire do bheith ionaduitheach do sna ceárd-chumainn sin.

(2) Beidh de cheart ag gach cólucht fé leith a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so duine amháin d'ainmniú chun painéal na máistrí no chun painéal na bhfear oibre (fé mar is oiriúnach).

Gnáth-bhaill an Bhinse do cheapadh.

23. —(1) Ceapfar beirt de ghnáth-bhaill an Bhinse o phainéal na máistrí agus an bheirt eile o phainéal na bhfear oibre.

(2) Déanfaidh an tAire gach gnáth-bhall den Bhinse do cheapadh le haghaidh na tréimhse sin, nach sia ná cúig bliana, is dóich leis is ceart.

(3) Féadfaidh an tAire aon ghnáth-bhall den Bhinse do chur as oifig aon uair agus féadfaidh aon ghnáth-bhall den Bhinse eirghe as oifig aon uair.

(4) Íocfar le gach gnáth-bhall den Bhinse pé táillí no luach saothair eile chinnfidh an tAire Airgeadais.

(5) Má bhíonn aon ghnáth-bhall den Bhinse ar chúis ar bith neamh-inniúil go sealadach ar shuidheanna an Bhinse do fhreastal, féadfaidh an tAire duine eile ón bpainéal céanna o n-ar ceapadh an ball san do cheapadh chun gníomhú go sealadach ina bhall den Bhinse faid a mhairfidh an neamh-inniúlacht san.

Có-dhéanamh an Bhinse le linn suidheanna.

24. —(1) Suidhfidh triúr ball den Bhinse ag gach suidhe den Bhinse agus isiad triúr ball iad san ná—

(a) más ceárd-chumann máistrí do rinne an t-iarratas iomchuibhe chun an Bhinse—an cathaoirleach agus na baill a bheidh ceaptha o phainéal na máistrí, agus

(b) más ceárd-chumann fear oibre do rinne an t-iarratas san— an cathaoirleach agus na baill a bheidh ceaptha o phainéal na bhfear oibre.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, más dóich leis an Aire leas do bheith ag aon ghnáth-bhall den Bhinse go díreach in aon cheann de sna ceárd-chumainn agá mbeidh baint le hiarratas chun an Bhinse, ní shuidhfidh an ball san ag an suidhe den Bhinse agá n-éistfear an t-iarratas san agus suidhfidh duine eile, a cheapfaidh an tAire ón bpainéal céanna o n-ar ceapadh an ball san, ag an suidhe sin in ionad an bhaill sin.

(3) Ag gach suidhe den Bhinse féadfaidh an Binse gníomhú tré mhóráireamh ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so.

Feidhmeanna an Bhinse maidir le ceárd-chumainn mháistrí.

25. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, má dheineann ceárdchumann, adeir furmhór na máistrí d'aon aicme áirithe do bheith có-eagruithe aige chun margántaíocht do dhéanamh d'fhonn págh agus coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh, a iarraidh ar an mBinse a chinneadh gur ag an gceárd-chumann san amháin a bheidh sé de cheart máistrí den aicme sin do chó-eagrú amhlaidh, ansan, tar éis don Bhinse an t-iarratas sin d'éisteacht agus cúrsaí uile an cháis do bhreithniú, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht,—

(a) a chinneadh amhlaidh, no

(b) diúltú do chinneadh amhlaidh, no

(c) a chinneadh gur ag dhá cheárd-chumann áirithe no níos mó, agus aca san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí den aicme sin do chó-eagrú.

(2) Ní chinnfidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann a bheidh cláruithe fé dhlí tíre eile agus a mbeidh a urlámhas ceanncheathrún sa tír sin no ag dhá cheárd-chumann no níos mó den tsórt san, agus aige-sean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí d'aon aicme áirithe do chó-eagrú.

(3) Nuair a bheidh iarratas á bhreithniú fén alt so, éistfidh an Binse gach duine ar mian leis go n-éistfí é agus a bhfeicfear leas do bheith aige san iarratas san, agus glacfaidh aon fhianaise thairgfidh an duine sin.

(4) Chun crícheanna an ailt seo féadfar máistrí d'aicmiú do réir aicme le n-a mbainid, do réir líomatáiste ina ndeinid trádáil, no do réir aicme den tsórt san agus líomatáiste den tsórt san, agus léireofar an focal “aicme” san alt so dá réir sin.

Feidhmeanna an Bhinse maidir le ceárd-chumainn fear oibre.

26. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, má dheineann ceárdchumann, adeir furmhór na bhfear oibre d'aon aicme áirithe do bheith có-eagruithe aige chun margántaíocht do dhéanamh d'fhonn págh agus coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh, a iarraidh ar an mBinse a chinneadh gur ag an gceárd-chumnn san amháin a bheidh sé de cheart fir oibre den aicme sin do chó-eagrú amhlaidh, ansan, tar éis don Bhinse an t-iarratas san d'éisteacht agus cúrsaí uile an cháis do bhreithniú, déanfaidh, fé mar is dóich leis is ceart ar mhaithe leis an bpuiblíocht,—

(a) a chinneadh amhlaidh, no

(b) diúltú do chinneadh amhlaidh, no

(c) a chinneadh gur ag dhá cheárd-chumann áirithe no níos mó, agus aca san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre den aicme sin do chó-eagrú.

(2) Ní chinnfidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann a bheidh cláruithe fé dhlí tíre eile agus a mbeidh a urlámhas ceanncheathrún sa tír sin no ag dhá cheárd-chumann no níos mó den tsórt san, agus aige-sean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú.

(3) Sara gcinnidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann áirithe agus aige-sean amháin a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, féadfaidh an Binse a cheangal ar an gceárd-chumann san a chruthú don Bhinse ná raghaidh an cinneadh sin chun dochair d'aon chirt no teidil chun sochar a bheidh de thurus na huaire ag aon fhir oibre den tsórt san mar bhaill de cheárd-chumann.

(4) Sara gcinnidh an Binse fén alt so gur ag ceárd-chumann áirithe no ag ceárd-chumainn áirithe, agus aige-sean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, féadfaidh an Binse, más dóich leis gur ceart é, a cheangal ar an gceárd-chumann no ar na ceárd-chumainn sin a chruthú don Bhinse go soláthróidh an ceárd-chumann no na ceárdchumainn sin fostaíocht oiriúnach no cúiteamh réasúnta le haghaidh aon oifigeach de cheárd-chumann a chaillfidh a bhfostaíocht de dheascaibh an chinnte sin.

(5) Nuair a bheidh iarratas á bhreithniú fén alt so, éistfidh an Binse gach duine ar mian leis go n-éistfí é agus a bhfeicfear leas do bheith aige san iarratas san, agus glacfaidh aon fhianaise thairgfidh an duine sin.

(6) Ní dhéanfaidh aon chomhlachas fuirinne stát-sheirbhíse aon iarratas chun an Bhinse fén alt so.

(7) Chun crícheanna an ailt seo féadfar fir oibre d'aicmiú do réir aicme le n-a mbainid, do réir líomatáiste ina n-oibríd, no do réir aicme den tsórt san agus líomatáiste den tsórt san, agus léireofar an focal “aicme” san alt so dá réir sin.

Ballóidí.

27. —(1) Sara ndeinidh cinneadh fén alt deiridh sin roimhe seo féadfaidh an Binse, d'fhonn teacht ar an tuairim, i dtaobh an chinnte sin, a bheidh ag na fir oibre le n-a mbainfidh an cinneadh sin dar leis an mBinse, socrú do dhéanamh chun pé ballóid no ballóidí is dóich leis an mBinse is ceart do chur ar siúl imeasc na bhfear oibre sin no aon aicme no aicmí de sna fir oibre sin.

(2) Más ballóid imeasc ball de cheárd-chumann áirithe ballóid fén alt so, féadfaidh an Binse a cheangal ar an gceárd-chumann san an bhallóid sin do dhéanamh do réir ordachán an Bhinse agus toradh na ballóide sin do thuairisciú don Bhinse.

(3) Má fhágann aon cheárd-chumann aon cheanglas ón mBinse fén alt so gan cólíonadh beidh an ceárd-chumann san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air.

Srian le hiarratais chun an Bhinse.

28. —(1) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárd-chumann no níos mó, agus aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní dhéanfaidh aon cheann no cinn de sna ceárd-chumainn sin iarratas chun an Bhinse ina dhiaidh sin maidir le máistrí no fir oibre den aicme sin go ceann cúig mblian ar a laighead tar éis dáta an chinnte sin.

(2) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag ceárd-chumann áirithe no ag dhá cheárd-chumann áirithe no níos mó, agus aigesean no aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní dhéanfaidh aon cheárdchumann eile iarratas chun an Bhinse ina dhiaidh sin maidir le máistrí no fir oibre den aicme sin go ceann cúig mblian ar a laighead tar éis dáta an chinnte sin no, i gcás an cinneadh sin do cheiliúradh i rith na gcúig mblian san, go dtí tar éis an cheiliúrtha san.

Fógra á iarraidh go n-athscrúdófaí cinneadh ón mBinse

29. —Aon cheárd-chumann ar a ngoillfidh cinneadh ón mBinse féadfaidh, fé cheann mí tar éis dáta an chinnte sin, fógra i scríbhinn do thabhairt don Aire á rá go dteastuíonn ón gceárdchumann san go n-athscrúdófaí an cinneadh sin, ach ní dhéanfaidh tabhairt an fhógra san deifir d'oibriú an chinnte sin.

Bord Athchomhairc do bhunú.

30. —(1) Pé uair a gheobhaidh an tAire fógra fén alt deiridh sin roimhe seo maidir le haon chinneadh ón mBinse, bunóidh an tAire Bord (dá ngairmtear Bord Athchomhairc sa Chuid seo den Acht so) chun an chinnte sin d'athscrúdú agus cuirfidh an cinneadh sin fé bhráid an Bhuird sin chun é d'athscrúdú.

(2) Isiad a bheidh ar gach Bord Athchomhairc ná—

(a) cathaoirleach is Breitheamh den Ard-Chúirt no den Chúirt Chuarda ar n-a ainmniú ag Uachtarán na hArd-Chúirte, agus

(b) dhá ghnáth-bhall ar n-a n-ainmniú ag an Aire—

(i) i gcás an cinneadh iomchuibhe do bhaint le ceárd-chumann máistrí no ceárd-chumainn mháistrí, o phainéal na máistrí, agus

(ii) i gcás é bhaint le ceárd-chumann fear oibre no ceárd-chumainn fear oibre, o phainéal na bhfear oibre.

(3) Duine a hainmneofar fé mhír (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so—

(a) ní bheidh sé ina dhuine ba bhall den Bhinse nuair a rinneadh an cinneadh a bheidh le hathscrúdú, agus

(b) beidh sé ina dhuine gan leas aige go díreach, dar leis an Aire, in aon cheann de sna ceárd-chumainn le n-a mbainfidh an cinneadh sin.

(4) Íocfar le gach gnáth-bhall de Bhord Athchomhairc pé táillí no luach saothair eile chinnfidh an tAire Airgeadais.

Feidhmeanna Bhuird Athchomhairc.

31. —I gcás cinneadh ón mBinse do chur fé bhráid Buird Athchomhairc chun é d'athscrúdú, éistfidh an Bord Athchomhairc gach duine ar mian leis go n-éistfí é agus a bhfeicfear leas do bheith aige sa chinneadh sin agus glacfaidh aon fhianaise thairgfidh an duine sin, agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn an Bord Athchomhairc ar aon intinn, tar éis cúrsaí uile an cháis do bhreithniú,—

(i) ná téigheann an cinneadh sin chun leasa don phuiblíocht, no

(ii) más le ceárd-chumann no ceárd-chumainn fear oibre bhaineann an cinneadh sin, ná dearna an Binse leor-chosnamh, le linn an cinneadh sin do dhéanamh, ar na cirt agus na teidil chun sochar atá ag aon fhir oibre a dtéigheann an cinneadh sin chun dochair dóibh no ar staid oifigeach ceárdchumann a dtéigheann an cinneadh sin chun dochair dóibh, no

(iii) ná dearna an Binse an cinneadh sin i bhfuirm sáthach cruinn,

déanfaidh an Bord, ar fhorais a luadhfaidh, an cinneadh sin do chur thar n-ais chun an Bhinse chun é d'athbhreithniú,

(b) in aon chás eile diúltóidh an Bord Athchomhairc do bhaint leis an gcinneadh sin.

Feidhmeanna an Bhinse i gcás cinneadh do chur thar n-ais chúcha.

32. —(1) I gcás cinneadh do chur thar n-ais chun an Bhinse fén alt deiridh sin roimhe seo chun é d'athbhreithniú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn an Binse ar aon intinn nach gá aon atharú do dhéanamh ar an gcinneadh sin, diúltóidh an Binse do bhaint leis an gcinneadh sin,

(b) in aon chás eile, ceiliúrfaidh cathaoirleach an Bhinse an cinneadh sin gan aon chinneadh nua do dhéanamh no déanfaidh cinneadh nua ina mbeidh tuairimí an Bhúird Athchomhaire (pé taobh aca san is oiriúnach ag féachaint do thuairimí an Bhuird Athchomhairc).

(2) Má dheineann an cathaoirleach cinneadh fé mhír (b) den fho-alt san roimhe seo, is tuigthe gur cinneadh ón mBinse an cinneadh sin agus ní bheidh aon dul thairis ná ní féadfar é d'athscrúdú.

Cinneadh ón mBinse do cheiliúradh.

33. —(1) Má deintear cinneadh fén gCuid seo den Acht so maidir le máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe agus, díreach roimh an gcinneadh sin do dhéanamh, go mbeidh cinneadh i bhfeidhm do rinneadh roimhe sin fén gCuid seo den Acht so maidir le máistrí no fir oibre den aicme sin, oibreoidh an chéad chinneadh sin chun an cinneadh sin do rinneadh roimhe do cheiliúradh.

(2) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárdchumann amháin áirithe bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú agus go gceiliúrfar ina dhiaidh sin an ceadúnas margántaíochta do deonadh don cheárd-chumann san fé Chuid II den Acht so, oibreoidh an ceiliúradh san chun an cinneadh sin do cheiliúradh freisin.

(3) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárdchumann no níos mó, agus aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú agus go gceiliúrfar ina dhiaidh sin an dá cheadúnas mhargántaíochta no na ceadúnais mhargántaíochta uile do deonadh do sna ceárdchumainn sin fé Chuid II den Acht so, oibreoidh an dara ceann no an ceann is déanaighe de sna ceiliúrtha san chun an cinneadh sin do cheiliúradh freisin.

(4) Pé uair a ceiliúrfar ceadúnas margántaíochta le n-a mbaineann fo-alt (2) no fo-alt (3) den alt so, déanfaidh an tAire pé ní is leor dar leis, tré fhógraí d'fhoillsiú sa phreas phuiblí no ar shlí eile, chun a chur in úil do dhaoine ar deallrathach an ceiliúradh san do dhéanamh deifre dhóibh go bhfuil an ceadúnas margántaíochta san ceiliúrtha.

A dtiocfaidh do chinneadh ón mBinse.

34. —(1) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárd-chumann amháin áirithe bheidh sé de cheart máistrí d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon mháistir den aicme sin mar bhall nua.

(2) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárdchumann no níos mó, agus aca-san amháin, a bheidh sé de cheart máistrí d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon mháistir den aicme sin mar bhall nua.

(3) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárdchumann amháin áirithe bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon fhear oibre den aicme sin mar bhall nua.

(4) Má cinntear fén gCuid seo den Acht so gur ag dhá cheárdchumann no níos mó, agus aca san amháin, a bheidh sé de cheart fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, ní ghlacfaidh aon cheárd-chumann eile ina dhiaidh sin, faid a bheidh an cinneadh sin gan ceiliúradh, le haon fhear oibre den aicme sin mar bhall nua.

(5) D'ainneoin éinní atá san alt so—

(a) ní shroichfidh aon chinneadh fén gCuid seo den Acht so chun aon chomhlachais fhuirinne stát-sheirbhíse ná ní bheidh feidhm aige maidir leis, ná

(b) ní oibreoidh sé chun a chosc ar aon chó-eagras oidí bheidh admhuithe ag an Aire Oideachais glacadh le múinteoir ar bith mar bhall nua den chó-eagras san, ná

(c) ní oibreoidh sé chun a chosc ar aon cheárd-chumann ná deineann margántaíocht chun págh no coinníollacha eile fostaíochta do cheapadh glacadh le duine ar bith mar bhall nua.

(6) Má thárlann, maidir le haon cheárd-chumann, go sárófar aon fho-alt den alt so, beidh gach duine fé leith de sna baill agus de sna hoifigigh sin den cheárd-chumann san do thoiligh leis an sárú san no d'urasuigh é agus fós, i gcás ceárd-chumainn ar n-a chlárú fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, an ceárd-chumann féin ciontach, gach taobh aca, i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

E d'oblagáid ar cheárd-chumann duine do ghlacadh mar bhall.

35. —(1) Má thárlann—

(a) go gcinnfear fén gCuid seo den Acht so gur ag aon cheárdchumann amháin áirithe bheidh sé de cheart máistrí no fir oibre d'aon aicme áirithe do chó-eagrú, agus

(b) le linn an cinneadh sin do bheith gan ceiliúradh, go ndéanfaidh duine adeir gur máistir no fear oibre den aicme sin é a iarraidh go cuibhe go nglacfaí é ina bhall den cheárd-chumann san agus a gheallúint go gcólíonfaidh a chuid rialacha,

déanfaidh an ceárd-chumann san—

(i) más deimhin leis gur neamh-inmhianuithe an duine sin do ghlacadh ina bhall den cheárd-chumann san toisc a dhroch-charachtair no toisc é ionnarbadh roimhe sin as an gceárd-chumann san mar gheall ar mhór-shárú no síor-shárú ar a chuid rialacha, diúltú, le hordú (dá ngairmtear ordú diúltuithe san alt so), do ghlacadh leis an duine sin mar bhall, no

(ii) in aon chás eile, glacadh leis an duine sin mar bhall.

(2) Luadhfar i ngach ordú diúltuithe cad is forais dó.

(3) Féadfaidh an duine le n-a mbainfidh ordú diúltuithe athchomharc do dhéanamh chun Breithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse san áit ina mbeidh gnáth-chomhnaidhe ar an duine sin á iarraidh go gcuirfí an t-ordú diúltuithe sin ar nea-mbrí agus féadfaidh an Breitheamh san an t-ordú diúltuithe sin do chur ar nea-mbrí no diúltú d'é chur ar nea-mbrí, fé mar a mheasfaidh is ceart.

(4) Nuair a beifear á iarraidh ar an gCúirt Dúithche ordú diúltuithe do chur ar nea-mbrí ní tabharfar in aghaidh an iarratais sin aon fhoras seachas foras a bheidh luaidhte san ordú san.

(5) Má cuirtear ordú diúltuithe ar nea-mbrí fén alt so, déanfaidh an ceárd-chumann a bheidh i gceist an duine le n-ar bhain an t-ordú diúltuithe sin do ghlacadh ina bhall.

(6) Má thárlann do cheárd-chumann—

(a) i gcás le n-a mbainfidh fo-alt (1) den alt so, ná déanfaidh ordú diúltuithe agus ná glacfaidh leis an neach iarrtha ballraíochta bheidh i gceist mar bhall, no

(b) nuair a bheidh ceangailte air de bhuadh fo-ailt (5) den alt so glacadh le haon duine áirithe mar bhall, ná déanfaidh amhlaidh,

beidh gach duine fé leith de sna baill agus de sna hoifigigh den cheárd-chumann san do thoiligh leis an bhfaillighe sin no d'urasuigh í agus, i gcás ceárd-chumainn ar n-a chlárú fé sna hAchtanna Ceárd-Chumainn, 1871 go 1935, an ceárd-chumann féin, ciontach, gach taobh aca, i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air.

Rialacháin le haghaidh imeachtaí i láthair an Bhinse agus Bord Athchomhairc.

36. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní no aon ní no nithe aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) tráthanna agus áiteanna suidheanna an Bhinse agus Bord Athchomhairc;

(b) na daoine dá dtabharfar agus na tráthanna agus an tslí ina dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Bhinse agus Bord Athchomhairc;

(c) an phuiblíocht do leigint isteach chun suidheanna an Bhinse agus Bord Athchomhairc no do dhúnadh amach uatha;

(d) na nithe eile sin, maidir le cleachtadh agus nós imeachta an Bhinse agus Bord Athchomhairc, is dóich leis an Aire is gá no is oiriúnach chun gnó an Bhinse agus Bord Athchomhairc do sheoladh sa cheart;

(e) na táillí is iníoctha fé alt 38 den Acht so.

(2) Gach rialachán a déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Fínnithe do theacht i láthair, etc.

37. —(1) Chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Bhinse no de Bhord Athchomhairc daoine do chur fé mhionn) no ar shlí eile agus chun a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt ar áird beidh ag an mBinse agus ag Bord Athchomhairc na comhachta, na cirt, agus na príbhléidí sin uile atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh di maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh Chathaoirleach an Bhinse no Buird Athchomhairc ar aon-dul agus ar aon-éifeacht le próiseas fuirmiúil ar n-a thabhairt amach ag an Ard-Chúirt chun a chur d'fhiachaibh ar fhínnithe teacht i láthair no a chur d'fhiachaibh scríbhinní do thabhairt ar áird, fé mar a bheidh.

(2) Má thárlann do dhuine ar bith—

(a) ar a ghairm go cuibhe mar fhínné os cóir an Bhinse no Buird Athchomhairc, go bhfailleoidh teacht i láthair, no

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, go ndiúltúidh do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Binse no Bord Athchomhairc go dlíthiúil air a thabhairt, no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht no fé n-a urláimh do thabhairt ar áird a cheanglóidh an Binse no Bord Athchomhairc go dlíthiúil air a thabhairt ar áird, no d'aon cheist áirithe do fhreagairt a cheanglóidh an Binse no Bord Athchomhairc go dlíthiúil air a fhreagairt, no

(c) go ndéanfaidh éinní do bheadh, dá mba Chúirt Bhreithiúnais go gcomhacht chun duine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte an Binse no Bord Athchomhairc, ina dhísbeagadh ar an gCúirt sin,

féadfaidh an Binse no an Bord Athchomhairc sin cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú do dhéanamh a mheasfaidh is ceart, an duine sin do phionósú, no slí do ghlacadh chun é phionósú, fé is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh na Cúirte sin.

(3) Beidh teideal ag fínné bheidh i láthair an Bhinse no Buird Athchomhairc chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.

Táillí.

38. —(1) I gcás ceard-chumann do dhéanamh iarratais chun an Bhinse fén gCuid seo den Acht so, ní breithneofar an t-iarratas san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an ceárd-chumann san an táille orduithe d'íoc leis an mBinse.

(2) I gcás ceárd-chumann do thabhairt fógra don Aire á iarraidh go ndéanfaí cinneadh fén gCuid seo den Acht so d'athscrúdú, ní glacfar leis an bhfógra san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an ceárd-chumann san an táille orduithe d'íoc leis an Aire.

(3) Déanfar na táillí uile fén alt so do bhailiú agus do thógaint sa tslí sin ordóidh an tAire Airgeadais agus iad d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste do réir orduithe an Aire sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táille fén alt so.

Costais.

39. —(1) Is mar is rogha leis an mBinse bheidh na costais, maidir le suidheanna den Bhinse, a bheidh ar na páirtithe bheidh i láthair ag na suidheanna san agus féadfaidh an Binse a ordú cé dhó agus cé uaidh agus cadé an tslí a n-íocfar na costais sin no aon chuid díobh.

(2) Is mar is rogha le Bord Athchomhairc a bheidh na costais, maidir le suidheanna den Bhord san, a bheidh ar na páirtithe bheidh i láthair ag na suidheanna san agus féadfaidh an Bord san a ordú cé dhó agus cé uaidh agus cadé an tslí a n-íocfar na costais sin no aon chuid díobh.

(3) Má mholann an Binse no Bord Athchomhairc aon chostais fén alt so, féadfaidh an Binse no an Bord Athchomhairc sin féin (pé aca é) méid na gcostas do mheas no a ordú conus a measfar iad.

(4) Féadfar costais a molfar fén alt so do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla mara n-íoctar iad.

Fuireann an Bhins

40. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na hoifigigh agus na seirbhísigh sin do cheapadh don Bhinse agus do Bhuird Athchomhairc is dóich leis is gá chun cabhrú leis an mBinse agus le Buird Athchomhairc chun a bhfeidhmeanna do chólíonadh.

(2) Beidh oifigigh agus seirbhísigh an Bhinse agus Bord Athchomhairc i seilbh oifige ar na téarmaí sin, agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir an ráta san agus sa tslí sin, a cheadóidh an tAire Airgeadais.

SCEIDEAL.

Earlaisi.

1. Maran mo ná 500 líon na mball, £1,000 an éarlais.

2. Más mó ná 500 agus nach mó ná 2,000 líon na mball, £1,000, maraon le £200 in aghaidh gach 300 ball (no cuid de 300 ball) de bhreis ar 500 ball, an éarlais.

3. Más mó ná 2,000 agus nach mó ná 5,000 líon na mball, £2,000, maraon le £200 in aghaidh gach 300 ball (no cuid de 300 ball) de bhreis ar 2,000 ball, an éarlais.

4. Más mó ná 5,000 agus nach mó ná 10,000 líon na mball, £4,000, maraon le £200 in aghaidh gach 500 ball (no cuid de 500 ball) de bhreis ar 5,000 ball, an éarlais.

5. Más mó ná 10,000 agus nach mó ná 20,000 líon na mball, £6,000, maraon le £200 in aghaidh gach 1,000 ball no cuid de 1,000 ball) de bhreis ar 10,000 ball, an éarlais.

6. Más mó ná 20,000 líon na mball, £8,000, maraon le £200 in aghaidh gach 1,000 ball (no cuid de 1,000 ball) de bhreis ar 20,000 ball ach gan dul thar £10,000 ar fad, an éarlais.