23 1941


Uimhir 23 de 1941.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRUITHE BHREISE AGUS FHEABHSA DO DHÉANAMH I dTAOBH RIALTAIS ÁITIÚIL AGUS CHUN LEASUITHE ÁIRITHE DO DHÉANAMH AR AN DLÍ BHAINEAS LE RIALTAS ÁITIÚIL.

[23adh Meán Fhómhair, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal agus

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1941 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus den Acht so le chéile.

Mínithe.

2. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

cialluíonn an abairt “Acht 1923” an t Acht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 9 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1926” Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) 1926 ( Uimh. 39 de 1926 );

cialluíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) ;

foluíonn an focal “ionoighreacht” tionóntachán;

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe ag an Aire le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

(2) Beidh gach cólucht aca so leanas (corparuithe no neachorparuithe) ina údarás áitiúil chun crícheanna an Achta so agus na nAchtanna féadfar a chó-luadh leis an Acht so, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae, bárdas contae-bhuirge no buirge eile, comhairle bhailecheanntair, údarás conganta phuiblí, coimisinéirí baile, údarás sláintíochta puirt, agus

(b) coiste no có-choiste no bord no có-bhord (corparuithe no nea-chorparuithe) ar n-a cheapadh le reacht no fé reacht chun feidhmeanna no aon chuid d'fheidhmeanna aon chóluchta dá luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so d'fheidhmiú, agus

(c) coiste no có-choiste no bord no có-bhord (corparuithe no nea-chorparuithe) seachas coiste oideachais ghairme beatha no coiste talmhaíochta do cheann no níos mó, no ar n-a cheapadh ag ceann no níos mó, de sna cóluchtaí luaidhtear i mír (a) den fho-alt so.

(3) Ní thárlóidh d'aon chólucht, a bheidh dearbhuithe le haon achtachán do bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo do bheith ina údarás áitiúil chun críche aon fhorála áirithe de sna hAchtanna féadfar a chó-luadh leis an Acht so, go scuirfidh de bheith ina údarás áitiúil chun na críche sin de bhíthin forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so agus dá mbíthin sin amháin.

(4) Gach tagairt atá san Acht so do chruinniú, do bhall, do choiste, do bhall de choiste, no do chruinniú de choiste d'údarás áitiúil, déanfar, d'ainneoin éinní atá san alt so, í léiriú, más bárdas contae-bhuirge no buirge eile an t-údarás áitiúil a bheidh i gceist. mar thagairt do chruinniú, do bhall, do choiste, do bhall de choiste, no do chruinniú de choiste (do réir mar a bheidh) den chomhairle bheidh bunuithe le dlí don chontae-bhuirg no don bhuirg eile sin.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an lá no na laethe sin a eeapfar chuige sin le hordú no orduithe ón Aire go generálta no maidir le haon chrích no foráil áirithe agus féadfar laethe deifriúla do cheapadh amhlaidh chun crícheanna deifriúla agus i leith forálacha deifriúa den Acht so.

Rialacháin.

4. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní dá dtagartar san Acht so mar ní atá orduithe no le hordú.

Athghairm.

5. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

CUID II.

Oifigi agus Fostaiochta fe Udarais Áitiúla.

Caibidil I

Generálta.

Cóluchtaí eile ina n-údaráis áitiúla chun crícheanna na Coda so den Acht so.

6. —I dteannta na gcólucht a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht so, is údarás áitiúil chun crícheanna na Coda so den Acht so gach fo-choiste ar n-a cheapadh ag coiste pinsean áitiúil fé alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908.

“Oifig.”

7. —Nuair a húsáidtear an focal “oifig” gan choinníoll sa Chuid seo den Acht so cialluíonn sé oifig fé údarás áitiúil.

An tAire oiriúnach.

8. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so isé an tAire is Aire oiriúnach chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Má mheasann an tAire dualgais oifige áirithe no dualgais oifigí d'aicme no de shaghas áirithe do bhaint, ar fad no go furmhór, le feidhmeanna Aire eile Stáit, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire eile sin, a shocrú, le hordú, gurb é an tAire eile sin an tAire oiriúnach chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir leis an oifig no na hoifigí sin agus le n-a sealbhóirí agus air sin isé an tAire eile sin is Aire oiriúnach chun na gcrícheanna san maidir leis an oifig no na hoifigí sin agus le n-a sealbhóirí.

(3) I gcás Aire Stáit do bheith, de bhuadh orduithe fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, ina Aire oiriúnach chun crícheanna na Coda so den Acht so maidir le haon oifig no oifigeach, ní fheidhmeoidh an tAire sin, i leith luach saothair na hoifige no an oifigigh sin, aon chomhacht do bheirtear don Aire oiriúnach leis an gCuid seo den Acht so ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.

(4) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an tAire oiriúnach” an tAire Stáit is oiriúnach i ngach cás fé leith ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo agus do sna horduithe bheidh déanta fé.

“Mór-oifig.”

9. —(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “móroifig” aon oifig a dearbhófar do bheith ina mór-oifig le dearbhú ar n-a dhéanamh no is tuigthe do dhéanamh fén alt so.

(2) Féadfaidh an tAire oiriúnach a dhearbhú oifig áirithe arb é is Aire oiriúnach maidir léi no na cinn sin, de sna hoifigí arb é is Aire oiriúnach maidir leo, a bhaineann le haicme no saghas no grád áirithe do bheith ina mór-oifig no ina mór-oifigí (do réir mar a bheidh).

(3) Gach ordú bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus le n-a mbeidh orduithe ag an Aire oifig áirithe do bheith ina hoifig le n-a mbaineann alt 15 d'Acht 1923 is tuigthe, o theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin, é bheith ina dhearbhú do rinne an tAire oiriúnach fén alt so á dhearbhú gur mór-oifig an oifig sin agus é bheith incheiliúrtha no inleasuithe dá réir sin.

Socrú generálta i dtaobh ceapachán, dualgas agus luach saothair.

10. —(1) Fé réir forálacha na Coda so den Acht so—

(a) féadfaidh gach údarás áitiúil pé oifigigh do cheapadh agus pé seirbhísigh d'fhostú is gá chun na bhfeidhmeanna bheidh ag an údarás áitiúil sin de thurus na huaire do chólíonadh;

(b) gach oifigeach a ceapfar no seirbhíseach a fostófar ag údarás áitiúil cólíonfaidh pé dualgais agus íocfar leis pé luach saothair a cheapfaidh an t-údarás áitiúil sin dó o am go ham.

(2) Aon oifigeach d'údarás áitiúil ar a ngoillfidh breith ón údarás áitiúil sin i dtaobh a luach saothair, a dhualgas, no a choinníollacha seirbhíse is cead dó athchomharc do dhéanamh chun an Aire oiriúnaigh i gcoinnibh na breithe sin sa tslí orduithe agus tar éis fógra do thabhairt don údarás áitiúil sin, agus déanfaidh an tAire oiriúnach, tar éis dó an t-athchomharc san agus an aithris chúise (más aon cheann é) a dhéanfaidh an t-údarás áitiúil sin ina thaobh do bhreithniú, diúltú don athchomharc san no (másé is dóich leis is ceart) pé ordú do thabhairt don údarás áitiúil sin is dóich leis an Aire oiriúnach a leighisfidh gearán an oifigigh sin.

(3) Aon údarás áitiúil dá dtabharfar ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so cólíonfaidh an t-ordú san.

A ordú oifigigh do cheapadh.

11. —Féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, a ordú cadé an saghas agus an méid oifigeach a cheapfaidh údarás áitiúil chun aon chríche áirithe, agus leis sin beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil sin pé oifigigh agus pé méid oifigeach (agus ní haon oifigigh eile) do cheapadh o am go ham is gá chun déanamh do réir cheanglas an orduithe sin.

Breith do thabhairt ar amhrais, etc., áirithe.

12. —Má eiríonn no má mheasann an tAire gur dócha go n-eireoidh aon amhras, aighneas, no ceist i dtaobh cé aca tá no ná fuil aon phost áirithe fé údarás áitiúil ina oifig chun crícheanna an Achta so no aon Achta dá bhféadfar a chó-luadh leis an Acht so no cé aca oifigeach chun aon chríche aca san aon duine áirithe no nach eadh, bhéarfaidh an tAire breith ar an amhras, ar an aighneas, no ar an gceist sin agus ní bheith dul thar an mbreith sin.

Orduithe, etc., fén gCuid seo den Acht so do cheiliúradh agus do leasú.

13. —Gach comhacht do bheirtear le haon alt den Chuid seo den Acht so chun aon ordú, rialachán, ordachán, no dearbhú do dhéanamh, léireofar í mar chomhacht a fholuíonn comhacht chun aon ordú, rialachán, ordachán, no dearbhú déanfar fén alt san do cheiliúradh no do leasú.

Orduithe áirithe do bhuanú.

14. —Gach ordú, pé duine do rinne no dhéanfaidh, a bheidh i bhfeidhm go dleathach díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus—

(a) le n-a n-orduítear cadé an saghas no an méid oifigeach a cheapfaidh údarás áitiúil chun aon chríche áirithe, no

(b) le n-a gcinntear dualgais, coinníollacha seirbhíse, no luach saothair aon oifige áirithe, no

(c) le n-a rialáltar i dtaobh sealbhóirí aon oifige áirithe do leanúint in oifig,

leanfaidh i bhfeidhm tar éis dáta an ailt seo do theacht i bhfeidhm agus sa mhéid ná beidh sé buiniscionn leis an gCuid seo den Acht so, agus is tuigthe, ón dáta san amach agus sa mhéid chéanna san, an tAire oiriúnach dá dhéanamh fén gCuid seo den Acht so agus é bheith inleasuithe no incheiliúrtha dá réir sin.

Ceadú an Aire Airgeadais do bheith riachtanach i gcomhnaidhe.

15. —I gcás inar ghá, do réir aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, ceadú an Aire Airgeadais d'fháil chun luach saothair aon oifigigh do cheapadh no d'atharú, ní déanfar, d'ainneoin éinní atá sa Chuid seo den Acht so, luach saothair an oifigigh sin do cheapadh ná d'atharú tar éis teacht i bhfeidhm don alt so gan ceadú an Aire sin.

An Chuid seo den Acht so do bhaint le sean-oifigigh.

16. —Ní bheidh aon alt áirithe den Chuid seo den Acht so gan baint le hoifigeach toisc an t-oifigeach san do bheith in oifig ar theacht i bhfeidhm don alt san.

Gan an Chuid seo den Acht so do bhaint le hoifigí áirithe.

17. —Chun crícheanna na Coda so den Acht so is tuigthe nach oifigí fé údarás áitiúil na hoifigí seo leanas agus is tuigthe nach oifigeach d'údarás áitiúil aon tsealbhóir ar aon oifig aca san, mar shealbhóir amhlaidh, sé sin le rá:—

(a) oifig choróinéara,

(b) oifig airighigh chóiríochta tighe chúirte fén Acht Tithe Cúirte (Soláthar agus Cothabháil), 1935 (Uimh. 18 de 1935) ,

(c) oifig chongantóra don airigheach chóiríochta tighe chúirte fén Acht san,

(d) oifig choimeádaidhe phóna fén Acht Pónaí (Soláthar agus Cothabháil), 1935 (Uimh. 17 de 1935) , agus

(e) oifig chongantóra do choimeádaidhe phóna fén Acht san.

Comhachta agus coinníollacha áirithe d'athghairm.

18. —(1) San alt so cialluíonn an abairt “comhacht le n-a mbaineann an t-alt so” comhacht chun éinní aca so leanas do dhéanamh maidir le haon oifig seachas oifig bhainisteora chontae fé chomhairle chontae no oifig bhainisteora chathrach fé bhárdas chontae-bhuirge, sé sin le rá:—

(a) duine do chur as oifig,

(b) luach saothair do cheapadh no do cheadú,

(c) cáilíochta d'ordú,

(d) dualgais do dháiliú,

(e) coinníollacha seirbhíse do leagadh amach no do rialáil,

(f) a cheangal go dtabharfaí urrús, no méid no cineál an urrúis sin do shocrú,

(g) socrú do dhéanamh chun ionadaithe do chólíonadh dualgas.

(2) Athghairmtear leis seo oiread d'aon achtachán, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, agus a bheireann comhacht le n-a mbaineann an t-alt so d'aon Aire Stáit no údarás áitiúil no duine eile.

(3) Athghairmtear leis seo oiread d'aon achtachán, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht ibhfeidhm don alt so, agus a fhorchuireann aon choinníollacha maidir le feidhmiú comhachta le n-a mbaineann an t-alt so agus a bheirtear leis an gCuid seo den Acht so no a bhéarfar fúithi don Aire oiriúnach no d'údarás áitiúil.

Caibidil II.

Forálacha bhaineann le mór-oifigí agus le hoifigí eile.

Rialacháin ghenerálta i dtaobh oifigí agus a sealbhóirí.

19. —(1) Féadfaidh an tAire, chun gach críche no aon chríce no crícheanna aca so leanas, rialacháin do dhéanamh i dtaobh na n-oifigí arb é is Aire oiriúnach maidir leo agus i dtaobh a sealbhóirí no i dtaobh pé oifigí aca san a bhaineann le haon aicme no saghas no grád áirithe agus i dtaobh a sealbhóirí sin, sé sin le rá:—

(a) ag ceapadh luach saothair,

(b) ag rialáil íoc agus méid costas taistil,

(c) ag ceapadh uaireanna diúité,

(d) ag socrú i dtaobh breacachán freastail,

(e) ag rialáil i dtaobh saoire bhreoiteachta agus eile do dheonadh agus luach saothair d'íoc le linn saoire,

(f) á cheangal ar shealbhóirí urrús do thabhairt ar a ndualgais do chólíonadh go cuibhe ceart agus ag rialáil i dtaobh cineál agus méid an urrúis sin,

(g) á ordú cadé an nós imeachta leanfaidh údaráis áitiúla ag déanamh ceapachán dóibh ar shlí seachas ar mholadh na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla agus ag lorg iarrthóirí dhóibh nuair a bheid chun ceapacháin do dhéanamh mar adubhradh,

(h) ag rialáil i dtaobh daoine do choimeád in oifig agus i dtaobh oifig do scur de bheith ann,

(i) ag ceapadh tréimhsí go scuirfidh sealbhóirí oifige ina ndeireadh de bheith i seilbh a n-oifigí fé seach mara mbeidh déanta ag na sealbhóirí sin go dtí san do réir cheanglaisí no coinníollacha luadhfar;

(j) ag déanamh socruithe chun go gcólíonfadh ionadaithe an méid de dhualgais sealbhóirí bhaineann le feidhmeanna údaráis áitiúil i gcás na sealbhóirí sin do bheith breoite no as láthair no fé éagcumas.

(2) Gan dochar d'fhorálacha an chéad fho-ailt eile den alt so beidh ag gach rialachán a déanfar fén alt so feidhm dlí do réir a théarmaí maidir le hoifigí agus sealbhóirí oifige le n-a mbainfidh an rialachán san.

(3) Féadfaidh an tAire oiriúnach, fé réir na gcoinníollacha san (más aon cheann é) a mheasfaidh is ceart, a údarú go dtréigfí aon rialachán airithe fén alt so in aon chás áirithe agus leis sin is dleathach, fé réir na gcoinníollacha san (mas aon cheann é) do chólíonadh, an tréigean a húdarófar amhlaidh do dhéanamh sa chás san.

Comhachta an Aire oiriúnaigh maidir le dualgais oifige.

20. —(1) Féadfaidh an tAire oiriúnach gach ní no aon ní no nithe aca so leanas do dhéanamh, le dearbhú, i dtaobh aon oifige áirithe arb é is Aire oiriúnach maidir léi no i dtaobh na n-oifigí sin, arb é is Aire oiriúnach maidir leo, a bhaineann le haicme no saghas no grád áirithe, sé sin le rá:—

(a) dualgais sealbhóirí na hoifige no na n-oifigí sin do leagadh amach,

(b) aon dualgas áirithe do cheapadh do shealbhóirí na hoifige no na n-oifigí sin,

(c) a shocrú cadiad na háiteanna no na teoranta gur laistigh díobh a cólíonfar gach dualgas no aon dualgas no dualgais a bheidh ar shealbhóirí na hoifige no na n-oifigí sin.

(2) Gach dearbhú déanfar fén alt so beidh feidhm dlí aige maidir leis an oifig no na hoifigí gur ina taobh no ina dtaobh a déanfar é agus maidir le sealbhóirí na hoifige no na n-oifigí sin.

Cáilíochta le haghaidh oifigí.

21. —(1) Féadfaidh an tAire oiriúnach a dhearbhú cáilíocht d'aon aicme no saghas aca so leanas do bheith ina cáilíocht le haghaidh aon oifige áirithe arb é is Aire oiriúnach maidir léi no le haghaidh na n-oifigí sin, arb é is Aire oiriúnach maidir leo, a bhaineann le haon aicme no saghas no grád áirithe, sé sin le rá:—

(a) cáilíochta bhaineann le caracntar,

(b) cáilíochta bhaineann le haois, sláinte, no airdheana cuirp,

(c) cáilíochta bhaineann le hoideachas, tréineáil, no taithighe,

(d) cáilíochta bhaineann le comhnaidhe,

(e) cáilíochta bhaineann le gnéas,

(f) an cháilíocht san, gur bean aonta no baintreach aon bhantsealbhóir ar an oifig a bheidh i gceist.

(2) Ní dhearbhóidh an tAire oiriúnach fén alt so aon cháilíocht a bhaineann le gnéas do bheith ina cáilíocht le haghaidh aon oifige áirithe maran dóich leis go n-iarrann dualgais na hoifige sin é.

(3) Sara ndearbhuighidh fén alt so aon cháilíocht áirithe do bheith ina cáilíocht le haghaidh aon oifige áirithe le n-a mbaineann Acht 1926, raghaidh an tAire oiriúnach i gcomhairle leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.

(4) Scuirfidh fo-ailt (1) agus (2) d'alt 7 d'Acht 1926, d'éifeacht do bheith aca maidir le gach oifig fé údarás áitiúil, agus gach tagairt atá san Acht san do sna cáilíochta a hordófar fén Acht san léireofar í, maidir le gach oifig fé údarás áitiúil, mar thagairt do sna cáilíochta (más aon cheann é) go mbeidh dearbhuithe de thurus na huaire fén alt so iad do bheith ina gcáilíochta le haghaidh na hoifige sin.

(5) Chun crícheanna Achta 1926, ní tuigthe gur cáilíocht ghairme no cáilíocht teicniúil aon cháilíocht aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) bheith deimhnithe mar mhnaoi chabhartha,

(b) bheith cláruithe mar bhanaltrain,

(c) aon cháilíocht a bhaineann le tréineáil no taithighe mar bhanaltrain no mar mhnaoi chabhartha,

(d) aon cháilíocht a bhaineann leis an eolas is gá do bhanaltrain no do mhnaoi chabhartha do bheith aici.

(6) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so ní ceapfar éinne chun oifige ar bith, a mbeidh dearbhuithe de thurus na huaire fén alt so gurb aon cháilíochta áirithe is cáilíochta le n-a haghaidh, mara mbeidh na cáilíochta san ag an duine sin.

(7) Pé uair is gá aon oifig do líonadh láithreach a mbeidh dearbhuithe de thurus na huaire fén alt so gurb aon cháilíochta áirithe is cáilíochta le n-a haghaidh agus ná beidh aon duine oiriúnach gus na cáilíochta san ar fáil chun a cheaptha, féadfaidh an tAire oiriúnach, ar iarratas ón údarás áitiúil le n-a mbainfidh, a údarú duine do cheapadh chun na hoifige sin ar feadh tréimhse teoranta áirithe gan na cáilíochta san do bhac agus leis sin féadfar an ceapadh san do dhéanamh amhlaidh.

(8) Duine ceapfar chun oifige ar bith de bhun a údaruithe sin fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so scuirfidh de bheith i seilbh oifige (mara mbeidh san déanta cheana aige ar aon chúis) ar thárlachtaint pé ní aca so leanas is túisce thárlóidh, sé sin le rá:—

(a) an tréimhse bheidh luaidhte chuige sin san údarú san do dhul in éag,

(b) duine do cheapadh chun na hoifige sin agá mbeidh na cáilíochta go mbeidh dearbhuithe de thurus na huaire fén alt so gurb iad is cáilíochta le haghaidh na hoifige sin.

(9) Má mhol na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine chun a cheaptha chun aon oifige beidh san, chun crícheanna an ailt seo, ina fhianaise dho-chlaoite go raibh ag an duine sin, le linn an mholta san, na cáilíochta (más aon cheann é) go raibh dearbhuithe de thurus na huaire fén alt so gurbh iad ba cháilíochta le haghaidh na hoifige sin.

(10) Sara molaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine d'údarás áitiúil chun a cheaptha chun aon oifige áirithe déanfaidh deimhin de an t-eolas agus an inniúlacht do bheith ag an duine sin is gá chun dualgais na hoifige sin do chólíonadh i gceart.

Luach saothair do bheith uileghabhálach.

22. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so féadfaidh an tAire oiriúnach, i gcás an tAire oiriúnach do shocrú no d'atharú an luach saothair is iníoctha le sealbhóir aon oifige, a ordú go n-íocfaidh an sealbhóir sin leis an údarás áitiúil ar fútha a bheidh seilbh ar an oifig sin aon táillí no airgead eile (seachas an luach saothair sin ar n-a cheapadh no ar n-a atharú amhlaidh) is iníoctha leis an sealbhóir sin; agus do gheobhaidh sé. de bhuadh na hoifige sin no alos seirbhísí is gá do shealbhóir na hoifige sin, do réir aon achtacháin no fé, do chólíonadh.

(2) I gcás duine do bheith de thurus na huaire i seilbh aon oifige áirithe ní déanfar, ach amháin le toil an duine sin, aon ordachán do thabhairt i dtaobh an duine sin ina shealbhóir dó ar an oifig sin.

(3) Má bheirtear ordachán fén alt so á ordú go n-íocfadh sealbhóir oifige áirithe aon táillí no airgead eile le húdarás áitiúil beidh sé de dhualgas ar an sealbhóir sin cuntas do thabhairt don údarás áitiúil sin ar na táillí no ar an airgead san agus an céanna d'íoc leo.

(4) I gcás sealbhóir oifige go dtabharfar ordachán ina thaobh fén alt so do bheith i seilbh oifige fé Roinn Stáit freisin, is tuigthe chun crícheanna an ailt seo, i dtaobh aon táillí no airgid do gheobhaidh an sealbhóir sin de bhuadh na dara hoifige, gur de bhuadh na céad oifige do fuair sé iad.

Teora aoise.

23. —(1) Féadfaidh an tAire oiriúnach a dhearbhú aon aois áirithe do bheith ina teora aoise le haghaidh na n-oifigí uile arb é is Aire oiriúnach maidir leo no le haghaidh pé oifigí aca san a bhaineann le haicme, saghas, no grád áirithe no le haghaidh oifige no oifigí áirithe aca san.

(2) Tiocfaidh gach dearbhú déanfar fén alt so i bhfeidhm sé mhí tar éis lá a dhéanta.

(3) Má bhíonn dearbhú fén alt so i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh aon oifige áirithe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn duine i seilbh na hoifige sin an lá thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm agus go mbeidh aige an lá san an aois, no níos mó ná an aois, a luadhfar sa dearbhú san mar theora aoise le haghaidh na hoifige sin, scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin an lá san a thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm;

(b) má thárlann, lá tar éis an lae thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm, éinne bheidh i seilbh na hoifige sin do shlánú na haoise luadhfar sa dearbhú san mar theora aoise le haghaidh na hoifige sin, scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh na hoifige sin an lá san tar éis an lae thiocfaidh an dearbhú san i bhfeidhm.

(4) I gcás inar gá é chun crícheanna fo-ailt (1) d'alt 44 d'Acht 1925 no aon achtacháin eile bhaineann le hoifigigh d'údaráis áitiúla do chur ar aois-liúntas is tuigthe, i dtaobh éinne scuirfidh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so de bheith i seilbh oifige, é do theacht chun bheith éagcumasach ar dhualgais na hoifige sin do chólíonadh go héifeachtúil mar gheall ar shean-aois agus is tuigthe, i gcás inar gá é chun crícheanna an Local Government (Ireland) Act, 1919, é d'eirghe as an oifig sin le toiliú an Aire.

A cheangal ar dhuine eirghe as oifig.

24. —(1) Más deimhin leis an Aire oiriúnach—

(a) sealbhóir oifige áirithe do bheith gan cáilíocht do dearbhuíodh, fén gCuid seo den Acht so, roimh an sealbhóir sin do cheapadh chun na hoifige sin do bheith ina cáilíocht le haghaidh na hoifige sin, no

(b) gurb é leas na puiblíochta, mar gheall ar aon atharú (pé aca bheidh sé déanta cheana no a beifear ag cuimhneamh ar é dhéanamh) ar na coinníollacha seirbhíse no ar chineál no méid na ndualgas ghabhann leis an oifig sin, sealbhóir na hoifige sin d'eirghe as an oifig sin,

féadfaidh an tAire oiriúnach a cheangal ar shealbhóir na hoifige sin eirghe as an oifig sin fé cheann tréimhse áirithe agus, má dhiúltann an sealbhóir sin eirghe as an oifig sin no mar n-eirghidh as an oifig sin fé cheann na tréimhse sin, féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, an sealbhóir sin do chur as an oifig sin.

(2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so gach sealbhóir oifige ar a gceanglófar fén alt so eirghe as an oifig sin fé cheann tréimhse áirithe agus a dhéanfaidh amhlaidh sa tréimhse sin no cuirfear as an oifig sin fén alt so is tuigthe ina thaobh, chun crícheanna aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas no cúiteamh i gcailliúint oifige, é chur as an oifig sin ar chúis seachas mí-iompar no mí-chumas.

(3) Ní bheidh éifeacht in aon chás aca so leanas ag forálacha an fho-ailt deiridh roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) i gcás ina gceanglófar fén alt so ar shealbhóir aon oifige áirithe eirghe as an oifig sin toisc é bheith gan cáilíocht do dearbhuíodh fén gCuid seo den Acht so, roimh é do cheapadh chun na hoifige sin, do bheith ina cáilíocht le haghaidh na hoifige sin;

(b) i gcás—

(i) ina gceanglófar fén alt so ar shealbhóir aon oifige áirithe (dá ngairmtear an chéad oifig sa mhír seo) eirghe as an oifig sin fé cheann tréimhse áirithe, agus

(ii) ina ndéanfaidh an sealbhóir sin do réir an cheanglais sin sa tréimhse sin no, d'eile, go gcuirfear as an gcéad oifig é fén alt so, agus

(iii) ina dtairgfidh an t-údarás áitiúil iomchuibhe, roimh an sealbhóir sin d'eirghe as an gcéad oifig no roimh é chur as an gcéad oifig (do réir mar a bheidh), an sealbhóir sin do cheapadh chun oifige eile nach lugha tuarastal agus sochar ná tuarastal agus sochar na céad oifige, agus

(iv) inar dhiúltuigh no inar fhailligh an sealbhóir sin, roimh é d'eirghe as an gcéad oifig no é chur as an gcéad oifig (do réir mar a bheidh), glacadh leis an gceapadh san, agus

(v) ina measfaidh an tAire ná déanfaí ró-dhochar do staid an tsealbhóra san dá n-aistrítí ón gcéad oifig go dtí an oifig eile sin é.

(4) Chun feidhm do thabhairt don alt so maidir le duine bheidh i seilbh oifige díreach roimh an alt so do theacht i bhfeidhm, is tuigthe gach cáilíocht (más aon cheann é) do horduíodh fé Acht 1926 le haghaidh na hoifige sin roimh an duine sin do cheapadh chúiche do bheith ina cáilíocht do dearbhuíodh fén gCuid seo den Acht so roimh an gceapadh san mar cháilíocht le haghaidh na hoifige sin.

An tAire oiriúnach do chur duine as oifig.

25. —(1) Chun crícheanna an ailt seo isiad so leanas na forais reachtúla chun sealbhóir aon oifige áirithe do chur as an oifig sin, sé sin le rá:—

(a) an sealbhóir sin do bheith neamh-oiriúnach don oifig sin,

(b) an sealbhóir sin do dhiúltadh d'aon ordú áirithe tugadh dó go dleathach mar shealbhóir ar an oifig sin do chólíonadh no do chur in éifeacht, no é dá mhí-iompar féin ar shlí eile san oifig sin,

agus, san alt so, léireofar dá réir sin an abairt “forais reachtúla chun duine do chur as oifig”.

(2) Más deimhin leis an Aire oiriúnach de thoradh aon fhiosrúcháin áitiúil aon fhoras de sna forais reachtúla chun duine do chur as oifig do bheith ann maidir le sealbhóir aon oifige áirithe, féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, an sealbhóir sin do chur as an oifig sin.

(3) Másé tuairim an Aire oiriúnaigh aon fhoras de sna forais reachtúla chun duine do chur as oifig do bheith ann maidir le sealbhóir aon oifige áirithe, féadfaidh an tAire oiriúnach fógra i scríbhinn ag cur na tuairime sin in úil do chur tríd an bpost chun an tsealbhóra san ag príomh-oifig an údaráis áitiúil fé n-a mbeidh an sealbhóir sin i seilbh na hoifige sin, agus, má bhíonn an tuairim chéanna ag an Aire oiriúnach ar sheacht lá do bheith caithte o dháta an fhógra san do chur chun siúil agus tar éis dó aon chúis a phléidhfidh an sealbhóir sin leis (má phléidheann) do bhreithniú féadfaidh an sealbhóir sin do chur as an oifig sin le hordú.

(4) I gcás sealbhóir oifige do chiontú i gcionta do bheir, dar leis an Aire oiriúnach, é bheith neamh-oiriúnach don oifig sin. féadfaidh an tAire oiriúnach an sealbhóir sin do chur as an oifig sin le hordú.

Údarás áitiúil do chur duine as oifig.

26. —(1) Féadfaidh an tAire oiriúnach comhacht do thabhairt don údarás áitiúil iomchuibhe chun sealbhóir aon oifige áirithe do chur as oifig le toiliú an Aire agus féadfaidh a shocrú cadé an nós imeachta leanfar agus cadiad na coinníollacha cólíonfar maidir le feidhmiú na comhachta do bhéarfar amhlaidh.

(2) Na comhachta do bheirtear don Aire oiriúnach leis an alt so isé slí ina bhfeidhmeofar iad ná le rialacháin a bhainfidh leis na hoifigí uile arb é is Aire oiriúnach maidir leo no bhainfidh le pé oifigí aca san a bhaineann le haicme no saghas no grád áirithe.

(3) Gach údarás áitiúil le n-a mbainfidh aon rialacháin a déanfar fén alt so beidh aca, fé réir téarmaí na rialachán san, na comhachta luadhfar ionta maidir le daoine do chur as oifig.

Oifigigh do do chur ar fiunraoi.

27. —(1) Pé uair a mheasfaidh údarás áitiúil no an tAire oiriúnach, i dtaobh sealbhóra oifige fén údarás áitiúil sin, go bhfuil cúis chun a chreidiúint nár chólíon an sealbhóir sin dualgais na hoifige sin go sásúil no gur mhí-iompair sé é féin maidir leis an oifig sin no go bhfuil sé neamh-oiriúnach ar aon tslí eile chun bheith i seilbh na hoifige sin, féadfaidh an t-údarás áitiúil sin no an tAire oiriúnach (do réir mar a bheidh) an sealbhóir sin do chur ar fiunraoi o dhualgais na hoifige sin do chólíonadh faid a beifear ag fiosrú i dtaobh an nea-chólíonta no an mhí-iompair no na neamh-oiriúnachta san agus i dtaobh cadé an gníomh smachta (más aon cheann é) a déanfar ina thaobh.

(2) Féadfaidh an tAire oiriúnach fiunraíocht fén alt so d'fhoirceannadh agus mairfidh gach fiunraíocht den tsórt san go dtí n-a foirceannadh amhlaidh.

(3) Pé uair a cuirfear sealbhóir aon oifige áirithe fé údarás áitiúil ar fiunraoi fén alt so, bhéarfaidh suas don údarás áitiúil sin láithreach na leabhair, na dintiúirí, na connartha, na cuntais, na cruthúnachta, na mapaí, na pleananna agus na scríbhinní eile go léir a bheidh ina sheilbh, fé n-a choimeád no fé n-a urláimh agus a bhainfidh leis an oifig sin.

(4) Ní híocfar le sealbhóir oifige cuirfear ar fiunraoi fén alt so aon luach saothair alos na hoifige sin faid a mhairfidh a fhiunraíocht, agus an luach saothair do híocfaí leis i gcaitheamh na tréimhse fiunraíochta dá mba ná cuirfí ar fiunraoi é déanfar, ar a fhiunraíocht d'fhoirceannadh, é gheallbhruideadh i bpáirt no go hiomlán no é íoc leis no é chur de láimh ar shlí eile, fé mar ordóidh an tAire oiriúnach.

(5) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a chealuíonn aon tsrian a bheidh curtha, fé aon achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so no thiocfaidh i bhfeidhm ar aon-am leis an alt so, le feidhmiú na comhachta chun bainisteoir cathrach no bainisteoir contae do chur ar fiunraoi.

(6) Scuirfidh alt 11 d'Acht 1926 d'éifeacht do bheith aige maidir le hoifigigh agus seirbhísigh údarás áitiúil.

Caibidil III.

Forálacha bhaineann le mór-oifigí amháin.

Srian le daoine do cheapadh chun móroifigí áirithe.

28. —(1) Ní dhéanfaidh údarás áitiúil aon cheapadh le n-a mbainfidh an t-alt so gan an tAire oiriúnach dá cheadú roimh ré mara mbeidh an ceapadh san ina cheapadh (dá ngairmtear ceapadh sealadach san alt so) a déanfar ar an gcoinníoll go scuirfidh an duine ceapfar de bheith i seilbh oifige láithreach má dhiúltuíonn agus nuair a dhiúltóidh an tAire oiriúnach don cheapadh san do cheadú.

(2) Má dheineann údarás áitiúil ceapadh sealadach beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) iarrfaidh an t-údarás áitiúil sin ar an Aire oiriúnach láithreach an ceapadh san do cheadú,

(b) air sin bhéarfaidh no diúltóidh an tAire oiriúnach an ceadú san, fé mar a mheasfaidh is ceart,

(c) má bheireann an tAire oiriúnach an ceadú san beidh an ceapadh san ina cheapadh sheasta agus éifeacht aige amhail ón lá do rinne an t-údarás áitiúil sin é, agus

(d) má dhiúltuíonn an tAire oiriúnach an ceadú san, scuirfidh an duine ceapfar de bheith i seilbh oifige láithreach.

(3) Bainfidh an t-alt so le gach ceapadh chun mór-oifige nach ceapadh ar n-a dhéanamh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla do mholadh aon duine amháin chun a cheaptha.

An tAire oiriúnach do cheapadh luach saothair mór-oifige.

29. —Féadfaidh an tAire oiriúnach méid agus cineál luach saothair sealbhóirí aon mhór-oifige áirithe do cheapadh le hordú agus beidh feidhm dlí ag an ordú san do réir a théarmaí maidir leis an oifig sin agus le n-a sealbhóirí agus, má bhíonn agus sa mhéid go mbeidh sé contrárdha d'aon rialachán ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so, sáróidh an rialachán san.

Srian maidir le luach saothair móroifigí i gcásanna áirithe.

30. —I gcás gan aon rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so do bheith i bhfeidhm de thurus na huaire, maidir le haon mhór-oifig áirithe, ag ceapadh luach saothair a sealbhóirí ní cheapfaidh ná ní atharóidh údarás áitiúil luach saothair sealbhóirí na hoifige sin no aon tsealbhóra áirithe aca gan ceadú an Aire oiriúnaigh.

Foráil a bhainfidh le cás ina gceapfar sealbhóir móroifige chun mór-oifige eile.

31. —(1) Má deintear duine is sealbhóir mór-oifige (dá ngairmtear an chéad oifig sa bhfo-alt so) do cheapadh le n-a thoil féin chun mór-oifige eile scuirfidh an duine sin leis sin de bheith i seilbh na céad oifige mara ndearna an tAire oiriúnach maidir leis an gcéad oifig a thoiliú roimhe sin leis an duine sin do leanúint i seilbh na céad oifige i gcás a cheaptha chun na mór-oifige eile sin.

(2) Duine scuirfidh fén alt so de bheith i seilbh mór-oifige ní bheidh i dteideal cúitimh i gcailliúint na hoifige sin ach beidh i dteideal, chun crícheanna na n-achtachán bhaineann le haoisliúntais, a thréimhse sheirbhíse san oifig sin agus a thréimhse sheirbhíse sa mhór-oifig eile dá gceapfar é d'áireamh mar aon tréimhse leanúnach amháin seirbhíse.

Mór-oifigí do chónascadh.

32. —(1) Másé an t-aon Aire amháin is Aire oiriúnach maidir le haon mhór-oifigí áirithe féadfaidh an tAire sin le hordú, fé réir forálacha an ailt seo agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil no na húdaráis áitiúla le n-a mbainfidh, na hoifigí sin do chónascadh agus leis sin is tuigthe chun gach críche gurb aon oifig amháin na hoifigí sin.

(2) Ní cónascfar oifigí fén alt so maran rud é—

(a) go mbeidh gach oifig aca folamh, no

(b) go mbeidh na hoifigí sin uile i seilbh an aon duine amháin no

(c) go mbeidh oifig amháin aca gan bheith folamh agus go dtoileoidh a sealbhóir go ndéanfaí an t-ordú san, no

(d) in aon chás eile, gurb aon duine amháin a bheidh i seilbh na n-oifigí sin uile dhíobh ná beidh folamh agus go dtoileoidh an duine sin go ndéanfaí an t-ordú san.

(3) Maran fén aon údarás amháin d'oifigí cónascfar fén alt so féadfaidh an tAire oiriúnach, le hordú, socrú do dhéanamh chun aon cheann áirithe de sna húdaráis áitiúla le n-a mbainfidh do cheapadh daoine chun na hoifige cónasctha agus chun na húdaráis áitiúla san d'íoc luach saothair na hoifige sin do réir chionúireachtaí áirithe.

CUID III.

Coru agus Nos Imeachta Udaras Áitiúil.

Uimhir ball comhairlí contae.

33. —(1) Roimh na céad toghacháin a comórfar tar éis teacht i bhfeidhm don alt so do bhaill de chomhairlí contae déanfaidh an tAire le hordú no le dhá ordú no níos mó—

(a) a shocrú cad is uimhir iomlán do bhaill gach comhairle contae, agus

(b) gach contae do roinnt ina togh-líomatáistí contae, agus

(c) a shocrú, i dtaobh gach contae, cá mhéid ball de chomhairle na contae sin a toghfar o gach toghlíomatáiste contae sa chontae sin.

(2) Isé an uimhir iomlán de bhaill de chomhairle chontae a socrófar le hordú fén alt so ná—

(a) uimhir nach lugha ná fiche más uimhir is lugha ná tríocha is uimhir iomlán do bhaill na comhairle sin díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, agus

(b) in aon chás eile, uimhir nach lugha ná dhá dtrian d'uimhir iomláin na mball a bheidh ar an gcomhairle sin díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so.

(3) Ar an gcéad ghnáth-lá tar éis teacht i bhfeidhm don alt so chun baill de chomhairlí contae do dhul as oifig agus ón lá san amach, isé is uimhir iomlán do bhaill chomhairle gach contae fé leith ná an uimhir a socrófar chuige sin le hordú fén alt so.

(4) An roinnt ina togh-líomatáistí a déanfar ar chontae le hordú fén alt so beidh éifeacht aici chun crícheanna na gcéad toghachán a comórfar tar éis teacht i bhfeidhm don alt so do bhaill chomhairlí contae agus as san amach.

(5) Isé uimhir de bhaill chomhairle gach contae fé leith a toghfar do gach togh-líomatáiste contae fé leith sa chontae sin, in aon toghachán a comófar tar éis teacht i bhfeidhm don alt so, ná an uimhir a socrófar chuige sin le hordú fén alt so.

(6) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choisceann no a shrianann aon atharú fé Airteagal 25 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ar uimhir bhall comhairle aon chontae.

(7) Féadfaidh an tAire, le hordú, leasú no modhnú do dhéanamh ar aon roinnt ina togh-líomatáistí contae a bheidh déanta le hordú fén alt so (agus ordú fén bhfo-alt so d'áireamh) ar aon chontae, no atharú do dhéanamh ar líon ball comhairle aon chontae bheidh le toghadh de bhuadh orduithe fén alt so (agus ordú fén bhfo-alt so d'áireamh) o aon togh-líomatáiste sa chontae sin, agus beidh éifeacht ag gach leasú, modhnú, no atharú den tsórt san chun crícheanna na gcéad toghachán a comórfar tar éis an leasuithe, an mhodhnuithe no an atharuithe sin do dhéanamh agus as san amach.

Córú agus toghadh údarás áirithe baile.

34. —(1) San alt so ní fholuíonn an focal “buirg” contaebhuirg ná buirg Dhún Laoghaire ná buirg na Gaillimhe.

(2) Roimh na céad toghacháin a comófar tar éis teacht i bhfeidhm don alt so do bhaill comhairlí buirge, comhairlí bailecheanntair agus do choimisinéirí baile, déanfaidh an tAire, le hordú, líon iomlán ball gach comhairle no coimisinéirí den tsórt san do shocrú agus, ar an gcúigiú, lá tar éis an lae socrófar chun na dtoghachán san do chomóradh agus as san amach agus chun crícheanna na dtogachán san, isé líon na mball san ná an líon socrófar amhlaidh.

(3) Fé réir forálacha an chéad ailt eile, beidh le linn gach toghacháin do bhaill aon chomhairle buirge no comhairle bailecheanntair no coimisinéirí baile aon togh-líomatáiste amháin ann is ionann agus an bhuirg no an bailecheanntar no an baile sin (pé aca é) agus toghfar na baill sin uile don togh-líomatáiste sin.

(4) Fé réir forálacha an chéad ailt eile beidh ceathrar seanóirí ann in aghaidh gach buirge.

(5) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní a choisceann no a shrianann aon atharú fé Airteagal 26 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ar uimhir bhall comhairle aon bhailecheanntair no buirge.

Buirgí agus baile-cheanntair do roinnt ina dhá dtoghlíomatáiste no níos mó.

35. —(1) San alt so ní fholuíonn an focal “buirg” contae-bhuirg ná buirg Dhún Laoghaire ná buirg na Gaillimhe.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon bhuirg no bailecheanntar do roinnt ina dhá thogh-líomatáiste áitiúla no níos mó agus a shocrú cá mhéid de bhaill chomhairle na buirge no an bhailecheanntair sin a bheidh le toghadh do gach líomatáiste den tsórt san.

(3) An roinnt ina dhá thogh-líomatáiste áitiúla no níos mó a déanfar le hordú fén alt so ar bhuirg no ar bhailecheanntar beidh éifeacht aici chun crícheanna an chéad toghacháin a comórfar tar éis an orduithe sin do dhéanamh agus as san amach.

(4) Isé méid ball, de chomhairle bhuirge no bhailecheanntair le n-a mbainfidh ordú fén alt so, a bheidh le toghadh do gach toghlíomatáiste áitiúil fé leith in aon toghachán a comórfar tar éis an orduithe sin do dhéanamh ná an méid a socrófar chuige sin leis an ordú san,

(5) I ngach buirg go mbeidh ordú fén alt so i bhfeidhm maidir léi beidh, amhail ón gcéad tóghachán a comórfar tar éis an orduithe sin do dhéanamh, dhá sheanóir do gach togh-líomatáiste áitiúil sa bhuirg sin a toghfar o gach líomatáiste den tsórt san.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, ceiliúradh no leasú no atharú do dhéanamh ar ordú fén alt so (agus ordú fén bhfo-alt so d'áireamh), agus beidh éifeacht ag gach ceiliúradh, leasú, no atharú den tsórt san chun crícheanna an chéad toghacháin a comórfar tar éis an cheiliúrtha, an leasuithe, no an atharuithe sin do dhéanamh agus as san amach.

Seanóirí buirge tar éis toghacháin gan comhrac.

36. —Mara dtógtar aon vótaíocht in aon togh-líomatáiste buirge áirithe i dtoghachán do bhaill den chomhairle bheidh bunuithe le dlí d'aon chontae-bhuirg no buirg eile (seachas buirg Dhún Laoghaire), isé uimhir de sheanóirí bheidh toghtha ón toghlíomatáiste buirge sin don bhuirg sin ná an uimhir a toghfaí dá dtógtaí an vótaíocht san, agus cinnfidh an chomhairle sin cé hiad na baill, a bheidh toghtha sa toghachán san ón toghlíomatáiste buirge sin, a bheidh ina seanóirí don bhuirg sin.

I gcás gan dóthain daoine d'ainmniú chun quorum do dhéanamh.

37. —(1) Más rud é, le linn iarrthóirí d'ainmniú i dtoghachán do bhaill d'údarás áitiúil, ná hainmneofar go cuibhe aon iarrthóirí no gur lugha ná an quorum do chruinnithe den údarás áitiúil sin an méid iarrthóirí a hainmneofar go cuibhe ní leanfar den toghachán san agus beidh éifeacht ag Cuid IV den Acht so maidir leis an údarás áitiúil sin fé is dá mbeadh baill an údaráis áitiúil sin curtha as oifig fén gCuid sin IV an lá bhí an toghachán san le comóradh no, más toghachán nua do réir bhrí na Coda san IV an toghachán san fé is dá mbeidís curtha as oifig arís fén gCuid sin IV.

(2) Más rud é, de bhun fo-ailt (1) den alt so, ná leanfar de thoghachán agus go leanfaí den toghachán san mara mbeadh an ceann cóimhrimh dá chinneadh diúltú do ghlacadh le hainmniúchán amháin no níos mó d'iarrthóirí, féadfar cinneadh an chinn chóimhrimh i dtaobh an ainmniúcháin sin no i dtaobh aon cheann no cinn áirithe de sna hainmniúcháin sin (do réir mar bheidh) do chonspóid tré achuinge thoghacháin.

(3) I gcás an chúirt a thriailfidh achuinge thoghacháin maidir le toghachán do bhaill d'údarás áitiúil dá dhearbhú ná raibh sé ceart, toisc easnamh do bheith ar an uimhir d'iarrthóirí do bhí ainmnithe go cuibhe, leanúint den toghachán san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe nár comóradh an toghachán san agus is tuigthe nár tháinig na daoine do toghadh sa toghachán san i seilbh oifige;

(b) gach gníomh do rinneadh sa tréimhse idir an lá do críochnuíodh an toghachán san agus an lá do tugadh breith ar an achuinge thoghacháin sin agus do rinne na daoine no duine no níos mó de sna daoine a dearbuíodh a toghadh sa toghachán san agus ba ghníomh do thug le tuigsint é bheith ina ghníomh do rinne an t-údarás áitiúil sin no ina ghníomh do rinneadh de bhuadh an duine no na daoine sin (do réir mar a bheidh) do bheith ina bhall no ina mbaill den údarás áitiúil sin, beidh sé chó bailidhe agus chó héifeachtúil agus do bheadh dá mbeadh na daoine go léir, a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san, toghtha go bailidhe agus cáilithe chun gníomhú mar bhaill den údarás áitiúil sin;

(c) gach gníomh den tsórt san do rinne duine aonair a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san agus a dearbhuíodh ina dhiaidh sin a ceapadh chun oifige mar chathaoirleach, mar árd-mhéara, no mar mhéara ar an údarás áitiúil sin agus ba ghníomh do thug le tuigsint é bheith ina ghníomh do rinneadh de bhuadh na hoifige sin, beidh sé chó bailidhe agus chó héifeachtúil agus do bheadh dá mbeadh na daoine go léir, a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san, toghtha go bailidhe agus cáilithe chun gníomhú mar bhaill den údarás áitiúil sin agus go mbeadh an duine aonair sin ceaptha go bailidhe chun na hoifige sin;

(d) fé réir forálacha an fho-ailt seo, beidh éifeacht ag Cuid IV den Acht so maidir leis an údarás áitiúil sin fé is dá mbeadh baill an údaráis áitiúil sin curtha as oifig fén gCuid sin IV an lá do comóradh an toghachán san no, má ba thoghachán nua do réir bhrí na Coda san IV an toghachán san, fé is dá mbeidís curtha as oifig arís fén gCuid sin IV.

(4) Más rud é go ndiúltóidh an ceann cóimhrimh i dtoghachán do bhaill d'údarás áitiúil do ghlacadh le haon ainmniúchán no ainmniúcháin áirithe agus ná leanfar den toghachán san de dhruim an chinnte sin agus go ndéanfaidh cúirt a thriailfidh achuinge thoghacháin ag conspóid an chinnte sin a dhearbhú go raibh an cinneadh sin mí-cheart agus go raibh sé ceart leanúint den toghachán san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe Cuid IV den Acht so do bheith i bhfeidhm de bhun fo-ailt (1) den alt so maidir leis an údarás áitiúil sin ón lá ar a raibh an toghachán san le comóradh agus leanfaidh de bheith i bhfeidhm amhlaidh go dtí go dtiocfaidh na daoine i seilbh oifige toghfar sa chéad toghachán eile comórfar do réir na céad mhíre eile den fho-alt so;

(b) chó luath agus is féidir é tar éis breith do bheith tugtha ar an achuinge thoghacháin sin ceapfaidh an tAire lá chun toghachán do bhaill an údaráis áitiúil sin do chomóradh agus comórfar an toghachán san an lá san.

Easba ainmniúchán ná tiocfaidh díth quorum di.

38. —Más rud é, toisc easnamh do bheith ar an uimhir d'iarrthóirí a hainmneofar go cuibhe i dtogh-líomatáiste amháin no níos mó, gur lugha an uimhir d'iarrthóirí is féidir a thoghadh i dtoghachán do bhaill d'údarás áitiúil ná an uimhir iomlán de bhaill is féidir a thoghadh sa toghachán san ach nach lugha a n-uimhir ná an quorum do chruinnithe den údarás áitiúil sin, beidh an t-údarás áitiúil sin có-dhéanta go dleathach de bhuadh an toghacháin sin d'ainneoin na bhfolúntas a bheidh ann de dhruim an easnaimh sin agus féachfar chun gach críche (agus crícheanna an Achta so d'áireamh) ar na folúntaisí sin mar fhoth-fholúntaisí do thárla, díreach tar éis an toghacháin sin, de dhaoine do dhiúltú d'oifig a ghlacadh agus líonfar iad dá réir sin.

Toghacáin do stiúradh, etc.

39. —In ionad fo-airteagail (3) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'Airteagal 5 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, achtuítear leis seo gur tré bhallóid a tógfar an vótaíocht i ngach toghachán a rialófar le rialacha bheidh ceaptha fén Ordú san agus beidh feidhm ag na hachtacháin atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, sa mhéid a luaidhtear sa Sceideal san agus fé réir aon oiriúnuithe, atharuithe, agus eisceachtaí bheidh déanta leis na rialacha san, maidir leis an toghachán san fé mar atá feidhm aca maidir le toghachán cathrach.

I gcás gan duine do ghlacadh le hoifig.

40. —(1) Aon duine toghfar no roghnófar chun bheith ina bhall d'údarás áitiúil agus dar gá do réir aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so glacadh le hoifig mar bhall den tsórt san tré dhearbhú, ag glacadh leis an oifig sin, do dhéanamh agus do shighniú fé cheann tréimhse áirithe, mara nglacaidh leis an oifig sin amhlaidh beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe an duine sin do dhiúltú don oifig sin, agus

(b) beidh an oifig sin folamh agus is tuigthe, chun crícheanna gach forála (agus forálacha atá san Acht so d'áireamh) a bhaineann le foth-fholúntaisí imeasc ball an údaráis áitiúil sin, í do theacht chun bheith folamh de dhruim a sealbhóir d'eirghe as an lá deiridh den tréimhse sin.

(2) Ní bheidh éifeacht a thuilleadh ag aon fhoráil atá in aon achtachán tré n-a dhligheann duine fíneáil d'íoc má fhaillíonn sa tslí luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so glacadh le hoifig mar bhall d'údarás áitiúil.

Gníomhartha do dhéanamh agus ceisteanna do chinneadh ag cruinnithe.

41. —D'ainneoin éinní atá in aon achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so no thiocfaidh i bhfeidhm ar aon-am leis an alt so—

(a) aon ghníomh is ceaduithe, de bhuadh aon achtacháin den tsórt san, do mhóráireamh de sna baill a bheidh i láthair ag cruinniú cuibhe-chóruithe d'údarás áitiúil do dhéanamh ag an gcruinniú san is ceaduithe do mhóráireamh de sna baill sin a vótálfaidh ag an gcruinniú san, cuid aca i bhfábhar agus cuid aca in aghaidh a dhéanta, an gníomh san do dhéanamh, agus

(b) aon cheist is ceaduithe, de bhuadh aon achtacháin den tsórt san, do mhóráireamh de sna baill a bheidh i láthair ag cruinniú cuibhe-chóruithe d'údarás áitiúil do chinneadh ag an gcruinniú san is ceaduithe do mhóráireamh de sna baill sin a vótálfaidh ag an gcruinniú san i dtaobh a cinnte an cheist sin do chinneadh.

Foth-fholúntaisí imeasc ball baile-údarás áirithe.

42. —(1) Má thárlann folúntas (dá ngairmtear fothfholúntas san alt so) imeasc ball comhairle buirge (seachas contae-bhuirg no buirg Dhún Laoghaire) no comhairle bailecheanntair no coimisinéirí aon bhaile de dhruim ball díobh d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhí-cháilíocht no do dhiúltú do ghlacadh le hoifig, líonfaidh an chomhairle no an bord san an folúntas san, tar éis fógra cuibhe do thabhairt, ag an gcéad chruinniú bheidh aca i gceann mí tar éis an fholúntais sin do thárlachtaint no chó luath ina dhiaidh sin agus is féidir sa chás.

(2) Gach duine roghnófar fén alt so chun foth-fholúntas do líonadh beidh sé, marab éag no eirghe as no teacht fé dhícáilíocht dó roimhe sin no mara ndiúltuighidh do ghlacadh le hoifig roimhe sin, i seilbh oifige ar feadh a mbeidh gan caitheamh den téarma do bheadh an ball tré n-ar thárla an folúntas san i seilbh oifige dá mba nárbh éag ná eirghe as ná teacht fé dhícháilíocht dó no dá mba ná diúltódh do ghlacadh le hoifig (do réir mar a bheidh).

(3) Gach duine roghnófar fén alt so chun foth-fholúntas imeasc ball comhairle buirge do líonadh is mar chomhairleoir a bheidh sé i seilbh oifige pé aca ba sheanóir no ba chomhairleoir an ball den chomhairle sin tré n-ar thárla an folúntas san.

(4) Le linn bheith in oifig do dhuine roghnófar fén alt so chur foth-fholúntas imeasc ball comhairle buirge do líonadh do thárla de dhruim seanóir d'éag no d'eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht no do dhiúltú do ghlacadh le hoifig beidh uimhir seanóirí na buirge sin laigheaduithe d'aon.

An nós imeachta leanfar i dtoghachán árd-mhéara no méara no cathaoirligh.

43. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas i dtoghachán árd-mhéara no méara chontae-bhuirge no bhuirge eile no cathaoirligh aon údaráis áitiúil, sé sin le rá:—

(a) tosnófar na himeachta tré bhall no baill do thairgsint agus tré chuidiú leis an tairgsint sin agus ní bheidh duine ar bith ina iarrthóir ná tairgfear agus ná cuideofar le hé thairgsint;

(b) mara mbeidh ann ach aon iarrthóir amháin beidh an t-iarrthóir sin toghtha;

(c) má bhíonn níos mó ná dhá iarrthóir ann tógfar vótaíocht;

(d) má vótálann móráireamh de sna baill a bheidh i láthair sa vótaíocht san le haon iarrthóir áirithe beidh an t-iarrthóir sin toghtha;

(e) má thárlann sa vótaíocht san ná faghaidh aon iarrthóir vótaí móráirimh de sna baill a bheidh i láthair, leigfear ar lár an t-iarrthóir is lugha vótaí agus, fé réir forálacha míre (g) den fho-alt so, tógfar vótaíocht no vótaíochta eile (fé mar is gá);

(f) beidh feidhm ag míreanna (d) agus (e) den fho-alt so maidir leis an vótaíocht no na vótaíochta eile sin;

(g) mara mbeidh ann ach dhá iarrthóir, no má bhíonn na hiarrthóirí uile ach beirt leigthe ar lár de bharr vótaíochta no vótaíochtaí do tógadh fén bhfo-alt so, cuirfear ceist chun na mball a bheidh i láthair i dtaobh cé aca de sna hiarrthóirí sin a toghfar agus an t-iarrthóir aca san is mó gheobhaidh de vótaí ar an gceist sin beidh sé toghtha;

(h) má eiríonn aon cheist fén bhfo-alt so, de bharr cóionannas vótaí idir dhá iarrthóir no níos mó, i dtaobh cá aca de sna hiarrthóirí sin a leigfear ar lár no cé aca de sna hiarrthóirí sin a toghfar, socrófar an cheist sin le crannchur.

(2) Iarrthóir i dtoghachán d'árd-mhéara no méara contaebhuirge no buirge eile no do chathaoirleach aon údaráis áitiúil ní tuigthe leas airgid do bheith aige sa toghachán san toisc tuarastal do bheith ag gabháil le hoifig an árd-mhéara no an mhéara no an chathaoirligh sin agus dá réir sin is cead don iarrthóir sin vótáil agus páirt do ghlacadh sna himeachta sa toghachán san.

CUID IV.

Na Baill d'Udaras Áitiúil do Chur as Oifig.

Na baill d'údarás áitiúil do chur as oifig.

44. —(1) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh—

(a) gur deimhin leis an Aire, tar éis fiosrúchán áitiúil do chur ar siúl i dtaobh na slí ina gcólíonann údarás áitiúil a ndualgais, ná fuil na dualgais sin á gcólíonadh go cuibhe agus go héifeachtúil, no

(b) go ndiúltóidh no go bhfailleoidh údarás áitiúil breithiúnas, ordú, no aithne o aon chúirt do chólíonadh, no

(c) go ndiúltóidh údarás áitiúil, tar éis fógra cuibhe d'fháil, leigint d'iniúchóir don Aire a gcuntais d'iniúchadh, no

(d) gur lugha an uimhir de bhaill údaráis áitiúil le n-ar féidir gníomhú ná an uimhir is quorum do chruinnithe den údarás áitiúil sin,

féadfaidh an tAire, le hordú, baill an údaráis áitiúil sin do chur as oifig.

(2) Sa Chuid seo den Acht so déanfar gach tagairt do dhuine do chur as oifig do léiriú mar thagairt do dhuine do chur as oifig fén alt so.

Toghachán nua do chomóradh tar éis baill do chur as oifig.

45. —(1) Ceapfaidh an tAire lá chun toghachán (dá ngairmtear toghachán nua sa Chuid seo den Acht so) do chomóradh do bhaill aon údaráis áitiúil go mbeidh a mbaill curtha as oifig agus comórfar an toghachán san an lá san.

(2) Isé lá ceapfar fén alt so chun toghachán nua do chomóradh ná—

(a) i gcás tréimhse de thrí bliana, tar éis baill an údaráis áitiúil iomchuibhe do chur as oifig, do dhul in éag, laistigh de bhliain roimh an gcéad lá de thréimhse inar ghá toghachán reachtúil do bhaill an údaráis áitiúil sin mara mbeadh an cur-as-oifig sin—

(i) aon lá i rith na tréimhse inar-ghá an toghachán san mara mbeadh an cur-as-oifig sin, agus

(ii) aon lá laistigh de thréimhse de thrí bliana tar éis an churtha-as-oifig sin, agus

(b) in aon chás eile, aon lá laistigh de thréimhse de thrí bliana tar éis an churtha-as-oifig sin.

(3) Má cuirtear baill aon údaráis áitiúil áirithe as oifig agus, do réir forálacha na nAchtanna um Thoghacháin Áitiúla, 1937 agus 1940, go mbeidh toghachán do bhaill an údaráis áitiúil sin le comóradh an lá is lá ceaptha chun crícheanna na nAchtanna san, comórfar an toghachán san an lá san agus is tuigthe, chun crícheanna na Coda so den Acht so, gur toghachán nua é.

(4) Na forálacha de Chuid II den Acht um Thoghacháin Áitiúla, 1937 (Uimh. 39 de 1927) , i dtaobh na nithe seo leanas, beidh feidhm aca maidir le húdarás áitiúil ar n-a chórú le toghachán nua fé is dá mba thoghachán cinn trí mblian an toghachán nua san, sé sin le rá:—

(a) na dátaí ar a dtiocfaidh baill in oifig tar éis toghacháin chinn trí mblian.

(b) cruinnithe bliantúla agus cruinnithe ráithiúla do chomóradh, agus

(c) an gnó déanfar ag cruinnithe bliantúla agus cruinnithe ráithiúla.

(5) Má cuirtear baill aon údaráis áitiúil áirithe as oifig ní comórfar aon toghachán, seachas toghachán nua, do bhaill an údaráis áitiúil sin i rith na tréimhse idir an cur-as-oifig sin agus teacht in oifig do sna baill den údarás áitiúil sin a toghfar i dtoghachán nua.

(6) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so ní thiocfaidh de bhaill aon údaráis áitiúil áirithe do chur as oifig agus toghachán nua do chomóradh na blianta d'atharú ina mbeidh toghacháin chinn trí mblian do sna baill sin le comóradh.

Nithe leanfaidh as achuinge thoghacháin.

46. —Má dhearbhuíonn an chúirt a thriailfidh achuinge thoghacháin i dtaobh toghacháin nua an toghachán nua san do bheith gan bhrí de dhruim cúise ar bith séachas gan dóthain iarrthóirí do bheith ainmnithe go cuibhe no má dheineann ordú gur lugha, dá bhuadh, an uimhir daoine do toghadh go bailidhe sa toghachán san ná an uimhir is quorum do chruinnithe den údarás áitiúil iomchuibhe, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun crícheanna na Coda so den Acht so (lasmuich den alt so) is tuigthe nár comóradh an toghachán san agus is tuigthe nár tháinig na daoine do toghadh sa toghachán san in oifig, agus beidh feidhm dá réir sin ag an gCuid seo den Acht so (lasmuich den alt so);

(b) gach gníomh do rinneadh sa tréimhse idir an lá do críochnuíodh an toghachán san agus an lá do tugadh breith ar an achuinge thoghacháin sin agus do rinne na daoine no duine no níos mó de sna daoine a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san agus ba ghníomh do thug le tuigsint é bheith ina ghníomh do rinne an t-údarás áitiúil sin no ina ghníomh do rinneadh de bhuadh an duine no na daoine sin do réir mar a bheidh do bheith ina bhall no ina mbaill den údarás áitiúil sin, beidh sé chó bailidhe agus chó héifeachtúil agus do bheadh dá mbeadh na daoine go léir, a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san, toghtha go bailidhe agus cáilithe chun gníomhú mar bhaill den údarás áitiúil sin;

(c) gach gníomh den tsórt san do rinne duine aonair a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san agus a dearbhuíodh ina dhiaidh sin a ceapadh chun oifige mar chathaoirleach, mar árd-mhéara, no mar mhéara ar an údarás áitiúil sin agus ba ghníomh do thug le tuigsint é bheith ina ghníomh do rinneadh de bhuadh na hoifige sin, beidh sé chó bailidhe agus chó héifeachtúil agus do bheadh dá mbeadh na daoine go léir, a dearbhuíodh a toghadh sa toghachán san, toghtha go bailidhe agus cáilithe chun gníomhú mar bhaill den údarás áitiúil sin agus go mbeadh an duine aonair sin ceaptha go bailidhe chun na hoifige sin;

(d) chó luath agus is féidir é tar éis breith do bheith tugtha ar an achuinge thoghacháin sin ceapfaidh an tAire lá chun toghachán do bhaill den údarás áitiúil sin do chomóradh agus beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht so fé is dá mba thoghachán nua do ceapfaí fúithi go cuibhe an toghachán san.

Fianaise ar ainmniú.

47. —Deimhniú fé láimh an chinn chóimhrimh i dtoghachán nua á rá cé méid duine do hainmníodh go cuibhe le haghaidh an toghacháin sin beidh sé, chun crícheanna na Coda so den Acht so, ina fhianaise dho-chlaoite ar an méid daoine do hainmníodh amhlaidh.

Coimisinéirí do cheapadh.

48. —(1) Chun go bhféadfaidh údarás áitiúil go mbeidh a mbaill curtha as oifig feidhmiú ar feadh na tréimhse idir am an churtha-asoifig sin agus am na mball a toghfar i dtoghachán nua do theacht in oifig, ceapfaidh an tAire o am go ham duine no daoine ina choimisinéir no ina gcoimisinéirí don údarás áitiúil sin.

(2) Féadfaidh an tAire—

(a) aon choimisinéir d'údarás áitiúil a bheidh ceaptha fén alt so do chur as oifig agus duine eile do cheapadh ina choimisinéir don údarás áitiúil sin ina ionad,

(b) má bhíonn coimisnéir no coimisnérí ann a bheidh ceaptha fén alt so d'údarás áitiúil, duine no daoine do cheapadh ina choimisinéir bhreise no ina gcoimisinéirí breise don údarás áitiúil sin, agus

(c) má bhíonn dhá choimisinéir no níos mó ann a bheidh ceaptha fén alt so d'údarás áitiúil, líon na gcoimisinéirí sin do laigheadú agus, chuige sin, duine no níos mó de sna coimisinéirí sin do chur as oifig.

(3) Sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “coimisinéir” coimisinéir ar n-a cheapadh fén alt so.

Coiminiséirí d'fheidhmiú comhacht, etc.

49. —(1) I gcaitheamh na tréimhse idir baill aon údaráis áitiúil áirithe do chur as oifig agus na baill a toghfar i dtoghachán nua do theacht in oifig isiad coimisinéir no coimisinéirí an údaráis áitiúil sin fheidhmeoidh no chólíonfaidh gach comhacht, feidhm, no dualgas is infheidhmithe no bhíonn le cólíonadh ag baill an údaráis áitiúil sin ag gníomhú dhóibh le chéile i gcruinniú den údarás áitiúil sin no is infheidhmithe no bhíonn le cólíonadh ag aon bhall no baill den údarás áitiúil sin de bhuadh na ballraíochta san no de bhuadh oifige cathaoirligh, árd-mhéara, no méara.

(2) Sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so foluíonn an focal “comhacht” gach comhacht cheaduitheach chun coiste do cheapadh agus fós, i gcás comhairle bailecheanntair, comhacht chun ordú d'iarraidh ar an Aire fé alt 74 d'Acht 1925.

(3) Faid a bheidh aon chomhacht cheaduitheach, chun coiste do cheapadh, infheidhmithe fén alt so ag coimisinéir no coimisinéirí, beidh ar fiunraoi aon fhoráil reachtúil no eile le n-a gcoimeádtar ballraíocht an choiste sin i bpáirt no go hiomlán do bhaill d'aon údarás áitiúil áirithe.

(4) Chun deireadh do chur le hamhrais dearbhuítear leis seo, maidir le húdarás áitiúil do scuireadh roimh theacht i bhfeidhm don alt so de dhruim orduithe ar n-a dhéanamh fé alt 72 d'Acht 1925, go raibh na comhachta so leanas infheidhmithe le ré an scuir sin ag an gcólucht no ag an duine no na daoine chun a raibh comhachta agus dualgais an údaráis áitiúil sin aistrithe de thurus na huaire, sé sin le rá, na comhachta do bheadh infheidhmithe de bhuadh an ailt seo ag an gcoimisinéir no coimisinéirí don údarás áitiúil sin dá mbeadh an Chuid seo den Acht so i bhfeidhm agus go gcuirfí baill an údaráis áitiúil sin as oifig fé.

Sealbhaíocht oifige agus luach saothair coimisinéara.

50. —(1) Féadfaidh an tAire sealbhaíocht oifige aon choimisinéara áirithe do cheapadh.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú go n-íocfar luach saothair le haon choimisinéir áirithe agus méid an luach saothair sin do cheapadh, agus déanfar an luach saothair sin ar n-a cheapadh amhlaidh d'íoc as ioncum an údaráis áitiúil iomchuibhe mar chuid dá gcostais ghenerálta.

Údaráis áitiúla scurtha.

51. —(1) Má thárlann, díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, údarás áitiúil do bheith scurtha de bhuadh ailt 72 d'Acht 1925 agus orduithe ar n-a dhéanamh fé fho-alt (1) den alt san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas ar theacht i bhfeidhm don alt so, sé sin le rá:—

(a) scuirfidh an t-údarás áitiúil sin de bheith scurtha amhlaidh agus beidh sé ath-bhunuithe de bhuadh an ailt seo,

(b) gan dochar do sna míreanna ina dhiaidh seo den fho-alt so, dílseoidh maoin, comhachta, agus dualgais uile an údaráis áitiúil sin san údarás áitiúil sin mar a bheidh ath-bhunuithe amhlaidh,

(c) beidh feidhm ag an gCuid seo den Acht so maidir leis an údarás áitiúil sin agus chuige sin is tuigthe a mbaill do bheith curtha as oifig agus is tuigthe an duine no na daoine bheidh ag cólíonadh dualgas an údaráis áitiúil sin de bhun an ailt sin 72 díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so do bheith ina choimisinéir no ina gcoimisinéirí don údarás áitiúil sin, agus

(d) isé dáta ar ar tuigthe de bhun na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so baill an údaráis áitiúil sin do chur as oifig ná—

(i) i gcás an t-údarás áitiúil sin do leanúint ar scur de bhíthin ailt 4 den Acht Rialtais Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1935 (Uimh. 41 de 1935) , an dáta is déanaighe do ceapadh chun toghachán do bhaill an údaráis áitiúil sin do chomóradh de bhun fo-ailt (5) d'alt 72 d'Acht 1925, no

(ii) in aon chás eile, dáta an údaráis áitiúil sin do scur.

(2) Gach ordú bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus do rinneadh fé fho-alt (6) d'alt 72 d'Acht 1925 no fén Acht Rialtais Áitiúla, 1931 (Uimh. 19 de 1931) , i dtaobh údaráis áitiúil no do rinneadh fén dara hAcht san i dtaobh fochóluchta do réir bhrí an Achta san, leanfaidh i bhfeidhm, go pé atharuithe air is gá sa chás, ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin mar ordú ar n-a dhéanamh fén gCuid seo den Acht so agus féadfar a leasú no a cheiliúradh dá réir sin.

Fo-chóluchta.

52. —(1) I gcás baill aon údaráis Áitiúil áirithe do chur as oifig féadfaidh an tAire, le hordú, pé socrú do dhéanamh, i dtaobh aon fho-chóluchta do ceapadh i bpáirt no go hiomlán ag an údarás áitiúil sin, is dóich leis is gá no is oiriúnach chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an fo-chólucht san d'ainneoin an churtha-as-oifig sin agus, go sonnrách, féadfaidh, le hordú,—

(a) más gá do réir dlí an fo-chólucht san do bheith có-dhéanta ar fad de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag an údarás áitiúil sin,—

(i) comhachta, dualgais, agus maoin an fho-chóluchta san d'aistriú go dtí an coimisinéir no na coimisinéirí don údarás áitiúil sin agus socrú do dhéanamh chun go ndéanfaidh an coimisinéir no na coimisinéirí sin féin go díreach na comhachta agus na dualgais sin d'fheidhmiú agus do chólíonadh, no

(ii) pé socrú do dhéanamh is dóich leis is gá no is oiriúnach chun baill an fho-chóluchta san do cheapadh, agus daoine áirithe do cheapadh ina mbaill den chéanna d'áireamh, agus chun uimhir bhall agus quorum an fho-chóluchta san do laigheadú, agus chun aon achtachán, reachtúil no eile, do chur ar fiunraoi gur gá dá réir gur bhaill den údarás áitiúil sin baill an fho-chóluchta san, agus

(b) más gá do réir dlí an fo-chólucht san do bheith códhéanta, go leathrannach amháin, de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag an údarás áitiúil sin, pé socrú do dhéanamh is dóich leis is ceart chun gach ionad no aon ionad no ionaid imeasc ball an fho-chóluchta san do líonadh is gá do réir dlí do líonadh le daoine ar n-a n-ainmniú ag an údarás áitiúil sin, agus daoine áirithe do cheapadh chun ionad den tsórt san d'áireamh, agus chun aon fhoráil, reachtúil no eile, do chur ar fiunraoi gur gá dá réir gach ionad no aon ionad no ionaid aca san do líonadh le daoine is baill den údarás áitiúil sin, agus chun uimhir na n-ionad san do laigheadú agus uimhir iomlán ball agus quorum an fho-chóluchta san do laigheadú de dheascaibh an laigheaduithe sin.

(2) I gcás duine i seilbh aon oifige áirithe in údarás áitiúil no fé do bheith do réir dlí ina bhall d'aon chólucht eile de bhuadh é bheith i seilbh na hoifige sin is tuigthe, chun crícheanna an ailt seo, é bheith ina bhall den chólucht san ar n-a ainmniú ag an údarás áitiúil sin.

(3) San alt so cialluíonn an focal “fo-chólucht” bárdas, coiste, bord no cólucht eile is gá do réir dlí do bheith có-dhéanta ar fad no go leathrannach de dhaoine ar n-a n-ainmniú ag údarás áitiúil no ag dhá údarás áitiúla no níos mó.

Orduithe á thabhairt go mbeidh lánfheidhm agus lán-éifeacht ag an gCuid seo den Acht so.

53. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, gach ní agus gach rialachán do dhéanamh is dóich leis is gá no is oiriúnach chun go bhféadfaidh údarás áitiúil a mbeidh a mbaill curtha as oifig feidhmiú go cuibhe agus go héifeachtúil agus, go generálta, chun go mbeidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an gCuid seo den Acht so.

(2) Féadfaidh an tAire le hordú, i bhfeidhmiú na gcomhacht do bheirtear dó leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so ach gan dochar do gheneráltacht an chéanna—

(a) socrú do dhéanamh chun ionadaidhe d'fheidhmiú agus do chólíonadh comhacht agus dualgas coimisinéara bheidh breoite no as láthair ar saoire,

(b) i gcás aon choimisinéir áirithe do bheith ina chólucht, corparuithe no nea-chorparuithe, socrú do dhéanamh chun baill den chólucht san d'fheidhmiú agus do chólíonadh aon chomhacht no dualgas is infheidhmithe no bheidh le cólíonadh ag baill den údarás áitiúil. dar coimisinéir an cólucht san, de bhunadh a mballraíochta no ag árd-mhéara, méara, no cathaoirleath (do réir mar a bheidh) an údaráis áitiúil sin de bhuadh a bhallraíochta, agus

(c) má bhíonn dhá choimisinéir no níos mó ann d'údarás áitiúil, socrú do dhéanamh go generálta no i dtaobh aon chúrsaí áirithe chun na gcoimisinéirí sin do ghíomhú ar leithligh no in éineacht no tré mhóráireamh.

(3) Féadfaidh an tAire le hordú, leasú no ceiliúradh do dhéanamh ar aon ordú bheidh déanta fén alt so (agus aon ordú bheidh déanta fén bhfo-alt so d'áireamh).

Sean-achtacháin d'oiriúnú.

54. —(1) Féadfaidh an tAire aon achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so d'oiriúnú agus d'atharú le hordú ar gach slí is dóich leis is gá no is oiriúnach chun go mbeidh lán-fheidhm agus lán-éifeacht ag an gCuid seo den Acht so no ag an achtachán san.

(2) Fé réir aon oiriúnuithe no atharuithe déanfar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus gan dochar don chéanna, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so, sé sin le rá:—

(a) gach luadh no tagairt d'ordú le n-a scuirtear údarás áitiúil fé alt 72 d'Acht 1925 léireofar é mar luadh no mar thagairt d'ordú le n-a gcuirtear baill an údaráis áitiúil sin as oifig;

(b) gach luadh no tagairt d'údarás áitiúil do scur fén alt san 72 léireofar é mar luadh no mar thagairt do sna baill d'údarás áitiúil do chur as oifig;

(c) gach luadh no tagairt d'údarás áitiúil do scuireadh fén alt san 72 léireofar é mar luadh no mar thagairt d'údarás áitiúil ar cuireadh a mbaill as oifig;

(d) gach luadh no tagairt don chólucht, do sna daoine, no don duine chun a mbeidh comhachta agus dualgais údaráis áitiúil aistrithe de thurus na huaire le hordú fén alt san 72, léireofar é mar luadh no mar thagairt do choimisinéir no do sna coimisinéirí d'údaras áitiúil;

(e) gach luadh no tagairt do thoghachán do bhaill d'údarás áitiúil fén alt san 72 léireofar é mar luadh no mar thagairt do thoghachán nua do bhaill d'údarás áitiúil.

(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus a bheidh san caothúil tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lae is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh fé roimhe sin.

Údarás áitiúil do leanúint ar marthain.

55. —Ní dhéanfa sé deifir do bhuan-mharthanacht údaráis áitiúil fé n-a dteideal dílis do réir dlí mar chólucht corparuithe no neachorparuithe (pé aca é) baill an údaráis áitiúil sin do chur as oifig no, más bárdas contae-bhuirge no buirge eile an t-údarás áitiúil sin, oifig an árd-mhéara no an mhéara agus oifigí na seanóirí do bheith folamh mar gheall ar an gcur-as-oifig sin.

CUID V.

Foralacha i dtaobh Ratai.

Srian le feidhm an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928.

56. —Ionoighreacht do bheadh, mara mbeadh an t-alt so, ina tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , alos aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe, ní bheidh sí, alos na bliana airgeadais áitiúla san, ina tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta san i gcás an ionoighreacht san do bheith dílsithe san Iontaobhas Talmhan do Mháirnéalaigh agus Saighdiúirí Eireannacha an 1adh lá d'Abrán na bliana airgeadais áitiúla san.

Dí-cháiliú mar gheall ar gan rátaí d'íoc.

57. —Má thárlann i gceann aon bhliana airgeadais áitiúla, maidir le méid aon ráta do bhuail údarás áitiúil in aghaidh na bliana san, go mbeidh sé ar fad no go mbeidh cuid de gan íoc no, neachtar aca, go mbeadh an céanna gan íoc mara mbeadh go ndearna ráta-bhailitheoir é do roimh-íoc agus é d'íoc leis an údarás áitiúil sin, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) más ball d'aon údarás áitiúil i gcionn na bliana airgeadais sin an duine dhlighfidh an méid sin d'íoc leis an údarás áitiúil sin no leis an ráta-bhailitheoir sin (pé aca é), beidh sé dí-cháilithe chun leanúint ina bhall den údarás áitiúil sin,

(b) beidh an duine sin dí-cháilithe chun a thoghtha no a roghnuithe ina bhall d'aon údarás áitiúil go dtí go n-íocfaidh iomlán an mhéide sin.

Rátaí do ghlanadh tré shuim do chur ina gcoinnibh.

58. —Má bhíonn suim dlite ag aon duine ar údarás áitiúil agus, san am gcéanna, go mbeidh suim dlite ag an údarás áitiúil sin ar an duine sin alos rátaí no go mbeadh dlite alos rátaí amhlaidh mara mbeadh go ndearna ráta-bhailitheoir an tsuim sin do roimhíoc agus í d'íoc leis an údarás áitiúil sin féadfar an chéad tsuim sin do chur i bpáirt no go hiomlán, fé mar a bheidh oiriúnach, i gcoinnibh na dara suime sin.

Gabháil mar gheall ar rátaí.

59. —(1) San alt so—

ní fholuíonn an focal “rátaí” rátaí bheidh dlite ag údarás áitiúil, nach coimisinéirí baile, alos ionoighreachta is tigh comhnaithe beag do réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúla (Rátaí ar Thithe Comhnaithe Beaga), 1928 ( Uimh. 4 de 1928 ), agus a bheidh ar seilbh ag duine nach é a húnaer é do réir bhrí an Achta san;

cialluíonn an abairt “suim alos rátaí” suim a bheidh dlite ag údarás áitiúil alos rátaí no do bheadh dlite amhlaidh mara mbeadh í bheith íoctha ag ráta-bhailitheoir;

cialluíonn an abairt “na costais” na costais agus na héilithe uile, gan aon teora ach iad do bheith réasúnta, fé n-a ndeachthas aon uair áirithe, go díreach no go nea-dhíreach, chun an ghabháil gur ina taobh a húsáidtear an abairt sin do thógaint, do choimeád, d'iompar no do dhíol.

(2) An duine dhlighfidh suim alos rátaí do héilíodh go cuibhe d'íoc, mara n-íocaidh an tsuim sin fé cheann sé lá tar éis an éilimh sin do dhéanamh féadfaidh an ráta-bhailitheoir le n-a mbainfidh fógra do thabhairt don duine sin á innsint dó é bheith ar intinn aige, mara n-íocaidh an duine sin an tsuim sin fé cheann cheithre lá déag o am an fhógra san do thabhairt, an tsuim sin do chruinniú tré gabháil fén alt so.

(3) Más rud é ná déanfaidh duine dá mbeidh fógra tugtha fén bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt so an tsuim alos rátaí le n-a mbainfidh an fógra san d'íoc fé cheann cheithre lá déag o am an fhógra san do thabhairt, féadfaidh an ráta-bhailitheoir le n-a mbainfidh, gan aon údarás eile aige ach an barántas á údarú dhó an tsuim sin do bhailiú, an tsuim sin, maraon leis na costais, do chruinniú tré aon earraí, ainmhithe, no áirnéis éile (leis an duine sin no le héinne eile) do gheobhfar ar an ionoighreacht gur ina taobh a bheidh an tsuim sin dlite do ghabháil agus do dhíol no tré aon earraí, ainmhithe, no áirnéis eile leis an duine sin, pé áit ina bhfuighfear iad, do ghabháil agus do dhíol.

(4) Chun cruinniú tré ghabháil do dhéanamh fén alt so féadfaidh ráta-bhailitheoir aon tigh no áitreabh do bhriseadh ar oscailt de ló a ndiúltófar d'é leigint isteach ann no ná féadfaidh dul isteach ann ar aon tslí dhleathach eile.

(5) Féadfaidh ráta-bhailitheoir a cheangal ar bhall den Ghárda Síochána cabhrú leis chun a chomhachta fén alt so d'fheidhmiú agus déanfaidh an ball san do réir an cheanglais sin.

(6) Déanfar gabháil a tógfar fén alt so mar gheall ar shuim alos rátaí do choimeád cúig lá in áit ar bith is ceart dar leis an rátabhailitheoir le n-a mbainfidh, pé aca póna cothabháltar fén Acht Pónaí (Soláthar agus Cothabháil), 1935 (Uimh. 17 de 1935) , an áit sin no nach eadh, ach má híoctar an tsuim sin maraon leis na costais i rith an chúig lá san bhéarfar an ghabháil don duine do dhligh an tsuim sin d'íoc.

(7) Mara ndeintear an tsuim alos rátaí gur mar gheall uirthi tógfar gabháil fén alt so maraon leis na costais d'íoc i rith an chúig lá luaidhtear sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) díolfar an ghabháil sin ar cheaint phuiblí in áit ar bith is ceart dar leis an ráta-bhailitheoir le n-a mbainfidh agus is ceaduithe í aistriú chun na háite sin chun a díolta amhlaidh,

(b) go dtí go ndíolfar an ghabháil sin amhlaidh féadfar í choimeád in áit ar bith is ceart dar leis an rátabhailitheoir sin, pé aca póna cothabháltar fén Acht Pónaí (Soláthar agus Cothabháíl), 1925 (Uimh. 17 de 1935) , an áit sin no nach eadh,

(c) cuirfear sochar an díola san chun na costais, sa chéad áit, agus an tsuim sin alos rátaí, sa dara háit, do ghlanadh, agus

(d) déanfar an t-iarmhéid (más ann dó) as sochar an díola san d'íoc leis an duine do dhligh an tsuim sin d'íoc.

(8) Másé bheidh i ngabháil no i gcuid de ghabháil a tógfar agus a díolfar fén alt so ná earraí no ainmhithe no áirnéis eile nach leis an duine dhlighfidh an tsuim alos rátaí gur mar gheall uirthi tógfar an ghabháil sin d'íoc, beidh únaer an chéanna i dteideal luach na n-earraí no na n-ainmhithe no na h-áirnéise eile sin do bhaint den duine sin, tré aicsean, maraon le héiric i pé damáiste do thárla dhó de bhíthin é fhágaint in éamais na n-earraí no na n-ainmhithe no na h-áirnéise sin.

(9) Einní déanfar fé réim agus do réir an ailt seo ní conspóidfear é ar an bhforas nach fé réim no do réir aon achtacháin eile do rinneadh é.

Rátaí do leasú.

60. —(1) Údarás áitiúil ag á mbeidh rátaí chun seirbhíse aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe buailte féadfaid o am go ham, ach ní níos déanaighe ná deireadh na céad bhliana airgeadais áitiúla eile, na rátaí sin do leasú chun go mbeid do réir na n-achtachán a bhainfidh leo agus ag feidhmiú na comhachta san dóibh féadfaid go sonnrách aon leasuithe do dhéanamh is gá de dheascaibh—

(a) tuairiscí earraídeacha, ainmneacha daoine do chur síos nár cheart a rátú, agus earráidí cléireachais uimhríochta, agus earráidí eile,

(b) nithe d'fhágaint ar lár (agus ortha san ionoighreachta d'fhágaint ar lár ar fad agus ainmneacha daoine ba cheart a rátú d'fhágaint ar lár),

(c) ionoighreachta do shealbhú a bhí gan sealbhú roimhe sin,

(d) atharuithe i sealbhú.

(2) Pé uair a bheartóidh údarás áitiúil leasú do dhéanamh fén alt so—

(a) bhéarfaidh an t-údarás áitiúil sin fógra i dtaobh an leasuithe bheartuithe do gach duine le n-a mbaineann dar leo,

(b) déarfar i ngach fógra den tsórt san go bhféadfar agóidí i gcoinnibh an leasuithe bheartuithe do chur chun an údaráis áitiúil sin fé cheann seacht lá tar éis am an fhógra san do thabhairt, agus

(c) sara ndeinid an leasú san breithneoidh an t-údarás áitiúil sin na hagóidí (más aon cheann é) do fuarthas de bharr aon fhógra den tsórt san.

(3) Bhéarfaidh údarás áitiúil fógra don Choimisinéir Luachála i dtaobh gach leasuithe dhéanfaid fén alt so as a dtiocfaidh aon atharú ar na mion-innste bheidh sa liost luachála iomchuibhe bheidh ullmhuithe ag an gCoimisinéir sin fé sna hAchtanna Luachála.

(4) Gach duine ar a ngoillfidh aon leasú déanfar fén alt so beidh aige an ceart céanna (más ann dó) chun athchomharc do dhéanamh ina choinnibh do bheadh aige tráth na rátaí ionchuibhe do bhualadh dá mbeadh an leasú san déanta ortha an tráth san agus, maidir leis an duine sin, is tuigthe go ndearnadh an ráta go ngoilleann a leasú air do bhualadh an tráth do tugadh fógra dó i dtaobh an leasuithe sin.

(5) Déanfaidh údarás áitiúil pé aisíocanna no bhéarfaid pé creidmheasa (fé mar is gá sa chás) alos rátaí, agus beid i dteideal pé suimeanna do bhaint amach alos rátaí, a bheidh oiriúnach o am go ham de dhruim aon leasuithe no athchomharcanna fén alt so.

(6) Is tuigthe chun crícheanna an Achta Bainistí Contae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), nach comhachta ná feidhmeanna ná dualgais i dtaobh ráta do dhéanamh na comhachta agus na feidhmeanna agus na dualgais a bronntar no forchuirtear ar chomhairle chontae leis an alt so.

Ionoighreachta roinnte do rátú.

61. —(1) I gcás ionoighreacht (dá ngairmtear an ionoighreacht roinnte sa bhfo-alt so) a bheidh curtha síos i liost luachála athscrúduithe do gheobhaidh údarás áitiúil do theacht, roimh í rátú chun seirbhíse na céad bhliana airgeadais áitiúla tar éis an liosta san d'fháil dóibh, chun bheith ionrátuithe ina coda, mar dhá ionoighreacht idirdhealuithe no níos mó, de bharr a roinnte, ní bheidh a bhac ar an údarás áitiúil sin na hionoighreachta idirdhealuithe san do rátú ar leithligh chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san toisc gan iad do bheith curtha síos ar leithligh sa liost san agus dá thoisc sin amháin, agus i gcás an t-údarás áitiúil sin dá bheartú na hionoighreachta idirdhealuithe sin do rátú mar adubhradh, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an luacháil a bheidh ar an ionoighreacht roinnte fé sna hAchtanna Luachála de thurus na huaire do chion-roinnt idir na hionoighreachta idirdhealuithe sin fé mar a mheasfaid do bheith cuibhe ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus déanfaid gach ionoighreacht idirdhealuithe fé leith aca san do rátú do réir na coda (dá ngairmtear an luacháil chion-roinnte sa bhfo-alt so) den luacháil sin a dáileofar uirthi sa chionroinnt sin,

(b) má bhíonn luacháil is lugha no is mó ná an luacháil chion-roinnte curtha síos alos aon cheann de sna hionoighreachta idirdhealuithe sin sa chéad liost luachála athscrúduithe iomchuibhe eile do gheobhaidh an t-údarás áitiúil sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an ráta do buaileadh alos an chéanna do leasú dá réir sin.

(2) I gcás ionoigreacht (dá ngairmtear an ionoighreacht roinnte sa bhfo-alt so) go mbeidh duine (dá ngairmtear an seana-shealbhaire sa bhfo-alt so) rátuithe ina taobh ag údarás áitiúil chun seirbhíse bliana airgeadais áitiúla do theacht, roimh dheireadh na bliana san, chun bheith ionrátuithe ina coda mar dhá ionoighreacht idirdhealuithe no níos mó de bharr a roinnte, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) beidh an seana-shealbhaire freagarthach in íoc iomlán an ráta chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san alos gach ionoighreachta idirdhealuithe (más aon cheann é) aca san go leanfa sé de bheith ina seilbh tar éis na roinnte sin;

(b) an ráta chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san alos gach ionoighreachta idirdhealuithe (más aon cheann é) aca san ná leanfaidh an seana-shealbhaire de bheith ina seilbh tar éis na roinnte sin áirmheofar é mar ráta ar n-a chó-dhéanamh de dhá chuid, sé sin le rá:—

(i) cuid a dhlighfidh an seana-shealbhaire d'íoc agus a bheidh có-dhéanta den méid sin, den ráta chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san ar an ionoighreacht idirdhealuithe sin, go mbeidh idir é agus iomlán an ráta san an cothrom céanna bheidh idir an tréimhse bheidh an seana-shealbhaire i seilbh na hionoighreachta idirdhealuithe sin i rith na bliana airgeadais áitiúla san agus iomlán na bliana san, agus

(ii) cuid a dhlighfidh an duine bheidh i seilbh na hionoighreachta idirdhealuithe sin tar éis na roinnte sin d'íoc agus a bheidh có-dhéanta den chuid eile den ráta san,

(c) chun an ráta ar aon ionoighreacht idirdhealuithe den tsórt san do dhéanamh amach déanfaidh an t-údarás áitiúil sin amach, más gá é, cad is luacháil di tré luacháil na hionoighreachta do chion-roinnt, ar pé slí mheasfaid do bheith cuibhe ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, idir an ionoighreacht idirdhealuithe sin agus an chuid eile den ionoighreacht roinnte, agus

(d) déanfaidh an t-údarás áitiúil sin an ráta bheidh buailte aca alos na hionoighreachta roinnte chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla san do leasú i slí do bhéarfaidh go mbeidh éifeacht ag na forálacha san roimhe seo agus, ina theannta san, má cion-roinntear luacháil na hionoighreachta roinnte mar adubhradh, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin, ar fháil an chéad liosta luachála athscrúduithe iomchuibhe eile dhóibh, pé leasuithe breise is gá chun na leasuithe bheidh déanta roimhe sin fén mír seo do bheith do réir na luachálanna bheidh sa liost luachála athscrúduithe sin.

(3) I gcás talamh talmhaíochta do bheith ina chuid d'ionoighreacht le n-a mbainfidh fo-alt (1) no fo-alt (2) den alt so, beidh ina cuid den chomhacht chun cion-roinnt do dhéanamh fén bhfo-alt san comhacht chun luacháil an tailimh thalmhaíochta san do chionroinnt, agus beidh éifeacht ag an bhfo-alt san dá réir sin.

(4) Déanfaidh údarás áitiúil pé aisíocanna no bhéarfaid pé creidmheasa (fé mar is gá sa chás) alos rátaí, agus beid i dteideal pé suimeanna do bhaint amach alos rátaí, a bheidh oiriúnach o am go ham de dhruim leasuithe ar n-a ndéanamh fén alt so.

(5) Pé uair a chion-roinnfidh údarás áitiúil luacháil fén alt so bhéarfaid fógra i dtaobh na cion-roinnte don Choimisinéir Luachála agus do gach duine le n-a mbaineann dar leo.

(6) San alt so cialluíonn an abairt “liost luachála athscrúduithe” liost luachála athscrúduithe ar n-a ullmhú ag an gCoimisinéir Luachála fé sna hAchtanna Luachála.

Fógraí do thabhairt fén gCuid seo den Acht so.

62. —(1) Maran féidir a fháil amach le fiosrú réasúnta cad is ainm d'aon duine áirithe gur gá fógra do thabhairt dó fén gCuid seo den Acht so is cead, in ionad an fhógra san do dhíriú chuige fé n-a ainm, é dhíriú chuige tríd an abairt “an t-únaer” na “an sealbhaire” (fé mar a bheidh oiriúnach) d'úsáid no tré aon fhocail ghenerálta eile d'úsáid a chuirfidh in úil cé hé an duine sin.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le haon fhógra do thabhairt is gá do thabhairt fén gCuid seo den Acht so:—

(a) más fé n-a ainm a bheidh an fógra san dírithe chun duine, is cead é thabhairt—

(i) tré n-a sheachadadh don duine sin, no

(ii) tré n-a sheoladh i leitir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag an seoladh ag á gcomhnuíonn sé de ghnáth,

(b) más fé n-a ainm a bheidh an fógra san dírithe chun duine ach go mbeidh an duine sin as láthair no i gcéin no go mbeidh a sheoladh gan bheith ar eolas no le fáil le fiosrú réasúnta, is cead é thabhairt—

(i) tré n-a sheachadadh do ghníomhaire don duine sin, no

(ii) tré n-a sheoladh i leitir chláruithe roimh-íoctha beidh dírithe chun gníomhaire don duine sin ag an seoladh ag á gcomhnuíonn an gníomhaire sin de ghnáth, agus

(c) maran fé n-a ainm a bheidh an fógra san dírithe chun an duine sin no, i gcás an duine sin do bheith as láthair no i gcéin no gan a sheoladh do bheith ar eolas no le fáil le fiosrú réasúnta nach eol aon ghníomhaire don duine sin, is cead an fógra san do thabhairt tré n-a sheachadadh, ag an ionoighreacht le n-a mbainfidh, do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chomhnaidhe no ar fostú san ionoighreacht san no tré n-a phostáil ar an ionoighreacht san no ina haice.

(3) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe gur ina n-oifig chláruithe bhíonn gnáth-chomhnaidhe ar chuideachtain ar n-a clárú fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gur ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha bhíonn gnáthchomhnaidhe ar gach cólucht corparuithe eile agus ar gach cólucht nea-chorparuithe.

CUID VI.

Foralacha i dtaobh Udarais Áitiúla d'Fhail Iasachta.

Srian le feidhm teoranta maidir le hiasacht d'fháil.

63. —Chun crícheanna na dteoranta bheidh i bhfeidhm aon uair áirithe maidir leis an méid is ceaduithe d'údarás áitiúil d'fháil ar iasacht beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn aon chiste fiach-laigheaduithe no fuascailte á chothabháil chun aon tsuim do fuair an t-údarás áitiúil sin ar iasacht d'aisíoc, áirmheofar an tsuim sin do bheith laigheaduithe an méid a bheidh chun creidiúna sa chiste sin an uair sin,

(b) ní háirmheofar aon tsuim ar n-a fáil ar iasacht ag an údarás áitiúil sin chun íoctha costaisí aon oibre bheidh deimhnithe ag an Aire, ar iarratas ón údarús áitiúil sin, í bheith ina hobair dar príomh-chuspóir díomhaointeas do laigheadú,

(c) ní háirmheofar aon tsuim ar n-a fáil ar iasacht ag an údarás áitiúil sin de bhuadh údaráis ar n-a thabhairt ag an Aire fé fho-alt (3) d'alt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921.

An Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, do leathnú.

64. —Beidh feidhm ag an Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, maidir le coimisinéirí baile agus, dá réir sin, déanfar an abairt “local authorities” do léiriú i ngach áit ina bhfuil sí san Acht san, mar abairt fholuíonn coimisinéirí baile.

Fo-alt (3) d'alt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, do leasú.

65. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 den Local Authorities (Financial Provisions) Act, 1921, tríd an tagairt d'Acht 1923 atá anois ann de bhuadh ailt 3 den Acht Rialtais Áitiúla (Forálacha Sealadacha) (Leasú), 1924 (Uimh. 13 de 1924) , do scriosadh amach agus tré thagairt don alt so do chur ina hionad.

(2) Leanfaidh an t-alt so i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1942, agus raghaidh in éag ansan.

Udarais chonganta phuiblí d'fháil iasachta.

66. —(1) Is cead d'údarás áitiúil is údarás conganta phuiblí iasacht d'fháil chun íoctha aon chostas fé n-a raghaid mar údarás chonganta phuiblí den tsórt san sa tslí chéanna inar cead d'údarás sláintíochta iasacht d'fháil chun íoctha costas fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

(2) Na forálacha de sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, a bhaineann le húdarás sláintíochta d'fháil iasachta (ach amháin fo-ailt (2) agus (3) d'alt 238 den Public Health (Ireland) Act, 1878), beidh feidhm aca, gus na hatharuithe is gá ortha, maidir le húdarás áitiúil d'fháil aon iasachta fén alt so.

(3) Féadfar airgead do gheobhfar ar iasacht fén alt so do thabhairt ar iasacht d'údarás áitiúil tré eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla fé is dá mbeadh an iasacht san ina hias acht áitiúil do réir bhrí Achta Ciste na nIasachtaí Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935) , agus go mbeadh sí údaruithe le hAcht den Oireachtas.

CUID VII.

Foralacha i dtaobh Cuntais d'Iniuchadh, etc.

Cóluchtaí eile ina n-údaráis áitiúla chun crícheanna na Coda so den Acht so.

67. —I dteannta na gcólucht a luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht so, beidh gach cólucht aca so leanas ina údarás áitiúil chun crícheanna na Coda so den Acht so, sé sin le rá:—

(a) coiste oideachais ghairme beatha,

(b) coiste talmhaíochta.

Cuntais d'ullmhú agus d'iniúchadh.

68. —(1) D'ainneoin éinní atá in aon achtachán eile déanfar mar leanas i dtaobh na gcuntas ar fháltais agus íocaíochta údaráis áitiúil agus a gcoistí agus a n-oifigeach, sé sin le rá:—

(a) i gcás údaráis áitiúil gur ina dtaobh no údaráis áitiúil d'aicme gur ina dtaobh a bheidh ordú fé fho-alt (3) den alt so i bhfeidhm de thurus na huaire, ullmhófar iad go leathbhliantúil go dtí gach 30adh lá de Mheán Fhómhair agus 31adh lá de Mhárta agus iniúchfar iad go leathbhliantúil ag pé iniúchóir a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham, agus

(b) i ngach cás eile, ullmhófar iad go bliantúil go dtí gach 31adh lá de Mhárta agus iniúchfar iad go bliantúil ag pé iniúchóir a cheapfaidh an tAire chuige sin o am go ham.

(2) Iniúchóirí rialtais áitiúil do bhéarfar ar na hiniúchóirí cheapfaidh an tAire chun iniúchóireacht do dhéanamh fén alt so ar chuntais údarás áitiúil.

(3) Féadfaidh an tAire a ordú, le hordú, cuntais aon údaráis áitiúil áirithe no údarásanna áitiúla d'aon aicme áirithe d'ullmhú agus d'iniúchadh go leathbhliantúil.

(4) Féadfaidh an tAire ordú bheidh déanta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do cheiliúradh le hordú.

(5) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so deifir d'iniúchadh neaghnáthach do dhéanamh ar chuntais aon údaráis áitiúil áirithe má éilíonn agus nuair éileoidh an tAire é ná d'fheidhm ailt 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902, maidir le haon iniúchadh nea-ghnáthach den tsórt san no le aon chuntais de chuid údaráis áitiúil.

Táillí iniúchóireachta.

69. —(1) Ní húdarás áitiúil chun crícheanna an ailt seo coiste luaidhtear i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht so agus nach có-choiste.

(2) Sna fo-ailt ina dhiaidh seo den alt so cialluíonn an focal “coiste” coiste nach có-choiste.

(3) Tráth ar bith tar éis bheith críochnuithe d'iniúchadh na gcuntas ar fháltais agus íocaíochta aon údaráis áitiúil áirithe agus coistí agus oifigeach an údaráis áitiúil sin, féadfaidh an tAire, le hordú, táille (dá ngairmtear táille iniúchóireachta san alt so) do cheapadh le n'íoc as an iniúchadh san.

(4) Féadfar, in ordú fén alt so, táille ar leithligh (agus gairmtear táille iniúchóireachta di sin freisin san alt so) do cheapadh alos iniúchadh na gcuntas ar fháltais agus íocaíochta aon choiste don údarás áitiúil le n-a mbainfidh an t-ordú san go príomhdha.

(5) Féadfar, leis an ordú le n-a gceapfar táille iniúchóireachta, dhá chuid no níos mó do dhéanamh den táille sin agus baint aca fé seach le coda áirithe fé seach de sna cuntais le n-a mbainfidh an táille sin.

(6) Déanfaidh údarás áitiúil, a gceapfar táille iniúchóireachta maidir leo no maidir le coiste dhóibh le hordú fén alt so, méid na táille sin d'íoc leis an Aire agus cruinneofar an méid sin sa tslí luadhfar san ordú san no, mara luaidhtear aon tslí amhlaidh, mar chuid de chostais ghenerálta an údaráis áitiúil no an choiste sin (do réir mar a bheidh).

(7) Féadfar méid aon táille iniúchóireachta bheidh gan íoc do bhaint, i bpáirt no go hiomlán, as aon airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an údarás áitiúil ag á mbeidh an táille iniúchóireachta san iníoctha.

(8) An chomhacht chun as-bhaint do dhéanamh, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, as airgead is iníoctha le húdarás áitiúil beidh sí fé réir éilithe an chiste urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus gan dochar do sna héilithe sin.

(9) An t-airgead uile a híocfar leis an Aire chun táillí iniúchóireachta do ghlanadh déanfar é íoc isteach sa Stát-Chiste no é chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire Airgeadais.

(10) Is tuigthe gach táille iniúchóireachta d'fholú gach iniúchta nea-ghnáthaigh (más aon cheann é) ar na cuntais le n-a mbainfidh an táille sin a déanfar de bhun ailt 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902.

(11) Féadfaidh an tAire aon ordú fén alt so do cheiliúradh le hordú.

Alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871, do leasú.

70. —Is fé cheann na tréimhse orduithe déanfar gach iarratas a déanfar chun na hArd-Chúirte no chun an Aire fé ailt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871, de dheascaibh breithe ón iniúchóir rialtais áitiúil ar iniúchadh cuntas údaráis áitiúil.

Formhuirir, etc., do bhaint amach.

71. —(1) I gcás an t-iniúchóir dá dheimhniú, ar iniúchadh cuntas údaráis áitiúil, aon tsuim do bheith dlite ar aon duine áirithe agus gan aon iarratas de dheascaibh breith an iniúchóra do dhéanamh fé cheann na tréimhse orduithe chun na hArd-Chúirte ná chun an Aire fé alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871, ar n-a leasú no ar n-a chur i mbaint tré aon achtáchán eile, íocfaidh an duine sin an tsuim sin leis an údarás áitiúil sin fé cheann sé seachtaine o dháta an deimhnithe ón iniúchóir á dheimhniú an tsuim sin do bheith dlite ar an duine sin.

(2) I gcás—

(a) an t-iniúchóir dá dheimhniú, ar iniúchadh cuntas údaráis áitiúil, aon tsuim do bheith dlite no gan a bheith dlite ar aon duine áirithe, agus

(b) iarratas do dhéanamh de dheascaibh breith an iniúchóra, fé cheann na tréimhse orduithe, chun na hArd-Chúirte no chun an Aire fé alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871, ar n-a leasú no ar n-a chur i mbaint tré aon achtachán eile, agus

(c) breith do thabhairt ar an iarratas san á chinneadh an tsuim sin no aon chuid áirithe dhi do bheith dlite ar an duine sin, íocfaidh an duine sin an tsuim sin no an chuid sin di (do réir mar a bheidh) leis an údarás áitiúil sin fé cheann sé seachtaine o dháta na breithe sin.

(3) Mara n-íoctar le húdarás áitiúil fé cheann na tréimhse luaidhtear chuige sin san alt so aon tsuim áirithe is gá do réir an ailt seo d'íoc amhlaidh féadfaidh an t-iniúchóir le n-a mbainfidh no aon duine eile cheapfaidh an tAire chuige sin an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

(4) Má dheineann iniúchóir no duine eile, de bharr imeachta bunófar fén alt so, aon tsuim do bhaint amach is gá do réir an ailt seo d'íoc le húdarás áitiúil, íocfaidh an tsuim sin leis an údarás áitiúil sin.

(5) Má théigheann iniúchóir no duine eile fé chostais agus caiteachas réasúnta maidir le suim do bhaint amach is gá do réir an ailt seo d'íoc le húdarás áitiúil agus ná faighe sé aon chuid, no ná faighe sé ach amháin cuid, de sna costais agus den chaiteachas san ón duine ar a mbeidh an tsuim sin dlite, déanfaidh an t-údarás áitiúil sin na costais agus an caiteachas san no a n-iarmhéid ná faighfear mar adubhradh (do réir mar a bheidh) d'íoc leis an iniúchóir no leis an duine eile sin, maraon le suim is cúiteamh réasúnta sa mhéid dá am a bheidh caillte aige.

(6) Scuirfidh alt 13 den Local Government (Ireland) Act, 1871, d'éifeacht do bheith aige maidir le haon údarás áitiúil, agus déanfar gach tagairt don alt san 13 a bheidh in aon achtachán a bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so do léiriú mar thagairt don alt so nuair a bheidh feidhm á thabhairt don achtachán san maidir le haon údarás áitiúil.

CUID VIII.

Comhairli Áitiúla Ceaduithe.

Comhairlí áitiúla ceaduithe.

72. —(1) I gcás áititheoirí líomatáiste i gceanntar sláinte contae do bhunú comhairle no coiste no cóluchta eile, corparuithe no nea-chorparuithe, roimh theacht i bhfeidhm don alt so no dá éis sin chun leasanna generálta, sóisialta agus eacnamúil, na n-áititheoirí sin do chur ar aghaidh, féadfaidh comhairle na contae ina bhfuil an ceanntar sláinte contae sin a dhearbhú le rún, ar n-a iarraidh sin don chólucht san, go mbeidh an cólucht san ina gcomhairle áitiúil cheaduithe chun crícheanna na Coda so den Acht so.

(2) Beidh an chomhacht chun dearbhú do dhéanamh fén alt so ina feidhm fhorcoimeádta chun crícheanna an Achta um Bainistí Chontae, 1940 .

(3) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “comhairle áitiúil cheaduithe” cólucht a mbeidh dearbhú déanta ina dtaobh fén alt so, agus gach tagairt do chomhairle chontae deintear maidir le comhairle áitiúil cheaduithe léireofar í mar thagairt don chomhairle chontae áirithe do rinne an dearbhú fén alt so i dtaobh na comhairle áitiúla ceaduithe sin.

Foirgintí, etc., do chur ar fáil do chomhairlí áitiúla ceaduithe.

73. —(1) Féadfaidh an chomhairle chontae foirgint do chur ar fáil do chomhairle áitiúil cheaduithe chun é úsáid i gcóir cruinnithe puiblí agus eile agus i gcóir léigheachtaí, taisbeántaisí, caitheamh aimsire i gcoitinne no cuspóirí sóisialta eile den tsamhail sin agus féadfaid cúram agus bainistighe na foirginte sin do thaobhú leis an gcomhairle áitiúil sin go buan no go sealadach.

(2) Is cead go gceannódh an chomhairle chontae, i mbith-dhílse no chun aon estáit no leasa is lugha ná san, no go dtógfaidís ar léas ar feadh aon téarma, talamh ar bith i gcóir foirginte, no ar a mbeidh foirgint, a bheidh le cur ar fáil fén alt so agus chuige sin beidh feidhm ag Cuid V den Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , fé is dá mba chun crícheanna comhacht agus dualgas údaráis chonganta phuiblí fén Acht san do bheadh an talamh san á thógaint.

(3) Féadfaidh an chomhairle chontae cabhrú le comhairle áitiúil cheaduithe tré throscán, feisteas oifige, agus páipéarachas do thabhairt dóibh agus, i gcás foirgint do bheith curtha ar fáil fén alt so chun úsáide na comhairle áitiúla ceaduithe sin, tré thuarastal no cuid de thuarastal duine bheidh ag gníomhú ina airigheach ar an bhfoirgint sin agus ag déanamh dualgas glanacháin agus a samhail sin maidir leis an bhfoirgint sin d'íoc.

Comhachta agus dualgais áirithe do thairmleigean chun comhairlí áitiúla ceaduithe.

74. —(1) Féadfaidh an chomhairle chontae aon chuid dá gcomhachta agus dá ndualgais do thairmleigean chun comhairle áitiúla ceaduithe má mheasann an chomhairle chontae sin gur fearr a rialálfaí no bainisteofaí iad ag an gcomhairle áitiúil sin no tríotha, agus féadfaidh an chomhairle chontae sin an tairm leigean san do cheiliúradh tráth ar bith.

(2) Féadfaidh údarás conganta phuiblí aon chuid dá gcomhachta agus dá ndualgais do thairmleigean chun comhairle áitiúla ceaduithe má mheasann an t-údarás conganta phuiblí sin gur fearr a rialálfaí no bainisteofaí iad ag an gcomhairle áitiúil cheaduithe sin no tríotha, agus féadfaidh an t-údarás conganta phuiblí sin an tairmleigean san do cheiliúradh tráth ar bith.

(3) Má dheineann údarás áitiúil tairmleigean fén alt so chun comhairle áitiúla ceaduithe, beidh na gníomhartha dhéanfaidh an chomhairle áitiúil cheaduithe sin de bhuadh an tairmleigin sin fé réir an údaráis áitiúil sin dá ndaingniú ach amháin go bhféadfaidh an t-údarás áitiúil sin, le ceadú an Aire, a chomhachtú don chomhairle áitiúil cheaduithe sin, aon ghníomh do dhéanamh (agus bunú imeacht dlí d'áireamh) laistigh den údarás a bheidh bronnta ag an údarás áitiúil sin ortha is gníomh ba dhleathach don údarás áitiúil sin féin do dhéanamh.

(4) An chomhacht chun comhacht no dualgas is feidhm fheidhmiúcháin chun crícheanna an Achta um Bainistí Chontae, 1940 , do thairmleigean fén alt so agus an chomhacht chun aon tairmleigean den tsórt san do cheiliúradh, is ag an mbainisteoir contae iomchuibhe agus aige sin amháin a bheid infheidhmithe.

Costais chomhairle contae fén gCuid seo den Acht so.

75. —Aon chostais fé n-a raghaidh comhairle chontae fén gCuid seo den Acht so maidir le comhairle áitiúil cheaduithe (seachas costais fé n-a raghfar chun go bhfeidhmeofaí no go gcólíonfaí ag an gcomhairle áitiúil cheaduithe sin no tríotha aon chomhachta no dualgais do tairmleigeadh chúcha fén gCuid seo den Acht so) cruinneofar agus íocfar iad sa tslí chéanna ina gcruinnítear agus ina n-íoctar na costais a bhíonn ar an gcomhairle chontae sin ag gníomhú dhóibh ina n-údarás sláintíochta tuatha.

CUID IX.

Ilghneitheach.

Teora le méid liúntaisí fén Local Government (Ireland) Act, 1919.

76. —(1) Ní déanfar, ach amháin le toiliú an Aire, aon liúntas is mó ná liúntas do háirmheofaí do réir an scála ceaptar leis na Superannuation Acts, 1834 to 1884, agus leis na rialacha fútha do dheonadh, fé alt 8 den Local Government (Ireland) Act, 1919, d'oifigeach a bheidh, de bhuadh ailt 43 d'Acht 1925, gan Cuid IV d'Acht 1925 do bhaint go hiomlán leis.

(2) Chun deireadh do chur le hamhras dearbhuítear leis seo gur bhain fo-alt (5) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 11 d'Acht 1923 le gach oifigeach d'údarás áitiúil do réir bhrí an Achta san.

Cisteoir i gcás contaebhuirge no buirge eile.

77. —Ar oifig an chisteora do chontae-bhuirg no do bhuirg eile do theacht chun bheith folamh tar éis teacht i bhfeidhm don alt so, féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle le bárdas na buirge sin, an oifig sin do dhíochur, agus ar bheith déanta don ordú san beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) ceapfaidh bárdas na buirge sin cuideachta bhancaerachta chun gníomhú mar chisteoir dóibh chun airgead do ghlacadh agus d'íoc agus chun cuntais do choimeád ar na fáltais agus na híocaíochta, agus an chuideachta bhancaerachta ceapfar amhlaidh gníomhóid mar chisteoir amhlaidh;

(b) o dháta an cheapacháin sin amach, isé fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na comhachta agus na dualgais go léir, a bronntar no forchuirtear ar an gcisteoir don bhuirg sin chun críche ar bith seachas an chríoch a luaidhtear i mír (a) den alt so, ná an t-oifigeach no na hoifigigh sin don bhárdas (seachas an cisteoir) ordóidh an bárdas le toiliú an Aire.

Seirbhís i bhfeidhmeannas sealadach d'áireamh.

78. —(1) San alt so tá an bhrí chéanna leis na habairtí “oifigeach inphinsin” agus “oifig inphinsin” atá leo i gCuid IV d'Acht, 1925, agus foluíonn an abairt “cólucht áitiúil” gach cólucht is cólucht áitiúil chun crícheanna na Coda san IV.

(2) I gcás oifigeach inphinsin do bheith, díreach roimh thosach a sheirbhíse mar oifigeach inphinsin, i bhfostaíocht shealadaigh ag aon chólucht áitiúil agus gurbh fhostaíocht in oifig inphinsin an fhostaíocht san dá mbeadh sí buan, féadfaidh an tAire a ordú, más oiriúnach leis é, cuid áirithe (nach mó ná leath) de thréimhse na fostaíochta sealadaighe sin d'áireamh mar sheirbhís in oifig inphinsin agus áirmheofar an chuid sin amhlaidh dá réir sin.

(3) Chun deireadh do chur le hamhras dearbhuítear leis seo gur bhain fo-alt (6) (a hathghairmtear leis an Acht so) d'alt 11 d'Acht 1923 le gach oifigeach d'údarás áitiúil do réir bhrí an Achta san.

Có-óspidéil mheabharghalar.

79. —In ionad na bhforálacha (a hathghairmtear leis an Acht so) d'fho-alt (7) d'alt 9 den Local Government (Ireland) Act, 1898, ar n-a leasú le halt 77 d'Acht 1925, beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir le gach óspidéal meabhar-ghalar le n-a mbaineann an t-alt san 9 agus dar ceanntar dhá chontae no níos mó no contae-bhuirg agus contae amháin no níos mó, agus léireofar an t-alt san 9 agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

(a) is tré chó-choiste de sna húdaráis áitiúla bheidh i gceist a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh na húdaráis áitiúla san comhachta, feidhmeanna, agus dualgais na n-údarás áitiúil sin maidir leis an óspidéal san;

(b) na costais a bhainfidh leis an óspidéal do bhainistighe agus do chothabháil ar feadh gach leath-bhliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta no an 30adh lá de Mheán Fhómhair íocfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san cion díobh a háirmheofar do réir na meán-uimhreach laethúla d'othair o n-a gceanntar feidhmiúcháin féin do cothabháladh san óspidéal i rith na leath-bhliana san;

(c) déanfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san baill do cheapadh as an nua don chó-choiste sin gach bliain. agus déanfar san, i gcás comhairle contae, ag an gcruinniú bliantúil no, i gcás bárdais chontae-bhuirge. ag an gcéad chruinniú ráithiúil tar éis toghacháin chinn trí mblian no idir an 23adh lá de Mheitheamh agus an 1adh lá d'Iúl aon bhliain ná beidh toghachán cinn trí mblian ann;

(d) an uimhir de bhaill a cheapfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san beidh sí chó gairid agus is féidir é do bheith ar có-chionúireacht leis an rann-íoc dob iníoctha ag an údarás áitiúil sin mar chabhair chun íoctha costas bainistighe agus cothabhála an óspidéil ar feadh na bliana airgeadais áitiúla dar chríoch an 31adh lá de Mhárta díreach roimh an gceapadh agus, i gcás diospóide, isé an tAire shocróidh an uimhir sin agus ní bheidh dul thar an socrú san;

(e) beidh gach ball den chó-choiste sin i seilbh oifige go dtí go gceapfar a chomharba (marab éag no eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin dó);

(f) má thagann foth-fholúntas sa chó-choiste sin de dheascaibh aon bhall d'éag no d-eirghe as no do theacht fé dhícháilíocht isé an t-údarás áitiúil do thogh an ball san a líonfaidh an foth-fholúntas san.

Costais taistil comhairleoiri contae.

80. —(1) Beidh gach údarás áitiúil aca so leanas ina n-údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so, sé sin le rá:—

(a) comhairle chontae,

(b) có-choiste bainistighe óspidéil mheabhar-ghalar cheanntair, agus

(c) údarás áitiúil a mbeidh ordú fé fho-alt (2) den alt so i bhfeidhm maidir leo de thurus na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, an t-alt so do chur i mbaint le haon údarás áitiúil agus féadfaidh tráth ar bith, ar iarratas ón údarás áitiúil sin no gan iarratas ar bith, an t-ordú san do cheiliúradh.

(3) Fé réir forálacha an ailt seo, íocfaidh gach údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so na costais taistil fé n-a raghaidh gach duine dá mbaill chun taisteal go dtí cruinnithe an údaráis áitiúil sin agus uatha.

(4) Ní híocfar costais taistil fén alt so le duine ar bith alos cruinnithe comórfar in áit a bheidh fé bhun cúig mhíle de bhealach ar bith o n-a áit chomhnaithe oifigiúil.

(5) Ní raghaidh an méid costais taistil a híocfar fén alt so le duine ar bith alos aon chruinnithe áirithe thar an méid fé n-a raghadh an duine sin do réir réasúin chun taisteal o n-a áit chomhnaithe oifigiúil go háit an chruinnithe agus thar n-ais.

(6) Déanfaidh gach ball d'údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so, díreach tar éis ball den tsórt san do dhéanamh de, an seoladh ag á mbíonn gnáth-chomhnaidhe air do chur in úil i scríbhinn don údarás áitiúil sin agus is tuigthe gurb é an seoladh san áit chomhnaithe oifigiúil an bhaill sin chun crícheanna an ailt seo.

Togh-ranna ceanntair.

81. —(1) Chun na gcrícheanna bhaineann le toghacháin pháirliminte agus toghacháin áitiúla agus chun áisiúlachta i riarachán áitiúil roinnfear líomatáiste gach contae agus contae-bhuirge ina líomatáistí ar a dtabharfar togh-ranna ceanntair.

(2) Na líomatáistí is togh-ranna ceanntair díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so de bhuadh fo-ailt (4) d'alt 22 den Local Government (Ireland) Act, 1898, beid, ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin ach fé réir aon orduithe déanfar o am go ham fén alt so, ina dtogh-ranna ceanntair chun chrícheanna an ailt seo, agus gach tagairt atá in aon achtachán (pé aca achtachán é bheidh i bhfeidhm díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so no thiocfaidh i bhfeidhm ar aon-am leis an alt so no aon uair ina dhiaidh sin) do thogh-roinn cheanntair léireofar í agus beidh éifeacht aici dá réir sin.

(3) Féadfaidh an tAire aon atharú is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar roinnt chontae ina togh-ranna ceanntair.

Blianachta agus íocaíochta eile is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann no le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe ar thalamh a bheidh tógtha ag údarás áitiúil.

82. —Pé uair a thárlóidh talamh a bheidh tógtha ag údarás áitiúil do bheith, i dteannta tailimh eile, fé bhlianacht no íocaíocht eile is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann no le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn féadfaidh an Coimisiún no na Coimisinéirí sin (do réir mar a bheidh) an bhlianacht no an íocaíocht eile sin do chion-roinnt mar is dóich leo is ceart idir an talamh a bheidh tógtha amhlaidh agus an talamh eile sin no féadfaid iomlán na blianachta no na híocaíochta eile sin do mhuirearú ar aon chuid áirithe den talamh a bheidh fén gcéanna agus an chuid eile den talamh san do shaoradh uaithi.

Fiosrúcháin áitiúla.

83. —(1) Féadfaidh an tAire pé fiosrúcháin áitiúla do chur dá ndéanamh is dóich leis is gá no is inmhianuithe chun crícheanna aon choda de sna comhachta agus na dualgais a bheidh bronnta no forchurtha air de thurus na huaire.

(2) Má chuireann an tAire fiosrúchán áitiúil dá dhéanamh fén alt so no fé aon Acht eile deimhneoidh an tAire na costais fé n-a raghfar i dtaobh an fhiosrúcháin sin agus ordófar leis an deimhniú san go n-íocfar na costais sin leis an Aire—

(a) mara mbainidh an fiosrúchán san ach le haon údarás áitiúil amháin, ag an údarás áitiúil sin,

(b) má bhaineann an fiosrúchán san le dhá údarás áitiúla no níos mó, ag na húdaráis sin uile no ag aon cheann no cinn aca (do réir mar a luadhfar sa deimhniú san).

(3) Luadhfar i ndeimhniú fén alt so le n-a n-ordófar go n-íocfar costais fiosrúcháin áitiúil ag dhá údarás áitiúla no níos mó an cion de sna costais sin íocfaidh gach údarás áitiúil fé leith aca san.

(4) Mara n-íocaidh údarás áitiúil suim a hordófar le deimhniú fén alt so d'íoc, féadfaidh an tAire an tsuim sin do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no féadfar í go léir no cuid di do bhaint as airgead is iníoctha ag aon Aire Stáit chun críche ar bith leis an údarás áitiúil sin.

(5) An chomhacht chun as-bhaint do dhéanamh, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, as airgead is iníoctha le húdarás áitiúil beidh sí fé réir éilithe an chiste urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus gan dochar do sna héilithe sin.

(6) Chun crícheanna an ailt seo beidh ar na costais fé n-a raghfar maidir le fiosrúchán áitiúil éileamh réasúnta as seirbhísí aon chigire no oifigigh don Aire bheidh páirteach sa bhfiosrúchán san agus fós costais riachtanacha fínnithe.

Tuairisceáin, faisnéis, etc.

84. —(1) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás áitiúil aon tuairisceán no tuarasgabháil no faisnéis, i dtaobh a bhfeidhmeanna, do thabhairt dó a mheasfaidh do bheith riachtanach no inmhianuithe chun crícheanna aon choda de sna comhachta agus na dualgais a bheidh bronnta no forchurtha air de thurus na huaire maidir leis an údarás áitiúil sin, agus beidh sé de dhualgas ar an údarás áitiúil sin déanamh do réir an cheanglais sin.

(2) Féadfaidh cigire don Aire a cheangal ar aon oifigeach d'údarás áitiúil aon fhaisnéis, i dtaobh feidhmeanna an oifigigh sin, do thabhairt don chigire sin a theastóidh ón gcigire sin do réir réasúin chun na ndualgas a bheidh forchurtha ag an Aire ar an gcigire sin do chólíonadh, agus beidh sé de dhualgas ar an oifigeach san déanamh do réir an cheanglais sin.

Comhacht do chigire chun áitreabh d'fhiosrú.

85. —(1) Féadfaidh cigire don Aire, chun críche na bhfeidhmeanna bheidh forchurtha ag an Aire air, aon áitreabh a bheidh á úsáid ag údarás áitiúil chun crícheanna a gcomhacht agus a ndualgas d'fhiosrú agus d'iniúchadh.

(2) Aon duine choiscfidh cigire don Aire agus é ag feidhmiú na comhachta bheirtear dó leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.

Comhachta do chigirí agus d'iniúchóirí chun fianaise d'fháil, etc.

86. —(1) Féadfaidh cigire bheidh ag déanamh fiosrúcháin áitiúil de bhun ordacháin ón Aire fén Acht so no fé aon Acht eile no iniúchóir rialtais áitiúil a bheidh ag iniúchadh cuntas údaráis áitiúil fianaise do thógaint fé mhionn agus, chuige sin, daoine do chur fé mhionn.

(2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so féadfaidh cigire bheidh ag déanamh fiosrúcháin áitiúil de bhun ordacháin ón Aire fén Acht so no fé aon Acht eile no iniúchóir rialtais áitiúil a bheidh ag iniúchadh cuntas údaráis áitiúil a cheangal ar aon duine, tré fhógra chuige sin i scríbhinn do thabhairt don duine sin, teacht i láthair san am agus san áit a luadhfar sa bhfógra san chun fianaise do thabhairt i dtaobh éinní bheidh i gceist ag an bhfiosrúchán no ag an iniúchadh san (pé aca é) no aon leabhair, dintiúirí, connartha, cuntais, cruthúnachta, mapaí, pleananna no scríbhinní eile bheidh ina sheilbh no ina choimeád no fé n-a chúram i dtaobh éinní den tsórt san do thabhairt ar áird.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) ní gá do dhuine teacht i láthair, do réir fógra do bhéarfaidh cigire no iniúchóir fén bhfo-alt san, in áit is sia ná deich míle o ghnáth-áit chomhnaithe an duine sin mara n-íoctar leis an duine sin no mara dtairgtear dó suim is leor chun íoctha na gcostas réasúnta agus riachtanach a bhainfidh le n-a theacht i láthair amhlaidh;

(b) údarás áitiúil a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh íocfaid no tairgfid, ar n-a iarraidh sin don iniúchóir, le héinne no d'éinne ar a gceanglóidh an t-iniúchóir fén bhfo-alt san teacht i láthair, pé suim a mheasfaidh an t-iniúchóir is leor chun íoctha na gcostas réasúnta agus riachtanach a bhainfidh le n-a theacht i láthair amhlaidh;

(c) údarás áitiúil le n-a mbainfidh fiosrúchán áitiúil a bheidh á dhéanamh no le déanamh ag cigire de bhun ordacháin ón Aire fén Acht so no fé aon Acht eile, íocfaid no tairgfid, ar n-a iarraidh sin don chigire, le héinne no d'éinne ar a gceanglóidh an cigire sin fén bhfo-alt san teacht i láthair ag an bhfiosrúchán san, pé suim a mheasfaidh an cigire sin is leor chun íoctha na gcostas réasúnta agus riachtanach a bhainfidh le n-a theacht i láthair amhlaidh;

(d) a mbeidh gan íoc cheana le duine ar bith do tháinig i láthair in aon áit do réir fógra fén bhfo-alt san de sna costaisí réasúnta agus riachtanacha do bhain le n-a theacht i láthair amhlaidh, íocfar leis é, más iniúchóir do thug an fógra san dó, ag an údarás áitiúil a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh no, más cigire thug an fógra san dó chun crícheanna fiosrúcháin áitiúil, ag pé údarás áitiúil le n-a mbainfidh an fiosrúchán san a ordóidh an cigire sin, agus mara n-íoctar amhlaidh é féadfar é bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla;

(e) ní ceanglófar ar éinne teideal tailimh ná aon ionstruim a bhaineann le teideal tailimh do thabhairt ar áird maran rud é—

(i) i gcás fiosrúcháin, gur leis an údarás áitiúil no le haon cheann de sna húdaráis áitiúla le n-a mbainfidh an fiosrúchán san an talamh san, no

(ii) i gcás iniúchadh cuntas gur leis an údarás áitiúil a mbeidh a gcuntais á n-iniúchadh an talamh san;

(f) gach duine dá dtabharfar fógra fén bhfo-alt so agus a dhiúltóidh no fhailleoidh go toiliúil teacht i láthair do réir an fhógra san no dhéanfaidh go toiliúil aon scríbhinn le n-a mbainfidh an fógra san d'atharú no do choimeád siar no do cheilt no do dhíthiú no, ar theacht i láthair dó amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise do thabhairt no a dhiúltóidh no fhailleoidh go toiliúil aon scríbhinn le n-a mbainfidh an fógra san do thabhairt ar áird, beidh sé, fé réir forálacha na míre sin roimhe seo den fho-alt so, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air.

Gearradh na bolgaighe.

87. —(1) San Salt so—

cialluíonn an abairt “na hAchtanna um Ghearradh na Bolgaighe” na Vaccination (Ireland) Acts, sé sin le rá, an Vaccination (Ireland) Act, 1858, an Vaccination (Ireland) Act, 1863, an Vaccination Amendment (Ireland) Act, 1868, agus an Vaccination Amendment (Ireland) Act, 1879, maraon le halt 147 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus

tá leis na habairtí “ceanntar sláintíochta” agus “údarás sláintíochta” an bhrí chéanna atá leo sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag an forálacha so leanas maidir leis na hAchtanna um Ghearradh na Bolgaighe, sé sin le rá:—

(a) na comhachta agus na dualgais a bronntar no a forchuirtear leis na hAchtanna san ar bhord chaomhnóirí no ar choiste bhainistighe cheanntair íclainne isiad a fheidhmeoidh agus a chólíonfaidh iad i ngach ceanntar sláintíochta ná údarás sláintíochta an cheanntair shláintíochta san;

(b) gach ceanntar do ghearradh na bolgaighe bheidh ann díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so agus a bheidh ar fad laistigh d'aon cheanntar sláintíochta amháin beidh sé ná ina cheanntar do ghearradh na bolgaighe ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin;

(c) i gcás páirt de cheanntar do ghearradh na bolgaighe bheidh ann díreach roimh theacht i bhfeidhm don alt so do bheith i gceanntar sláintíochta áirithe agus páirt eile do bheith i gceanntar sláintíochta eile beidh gach páirt aca san ina ceanntar do ghearradh na bolgaighe ar theacht i bhfeidhm don alt so agus dá éis sin;

(d) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san do bhord chaomhnóirí no do chaomhnóirí na mbocht no do choiste bhainistighe cheanntair íclainne, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt don údarás sláintíochta iomchuibhe;

(e) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san d'aontas fé dhlí na mbocht, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt do cheanntar sláintíochta;

(f) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san do cheanntar íclainne, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt d'oiread de cheanntar íclainne chun crícheanna congnamh liaghachta fén Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939) , agus a bheidh sa cheanntar sláintíochta iomchuibhe;

(g) gach luadh no tagairt atá sna hAchtanna san do dhochtúir oifigiúil ceanntair íclainne, léireofar é agus beidh éifeacht aige mar luadh no mar thagairt do dhochtúir oifigiúil sláinte an cheanntair íclainne iomchuibhe no, má bhíonn níos mó na aon dochtúir oifigiúil amháin den tsórt san ann, don dochtúir oifigiúil a bheidh ag gníomhú don cheanntar iomchuibhe do ghearradh na bolgaighe.

(3) Scuirfidh forálacha ailt 9 d'Acht 1923 agus forálacha aon orduithe do rinneadh fé alt 20 den Acht san d'éifeacht do bheith aca má táid agus sa mhéid go bhfuilid buiniscionn le forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so.

(4) Na costais fé n-a raghaidh údarás áitiúil chun crícheanna na nAchtanna um Ghearradh na Bolgaighe, mar a hoiriúnuítear iad no mar a deintear deifir dóibh leis an alt so, cruinneofar iad mar a cruinnítear na costais no, i gcás údaráis sláintíochta tuatha, na costais ghenerálta fé n-a dtéigheann an t-údarás sláintíochta san chun crícheanna na nAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

Údaráis bhaile do dhéanamh rann-íoca le comhlachais cheaduithe.

88. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “údarás baile” aon údarás áitiúil aca so leanas, sé sin le rá, bárdas contae-bhuirge no buirge eile, comhairle bhailecheanntair, agus coimisinéirí baile;

cialluíonn an abairt “comhlachas ceaduithe” comhlachas d'údaráis bhaile ar n-a cheadú ag an Aire agus gur cuid dá chuspóirí dul i gcomhairle le chéile i dtaobh cúrsaí bhaineann le húdaráis bhaile i gcoitinne agus nithe do phlé bhaineann le rialtas áitiúil;

cialluíonn an abairt “an méid ceaduithe”—

(a) más bárdas contae-bhuirge an t-údarás baile gur ina thaobh a húsáidtear an abairt—fiche punt,

(b) más bárdas buirge nach contae-bhuirg no más comhairle bhailecheanntair an t-údarás baile sin—deich bpunt, agus

(c) más coimisinéirí baile an t-údarás baile sin—cúig púint.

(2) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so féadfaidh údarás baile rann-íoc do dhéanamh le cistí aon chomhlachais cheaduithe.

(3) Ní raghaidh an méid iomlán a bheidh rann-íoctha de thurus na huaire fén alt so ag údarás baile thar an méid is méid ceaduithe alos an údaráis bhaile sin.

Rann-íoca d'íoc le comhlachais a chuireann le seirbhísí leabharlainne.

89. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil le n-a mbaineann an t-alt so rann-íoc bliantúil no eile d'íoc, le toiliú an Aire, le cistí aon chomhlachais a chuireann leis na gnáth-sheirbhísí leabharlainne chothabhálann údaráis áitiúla le n-a mbaineann an t-alt so tré leabhair a bhíonn ag teastáil go speisialta o mhic léighinn do chur ar fáil.

(2) Aon chostais fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén alt so íocfar iad mara híoctar costais fé n-a dtéigheann an t-údarás áitiúil sin fé sna Public Libraries (Ireland) Acts, 1855 to 1920, ar n-a leasú le halt 65 d'Acht 1925.

(3) Baineann an t-alt so leis na húdaráis áitiúla so leanas, sé sin le rá, comhairle chontae, bárdas contae-bhuirge no buirge eile, agus comhairle bhailecheanntair.

Ceopadh na gcéad chontaebhainisteóirí agus na gcéad chontaebhainisteóirí conganta.

90. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis teacht i bhfeidhm don alt so raghfar ar aghaidh le ceapadh agus críochnófar ceapadh an chéad chontae-bhainisteora do gach contae (seachas contae Bhaile Atha Cliath) no do gach ceann fé leith de dhá chontae ghrúpálta fé alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ), d'ainneoin gan an tAcht san do bheith tagtha i bhfeidhm an uair sin, ach an lá cheapfaidh an tAire fé fho-alt (2) den alt san 4 ina lá gur air agus uaidh a bheidh éifeacht ag aon cheapadh den tsórt san ní bheidh sé níos luaithe ná an lá ar a dtiocfaidh an tAcht um Bainistí Chontae, 1940 , adubhradh, i ngníomh.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 4 den Acht um Bainistí Chontae, 1940 ( Uimh. 12 de 1940 ) i maidir le contae a dtiocfaidh ceapadh an chéad chontae-bhainisteora in éifeacht ina taobh an lá ar a dtiocfaidh an tAcht san i ngníomh.

(3) Chó luath agus agus is féidir é tar éis teacht i bhfeidhm don alt so, raghfar ar aghaidh le céad-cheapadh agus críochnófar céadcheapadh daoine fén Acht um Bainistí Chontae, 1940 (Uimh. 12 de 1940) , chun na n-oifigí uile agus fé seach le n-a mbaineann alt 12 den Acht san d'ainneoin gan an tAcht san do bheith tagtha i ngníomh an uair sin, ach an lá cheapfaidh an tAire fé mhír (b) d'fho-alt (3) den alt san 12 ina lá gur air agus uaidh a bheidh éifeacht ag aon cheapadh den tsórt san ní bheidh sé níos luaithe ná an lá ar a dtiocfaidh an tAcht um Bainistí Chontae, 1940 , adubhradh, i ngníomh.


AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtanna gur Feidir na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, do ghairm diobh i dteannta an Achta so.

1. An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925 (Uimh. 5 de 1925) .

2. An tAcht Rialtais Áitiúla, 1927 (Uimh. 3 de 1927) .

3. An tAcht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933) .

4. An tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú), 1934 (Uimh. 5 de 1934) .

5. An tAcht Rialtais Áitiúla (Leasú) (Uimh. 2), 1934 (Uimh. 44 de 1934) .

6. An tAcht Rialtais Áitiúla, 1936 (Uimh. 46 de 1936) .

7. An tAcht Rialtais Áitiúil (Leasú), 1939 (Uimh. 9 de 1939) .

AN DARA SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

6 & 7 Will. IV, c. 116

An Grand Jury (Ireland) Act, 1836.

Alt 43 o sna focail “provided always” go deireadh an ailt; na focail “nor to fill any other county office whatsoever in any county” in alt 44.

1 & 2 Vic., c. 56  ....

An Poor Relief (Ireland) Act, 1838.

Alt 18.

3 & 4 Vic., c. 108....

An Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840.

Ailt 81 agus 82; alt 83 sa mhéid go mbaineann an t-alt san le cás có-ionannais vótaí.

5 & 6 Vic., c. 104....

An Municipal Corporations (Ireland) Act, 1842.

Alt 2.

17 & 18 Vic., c. 103

An Towns Improvement (Ireland) Act, 1854.

An t-ionchorparú dheineann alt 24 ar alt 19 den Commissioners Clauses Act, 1847.

21 & 22 Vic., c. 64  ....

An Vaccination (Ireland) Act, 1858.

Alt 4.

25 & 26 Vic., c. 106

An County Surveyors (Ireland) Act, 1862.

An tAcht iomlán.

35 & 36 Vic., c. 69

An Local Government Board (Ireland) Act, 1872.

An proviso ghabhann le halt 6.

45 & 46 Vic., c. 50

An Municipal Corporations Act, 1882.

Fo-ailt (3), (4), (5) agus (6) d'alt 56.

61 & 62 Vic., c. 37

An Local Government (Ireland) Act, 1898.

Fo-alt (7) d'alt 9, fo-alt (4) d'alt 22, fo-alt (8) d'alt 83.

--

An Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.

Na coda so leanas den Sceideal: fo-airteagail (3) agus (4) d'airteagal 5, fo-airteagail (1), (2), (3), (4), agus (6) d'airteagal 9, fo-airteagal (1) d'airteagal 10 o sna focail “on payment” go deireadh an fho-airteagail, fo-airteagal (3) d'airteagal 10, mir (e) d'fho-airteagal (4) d'airteagal 12, fo-airteagal (5) d'airteagal 12, airteagal 20, fo-airteagail (1) agus (3) d'airteagal 32, fo-airteagal (6) d'airteagal 36.

63 & 64 Vic., c. 18

An County Surveyors (Ireland) Act, 1900.

An tAcht iomlán.

Uimh. 9 de 1923   ....

An tAcht um Rialtas Áitiúil (Forálacha Sealadacha), 1923 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 5 de 1925   ....

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1925 .

Fo-alt (2) d'alt 57, ailt 63 agus 72; an Cúigiú Sceideal.

Uimh. 14 de 1927   ....

An tAcht um Thoghacháin Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1927 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 19 de 1931   ....

An tAcht Rialtais Áitiúla, 1931 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 18 de 1932   ....

Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932.

Alt 8.

Uimh. 41 de 1935   ....

An tAcht Rialtais Áitiúla (Údaráis Scurtha), 1935 .

An tAcht iomlán.

Uimh. 25 de 1939   ....

Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 .

Fo-alt (2) d'alt 9.

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtachain a Cuirtear i mBaint le Toghachain do Bhaill d'Udarais Áitiúla.

Siosón agus Caibidil no Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid an Churtha-i-mBaint

45 & 46 Vic., c. 50

An Municipal Corporations Act, 1882.

An méid den Acht a bhaineann le hachuingeacha toghacháin.

47 & 48 Vic., c. 70

An Municipal Elections (Corrupt and Illegal Practices) Act, 1884.

An méid den Acht a bhaineann le hachuingeacha toghacháin.

Uimh. 12 de 1923 .  ....

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923 .

Ailt 22, 26 go 30, 60, 62 agus 63, Coda I agus II den Chúigiú Sceideal.

Uimh. 38 de 1923   ....

An tAcht chun Droch-Bhearta Toghacháin do Chosc, 1923.

Coda I agus II, Cuid III ach amháin ailt 23 agus 24, Coda IV agus VII. agus Cuid VIII (ach amháin alt 50).