24 1941


Uimhir 24 de 1941.


ACHT NEODRACHTA (DÍOBHÁIL CHOGAIDH DO MHAOIN), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN CÚITEAMH d'ÍOC AMACH AS AIRGEAD PUIBLÍ LE DAOINE GO nDEARNADH NO GO nDÉANFAR, AN 26adh LÁ DE LÚNASA, 1940, NO DÁ ÉIS SIN, DÍOBHÁIL DO MHAOIN LEO SA STÁT NO IN UISCÍ TEORANN AN STÁIT DE DHEASCAIBH GNÍMH Ó FHÓRSAÍ ARMTHA RIAGHALTAIS NO ÚDARÁIS EACHTRAIGH AGUS IAD PÁIRTEACH I gCOGADH INAR NEODRACH DON STÁT NO DE DHEASCAIBH TIONÓISCE DAR CÚIS RUD ÉIGIN AR N-A DHÉANAMH LASMUICH DEN STÁT AG AON FHÓRSA ARMTHA DEN tSÓRT SAN, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE BHAINEAS LEIS NA DÍOBHÁLA SAN DO MHAOIN NO LE CÚITEAMH d'ÍOC IONTA. [23adh Meán Fhómhair, 1941.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;

cialluíonn an abairt “aer-árthach coigríche” aer-árthach míleata nach aer-árthach Stáit do réir bhrí an Achta um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) , ná aer-árthach ar n-a chlárú sa Stát fén Acht san no fé rialachán ar n-a dhéanamh fén Acht san;

cialluíonn an abairt “long choigríche” long no árthach eile nach long Stáit agus nach cláruithe dhi sa Stát fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, agus foluíonn sí long no árthach de shaghas ar bith atá saortha o riachtanas a cláruithe no nach féidir a chlárú fé sna hAchtanna san agus nach le saoránach Éireannach ná le cuideachtain ar n-a clárú sa Stát fé san hAchtanna Cuideachtan, 1906 go 1924;

cialluíonn an abairt “long Stáit” long no árthach eile is leis an Stát no le hAire Stáit;

cialluíonn an focal “foirgint” tigh, siopa, monarcha, no buandéanmhas eile den tsórt san agus foluíonn cuid d'aon déanmhas den tsórt san;

foluíonn an focal “díobháil” díthiú iomlán no leathrannach agus, nuair a bhaineann le háirnéis, foluíonn caillteanas no dul ar iarraidh;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna um Dhíobháil Choiriúil” na hachtacháin i dtaobh cúitimh i ndíobháil choiriúil a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Dhíobháil do Mhaoin (Cúiteamh), 1923 (Uimh. 15 de 1923) ;

foluíonn an abairt “an Ard-Chúirt” an Ard-Chúirt ar Cuaird;

cialluíonn an abairt “an Chúirt” an Chúirt Chuarda ach foluíonn an Ard-Chúirt i gcás athchomhairc in aghaidh na Cúirte Cuarda;

cialluíonn an abairt “údarás áitiúil”—

(a) maidir le foirgint i gceanntar sláinte contae—bord sláinte an cheanntair shláinte chontae,

(b) maidir le foirgint i gcontae-bhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire—bárdas na buirge, agus

(c) maidir le foirgint in aon bhuirg eile no in aon bhailecheanntar—comhairle na buirge no an bhailecheanntair;

cialluíonn an abairt “údarás pleanála ceanntair” údarás pleanála ceanntair chun crícheann na nAchtanna um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 agus 1939.

Díobhála le n-a mbaineann an tAcht so.

2. —(1) Baineann an tAcht so le díobhála do mhaoin do rinneadh no déanfar (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) sa Stát no in uiscí teorann an Stáit an 26adh le de Lúnasa, 1940, no dá éis sin,

(a) le haon diubhraiceán, bomba, no rud eile no aon tsubstaint ar n-a theilgean no ar n-a scaoileadh anuas o aer-árthach choigríche, no le haon diobhraiceán, bomba, no rud eile ar n-a theilgean o loing choigríche, no

(b) pléascadh, sidhe, tóiteán, gás, no ní loitbheartach no díobhálach eile ar n-a theacht d'aon rud no substaint den tsaghas adubhradh do theilgean no do scaoileadh anuas o aer-árthach choigríche no d'aon rud den tsaghas adubhradh do theilgean o loing choigríche no ar n-a theacht i gcúrsa aon rud no substaint den tsaghas san d'aistriú, do dhí-scaoileadh, do dhíthiú, no do scaipeadh, no toisc cur isteach ar aon tslí eile ar aon rud no substaint den tsaghas san, no

(c) tré aon aer-árthach coigríche do thúirling (go toiliúil no go nea-thoiliúil) no do thuitim no tré choda d'aon aer-árthach den tsaghas san do thuitim, no tré earraí no daoine do thuitim di no aisti, no le haon phléascadh, sidhe, tóiteán, gás, no ní loitbheartach no díobhálach eile ar n-a chur ar obair tré aon túirling no tuitim den tsaghas san no maidir leis, no

(d) tré mhianach do suidheadh sa bhfairrge o aon loing choigríche no o aon aer-árthach coigríche do phléascadh (sa bhfairrge no in uisce intíre no ar tír), no

(e) le haon phléascadh no tóiteán ar n-a theacht i gcúrsa aon mhianach do suidheadh mar adubhradh d'aistriú, do dhíscaoileadh, no do dhíthiú no toisc cur isteach ar aon tslí eile air, no

(f) le ballún as áit lasmuich den Stát no le téid cheangail no earra eile ar n-a ceangal d'aon bhallún den tsaghas san, no

(g) tré ní ar bith do dhéanamh le haon bhallún den tsaghas san adubhradh no aon cheanglán dó no maidir leis an gcéanna d'fhonn an ballún san d'aistriú, d'fholmhú, do scaoileadh saor, no do dhíthiú no tré chur isteach ar aon tslí eile ar aon bhallún no ceanglán den tsaghas san, no tré aon phléascadh no tóiteán ón mballún san i gcúrsa a aistrithe, a fholmhuithe, a scaoilte saor, no a dhíthithe no de dheascaibh aon chur-isteach den tsaghas san air.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní-bhainfidh an tAcht so ach le díobhála do mhaoin ar n-a ndéanamh le linn an Stát do bheith gan bheith páirteach i gcogadh ar bith.

Daoine bheidh i dteideal cúitimh fén Acht so.

3. —(1) Fé réir na n-eisceacht a deintear leis an Acht so agus na bhforálacha eile atá san Acht so, beidh gach duine aca so leanas i dteideal cúitimh fén Acht so sa díobháil no sa chaillteanas a luaidhtear anso ina dhiaidh seo ar n-a iarraidh sin dó do réir an Achta so, sé sin le rá:—

(a) gach duine dá dtárla no dá dtárlóidh caillteanas tré dhíobháil le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh dá mhaoin;

(b) gach duine is ionadaidhe pearsanta do dhuine mharbh no is iontaobhaidhe no pearsa eile i gcáil iontaobhais agus dá dtárla no dá dtárlóidh caillteanas sa cháil iontaobhais sin aige tré dhíobháil le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh do mhaoin ar n-a dílsiú ann sa cháil iontaobhais sin aige;

(c) ionadaidhe pearsanta dhuine dá dtárla caillteanas tré dhíobháil le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh dá mhaoin le linn a bheo;

(d) gach duine dá dtárla no dá dtárlóidh caillteanas de bhíthin díobháil le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh do mhaoin ar n-a muirearú (le muirear seachas cíos) ina fhábhar in aon tslí no do mhaoin go nasc aige uirthi;

(e) gach duine dá dtárla no dá dtárlóidh, de bhíthin díobháil le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh d'fhoirgint, caillteanas (nach caillteanas tré dhíobháil dá mhaoin) gur féidir cúiteamh do dheonadh ina thaobh fén Acht so.

(2) D'ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so, ní bheidh aon chúiteamh fén Acht so iníoctha le haon údarás áitiúil, ná ionbhainte amach aca, alos díobhála d'aon tsráid, bóthar, droichead, trambealach, slí fé thalamh, mór-phíopa uisce, píopa uisce, camra, dréin, no líntéir is gá don údarás áitiúil sin do réir dlí do sholáthar, do chothabháil, no do dheisiú.

(3) I gcás cúiteamh fén Acht so do dheonadh d'ionadaidhe phearsanta dhuine mhairbh alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so do rinneadh do mhaoin an duine mhairbh sin le linn a bheo, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe gur chuid d'estát an duine mhairbh sin le linn a bháis an cúiteamh san;

(b) más estát réalta an mhaoin sin, sealbhóidh an t-ionadaidhe pearsanta san an cúiteamh san ar iontaoibh don duine tháinig i dteideal na maoine sin fé uacht an duine mhairbh sin no ar éag don duine mharbh san gan uacht do dhéanamh.

(4) D'ainneoin éinní atá san Acht so, ní déanfar cúiteamh ar bith alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so do dheonadh no d'íoc fén Acht so do dhuine no le duine fuair cúiteamh alos na díobhála san (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) o rialtas no údarás lasmuich den Stát.

Iarratais chun an Aire ar chúiteamh fén Acht so.

4. —(1) Duine ar bith adeir go bhfuil sé i dteideal cúitimh fén Acht so alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so, féadfaidh an cúiteamh san d'iarraidh ar an Aire do réir an ailt seo.

(2) Gach iarratas a déanfar chun an Aire fén alt so maidir le díobháil do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith, déanfar é lá nach déanaighe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta san, agus déanfar gach iarratas eile chun an Aire fén alt so lá nach déanaighe ná dhá mhí dhéag tar éis lá déanta na díobhála le n-a mbainfidh an t-iarratas.

(3) Is sa bhfuirm agus sa tslí orduithe déanfar gach iarratas chun an Aire fén alt so agus luadhfar ann gach ní agus rud a bheidh orduithe chuige sin no is gá do réir na fuirme orduithe sin, agus luadhfar ann go sonnrách seoladh sa Stát chun a bhféadfar teachtaireachta ón Aire chun an iarratasóra no chun an duine eile bheidh ag déanamh an iarratais do chur.

(4) Má bhíonn an t-iarratasóir fé mhí-chumas no lasmuich den Stát, féadfaidh duine eile an t-iarratas do dhéanamh thar a cheann.

(5) Más dóich leis an Aire san do bheith ceart, féadfa sé bheith riachtanach do réir na fuirme agus na slí orduithe ina mbeidh iarratas le déanamh chun an Aire an t-iarratas do bheith i bhfuirm dearbhuithe reachtúil a déanfar ag an iarratasóir no, má dheineann duine eile an t-iarratas san thar a cheann, ag an duine sin.

(6) Gach iarratasóir no duine eile bheidh ag déanamh iarratais chun an Aire fén alt so, bhéarfaidh uaidh an t-eolas agus na mion-innste sin a bheidh ar seilbh no ar fáil aige agus a cheanglóidh an tAire air do thabhairt i dtaobh na díobhála is abhar don iarratas no i dtaobh aon ní no ruda bheidh luaidhte san iarratas.

(7) Gach teachtaireacht ón Aire chun iarratasóra no duine eile bheidh ag déanamh iarratais fén alt so féadfar a cur leis an bpost chun an iarratasóra no an duine eile sin ag an seoladh bheidh luaidhte chuige sin san iarratas san.

(8) Gach teachtaireacht chun an Aire o iarratasóir no o dhuine eile bheidh ag déanamh iarratais fén alt so, féadfar a cur leis an bpost ar n-a díriú chun an Rúnaidhe, an Roinn Airgeadais, Sráid Uachtarach Mhuirbhthean, Baile Atha Cliath.

Dualgas an Aire maidir le hiarratais a déanfar chuige.

5. —(1) Fé cheann dhá mhí dhéag tar éis iarratas ar chúiteamh fén Acht so a déanfar chuige go cuibhe d'fháil dó, breithneoidh an tAire an t-iarratas san agus déanfaidh pé ní aca so leanas is dóich leis is ceart, eadhon,—

(a) suim áirithe chúitimh fén Acht so alos na díobhála le n-a mbainfidh an t-iarratas do thairgsint i scríbhinn don iarratasóir, no

(b) a chur in úil don iarratasóir i scríbhinn ná fuil sé chun aon tsuim den tsórt san do thairgsint dó.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach tairgsint suime áirithe cúitimh fén Acht so dhéanfaidh an tAire fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an tAire, le linn an tairgsint do dhéanamh, na coinníollacha san (más aon cheann é) is dóich leis is ceart i dtaobh caitheamh an chúitimh tairgfear léi do chur ag gabháil leis an tairgsint;

(b) beidh cead ag an iarratasóir, más tairgsint neachoinníollach an tairgsint, glacadh léi no diúltú dhi no, más tairgsint go gcoinníollacha í, glacadh léi i dteannta agus fé réir na gcoinníoll a bheidh ag gabháil léi no diúltú dhi;

(c) mara ndeinidh an t-iarratasóir, i scríbhinn, glacadh leis an tairgsint no diúltú dhi fé cheann sé mhí tar éis í dhéanamh, is tuigthe é do ghlacadh léi agus, má bhí coinníollacha ag gabháil leis an tairgsint, é do ghlacadh léi i dteannta agus fé réir na gcoinníoll san;

(d) má ghlacann an t-iarratasóir leis an tairgsint no más tuigthe, de bhuadh na míre deiridh sin roimhe seo den fho-alt so, é do ghlacadh léi, íocfaidh an tAire leis an iarratasóir, fé réir é do chólíonadh na gcoinníoll do bhí (má bhí) ag gabháil leis an tairgsint, an tsuim áirithe chúitimh fén Acht so do tairgeadh leis an tairgsint;

(e) má ghlacann an t-iarratasóir leis an tairgsint no más tuigthe mar adubhradh é do ghlacadh léi, ní cead dó aon éileamh ná iarratas eile do dhéanamh ar chúiteamh fén Acht so alos na díobhála le n-ar bhain an t-iarratas dá dtáinig an tairgsint.

(3) Más oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh suim in aghaidh na gcostas a bheidh curtha suas ag an iarratasóir mar gheall ar an iarratas chun an Aire do bheith ina cuid d'aon tsuim áirithe chúitimh fén Acht so thairgfidh an tAire fén alt so.

(4) Féadfar tagairtí san Acht so do chúiteamh ar n-a dheonadh ag an Aire do léiriú mar thagairtí do chúiteamh is iníoctha ag an Aire de bhuadh tairgseana bheidh déanta aige fén alt so agus do ghlac no is tuigthe do ghlac an t-iarratasóir dar tugadh í.

Iarratais chun na Cúirte Cuarda ar chúiteamh fén Acht so.

6. —(1) Duine ar bith a bheidh tar éis iarratas do dhéanamh chun an Aire, fé sna forálacha san roimhe seo den Acht so, ag lorg cúitimh fén Acht so alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so agus a bheidh tar éis diúltú do thairgsint ón Aire suim áirithe chúitimh fén Acht so alos na díobhála san do thabhairt dó no dá mbeidh an tAire tar éis a chur in úil ná fuil an tAire chun aon tsuim den tsórt san do thairgsint dó, féadfaidh iarratas do dhéanamh do réir an Achta so chun na Cúirte Cuarda ag lorg cúitimh fén Acht so alos na díobhála san.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach iarratas chun na Cúirte Cuarda fén alt so, sé sin le rá:—

(a) mara bhforáltar agus go dtí go bhforálfar a mhalairt le rialacha cúirte, is amhlaidh a déanfar an t-iarratas tré bhille síbhialta ina n-ainmneofar an tAire mar chosantóir aonair agus nach gá fiat ar bith ón Ard-Aighne chun é thabhairt amach;

(b) déanfar an t-iarratas tráth nach déanaighe ná trí mhí tar éis an dáta san aca so leanas is oiriúnach don chás, sé sin le rá, an dáta ar ar dhiúltuigh an t-iarratasóir don tairgsint ón Aire ag tairgsint suime áirithe cúitimh dó no an dáta ar ar chuir an tAire in úil don iarratasóir ná raibh sé chun aon tsuim den tsórt san do thairgsint dó;

(c) is viva voce bhéarfar an fhianaise le linn an t-iarratas d'éisteacht ach amháin i gcás agus sa mhéid go gceadóidh an Chúirt a mhalairt;

(d) go dtí go gcruthófar a mhalairt is tuigthe gur aer-árthach coigríche gach aer-árthach do bhí páirteach sa díobháil do dhéanamh;

(e) i gcás an díobháil do dhéanamh le mianach no do theacht (go díreach no go nea-dhíreach) o mhianach, is tuigthe an mianach san do theacht o loing choigríche no o aerárthach choigríche go dtí go gcruthófar a mhalairt;

(f) i gcás an díobháil do dhéanamh le ballún no le ceanglán ballúin no do theacht (go díreach no go nea-dhíreach) o n-a leithéid, is tuigthe an ballún san do theacht as áit lasmuich den Stát go dtí go gcruthófar a mhalairt;

(g) i gcás an díobháil do dhéanamh le diubhraiceán, bomba, no rud eile do teilgeadh o loing no do theacht (go díreach no go nea-dhíreach) o n-a leithéid, is tuigthe gur long choigríche an long san go dtí go gcruthófar a mhalairt;

(h) éistfear an t-iarratas agus bhéarfar breith air ag an mBreitheamh den Chúirt Chuarda go ndlighinse san áit ina ndearnadh an díobháil;

(i) is do réir na breithe forchuirfear costais an iarratais agus costais an athchomhairc (más ann dó) chun na hArd-Chúirte ach amháin i gcás agus sa mhéid go n-ordóidh an Chúirt, ar chúis, a mhalairt.

Ordú na Cúirte ar iarratais a déanfar chúichi.

7. —Pé uair is deimhin leis an gCúirt, ar éisteacht iarratais ar chúiteamh fén Acht so, go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal an chúitimh sin, deonfaidh an Chúirt cúiteamh fén Acht so don iarratasóir dá réir sin agus ceapfaidh méid an chúitimh sin do réir an Achta so agus ordóidh go n-íocfaidh an tAire leis an iarratasóir an cúiteamh a deonfar agus a ceapfar amhlaidh.

Cúiteamh i ndíobháil do mhaoin seachas foirgint.

8. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le cúiteamh fén Acht so (pé aca an tAire no an Chúirt a dheonfaidh é) alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so do mhaoin seachas foirgint, sé sin le rá:—

(a) ní deonfar aon chúiteamh ná ní bheidh aon chúiteamh iníoctha alos aon áirnéise aca so leanas, sé sin le rá:—

(i) stampaí puist agus stampaí greamuitheacha eile seachas aon stampaí den tsórt san ba chnuasach no ba chuid de chnuasach fiolaitéileach no bhí á gcoimeád ag á n-únaer mar chuid dá stoc trádála ina dheighleálaidhe fiolaitéileach dó,

(ii) orduithe puist agus orduithe airgid post-oifige;

(b) an méid iomlán a bheidh sa chúiteamh a deonfar no is iníoctha alos uaireadóirí, seodra agus earraí órnáide pearsanta (seachas aon earraí den tsórt san do bhí á gcoimeád ag á n-únaer mar chuid dá stoc trádála no do bhí, am déanta na díobhála, árachuithe go sonnrách in aghaidh a gcaillte tré éinní amháin ar a laighead aca so leanas, eadhon:—tóiteán, burglaereacht, agus goid, pé aca bhain an t-árachas san leis an díobháil no nár bhain) do díobháladh in aon díobháil áirithe, ní bheidh sé níos mó ná cúig per cent. de lánmhéid an chúitimh fén Acht so deonfar alos maoine (seachas foirgintí agus seachas áirnéisí le n-a mbaineann an mhír seo no an chéad mhír eile den alt so) do díobháladh leis an díobháil sin;

(c) an méid iomlán a bheidh sa chúiteamh a deonfar no is iníoctha alos monaí, nótaí dlí-thairgthe no nótaí eile rialtais, nótaí bainc, no airgid reatha eile de chuid na tíre seo no aon tíre eile (seachas aon earraí den tsórt san do bhí, am déanta na díobhála, árachuithe go sonnrách in aghaidh a gcaillte tré éinní amháin ar a laighead aca so leanas, eadhon:—tóiteán, burglaereacht, agus goid, pé aca bhain an t-árachas san leis an díobháil no nár bhain), ní bheidh sé níos mó ná cúig per cent. de lán-mhéid an chúitimh fén Acht so deonfar also maoine (seachas foirgintí agus seachas áirnéisí le n-a mbaineann an mhír seo no an chéad mhír eile den alt so) do díobháladh leis an díobháil sin no cúig púint fhichead, pé aca is lugha;

(d) ní raghaidh méid an chúitimh alos aon áirnéise a heiscítear o cheachtar den dá mhír dheiridh sin roimhe seo den alt so de bhíthin í bheith árachuithe sa tslí luaidhtear sa mhír sin thar an suim ina mbeidh sí árachuithe amhlaidh;

(e) déanfar méid an chúitimh alos díobhála do sna scríbhinní seo leanas do cheapadh do réir scála ullmhóidh an tAire chuige sin tar éis dul i gcomhairle leis an Ard-Aighne agus le hUachtarán Dlí-Chumann Ionchorparuithe na hÉireann, sé sin le rá:—

(i) daingniúcháin teidil chun tailimh no maoine eile,

(ii) connartha agus có-aontuithe i scríbhinn,

(iii) bintiúirí,

(iv) deimhnithe stuic agus seaire agus scríbhinní eile teidil chun aon stuic no scaire,

(v) polasaithe árachais,

(vi) udhachta, promháidí, agus leitreacha riaracháin agus cóipeanna oifigiúla dhíobh san,

(vii) cóipeanna oifigiúla d'orduithe Cúirte, de dhearbhóidí agus de scríbhinní eile bhaineann le himeachta dlí;

(f) ní deonfar aon chúiteamh ná ní bheidh aon chúiteamh iníoctha alos díobhála do loing no árthach eile no d'fheistis, troscán no tácla luinge no árthaigh eile, no d'éifeachta pearsanta máistir no éinne d'fhuirinn luinge no árthaigh eile, mara mbeidh an long san no an t-árthach eile sin cláruithe sa Stát fé sna hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1939, no, má bhíonn sí saor o riachtanas a cláruithe no nach féidir a clárú fé sna hAchtanna san, ar únaereacht ag saoránach Éireannach no ag cuideachtain a bheidh cláruithe sa Stát fé sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924.

Cúiteamh i ndíobháil d'fhoirgint.

9. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le cúiteamh fén Acht so dheonfaidh an Chúirt alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so d'fhoirgint, sé sin le rá:—

(a) beidh an cúiteamh fé réir an choinníll (dá ngairmtear an coinníoll athshuidhimh san alt so) go n-úsáidfear é chun no mar chabhair chun foirgint nua do thógáil ar ionad na foirginte díobhálta no chun no mar chabhair chun na foirginte díobhálta do dheisiú, ach san i slí nach lugha luach na foirginte nua no na foirginte deisithe ná luach na foirginte díobhálta agus go mbeidh sí d'aon chineál leis an bhfoirgint díobhálta no de chineál is oiriúnach don chomharsanacht;

(b) ní bheidh méid an chúitimh níos mó ná costas cólíonta an choinníll athshuidhimh lugha-de an méid (más aon mhéid é) is dóich leis an gCúirt do bheadh ag praghas na foirginte ar n-a hathshuidheamh de bhíthin an athshuidhimh de bhreis ar phraghas na foirginte sa staid ina raibh díreach sarar díobháladh í, agus an praghas do mheas i ngach cás aca san do réir gnáth-choinníollacha an mhargaidh amhail ar dháta an deonta agus do réir an méid a gheobhfaí dá ndíoltaí leas bith-dhílse na foirginte;

(c) marab i gcathair, i mbaile, no i mbaile-cheanntar don fhoirgint díobhálta, féadfaidh an Chúirt a údarú an coinníoll athshuidhimh do chólíonadh tré fhoirgint nua do thógáil i ngar d'ionad na foirginte díobhálta in ionad í thógáil ar an ionad san;

(d) má bhí meaisínteacht agus gléasra daingnithe sa bhfoirgint díobhálta, forálfar leis an gcoinníoll athshuidhimh nach foláir meaisínteacht agus gléasra nua do chur ina n-ionad, ach féadfaidh an Chúirt, ar na téarmaí is dóich léi do bheith réasúnta sa chás, an oblagáid i dtaobh meaisínteacht agus gléasra nua do chur ina n-ionad do leigean ar lár as an gcoinníoll athshuidhimh;

(e) íocfar an cúiteamh pé tráth no tráthanna agus ina thráthchoda de pé méideanna agus ar pé fianaise do thabhairt ar áird (i gcás tráthchuid seachas an tráthchuid deiridh d'íoc) i dtaobh an choinníll athshuidhimh do bheith cólíonta go leathrannach no (i gcás an tráthchuid deiridh d'íoc) i dtaobh an choinníll athshuidhimh do bheith cólíonta go hiomlán a theastóidh ón Aire, agus ní bheidh dul thar breith an Aire i dtaobh coinníoll athshuidhimh do bheith cólíonta (go hiomlán no go leathrannach) no gan a bheith no i dtaobh leor-fhianaise do bheith tugtha ar áird i dtaobh an chólíonta san no gan a bheith.

(2) I gcás an Chúirt do dheonadh cúitimh fén Acht so alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so do rinneadh d'fhoirgint agus an Chúirt do dhéanamh aithne no orduithe dá réir sin agus an tAire dá mheas nach oiriúnach no gur ró-dheacair, mar gheall ar chúrsaí speisialta no nithe nár saoileadh, an coinníoll athshuidhimh a bhaineann leis an gcúiteamh san do chólíonadh, féadfaidh an tAire aontú leis an duine dar deonadh an cúiteamh san amhlaidh an duine sin do shaoradh ón gcoinníoll athshuidhimh sin ar pé téarmaí (ar a n-áirmhítear, i gcás oiriúnach, méid an chúitimh sin do laigheadú) is dóich leis an Aire is ceart agus le n-a nglacfaidh an duine sin.

Toirmeasc ar chúiteamh i gcaíllteanas iarmartach.

10. —(1) Fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so ní déanfar cúiteamh fén Acht so (pé aca an tAire no an Chúirt a dheonfaidh é) alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so do dheonadh ach amháin alos an damáiste achtúil do rinneadh do mhaoin leis an díobháil sin, agus ní deonfar aon chúiteamh den tsórt san amhlaidh alos aon chaillteanais do tháinig den damáiste achtúil sin no, go sonnrách, in úsáid mhaoine do chailliúint no i bpléisiúr no taithneamhacht amháin do chailliúint.

(2) I gcás díobháil le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh d'fhoirgint, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfar cúiteamh fén Acht so do dheonadh, do dhuine a raibh ceárd no gairm no gnó ar siúl aige sa bhfoirgint sin, alos tuilleamh as an gcéird no as an ngairm no as an ngnó san do chailliúint i gcás nach féidir no gur ródheacair, de dheascaibh na díobhála san, an cheárd no an ghairm no an gnó san do sheoladh ar feadh aon tréimhse áirithe, ach ní bheidh an cúiteamh san níos mó ná cúig déag per cent. de ráta bhliantúil tuillimh an duine sin as an gcéird no as an ngairm no as an ngnó san mar a bhí ar siúl sa bhfoirgint sin i gcaitheamh an dá mhí dhéag as a chéile no na tréimhse bhí an cheárd no an ghairm no an gnó san ar siúl (pé aca san is giorra) díreach roimh lá déanta na díobhála san no suim céad agus caoga punt, pé aca is lugha;

(b) féadfar cúiteamh fén Acht so i gcailliúint fostaíochta do dheonadh do phearsain do bhí, díreach roimh an díobháil sin, ar fostú i gcéird no i ngairm no i ngnó do bhí ar siúl sa bhfoirgint sin agus do chaill, de dheascaibh na díobhála san, an fhostaíocht san aige go buan no go sealadach, ach ní bheidh an cúiteamh san níos mó ná cúig déag per cent. de ráta bhliantúil a thuillimh sa bhfostaíocht san i gcaitheamh an dá mhí dhéag as a chéile no na tréimhse bhí sé sa bhfostaíocht san (pé aca san is giorra) díreach roimh lá déanta na díobhála san no suim céad agus caoga punt, pé aca is lugha.

(3) I gcás ina raibh ar shealbhaire foirginte dá ndearnadh díobháil le n-a mbaineann an tAcht so an fhoirgint sin d'fhágáil de dheascaibh na díobhála san agus go ndeachaidh dá chionn san fé chaiteachas, de bhreis ar an méid fé n-a raghadh sé dá mba ná déanfaí an díobháil sin, chun áit chomhnaithe do sholáthar dó féin, dá theaghlach, no dá ghnó no chun aon earra shoghluaiste d'aistriú no do stóráil féadfar cúiteamh alos an chaiteachais sin do dheonadh fén Acht so ach ní bheidh an cúiteamh san níos mó ná caoga punt i gcás aon éilimh áirithe.

Dualgas na Cúirte maidir le hárachas.

11. —Pé uair a dheonfaidh an Chúirt cúiteamh fén Acht so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) fiosróidh agus cinnfidh an Chúirt cé aca bhí no ná raibh an duine dá ndeonfar an cúiteamh amhlaidh árachuithe in aghaidh an chaillteanais no aon choda den chaillteanas ina ndeonfar an cúiteamh amhlaidh;

(b) má fhionnann an Chúirt go raibh an duine sin árachuithe amhlaidh déanfaidh an Chúirt an fiosrú is gá chun go bhféadfa sí an chéad mhír eile den alt so do chólíonadh;

(c) déarfaidh an Chúirt in ordú deonta an chúitimh cé aca bhí an duine dá ndeonfar an cúiteamh leis árachuithe amhlaidh mar adubhradh no ná raibh agus má bhí sé árachuithe amhlaidh luadhfaidh an Chúirt freisin san ordú san mion-innste an árachais sin agus an tsuim do híocadh leis an duine sin no a bhfuil teideal aige chun a híoctha leis fén árachas san;

(d) má dheineann an Chúirt, de bhun an ailt seo, a rá in ordú, i dtaobh an duine dá ndeonfar cúiteamh leis an ordú san, gur híocadh leis no go bhfuil sé i dteideal go n-íocfaí leis airgead fén árachás san mar adubhradh, féadfaidh an tAire, nuair a bheidh sé ag íoc an chúitimh sin, méid do bhaint as agus do choimeád is có-mhéid leis an airgead san adéarfar amhlaidh do bheith íoctha no iníoctha lugha-de méid an phraemium bhliantúil a bheidh íoctha.

Airnéisí gur deonadh cúiteamh ina dtaobh do bhaint amach.

12. —I gcás an tAire no an Chúirt do dheonadh cúitimh fén Acht so alos díobhála gurb é bhí ann, i bpáirt no go hiomlán, ná cailliúint áirnéise no díthiú adubhradh do rinneadh ar áirnéis agus go dtiocfaidh no go bhfuighfear an áirnéis sin (slán no damáistithe) ina dhiaidh sin i seilbh an duine dar deonadh an cúiteamh san amhlaidh no i seilbh aon duine eile, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) tiocfaidh an áirnéis sin chun bheith agus beidh sí láithreach ina cuid de mhaoin an Aire agus féadfaidh seisean í bhaint amach le haicsean síbhialta in aon Chúirt dlighinse inniúla;

(b) i gcás an tAire do bhaint na háirnéise de dhuine seachas an duine dar deonadh an cúiteamh san, déanfaidh an tAire, más féidir é, a chur in úil don duine dar deonadh an cúiteamh san an áirnéis sin do bheith bainte amach;

(c) beidh an duine dar deonadh an cúiteamh san i dteideal, aon uair sara ndeinidh an tAire an áirnéis sin do dhíol no do chur dá láimh fé sna forálacha ina dhiaidh seo den alt so, an áirnéis sin do cheannach ón Aire ar phraghas is có-ionann le méid an chúitimh sin do deonadh ina taobh no ar pé praghas is lugha ná san ar a gcó-aontófar idir an duine sin agus an tAire;

(d) i gcás gan an cúiteamh san do mheas ar leithligh alos na háirnéise sin, féadfaidh an tAire, chun crícheanna na céad mhíre eile den alt so, an cúiteamh san do ranndáil idir an áirnéis sin agus an mhaoin eile ar deonadh é ina taobh, agus leis sin is tuigthe chun na gcrícheanna san gurb í an chuid den chúiteamh san do ranndáileadh don áirnéis sin an méid cúitimh do deonadh alos na háirnéise sin;

(e) má ceannuítear an áirnéis sin fé sna forálacha san roimhe seo den alt no, íocfar leis an Aire an praghas is iníoctha uirthi agus déanfaidh seisean an praghas san d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste no féadfar, i gcás gan an cúiteamh san do bheith íoctha, é d'íoc tré n-a chur i gcoinnibh a chómhéide den chúiteamh san;

(f) cuirfidh an tAire an áirnéis sin dá díol no dá cur de láimh ar shlí eile (mara mbeidh sí díolta cheana fé sna forálacha san roimhe seo den alt so) chun tairbhe don Stát-Chiste san am agus sa tslí a mheasfaidh is ceart.

Cúiteamh, costais, agus caiteachas d'íoc.

13. —Íocfar na suimeanna so leanas as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, sé sin le rá:—

(a) an méid (lugha-de asbhaintí a húdaruítear le mír (d) d'alt 11 den Acht so) is iníoctha ag an Aire ar scór cúitimh fén Acht so, pé aca an tAire no an Chúirt a dheonfaidh é, agus

(b) na costais uile is iníoctha ag an Aire de bhun orduithe ón gCúirt fén Acht so, agus

(c) an caiteachas fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Fiacha áirithe d'íoc.

14. —I gcás aon chúiteamh fén Acht so (seachas cúiteamh le n-a gcuirfidh an Chúirt coinníoll athshuidhimh ag gabháil no le n-a gcuirfidh an tAire coinníoll de chineál coinníll athshuidhimh ag gabháil) no aon tsuim fén gcéad alt eile den Acht so do bheith iníoctha ag an Aire agus aon airgead do bheith ag Aire Stáit no ag na Coimisinéirí Ioncuim no ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn no ag Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an duine le n-a mbeidh an cúiteamh no an tsuim sin iníoctha, is dleathach don Aire an t-airgead a bheidh ar an duine sin amhlaidh d'íoc agus do ghlanadh as an gcúiteamh no as an suim sin agus gan ach an méid (más aon mhéid é) a bheidh fanta den chúiteamh no den tsuim sin tar éis an íoctha agus an ghlanta san d'íoc leis an duine sin.

Na nithe déanfar le cúiteamh do gheobhfar o rialtas no údarás eachtrach.

15. —Pé uair a gheobhaidh an Rialtas cúiteamh alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so o rialtas aon stáit eile no o aon údarás eile lasmuich den Stát, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) déanfar an cúiteamh do gheobhfar amhlaidh d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire;

(b) má bítear tar éis cúiteamh do dheonadh do dhuine ar bith fén Acht so alos na díobhála san agus gur mó ná an cúiteamh a bheidh deonta amhlaidh an cúiteamh do gheobhfar ón rialtas no ón údarás san amhlaidh, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an tsuim sin (más aon cheann é) is dóich leis an Aire is ceart fé réir na teorann a forchuirtear anso ina dhiaidh seo d'íoc, as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, le gach duine dar deonadh cúiteamh amhlaidh i dteannta an chúitimh do deonadh amhlaidh don duine sin;

(c) má chuireann duine ar bith ina luighe ar an Aire gur bhain caillteanas dó de dheascaibh na díobhála san ach nár deonadh cúiteamh dó fén Acht so alos na díobhála san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an tsuim sin (más aon cheann é) is dóich leis is ceart fé réir na teorann a forchuirtear anso ina dhiaidh seo d'íoc, as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, leis an duine sin mar chúiteamh sa chaillteanas san;

(d) an tsuim íocfaidh an tAire fé sna forálacha san roimhe seo den alt so alos na díobhála san ní bheidh sí níos mó ná an méid de sna méideanna so leanas is oiriúnach, sé sin le rá, má deonadh aon chúiteamh fén Acht so alos na díobhála san, an méid a bheidh ag an gcúiteamh do gheobhfar ón rialtas no ón údarás san amhlaidh de bhreis ar an gcúiteamh do deonadh amhlaidh no. i gcás gan cúiteamh ar bith do dheonadh amhlaidh. méid an chúitimh do gheobhfar amhlaidh;

(e) i gcás aon airgead d'íoc leis an Aire fén gcéad alt eile maidir leis an díobháil sin, féadfaidh an tAire an tsuim sin is dóich leis is ceart d'íoc, as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, le gach comhairle chontae agus le gach bárdas contae-bhuirge fé leith mar aisíoc no mar aisíoc leathrannach sa méid a bheidh íoctha ag an gcomhairle no ag an mbárdas san den airgead san do híocadh leis amhlaidh;

(f) chun crícheanna na míre deiridh sin roimhe seo den alt so is tuigthe gur contae-bhuirg agus nach cuid de chontae Bhaile Atha Cliath buirg Dhún Laoghaire.

Rann-íoc o údaráis áitiúla le haghaidh cúitimh fén Acht so.

16. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais a chríochnóidh tar éis an Achta so do rith, fionnfaidh an tAire an méid cúitimh fén Acht so d'íoc sé sa bhliain airgeadais sin agus cuirfidh chun an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe deimhniú ina luadhfar an méid do fionnadh amhlaidh.

(2) Nuair a bheidh an méid cúitimh d'íoc sé fén Acht so in aon bhliain airgeadais áirithe á fhionnachtain ag an Aire fé fho-alt (1) den alt so, áirmheoidh mar chuid den méid sin aon asbhaintí as cúiteamh do rinne sa bhliain sin agus a húdaruítear le halt 14 den Acht so agus aon íocaíochta do rinne sa bhliain sin fé mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 18 no fé fho-alt (2) d'alt 19 den Acht so agus aon íocaíochta do rinne sa bhliain sin fé mhír (e) d'fho-alt (2) d'alt 20 den Acht so.

(3) Nuair a bheidh an méid cúitimh d'íoc sé fén Acht so sa bhliain airgeadais dar chríoch an 31adh lá de Mhárta, 1942, á fhionnachtain ag an Aire fé fho-alt (1) den alt so, féadfaidh aon tsuim d'íoc sé roimh an Acht so do rith (pé aca roimh an 31adh lá de Mhárta, 1941, no dá éis sin é) agus do thug le tuigsint gur íocaíocht í ar cuntas cúitimh alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so d'áireamh mar chuid den méid sin.

(4) Ar aon deimhniú d'fháil dó den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so, déanfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, le hordú, an ceathrú cuid den méid a bheidh luaidhte sa deimhniú san d'uirmheas ar na contaethe agus na contae-bhuirgí uile agus fé seach do réir an luacha bhliantúil a bheidh, fé sna hAchtanna Luachála, ar an maoin is ionrátuithe le haghaidh an ráta dhealbhais sna contaethe sin no le haghaidh an ráta chathardha sna contae-bhuirgí sin fé seach agus cuirfidh cóip den ordú san go dtí comhairle gach contae agus go dtí bárdas gach contae-bhuirge.

(5) Íocfaidh comhairle gach contae agus bárdas gach contaebhuirge leis an Aire an méid a huirmheasfar ar an gcontae no ar an gcontae-bhuirg sin (fé mar a bheidh) le haon ordú fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus cruinneoid an méid a bheidh le híoc amhlaidh, i gcás comhairle contae, go cothrom ar fuaid an chontae iomláin tríd an ráta dealbhais no, i gcás contae-bhuirge, tríd an ráta cathardha.

(6) I gcás méid a huirmheasfar mar adubhradh ar aon chontae no contae-bhuirg do bheith níos mó ná an tsuim do cruinneofaí, i gcás contae, tré ráta dealbhais de reul fén bpunt go cothrom ar fuaid an chontae iomláin no, i gcás contae-bhuirge, tré ráta cathardha de reul fén bpunt, déanfar an méid is iníoctha leis an Aire ag comhairle an chontae sin no ag bárdas na contae-bhuirge sin (fé mar a bheidh) fén alt so maidir leis an uirmheas san do laigheadú go dtí an tsuim do cruinneofaí amhlaidh tríd an ráta san de reul fén bpunt.

(7) Íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire an t-airgead uile íocfaidh bárdas contae-bhuirge no comhairle chontae leis an Aire de bhun an ailt seo.

(8) I gcás aon airgead do bheith iníoctha fén alt so leis an Aire ag comhairle chontae no ag bárdas contae-bhuirge—

(a) féadfar an t-airgead san, mara n-íocaidh an chomhairle no an bárdas san é, d'asbhaint as aon airgead is iníoctha ag Aire ar bith leis an gcomhairle no leis an mbárdas san (fé mar a bheidh) chun críche ar bith,

(b) déanfar an asbhaint sin, i gcás airgead is iníoctha as Cuntas an Chánachais Áitiúil (Éire), fé réir éilithe an chiste urraíochta fé sna hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus gan dochar do sna héilithe sin, agus

(c) íocfar méid na hasbhainte sin leis an Aire chun glanta na suime bheidh gan íoc amhlaidh agus déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no é do chur chun tairbhe don Stát-Chiste sa tslí ordóidh an tAire.

(9) Is tuigthe chun crícheanna an ailt seo gur contae-bhuirg agus nach cuid de chontae Bhaile Atha Cliath buirg Dhún Laoghaire agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt so maidir leis an mbuirg sin agus leis an gcontae sin.

Comhacht d'údarás áitiúil chun foirgintí díobhálta d'iniúchadh agus do dheisiú.

17. —(1) Pé uair a bheidh díobháil le n-a mbaineann an tAcht so déanta (pé aca roimh an Acht so do rith no dá éis sin do rinneadh) d'fhoirgint, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is dleathach don údarás áitiúil a mbeidh an fhoirgint sin ina líomatáiste feidhme dul isteach sa bhfoirgint sin agus gach ní do dhéanamh ann is gá chun a fháil amach cadé cineál agus méid na díobhála san;

(b) má bhíonn an t-údarás áitiúil sin chun airgead do chaitheamh ar dheisiú na foirginte sin fé réim agus do réir údaráis ghenerálta no speisialta ón Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, is dleathach don údarás áitiúil sin dul isteach sa bhfoirgint sin agus í do dheisiú amhlaidh le toiliú a sealbhaire no (fé réir na céad mhíre eile den alt so) tar éis fógra den tsórt a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do thabhairt;

(c) ní dheiseoidh an t-údarás áitiúil sin an fhoirgint sin má ghabhann sealbhaire na foirginte sin no a gharthiarna talmhan le n-a ais, roimh dheireadh ré an fhógra san, an fhoirgint sin do dheisiú;

(d) is i scríbhinn a bheidh an fógra a luaidhtear anso roimhe seo agus déarfar ann go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil sin deisiú áirithe ar an bhfoirgint sin i gcionn aimsire áirithe (nach goire ná trí lá) mara ngabhaidh sealbhaire na foirginte sin no a gharthiarna talmhan le n-a ais, fé cheann na haimsire sin, an fhoirgint sin do dheisiú;

(e) cuirfear an fógra san suas in ionad feiceálach ar an bhfoirgint sin agus, más féidir é, bhéarfar cóip de do shealbhaire na foirginte sin agus dá ghar-thiarna talmhan;

(f) d'ainneoin éinní atá sna míreanna san roimhe seo, más deimhin leis an údarás áitiúil sin gur gá deisiú sealadach do dhéanamh ar an bhfoirgint sin láithreach, is dleathach don údarás áitiúil sin an deisiú san do dhéanamh láithreach.

(2) Má thárla roimh an Acht so do rith go ndearnadh d'fhoirgint díobháil le n-a mbaineann an tAcht so, is dleathach, agus is tuigthe gur dhleathach riamh, aon dul-isteach no aon ghníomh do rinne údarás áitiúil, roimh an Acht so do rith, do réir údaráis ghenerálta no speisialta thug an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe d'fhonn a fháil amach cadé cineál no méid na díobhála san no d'fhonn na foirginte sin do dheisiú.

(3) Déanfar na costais fé n-a raghaidh údarás áitiúil fén Acht so do chruinniú agus d'íoc sa tslí ina gcruinnítear agus ina n-íoctar costais fé n-a dtéigheann an t-údarás san fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931.

(4) Má théigheann bord sláinte ceanntair shláinte chontae fé chostais fén alt so, muirearófar na costais sin go cothrom ar fuaid iomlán an cheanntair sin.

(5) I gcás údarás áitiúil do dhul fé chostais, roimh dháta an Achta so do rith, chun aon dul-isteach no aon ghníomh do dhéanamh a deintear dleathach le fo-alt (2) den alt so agus an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe dá mheas gur go ceart a chuathas fútha amhlaidh, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) is tuigthe gur fén alt so do chuathas fé sna costais sin agus bainfidh an t-alt so agus is tuigthe gur bhain sé riamh leis na costais sin dá réir sin, agus

(b) má rinneadh, aon uair roimh dhul fé sna costais sin no dá éis sin, aon tsuim do chur ina cuid d'aon ráta chun na gcostas san d'íoc, ní bheidh an ráta san ná ní tuigthe go raibh sé riamh nea-mbailidhe ná do-bhainte amach de bhíthin na suime sin do chur ina cuid de amhlaidh agus dá bhíthin sin amháin.

(6) Féadfaidh údarás áitiúil, chun costais a bheidh curtha suas aca fén alt so d'íoc, iasacht d'fháil fé sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, fé is dá mba chríoch chun a bhféadfadh an t-údarás san iasacht d'fháil fé sna hAchtanna san an chríoch san, ach ní déanfar airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh d'áireamh ina chuid d'fhiacha an údaráis sin chun crícheanna aon teorann a chuireann na hAchtanna san le hiasachta d'fháil.

Airgead a chaithfidh údarás áitiúil d'aisíoc leo.

18. —(1) I gcás údarás áitiúil do chaitheamh airgid (roimh an Acht so do rith no dá éis sin), fé réim do réir údaráis ghenerálta no speisialta ón Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, maidir le díobháil no de bhíthin díobhála le n-a mbaineann an tAcht so, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) aisíocfaidh an tAire leis an údarás áitiúil sin, as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, an t-airgead a bheidh caithte ag an údarás áitiúil sin amhlaidh;

(b) má deintear iarratas chun na Cúirte ag lorg cúitimh fén Acht so alos na díobhála san agus go gcinnfidh an Chúirt go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal cúitimh fén Acht so alos na díobhála san, cólíonfaidh an Chúirt na forálacha so leanas le linn méid an chúitimh sin d'uirmheas, sé sin le rá:—

(i) cinnfidh an Chúirt ar mhéid an chúitimh sin gan féachaint don chaiteachas san an údaráis áitiúil sin;

(ii) cinnfidh an Chúirt an ndeachthas fé aon chuid den chaiteachas san, agus má chuathas, cá mhéid de a ndeachthas fé, chun na díobhála ina mbeidh cúiteamh fén Acht so indeonta don iarratasóir d'éadtromú no d'éadtromú go leathrannach;

(iii) más mó an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén bhfomhír sin (i) roimhe seo ná an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén bhfo-mhír sin (ii) roimhe seo, deonfaidh an Chúirt don iarratasóir cúiteamh fén Acht so is có-mhéid leis an deifríocht idir an dá mhéid sin;

(iv) maran mó an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén bhfo-mhír sin (i) ná an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén bhfo-mhír sin (ii), ní dheonfaidh an Chúirt aon chúiteamh fén Acht so don iarratasóir;

(v) má chinneann an Chúirt fén bhfo-mhír sin (ii) ná deachthas fé aon chuid den chaiteachas san chun éadtromú no éadtromú leathrannach den tsórt a luaidhtear sa bhfo-mhír sin do dhéanamh, deonfaidh an Chúirt don iarratasóir an méid cúitimh fén Acht so cheapfaidh an Chúirt fén bhfo-mhír sin (i).

(2) Ní bhainfidh an fo-alt san roimhe seo den alt so le hairgead ar n-a chaitheamh ag údarás áitiúil mar gheall ar dhíobháil do shráid, bóthar, droichead, tairmbealach, slí fé thalamh, mórphíopa uisce, píopa uisce, camra, dréin, no líntéir is gá don údarás san do réir dlí do sholáthar, do chothabháil, no d dheisiú.

Airgead a chaithfidh Aire, etc., ar dheisiú foirginte díobhálta.

19. —(1) I gcás díobháil le n-a mbaineann an tAcht so de dhéanamh d'fhoirgint agus Aire Stáit no Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn no Coimisiún Talmhan na hÉireann do chaitheamh airgid ar an bhfoirgint sin d'athshuidheamh no do dheisiú mar gheall ar an díobháil sin agus iarratas do dhéanamh chun na Cúirte ag lorg cúitimh fén Acht so alos na díobhála san agus an Chúirt dá chinneadh an t-iarratasóir do bheith i dteideal cúitimh fén Acht so alos na díobhála san, cólíonfaidh an Chúirt na forálacha so leanas le linn méid an chúitimh sin d'uirmheas, sé sin le rá:—

(a) cinnfidh an Chúirt ar mhéid an chúitimh sin gan féachaint don airgead do caitheadh ar an athshuidheamh no ar an deisiú san;

(b) cinnfidh an Chúirt an ndeachthas fé aon chuid den chaiteachas san agus, má chuathas, cá mhéid de a ndeachthas fé, chun na díobhála ina mbeidh cúiteamh fén Acht so indeonta don iarratasóir d'éadtromú no d'éadtromú go leathrannach;

(c) más mó an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén mír sin (a) roimhe seo ná an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén mír sin (b) roimhe seo, deonfaidh an Chúirt don iarratasóir cúiteamh fén Acht so is có-mhéid leis an deifríocht idir an dá mhéid sin;

(d) maran mó an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén mír sin (a) ná an méid ar a gcinnfidh an Chúirt fén mír sin (b), ní dheonfaidh an Chúirt aon chúiteamh fén Acht so don iarratasóir;

(e) má chinneann an Chúirt fén mír sin (b) ná deachthas fé aon chuid den chaiteachas san chun éadtromú no éadtromú leathrannach den tsórt a luaidhtear sa mhír sin do dhéanamh, deonfaidh an Chúirt don iarratasóir an méid cúitimh fén Acht so cheapfaidh an Chúirt fén mír sin (a).

(2) Aisíocfaidh an tAire le gach Aire Stáit, le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn, agus le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé seach, as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, an t-airgead uile (más aon chuid é) do chaith sé no siad ar aon athshuidheamh no deisiú den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so.

Údarás pleanála ceanntair do thógaint tailimh ar a mbeidh foirgint díobhálta.

20. —(1) I gcás foirgint do dhíobháladh le díobháil le n-a mbaineann an tAcht so agus an t-údarás pleanála ceanntair iomchuibhe dá mheas é bheith oiriúnach an talamh arb é an fhoirgint sin agus a hionad é do thógaint chun crícheanna scéime pleanála dá gceanntar (pé aca déanta cheana no beartuithe dhi) féadfaidh an t-údarás pleanála san slí do ghlacadh chun an tailimh sin do thógaint do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so.

(2) I gcás údarás pleanála ceanntair do thógaint aon tailimh do réir an Sceidil a ghabhann leis an Acht so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhí aon estát no leas sa talamh san, no ceart maidir leis, ag duine ar bith díreach sara ndearnadh fén Sceideal san an t-ordú le n-ar tógadh an talamh san, féadfaidh an duine sin cúiteamh alos an estáit no an leasa no an chirt sin d'iarraidh ar an údarás san tráth nach déanaighe ná trí seachtaine tar éis dáta déanta an orduithe sin agus íocfaidh an t-údarás san leis an duine sin mar chúiteamh méid is có-ionann le luach an estáit no an leasa no an chirt sin (más fiú éinní é),

(b) cheal có-aontuithe cinnfear ar an méid sin le headrascán fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) ,

(c) chun na gcrícheanna bhaineann le cinneadh ar an méid sin, is tuigthe gurb ionann luach an tailimh sin agus an méid a b'fhiú é dá mbeadh an fhoirgint iomchuibhe dá ndearnadh díobháil le n-a mbaineann an tAcht so sa staid sin fós ina raibh sí díreach sara ndearnadh an díobháil sin,

(d) ní bheidh aon chúiteamh iníoctha fén Acht so alos na díobhála san,

(e) íocfaidh an tAire leis an údarás pleanála ceanntair sin, as airgead ar n-a sholáthar ag an Oireachtas, an deifríocht idir luach an tailimh sin mar a bhí díreach sara ndearnadh an díobháil sin agus a luach mar a bhí díreach tar éis na díobhála san, agus

(f) cheal có-aontuithe cinnfear ar an deifríocht a luaidhtear sa mhír dheiridh sin roimhe seo le headrascán fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , fé is dá mba chúiteamh i dtalamh do tógfaí go héigeanta an deifríocht san.

(3) Na costais fé n-a raghaidh údarás pleanála ceanntair fén alt so cruinneofar agus íocfar iad sa tslí chéanna ina gcruinnítear agus ina n-íoctar na costais fé n-a dtéigheann an t-údarás san chun na nAchtanna um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, d'fheidhmiú.

(4) Chun íoctha na gcostas fé n-a raghaid fén alt so, féadfaidh údarás pleanála ceanntair iasacht d'fháil fé sna hAchtanna um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 agus 1939, fé is dá mbeadh an chríoch san ina crích chun a n-údaruítear don údarás san iasacht d'fhail fé sna hAchtanna san.

(5) San alt so, nuair a húsáidtear an focal “ionad” maidir le foirgint, foluíonn sé aon chlós, gáirdín, no talamh eile a théigheann leis an bhfoirgint sin agus atá fén aon iadh léi.

Teora ama maidir le cúiteamh a deonfar fén Acht so d'íoc.

21. —Ní bheidh aon chúiteamh a deonfar do dhuine ar bith fén Acht so iníoctha ná ionbhainte amach tar éis cúig bliana do bheith caithte ón dáta ar ar dheon an tAire no an Chúirt (pé aca é) an cúiteamh san.

Toirmeasc ar aicsean i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an tAcht so.

22. —Ní bunófar aon aicsean ná imeacht eile i gCúirt ar bith in aghaidh aon duine chun damáiste do bhaint amach alos no i dtaobh díobhála le n-a mbaineann an tAcht so.

Forálacha na nAchtanna um Dhíobhála Coiriúla do bheith gan feidhm maidir le díobhála le n-a mbaineann an tAcht so.

23. —Ní bheidh cúiteamh ar bith iníoctha ag bárdas contaebhuirge no buirge eile no ag comhairle chontae no bhaileacheanntair, ná ionbhainte dhíobh, alos díobhála le n-a mbaineann an tAcht so, agus dá réir sin ní bheidh feidhm ná éifeacht ag na hAchtanna um Dhíobhála Coiriúla maidir le díobháil le n-a mbaineann an tAcht so.

Rialacháin.

24. —Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú aon ní no ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Gearr-theideal.

25. —Féadfar an tAcht Neodrachta (Díobháil Chogaidh do Mhaoin), 1941 , do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Udaras Pleanala Ceanntair do Thogaint Tailimh.

1. Údarás pleanála ceanntair a mbeidh beartuithe aca talamh ar bith do thógaint, dearbhóid le hordú (dá ngairmtear réamhordú sa Sceideal so) é bheith beartuithe aca an talamh san do thógaint.

2. Ní déanfar réamh-ordú ach amháin—

(a) i gcás an díobháil iomchuibhe le n-a mbaineann an tAcht so do dhéanamh roimh an Acht so do rith—fé cheann na tréimhse aca so leanas is déanaighe chríochnóidh, sé sin le rá, trí mhí tar éis na díobhála san do dhéanamh agus ceithre seachtaine tar éis an Achta so do rith, no

(b) i gcás an díobháil sin do dhéanamh tar éis an Achta so do rith-trí mhí tar éis a déanta.

3. Féadfaidh sealbhaire an tailimh le n-a mbainfidh réamhordú, no duine ar bith go n-estát no leas no ceart aige maidir leis an talamh san, a iarraidh ar an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, lá nach déanaighe ná lá is fiche tar éis cóip den ordú san do chur suas do réir mhíre 16 den Sceideal so ar an talamh le n-a mbainfidh an t-ordú san no in aice leis, an t-ordú san do chur ar nea-mbrí agus, ar n-a iarraidh sin air, féadfaidh an tAire an t-ordú san do chur ar nea-mbrí no feidhm an orduithe sin do theorannú i slí ná bainfidh an t-ordú san ach le cuid den talamh le n-ar bhain ar dtúis, pé aca is rogha leis.

4. Sara dtugaidh breith ar iarratas fé mhír 3 den Sceideal so féadfaidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe fiosrú puiblí do chomóradh i dtaobh abhar an iarratais, agus beidh feidhm ag Airteagal 32 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, maidir le gach fiosrú puiblí den tsórt san fé mar a bhíonn feidhm ag an Airteagal san maidir leis na fiosruithe puiblí luaidhtear ann.

5. Mara ndeintear aon iarratas fé réim agus do réir mhíre 3 den Sceideal so á iarraidh go gcuirfí réamh-ordú ar nea-mbrí no má thárlann, i gcás aon iarratas den tsórt san do dhéanamh, ná déanfar, ar bhreith do thabhairt ar an iarratas san, an réamhordú san do chur ar nea-mbrí, déanfaidh an t-údarás pleanála ceanntair do rinne an réamh-ordú san an talamh le n-a mbainfidh an réamh-ordú san no, i gcás an bhreith sin do theorannú feidhme an réamh-orduithe sin i slí ná bainfeadh an t-ordú san ach le cuid den talamh san, an chuid sin den talamh san do thógaint le hordú (dá ngairmtear ordú dílsiúcháin sa Sceideal so).

6. Isé am gur laistigh de déanfar ordú dílsiúcháin ná—

(a) i gcás gan aon iarratas do dhéanamh fé réim agus do réir mhíre 3 den Sceideal so á iarraidh go gcuirfí an réamh-ordú iomchuibhe ar nea-mbrí—ceithre lá déag tar éis deireadh an ama gur laistigh de féadfaí an t-iarratas san do dhéanamh, agus

(b) in aon chás eile—fé cheann ceithre lá déag tar éis breith do thabhairt ar an iarratas fén mír sin 3.

7. Má gheibheann údarás pleanála ceanntair amach, roimh ordú dílsiúcháin do dhéanamh, an talamh a bheidh le tógaint leis an ordú san do bheith (ina aonar no maraon le talamh eile) fé aon bhlianacht no íocaíocht eile is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann no fé aon bhlianacht no íocaíocht eile is iníoctha le Coimisinéirí na Oibreacha Poiblidhe in Éirinn no fé aon mhuirear, alos diúité estáit no diúité chomharbais, is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncuim ar éag aon duine áirithe, cuirfidh an t-údarás san in úil láithreach do Choimisiún Talmhan na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn, no do sna Coimisinéirí Ioncuim (do réir mar a bheidh) go bhfuilid chun an orduithe sin do dhéanamh.

8. Is amhlaidh a bheidh ordú dílsiúcháin sa bhfuirm a luadhfar le rialacháin ón Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe (agus údaruítear dó leis seo iad do dhéanamh) agus mapa no plean ann den talamh a bheidh á thógaint leis an ordú san.

9. Ordú dílsiúcháin a dhéanfaidh údarás pleanála, oibreoidh chun an talamh le n-a mbainfidh do dhílsiú san údarás san i mbithdhílse, saor o eirí agus o gach estát, ceart, teideal agus leas de chineál ar bith, ar dháta luadhfar san ordú san agus nach luaithe ná ceithre lá déag tar éis dáta a dhéanta.

10. D'ainneoin éinní atá i mír 9 den Sceideal so, má thógann údarás pleanála ceanntair le hordú dílsiúcháin talamh a bheidh, ina aonar no maraon le talamh eile, fé bhlianacht cheannaigh no fé íocaíocht in ionad cíosa no fé shuim bhliantúil eile (nach ní ná fuil ann ach cíos fé chonnradh thionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann, tiocfaidh an t-údarás san chun bheith agus beid, ón dáta ar a ndílseofar an talamh san ionta leis an ordú dílsiúcháin sin, freagarthach in íoc na suime bhliantúla san, no an cheana san di ranndáilfidh Coimisiún Talmhan na hÉireann ar an talamh san, fé is dá ndeineadh únaer an tailimh sin é d'aistriú chun an údaráis sin ar an dáta san.

11. Féadfaidh an t-údarás pleanála ceanntair a mbeidh ordú dílsiúcháin déanta aca dul isteach agus seilbh do ghlacadh, ar an talamh a bheidh tógtha leis an ordú san. ar dháta an tailimh sin do dhílsiú ionta leis an ordú san no ar aon dáta ina dhiaidh sin agus, má choisceann no má bhacann aon duine an dul isteach no an glacadh seilbhe sin, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén mír seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air no príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí no. más rogha leis an gCúirt é. an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.

12. I gcás aon talamh do dhílsiú in údarás pleanála ceanntair le hordú dílsiúcháin, cuirfidh an t-údarás pleanála ceanntair sin an t-ordú dílsiúcháin sin chun an údaráis chlárathachta fén Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, chó luath agus is féidir é tar éis dáta an dílsithe, agus ar an ordú san d'fháil dóibh cuirfidh an t-údarás elárathachta fé ndear teideal an údaráis phleanála cheanntair sin chun únaeracht an tailimh sin i mbithdhílse do chlárú fén Acht san agus déarfar sa chlárú san an talamh san do bheith dílsithe san údarás pleanála ceanntair sin fé réir íoc aon bhlianachta ceannaigh no íocaíochta in ionad cíosa no suime bliantúla eile no coda den chéanna is iníoctha le Coimisiún Talmhan na hÉireann fé mhír 10 den Sceideal a ghbhann leis an Acht Neodrachta (Díobháil Chogaidh do Mhaoin), 1941 .

13. Féadfaidh údarás pleanála ceanntair aon talamh a thógfaid le hordú dílsiúcháin d'úsáid chun aon chríche bhaineann le n-a gcomhachta no le n-a ndualgais (mar údarás phleanála cheanntair den tsórt san no eile).

14. Má bhíonn iomlán aon tailimh a tógfar le hordú dílsiúcháin, no aon chuid de, gan bheith ag teastáil ón údarás pleanála ceanntair do thóg é, féadfaidh an t-údarás san iomlán an tailimh sin no an chuid sin de (dó réir mar a bheidh) do dhíol no do chur ar cíos tré cheaint phuiblí no tré chonnradh phríobháideach in aon achar amháin no ina ranna, ach ní raghaidh aon díol ná cur-ar-cíos den tsórt san in éifeacht mar dtoilighidh ná go dtí go dtoileoidh an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe chuige.

15. Gach suim a gheobhaidh údarás pleanála ceanntair as talamh a bheidh tógtha le hordú dílsiúcháin do dhíol no do léasú, úsáidfidh an t-údarás san í chun críche a gcomhacht agus a ndualgas (mar údarás phleanála cheanntair den tsórt san no eile) sa tslí mheasfaidh an t-údarás san, le toiliú an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, do bheith ceart.

16. Pé uair a dhéanfaidh údarás pleanála ceanntair réamh-ordú no ordú dílsiúcháin, déanfaid, fé cheann seacht lá tar éis an orduithe sin do dhéanamh,—

(a) cóip den ordú san do chur suas ar an talamh no in aice an tailimh le n-a mbainfidh an t-ordú san, agus

(b) cóip den ordú san do thabhairt don duine (más ann dó) is sealbhaire ar an talamh san agus fós do gach duine (más aon duine é) go n-estát no leas no ceart aige maidir leis an talamh san ar féidir leis an údarás san, le fiosrú réasúnta, a fháil amach é bheith ann agus teacht ar a ainm agus ar sheoladh a ghnáth-chomhnaithe, agus

(c) cóip den ordú san do thabhairt don Aire.

17. I gcás mapa no plean den talamh le n-a mbainfidh réamhordú no ordú dílsiúcháin do bheith san ordú san, féadfar an mapa no an plean san d'fhágaint as na cóipeanna den ordú san a cuir fear suas agus a bhéarfar de bhun fo-mhíreanna (a) agus (c) de mhír 16 den Sceideal so, ach déanfar cóip den mhapa no den phlean san do lóisteáil in oifig an údaráis phleanála cheanntair a mbeidh an t-ordú san déanta aca agus do choimeád ar fáil ansan chun a hiniúchta ar thráthanna réasúnta agus déarfar sna cóipeanna san den ordú san an mapa no an plean san do bheith lóisteálta agus ar fáil chun a iniúchta mar adubhradh.

18. (1) I gcás inar gá cóip de réamh-ordú no d'ordú dílsiúcháin do thabhairt do dhuine ar bith, díreofar an chóip sin chun an duine sin agus bhéarfar dó í i slí aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré n-a seachadadh don duine sin,

(b) tré n-a fágaint ag seoladh gnáth-chomhnaithe an duine sin,

(c) tré n-a cur leis an bpost i litir chláruithe roimh-íoctha bheidh dírithe chun an duine sin ag seoladh a ghnáthchomhnaithe.

(2) Chun cóip de réamh-ordú no d'ordú dílsiúcháin do thabhairt do chuideachtain ar n-a clárú fé sna hAchtanna. Cuideachtan, 1908 go 1924, is tuigthe an chuideachta san do bheith ina ngnáthchomhnaidhe ina n-oifig chláruithe.

(3) Chun cóip de réamh-ordú no d'ordú dílsiúcháin do thabhairt do chólucht chorparuithe, nach cuideachta ar n-a clárú fe sna hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, no do chólucht neachorparuithe, is tuigthe an cólucht san do bheith ina ngnáthchomhnaidhe ina bpríomh-oifig no ina bpríomh-áit ghnótha.

19. (1) I gcás réamh-ordú bhainfidh le talamh ar bith do chur ar nea-mbrí fé mhír 3 den Sceideal so, beidh éifeacht, maidir leis an talamh san, ag na forálacha den Acht so bhaineann le hiarratais ar chúiteamh fé is dá mba ar dháta an orduithe sin do chur ar nea-mbrí a déanfaí an díobháil iomchuibhe le n-a mbaineann an tAcht so.

(2) I gcás feidhm réamh-orduithe do theorannú fé mhír 3 den Sceideal so i slí ná bainfidh an t-ordú san ach le cuid den talamh le n-ar bhain ar dtúis, beidh éifeacht, maidir leis an gcuid eile den talamh san, ag na forálacha den Acht so bhaineann le hiarratais ar chúiteamh fé is dá mba ar dháta feidhm an orduithe sin do theorannú a déanfaí an díobháil iomchuibhe le n-a mbaineann an tAcht so.