|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 28 de 1941. | ||
[EN] |
ACHT TOGHACHÁIN, 1941. | |
[An tionntódh oifigeamhail.] |
ACHT CHUN A THOIRMEASC AR DHAOINE NA BEIDH BLIAIN AGUS FICHE SLÁN ACA VÓTÁIL I dTOGHACHÁIN DO CHOMHALTAÍ DE DHÁIL ÉIREANN AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE LEANAS AS AN TOIRMEASC SAN NO GHABHAS LEIS. [16adh Mí na Nodlag, 1941.] |
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Toirmeasc ar mhion-aoisigh do thabhairt vóta. |
1. —Ní bheidh duine ar bith ná beidh bliain agus fiche slán aige i dteideal vóta do thabhairt i dtoghachán (pé aca toghachán generálta no toghachán corr é) do chomhaltaí no do chomhalta de Dháil Éireann. |
[EN] |
Alt 29 den Acht Timpeal Toghacháin, 1923. do leasú. |
2. —Deintear leis seo alt 29 den Acht Timpeal Toghacháin, 1923 (Uimh. 12 de 1923) , do leasú mar leanas, sé sin le rá:— |
[EN] | (a) féadfaidh ceann cóimhrimh no a ionadaidhe, agus déanfaidh má hiarrtar air é thar ceann iarrthóra ar bith, an cheist seo leanas (léi féin no maraon le ceann amháin no gach ceann den dá cheist a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt san 29) do chur chun aon vótálaidhe le linn dó a vóta do thairgsint, ach ní dá éis sin, sé sin le rá:— | |
[EN] | “An bhfuil bliain agus fiche slán agat?”; | |
[EN] | (b) má dheineann duine chun a gcuirfear an cheist a luaidhtear sa mhír sin roimhe seo den alt so freagra diúltach do thabhairt ar an gceist sin ní leigfear dó vóta do thabhairt; | |
[EN] | (c) deintear leis seo na focail “agus go bhfuil bliain agus fiche slán agam” do chur i ndeireadh na móide no an dearbhuithe atá leagtha amach i bhfo-alt (2) den alt san 29 agus beid ina gcuid den chéanna; | |
[EN] | (d) léireofar fo-alt (3) den alt san 29 agus beidh éifeacht aige fé réir forálacha an ailt seo; | |
[EN] | (e) beidh ar na cúiseanna atá curtha síos i bhfo-alt (4) den alt san 29 an chúis go bhfeictear don cheann chóimhrimh no dá ionadaidhe, ar é do chur na ceiste a luaidhtear i mír (a) den alt so chun duine a bheidh ag tairgsint a vóta, gan bliain agus fiche do bheith slán ag an duine sin. | |
[EN] |
Athghairm. |
3. —Athghairmtear leis seo alt 25 den Parliamentary Elections (Ireland) Act, 1823. |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Toghacháin, 1941 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1941, do ghairm de sna hAchtanna Toghacháin, 1923 go 1936, agus den Acht so le chéile. |