1 1942


Uimhir 1 de 1942.


ACHT SOLÁTHAIRTÍ UISCE, 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN ÚDARÁIS SLÁINTÍOCHTA DO THÓGAINT SOLÁTHAIRTÍ UISCE AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE GHABHAS NO BHAINEAS LEIS SIN.

[24adh Feabhra, 1942.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe;

tá leis na habairtí “údarás sláintíochta” agus “ceanntar sláintíochta” na bríonna céanna fé seach atá leo sna hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931;

cialluíonn an abairt “bun-tsruth uisce” aon loch, abha, sruth, tobar, no foinse;

cialluíonn an focal “fo-oibríochta” aon oibríocht aca so leanas, sé sin le rá, bun-tsruth uisce no aon loch, linn, abha, canáil, no uisce eile atá i gceangal, go díreach no go nea-dhíreach, le buntsruth uisce do bhancánadh, do dhambáil, do dhreidireacht, do dhoimhniú, do leathnú, do dhíriú, do chlaonadh, leibhéal an chéanna d'athrú, no baint leis an gcéanna ar aon tslí eile;

cialluíonn an focal “beartú” beartú fé alt 2 den Acht so ina fhuirm bhunaidh no ina fhuirm ar n-a hathrú fén Acht so, fé mar is gá sa chás;

cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén Acht so.

(2) Chun crícheanna an Achta so, cialluíonn an damáiste déanfar do dhuine ar bith tré sholáthar uisce do thógaint fé bheartú an caillteanas iomlán a bhainfidh don duine sin tré gach ní no éinní aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) laigheadú déanfar, tré sholáthar uisce de thógaint amhlaidh, ar luach aon estáit, leasa, no cirt, i dtalamh no maidir leis, a bheidh ag an duine sin no á fheidhmiú aige ar dháta an bheartuithe sin do theacht i bhfeidhm,

(b) damáiste déanfar, tré sholáthar uisce do thógaint amhlaidh, do chéird no gnó no gairm a bheidh ar siúl ag an duine sin ar an dáta san.

(3) Chun crícheanna an Achta so, is tuigthe cuideachta ar n-a gclárú fé na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, do bheith ina ngnáth-chomhnaí ina n-oifig chláruithe, agus is tuigthe gach cólucht corparuithe eile agus gach cólucht nea-chorparuithe do bheith ina ngnáth-chomhnaí ina bpríomh-oifig no ina bhpríomháit ghnótha.

Comhacht chun a bheartú soláthar uisce do thógaint.

2. —Aon uair is mian le húdarás sláintíochta soláthar uisce do thógaint as bun-tsruth uisce (ina gceanntar sláintíochta féin no lasmuich de) chun soláthar uisce do mhéadú, do leathnú no do chur ar fáil fé na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, féadfaid beartú do dhéanamh, fé réim agus do réir an Achta so, chun an tsoláthair uisce sin do thógaint as an mbun-tsruth uisce sin.

Na ráitis a cuirfear sa bheartú.

3. —(1) Luadhfar i ngach beartú—

(a) an bun-tsruth uisce as a mbeidh beartuithe an soláthar uisce do thógaint;

(b) an áit no na háiteanna ina mbeidh beartuithe an soláthar uisce do thógaint;

(c) i dtaobh gach áite ina mbeidh beartuithe uisce do thógaint, cé aca iomlán an uisce san áit sin no cuid de amháin a bheidh beartuithe a thógaint;

(d) mara mbeidh beartuithe ach cuid den uisce in áit do thógaint, an ráta maximum ar a mbéidh beartuithe é thógaint;

(e) mara mbeidh beartuithe ach cuid den uisce in áit do thógaint agus gur loch an bun-tsruth uisce, an leibhéal is ísle a shroicheann an loch sa tsamhradh do réir mheasa maraon le leor-fhaisnéis ar an modh ar a mbeidh beartuithe an t-uisce do thógaint chun go bhféadfar meas réasúnta do dhéanamh i dtaobh an athruithe dhéanfadh an tógaint sin ar leibhéal an locha;

(f) mara mbeidh beartuithe ach cuid den uisce in áit do thógaint agus nach loch an bun-tsruth uisce, an chaindíocht mhinimum d'uisce, do réir mheasa, théigheann thar an áit sin sa tsamhradh i gcaitheamh aon tréimhse leanúnaighe nach sia ná lá;

(g) más gá de bharr an bheartuithe aon fho-oibríochta do dhéanamh, mion-innste ar na hoibríochta san; agus

(h) gach ní no rud eile (más aon cheann é) a bheidh orduithe.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach ráiteas de bhun an ailt seo i dtaobh an ráta mhaximum ar a mbeidh beartuithe uisce do thógaint in aon áit áirithe, sé sin le rá:—

(a) féadfar gan ach aon ráta amháin do luadh no féadfar rátaí éagsúla do luadh maidir le coda éagsúla den bhliain, agus

(b) is amhlaidh a luadhfar an t-aon ráta amháin sin no gach ceann fé leith de na rátaí éagsúla san tré n-a rá cadé an chaindíocht mhaximum d'uisce bheidh beartuithe a thógaint i gcaitheamh aon tréimhse leanúnaighe nach sia ná bliain.

An nós imeachta is leanta tar éis beartú do dhéanamh.

4. —(1) Aon uair a dhéanfaidh údarás sláintíochta beartú déanfaid na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

(a) gach slí réasúnach do ghlacadh chun a fháil amach cé hiad na daoine (más ann dóibh) dá ndéanfaí damáiste tré uisce do thógaint do réir an bheartuithe agus a mheas chó cruinn agus is féidir cadé méid gach damáiste (más ann dó) den tsórt san, agus

(b) liost (da ngairmtear an leabhar eolais san Acht so) d'ullmhú i ndúbláid ina luadhfar ainm agus seoladh gnáthchomhnaithe gach duine do gheobhfar amach fén mír dheiridh sin roimhe seo agus ar féidir a ainm agus a sheoladh gnáth-chomhnaithe d'fháil amach le fiosrú réasúnach, agus

(c) cóip den bheartú agus cóip den leabhar eolais do lóisteáil chun a n-iniúchta, agus

(d) fógra i scríbhinn a bheidh do réir an ailt seo do thabhairt i dtaobh an bheartuithe do gach duine a mbeidh a ainm luaidhte sa leabhar eolais mar dhuine dá ndéanfaí damáiste, agus

(e) fógra a bheidh do réir an ailt seo d'fhoillsiú i dtaobh an bheartuithe i bpáipéar nuachta léightear in aon cheanntar sláintíochta ina bhfuil aon áit ina mbeidh beartuithe uisce do thógaint.

(2) Déarfar i ngach fógra bhéarfaidh no fhoillseoidh údarás sláintíochta de bhun an fho-ailt sin roimhe seo den alt so—

(a) cadé an beartú le n-a mbaineann an fógra, agus

(b) cadé an áit ina bhféadfar an leabhar eolais a bhaineann leis an mbeartú san d'iniúchadh, agus

(c) i gcás fógra bhéarfar do dhuine, go bhféadfaidh an duine sin agóid do dhéanamh i gcoinnibh an bheartuithe sin tré ráiteas i scríbhinn ar an agóid sin agus ar a forais do thabhairt dòn údarás sláintíochta roimh dháta áirithe (nach luaithe ná mí tar éis dáta an fhógra san do thabhairt don duine sin) ach ní dá éis sin, agus

(d) i gcás fógra foillseofar i bpáipéar nuachta, go bhféadfaidh duine ar bith (agus údarás sláintíochta d'áireamh), ná fuil a ainm sa leabhar eolais sin ach ar a ngoilleann an beartú san, agóid do dhéanamh i gcoinnibh an bheartuithe sin tré ráiteas i scríbhinn ar an agóid sin agus ar a forais do thabhairt don údarás sláintíochta roimh dháta áirithe (nach luaithe ná mí tar éis dáta an fhógra san d'fhoillsiú do réir an ailt seo) ach ní dá éis sin, agus (i gcás ar bith)

(e) gur tuigthe, mara ndeintear aon agóid i gcoinnibh an bheartuithe sin go cuibhe no má tarraingtear siar gach agóid den tsórt san a déanfar amhlaidh, gur haontuíodh leis an mbeartú san agus go mbeidh comhacht ag an údarás sláintíochta soláthar uisce do thógaint do réir an bheartuithe sin, agus

(f) go ndéanfaidh an t-údarás sláintíochta, má deintear aon agóid i gcoinnibh an bheartuithe sin go cuibhe agus ná tarraingeofar siar í, ordú sealadach d'iarraidh ar an Aire á dhearbhú go bhféadfaidh an beartú san teacht i bhfeidhm, agus

(g) go ndlighfear, má bheirtear comhacht don údarás sláintíochta chun soláthar uisce do thógaint do réir an bheartuithe sin, cúiteamh d'íoc sa damáiste (más ann dó) a déanfar do dhuine ar bith tríd an soláthar uisce sin do thógaint.

(3) I gcás mion-innste ar aon fho-oibríochta do bheith luaidhte i mbeartú, féadfar na mion-innste sin d'fhágáil as na fógraí, fén gcéad fho-alt den alt so, i dtaobh an bheartuithe sin, ach cuirfear i ngach fógra fé leith den tsórt san do bhéarfar do dhuine ar bith de bhun an fho-ailt sin achmaireacht ar na fo-oibríochta san maraon le ráiteas á rá go bhfuil mion-innste ar na fo-oibríochta san sa chóip den bheartú san do lóisteáladh maraon leis an leabhar eolais chun à iniúchta.

(4) Fógra do bhéarfaidh údarás sláintíochta do dhuine de bhun an chéad fho-ailt den alt so féadfaidh, más oiriúnach leis an údarás sláintíochta é, tairgsint ón údarás sláintíochta do bheith ann ag tairgsint suime áirithe airgid don duine sin mar chúiteamh sa damáiste gur ina thaobh a bheidh ainm an duine sin luaidhte sa leabhar eolais iomchuibhe.

Beartú agus leabhar eolais do lóisteáil.

5. —Aon uair is gá do réir an Achta so údarás sláintíochta bheidh ag déanamh beartuithe do lóisteáil cóipeanna den bheartú san maraon le leabhar eolais chun a n-iniúchta—

(a) lóisteálfar na cóipeanna san i bpríomh-oifig an údaráis sláintíochta san, no in áit chaothúil éigin eile ina mbeidh cead isteach ag an bpuiblíocht, ar dháta nach déanaighe ná an dáta aca so leanas is luaithe, sé sin le rá, an chéad dáta ar a dtabharfar fógra i dtaobh an bheartuithe sin do dhuine ar bith de bhun an Achta so no an dáta ar a bhfoillseofar fógra i dtaobh an bheartuithe sin de bhun an Achta so, agus

(b) coimeádfar na cóipeanna san lóisteálta amhlaidh go teacht i bhfeidhm don bheartú san agus go deireadh na tréimhse inar féidir cúiteamh d'iarraidh, maidir leis no, neachtar aca, go n-eirítear as an mbeartú san, agus

(c) féadfar, faid a bheidh na cóipeanna san lóisteálta amhlaidh, iad d'iniúchadh (agus fós cóip do dhéanamh díobh uile no d'aon chuid díobh) in aisce ag duine ar bith adeir an beartú san do bhaint leis san oifig no san áit eile sin le linn an oifig no an áit eile sin do bheith ar oscailt chun gnó puiblí do dhéanamh.

Agóidí i gcoinnibh beartuithe.

6. —(1) Féadfaidh duine ar bith a mbeidh a ainm i leabhar eolais agóid do dhéanamh i gcoinnibh an bheartuithe le n-a mbainfidh an leabhar eolais sin tré ráiteas i scríbhinn ar an agóid sin agus ar a forais do sheachadadh, don údarás sláintíochta bheidh ag déanamh an bheartuithe sin, roimh an dáta do luadhadh chuige sin sa bhfógra thug an t-údarás sláintíochta san don duine sin de bhun an Achta so ach ní dá éis sin.

(2) Féadfaidh duine ar bith ar a ngoillfidh beartú agus ná beidh a ainm sa leabhar eolais a bhainfidh leis an mbeartú san agóid do dhéanamh i gcoinnibh an bheartuithe sin tré ráiteas i scríbhinn ar an agóid sin agus ar a forais do sheachadadl don údarás sláintíochta bheidh ag déanamh an bheartuithe sin, roimh an dáta do luadhadh chuige sin sa bhfógra d'fhoillsigh an t-údarás sláintíochta san i dtaobh an bheartuithe sin de bhun an Achta so ach ní dá éis sin.

(3) Gan dochar don cheart a bheidh ag duine ar bith, ar a ngoillfidh beartú iarbhfír, chun agóid do dhéanamh fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so i gcoinnibh an bheartuithe sin, is tuigthe gach duine aca so leanas (nach duine a mbeidh a ainm sa leabhar eolais a bhainfidh leis an mbeartú san) do bheith ina dhuine ar a ngoilleann an beartú san do réir bhrí an fho-ailt sin agus é bheith i dteideal agóid do dhéanamh ina choinnibh fén bhfo-alt san, sé sin le rá:—

(a) duine ar bith is sealbhaire rátuithe ar mhaoin i gceanntar sláintíochta an údaráis sláintíochta bheidh ag déanamh an bheartuithe sin, agus

(b) aon údarás sláintíochta eile.

Beartú aontuithe.

7. —Chun crícheanna an Achta so is tuigthe gur haontuíodh le beartú mara ndeintear aon agóid go cuibhe i gcoinnibh an bheartuithe sin no má tarraingtear siar gach agóid a déanfar go cuibhe i gcoinnibh an bheartuithe sin.

Ordú sealadach d'iarraidh.

8. —(1) Má deintear agóid no agóidí go cuibhe i gcoinnibh beartuithe, féadfaidh an t-údarás sláintíochta bheidh ag déanamh an bheartuithe sin (mara dtarraingtear siar an agóid no na hagóidí sin) ordú sealadach d'iarraidh ar an Aire á dhearbhú go bhféadfaidh an beartú san teacht i bhfeidhm.

(2) Beidh ag gabháil le gach iarratas o údarás sláintíochta fén alt so ag lorg orduithe shealadaigh—

(a) cóip amháin den bheartú a mbeidh an t-iarratas san á dhéanamh ina thaobh, agus

(b) cóip amháin den leabhar eolais a bhainfidh leis an mbeartú san, agus

(c) cóip amháin de gach agóid a bheidh déanta go cuibhe i gcoinnibh an bheartuithe sin agus ná beidh tarraingthe siar, agus

(d) deimhniú sa bhfuirm orduithe, agus é sighnithe ag príomhoifigeach an údaráis sláintíochta san, á dheimhniú gur cóipeanna dílse na cóipeanna san agus gur leanadh go cuibhe an nós imeachta is gá do réir na bhforáiacha san roimhe seo den Acht so, agus

(e) aon scríbhinní eile bheidh orduithe.

Feidhmeanna an Aire maidir le hiarratas ar ordú shealadach.

9. —Aon uair a hiarrfar ordú sealadach fén Acht so, breithneoidh an tAire an t-iarratas san agus déanfaidh an ní sin aca so leanas a mheasfaidh is ceart, sé sin le rá:—

(a) diúltú don iarratas san, no

(b) ordú sealadach do dhéanamh do réir an iarratais sin, no

(c) an beartú is abhar don iarratas san d'athrú sa tslí no sna slite sin aca so leanas a mheasfaidh is ceart, sé sin le rá, tré aon ráta maximum a bheidh luaidhte sa bheartú san do laghdú mar a mheasfaidh is ceart no tré na srianta no na coinníollacha san a mheasfaidh is ceart do chur le soláthar uisce do thógaint mar a bheidh beartuithe no maidir le n-a thógaint no do chur leis na fo-oibríochta bheidh luaidhte sa bheartú san no maidir leo agus ansan ordú sealadach do dhéanamh maidir leis an mbeartú san mar a bheidh athruithe amhlaidh.

Ordú sealadach do dhéanamh agus do dhaingriú.

10. —(1) Beidh éifeacht ag ailt 209, 210, 212, 213, míreanna (1), (2), agus (7) d'alt 214, agus alt 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus ag fo-alt (2) d'alt 5 den Public Health Acts Amendment Act, 1907, fé is dá n-ath-achtuítí anso iad maidir le horduithe scaladacha fén Acht so.

(2) Má bhíonn údarás sláintíochta tar éis no chun obair do ghabháil le n-a n-ais chun soláthar uisce do mhéadú, do leathnú, no do chur ar fáil fé na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus gur obair dheimhnithe chun crícheanna an Achta Díomhaointis (Oibreacha Fóirthne), 1940 ( Uimh. 34 de 1940 ), an obair sin, féadfaidh an tAire ordú sealadach fén Acht so, maidir le beartú chun uisce do thógaint chun crícheanna an mhéaduithe no an leathnuithe no an chur-ar-fáil sin (pé aca é), do dhaingniú tráth déanta an orduithe sin.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), maidir le daingniú gach orduithe shealadaigh fén Acht so ná daingneofar fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so agus maidir le hordú sealadach den tsórt san ar bheith daingnithe dhó, ach san gusna na hathruithe seo leanas agus fé n-a réir, sé sin le rá:—

(a) cuirfear na rialacha atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rialacha atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ,

(b) cuirfear tagairt do cheanglais an Achta so in ionad na tagartha do cheanglais an Achta Rialtais Áitiúla, 1925 , agus

(c) cuirfear tagairt don Acht so in ionad na tagartha do na Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919, no don Local Government (Ireland) Act, 1898, pé aca é.

Beartú do theacht i bhfeidhm.

11. —(1) Aon uair a bheidh beartú déanta ag údarás sláintíochta agus a bheidh aontuithe leis an mbeartú san no bheidh daingniú déanta ar ordú sealadach i dtaobh an bheartuithe sin, féadfaidh an t-údarás sláintíochta san fógra d'fhoillsiú, i bpáipéar nuachta léightear in aon cheanntar sláintíochta ina mbeidh aon áit ina mbeidh soláthar uisce le tógaint fén mbeartú san, ag luadh an dáta (nach luaithe ná seachtain tar éis an fhógra san d'fhoillsiú) ar a dtiocfaidh an beartú san i bhfeidhm agus á rá go bhféadfaidh duine ar bith (nach duine a mbeidh a ainm sa leabhar eolais a bhainfidh leis an mbeartú san), adeir go ndearnadh no go ndéanfar damáiste dhó tré sholáthar uisce do thógaint fén mbeartú san, cúiteamh sa damáiste sin d'iarraidh i scríbhinn ar an údarás sláintíochta san uair ar bith roimh, ach ní tar éis, dhá bhliain do bheith caithte ón dáta luadhfar sa bhfógra san chun an bheartuithe sin do theacht i bhfeidhm.

(2) Nuair a bheidh údarás sláintíochta tagtha i dteideal, fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so, fógra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san d'fhoillsiú agus a bheidh sé foillsithe aca go cuibhe, tiocfaidh an beartú le n-a mbainfidh an fógra san i bhfeidhm ar an dáta bheidh luaidhte chuige sin sa bhfógra san.

Fógraí i dtaobh beartú do theacht i bhfeidhm.

12. —Chó luath agus is féidir é tar éis d'údarás sláintíochta fógra d'fhoillsiú ag luadh an dáta ar a dtiocfaidh beartú ón údarás sláintíochta san i bhfeidhm, bhéarfaidh an t-údarás sláintíochta san do gach duine a mbeidh a ainm sa leabhar eolais a bhainfidh leis an mbeartú san fógra i scríbhinn ag cur an dáta san in úil dó ar a dtiocfaidh an beartú san i bhfeidhm agus á chur in úil dó go bhféadfaidh, uair ar bith roimh, ach ní tar éis, bliain do bheith caithte ón dáta san, cúiteamh sa damáiste do rinneadh no a déanfar dó, tré sholáthar uisce do thógaint fén mbeartú san, d'iarraidh i scríbhinn ar an údarás sláintíochta san.

Comhact chun soláthar uisce do thógaint, etc.

13. —(1) Nuair a thiocfaidh beartú o údarás sláintíochta i bhfeidhm, is dleathach don údarás sláintíochta san—

(a) soláthar uisce do thógaint, do réir an bheartuithe sin, ón mbun-tsruth uisce le n-a mbainfidh an beartú san, agus

(b) an soláthar san d'úsáid chun soláthar uisce do mhéadú, do leathnú, no do chur ar fáil fé na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, agus

(c) i gcás mion-innste ar aon fho-oibríochta do bheith luaidhte sa bheartú san, aon oibreacha is gá chun críche na bhfo oibríocht san do dhéanamh ar aon talamh do thóg an t-údarás sláintíochta san roimh an mbeartú san do theacht i bhfeidhm no dá éis sin no ar aon talamh eile le toiliú an únaera.

(2) Féadfar na comhachta bheirtear d'údarás sláintíochta le fo-alt (1) den alt so d'fheidhmiú—

(a) d'ainneoin éinní atá in alt 286 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus

(b) d'ainneoin cirt ar bith a bheidh ag duine ar bith chun feidhmiú na gcomhacht san do chosc no do shrianadh, agus

(c) d'ainneoin nár thóg an t-údarás sláintíochta an ceart do bhí ag duine ar bith chun an uisce sa bhun-tsruth uisce iomchuibhe d'úsáid no uisce ón mbun-tsruth uisce sin do bheith ag rith gan bac isteach in aon chúrsa uisce, nádúrtha na saordha, no tríd.

Cúiteamh.

14. —(1) Nuair a thiocfaidh beartú o údarás sláintíochta i bhfeidhm beidh gach duine, dá ndearnadh no dá ndéanfar damáiste tré sholáthar uisce do thógaint fén mbeartú san, i dteideal, ar n-a iarraidh sin i scríbhinn fén alt so, méid an damáiste sin d'fháil ón údarás sláintíochta san mar chúiteamh.

(2) Duine a mbeidh a ainm sa leabhar eolais a bhainfidh le beartú agus a bheidh ag éileamh cúitimh maidir leis an mbeartú san, ní cead dó an cúiteamh san d'iarraidh fén alt so tar éis bliain do bheith caithte o dháta an bheartuithe sin do theacht i bhfeidhm.

(3) Duine ná beidh a ainm sa leabhar eolais a bhainfidh le beartú agus a bheidh ag éileamh cúitimh maidir leis an mbeartú san, ní cead dó an cúiteamh san d'iarraidh fén alt so tar éis dhá bhliain do bheith caithte o dháta an bheartuithe sin do theacht i bhfeidhm.

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 74 agus 78 go 80 den Land Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le cúiteamh is iníoctha fén alt so agus chun críche na feidhme sin is tuigthe gurb iad an t-údarás sláintíochta ag á mbeidh an cúiteamh san iníoctha bunuitheoirí an ghnóthais.

Cúiteamh do chinneadh cheal có-aontuithe.

15. —(1) Gach iarratas a déanfar fén Acht so chun údaráis sláintíochta ag lorg cúitimh bhéarfar breith air, cheal có-aontuithe, tré eadrascán fé réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar n-a leasú leis an Acht chun Talamh do Thógaint (Coiste Réitigh), 1925 (Uimh. 22 de 1925) , ar gach slí díreach fé is dá mba maidir le talamh do thógaint go héigeanta déanfaí an t-iarratas san agus gur phraghas tailimh do tógfaí go héigeanta an cúiteamh san, ach san fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach eadrascán a déanfar de bhuadh an fho-ailt sin roimhe seo den alt so chun breith do thabhairt ar iarratas ar chúiteamh fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) beidh dlighinse ag an eadrascánaidhe chun a chinneadh an bhfuil cúiteamh iníoctha in aon chor sa chás;

(b) má bhíonn ainm an iarratasóra sa leabhar eolais iomchuibhe, ní choiscfidh san ar an údarás sláintíochta a chointinn ná fuil cúiteamh iníoctha in aon chor sa chás;

(c) má chinneann an t-eadrascánaidhe go bhfuil cúiteamh iníoctha, beidh dlighinse aige chun a shocrú cadé méid an chúitimh sin agus cá huair no uaire a híocfar é, agus fós dlighinse chun a shocrú cé aca ina aon tsuim amháin no ina thráthchoda a híocfar é agus, más ina thráthchoda é, cadé uimhir agus méid agus cadiad uaire íoctha na dtráthchoda san agus cadé an riaradh (más aon cheann é) a déanfar chun ús d'íoc ar an méid den chúiteamh san a bheidh de thurus na huaire gan íoc;

(d) nuair a bheidh méid an chúitimh sin á shocrú aige, féachfaidh an t-eadrascánaidhe d'aon gheallúint a bheidh tugtha ag an údarás sláintíochta soláthar uisce de mhalairt no de bhreis do chur ar fáil.

Us ar chúiteamh.

16. —(1) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so, íocfaidh údarás sláintíochta le gach duine le n-a mbeidh cúiteamh iníoctha fén Acht so ús ar mhéid an chúitimh sin (ar an méid sin do bheith socair) do réir ceithre phunt per cent. per annum ón dáta ar a dtosnófar ar sholáthar uisce do thógaint fén mbeartú iomchuibhe go dtí dáta socruithe an chúitimh sin.

(2) I gcás—

(a) údarás sláintíochta do thairgsint aon mhéide go neachoinníollach i scríbhinn mar chúiteamh do dhuine ar bith fén Acht so, agus

(b) gan an méid a chinnfidh an t-eadrascánaidhe do bheith iníoctha mar chúiteamh do bheith níos mó ná an méid a tairgfear amhlaidh,

ní bheidh aon ús iníoctha fén alt so ar an gcúiteamh san in aghaidh aon tréimhse tar éis dáta na tairgseana san.

Comhacht ag údarás sláintíochta chun dul isteach ar thalamh.

17. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo féadfaidh oifigeach no gníomhaire ar bith d'údarás sláintíochta go n-údarás cuibhe aige chuige sin ón údarás sláintíochta san dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach chun críche ar bith aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) chun a fháil amach an féidir leor-sholáthar uisce do thógaint go caothúil as bun-tsruth áirithe uisce;

(b) chun aon phíopaí, sileacháin, no oibreacha eile do dheisiú no do chothabháil a úsáideann an t-údarás sláintíochta san chun crícheanna soláthair uisce.

(2) Féadfaidh duine raghaidh isteach ar thalamh fén bhfo-alt. san roimhe seo den alt so gach ní do dhéanamh ar an talamh san is gá do réir réasúin chun na críche chun a raghaidh isteach amhlaidh agus, go sonnrach, féadfaidh suirbhéireacht agus pleananna do dhéanamh, leibhéil do thomhas, gléasanna tomhais do chur suas chun snighe an uisce do bhreacadh, tochailt do dhéanamh, agus doimhneas agus nádúir an athfhóid do dhéanamh amach.

(3) Ní raghaidh duine ar bith isteach ar aon talamh fén alt so idir a 6 á chlog p.m. lá ar bith agus a 9 a chlog a.m. an lá ina dhiaidh sin ach amháin chun deisiú práinneach do dhéanamh.

(4) Sara dtéighidh duine ar bith isteach ar aon talamh fén alt so chun críche seachas deisiú práinneach do dhéanamh, déanfaidh an t-údarás sláintíochta gur le n-a n-údarás a bheidh beartuithe dul isteach amhlaidh toiliú an tsealbhaire (i gcás tailimh shealbhuithe) no an únaera (i gcás tailimh nea-shealbhuithe) d'fháil no cuirfidh fé ndear fógra i scríbhinn do thabhairt ceithre lá déag ar a laghad roimh ré don tsealbhaire sin no don únaer sin (pé aca é) go bhfuiltear chun dul isteach amhlaidh.

(5) Duine ar bith dá dtabharfar fógra fén bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt so go bhfuiltear chun dul isteach ar thalamh, féadfaidh, lá nach déanaighe ná ceithre lá déag tar éis dáta an fhógra san do thabhairt, iarratas do dhéanamh chun an bhreithimh den Chúirt Dúithche go ndlighinse sa dúthaigh ina bhfuil an talamh san, tar éis foláireamh do thabhairt don údarás sláintíochta thug an fógra san no gur thar a gceann do tugadh é, d'iarraidh orduithe ag toirmeasc an dul isteach san ar an talamh san agus, ar éisteacht an iarratais sin, féadfaidh an breitheamh san, má mheasann sé san do bheith ceart, an dul isteach san ar an talamh san do thoirmeasc ar fad no coinníollacha do luadh le cólíonadh ag an duine raghaidh isteach amhlaidh.

(6) Má thoirmeascann breitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo—alt deiridh sin roimhe seo den alt so dul-isteach-ar-thalamh a bheidh beartuithe, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh san fén alt so; agus, má luadhann breitheamh den Chúirt Dúithche fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so coinníollacha le cólíonadh ag daoine raghaidh isteach ar an talamh fén alt so, ní foláir do gach duine raghaidh isteach ar an talamh san amhlaidh na coinníollacha luadhfar amhlaidh do chólíonadh.

(7) Duine ar bith dá ndéanfar damáiste tré éinní déanfar ar aon talamh fén alt so agus a dhéanfaidh, fé cheann mí tar éis an ní sin do dhéanamh, cúiteamh sa damáiste sin d'éileamh ar an údarás sláintíochta gur le n-a údarás a chuathas isteach ar an talamh san fén alt so, beidh sé i dteideal cúiteamh réasúnach sa damáiste sin d'fháil ón údarás sláintíochta san agus an cúiteamh san (nuair a bheidh có-aontuithe no cinnte ar a mhéid fén gcéad fho-alt eile den alt so) do bhaint den údarás sláintíochta san in aon chúirt dlighinse inniúla mar fhiacha gnáth-chonnartha.

(8) Cheal có-aontuithe, ceapfaidh an Chúirt Dúithche méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás sláintíochta fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so maran mó ná fiche punt an méid a héileofar mar chúiteamh no, in aon chás eile, ceapfar é le headrascán fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (ar n-a leasú le hachtacháin iaraimseardha) fé is dá mba phraghas tailimh ar n-a cheannach go héigeanta an cúiteamh san.

(9) Gach duine bhacfaidh tré ghníomh no tré fhaillighe, oifigeach no gníomhaire d'údarás sláintíochta agus na comhachta bheirtear dó leis an alt so á gcólíonadh aige go dleathach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná punt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

(10) San alt so, cialluíonn an abairt “deisiú práinneach” deisiú is gá do dhéanamh láithreach chun stad no laghdú ar an soláthar uisce iomchuibhe do chosc no chun díobháil mhór do dhaoine no do mhaoin do chosc.

Fógraí agus cóipeanna d'orduithe do thabhairt.

18. —Chun crícheann an Achta so féadfar fógra no cóip d'ordú do thabhairt do dhuine ar aon tslí aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) tré n-a sheachadadh don duine sin,

(b) tré n-a fhágáil ag an seoladh ag á mbíonn gnáthchomhnaí ar an duine sin no, i gcás neach déanta agóide i gcoinnibh beartuithe, ag á sheoladh mar a bheidh sé luaidhte ina agóid, no

(c) tré n-a chur leis an bpost i litir chláruithe roimh-íoctha ar n-a díriú chun an duine sin ag an seoladh ag á mbíonn gnáth-chomhnaí air no, i gcás neach déanta agóide i gcoinnibh beartuithe, ag á sheoladh mar a bheidh sé luaidhte ina agóid.

Soláthair uisce láithreacha do chaomhnadh.

19. —(1) Má bhí údarás sláintíochta, díreach roimh dháta an Achta so do rith, ag tógaint uisce as bun-tsruth uisce chun crícheanna soláthair uisce do chuireadar ar fáil fé na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, féadfaidh an t-údarás sláintíochta san, tar éis dáta an Achta so do rith, leanúint d'uisce do thógaint as an mbun-tsruth uisce sin san áit agus sa tslí agus sa mhéid go raibh uisce aca á thógaint amhlaidh díreach roimh dháta an Achta so do rith.

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir do cheart duine ar bith chun damáiste do bhaint d'údarás sláintíochta mar gheall ar aon chur-isteach éagcórach do rinne an t-údarás sláintíochta san ar mhaoin an duine sin roimh dháta an Achta so do rith ná mar gheall ar aon chur-isteach a dhéanfaidh an t-údarás sláintíochta san ar mhaoin an duine sin tar éis dáta an Achta so do rith agus do bheadh ina chur-isteach éagcórach mara mbeadh an t-alt so.

Cur-isteach ar shnighe uisce, agus truailliú, do chosc.

20. —I gcás a bheith de chomhacht ag údarás sláintíochta de bhuadh an Achta so uisce do thógaint as bun-tsruth uisce in aon áit áirithe, beidh ag an údarás sláintíochta san na cirt chéanna do bheadh ag únaer tailimh san áit sin lámh leis an mbun-tsruth uisce sin chun cosc do chur le cur-isteach ar shnighe an uisce sa bhun-tsruth uisce sin no uaidh no chuige agus chun cosc do chur le truailliú an uisce sa bhun-tsruth uisce sin.

Aibhne agus canálacha intseolta do chaomhnadh.

21. —(1) San alt so—

cialluíonn an abairt “uisce intseolta” aon abha no canáil a bhfuil aon duine i dteideal, de bhuadh achtacháin ar bith, seoladh uirthi no a bhfuil aon duine i dteideal, de bhuadh achtacháin ar bith, dleachta no dualgais d'fháil i leith seoladh uirthi, agus

cialluíonn an abairt “údarás seoltóirechta”, maidir le haon uisce intseolta, duine bheidh i dteideal seoladh air no dleachta no dualgais d'fháil i leith seoladh air.

(2) Ní léireofar éinní atá san Acht so mar ní do bheireann teideal d'údarás sláintíochta chun uisce do thógaint i slí no i méid no as a leithéid sin de bhun-tsruth uisce d'fhágfadh nárbh fhéidir no gur ró-dheacair seoltóireacht do dhéanamh ar aon uisce intseolta áirithe.

(3) I gcás údarás sláintíochta do dhéanamh beartuithe, féadfaid uair ar bith, roimh theacht i bhfeidhm don bheartú san no dá éis sin, fógra i scríbhinn do thabhairt d'údarás seoltóireachta aon uisce intseolta i dtaobh an bheartuithe sin.

(4) Má bheireann údarás sláintíochta fógra, fé fho-alt (3) den alt so, d'údarás seoltóireachta aon uisce intseolta maidir le haon bheartú, féadfaidh an t-údarás seoltóireachta san, roimh (ach ní tar éis) lá is fiche do bheith caithte o dháta an fhógra san do thabhairt, fógra i scríbhinn (dá ngairmtear san alt so fógra um chur-isteach) do thabhairt don údarás sláintíochta san á rá gurb é tuairim an údaráis seoltóireachta san go dtagann no go dtiocfaidh d'uisce do thógaint do réir an bheartuithe sin nach féidir no gur ró-dheacair seoltóireacht do dhéanamh ar an uisce intseolta san agus cuirfid sa bhfógra um chur-isteach ráiteas ar na réasúin atá aca leis an tuairim sin.

(5) Má bheireann údarás seoltóireachta fógra um chur-isteach d'údarás sláintíochta maidir le haon bheartú, féadfaidh an t-údarás sláintíochta san an beartú san d'athrú tríd an méid uisce bheidh le tógaint fé do laghdú agus—

(a) má tháinig an beartú san i bhfeidhm sarar tugadh an fógra san, leanfaidh i bhfeidhm ar n-a athrú amhlaidh agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht so, agus

(b) mara dtáinig an beartú san i bhfeidhm sarar tugadh an fógra san, is tuigthe i dtaobh éinní do rinne an t-údarás sláintíochta san maidir leis an mbeartú san do chólíonadh an Achta so sarar tugadh an fógra san, gur maidir leis an mbeartú san ar n-a athrú amhlaidh do rinneadh é amhlaidh agus beidh feidhm dá réir sin ag an Acht so.

(6) Údarás sláintíochta dá mbeidh údarás seoltóireachta tar éis fógra um chur-isteach do thabhairt maidir le haon bheartú, breithneoid agóidí an údaráis seoltóireachta san i gcoinnibh an bheartuithe sin agus féachfaid le réiteach a dhéanamh leis an údarás seoltóireachta san i dtaobh an fhógra um chur-isteach do tharraing siar.

(7) Má bheireann údarás seoltóireachta fógra um-churisteach, féadfaidh an t-údarás seoltóireachta san an fógra san do tharraing siar aon uair tré fhógra chuige sin i scríbhinn do thabhairt don údarás sláintíochta iomchuibhe.

(8) Féadfaidh údarás sláintíochta dá dtabharfar fógra um chur-isteach maidir le haon bheartú a iarraidh ar an Ard-Chúirt an fógra san do chur ar nea-mbrí agus, más dóich leis an Ard-Chúirt, nuair a déanfar an t-iarratas san, ná tagann no ná tiocfaidh d'uisce do thógaint do réir an bheartuithe sin nach féidir no gur ró-dheacair seoltóireacht do dhéanamh ar an uisce intseolta iomchuibhe, cuirfidh an Ard-Chúirt an fógra san ar nea-mbrí.

(9) Má bheirtear fógra i dtaobh beartuithe d'údarás seoltóireachta fé fho-alt (3) den alt so agus más rud é ná déanfaidh an t-údarás seoltóireachta san, fé cheann lá is fiche tar éis dáta tabhartha an fhógra san, fógra um chur-isteach do thabhairt maidir leis an mbeartú san no go mbeidh aon fhógra den tsórt san do bhéarfar amhlaidh curtha ar nea-mbrí ag an Ard-Chúirt no tarraingthe siar, ní cead don údarás seoltóireachta san a chointinn i gCúirt ar bith go dtagann no go dtiocfaidh d'uisce do thógaint do réir an bheartuithe sin nach féidir no gur ródheacair seoltóireacht do dhéanamh ar an uisce intseolta iomchuibhe.

Iasacht d'fháil.

22. —Chun costais fé n-a raghaid fén Acht so d'íoc, féadfaidh údarás sláintíochta iasacht d'fháil fé na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, fé is dá mbeadh an chríoch san ina crích chun a n-údaruítear don údarás san iasacht d'fháil fé na hAchtanna san

Costais údaráis sláintíochta.

23. —Aon chostais fé n-a raghaidh údarás sláintíochta fén Acht so chun soláthar uisce do mhéadú, do leathnú, no do chur ar fáil fé na hAchtanna Sláinte Puiblí, 1878 go 1931, cruinneofar agus íocfar iad mar chuid de na costais fé n-a raghaidh an t-údarás sláintíochta san fé na hAchtanna san chun na críche sin.

Costais an Aire.

24. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar na costais fé n-a raghaidh an tAire chun an Achta so do riaradh.

Rialacháin.

25. —Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh ag ordú aon ní no ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Gearr-theideal.

26. —Féadfar an tAcht Soláthairtí Uisce. 1942, do ghairm den Acht so.

SCEIDEAL.

Rialacha chun Orduithe Sealacha do Dhaingniu.

1. Déanfar cóip den ordú sealadach do thabhairt chó luath agus is féidir é ag an údarás sláintíochta bheidh ag déanamh an bheartuithe iomchuibhe do gach duine do rinne agóid go cuibhe i gcoinnibh an bheartuithe sin maraon le ráiteas á rá go bhféadfar an t-ordú sealadach do dhaingniú mara ndeinidh duine de na hagóidigh sin, fé cheann cúig seachtaine ón dáta ar ar tugadh an chóip sin dó, achuinge do thíolacadh don Chúirt Chuarda á iarraidh ná déanfaí dlí den ordú sealadach gan tuilleadh fiosruithe do dhéanamh.

2. Féadfaidh aon agóideach den tsórt san, roimh (ach ní tar éis) cúig seachtaine do bheith caithte ón dáta ar ar tugadh an chóip sin den ordú sealadach dó, an achuinge luaidhtear sa riail deiridh sin roimhe seo do thíolacadh don Chúirt Chuarda.

3. Cuirfidh oifigeach den Chúirt chun an Aire cóip de gach achuinge tíolaicfear fé na Rialacha so i dtaobh an orduithe shealadaigh agus má tarraingtear siar aon achuinge den tsórt san cuirfidh fógra i dtaobh í tharraing siar chuige freisin.

4. Gach achuinge i dtaobh an orduithe shealadaigh a tíolaicfear fé na Rialacha so agus ná tarraingeofar siar, éistfear í ag an geéad suidhe den chúirt a comórfar tar éis seachtain do bheith caithte o dháta tíolaicthe na hachuinge sin no (má bhíonn tréimhse orduithe) tar éis na tréimhse orduithe do bheith caithte no ar pé dáta ina dhiaidh sin ordóidh an chúirt, agus ar éisteacht na hachuinge sin féadfaidh an chúirt an t-ordú sealadach do dhaingniú no do dhí-lomháil.

5. Mara dtíolaictear achuinge ar bith fé na Rialacha so no má tarraingtear siar gach a chuinge den tsórt san féadfaidh an tAire an t-ordú sealadach do dhaingniú gan a thuilleadh fiosruithe.

6. Le linn an t-ordú sealadach do dhaingniú, féadfaidh an chúirt no an tAire (fé mar a bheidh) an t-ordú sealadach do dhaingniú gan a leasú, no féadfaidh aon athrú do dhéanamh ar an mbeartú iomchuibhe d'fhéadfadh an tAire do dhéanamh nuair a bhí an t-ordú sealadach á dhéanamh agus an t-ordú sealadach do leasú i slí go mbainfidh leis an mbeartú san ar n-a athrú amhlaidh agus an t-ordú sealadach ar n-a leasú amhlaidh do dhaingniú.

7. An dlighinse bheirtear don Chúirt Chuarda leis na Rialacha so is amhlaidh a feidhmeofar iad ag an mbreitheamh di go ndlighinse sa chuaird ina bhfuil an áit agá mbeidh soláthar uisce le tógaint fén mbeartú iomchuibhe.