3 1942


Uimhir 3 de 1942.


ACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN NA nACHTANNA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLACHA SEALADACHA), 1923 GO 1941, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ.    [26adh Márta, 1942.]

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) ;

cialluíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1940 ” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940) ;

cialluíonn an abairt “Acht 1941” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1941 (Uimh. 6 de 1941) ;

cialluíonn an abairt “na hAchtanna” na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Fórálacha Sealadacha), 1923 go 1941.

(2) Léireofar tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán san ar n-a leasú le haon achtachán iaraimseardha.

(3) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht so do léigheamh agus do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt atá san Acht so agus dá gceaptar brí áirithe leis na hAchtanna chun crícheanna na nAchtanna tá leo san Acht so an bhrí ceaptar dóibh amhlaidh.

Na hAchtanna do leanúint i bhfeidhm.

2. —Leanfaidh na hAchtanna, ar n-a leasú agus ar n-a leathnú tríd an Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31adh Márta, 1943, agus raghaid in éag ansan.

Míniú ar an abairt “oifigeach neachoimisiúnta”.

3. —(1) Déanfar an abairt “oifigeach nea-choimisiúnta” do léiriú, i ngach áit ina bhfuil sí sna hAchtanna no in aon achtachán (agus an tAcht so d'áireamh) a leasuíonn na hAchtanna, mar abairt a chialluíonn ball de na Fórsaí Cosanta bhaineann le haon ghrád de chéim no d'aicme atá leagtha amach ag aon uimhir thagartha (seachas uimhir thagartha 7) sa Táible a ghabhann le halt 18 d'Acht Uimh. 2 de 1940 .

(2) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 7adh lá de Mheitheamh 1940, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Oifigigh d'árdú.

4. —(1) Féadfaidh an tAire aon oifigeach d'árdú go dtí céim shubstainteach níos aoirde.

(2) Féadfaidh an tAire aon oifigeach d'árdú go dtí céim ghníomhathach níos aoirde.

(3) Oifigeach a hárdófar go dtí céim ghníomhathach níos aoirde raghaidh thar n-ais tráth ar bith ina dhiaidh sin, ar an Aire do thabhairt orduithe chuige sin agus an t-ordú san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, go dtí n-a chéim shubstainteach no, do réir mar a hordófar amhlaidh, go dtí céim ghníomhathach is aoirde ná a chéim shubstainteach.

(4) Is tuigthe fo-ailt (2) agus (3) den alt so do theacht i ngníomh an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus beid mar a bheadh éifeacht aca an lá san agus ón lá san amach.

Saighdiúiri d'árdú.

5. —(1) Féadfaidh an tAire no aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire ball ar bith de na Fórsaí Cosanta ag á mbeidh céim mhíleata nea-choimisiúnta no grád nea-choimisiúnta d'aicme mhuiridhe d'árdú go dtí céim nea-choimisiúnta shubstainteach níos aoirde no grád nea-choimisiúnta substainteach níos aoirde d'aicme.

(2) Féadfaidh an tAire no aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire oifigeach nea-choimisiúnta de na Fórsaí Cosanta ag á mbeidh céim nea-choimisiúnta shubstainteach no grád neachoimisiúnta substainteach d'aicme d'ísliú go dtí céim neachoimisiúnta shubstainteach níos ísle no grád nea-choimsiúnta substainteach níos ísle d'aicme.

(3) Féadfaidh an tAire no aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire ball ar bith de na Fórsaí Cosanta ag á mbeidh céim mhíleata nea-choimisiúnta no grád nea-choimisiúnta d'aicme mhuiridhe d'árdú go dtí céim nea-choimisiúnta ghníomhathach níos aoirde no grád nea-choimisiúnta gníomhathach níos aoirde d'aicme.

(4) Féadfaidh aon oifigeach go n-údarás aige chuige sin ón Aire a ordú go raghaidh oifigeach nea-choimisiúnta gníomhathach de na Fórsaí Cosanta thar n-ais go dtí n-a chéim shubstainteach no a ghrád substainteach d'aicme no go dtí céim ghníomhathach no grád gníomhathach d'aicme is aoirde ná a chéim shubstainteach no a ghrád substainteach d'aicme, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san dá réir sin.

(5) Is tuigthe fo-ailt (3) agus (4) den alt so do theacht i ngníomh an 3adh lá de Mheán Fhómhair, 1939, agus beid mar a bheadh éifeacht aca an lá san agus ón lá san amach.

Alt 131 den Phríomh-Acht do leasú.

6. —Deintear leis seo alt 131 (á bhaineann le hasbhaintí is ceaduithe do dhéanamh as gnáth-phágh saighdiúirí) den Phríomh-Acht do leasú tríd an mír seo leanas do chur isteach ann i ndiaidh míre (e), sé sin le rá:—

“(ee) an tsuim is gá chun íoctha aon phionóis, damáiste, cúitimh no costaisí a cuirfear air ag aon chúirt síbhialta a mbeifear tar éis é chúiseamh i gcionta ina láthair.”.

Fionnraighe ar cheart saighdiúra chun a scaoilte le linn tréimhse práinne.

7. —(1) D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna, ní bheidh aon tsaighdiúir de na Fórsaí ná aon fhear den Chúltaca i dteideal a scaoilte le linn tréimhse práinne, agus i gcás téarma liostála bunaidh aon tsaighdiúra no fir den tsórt san d'éag i rith tréimhse práinne is tuigthe faidiú do bheith déanta ar an téarma san go ceann na tréimhse práinne sin, agus is tuigthe, i gcás saighdiúra de na Fórsaí, an faidiú san do bheith ina fhaidiú ar a sheirbhís airm no, i gcás fir den Chúltaca, é bheith ina fhaidiú ar a sheirbhís sa Chúltaca, agus beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna i ngach cás den tsórt san fé is dá mbeadh an faidiú seirbhíse sin ina chuid den téarma liostála bunaidh.

(2) Beidh feidhm ailt 155 (a bhaineann le seirbhís do chur i bhfaid i gcásanna áirithe) den Phríomh-Acht agus fo-ailt (2) d'alt 34 (a bhaineann le fir den Chúltaca do scaoileadh ar a seirbhís do bheith críochnuithe) d'Acht Uimh. 2 de 1940 ar fionnraighe, de bhuadh an fho-ailt seo, le linn aon tréimhse práinne.

(3) San alt so tá an bhrí chéanna leis an abairt “tréimhse phráinne” atá léi in Acht Uimh. 2 de 1940 .

(4) Is tuigthe an t-alt so do theacht i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1941, agus beidh sé mar a bheadh éifeacht aige an lá san agus ón lá san amach.

Alt 9 den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925 , do bhaint le hoifigigh.

8. —Bainfidh alt 9 (i dtaobh gealt-shaighdiúirí ar iad do scur) den Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1925 (Uimh. 4 de 1925) , le hoifigeach dá dtárlóidh, más oifigeach de na Fórsaí é, é scur as na Fórsaí toisc laige aigne no, más oifigeach den Chúltaca Oifigeach é, é do thabhairt suas a choimisiúin dá thoisc sin agus a ndeimhneoidh dochtúir leighis cláruithe ina thaobh é bheith ina dhuine nach slán meabhair agus ina dhuine is cuibhe do choinneáil fé aire agus cóireáil, fé mar a bhaineann an t-alt san le saighdiúir de na Fórsaí a ndeimhneofar amhlaidh ina thaobh ar é scur.

Alt 17 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.

9. —Léireofar alt 17 (a bhaineann le céimeanna coimisiúnta sna Fórsaí Cosanta) d'Acht Uimh. 2 de 1940 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—

(a) an fo-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (3) de, sé sin le rá:—

“(3) Chun crícheanna aon achtacháin le n-a mbaineann an fo-alt so no aon scéime ar n-a déanamh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, is tuigthe gach céim mhuiridhe choimisiúnta luaidhtear sa tríú colún den Táible ghabhann leis seo do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim mhíleata choimisiúnta luaidhtear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán no scéim den tsórt san do chéim mhíleata choimisiúnta atá ar có-réir le céim mhuiridhe choimisiúnta do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don chéim mhuiridhe choimisiúnta san.

Baineann an fo-alt so le haon achtachán, ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis, agus an tAcht so d'áireamh, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann no Acht den Oireachtas.”; agus

(b) an dá fho-alt so leanas do chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3), sé sin le rá:—

“(4) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh oifigigh de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) céim mhíleata choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible ghabhann leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata coimisiúnta san, an chéim mhuiridhe choimisiúnta atá leagtha amach sa tríú colún den Táible sin os coinne luadh na céime míleata coimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.

(5) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh oifigigh de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo) céim mhuiridhe choimisiúnta áirithe, go mbeidh aige, in ionad na céime muiridhe coimisiúnta san, an chéim mhíleata choimisiúnta atá ar có-réir leis an gcéim mhuiridhe choimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.”.

Alt 18 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.

10. —Léireofar alt 18 (a bhaineann le céimeanna agus aicmí neachoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta) d'Acht Uimh. 2 de 1940 agus beidh éifeacht aige fé is dá ndeintí—

(a) an fo-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (4) de, sé sin le rá:—

“(4) Chun crícheanna aon achtacháin le n-a mbaineann an fo-alt so no aon scéime ar n-a déanamh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta, 1932 agus 1938,—

(a) is tuigthe an chéim mhuiridhe sin Oifigeach Barántais do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim mhíleata san Maor-Sháirsint, agus déanfar tagairtí in aon achtachán no scéim den tsórt san don chéim sin Maor-Sháirsint do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don chéim sin Oifigeach Barántais;

(b) is tuigthe gach aicme mhuiridhe luaidhtear sa cheathrú colún den Táible ghabhann leis seo do bheith ina céim atá ar có-réir leis an gcéim mhíleata luaidhtear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán no scéim den tsórt san do ghrád de chéim mhíleata nea-choimisiúnta atá ar có-réir le grád d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta do léiriú mar thagairtí fholuíonn tagairtí don ghrád san d'aicme mhuiridhe nea-choimisiúnta.

Baineann an fo-alt so le haon achtachán, ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis, agus an tAcht so d'áireamh, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann no Acht den Oireachtas.”;

(b) an fo-alt so leanas do chur in ionad fo-ailt (5) de, sé sin le rá:—

“(5) Féadfaidh an tAire a ordú le hordú, maidir le haon Chór no Seirbhís no cuid de Chór no de Sheirbhís, go mbeidh ag sealbhóir céime míleata neachoimisiúnta ann, in ionad na céime luaidhtear sa dara colún den Táible ghabhann leis seo do bheith aige, pé céim eile chó-ionann a luadhfar san ordú san, agus i gcás den tsórt san déanfar tagairtí in aon achtachán le n-a mbaineann an fo-alt so no in aon scéim ar n-a déanamh (roimh an Acht so do rith no dá éis sin) fé na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do chéim a luaidhtear sa dara colún san do léiriú, maidir leis an gCór no an Seirbhís sin no leis an gcuid sin de Chór no de Sheirbhís, mar thagairtí don chéim chó-ionann a luadhfar san ordú san.

Baineann an fo-alt so le haon achtachán, ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis, agus an tAcht so d'áireamh, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann no Acht den Oireachtas.”; agus

(c) na ceithre fo-ailt seo leanas do chur isteach i ndiaidh fo-ailt (6), sé sin le rá:—

“(7) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) an chéim mhíleata san Maor-Sháirsint, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata san, an chéim mhuiridhe sin Oifigeach Barántais, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.

(8) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill ar bith de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo) an chéim mhuiridhe sin Oifigeach Barántais, go mbeidh aige, in ionad na céime muiridhe sin, an chéim mhíleata san Maor-Sháirsint, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.

(9) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill ar bith de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a liostála no a cheaptha chúichi no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo) céim mhíleata nea-choimisiúnta (seachas an chéim sin Maor-Sháirsint) atá leagtha amach sa dara colún den Táible ghabhann leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata neachoimisiúnta san, an grád d'aicme mhuiridhe neachoimisiúnta atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible sin os coinne luadh na céime míleata nea-choimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.

(10) Féadfaidh an tAire a ordú, i dtaobh baill ar bith de na Fórsaí Cosanta a mbeidh aige (de bhuadh a liostála no a cheaptha chuige no de bhuadh orduithe ar n-a thabhairt fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo) grád d'aicme mhuiridhe neachoimisiúnta atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible ghabhann leis seo, go mbeidh aige, in ionad an ghráid sin d'aicme mhuiridhe neachoimisiúnta, an chéim mhíleata nea-choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible sin os coinne luadh na haicme muiridhe nea-choimisiúnta san, agus beidh éifeacht ag aon ordú den tsórt san do réir a bhrí.”.

Alt 57 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.

11. —Ní bheidh feidhm ag alt 57 (a bhaineann le cúltacairí glaodhadh amach ar buan-tseirbhís agus saighdiúirí liostáladh sna Fórsaí ar feadh tréimhse práinne do thógaint thar n-ais ag obair) d'Acht Uimh. 2 de 1940 maidir le fear ar bith den Chúltaca ná duine ar bith a liostálfaidh sna Fórsaí, do réir bhrí an ailt sin—

(a) a scaoilfear fé aithis as an seirbhís no a scaoilfear as an seirbhís tré bhreith chúirte míleata, no

(b) a scaoilfear as an seirbhís ar aon chúis aca so leanas, eadhon—

(i) ráiteas bréagach do dhéanamh go toiliúil le linn a theistithe,

(ii) mí-iompar,

(iii) é chiontú ag an gcomhacht shíbhialta, no

(c) is duine le na mbaineann fo-alt (2) d'alt 119 den Príomh-Acht.

Alt 8 d'Acht 1941 do leasú.

12. —Ní bheidh feidhm ag alt 8 (a bhaineann le hoifigigh áirithe do thógaint thar n-ais ag obair) d'Acht 1941 maidir le hoifigeach de chuid an Chúltaca Oifigeach no oifigeach sealadach, do réir bhrí an ailt sin,—

(a) a brisfear fé aithis as an seirbhís no a brisfear as an seirbhís tré bhreith chúirte míleata, no

(b) a brisfear fé alt 7 den Acht Fórsaí Cosanta, 1937 (Uimh, 41 de 1937).

Tréigtheoirí agus nea-láithrigh amhrasuithe do ghabháil.

13. —(1) I gcás cúis réasúnach do bheith ag oifigeach no saighdiúir no ag ball den Ghárda Síochána chun a bheith in amhras gur tréigtheoir no nea-láithreach gan cead o na Fórsaí Cosanta aon duine áirithe, féadfa sé, gan barántas, an duine sin do ghabháil agus air sin beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an duine sin (dá ngairmtear an duine gabhtha sa bhfo-alt so) a éileamh go ndéanfaí fiosrú, fén gcéad mhír ina dhiaidh seo, i dtaobh a ghabhála, agus cuirfidh neach déanta na gabhála in úil don duine ghabhtha é bheith de cheart aige fén mír seo san d'éileamh;

(b) má dheineann an duine gabhtha éileamh amhlaidh, ansan—

(i) bhéarfar an duine gabhtha i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche no Feadhmannaigh Shíochána agus féadfar idir an dá linn é choinneáil in aon stáisiún Gárda Síochána;

(ii) déanfaidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche no an Feadhmannach Síochána gur ina láthair do bhéarfar an duine gabhtha fiosrú i dtaobh na gabhála, agus

(I) más deimhin leis gur tréigtheoir no nealáithreach gan cead an duine gabhtha, cuirfidh fé ndear láithreach an duine gabhtha do thabhairt suas do choimeád mhíleata no, go dtí go bhféadfar é thabhairt suas amhlaidh, é choinneáil i bpríosún no stáisiún Gárda Síochána éigin go ceann pé tréimhse a chífear dó do bheith riachtanach do réir réasúin chun pé nithe do dhéanamh is gá chun an duine ghabhtha do ghlacadh i gcoimeád mhíleata,

(II) maran deimhin leis amhlaidh, ordóidh an duine gabhtha do scaoileadh saor;

(iii) an Breitheamh den Chúirt Dúithche no an Feadhmannach Síochána gur ina láthair do bhéarfar an duine gabhtha féadfaidh o am go ham an fiosrú do chur ar athló agus, má dheineann amhlaidh, ordóidh an duine gabhtha do choinneáil, le linn an fhiosruithe do bheith ar athló amhlaidh, i bpríosún no i stáisiún Gárda Síochána;

(c) mara ndeinidh an duine gabhtha éileamh amhlaidh, féadfaidh neach déanta na gabhála é thabhairt suas do choimeád mhíleata agus go dtí go dtabharfar suas amhlaidh é féadfar an duine gabhtha do choinneáil in aon phríosún no stáisiún Gárda Síochána.

(2) I gcás duine dá thabhairt féin suas d'oifigeach no saighdiúir no do bhall den Ghárda Síochána agus dá rá gur tréigtheoir no nea-láithreach gan cead o na Fórsaí Cosanta é, féadfaidh an t-oifigeach no an saighdiúir sin no an ball san den Ghárda Síochána an duine sin do thabhairt suas do choimeád mhíleata agus go dtí go dtabharfar suas amhlaidh é féadfar é choinneáil in aon phríosún no stáisiún Gárda Síochána.

Athghairm.

14. —Deintear leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal agus có-luadh.

15. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 go 1942, do ghairm de na hAchtanna agus den Acht so le chéile.

SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Uimhir agus Bliain

Gearr-theideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 30 de 1923

Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 .

Ailt 11A agus 11B (do cuireadh isteach le halt 8 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924 (Uimh. 38 de 1924) .

Uimh. 38 de 1924

Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924.

Alt 8.

Uimh. 11 de 1940

Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 .

Fo-alt (3) d'alt 17; fo-ailt (4) agus (5) d'alt 18; alt 54.

Uimh. 6 de 1941

Acht Fórsai Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1941 .

Ailt 3 agus 7.