10 1942


Uimhir 10 de 1942.


ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR (LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ AILT 79 DEN ACHT UM AER-LOINGSEOIREACHT AGUS AER-IOMPAR, 1936 . [26adh Bealtaine, 1942.]

ACHTUIGHEADH AN TOIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Aer-Loingseoire acht agus Aer-Iompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) .

Alt 79 den Phríomh-Acht do leasú.

2. —Déanfar alt 79 (a bhaineann le conganta airgid) den Phríomh-Acht do léiriú agus beidh éifeacht aige—

(a) fé is da gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (2), sé sin le rá:—

“(2) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas é chó luath agus is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Tigh aca san, fé cheann an lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí, beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do bhailíocht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.”; agus

(b) fé is dá ndéantaí tagairt do chúig bliana o dháta an Achta so do rith do chur in ionad na tagairte atá i bhfo-alt (3) do chúig bliana o dháta an Phríomh-Achta do rith; agus

(c) fé is dá gcuirtí an fo-alt so leanas isteach ann in ionad fo-ailt (4), sé sin le rá:—

“(4) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas aon airgead is gá chun íoctha an chonganta airgid a luadhfar in ordú déanfar fén alt so.”.

Gearr-theideal agus có-luadh.

3. —Féadfar an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar (Leasú), 1942 , do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 agus 1942, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile,