27 1942


Uimhir 27 de 1942.


ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1942.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1942, AR SHLITE ÁIRITHE AGUS, GO SONNRÁCH, DO DHÉANAMH LEASUITHE GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH AR ALT 39 DEN ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 .

[15adh Mí na Nodlag, 1942.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

cialluíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais.

Achtanna áirithe do bheith gan baint leis an mBord.

2. —Chun deireadh do chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo ná fuil an Bord, agus ná raibh sé riamh, ina údarás áitiúil do réir bhrí no chun aon cheann de chrícheanna na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1941, no aon Achta aca san ná Achta na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 ( Uimh. 39 de 1926 ), pé aca go generálta é no maidir le gnóthas do tógadh fé alt 39 den Phríomh-Acht agus ar ar cheap an Bord é féin mar ghnóthaire nua do réir bhrí an ailt sin.

Alt 39 den Acht Leictreachais (Soláthar) 1927, do leasú.

3. —(1) San alt so—

tá leis na habairtí “gnóthaire údaruithe”, “seana-ghnóthaire” agus “gnóthaire nua” na bríonna céanna atá leo fé seach in alt 39 den Phríomh-Acht;

cialluíonn an abairt “fostaidhe aistrithe” duine arna aistriú (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é), de bhuadh fo-ailt (9) no fo-ailt (11) den alt san 39, o fhostaíocht sheanaghnóthaire go dtí fostaíocht an Bhuird;

foluíonn an focal “toiliú” ceadú, aontú, cóthoiliú agus gníomhartha eile dá samhail sin;

léireofar tagairtí do bhreithiúntas ón Ard-Chúirt, i gcás ina raibh an breithiúntas san ina abhar d'athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe, mar thagairtí don bhreithiúntas san mar do dhaingnigh no d'athruigh an Chúirt Uachtarach é no, má rinne an Chúirt Uachtarach an breithiúntas san do chlaochló, mar thagairtí d'ordú na Cúirte Uachtaraighe.

(2) Baineann an t-alt so leis na gníomhartha so leanas agus déanfar an abairt “gníomh lena mbaineann an t-alt so” do léiriú dá réir sin san alt so, sé sin le rá:—

(a) fostaidhe aistrithe d'fhostú, d'fhionnraighe, do bhriseadh no do scur;

(b) coinníollacha fostaíochta no dualgais no luach saothair fhostaidhe aistrithe do shocrú no d'athrú;

(c) aoisliúntas, i bhfuirm pinsin no aisce, do dheonadh, no diúltú don chéanna do dheonadh, d'fhostaidhe aistrithe no méid aon phinsin no aisce den tsórt san do shocrú no d'athrú.

(3) Dearbhuítear agus achtuítear leis seo, maidir le cás ina ndearna no ina ndéanfaidh an Bord, ar ghnóthas ghnóthaire údaruithe do thógaint (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin) fé alt 39 den Phríomh-Acht, é féin do cheapadh ina ghnóthaire nua, ná foluíonn an abairt “na téarmaí céanna” agus nár fholuigh sí riamh, sna háiteanna ina bhfuil sí i bhfo-alt (9) agus i bhfo-alt (11) den alt san 39, aon téarma (reachtúil no connarthach) tréna dtoirmeasctar no trénar toirmeascadh ar an seana-ghnóthaire gníomh ar bith lena mbaineann an t-alt so, no aon ghníomh no gníomhartha áirithe den tsórt san, do dhéanamh gan an tAire no duine éigin eile do thoiliú chuige.

(4) Tá ag an mBord agus bhí riamh comhacht chun aon ghníomh lena mbaineann an t-alt so do dhéanamh gan Aire no duine ar bith eile do thoiliú chuige.

(5) Ní bheidh aon ghníomh lena mbaineann an t-alt so agus do rinne no dhéanfaidh an Bord (roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin), agus is tuigthe i gcás aon ghníomha den tsórt san do rinneadh roimh dháta an Achta so do rith ná raibh sé riamh, nea-mbailidhe ná ionchonspóidte ar an scór nár thoiligh Aire no duine ar bith eile chuige.

(6) Aon uair a dhéanfaidh an Bord gníomh lena mbaineann an t-alt so maidir le fostaidhe aistrithe, beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas (d'ainneoin éinní atá sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so), sé sin le rá:—

(a) féadfaidh an fostaidhe aistrithe sin, mí ar a dhéanaighe tar éis an dáta ar a ndéanfaidh an Bord an gníomh san, a iarraidh ar an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe an gníomh san do chur ar nea-mbrí;

(b) breithneoidh an tAire sin gach iarratas den tsórt san agus déanfaidh an gníomh is abhar don iarratas san do chur ar nea-mbrí no do dhaingniú fé mar a mheasfaidh is ceart ag féachaint do chúrsaí uile an cháis;

(c) aon uair a dhéanfaidh an tAire sin gníomh lena mbaineann an t-alt so do chur ar nea-mbrí fén bhfo-alt so, beidh an gníomh san ar nea-mbrí amhail ar dháta agus o dháta a dhéanta agus, chó fada agus is féidir, cuirfear an fostaidhe aistrithe lena mbainfidh ar an staid ar a mbeadh sé dá mba ná déanfaí an gníomh san choíche;

(d) ní dhéanfaidh an tAire sin gníomh lena mbaineann an t-alt so do chur ar nea-mbrí fén bhfo-alt so gan caoi réasúnach do thabhairt don Bhord ar chúis do phlé maidir leis an ngníomh san ná gan aon chúis a phléifidh an Bord (má phléann) do bhreithniú;

(e) má dhéanann fostaidhe aistrithe iarratas chun an Aire sin fén bhfo-alt so, beidh an gníomh lena mbainfidh an t-iarratas san bailidhe agus éifeachtach, d'ainneoin an iarratais sin, mara gcuire agus go dtí go gcuirfidh an tAire sin ar nea-mbrí é fén bhfo-alt so.

(7) Ní oibreoidh an t-alt so chun aon bhreithiúntas ón Ard-Chúirt do dhéanamh nea-mbailidhe do craoladh roimh an 17adh lá d'Iúl, 1942, á dhearbhú briseadh fostaidhe aistrithe ag an mBord do bheith nea-mbailidhe toisc gan an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do thoiliú leis, ná ní bhainfidh an t-alt so le haon imeachta san Ard-Chúirt, ná ní dhéanfaidh dochar ná deifir d'aon imeachta san Ard-Chúirt, do bunuíodh roimh an 17adh lá d'Iúl, 1942, chun riaráiste tuarastail do bhaint den Bhord, ag fostaidhe aistrithe ar chraol agus a ndearna an Ard-Chúirt an breithiúntas agus an dearbhú san ina thaobh amhlaidh.

(8) Is dleathach go n-íocfaidh an Bord leis an ngearánaidhe, in aon imeachta a bunuíodh ag fostaidhe aistrithe i gcoinnibh an Bhuird san Ard-Chúirt no sa Chúirt Chuarda roimh an 17adh lá d'Iúl, 1942, agus arbh é b'fhoras dóibh gan an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do thoiliú le gníomh lena mbaineann an t-alt so, na costais mheasta idir páirtí agus páirtí féna ndeachaidh an gearánaidhe sin sna himeachta san roimh an 17adh lá san d'Iúl, 1942.

Alt 11 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1930 , do leasú.

4. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 11 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1930 ( Uimh. 19 de 1930 ), do leasú, amhail o dháta an Achta san do rith, tré na focail uile o na focail “pé ceann de sna luachála so leanas” go dtí deireadh an fho-ailt do scrios, agus na focail “an luacháil fé na hAchtanna Luachála bhí i bhfeidhm maidir leis an ionoighreacht no leis an tionóntachán san ar dháta an orduithe dhílsiúcháin no an leithlithe sin (pé aca é)” do chur ina n-ionad.

(2) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith, déanfaidh an Bord na híocaíochta is gá chun éifeacht do thabhairt d'fho-alt (1) den alt so maidir le rátaí in aghaidh tréimhsí roimh dháta an Achta so do rith.

Aoisliúntais daoine áirithe.

5. —Baineann an t-alt so le gach duine—

(a) do chaill fostaíocht, uair ar bith tar éis dáta an Phríomh-Achta do rith agus roimh dháta an Achta so do rith, de bhíthin stáisiún geiniúna do dhúnadh de bhun orduithe fé alt 61 den Phríomh-Acht: agus

(b) dar deonadh, fén gCéal Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, pinsean lena shaol ar scór fostaíocht do chailliúint amhlaidh; agus

(c) do chuaidh no d'ath-chuaidh isteach i seirbhís an Bhuird ina dhiaidh sin; agus

(d) atá, ar dháta an Achta so do rith, ar fostú go leanúnach ag an mBord; agus

(e) atá, ar an dáta san, ag fáil an phinsin sin; agus

(f) atá, marar haistríodh uair ar bith go dtí seirbhís an Bhuird é de bhuadh fo-ailt (9) no fo-ailt (11) d'alt 39 den Phríomh-Acht, cúig bliana caogad d'aois ar a laghad ar an dáta san.

(2) San alt so cialluíonn an abairt “an scéim aoisliúntais iomchuibhe”, maidir le duine lena mbaineann an t-alt so, an scéim aoisliúntais fé Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) , a bhainfeadh leis an duine sin mara mbeadh forálacha fo-ailt (6) d'alt 7 den Acht san.

(3) Féadfaidh duine ar bith lena mbaineann an t-alt so, tré iarratas i scríbhinn arna dhéanamh chun an Bhuird mí ar a dhéanaighe tar éis an tAire do dhaingniú na scéime aoisliúntais iomchuibhe, a roghnú go bhfuigheadh sé ón mBord sochair aoisliúntais ar aon-dul leo san do bheadh sé i dteideal d'fháil fén scéim aoisliúntais iomchuibhe dá mbaineadh an scéim sin leis.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le gach duine lena mbaineann an t-alt so agus a dhéanfaidh, fé cheann na haimsire ceaptar leis an bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so, an t-iarratas a luaidhtear sa bhfo-alt san, sé sin le rá:—

(a) má fhágann an duine sin seirbhís an Bhuird ar shlí seachas tréna scaoileadh mar gheall ar mhí-iompar, beidh deireadh leis an bpinsean do deonadh dó fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht;

(b) beidh an duine sin i dteideal go bhfuigheadh sé ón mBord sochair aoisliúntais ar aon-dul leo san do bheadh sé i dteideal d'fháil fén scéim aoisliúntais iomchuibhe dá mbaineadh an scéim sin leis;

(c) chun crícheanna na sochar aoisliúntais chun a bhfuil teideal aige fén mír dheiridh sin roimhe seo den fho-alt so, déanfar luach saothair agus seirbhís an duine sin d'áireamh do réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so;

(d) beidh feidhm ag na forálacha atá i míreanna (d), (e) agus (f) d'fho-alt (3) agus i bhfo-ailt (4) agus (6) d'alt 13 d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) , fé is dá ndéantaí iad d'athachtú anso maidir leis an duine sin.

(5) I gcás duine lena mbaineann an t-alt so agus ná beidh an t-iarratas a luaidhtear i bhfo-alt (3) den alt so déanta aige fé cheann na haimsire ceaptar leis an bhfo-alt san d'fhágaint seirbhíse an Bhuird ar shlí seachas tréna scaoileadh mar gheall ar mhí-iompar, beidh deireadh leis an bpinsean do deonadh dó fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus ina ionad san íocfaidh an Bord leis an duine sin liúntas lena shaol nach mó ná dhá dtrian dá luach saothair agus a háirmheofar do réir an seascadú cuid dá luach saothair in aghaidh gach bliana dá sheirbhís.

(6) Chun crícheanna pé ceann den dá fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so bhaineann leis—

(a) is tuigthe gurb é is luach saothair dhuine lena mbaineann an t-alt so ná suim—

(i) méid bhliantúil an phinsin do deonadh dó fén gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus

(ii) an mheán-mhéid bhliantúil a bheidh íoctha leis ag an mBord (ar shlí seachas ar chuntas an phinsin sin) ar feadh na dtrí mblian dar críoch an lá fhágfa sé seirbhís an Bhuird, agus

(b) is tuigthe gurb é is seirbhís duine lena mbaineann an t-alt so ná suim—

(i) na seirbhíse gur ina haghaidh do deonadh a phinsean dó fén gcéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, agus

(ii) a sheirbhíse leanúnaighe (roimh an Acht so do rith agus dá éis sin) i bhfostaíocht an Bhuird tar éis dó dul sa bhfostaíocht san i ndiaidh an pinsean san do bheith deonta dhó.

(7) Ní bhainfidh aon scéim aoisliúntais fé Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) , le duine ar bith lena mbaineann an t-alt so ná ní chuirfidh ar a chumas sochair aoisliúntais d'fháil fúithi.

(8) Má bhíonn duine i dteideal sochar aoisliúntais no liúntas fén alt so d'fháil ón mBord, ní bheidh sé i dteideal aon tsochair aoisliúntais ná liúntas eile d'fháil ón mBord.

(9) Déanfar na costais uile féna raghaidh an Bord fén alt so d'íoc mar chuid de chostais ghenerálta an Bhuird.

Cúisithe mar gheall ar leictreachas do ghoid.

6. —(1) D'ainneoin éinní atá in alt 77 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ), féadfar (in ionad cúiseamh do dhéanamh tré dhíotáil) cionta fé alt 10 den Larceny Act, 1916, do chúiseamh agus do thriail ar an slí achmair sa Chúirt Dúithche, fé réir an tsrianta ná raghaidh an pionós a ghearrfaidh an Chúirt sin, ar dhuine do chiontú, thar fíneáil caoga punt no príosúntacht ar feadh sé mí.

(2) I gcás cionta fé alt 10 den Larceny Act, 1916, do chúiseamh ar an slí achmair de bhuadh an ailt seo, féadfar é chúiseamh amhlaidh ar agra an Bhuird no duine ar bith eile.

Gearr-theideal agus có-luadh.

7. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1942 , do ghairm den Acht so.

(2) Beidh an tAcht so foluithe san abairt “na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942”.