6 1943


Uimhir 6 de 1943.


ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE AGUS LEATHNUITHE, GO nÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR AN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (RÁTAÍ DO MHAITHEAMH), 1940 .

[6adh Abrán, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an t Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 (Uimh. 8 de 1940) .

Fo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht dá leasú.

2. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 1 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an dáta “an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1942” do scrios as an míniú ar an abairt “an tréimhse orduithe” agus an dáta “an 31adh lá de Mhárta, 1945” do chur ina ionad, agus

(b) trí mhíreanna (a) go (d) do scrios as an míniú ar an abairt “áit chomhnaithe” agus na míreanna so leanas do chur ina n-ionad:—

“(a) aon iostán arna thógaint roimh dháta an Achta so do rith no dá éis fé Achtanna na Sclábhaithe, 1883 go 1937;

 (b) aon tigh arna thógaint roimh dháta an Achta so do rith no dá éis fé Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, arna leasú le hAcht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

(c) aon tigh ar tugadh deontas ina thaobh roimh dháta an Achta so do rith fé Achtanna na dTithe, -1924 go 1925;

(d) aon tigh ar tugadh deontas ina thaobh roimh dháta an Achta so do rith fé Achtanna na dTithe, 1925 go 1931;

(e) aon tigh a ndearnadh roimh dháta an Achta so do rith no a ndéanfar dá éis deontas do thabhairt ina thaobh fé Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1942; no

(f) aon tigh a ndearnadh roimh dháta an Achta so do rith no a ndéanfar dá éis faoiseamh ar bith o rátaí do thabhairt ina thaobh le hAchtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1939;”.

(2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt so do theacht i ngníomh ar theacht i ngníomh don Phríomh-Acht, ach ní léireofar an fhoráil seo mar fhoráil do nea-dhleathódh faoiseamh ar bith o rátaí do deonadh fén bPríomh-Acht roimh dháta an Achta so do rith no do ghiorródh ré aon fhaoisimh den tsórt san.

Gearr-theideal agus có-luadh.

3. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1943 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Rátaí do Mhaitheamh), 1940 agus 1943, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.