7 1945


Uimhir 7 de 1945.


ACHT CHUIDEACHTA NA MIANRAÍ, 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO SCOR COMHLUCHTA GUAL-LATHRACH SHLIABH ARDACHADH, TEORANTA, AGUS D'AISTRIÚ A GHNÓTHAIS CHUN NA CUIDEACHTAN DÁ nGOIRTEAR ANOIS AN COMHLUCHT LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, TEORANTA, DO LEASÚ AN ACHTA UM CHUIDEACHTAIN LORGTHA AGUS FORBARTHA MIANRAÍ, 1941 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [20ú Márta, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Chuideachta na Mianraí, 1945 , do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

an chuideachta leanúnach.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta leanúnach” an chuideachta do bunaíodh de bhun ailt 4 den Phríomh-Acht;

an chuideachta scortha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta scortha” Comhlucht Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, Teoranta;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianraí, 1941 (Uimh. 13 de 1941) ;

dáta an aistrithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an aistrithe” an dáta cheapfaidh an tAire ina dháta aistrithe chun críocha Coda II den Acht so.

Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 , d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 (Uimh. 8 de 1941) , amhail ar dháta an aistrithe agus dá éis.

CUID II

Comhlucht Gual-Lathrach Shliabh Ardachadh, Teoranta, do scor, agus a Ghnothas D'Aistriu chun na Cuideachtain Leanunai.

Dáta an aistrithe.

4. —Féadfaidh an tAire, le hordú, lá do cheapadh ina dháta aistrithe chun críocha na Coda so den Acht so.

An chuideachta scortha do scor.

5. —Beidh an chuideachta scortha arna scor, de bhuaidh an ailt seo, ar dháta an aistrithe.

Forála i dtaobh scaireanna sa chuideachtain scortha.

6. —(1) Na scaireanna uile sa chuideachtain scortha a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seilbh ag duine ar bith seachas an tAire Airgeadais, beid arna n-aistriú chun an Aire Airgeadais, de bhuaidh an fhó-ailt seo, ar dháta an aistrithe.

(2) Ar dháta an aistrithe, tiocfaidh na scaireanna uile sa chuideachtain scortha chun bheith agus beid, de bhuaidh an fhó-ailt seo, ina scaireanna sa chuideachtain leanúnach agus, d'ainneoin éinní atá i bhfó-alt (2) d'alt 5 den Phríomh-Acht, beidh caipiteal na cuideachtan leanúnaí arna mhéadú dá réir sin.

Maoin na cuideachtan scortha d'aistriú chun na cuideachtan leanúnaí.

7. —(1) Fá réir forál an ailt seo, an mhaoin uile, réalta nó pearsanta (agus rudaí-ar-fionnraí d'áireamh), a bheas, díreach dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di agus gach ceart, cumhacht agus príbhléid bhainfeas nó gheobhas le haon mhaoin den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach fá réir a n-aistrithe, más gá san, i leabhair aon bhaine nó corporáide nó cuideachtan, dílsithe sa chuideachtain leanúnach nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di (fé mar is gá sa chás) chun an eastáit, an téarma nó an leasa uile chun a mbeidh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di.

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt so agus a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seasamh i leabhair aon bhaine nó cláraithe i leabhair aon bhaine nó corporáide nó cuideachtan. déanfaidh an banc nó an chorporáid nó an chuideachta san, ar an gcuideachtain leanúnach dá iarraidh sin ar dháta an aistrithe nó tráth ar bith dá éis, í d'aistriú sna leabhair sin chun ainme na cuideachtan leanúnaí.

(3) Gach rud-ar-fionnraí a haistrítear leis an alt so chun na cuideachtan leanúnaí, féadfaidh an chuideachta leanúnach, ar dháta an aistrithe agus dá éis, dul chun dlí mar gheall air nó é bhaint amach nó é d'fhorfheidhmiú ina hainm féin, agus ní gá don chuideachtain leanúnach fógra i dtaobh an aistrithe déantar leis an alt so do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-ar-fionnraí sin ina cheangal.

Dliteanais na cuideachtan scortha d'aistriú.

8. —(1) Na fiacha agus na dliteanais eile go léir (lena n-áirítear dliteanais neamh-leachtaithe de dhroim torta nó sáruithe connartha) a bheas, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ar an gcuideachtain scortha agus gan íoc aici nó dlite uirthi agus gan comhlíonadh aici, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an aistrithe, ina bhfiacha nó ina ndliteanais ar an gcuideachtain leanúnach, agus dá réir sin íocfaidh nó comhlíonfaidh an chuideachta leanúnach iad agus féadfar iad do bhaint di nó d'fhorfheidhmiú ina coinne.

(2) D'ainneoin Acht Forbairte Gual-láthrach Shliabh Ardachadh, 1941 (Uimh. 8 de 1941) , d'athghairm, leanfaidh ailt 10 agus 11 den Acht san d'fheidhm do bheith acu, ar dháta an aistrithe agus dá éis, maidir le haon tsuimeanna bheas réamhíoctha leis an gcuideachtain scortha fá alt 9 den Acht san agus a bheas gan íoc díreach roimh dháta an aistrithe, fá réir an mhodhnuithe go ndéanfar na tagairtí atá sna hailt sin 10 agus 11 don chuideachtain scortha do léiriú mar thagairtí don chuideachtain leanúnach.

Connartha leanúnacha de chuid na cuideachtan scortha do bhuan-choimeád.

9. —Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a bheas tugtha ag an gcuideachtain scortha do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don chuideachtain scortha san, agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach connradh nó comhaontú i scríbhinn a bheas déanta idir an chuideachta scortha agus duine eile agus ná beidh feidhmithe agus críochnaithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe leanfaidh, d'ainneoin an chuideachta scortha do bheith scortha, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí ainm na cuideachtan leanúnaí ann in ionad ainm na cuideachtan scortha, agus beidh an t-urrús, an connradh, nó an comhaontú san infhorfheidhmithe ag an gcuideachtain leanúnach nó ina coinne dá réir sin,

Leanúin d'imeachta dlí bheas ar feitheamh.

10. —Tiocfaidh an chuideachta leanúnach chun bheith agus beidh, ar dháta an aistrithe, ina páirtí in ionad na cuideachtan scortha i ngach aicsean nó agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus ina mbeidh an chuideachta scortha ina páirtí, agus leanfar den imeacht san idir an chuideachta leanúnach agus na páirtithe eile ann dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt san ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní déanfar dochar dó de dhroim an chuideachta scortha do scor.

Connartha seirbhíse do bhuanchoimeád.

11. —Gach connradh seirbhíse, follas nó folaithe, a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe idir an chuideachta scortha agus oifigeach nó fostaí ar bith don chuideachtain scortha, leanfaidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an chuideachta leanúnach ann in ionad na cuideachtan scortha agus beidh gach connradh den tsórt san infhorfheidhmithe ag an gcuideachtain leanúnach nó ina coinne dá réir sin.

Saoirse ó dhiúitéthe stampa.

12. —(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an gcuideachtain leanúnach cóip den Acht so do sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúité stampa d'íoc fán alt san ar aon chóip den Acht so.

(2) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon aistriú, leithliú, ná ionstraim eile a comhlánófar chun dílsiú sócmhainní na cuideachtan scortha sa chuideachtain leanúnach d'fhorlíonadh nó chun éifeacht do thabhairt don dílsiú san.

Fuíoll-chlár, etc., na cuideachtan leanúnaí don bhliain dár críoch an 31ú Márta, 1945.

13. —Nuair a bheas a fuíoll-chlár agus a cuntas sochair agus dochair don bhliain chuntasaíochta dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945, á dtarraing suas aici deighleálfaidh an chuideachta leanúnach le trádáil na cuideachtan scortha ar feadh na tréimhse dár tosach an 1ú lá d'Abrán, 1944, agus dár críoch an lá díreach roimh dháta an aistrithe fé is dá mba í trádáil na cuideachtan leanúnaí í.

CUID III

An tAcht um Chuideachtain Lorgtha agus Forbartha Mianrai, 1941 , do Leasu.

Ainm na cuideachtan leanúnaí d'athrú.

14. —(1) Athghairmtear leis seo fó-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht agus ina ionad san achtaítear leis seo gurb é ainm a bheas ar an gcuideachtain leanúnach ná “Mianraí, Teoranta”,

(2) Déanfaidh an chuideachta leanúnach gach ní is gá chun a áirithiú go gclárófar do réir na nAcht Cuideachtan, 1908 go 1924, an ainm do bheirtear di leis an alt so.

Míniú an fhocail “mianraí” sa Phríomh-Acht do leasú agus cumhacht chun athrú iarmartach do dhéanamh ar mheamram comhlachais na cuideachtan leanúnaí.

15. —(1) Léireofar an Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndéantaí, sa mhíniú (atá in alt 2) ar an bhfocal “mianraí”, na focail “acht amháin ná folaíonn sé gual” do scrios.

(2) Tráth ar bith tar éis dáta an Achta so do rith, féadfaidh an chuideachta leanúnach, le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an Aire Talmhaíochta, a meamram comhlachais d'athrú i slí leathnós a cuspóirí i gcomhréir leis an leasú déantar le fó-alt (1) den alt so.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon athrú a húdaraítear leis an alt so don chuideachtain leanúnach a dhéanamh ina meamram comhlachais, agus ina ionad san achtaítear leis seo go bhféadfar an t-athrú san do dhéanamh trí rún neamhghnáthach, mar a mínítear san le halt 69 den Acht san agus, i dteannta alt 70 den Acht san do chomhlíonadh, go ndéanfaidh an chuideachta leanúnach, laistigh den am a luaitear san alt san 70, cóip chló-bhuailte den mheamram arna athrú amhlaidh do sheachadadh don chlárathóir cuideachtan agus cláróidh an clárathóir sin é agus deimhneoidh an clárú fána láimh, agus beidh an deimhniú san ina fhianaise dho-chlaoite go ndearnadh ceanglais uile an Achta san, arna leasú leis an bhfó-alt so maidir leis an athrú san, do chomhlíonadh agus as san amach is é an meamram arna athrú amhlaidh meamram na cuideachtan leanúnaí.

Alt 10 den Phríomh-Acht do leasú.

16. —Athghairmtear leis seo an méid d'fhó-alt (1) d'alt 10 den Phríomh-Acht, arna leasú le haon ordú arna dhéanamh fá na hAchta Cumhachta Práinne, 1939 go 1942, a fhorálas ná raghaidh suimeanna réamhíocfar leis an gCuideachtain thar dhá chéad míle punt san iomlán, agus ina ionad san achtaítear leis seo ná raghaidh na suimeanna san, san iomlán, thar suim is comhionann leis an difríocht idir—

(a) ceithre chéad míle punt, agus

(b) méid aon réamhíocanna a bheas déanta leis an gcuideachtain scortha fá alt 9 d'Acht Forbairte Gual-Láthrach Shliabh Ardachaidh, 1941 (Uimh. 8 de 1941) .

Alt 13 den Phríomh-Acht do leasú.

17. —(1) Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht tríd an bhfó-alt so leanas do chur in ionad fó-ailt (1), sé sin le rá:—

“ (1) Is dleathach don Aire aon tráth nó trátha a cheangal ar an gCuideachtain—

(a) a iarraidh ar an Aire ceadúnas lorgaireachta do dheonadh dhi fá Acht 1940 i leith aon tailimh áirithe agus, ar an gceadúnas lorgaireachta san d'fháil, lorgaireacht agus scrúdú do dhéanamh ar an talamh san chun go bhfionnfaí cineál agus cainníocht na mianraí sa talamh san agus ar mhaith an chomhairle é na mianraí sin d'oibriú, nó

(b) lorgaireacht agus scrúdú do dhéanamh ar aon talamh áirithe i seilbh na Cuideachtan chun go bhfionnfaí cineál agus cainníocht na mianraí sa talamh san agus ar mhaith an chomhairle é na mianraí sin d'oibriú”.

(2) Leasaítear leis seo fó-alt (4) d'alt 13 den Phríomh-Acht trí na focail “cúig mhíle punt” do chur in ionad na bhfocal “trí mhíle punt”.

Faidiú na tréimhse chun fuíoll-chlár, etc., na cuideachtan leanúnaí do thabhairt.

18. —Féadfaidh an tAire, maidir le haon bhliain chuntasaíochta áirithe ag an gcuideachtain leanúnach, an tréimhse de nócha lá, a luaitear i bhfó-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht, d'fhaidiú go pé tréimhse (nach sia ná céad agus fiche lá) is oiriúnach leis.