10 1945


Uimhir 10 de 1945.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1945.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT CHUN NA hACHTA FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1944, DO BHUANÚ AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [27ú Márta, 1945.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Minithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht so—

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin;

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1944;

ciallaíonn an abairt “Acht Uimh. 2 de 1940 ” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha) (Uimh. 2), 1940 (Uimh. 11 de 1940) ;

ciallaíonn an abairt “Acht 1942” an t Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1942 (Uimh. 3 de 1942) ;

ciallaíonn an abairt “fruiliú éigeandála” fruiliú duine do liostáladh fá alt 24 d'Acht Uimh. 2 de 1940 .

(2) Déanfar na hAchta agus an tAcht so do léamh agus do léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt atá san Acht so agus dá gceaptar brí áirithe sna hAchta chun críocha na nAcht tá leo san Acht so an bhrí ceaptar dóibh amhlaidh.

Na hAchta do bhuanú.

2. —Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú ag an Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1946, agus raghaid in éag ansan.

Saighdiúirí bheas ag fónamh ar feadh tréimhse éigeandála do liostáil fá Chaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht.

3. —Más mian le saighdiúir de na Fórsaí bheas ag fónamh fá fhruiliú éigeandála go ndéanfaí é d'athliostáil trína liostáil ina shaighdiúir de na Fórsaí fá alt 144 den Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh feidhm ag fó-alt (1) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis;

(b) beidh feidhm ag fó-alt 2 den alt san 148 maidir leis fé is dá bhfágtaí as na focail “ar seirbheáladh an fógra air agus a dtuigeann sé é agus”;

(c) féadfar é d'athliostáil amhlaidh gan é scaoileadh as an tseirbhís fá aon fhoráil de na hAchta nó de na rialacháin arna ndéanamh fúthu bhaineas le scaoileadh as an tseirbhís;

(d) má athliostálann sé amhlaidh, beidh feidhm ag Caibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht maidir leis, fá réir na modhnuithe seo leanas—

(i) féadfar an tréimhse bheas tugtha cheana aige fána fhruiliú éigeandála nuair athliostálfaidh sé amhlaidh d'áireamh mar chuid den tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh,

(ii) an tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh, is tuigthe, chun críocha na Caibidle sin V gurb é téarma a liostála bunaidh é,

(iii) ní bheidh feidhm ag fó-alt (5) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht,

(iv) an dáta is dáta a theistithe chun críocha Caibidle II de Chuid IV d'Acht Uimh. 2 de 1940 , is tuigthe, ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht, gurb é dáta a theistithe agus dáta a théarma liostála bhunaidh é,

(v) ní bheidh feidhm ag alt 149 den Phríomh-Acht maidir leis;

(e) má athliostálann sé amhlaidh—

(i) an tréimhse bheas tugtha cheana aige fána fhruiliú éigeandála díreach roimh é d'athliostáil amhlaidh, is tuigthe, chun críocha na nAcht agus na rialachán arna ndéanamh fúthu, í bheith tugtha fá liostáil fá alt 144 den Phríomh-Acht le haghaidh seirbhíse airm don tréimhse sin,

(ii) is tuigthe, air sin, a fhruiliú éigeandála do bheith arna fhoirceannadh.

Cúltacairí do glaodhadh amach ar buan-tseirbhís do liostáil fá Chaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht.

4. —Más mian le duine is saighdiúir de na Fórsaí, de bhuaidh é ghlaodhach amach mar dhuine den Chúltaca Fear ar buantseirbhís leis na Fórsaí, go ndéanfaí é d'athliostáil trína liostáil ina shaighdiúir de na Fórsaí fá alt 144 den Phríomh-Acht, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

(a) ní bheidh feidhm ag fó-alt (1) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis;

(b) beidh feidhm ag fó-alt (2) den alt san 148 maidir leis fé is dá bhfágtaí as na focail “ar seirbheáladh an fógra air agus a dtuigeann sé é agus”;

(c) féadfar é d'athliostáil amhlaidh gan é scaoileadh as an tseirbhís fá aon fhoráil de na hAchta nó de na rialacháin arna ndéanamh fúthu bhaineas le scaoileadh as an tseirbhís;

(d) má athliostálann sé amhlaidh, beidh feidhm ag Caibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht maidir leis, fá réir na modhnuithe seo leanas—

(i) féadfar an tréimhse bheas tugtha cheana aige i seirbhís airm ón dáta deiridh do láithrigh sé le haghaidh buan-tseirbhíse d'áireamh mar chuid den tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh,

(ii) an tréimhse dá n-athliostálfaidh sé amhlaidh, is tuigthe, chun críocha na Caibidle sin V, gurb é téarma a liostála bunaidh é,

(iii) ní bheidh feidhm ag fó-alt (5) d'alt 148 den Phríomh-Acht maidir leis ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht,

(iv) an dáta deiridh do láithrigh sé le haghaidh buantseirbhíse, is tuigthe, ach amháin chun críocha fó-ailt (1) d'alt 164 den Phríomh-Acht, gurb é dáta a theistithe agus dáta a théarma liostála bhunaidh é,

(v) ní bheidh feidhm ag alt 149 den Phríomh-Acht maidir leis;

(e) má athliostálann sé amhlaidh—

(i) an tréimhse bheas tugtha cheana aige ón dáta deiridh do láithrigh sé le haghaidh buantseirbhíse, is tuigthe, chun críocha na nAcht agus na rialachán arna ndéanamh fúthu, í bheith tugtha fá liostáil fá alt 144 den Phríomh-Acht le haghaidh seirbhíse airm don tréimhse sin,

(ii) is tuigthe, air sin, a shean-fhruiliú agus aon fhaidiú air de bhuaidh fó-ailt (1) d'alt 7 d'Acht 1942 do bheith arna fhoirceannadh.

Saighdiúirí d'aistriú ó chór go chéile.

5. —(1) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le saighdiúir de na Fórsaí a bheas arna liostáil nó arna athliostáil, pé acu roimh dháta an Achta so do rith nó dá éis é, le haghaidh seirbhíse generálta, sé sin le rá:—

(a) i gcás gur giorra ná deich mbliana a sheirbhís airm sa chór ina mbeidh sé ag fónamh de thuras na huaire, féadfar, le linn a sheirbhíse airm, é d'aistriú chun cóir eile le hordú ón údarás míleata ordaithe,

(b) i gcás gur deich mbliana nó níos mó a sheirbhís airm sa chór ina mbeidh sé ag fónamh de thuras na huaire féadfar, le linn a sheirbhíse airm, é d'aistriú chun cóir eile, le hordú ón údarás míleata ordaithe más rud é, agus amháin más rud é—

(i) go dtoilí sé leis an aistriú san, nó

(ii) go mbeidh forógra á ordú an Cúltaca do ghlaodhach amach ar buan-tseirbhís i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) I gcás saighdiúir de na Fórsaí do liostáil nó d'athliostáil go speisialta, pé acu roimh dháta an Acht so do rith nó dá éis é, le haghaidh seirbhíse i gcór áirithe féadfar, le linn a sheirbhíse airm, é d'aistriú chun cóir eile le hordú ón údarás míleata ordaithe más rud é, agus amháin más rud é, go dtoilí sé leis an aistriú san.

(3) San alt so tá leis an abairt “an t-údarás míleata ordaithe” an bhrí chéanna atá léi i gCaibidil V de Chuid II den Phríomh-Acht.

(4) (a) Athghairmtear leis seo alt 151 den Phríomh-Acht.

(b) I bhfó-alt (2) d'alt 223 den Phríomh-Acht scriosfar na focail “agus laistigh de thrí mhí tar éis an ceapadh san do dhéanamh féadfaidh an t-údarás míleata ordaithe sin é aistriú chun aon chóir eile de na Fórsaí.”

Alt 55 d'Acht Uimh. 2 de 1940 do leasú.

6. —In alt 55 d'Acht Uimh. 2 de 1940 , cuirfear an mhír seo leanas in ionad míre (d), sé sin le rá:—

“(d) beidh Liost Fórsaí Cosanta nó Iris Fórsaí Cosanta nó Iris Fórsaí Cosanta (clóbhuailte nó roth-ghraftha) a bhéarfas le tuigsint é bheith arna thabhairt amach fá údarás an Aire ag an Aidiútant Generálta ina fhianaise ar staid agus céim na n-oifigeach a bheas luaite ann agus ar aon cheapachán a bheas ag na hoifigigh sin agus ar an gcór nó an cath nó ar an gCór nó an tSeirbhís lena mbaineann na hoifigigh sin;”.

Alt 4 d'Acht 1942 do leasú.

7. —I bhfó-alt (3) d'alt 4 d'Acht 1942, scriosfar na focail “agus an t-ordú san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil”.

Gearr-theideal agus comhluadh.

8. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1945 , do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1945, do ghairm de na hAchta agus den Acht so le chéile.