16 1946


Uimhir 16 de 1946.


AN tACHT FOST-CHEANNAIGH, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ MAIDIR LE hEARRAÍ A FHOST-CHEANNACH AGUS A DHÍOL AR CAIRDE AGUS AN DLÍ i dTAOBH TOCSAIL A MHÉID A BHAINEAS SE LEIS AN gCÉANNA. [9ú Iúil, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt—

aicsean, ceannaitheoir, seachadadh, earraí, maoin, díol, díoltóir, baránta.

tá leis na focail “aicsean”, “ceannaitheoir”, “seachadadh”, “earraí”, “maoin”, “díol”, “díoltóir” agus “baránta” na bríonna faoi seach a bheirtear do na focail “action”, “buyer”, “delivery”, “goods”, “property”, “sale”, “seller”, agus “warranty” leis an Sale of Goods Act, 1893;

comhaontú fost-cheannaigh.

ciallaíonn an abairt “comhaontú fost-cheannaigh” comhaontú chun earraí a earbadh faoina bhféadfaidh an t-earbaí na hearraí a cheannach nó faoina roichfidh an mhaoin sna hearraí don earbaí nó faoina bhféadfaidh sí rochtain dó, agus, más rud é, de bhuaidh dhá chomhaontú nó níos mó nach comhaontú fost-cheannaigh aon cheann acu ann féin, go ndéanfar earraí a earbadh agus go bhféadfaidh an t-earbaí na hearraí a cheannach, nó go roichfidh an mhaoin iontu don earbaí nó go bhféadfaidh sí rochtain dó, déanfar, chun críocha an Achta seo, na comhaontuithe a áireamh mar aon chomhaontú amháin a rinneadh tráth déanta an chomhaontuithe dheiridh dhíobh;

comhaontú díola-ar-cáirde.

ciallaíonn an abairt “comhaontú díola-ar-cáirde” comhaontú chun earraí a dhíol faoina mbeidh an praghas ceannaigh iníoctha ina chúig tráthchoda nó níos mó;

praghas fostcheannaigh.

ciallaíonn an abairt “praghas fost-cheannaigh” an tsuim iomlán is iníoctha ag an bhfostóir faoi chomhaontú fost-cheannaigh ionnas go gcríochnófar ceannach na n-earraí lena mbaineann an comhaontú, gan aon tsuim a áireamh is iníoctha mar phionós nó mar chúiteamh nó airgead damáiste mar gheall ar an gcomhaontú a bhriseadh;

únaer.

ciallaíonn an focal “únaer” an duine a ligfeas nó a lig earraí chun fostóra faoi chomhaontú fost-cheannaigh agus folaíonn sé duine a mbeidh maoin an únaera sna hearraí nó aon cheart nó dliteanas de chuid an únaera faoin gcomhaontú tar éis rochtain dó trí shannadh nó trí oibriú dlí;

fostóir.

ciallaíonn an focal “fostóir” an duine a thógfas nó a thóg earraí ó únaer faoi chomhaontú fost-cheannaigh agus folaíonn sé duine a mbeidh cearta nó dliteanais an fhostóra faoin gcomhaontú tar éis rochtain dó trí shannadh nó trí oibriú dlí;

conradh ráthaíochta, ráthaítheoir.

ciallaíonn an abairt “conradh ráthaíochta”, maidir le haon chomhaontú fost-cheannaigh nó comhaontú díola-ar-cáirde, conradh, arna dhéanamh ar an bhfostóir nó an ceannaitheoir dá iarraidh sin go folas nó go folaitheach, chun comhlíonadh oblagáidí an fhostóra nó an cheannaitheora faoin gcomhaontú fost-cheannaigh nó faoin gcomhaontú díola-ar-cáirde a ráthú, agus léireofar an focal “ráthaitheoir” dá réir sin;

praghas ceannaigh iomlán.

ciallaíonn an abairt “praghas ceannaigh iomlán” an tsuim iomlán is iníoctha ag an gceannaitheoir faoi chomhaontú díola-ar-cáirde, gan aon tsuim a áireamh is iníoctha mar phionós nó mar chúiteamh nó airgead damáiste mar gheall ar an gcomhaontú a bhriseadh.

(2) I gcás únaer dá chomhaontú go bhféadfar aon chuid den phraghas fost-cheannaigh a ghlanadh ar shlí seachas trí airgead a íoc, is tuigthe, chun críocha alt 5, 7, 12, 13, 14, 15 agus 16 den Acht seo, gur íocaíocht sa chuid sin den phraghas fost-cheannaigh aon ghlanadh den tsórt sin.

Feidhm an Achta.

2. —Beidh feidhm ag an Acht seo maidir le gach comhaontú fostcheannaigh nó comhaontú díola-ar-cáirde nach—

(a) comhaontú maidir le beo-dhíle, nó

(b) comhaontú idir Chomhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teoranta (The Irish Sea Fisheries Association, Limited) agus éinne dá chomhaltaí,

agus léireofar dá réir sin na habairtí “comhaontú fost-cheannaigh” agus “comhaontú díola-ar-cáirde”.

Ceanglais maidir le comhaontuithe fost-cheannaigh.

3. —(1) Sar a ndéantar aon chomhaontú fost-cheannaigh maidir le haon earraí, sonróidh an t-únaer i scríbhinn don fhostóir ionchasach, ar shlí seachas i nóta nó i meabhrachán an chomhaontuithe, praghas ar a bhféadfaidh sé na hearraí a cheannach ar réidh-airgead (dá ngairmtear an praghas réidh-airgid san alt seo):

Ach is tuigthe an fo-alt seo a bheith leor-chomhlíonta—

(a) má scrúdaigh an fostóir na hearraí nó earraí dá samhail agus go raibh, an tráth a scrúdaigh sé iad, ticéidí nó duillíní ceangailte de na hearraí nó ar taispeáint leis na hearraí a luaigh go soiléir an praghas réidh-airgid, ar na hearraí san iomlán nó ar gach airceadal difriúil nó ar gach sreath difriúil d'airceadail sna hearraí sin, nó,

(b) má thoigh an fostóir na hearraí trí thagairt do chlárliost, praghas-liost nó fógrán a luaigh go soiléir an praghas réidh-airgid ar na hearraí san iomlán nó ar gach airceadal difriúil nó ar gach sreath difriúil d'airceadail sna hearraí sin.

(2) Ní bheidh únaer i dteideal forfheidhmiú a dhéanamh ar chomhaontú fost-cheannaigh ná ar aon chonradh ráthaíochta a bhainfeas leis ná ar aon cheart chun na hearraí a aisghabháil ón bhfostóir, agus ní bheidh aon urrús a thug an fostóir i leith airgid is iníoctha faoin gcomhaontú fost-cheannaigh, nó a thug ráthaitheoir i leith airgid is iníoctha faoi chonradh ráthaíochta den tsórt réamhráite, infhorfheidhmithe i gcoinne an fhostóra nó an ráthaitheora ag aon tsealbhóir ar an urrús sin, mura mbeifear tar éis an ceanglas a sonraítear sa bhfo-alt sin roimhe seo a chomhlíonadh, agus mura rud é—

(a) go mbeidh nóta nó meabhrachán i dtaobh an chomhaontuithe déanta agus sínithe ag an bhfostóir agus ag gach páirtí eile nó thar ceann gach páirtí eile sa chomhaontú, agus

(b) go luafar sa nóta nó sa mheabhrachán praghas fostcheannaigh agus phraghas réidh-airgid na n-earraí lena mbaineann an comhaontú agus méid gach tráthchoda ina mbeidh an praghas fost-cheannaigh le n-íoc agus an dáta, nó modh cinnte an dáta, ar a mbeidh gach tráthchuid iníoctha, agus go mbeidh ann liost de na hearraí lena mbaineann an comhaontú is leor chun iad a aithint, agus

(c) go mbeidh sa nóta nó sa mheabhrachán fógra a bheas ar a laghad chomh so-fheicse leis an gcuid eile dá mbeidh sa nóta nó sa mheabhrachán agus a bheas sna téarmaí atá ordaithe sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus

(d) go ndéanfar cóip den nóta nó den mheabhrachán a sheachadadh don fhostóir nó a chur chuige laistigh de sheacht lá tar éis an comhaontú a dhéanamh:

Ach más deimhin leis an gCúirt i gcás aon aicsin nár dhochar don fhostóir faillí a tugadh i gcomhlíonadh na gceanglas a sonraítear sa bhfo-alt sin roimhe seo nó i gcomhlíonadh aon cheanglais a sonraítear i mír (b), (c), nó (d) den fho-alt seo, agus go mbeadh sé cóir agus cothrom an ceanglas a chur i leataoibh féadfaidh an Chúirt, faoi réir aon choinníoll is cuibhe léi a fhorchur, an ceanglas sin a chur i leataoibh chun críocha an aicsin.

Ceanglais maidir le comhaontuithe díola-ar-cháirde.

4. —(1) Sar a ndéantar aon chomhaontú díola-ar-cáirde faoinar mó ná cúig puint an praghas ceannaigh iomlán, sonróidh an díoltóir i scríbhinn don cheannaitheoir ionchasach, ar shlí seachas i nóta nó i meabhrachán an chomhaontuithe, praghas ar a bhféadfaidh sé na hearraí a cheannach ar réidh-airgead (dá ngairmtear an praghas réidh-airgid san alt seo):

Ach is tuigthe an fo-alt seo a bheith leor-chomhlíonta—

(a) má scrúdaigh an ceannaitheoir na hearraí nó earraí dá samhail agus go raibh, an tráth a scrúdaigh sé iad, ticéidí nó duillíní ceangailte de na hearraí nó ar taispeáint leis na hearraí a luaigh go soiléir an praghas réidh-airgid, ar na hearraí san iomlán nó ar gach airceadal difriúil nó ar gach sreath difriúil d'airceadail sna hearraí sin, nó

(b) má thoigh an ceannaitheoir na hearraí trí thagairt do chlárliost, praghas-liost nó fógrán a luaigh go soiléir an praghas réidh-airgid ar na hearraí san iomlán nó ar gach airceadal difriúil nó ar gach sreath difriúil d'airceadail sna hearraí sin.

(2) Duine a bheas tar éis earraí a dhíol trí chomhaontú díola-arcáirde faoinar mó na cúig puint an praghas ceannaigh iomlán, ní bheidh sé i dteideal forfheidhmiú a dhéanamh ar an gcomhaontú ná ar aon chonradh ráthaíochta a bhainfeas leis, agus ní bheidh aon urrús a thug an ceannaitheoir i leith airgid is iníoctha faoin gcomhaontú díola-ar-cáirde, nó a thug ráthaitheoir i leith airgid is iníoctha faoi chonradh ráthaíochta den tsórt réamhráite, infhorfheidhmithe i gcoinne an cheannaitheora nó an ráthaitheora ag aon tsealbhóir ar an urrús sin, mura mbeifear tar éis an ceanglas a sonraítear sa bhfo-alt sin roimhe seo a chomhlíonadh, agus mura rud é—

(a) go mbeidh nóta nó meabhrachán i dtaobh an chomhaontuithe déanta agus sínithe ag an gceannaitheoir agus ag gach páirtí eile nó thar ceann gach páirtí eile sa chomhaontú, agus

(b) go luafar sa nóta nó sa mheabhrachán praghas ceannaigh iomlán agus praghas réidh-airgid na n-earraí lena mbaineann an comhaontú agus méid gach tráthchoda ina mbeidh an praghas ceannaigh iomlán le n-íoc agus an dáta, nó modh cinnte an dáta, ar a mbeidh gach tráthchuid iníoctha, agus go mbeidh ann liost de na hearraí lena mbaineann an comhaontú is leor chun iad a aithint, agus

(c) go ndéanfar cóip den nóta nó den mheabhrachán a sheachadadh don cheannaitheoir nó a chur chuige laistigh de sheacht lá tar éis an comhaontú a dhéanamh:

Ach más deimhin leis an gCuirt i gcás aon aicsin nár dhochar don cheannaitheoir faillí a tugadh i gcomhlíonadh an cheanglais a sonraítear sa bhfo-alt sin roimhe seo nó i gcomhlíonadh aon cheanglais a sonraítear i mír (b) nó (c) den fho-alt seo, agus go mbeadh sé cóir agus cothrom an ceanglas a chur i leataoibh, féadfaidh an Chúirt, faoi réir aon choinníoll is cuibhe léi a fhorchur, an ceanglas sin a chur i leataoibh chun críocha an aicsin.

Cearta an fhostóra chun deireadh a chur le comhaontú fost-cheannaigh.

5. —(1) Beidh fostóir i dteideal, tráth ar bith roimh an íocaíocht dheiridh faoi chomhaontú fost-cheannaigh a bheith dlite, deireadh a chur leis an gcomhaontú trí fhógra forceannta i scríbhinn a thabhairt d'aon duine a mbeidh teideal nó údarás aige chun na suimeanna is iníoctha faoin gcomhaontú a ghlacadh agus, ar dheireadh a chur leis an gcomhaontú faoin alt seo, dlífidh sé, gan dochar d'aon dliteanas a bheas tar éis fás roimh an bhforceannadh, an méid, más ann, a íoc a bheas ag leath an phraghais fhost-cheannaigh de bhreis ar iomlán na suimeanna a bheas íoctha agus na suimeanna a bheas dlite i leith an phraghais fhost-cheannaigh díreach roimh an bhforceannadh, nó pé méid is lú ná sin a bheas sonraithe sa chomhaontú.

(2) I gcás deireadh a chur le comhaontú fost-cheannaigh faoin alt seo dlífidh an fostóir, má fhailligh sé aire réasúnach a thabhairt do na hearraí, airgead damáiste a íoc i leith na faillí.

(3) Má dhéanann fostóir, ar dheireadh a chur le comhaontú fostcheannaigh faoin alt seo, seilbh a choinneáil go héagórach ar na hearraí, ansin, in aon aicsean a bhunós an t-únaer chun seilbh ar na hearraí a aisghabháil ón bhfostóir, ordóidh an Chúirt, mura deimhin léi ná beadh sé cóir agus cothrom, ag féachaint do chúrsaí an cháis, sin a dhéanamh, na hearraí a sheachadadh don únaer, gan a thabhairt de roghain don fhostóir luach na n-earraí a íoc.

(4) Ní dhéanfaidh éinní san alt seo dochar d'aon cheart a bheas ag fostóir chun deireadh a chur le comhaontú fost-cheannaigh ar shlí seachas de bhuaidh an ailt seo.

Forála áirithe bheith gan bhrí.

6. —Aon fhoráil in aon chomhaontú—

(a) trína n-údarófar d'únaer nó d'aon duine a bheas ag gníomhú thar a cheann dul isteach in aon áitreabh chun seilbh a ghlacadh ar earraí a ligeadh faoi chomhaontú fost-cheannaigh, nó trína saorfar é ó dhliteanas mar gheall ar aon dul isteach den tsórt sin, nó

(b) trína ndéanfar eisiadh nó srianadh ar an gceart a bheirtear d'fhostóir leis an Acht seo chun deireadh a chur leis an gcomhaontú fost-cheannaigh, nó trína ndéanfar aon dliteanas i dteannta an dliteanais a forchuirtear leis an Acht seo a fhorchur ar fhostóir de bhíthin é d'fhorceannadh an chomhaontuithe fhost-cheannaigh faoin Acht seo, nó

(c) trína mbeidh fostóir, ar dheireadh a chur leis an gcomhaontú fost-cheannaigh nó leis an earbadh i slí ar bith, faoi dhliteanas is mó ná an dliteanas faoina mbeadh sé dá mba faoin Acht seo a chuir sé deireadh leis an gcomhaontú, nó

(d) trína ndéanfar, i gcás aon duine a bheas ag gníomhú thar ceann únaera nó díoltóra maidir le comhaontú fostcheannaigh nó comhaontú díola-ar-cáirde a fhoirmiú nó a chomhlánú, an duine sin a áireamh nó deighleáil leis mar ghníomhaire don fhostóir nó don cheannaitheoir, nó

(e) trína ndéanfar únaer nó díoltóir a shaoradh ó dhliteanas i leith gníomhartha nó faillí dhuine ar bith a bheas ag gníomhú thar a cheann maidir le comhaontú fostcheannaigh nó comhaontú díola-ar-cáirde a fhoirmiú nó a comhlánú,

beidh sí gan bhrí.

E a bheith de dhualgas ar únaeraí agus díoltóirí doiciméidí agus eolas a thabhairt.

7. —(1) Tráth ar bith roimh an íocaíocht dheiridh a bheith déanta faoi chomhaontú fost-cheannaigh nó comhaontú díola-ar-cáirde, déanfaidh aon duine a bheas i dteideal an comhaontú a fhorfheidhmiú i gcoinne an fhostóra nó an cheannaitheora, laistigh de cheithre lá tar éis iarratas i scríbhinn a bheith faighte aige ón bhfostóir nó ón gceannaitheoir agus scilling chostais a bheith tairgthe dhó ag an bhfostóir nó an ceannaitheoir, cóip a thabhairt don fhostóir nó don cheannaitheoir d'aon mheabhrachán nó nóta i dtaobh an chomhaontuithe, maille le ráiteas arna shíniú ag an duine sin nó ag a ghníomhaire a thaispeánfas—

(a) an méid atá íoctha ag an bhfostóir nó ag an gceannaitheoir nó thar a cheann,

(b) an méid atá dlite faoin gcomhaontú ach atá gan íoc, agus an dáta ar dtáinig gach tráthchuid neamhíoctha chun bheith dlite, agus méid gach tráthchoda den tsórt sin, agus

(c) an méid a thiocfas chun bheith iníoctha faoin gcomhaontú, agus an dáta, nó modh cinnte an dáta, ar a dtiocfaidh gach tráthchuid todhchaí chun bheith iníoctha, agus méid gach tráthchoda den tsórt sin.

(2) Má déantar faillí gan chúis réasúnach sa bhfo-alt deiridh sin roimhe seo a chomhlíonadh, ansin, faid a leanfas an fhaillí—

(a) ní bheidh duine ar bith i dteideal forfheidhmiú a dhéanamh ar an gcomhaontú i gcoinne an fhostóra nó an cheannaitheora, ná ar aon chonradh ráthaíochta a bhainfeas leis an gcomhaontú, agus, i gcás comhaontuithe fost-cheannaigh, ní bheidh an t-únaer i dteideal forfheidhmiú a dhéanamh ar aon cheart chun na hearraí a aisghabháil ón bhfostóir, agus

(b) ní bheidh aon urrús a thug an fostóir nó an ceannaitheoir i leith airgid is iníoctha faoin gcomhaontú nó a thug ráthaitheoir i leith airgid is iníoctha faoi chonradh ráthaíochta den tsórt sin adúradh infhorfheidhmithe i gcoinne an fhostóra nó an cheannaitheora ná i gcoinne an ráthaitheora ag aon tsealbhóir air,

agus, má leanann an fhaillí go ceann tréimhse míosa, beidh an faillitheoir ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint a chur air.

E a bheith de dhualgas ar fhostóir a insint cá bhfuil earraí.

8. —(1) Más rud é, de bhuaidh comhaontuithe fhost-cheannaigh, go mbeidh de dhualgas ar fhostóir na hearraí lena mbainfidh an comhaontú a choimeád ina sheilbh nó faoina urláimh, déanfaidh an fostóir, ar é d'fháil iarratais i scríbhinn ón únaer, a chur in iúl don únaer cá bhfuil na hearraí tráth an eolais sin a thabhairt nó, más leis an bpost a cuirfear é, tráth na postála.

(2) Má fhaillíonn fostóir gan chúis réasúnach an t-eolas sin a thabhairt laistigh de cheithre lá déag tar éis an fógra a fháil, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil ná raghaidh thar deich bpuint a chur air.

Coinníollacha agus barántaí is tuigthe a bheith i gcomhaontuithe fost-cheannaigh.

9. —(1) Beidh i ngach comhaontú fost-cheannaigh—

(a) baránta intuigthe go mbeidh ag an bhfostóir agus go dteachtóidh sé seilbh sítheach ar na hearraí;

(b) coinníoll intuigthe i bpáirt an únaera go mbeidh de cheart aige na hearraí a dhíol an tráth a bheas an mhaoin le rochtain;

(c) baránta intuigthe go mbeidh na hearraí saor ó aon mhuirear nó eire i bhfábhar aon treas pháirtí an trath a bheas an mhaoin le rochtain;

(d) lasmuigh de chás ina ligfear na hearraí mar earraí réidhchaite agus ina mbeidh ráiteas á rá sin sa nóta nó sa mheabhrachán i dtaobh an chomhaontuithe a bheas arna dhéanamh de bhun ailt 3 den Acht seo, coinníoll intuigthe gur earraí de cháilíocht inmharsanta na hearraí, ach sin i slí nach intuigthe de bhuaidh na míre seo aon choinníoll den tsórt sin a bheith ann maidir le lochta ná féadfadh an t-únaer bheith eolach orthu do réir reasúin an tráth a rinneadh an comhaontú, nó, má scrúdaigh an fostóir na hearraí nó sampla dhíobh, maidir le lochta ba chóir a theacht ar fhis sa scrúdú.

(2) Má chuireann an fostóir in iúl nó i dtuigsint cad é an chríoch áirithe chun a mbeidh na hearraí ag teastáil, beidh sé ina choinníoll intuigthe go mbeidh na hearraí réasúnta oiriúnach chun na críche sin.

(3) Na barántaí agus na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (1) den alt seo, beid intuigthe d'ainneoin aon chomhaontuithe contrártha dhó sin, agus ní bheidh an t-únaer i dteideal seasamh ar aon fhoráil sa chomhaontú a dhéanfas eisiadh nó modhnú ar an gcoinníoll atá leagtha amach i bhfo-alt (2) den alt seo mura gcruthaí sé gur cuireadh an fhoráil i bhfios don fhostóir agus gur soiléiríodh a héifeacht dó sar a ndearnadh an comhaontú.

(4) Ní dhéanfaidh éinní san alt seo dochar d'oibriú aon achtacháin eile nó aon rialach dlí trína mbeidh aon choinníoll nó baránta le bheith intuigthe in aon chomhaontú fost-cheannaigh.

Iocaíochta i leith comhaontuithe fost-cheannaigh a leithreasú.

10. —Aon fhostóir a dhlífeas íocaíochta a dhéanamh i leith dhá chomhaontú fhost-cheannaigh nó níos mó leis an aon-únaer, beidh sé, d'ainneoin aon chomhaontuithe contrártha dhó sin, i dteideal, ar aon íocaíocht a dhéanamh i leith na gcomhaontuithe nach leor chun an tsuim iomlán a ghlanadh a bheas dlite an tráth sin faoi na comhaontuithe uile, an tsuim a bheas íoctha amhlaidh aige a leithreasú chun nó mar chabhair chun íoctha na suime a bheas dlite faoi aon cheann áirithe de na comhaontuithe nó chun nó mar chabhair chun íoctha na suimeanna a bheas dlite faoi aon dá cheann nó níos mó de na comhaontuithe do réir pé coibhneasa is cuibhe leis, agus, má fhaillíonn sé aon leithreasú mar adúradh a dhéanamh déanfar de bhuaidh an ailt seo an íocaíocht a leithreasú mar chabhair chun íoctha na suimeanna a bheas dlite faoi na comhaontuithe fostcheannaigh faoi seach do réir na gcoibhneas a bheas idir na suimeanna sin.

Fianaise i dtaobh coinneála codarsna in aicsin ag únaeraí chun seilbh a aisghabháil ar na hearraí.

11. —Más rud é, in aicsean ag duine is únaer ar earraí a ligeadh faoi chomhaontú fost-cheannaigh chun forfheidhmiú a dhéanamh ar cheart chun seilbh ar na hearraí a aisghabháil ón bhfostóir, go gcruthaí an t-únaer go ndearna sé, roimh an aicsean a thosnú agus tar éis é a theacht chun bheith de cheart aige seilbh a aisghabháil ar na hearraí, a iarraidh i scríbhinn ar an bhfostóir na hearraí a thabhairt suas, is tuigthe, chun críche éilimh an únaera chun seilbh a aisghabháil ar na hearraí, seilbh an fhostóra ar na hearraí a bheith codarsna don únaer.

Ní dhéanfaidh éinní san alt seo difir d'éileamh ar airgead damáiste mar gheall ar chomhshó.

Srian le ceart an únaera chun seilbh a aisghabháil ar earraí ar shlí seachas trí aicsean.

12. —(1) I gcás inar ligeadh earraí faoi chomhaontú fostcheannaigh agus inar híocadh, pé acu de bhun breithiúnais nó eile é, nó inar tairgeadh, ag an bhfostóir nó aon ráthaitheoir nó thar a cheann, an tríú cuid den phraghas fost-cheannaigh, ní fhorfheidhmeoidh an t-únaer aon cheart chun seilbh ar na hearraí a aisghabháil ón bhfostóir ar shlí seachas trí aicsean.

(2) Má dhéanann únaer seilbh a aisghabháil ar earraí contrártha don fho-alt sin roimhe seo, tiocfaidh deireadh, murar cuireadh deireadh roimhe sin, leis an gcomhaontú fost-cheannaigh, agus—

(a) beidh an fostóir saortha ó gach dliteanas faoin gcomhaontú agus beidh sé i dteideal na suimeanna go léir d'íoc an fostóir faoin gcomhaontú nó faoi aon urrús a thug sé maidir leis an gcomhaontú a aisghabháil ón únaer in aicsean um airgead a fuarthas agus a glacadh, agus

(b) beidh ráthaitheoir ar bith i dteideal na suimeanna go léir d'íoc sé faoin gconradh ráthaíochta nó faoi aon urrús a thug sé maidir leis an gconradh ráthaíochta a aisghabháil ón únaer in aicsean um airgead a fuarthas agus a glacadh.

(3) Ní bheidh feidhm ag forála an ailt seo in aon chás ina mbeidh an fostóir tar éis deireadh a chur leis an gcomhaontú nó leis an earbadh de bhuaidh aon chirt a bheas dílsithe ann.

Cumhachta cúirte in aicsin áirithe ag únaeraí chun seilbh a aisghabháil ar na hearraí.

13. —(1) Más rud é, in aon chás lena mbainfidh an mhír dheiridh sin roimhe seo, go dtosnóidh únaer aicsean chun forfheidhmiú a dhéanamh ar cheart chun seilbh ar na hearraí a aisghabháil ó fhostóir tar éis an tríú cuid den phraghas fost-cheannaigh a bheith íoctha nó tairgthe mar adúradh, ní dhéanfaidh an t-únaer éinní tar éis an t-aicsean a thosnú chun íoc aon tsuime a fhorfheidhmiú a bheas dlite faoin gcomhaontú fost-cheannaigh, nó faoi aon chonradh ráthaíochta a bhainfeas leis sin, ach amháin tríd an tsuim a éileamh san aicsean.

(2) Faoi réir pé eisceacht a déanfar le rialacha cúirte, déanfar páirtithe san aicsean de na páirtithe uile sa chomhaontú agus d'aon ráthaitheoir.

(3) Go dtí go n-éistfear an t-aicsean, beidh ag an gCúirt, i dteannta aon chumhacht eile, cumhacht, ar an únaer dá iarraidh sin, chun pé orduithe a dhéanamh a mheasfas an Chúirt is cóir chun na hearraí a chaomhnadh ó dhamáiste nó ó dhíluachadh, lena n-áirítear orduithe ag srianadh nó ag cosc úsáide na n-earraí nó ag tabhairt ordachán maidir lena gcoinneáil.

(4) Ar an aicsean a éisteacht féadfaidh an Chúirt, gan dochar d'aon chumhacht eile—

(a) ordú a dhéanamh i gcóir sain-sheachadadh na n-earraí go léir don únaer,

(b) ordú a dhéanamh i gcóir sain-sheachadadh na n-earraí go léir don únaer agus oibriú an orduithe a chur ar athló ar choinníoll go n-íocfaidh an fostóir nó aon ráthaitheoir iarmhéid neamhíoctha an phraghais fhost-cheannaigh pé trátha agus i pé méideanna a mheasfas an Chúirt, ag féachaint d'acmhainn an fhostóra agus aon ráthaitheora, a bheith cóir, agus faoi réir an fostóir nó ráthaitheoir do chomhlíonadh pé coinníoll eile a mheasfas an Chúirt a bheith cóir, nó

(c) ordú a dhéanamh i gcóir aistriú teidil an únaera do chuid de na hearraí chun an fhostóra agus i gcóir sainsheachadadh na coda eile de na hearraí don únaer, ach sin, más cuibhe leis an gCúirt, faoi réir an choinníll go n-íocfaidh an fostóir nó aon ráthaitheoir leis an únaer laistigh d'am shonraithe pé méid breise i leith an phraghais fhost-cheannaigh a mheasfas an Chúirt a bheith cóir, ag féachaint don mhéid a bheas íoctha cheana ina leith, do phraghas na coda sin, don úsáid a bhí ag an bhfostóir as an gcuid eile de na hearraí agus don laghdú a tháinig ar a luach.

(5) Ní déanfar aon ordú faoi mhír (b) den fho-mhír dheiridh sin roimhe seo mura gcruthaí an fostóir chun sástachta na Cúirte na hearraí a bheith ina sheilbh nó faoina urláimh tráth déanta an orduithe.

(6) Má dhéanann an Chúirt, faoi mhír (c) d'fho-alt (4) den alt seo, ordú a mbeidh coinníoll ag gabháil leis, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gcuid sin den ordú a bhainfeas le haistriú teidil an únaera d'aon earraí chun an fhostóra—

(a) ní thiocfaidh an chuid sin i ngníomh, i gcás ar bith, sar a gcomhlíontar an coinníoll,

(b) mura gcomhlíontar an coinníoll, cúlghairmfidh an Chúirt an chuid sin agus déanfaidh pé ordú eile maidir leis na hearraí a mheasfaidh is cóir,

(c) má comhlíontar an coinníoll, tiocfaidh an chuid sin i ngníomh ar é a comhlíonadh amhlaidh.

(7) I gcás airgead damáiste a dhámhachtain i gcoinne an únaera sna himeachta, féadfaidh an Chúirt deighleáil leis an bhfostóir mar dhuine a mbeidh íoctha aige i leith an phraghais fhost-cheannaigh, i dteannta an méid a bheas íoctha iarbhír, méid an airgid damáiste, nó pé cuid de sin is cuibhe leis an gCúirt, agus air sin maithfear dá réir an t-airgead damáiste i bpáirt nó go hiomlán.

(8) San alt seo ciallaíonn an abairt “ordú i gcóir sainsheachadadh na n-earraí” ordú chun na hearraí a sheachadadh don únaer gan a thabhairt de roghain don fhostóir a luach a íoc, agus ciallaíonn an focal “praghas” maidir le haon earraí pé cuid den phraghas fost-cheannaigh a sanntar do na hearraí sin le nóta nó meabhrachán an chomhaontuithe fhost-cheannaigh, nó, i gcás gan aon chuid den phraghas fost-cheannaigh a shannadh amhlaidh, pé cuid den phraghas fost-cheannaigh a chinnfeas an Chúirt.

(9) Más rud é, tráth ar bith roimh aicsean lena mbaineann an t-alt seo a éisteacht, go mbeidh an t-únaer tar éis seilbh a aisghabháil ar chuid de na hearraí, déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (4) de seo do na hearraí go léir a léiriú mar thagairt do na hearraí go léir ná beidh arna n-aisghabháil ag an únaer, agus, mura mbeidh comhaontaithe ag na páirtithe ar choigeartú ar an bpraghas fost-cheannaigh i leith na n-earraí a bheas arna n-aisghabháil amhlaidh, féadfaidh an Chúirt, chun críocha míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (4) de seo, pé laghdú a dhéanamh ar an bpraghas fostcheannaigh agus ar an iarmhéid neamhíoctha dhe a mheasfas an Chúirt is cóir.

(10) Más rud é go mbeidh únaer tar éis cuid de na hearraí a ligeadh faoi chomhaontú fost-cheannaigh a aisghabháil, agus gur contrártha don alt dheiridh sin roimhe seo a rinneadh an aisghabháil, ní bheidh feidhm ag forála an ailt seo maidir le haon aicsean ag an únaer chun an chuid eile de na hearraí a aisghabháil.

An ní a leanfas as oibriú orduithe i gcóir sainsheachadadh earraí don únaer a chur ar athló.

14. —(1) Faid a bheas oibriú orduithe i gcóir sain-sheachadadh earraí don únaer curtha ar athló faoin alt deiridh sin roimhe seo, is tuigthe an fostóir a bheith ina earbaí ar na hearraí faoi théarmaí agus ar théarmaí an chomhaontuithe fhost-cheannaigh:

Ach—

(a) ní beidh aon tsuim eile iníoctha ná ní thiocfaidh aon tsuim eile chun bheith iníoctha ag an bhfostóir ná ag ráthaitheoir i leith iarmhéid neamhíoctha an phraghais fhost-cheannaigh, ach amháin do réir téarmaí an orduithe, agus

(b) féadfaidh an Chúirt pé modhnuithe eile a dhéanamh ar théarmaí an phraghais fhost-cheannaigh agus aon chonartha ráthaíochta a bhainfeas leis a mheasfas an Chúirt is gá ag féachaint don athrú ar na téarmaí íocaíochta.

(2) Más rud é, faid a bheas oibriú orduithe i gcóir sain-sheachadadh na n-earraí don únaer curtha ar athló amhlaidh, go bhfailleoidh an fostóir nó aon ráthaitheoir aon choinníoll a chomhlíonadh a bheas ag gabháil leis an gcur-ar-athló nó go bhfailleoidh aon téarma den chomhaontú arna athrú ag an gCúirt a chomhlíonadh, nó go ndéanfaidh na hearraí a dhiúscairt go héagórach, ní bhunóidh an t-únaer aon imeachta síbhialta i gcoinne an fhostóra ná aon ráthaitheora ar shlí seachas trí iarratas a dhéanamh chun na Cúirte a rinne an t-ordú:

Ach i gcás aon choinníoll a bhriseadh a bhainfeas le híoc iarmhéide neamhíoctha an phraghais fhost-cheannaigh, ní gá don únaer cead a iarraidh ar an gCúirt chun an t-ordú a fhorfheidhmiú mura mbeidh an Chúirt tar éis ordachán dá réir sin a thabhairt.

(3) Nuair a bheas iarmhéid neamhíoctha an phraghais fhostcheannaigh íoctha do réir téarmaí an orduithe, dílseoidh teideal an únaera chun na n-earraí sa bhfostóir.

(4) Féadfaidh an Chúirt tráth ar bith le linn oibriú orduithe den tsórt adúradh a bheith curtha ar athló—

(a) coinníollacha an churtha ar athló a athrú, agus pé modhnú eile a dhéanamh ar an gcomhaontú fost-cheannaigh agus ar aon chonradh ráthaíochta a bhainfeas leis a mheasfas an Chúirt is gá ag féachaint don athrú ar choinníollacha an churtha ar athló;

(b) an cur ar athló a chúlghairm;

(c) ordú a dhéanamh, do réir forál an ailt dheiridh sin roimhe seo, i gcóir sain-sheachadadh coda de na hearraí don únaer agus á ordú aistriú chun an fhostóra a dhéanamh ar theideal an únaera chun na coda eile de na hearraí.

Cumhachta na cúirte chun deighleáil le híocaíochta a éireos ar dheireadh a chur le comhaontuithe fost-cheannaigh.

15. —(1) Má fhorálann comhaontú fost-cheannaigh go bailí go ndéanfaidh an fostóir, ar dheireadh a chur leis an gcomhaontú nó leis an earbadh nó ina dhiaidh sin, pé suim a íoc a bheas, ar í a chur leis na suimeanna a bheas íoctha agus na suimeanna a bheas dlite i leith an phraghais fhost-cheannaigh roimh dheireadh a chur leis an gcomhaontú nó leis an earbadh, comhionann le méid cinnte, agus má déantar éileamh i leith aon tsuime den tsórt sin in aicsean lena mbainfidh alt 13 den Acht seo, ansin—

(a) i gcás ina ndéanfaidh an Chúirt ordú i gcóir sain-sheachadadh coda de na hearraí don únaer agus i gcóir aistriú teidil an únaera don chuid eile de na hearraí chun an fhostóra, déanfar an t-éileamh a dhí-lomháil,

(b) i gcás ina gcuirfidh an Chúirt ar athló oibriú orduithe i gcóir sain-sheachadadh na n-earraí don únaer, ní bhreithneoidh sí an t-éileamh mura gcúlghairmtear agus go dtí go gcúlghairmfear an cur ar athló, agus deighleálfaidh sí ansin leis an éileamh amhail is dá mbeifí díreach tar éis deireadh a chur leis an gcomhaontú.

(2) Más rud é gur íoc an fostóir nó aon ráthaitheoir aon tsuim mar adúradh nó gur hordaíodh dó sin a íoc agus go n-iarrfaidh an t-únaer ina dhiaidh sin na hearraí a aisghabháil in aicsean lena mbainfidh alt 13 den Acht seo, féadfaidh an Chúirt deighleáil leis an tsuim sin mar shuim a híocadh nó mar shuim is iníoctha, pé acu é, i leith an phraghais fhost-cheannaigh.

Comhaontuithe fost-cheannaigh leanúnacha idir na páirtithe céanna.

16. —Má bítear tar éis earraí a ligean faoi chomhaontú fostcheannaigh agus go ndéanfaidh an t-únaer, tráth ar bith tar éis an tríú cuid den phraghas fost-cheannaigh a bheith íoctha nó tairgthe, comhaontú fost-cheannaigh eile leis an bhfostóir ina n-áireofar na hearraí sin, beidh éifeacht ag forála alt 12 agus 13 den Acht seo maidir leis an gcomhaontú eile sin amhail ó dháta an chomhaontuithe eile sin a thosnú.

Forála maidir le féimhíocht an fhostóra agus tocsal ar áitreabh an fhostóra.

17. —(1) Más rud é, faoi na cumhachta a beirtear leis an Acht seo, go mbeidh an Chúirt tar éis oibriú orduithe i gcóir sainsheachadadh earraí do dhuine ar bith a chur ar athló, ní deighleálfar, le linn an churtha ar athló, leis na hearraí mar earraí atá, le toiliú nó le cead an duine sin, ina sheilbh, faoina ordú nó faoina réir ag an bhfostóir chun críocha ailt 313 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, nó ailt 4 den Law of Distress Amendment Act, 1908.

(2) Tar éis deireadh a chur le comhaontú fost-cheannaigh, nó tar éis d'únaer, a mbeidh de cheart aige earraí a ligeadh faoi chomhaontú fost-cheannaigh a aisghabháil ó fhostóir, do thosnú aicsin chun an ceart sin a fhorfheidhmiú, ní deighleálfar (d'ainneoin an Chúirt, in aon aicsean den tsórt sin, do chur oibriú orduithe i gcóir sain-sheachadadh na n-earraí don únaer ar athló) leis na hearraí a ligeadh faoin gcomhaontú, nó leis na hearraí a mbeifear á n-éileamh san aicsean, pé acu é, mar earraí a háiríodh sa chomhaontú fostcheannaigh chun críocha ailt 4 den Law of Distress Amendment Act, 1908.

Gan diúltú an fhostóra na hearraí a thabhairt suas a bheith ina chomhshó i gcásanna áirithe.

18. —Má tharlann, faid a bheas aon tsrian de bhuaidh an Achta seo le húnaer d'fhorfheidhmiú cirt chun seilbh ar earraí a aisghabháil ó fhostóir, go ndiúltóidh an fostóir seilbh ar na hearraí a thabhairt suas don únaer, ní bheidh an fostóir, de dhruim an diúltuithe sin amháin, faoi dhliteanas don únaer i dtaobh na hearraí a chomhshó.

Forála speisialta maidir le táillí feistithe.

19. —(1) I gcás ina mbeidh de cheangal ar an únaer, faoi aon chomhaontú fost-cheannaigh a déanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo, aon fheistiú a dhéanamh, agus ina sonróidh nóta nó meabhrachán an chomhaontuithe mar chuid den phraghas fostcheannaigh an méid a bheas le n-íoc i leith an fheistithe, déanfar na tagairtí in alt 5 den Acht seo do leath an phraghais fhostcheannaigh agus in ailt 12, 13 agus 16 den Acht seo don tríú cuid den phraghas fost-cheannaigh a léiriú mar thagairtí do chomhiomlán na suime sin maraon le leath na coda eile den phraghas fostcheannaigh nó an tríú cuid d'iarmhar an phraghais fhost-cheannaigh, do réir mar bheas.

(2) Chun críche an ailt seo ciallaíonn an focal “feistiú”—

(a) aon líne leictreachais nó aon phíopa gáis nó uisce a fheistiú,

(b) earraí lena mbaineann an comhaontú a dhaingniú ar an áitreabh ina mbeid le n-úsáid, agus áitreabh a athrú chun go bhféadfar aon earraí den tsórt sin a úsáid ann, agus

(c) más gá do réir réasúin aon earraí den tsórt sin a chomhdhéanamh nó a chur suas san áitreabh ina mbeid le n-úsáid, aon obair a déanfar chun críche an chomhdhéanta nó an churtha suas sin.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

20. —(1) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche in aon aicsean ag an únaer ar earraí a ligeadh faoi chomhaontú fost-cheannaigh chun forfheidhmiú a dhéanamh ar cheart chun seilbh ar na hearraí a aisghabháil ón bhfostóir i gcás nach mó ná cúig puint fhichead an praghas fost-cheannaigh.

(2) Ní bheidh feidhm ag mír (a) d'alt 53 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 ( Uimh. 48 de 1936 ), maidir le haicsean lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo.

Feidhm an Achta maidir le comhaontuithe láithreacha.

21. —(1) Beidh feidhm ag na hailt seo a leanas den Acht seo, a mhéid atá sonraithe ina dhiaidh seo, maidir le gach comhaontú fostcheannaigh arna dhéanamh roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, sé sin le rá:

(a) alt 10 den Acht seo a mhéid a bhaineas sé le híocaíochta a déanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo,

(b) ailt 12 agus 16 den Acht seo a mhéid a bhainid le seilbh ar earraí a aisghabháil tar éis tosach feidhme an Achta seo,

(c) ailt 11, 13, 14, 15, 16 agus 20 den Acht seo, a mhéid a bhainid le haicsin a tosnófar tar éis tosach feidhme an Achta seo,

(d) fo-alt (1) d'alt 17 den Acht seo, a mhéid a bhaineas sé le horduithe a déanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo, agus fo-alt (2) den alt sin a mhéid a bhaineas sé le comhaontuithe a gcuirfear deireadh leo nó le haicsin a tosnófar, do réir mar bheas, tar éis tosach feidhme an Achta seo, agus

(e) alt 18 den Acht seo, a mhéid a bhaineas sé le diúltú seilbh ar earraí a thabhairt suas tar éis tosach feidhme an Achta seo.

(2) I gcás inar ligeadh earraí faoi chomhaontú fost-cheannaigh a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo agus ina ndearna an t-únaer, mar chuid den chomaoin i leith an phraghais fhostcheannaigh, aon fheistiú do réir bhrí an ailt dheiridh sin roimhe seo maidir leis na hearraí sin, ansin, má sheirbheáil an t-únaer fógra ar an bhfostóir ag sonrú suime nach mó ná an costas faoina ndeachaigh an t-únaer iarbhír maidir leis an bhfeistiú, beidh ag ailt 12, 13 agus 16 den Acht seo, a mhéid a bheas feidhm acu de bhuaidh an fho-ailt dheiridh sin roimhe seo maidir leis an gcomhaontú sin, éifeacht, maidir le seilbh ar earraí a aisghabháil ar ocht lá fichead a bheith caite tar éis an fógra a sheirbheáil agus maidir le haicsin a tosnófar ar an tréimhse sin a bheith caite, amhail is dá gcuirtí, in ionad na dtagairtí sna hailt sin don tríú cuid den phraghas fost-cheannaigh, tagairtí do chomhiomlán na suime sin maraon leis an tríú cuid den mhéid a bheas fágtha tar éis an tsuim sin a bhaint den phraghas fost-cheannaigh.

(3) Lasmuigh de chás mar adúradh ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon chomhaontú fost-cheannaigh nó comhaontú díola-ar-cáirde a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

22. —(1) Féadfar an tAcht Fost-Cheannaigh, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála.

AN SCEIDEAL.

An Fogra ata le cur i Nota no Meabhrachan Comhaontuithe Fhost-cheannaigh.

FOGRA.

Ceart an Fhostora chun an Comhaontu a Fhorceannadh.

1. Féadfaidh an fostóir deireadh a chur leis an gcomhaontú seo trí fhógra forceannta a thabhairt i scríbhinn do dhuine ar bith a bheas i dteideal an fost-chíos a bhailiú nó a ghlacadh.

2. Ní foláir dó ansin aon tráthchoda a íoc a bheas i riaráiste an tráth a bhéarfas sé an fógra. Más rud é, ar na tráthchoda sin a bheith íoctha aige, gur lú an méid iomlán a bheas íoctha aige faoin gcomhaontú ná (cuir isteach anseo an méid is lú a ceangaltar ar an bhfostóir a íoc do réir forál alt 5 agus 19 den Acht seo) ní foláir dó freisin oiread a íoc agus a shlánós an tsuim sin.

3. Má rinneadh damáiste do na hearraí toisc nár thug an fostóir aire réasúnach dóibh, féadfaidh an t-únaer dul chun dlí leis le haghaidh méid an damáiste mura bhféadfaidh an fostóir agus an t-únaer teacht ar chomhaontú i dtaobh an mhéid sin.

4. Ba cheart don fhostóir féachaint an bhfuil forála sa chomhaontú seo a chuireas ar a chumas deireadh a chur leis an gcomhaontú ar théarmaí a bheas níos fábharaí dhó ná na téarmaí sin atá luaite díreach roimhe seo. Má tá, féadfaidh sé deireadh a chur leis an gcomhaontú ar na téarmaí sin.

Srian le Ceart an Unaera chun Earrai a Aisghabhail.

1. Mura dtoilí an fostóir chuige, níl aon údarás ag an únaer dul isteach in áitreabh an fhostóra chun na hearraí a thógaint thar n-ais.

2. * [Ar (cuir isteach anseo méid a ríomhfar do réir alt 12 agus 19 den Acht seo) a bheith íoctha, ansin,] mura mbeidh deireadh curtha leis an gcomhaontú ag an bhfostóir féin, ní fhéadfaidh únaer na n-earraí, gan an fostóir do thoiliú chuige sin, na hearraí a thógaint thar n-ais ón bhfostóir mura bhfagha an t-únaer ordú ón gCúirt.

3. Má iarrann an t-únaer ordú den tsórt sin ar an gCúirt, féad faidh an Chúirt, má mheasann sí gur cóir sin a dhéanamh, a cheadú go gcoimeádfaidh an fostóir—

(a) na hearraí go léir, ar choinníoll go n-íocfaidh an fostóir iarmhéid an phraghais sa tslí a ordós an Chúirt; nó

(b) cionúireacht chothrom de na hearraí ag féachaint don mhéid a bheas íoctha cheana ag an bhfostóir.

Más comhaontú “eile” do réir bhrí ailt 16 den Acht seo an comhaontú, fágtar ar lár na focail atá idir lúibíní ceárnacha.