22 1946


Uimhir 22 de 1946.


AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN LEANÚINT, AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA, D'FHEIDHMIÚ CUMHACHT ÁIRITHE, MAIDIR LE SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ AGUS NITHE ÁIRITHE EILE, A BHEIRTEAR LEIS AN ACHT CUMHACHTA PRÁINNE, 1939, AGUS DO CHOIMEÁD ORDUITHE AGUS IONSTRAM ÁIRITHE A RINNEADH FAOIN ACHT SIN I bhFEIDHM GO CEANN TRÉIMHSE TEORANTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE IOMDHA EILE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ A ÉILEAMH AR CHEADÚNAIS AGUS DOICIMÉIDÍ EILE ÁIRITHE) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [29ú Iúil, 1946].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Acht 1939.

ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939) , arna leasú leis an Acht Cumhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 (Uimh. 19 de 1942) , agus leis an Acht Cumhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1945 (Uimh. 26 de 1945) ;

údaraíocht.

ciallaíonn an focal “údaraíocht” doiciméid i scríbhinn is ceadúnas, cead, teastas nó údaraíocht de shaghas ar bith;

ordachán.

ciallaíonn an focal “ordachán” ordachán arna thabhairt (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi chumhacht arna tabhairt le hordú Rialtais;

ordú Rialtais.

ciallaíonn an abairt “ordú Rialtais” ordú—

(a) is ordú arna dhéanamh ag an Rialtas faoi aon alt nó fo-alt den Acht seo, nó

(b) is ordú a coimeádtar i bhfeidhm le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo;

Aire.

ciallaíonn an focal “Aire” comhalta den Rialtas;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946;

fo-ionstraim.

ciallaíonn an abairt “fo-ionstraim” ordú nó rialachán arna dhéanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi chumhacht arna tabhairt le hordú Rialtais.

Cumhacht an Rialtais chun orduithe áirithe a dhéanamh.

2. —(1) Féadfaidh an Rialtas, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leo, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh trí ordú, sé sin le rá:—

(a) údarás a thabhairt agus socrú a dhéanamh chun go ndéanfaidh an Stát nó chun go ndéanfar thar a cheann gach soláthar nó seirbhís nó aon tsoláthar nó seirbhís, is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach do shaol na ndaoine, a rialáil agus a rialú agus, i gcás inar cuibhe leis an Rialtas é, chun go ndéanfaidh an Stát nó chun go ndéanfar thar a cheann soláthairtí riachtanacha den tsórt sin a chothabháil agus a chur ar fáil agus seirbhísí riachtanacha den tsórt sin a chur ar fáil agus a oibriú;

(b) údarás a thabhairt agus socrú a dhéanamh chun go ndéanfar allmhuiriú nó onnmhuiriú earraí de shaghsanna nó aicmí áirithe a rialú, a rialáil, a shrianadh nó a thoirmeasc;

(c) údarás a thabhairt agus socrú a dhéanamh chun go bhfaghaidh an Stát nó chun go bhfaghfar thar a cheann (trí chomhaontú nó go héigeanta) aon airgead reatha seachas airgead reatha Éireannach), billí, creidiúnais agus iarmhéideanna, is iníoctha i slí seachas in airgead reatha Éireannach, monadh agus builleon óir, agus urrúis, agus chun go gcinnfear an praghas a bheas le n-íoc ar an gcéanna i gcás iad a fháil go héigeanta, agus chun rialú agus srianadh a dhéanamh ar dheighleála in aon airgead reatha, billí, creidiúnais, agus iarmhéideanna, is iníoctha i slí seachas in airgead reatha Éireannach, monadh agus builleon óir, agus urrúis, agus chun rialú agus srianadh a dhéanamh ar íocaíochta ag comhnaitheoirí sa Stát le daoine lasmuigh den Stát, agus chun toirmeasc agus srianadh a dhéanamh ar allmhuiriú nótaí airgid reatha (seachas nótaí airgid reatha Éireannach);

(d) pé forála a dhéanamh maidir le talamh a shaothrú, a bhainistí nó a úsáid is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirstineach chun méadú a thabhairt nó eothabháil a dhéanamh ar tháirgeadh earraí sa Stát ar dóigh leis an Rialtas iad a bheith riachtanach do shaol na ndaoine, lena n-áirítear, go sonrach, forála ar comhréir leis na forála atá san Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 366), 1945 (R. & O. R., Uimh. 251 de 1945);

(e) údarás a thabhairt chun go ndéanfaidh údaráis áitiúla soláthairtí a chothabháil agus a chur ar fáil is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach do shaol na ndaoine, agus seirbhísí a chur ar fáil agus a oibriú is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach do shaol na ndaoine, agus chun go ndéanfaidh údaráis áitiúla aon talamh a thógaint, a ghlacadh ar seilbh, a rialú nó a úsáid (trí chomhaontú nó go héigeanta) is gá chun a chumasú dhóibh na soláthairtí sin a chothabháil nó na seirbhísí sin a oibriú;

(f) údarás a thabhairt agus socrú a dhéanamh chun go ráthóidh an Stát bun-airgead agus ús aon iasachtaí a gheobhaidh comhlachta corpartha ag a mbeidh soláthairtí agus seirbhísí á gcur ar fáil is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach do shaol na ndaoine;

(g) socrú a dhéanamh chun diúitéthe custam ar earraí áirithe a laghdú nó a fhionraí.

(2) Aon uair a dhéanfas an Rialtas ordú faoin alt seo féadfaidh an Rialtas, in ionad éinní áirithe a dhéanamh tríd an ordú sin nó socrú a dhéanamh ann i dtaobh éinní áirithe, a údarú nó a chumhachtú leis an ordú sin d'Aire nó d'aon duine eile a sonrófar nó a luafar san ordú sin an ní sin nó an socrú sin a dhéanamh agus chun na críche sin (faoi réir pé coinníoll agus toilithe (más ann) a sonrófar san ordú sin) pé orduithe nó rialacháin a dhéanamh, pé údaraíochta a dheonadh nó a eisiúint agus pé ordacháin a thabhairt a chífear don Aire nó don duine sin is gá nó is cuibhe chun na críche sin.

(3) Aon ordú a dhéanfas an Rialtas faoin alt seo, féadfaidh pé forála teagmhasacha nó fo-ghabhálacha a bheith ann a chífear don Rialtas is gá nó is fóirstineach chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil a cuirfear san ordú sin faoi na cumhachta a bheirtear don Rialtas leis na forála sin roimhe seo den alt seo.

Orduithe áirithe, etc., faoi Acht 1939 a leanúint i bhfeidhm.

3. —(1) D'ainneoin Acht 1939 a dhul in éag, gach ordú (dá ngairmtear ordú Rialtais buanaithe san alt seo)—

(a) is ordú—

(i) a rinne an Rialtas, faoi alt 2 d'Acht 1939, roimh an 18ú lá de Mheitheamh, 1946, agus

(ii) a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, nó

(b) is ordú—

(i) a rinne an Rialtas, faoi alt 2 d'Acht 1939, an 18ú lá de Mheitheamh, 1946, nó dá éis, agus roimh an dáta feidhme, agus

(ii) a d'fhéadfaí, dá mbeadh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm tráth a dhéanta, a dhéanamh go dleathach faoin alt sin 2 den Acht seo, agus

(iii) a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, nó

(c) is ordú—

(i) a rinne an Rialtas faoi alt 3 d'Acht 1939 roimh an dáta feidhme, agus

(ii) a rinne leasú ar aon ordú den tsórt a luaitear i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo nó ar aon ordú a rinneadh faoi alt 3 d'Acht 1939, agus

(iii) a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme,

leanfaidh sé, ar an dáta feidhme agus dá éis, de bheith i bhfeidhm faid a leanfas an tAcht seo i bhfeidhm, mura gcúlghairmtear roimhe sin é.

(2) Beidh éifeacht ag gach ordú Rialtais buanaithe (ach amháin an tOrdú Cumhachta Práinne (Uimh. 178), 1942 (R. & O. R., Uimh. 174 de 1942)), ar an dáta feidhme agus dá éis, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—

(a) léireofar aon tagairt ann d'alt 5 d'Acht 1939 mar thagairt a fholaíos tagairt d'alt 6 den Acht seo,

(b) léireofar aon tagairt ann d'alt 9 den Acht Cumhachta Práinne (Buanú agus Leasú), 1942 (Uimh. 19 de 1942) , mar thagairt a fholaíos tagairt d'alt 7 den Acht seo,

(c) léireofar aon tagairt ann d'ordú Rialtais mar thagairt a fholaíos tagairt d'ordú Rialtais mar a mínítear sin le halt 1 den Acht seo,

(d) léireofar aon tagairt ann d'fho-ionstraim mar thagairt a fholaíos tagairt d'fho-ionstraim nó d'ordachán mar a mínítear iad sin le halt 1 den Acht seo,

(e) léireofar aon tagairt ann d'ionstraim chumhachta práinne mar thagairt a fholaíos tagairt d'ordú Rialtais, d'fhoionstraim nó d'ordachán mar a mínítear iad sin le halt 1 den Acht seo,

(f) léireofar aon tagairt ann d'ordú cumhachta práinne mar thagairt a fholaíos tagairt d'ordú Rialtais mar a mínítear sin le halt 1 den Acht seo.

(3) Gach ordú, rialachán nó ordachán (dá ngairmtear ordú, rialachán nó ordachán buanaithe san alt seo), a rinneadh nó a tugadh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) i bhfeidhmiú na gcumhacht a tugadh le hordú Rialtais buanaithe agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé, ar an dáta feidhme nó dá éis, de bheith i bhfeidhm faid a bheas an t-ordú Rialtais buanaithe sin i bhfeidhm, mura gcúlghairmtear roimhe sin é.

(4) Gach údaraíocht, a deonadh nó a heisíodh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) i bhfeidhmiú na gcumhacht a tugadh le hordú Rialtais buanaithe nó le hordú, rialachán nó ordachán buanaithe agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé, ar an dáta feidhme agus dá éis, de bheith i bhfeidhm faid a bheas an t-ordú Rialtais buanaithe sin nó an t-ordú, an rialachán nó an t-ordachán buanaithe sin i bhfeidhm, mura gcúlghairmtear roimhe sin é.

Orduithe Rialtais a chúlghairm agus a leasú.

4. —(1) Féadfaidh an Rialtas trí ordú, aon uair is oiriúnach leo é, ordú Rialtais a chúlghairm.

(2) (a) Féadfaidh an Rialtas trí ordú, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leo é, aon ordú Rialtais lena mbaineann an fo-alt seo a leasú (trí bhreisiú, scrios amach nó athrú) i pé slí is oiriúnach leo agus, go sonrach, féadfaid tríd an ordú leasaitheach sin éinní a dhéanamh ba dhleathach dóibh a dhéanamh tríd an ordú Rialtais sin agus féadfaid freisin trí aon ordú leasaitheach den tsórt sin ordú a bheas déanta cheana faoin bhfo-alt seo a leasú.

(b) Ní bhaineann an fo-alt seo ach amháin le hordú Rialtais—

(i) is ordú arna dhéanamh ag an Rialtas faoi alt 2 den Acht seo, nó

(ii) is ordú a coimeádtar i bhfeidhm trí fho-alt (1) d'alt 3 den Acht seo agus a d'fhéadfaí, dá mbeadh alt 2 den Acht seo i bhfeidhm tráth a dhéanta, a dhéanamh go dleathach faoin alt sin 2.

(3) Féadfaidh an Rialtas le hordú, aon uair is oiriúnach leo é, aon ordú arna dhéanamh acu faoi fho-alt (2) den alt seo a chúlghairm.

Ionstraimí agus ordacháin faoi orduithe Rialtais a chúlghairm agus a leasú.

5. —(1) Gach cumhacht a bhéarfar le hordú Rialtais chun ordú nó rialachán a dhéanamh léireofar í agus beidh éifeacht aici mar chumhacht a fholaíos cumhacht is infheidhmithe sa tslí chéanna agus faoi réir na gcoinníoll agus na dtoilithe céanna (más ann) chun aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoin gcumhacht sin a chúlghairm nó a leasú agus (más gá) chun ordú nó rialachán eile a dhéanamh in ionad an orduithe nó an rialacháin chúlghairmthe.

(2) Gach cumhacht a bhéarfar le hordú Rialtais chun ordachán a thabhairt léireofar í agus beidh éifeacht aici mar chumhacht a fholaíos cumhacht is infheidhmithe sa tslí chéanna agus faoi réir na gcoinníoll agus na dtoilithe céanna (más ann) chun aon ordachán arna thabhairt faoin gcumhacht sin a chúlghairm nó a leasú agus (más gá) chun ordachán eile a thabhairt in ionad an ordacháin chúlghairmthe.

Cionta, ionchúisimh agus pionóis.

6. —(1) Gach duine a dhéanfas sárú (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) nó a thriailfeas sárú a dhéanamh amhlaidh ar fhoráil in ordú Rialtais, i bhfo-ionstraim nó in ordachán beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

(2) Gach duine a chabhrós, a neartós, a chuideos nó a dhéanfas comhcheilg le duine eile chun éinní a dhéanamh (trí ghníomh nó trí neamhghníomh) a ndearbhaítear le fo-alt (1) den alt seo gur cion faoin alt seo é a dhéanamh, beidh sé ciontach é féin i gcion faoin alt seo.

(3) Gach duine arb eol dó go ndearna duine eile cion faoin alt seo agus a chabhrós leis an duine eile sin le hintinn gabháil, triail, nó pionósú an duine eile sin sa chion sin a thoirmeasc, a chosc nó a bhac ar an gcuma sin, beidh sé ciontach é féin i gcion faoin alt seo.

(4) Aon uair a déanfar nó a triailfear, maidir le loing nó árthach eile nó maidir le haer-árthach, foráil in ordú Rialtais nó i bhfo ionstraim nó in ordachán a shárú (trí ghníomh nó trí neamhghníomh), beidh an duine a bheas, tráth an tsáruithe sin, nó na trialach sin ar shárú, i bhfeighil an árthaigh sin nó an aer-árthaigh sin, pé acu é, agus fós an duine ar a mbeidh, an tráth sin, bainistí an árthaigh sin nó an aer-árthaigh sin ciontach, gach duine acu ar leithligh, i gcion faoin alt seo.

(5) Má dhéanann comhlacht corpartha cion faoin alt seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le ceadú duine ar bith, nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí fhaillí dhuine ar bith, is stiúrthóir nó bainisteoir ar an gcomhlacht corpartha sin nó is rúnaí nó oifigeach eile dhó, is tuigthe freisin go ndearna an stiúrthóir, an bainisteoir, an rúnaí, nó an t-oifigeach eile sin an cion sin agus dlífear imeachta a bhunú ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

(6) Gach duine, is saoránach Éireannach nó a bhfuil gnáthchomhnaí air sa Stát, a dhéanfas nó ar tuigthe go ndearna sé, sa Stát nó lasmuigh dhe, cion faoin alt seo agus gach duine, nach saoránach Éireannach ná ná fuil gnáthchomhnaí air sa Stát, a dhéanfas nó ar tuigthe go ndearna sé sa Stát cion faoin alt seo, dlífear—

(a) ar a chiontú ann ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná cúig céad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná deich bpuint in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile, nó

(b) ar a chiontú ann arna dhíotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, más rogha leis an gCúirt, pian-tseirbhís ar feadh téarma nach sia ná deich mbliana nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phiantseirbhís nó an phríosúntacht sin le chéile.

(7) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, i dteannta an phionóis a dlífear a chur ar an duine sin faoi fho-alt (6) den alt seo, a ordú go n-urghéillfear aon earraí nó áirnéisí a ndearnadh an cion sin maidir leo nó tríothu, agus déanfar aon earraí nó áirnéisí a hurghéillfear amhlaidh a dhiúscairt i pé slí a ordós Aire, agus aon airgead a thiocfas as aon diúscairt den tsórt sin íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

(8) Féadfaidh Aire nó comhalta den Ghárda Síochána imeachta sa Chúirt Dúiche i dtaobh ciona faoin alt seo a bhunú agus a shaothrú.

(9) D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta ar an slí achomair i dtaobh ciona faoin alt seo a bhunú laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.

Pionós i leith leanúint d'orduithe áirithe, etc., a neamhchomhlíonadh.

7. —(1) Más rud é—

(a) go gciontófar duine i gcion faoi alt 6 den Acht seo toisc é dá fhaillí, dá mhainniú nó dá dhiúltú déanamh do réir forála in ordú Rialtais nó i bhfo-ionstraim nó in ordachán á cheangal air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe, agus

(b) go mbeidh an gníomh sin, tar éis dáta an chiontuithe sin, gan bheith déanta aige,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontuithe chéadluaite sin, a fhágfas sé an gníomh sin gan déanamh nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

(2) Is cion leanúnach cion faoin alt seo agus dá réir sin féadfar imeachta nua ina leith a bhunú ó am go ham.

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (8) d'alt 6 den Acht seo maidir le cion faoin alt seo, amhail mar atá feidhm acu maidir le cion faoin alt sin 6.

(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon fhoráil in ordú Rialtais a bhainfeas le háititheoirí talún do shaothrú na talún sin.

Orduithe Rialtais agus fo-ionstraimí a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

8. —Déanfar gach doiciméid (is ordú Rialtais nó fo-ionstraim arna dhéanamh ar an dáta feidhme nó dá éis) a leagadh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an doiciméid sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur na doiciméide sin ar neamhbhrí, beidh an doiciméid sin arna cur ar neamhbhrí dá réir sin, ach beidh sin gan dochar do bhailíocht éinní a rinneadh roimhe sin faoin doiciméid sin.

Aird a thabhairt i gcúrsaí breithiúnais ar orduithe Rialtais agus fo-ionstraimí.

9. —(1) Bhéarfar áird i gcúrsaí breithiúnais ar gach ordú Rialtais agus ar gach fo-ionstraim agus is tuigthe, i gcás gach orduithe Rialtais nó fo-ionstraime a rinneadh roimh an dáta feidhme, go ndearnadh amhlaidh riamh.

(2) Ní thabharfaidh éinní i bhfo-alt (1) den alt seo go ndlífear duine a fuarthas neamhchiontach i gcion a chúiseamh arís sa chion sin.

Feidhm dlí ag orduithe Rialtais, fo-ionstraimí agus ordacháin.

10. —Beidh feidhm dlí ag gach ordu Rialtais, gach fo-ionstraim agus gach ordachán agus beidh éifeacht acu d'ainneoin éinní ar neamhréir leis sin a bheas in aon achtachán seachas an tAcht seo nó in aon ionstraim ag á mbeidh éifeacht de bhuaidh aon achtacháin seachas an tAcht seo.

Táillí ar údaraíochta.

11. —(1) Déanfar pé táille (más ann) a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar dheonadh, athnuachaint nó eisiúint aon údaraíochta a deonfar, a hathnuafar nó a heiseofar faoi réim nó chun críocha orduithe Rialtais, fo-ionstraime nó ordacháin.

(2) Gach táille a muirearófar agus a toibheofar de bhuaidh an ailt seo, baileofar agus glacfar í i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir ordachán an Aire sin.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí a muirearófar agus a toibheofar de bhuaidh an ailt seo.

Cumhachta agus dualgais reachtúla a tharmligean.

12. —(1) Féadfaidh Aire, ar thoiliú an Rialtais a fháil, aon chumhacht a bheas bronnta air nó aon dualgas a bheas curtha air a tharmligean, le hordú, chun Aire eile nó chun Rúnaí Páirliminte.

(2) Féadfaidh Aire, ar thoiliú an Rialtas a fháil, chúlghairm nó leasú a dhéanamh, trí ordú, ar ordú a bheas déanta aige faoin alt seo, lena n-áirítear ordú a bheas déanta faoin bhfo-alt seo.

(3) Aon uair a dhéanfas Aire cumhacht nó dualgas a tharmligean faoin alt seo beidh an chumhacht sin infheidhmithe nó comhlíonfar an dualgas sin, ina ainm féin, ag an duine dá dtarmligfear an céanna, ach (mura chun Aire eile a déanfar an tarmligean) ní bhainfidh an tarmligean sin ó fhreagarthacht an Aire sin do Dháil Éireann nó mar chomhalta den Rialtas maidir le feidhmiú na cumhachta sin nó comhlíonadh an dualgais sin.

(4) Gach ordú a rinneadh faoi fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1939 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé i bhfeidhm agus is tuigthe é a bheith arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo.

(5) Bhéarfar áird i gcúrsaí breithiúnais ar gach ordú a déanfar faoin alt seo.

Tagairtí in achtacháin áirithe d'Acht 1989 a oiriúnú.

13. —(1) Aon tagairtí d'Acht 1939 a bheas in aon Acht ón Oireachtas, a rithfear sa bhliain airgeadais dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1946, chun airgead poiblí a leithreasú, déanfar, ar an dáta feidhme agus dá éis, iad a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

(2) Ar an dáta feidhme agus dá éis—

(a) déanfar an tagairt i bhfo-alt (3) d'alt 49 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), d'Acht 1939 a léiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don Acht seo, agus

(b) déanfar an tagairt, i bhfo-alt (9) den alt sin 49, d'Acht 1939 a léiriú mar thagairt don Acht seo.

Cosaint do chumhachta eile.

14. —Na cumhachta a bheirtear don Rialtas nó d'Aire leis an Acht seo is méadú, agus ní laghdú, iad ar aon chumhachta eile is infheidhmithe ag an Rialtas nó ag Aire.

Costais.

15. —Na costais faoina raghaidh an Rialtas, nó aon Aire nó éinne eile a ndéantar de bhuaidh an Achta seo cumhachta a thabhairt dó nó a tharmligean chuige, chun an tAcht seo a riaradh nó chun éifeacht a thabhairt d'aon ordú Rialtais, fo-ionstraim nó ordachán, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearr-theideal, comhluadh agus ré feidhme.

16. —(1) Féadfar an tAcht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1946.

(3) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (4) den alt seo, leanfaidh an tAcht seo i bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1947, agus raghaidh in éag ansin, mura gcinne an tOireachtas a mhalairt.

(4) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an tAcht seo in éag ar dháta sonraithe roimh an 31ú lá de Nollaig, 1947, agus sa chás sin raghaidh an tAcht seo in éag dá réir sin.