23 1946


Uimhir 23 de 1946.


AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DON CHONBHINSIÚN AR EITLÍOCHT SHIBHIALTA EADARNÁISIÚNTA A hOSCLAÍODH CHUN A SHÍNITHE I CHICAGO AN 7ú LÁ DE NOLLAIG, 1944, DO LEASÚ AN ACHTA UM AERLOINGSEOIREACHT AGUS AERIOMPAR, 1936, DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE A BHAINEAS LE AER RIANTA, TEORANTA, AGUS AER LINGUS, TEORANTA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR TÁILLÍ A ÉILEAMH) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [31ú Iúil, 1946].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearr-theideal agus comhluadh.

1. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1946, a ghairm de na hAchta um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 agus 1942, agus den Acht seo le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

Conbhinsiún Chicago.

ciallaíonn an abairt “Conbhinsiún Chicago” an Conbhinsiún ar Eitlíocht Shíbhialta Eadarnáisiúnta a hosclaíodh chun a shínithe i Chicago an 7ú lá de Nollaig, 1944, agus folaíonn sí aon leasú a déanfar ar an gConbhinsiún sin faoi Airteagal 94 de;

aerárthach Éireannach.

ciallaíonn an abairt “aerárthach Éireannach” aerárthach a cláraíodh sa Stát;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

an dáta feidhme.

ciallaíonn an abairt “an dáta feidhme” dáta an Achta seo a rith;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le hordú arna dhéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) , arna oiriúnú de dhruim an Bunreacht a achtú agus arna leasú leis an Acht um Aerloingseoire acht agus Aeriompar (Leasú), 1942 (Uimh. 10 de 1942) .

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon tír nó críoch (lena n-áirítear an Stát) a léiriú, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na huiscí teorann (más ann) atá ag luí leis an tír nó an chríoch sin.

(3) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 agus 1942.

Feidhm an Achta maidir le haerárthaí Stáit.

3. —(1) Faoi réir forál an ailt seo, ní bhainfidh an tAcht seo le haon aerárthach Stáit.

(2) Féadfaidh an tAire a ordú le hordú, go mbeidh feidhm, fara modhnuithe nó gan modhnuithe, ag pé cinn a sonrófar san ordú sin d'fhorála an Achta seo, nó aon orduithe arna dhéanamh faoi, maidir le haerárthaí Stáit, agus aon uair a bheas aon ordú den tsórt sin déanta agus i bhfeidhm beidh feidhm dlí sa Stát ag pé cinn de na forála sin a sonrófar san ordú sin, faoi réir pé modhnuithe (más ann) a sonrófar ann.

Cosaint d'údaráis tithe solais.

4. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo ná in aon ordú a déanfar faoi dochar ná difir do chearta, cumhachta ná príbhléidí aon údaráis tighe sholais, ginearálta nó áitiúil.

Forála ginearálta maidir le horduithe arna ndéanamh ag an Aire.

5. —(1) Aon ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo féadfar é a dhéanamh infheidhme maidir le haon aerárthach sa Stát nó os cionn an Stáit nó le haerárthaí Éireannacha pé áit a mbeid.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire, in aon ordú uaidh faoin Acht seo, forála i dtaobh na gCustam ach amháin le haontú an Aire Airgeadais.

(3) Féadfaidh ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo a údarú don Aire rialacháin a dhéanamh agus ordacháin a thabhairt chun críocha an orduithe sin a chur i ngníomh maidir le pé nithe agus rudaí a sonrófar san ordú sin.

(4) Aon ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo féadfaidh pé forála foleantacha, forlíontacha agus iarmartacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach chun críocha an orduithe sin.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú faoin bhfo-alt seo, aon ionstraim lena mbaineann an fo-alt seo a chúlghairm nó a leasú.

(b) Baineann an fo-alt seo—

(i) le haon ordú nó rialacháin a rinneadh faoi Chuid I den Air Navigation Act, 1920, arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu, agus a coimeádadh i bhfeidhm le halt 15 den Phríomh-Acht agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme,

(ii) le haon ordú a rinne an Rialtas faoi Chuid II nó faoi alt 63 den Phríomh-Acht,

(iii) le haon ordú a rinne an Rialtas faoi alt 5 den Phríomh-Acht ag leasú aon orduithe nó rialacháin den tsórt dá dtagartar i bhfo-mhír (i) nó i bhfomhír (ii) den mhír seo,

(iv) le haon ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo.

(6) Gach ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe sin ar neamhbhrí, beidh an t-ordú sin arna chur ar neamhbhrí dá réir sin ach beidh sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Rialacháin ague ordacháin.

6. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh nó ordacháin a thabhairt maidir le ní ar bith a n-údarófar don Aire le hordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo rialacháin a dhéanamh nó ordacháin a thabhairt maidir leis chun críocha an orduithe sin a chur i ngníomh.

Costais.

7. —Na costais uile faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a fheidhmiú déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID II.

Forala maidir le Conbhinsiun Chicago.

Conbhinsiún Chicago a theacht i ngníomh.

8. —Tiocfaidh Conbhinsiún Chicago i ngníomh sa Stát pé lá a cheapfas an tAire le hordú (agus bheirtear údarás leis seo don Aire an t-ordú sin a dhéanamh).

Cumhacht chun éifeacht a thabhairt do Chonbhinsiún Chicago.

9. —Féadfaidh an tAire ó am go ham pé orduithe a dhéanamh a mheasfas sé is gá nó is fóirstineach chun Conbhinsiún Chicago a chur i ngníomh agus chun éifeacht a thabhairt dó nó d'aon fhoráil ann agus beidh feidhm dlí ag gach ordú den tsórt sin sa Stát.

Cumhacht chun feidhm a thabhairt do Chonbhinsiún Chicago maidir le heiteall intíre.

10. —Féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú ó am go ham go mbeidh feidhm maidir le haon aerárthach sa Stát nó os cionn an Stáit ag na forála de Chonbhinsiún Chicago a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, nó ag aon fhoráil díobh, agus sin pé acu a bheas nó ná beidh na forála sin teoranta d'aerárthaí d'aon tsaghas áirithe nó d'aerárthaí a bheas ag gabháil d'aon tsaghas áirithe loingseoireachta, agus aon uair a déanfar aon ordú den tsórt sin beidh feidhm maidir le haon aerárthach sa Stát nó os cionn an Stáit ag pé forála díobh sin a sonrófar san ordú sin.

Forála speisialta a fhéadfas an tAire a dhéanamh trí ordú.

11. —Gan dochar do ghinearáltacht na gcumhacht a bheirtear le hailt 9 agus 10 den Acht seo, féadfaidh an tAire, trí ordú faoi cheachtar de na hailt sin, foráil a dhéanamh—

(a) ag ordú an údaráis a fheidhmeos sa Stát aon cheann de na cumhachta is infheidhmithe faoi Chonbhinsiún Chicago ag Stát conarthach nó ag aon údarás ann;

(b) chun aerodróma a cheadúnú, a iniúchadh agus a rialáil, i dtaobh dul isteach in aerodróma agus in áiteanna ina mbeidh aerárthaí tar éis tuirlingt, i dtaobh dul isteach i monarchain aerárthach d'fhonn an obair a bheas ar siúl iontu a iniúchadh, chun úsáid aerodróma neamhcheadúnaithe a thoirmeasc nó a rialáil, agus chun daoine a cheadúnú a bheas ar fostú in aerodróma ag iniúchadh nó ag maoirsiú aerárthach;

(c) i dtaobh an mhodha agus na gcoinníoll ar a n-eiseofar agus ar a n-athnuafar aon teastas nó ceadúnas is gá do réir an orduithe nó do réir Chonbhinsiúin Chicago, lena n-áirítear an scrúdú agus na trialacha a bheas le déanamh, agus foirm, coimeád, taispeáint, cealú, fionraí, formhuiniú agus tabhairt suas aon teastais nó ceadúnais den tsórt sin;

(d) i dtaobh aerárthaí a chlárú sa Stát;

(e) i dtaobh na gcoinníoll ar a bhféadfar aerárthaí a úsáid chun paisnéirí agus earraí a iompar;

(f) i dtaobh na gcoinníoll ar a bhféadfaidh aerárthaí gabháil, nó ar a bhféadfar paisnéirí nó earraí a iompar in aerárthaí, isteach sa Stát nó amach as nó ó áit sa Stát go dtí áit eile ann;

(g) ag eisceadh aerárthach a heitleofar chun críocha turgnaimh nó aerárthach ar bith eile nó daoine ar bith ó fhorála an orduithe nó Chonbhinsiúin Chicago, nó ó aon cheann acu, má meastar nach ceart go mbainfeadh an céanna leo;

(h) ag ordú na scálaí d'éilithe ag aerodróma ceadúnaithe;

(i) ag ceapadh aon líomatáiste ina líomatáiste toirmiscthe chun críocha an orduithe;

(j) ag ordú na dtáillí a bheas le n-íoc i leith deonadh aon teastais nó ceadúnais nó eile chun críocha an orduithe nó Chonbhinsiúin Chicago;

(k) ag forlíonadh Conbhinsiúin Chicago, i pé slí a measfar is gá nó is oiriúnach trí rialacháin lena mbeartófar sábháltacht aerárthach agus sábháltacht daoine agus maoine a hiomprófar iontu a mhéadú, agus aerárthaí a chosc ar dhaoine eile agus maoin eile a chur i gcontúirt;

(l) chun rialú agus rialáil a dhéanamh ar thithe aersholais, ar shoilse in aerodróma nó ina gcomharsanacht agus ar thithe aersholais agus ar shoilse a d'fhéadfadh aerárthaí a chur i gcontúirt;

(m) ag rialáil déanamh comharthaí agus cumarsáidí eile, ag aerárthaí nó chun aerárthaí agus ag daoine nó chun daoine a bheas á n-iompar iontu, agus ag rialáil úsáide aon mheirge a ceapfar chun críocha a bhainfeas le haerloingseoireacht;

(n) ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar sa Chuid seo den Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe.

Cumhacht chun a thabhairt ar aerárthaí comharthaí a chomhlíonadh.

12. —Má eitlíonn aon aerárthach nó má fhéachann sí le heitilt os cionn aon líomatáiste a bheas ceaptha ina líomatáiste toirmiscthe faoi ordú arna dhéanamh faoin gCuid seo den Acht seo nó dá bhuaidh nó má thagann nó má fhéachann le teacht isteach sa Stát contrártha d'aon ordú den tsórt sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, sé sin le rá:—

(a) is dleathach d'aon oifigeach a bheas ceaptha chuige sin leis an ordú sin a chur faoi ndear go dtabharfar pé comhartha a hordófar a thabhairt leis an ordú sin, agus

(b) más rud é, tar éis an comhartha sin a thabhairt, ná freagróidh an t-aerárthach don chomhartha sin trí dhéanamh do réir na bhforál den ordú sin a ordós an beart a bheas le déanamh ar an gcomhartha sin a thabhairt, is dleathach don oifigeach sin lámhach leis an aerárthach sin nó isteach inti agus aon ní nó gach ní eile ar a chumas a dhéanamh chun comhlíonadh na bhforál sin a éigniú;

(c) ní bunófar aon aicsean ná imeachta dlí eile, síbhialta ná coiriúil, in aon chúirt sa Stát mar gheall ar aon ní a dhéanamh a húdarófar d'aon oifigeach den tsórt sin a dhéanamh faoin alt seo, pé acu an t-oifigeach féin nó duine ag gníomhú i gcabhair ar an oifigeach sin nó faoina stiúradh a dhéanfas amhlaidh.

Pionóis.

13. —(1) Más rud é—

(a) go n-eitleoidh aerárthach contrártha d'aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo nó d'aon fhoráil in aon ionstraim den tsórt sin, nó

(b) ná déanfaidh aerárthach do réir aon ionstraime lena mbaineann an t-alt seo nó aon fhorála in aon ionstraim den tsórt sin, nó

(c) go ndéanfar aon ghníomh maidir le haon aerárthach is sárú ar aon fhorála d'ionstraim lena mbaineann an t-alt seo nó is tuigthe do réir aon ionstraime den tsórt sin a bheith ina shárú den tsórt sin,

ansin, is tuigthe sárú nó, do réir mar bheas, neamhchomhlíonadh a bheith déanta ar an ionstraim sin, ag únaer nó fostóir (murab é an Stát é) an aerárthaigh sin agus fós ag píolóta nó ceannasaí an aerárthaigh sin.

(2) Gach duine a choiscfeas nó a bhacfas duine ar bith a bheas ag gníomhú faoi údarás an Aire i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh aon chumhachta nó dualgais dá mbronntar nó dá gcuirtear ar an Aire le hionstraim lena mbaineann an t-alt seo, is tuigthe é do ghníomhú contrártha don ionstraim sin.

(3) Gach duine a shárós nó ná comhlíonfaidh ionstraim lena mbaineann an t-alt seo nó ar tuigthe do réir an ailt seo sárú nó neamhchomhlíonadh a bheith déanta aige ar ionstraim den tsórt sin beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí a chur air nó fíneáil nach mó ná dhá chéad punt nó, más rogha leis an gCúirt, an phríosúntacht sin agus an fhíneáil sin le chéile.

(4) Má hionchúisítear duine ar bith mar gheall ar shárú nó neamhchomhlíonadh líomhnaithe aon ionstraime lena mbaineann an t-alt seo, beidh sé ina chosaint don duine sin a chruthú gur de dheascaibh droch-aimsire nó fátha do-sheachanta eile a tharla an sárú nó an neamhchomhlíonadh sin, agus má hionchúisítear aon únaer, fostóir, píolóta nó ceannasaí aerárthaigh mar gheall ar shárú nó neamhchomhlíonadh líomhnaithe den tsórt sin beidh sé ina chosaint don únaer, don fhostóir, don phíolóta nó don cheannasaí sin a chruthú gur tharla an sárú nó an neamhchomhlíonadh líomhnaithe sin gan é féin a bheith faillíoch nó eolach ina thaobh.

(5) Baineann an t-alt seo le haon ionstraim arb é a bheas inti—

(a) ordú arna dhéanamh ag an Aire faoin gCuid seo, nó

(b) aon rialachán arna dhéanamh nó aon ordachán arna thabhairt faoi aon ordú den tsórt sin.

Táillí ar theastais agus ceadúnais.

14. —Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha faoin gCuid seo, sé sin le rá:—

(a) baileofar na táillí sin in airgead agus glacfar iad i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir ordachán an tAire Airgeadais, agus

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

Costais Chomheagras um Eitlíocht Shíbhialta Eadarnáisiúnta.

15. —Aon tsuimeanna a theastós i gcóir na ranníocaíochta ón Stát i leith comheagruithe agus oibríochtaí aon chomheagrais acu seo a leanas—

(a) an Comheagras Sealadach um Eitlíocht Shíbhialta Eadarnáisiúnta a bunaíodh faoin gComhaontú Eatramhach um Eitlíocht Shíbhialta Eadarnáisiúnta a hosclaíodh chun a shínithe i Chicago an 7ú lá de Nollaig, 1944, nó

(b) an Comheagras um Eitlíocht Shíbhialta Eadarnáisiúnta a bunaíodh faoi Chonbhinsiún Chicago,

íocfaidh an tAire iad as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Aerárthaí a choinneáil

16. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, foráil a dhéanamh chun aerárthaí a choinneáil chun a áirithiú go gcomhlíonfar Conbhinsiún Chicago nó aon ordú arna dhéanamh faoin gCuid seo nó aon rialachán arna dhéanamh nó aon ordachán arna thabhairt faoi aon ordú den tsórt sin.

(2) Déanfar na tagairtí, atá in ailt 64 agus 65 den Phríomh-Acht, don Phríomh-Acht a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

Eisceadh maidir le sárú paitinní, etc., ag aerárthai coigríche áirithe.

17. —(1) Más rud é—

(a) le linn aerárthach coigríche lena mbaineann an t-alt seo a bheith ag gabháil d'aerloingseoireacht eadarnáisiúnta, go dtiocfaidh sí isteach faoi údarás i gcríoch an Stáit nó go raghaidh sí faoi údarás thar an gcrích sin, pé acu thuirlingeos sí nó ná tuirlingeoidh, agus

(b) go sáróidh déanamh, meicníocht, páirteanna, comhghabhálais nó oibriú an aerárthaigh aon phaitinn, deara nó múnla a bheas deonta nó cláraithe go cuibhe sa Stát,

ansin, d'ainneoin aon ní dá bhfuil in Acht 1927, ní luífidh ná ní bunófar aon aicsean ná imeachta mar gheall ar an sárú sin.

(2) I gcás—

(a) páirteanna malairte nó trealamh malairte d'aerárthach coigríche lena mbaineann an t-alt seo agus a bheas ag gabháil d'aerloingseoireacht eadarnáisiúnta a bheith stórálta sa Stát, agus

(b) na páirteanna malairte sin nó an trealamh malairte sin do shárú aon phaitinne, deara nó múnla a bheas deonta nó cláraithe go cuibhe sa Stát,

ansin, d'ainneoin aon ní dá bhfuil in Acht 1927, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) ní luífidh ná ní bunófar aon aicsean ná imeachta mar gheall ar an stóráil sin, mura ndéantar na páirteanna malairte sin nó an trealamh malairte sin a dhíol nó a iomdháil sa Stát nó a onnmhuiriú i modh trádála as an Stát,

(ii) ní luífidh ná ní bunófar aon aicsean ná imeachta mar gheall ar na páirteanna sin nó an trealamh sin a úsáid nó a fheistiú sa Stát chun aon aerárthach den tsórt sin a dheisiú.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) d'alt 61 den Phríomh-Acht le haon aerárthach coigríche lena mbaineann an t-alt seo agus a thiocfas isteach faoi údarás i gcríoch an Stáit nó a rachas faoi údarás thar an gcrích sin, pé acu thuirlingeos sí nó ná tuirlingeoidh, le linn di bheith ag gabháil d'aerloingseoireacht eadarnáisiúnta.

(4) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1927” an t Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927) , arna leasú leis an Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1929 (Uimh. 13 de 1929) ;

ciallaíonn an abairt “aerárthach coigríche lena mbaineann an t-alt seo” aerárthach de chuid Stáit (seachas an Stát)—

(a) is páirtí i gConbhinsiún Chicago, agus

(b) (i) is páirtí sa Chonbhinsiún Eadarnáisiúnta chun Maoin Tionscail a Chosaint, nó

(ii) a d'achtaigh dlithe paitinne a bheireas aithint agus leorchosaint d'airge arna ndéanamh ag náisiúnaigh na Stát eile is páirtithe i gConbhinsiún Chicago.

CUID III.

Leasuithe Ilghneitheacha ar an bPriomh-Acht.

Cumhachta an Rialtais faoi ailt 10, 11, 12 agus 63 den Phríomh-Acht a aistriú chun an Aire agus leasú iarmartach ar alt 5 den Phríomh-Acht.

18. —(1) Ar an dáta feidhme déanfar na cumhachta a bheirtear don Rialtas le hailt 10, 11, 12 agus 63 den Phríomh-Acht a aistriú chun an Aire, agus dílseoid ann, de bhuaidh an ailt seo.

(2) Na tagairtí don Rialtas atá in ailt 10, 11, 12 agus 63 den Phríomh-Acht déanfar; ar an dáta feidhme agus dá éis, iad a léiriú mar thagairtí don Aire.

(3) Scoirfidh fo-alt (5) d'alt 5 den Phríomh-Acht d'éifeacht a bheith aige, a mhéid a bhaineas sé le cúlghairm nó leasú orduithe arna dhéanamh faoi ailt 10, 11, 12 nó 63 den Phríomh-Acht.

Alt 79 den Phríomh-Acht a leasú.

19. —(1) Léireofar fo-alt (3) d'alt 79 den Phríomh-Acht agus beidh éifeacht aige—

(a) amhail is dá gcuirtí na focail “seacht gcéad agus caoga míle punt” in ionad na bhfocal “cúig céad míle punt”,

(b) amhail is dá gcuirtí tagairt do chúig bliana ó dháta an Achta seo a rith in ionad na tagairte atá ann do chúig bliana ó dháta an Phríomh-Achta a rith.

(2) Athghairmtear leis seo mír (b) d'alt 2 den Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar (Leasú), 1942 (Uimh. 16 de 1942) .

CUID IV.

Forala maidir le Aer Rianta, Teoranta.

Mínithe chun críocha Coda IV.

20. —Sa Chuid seo—

an Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Aer Rianta, Teoranta, is é sin an Chuideachta a bunaíodh de bhun ailt 68 den Phríomh-Acht;

scaireanna nua.

ciallaíonn an abairt “scaireanna nua” scaireanna sa Chuideachtain a n-údaraítear iad a eisiúint faoi alt 21 den Acht seo;

sean-scaireanna.

ciallaíonn an abairt “sean-scaireanna” scaireanna sa Chuideachtain a heisíodh faoin bPríomh-Acht.

Caipiteal na Cuideachtan a mhéadú.

21. —(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin sa Phríomh-Acht, nó i memorandum comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachtan, is dleathach don Chuideachtain a caipiteal a mhéadú go dtí £2,000,000 (dhá mhilliún punt) san iomlán arna roinnt ina dhá mhilliún scaireanna de phunt an ceann, agus chuige sin pé athruithe is gá a dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais agus, go háirithe, pé athruithe a dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais is gá chun a údarú do na stiúrthóirí scaireanna de phunt an ceann a eisiúint a bheas pari passu leis na seanscaireanna.

(2) Ní heiseofar aon scaireanna nua mura ndéana an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, an eisiúint sin a údarú.

(3) Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachtain aon ráiteas a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó aon diúite stampa a íoc faoin alt sin i leith an mhéaduithe ar chaipiteal na Cuideachtan a húdaráitear leis an alt seo ná i leith na scaireanna nua.

Cumhacht an Aire Airgeadais chun scaireanna nua a thógaint trí shuibscríobhadh agus eisiúint scaireanna a fhoscríobhadh.

22. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham aon aicme nó aicmí de na scaireanna nua a thógaint trí shuibscríobhadh.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, faoi réir pé coinníoll is cuibhe leis, comhaontú leis an gCuideachtain go ndéanfaidh sé, mura dtóga an pobal laistigh de thréimhse shonraithe aon scair eanna nua sa Chuideachtain a beifear ar tí a thairgsint tráth ar bith chun a suibscríofa, na scaireanna nua sin nó cuid shonraithe éigin díobh a thógaint agus go n-íocfaidh sé astu.

Forála maidir le scaireanna nua a shealbhós an tAire Airgeadais.

23. —Bainfidh ailt 73, 74 agus 77 den Phríomh-Acht le scaireanna nua a shealbhós an tAire Airgeadais amhail mar bhainid le seanscaireanna a bheas ar sheilbh aige.

Airgead a áirleacan as an bPríomh-Chiste.

24. —(1) An t-airgead go léir a bheas ag teastáil ó am go am ón Aire Airgeadais, le haghaidh íocaíocht is gá dhó a dhéanamh leis an gCuideachtain i leith aon scaireanna nua a shuibscríofas nó a thógfas sé faoin Acht seo, déanfar é a áirleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(2) Chun airgead a sholathar le haghaidh na suimeanna a háirleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta sin féadfaidh an tAire sin urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll, i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó éile, is cuibhe leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste an t-airgead a gheobhas sé ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis aon urrús a eiseos an tAire Airgeadais faoin alt seo agus muirear agus íoc na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin a eisiúint.

Cuspóirí na Cuideachtan a leathnú.

25. —(1) Leasaítear leis seo mír 3 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht tríd an bhfo-mhír seo a leanas a chur in ionad fo-mhíre (b), sé sin le rá:—

“(b) go mbeidh ar phríomhchuspóirí na Cuideachtan—

(i) línte aeriompair a bhunú, a chothabháil agus a oibriú idir áiteanna sa Stát agus idir an Stát agus tíortha eile, go díreach nó trí Aer Lingus, Teoranta, agus gnóthais aeriompair eile (dá ngairmtear gnóthais aeriompair faoi urláimh sa mhír seo) ina mbeidh leas urlámhach ag an gCuideachtain,

(ii) scaireanna in Aer Lingus, Teoranta, a thógaint agus a shealbhú,

(iii) gnóthais aeriompair faoi urláimh a bhunú agus scaireanna a shealbhú iontu sin agus i ngnóthais chothabhála, deisithe agus déanta aerárthach,

(iv) scaireanna a shealbhú i ngnóthais aeriompair (seachas gnóthais aeriompair faoi urláimh) agus i ngnóthais chothabhála, deisithe agus déanta aerárthach, agus socrú oibre a dhéanamh leo sin,

(v) cúnamh airgid nó cúnamh eile a thabhairt, le toiliú an Aire Airgeadais, do ghnóthais aeriompair agus do ghnóthais chothabhála, deisithe agus déanta aerárthach;”.

(2) Tráth ar bith tar éis an tAcht seo a rith, féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, arna thabhairt tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, a memorandum comhlachais a athrú slí go leathnófar a cuspóirí do réir an leasuithe a déantar le fo-alt (1) den alt seo.

Stiúrthóirí.

26. —Leasaítear leis seo mír 4 den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht trí na fo-mhíreanna seo a leanas a chur in ionad fo-mhíreanna (a) agus (b), sé sin le rá:—

“(a) nach mó ná seachtar ná nach lú ná triúr líon stiúrthóirí na Cuideachtan,

(b) fad a shealbhós an tAire Airgeadais an deichiú cuid ar a laghad (do réir luacha ainmniúil) de scaireanna eisithe na cuideachtan nó fad a bheas aon chuid gan fuascailt de bhintiúirí leis an gCuideachtain a bheas ráthaithe ag an Aire sin faoin Acht seo, go n-ainmneoidh an tAire sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionnscail agus Tráchtála, tromlach de stiúrthóirí na Cuideachtan;”.

Memorandum comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachtan a athrú.

27. —(1) I dteannta na n-athruithe a húdaráitear go sonrach leis an Cuid seo a dhéanamh ar mhemorandum comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Cuideachtan, is dleathach don Chuideachtain gach athrú a dhéanamh ar a memorandum comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais is gá nó is cuibhe mar fhorlíonadh ar aon athrú, nó de dhruim aon athruithe, a húdaraítear go sonrach amhlaidh agus freisin pé athruithe eile a dhéanamh is gá nó is cuibhe chun éifeacht a thabhairt d'fhorála na Coda seo.

(2) Ní bhainfidh alt 78 den Phríomh-Acht ná Clásail 7 ná 8 de mhemorandum comhlachais na Cuideachtan le hathruithe a déanfar ar mhemorandum comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachtan faoin gCuid seo nó dá bun, agus ina ionad sin achtaítear leis seo go mbeidh gach athrú den tsórt sin i pé foirm, ar comhréir leis an gCuid seo, a cheadós an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.

(3) Chun aon athruithe a dhéanamh a húdaraítear leis an gCuid seo ar airteagail chomhlachais na Cuideachtan léireofar alt 13 den Companies (Consolidation) Act, 1908, amhail is dá gcuirtí na focail “extraordinary resolution” in ionad na bhfocal “special resolution” sa chéad áit a bhfuil na focail deiridh sin.

(4) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon athrú a n-údaraítear leis an gCuid seo don Chuideachtain é a dhéanamh ar a memorandum comhlachais, agus ina ionad sin achtaítear leis seo go bhféadfar gach athrú den tsórt sin a dhéanamh le rún neamhghnáthach, mar mínítear sin le halt 69 den Acht sin, agus, i dteannta alt 70 den Acht sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh an Chuideachta, laistigh den tréimhse a luaitear san alt sin 70, cóip chlóbhuailte den mhemorandum, arna athrú amhlaidh, a thabhairt do chláraitheoir na gcuideachtan, agus cláróidh an cláraitheoir sin é agus teastasóidh an clárú faoina láimh, agus beidh an teastas sin ina fhianaise dho-chlaoite gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta sin, arna leasú leis an bhfo-alt seo maidir leis an athrú sin, agus as sin amach is é an memorandum arna athrú amhlaidh memorandum na Cuideachtan.

CUID V.

Forala maidir le Aer Lingus, Teoranta.

Memorandum comhlachais Aer Lingus, Teoranta, a athrú.

28. —D'ainneoin aon ní dá bhfuil sa Companies (Consolidation) Act, 1908, féadfaidh Aer Lingus, Teoranta, le rún neamhghnáthach, mar mínítear sin le halt 69 den Acht sin, a mhemorandum comhlachais a athrú trí chlásail 6 agus 7 den mhemorandum sin a scrios.