36 1946


Uimhir 36 de 1946.


ACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE BHREISE CHUN TALAMH TALMHAÍOCHTA A FHAOISIÚ Ó RÁTAÍ I RITH NA mBLIAN AIRGEADAIS DAR CRÍOCH AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1947, AGUS AN 31ú LÁ DE MHÁRTA, 1948. [19 ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Acht 1939.

ciallaíonn an abairt “Acht 1939” an t Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 (Uimh. 23 de 1939) ;

ráta ginearálta.

ciallaíonn an abairt “an ráta ginearálta sa phunt”, maidir le tionóntán de thalamh thalmhaíochta atá suite i líomatáiste rátúcháin contae nó le cuid atá suite amhlaidh d'aon tionóntán den tsórt sin, an ráta iomlán sa phunt den ráta atá le tobhach ag comhairle na contae sin den tionóntán sin nó den chuid sin i gcóir na gcostas uile de chuid na comhairle (seachas costais faoina raghfar chun cúiteamh i ndíobhála coiriúla a íoc) is intobhaigh ar iomlán aon líomatáiste acu seo leanas—

(a) an líomatáiste rátúcháin,

(b) ceantar sláinte contae,

(c) ceantar cúnaimh phoiblí nó pé méid d'aon cheantar den tsórt sin atá sa chontae;

líomatáiste rátúcháin.

ciallaíonn an abairt “an líomatáiste rátúcháin”, maidir le contae nó le comhairle chontae, an contae sin gan aon cheantair uirbeacha ann a áireamh;

luacháil iarmhair.

tá leis an abairt “an luacháil iarmhair” an bhrí a bheirtear di le halt 5 den Acht seo;

luacháil shonraithe.

tá leis an abairt “luacháil shonraithe” an bhrí a bheirtear di le halt 4 den Acht seo;

luacháil.

ciallaíonn an focal “luacháil”, nuair a húsáidtear é gan cáiliú, luacháil faoi na hAchta Luachála, agus nuair a húsáidtear é maidir le tionóntán de thalamh thalmhaíochta ciallaíonn sé luacháil an tailimh thalmhaíochta sa tionóntán.

Na blianta airgeadais, lena mbaineann an tAcht seo.

2. —Baineann an tAcht seo leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1947, agus leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948.

Deontais chun rátaí ar thalamh thalmhaíochta a fhaoisiú.

3. —(1) In aghaidh gach bliana airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, is é méid an deontais a deonfar faoi alt 4 d'Acht 1939 ná trí chéad agus seachtó míle punt.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais, in aghaidh gach bliana airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, deontas breise a dheonadh do chomhairle gach contae, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, de mhéid is comhionann leis an suim a bheas an dáiliú don chomhairle faoi alt 4 d'Acht 1939 (nó faoin alt sin arna mhodhnú le halt 5 den Acht sin nó le haon achtachán eile) faoi bhun an easnaimh iomláin in ioncam na comhairle a thiocfadh, mura mbeadh an deontas, d'oibriú an Achta seo.

(3) An deontas a deonfar do chomhairle faoi fho-alt (2) den alt seo in aghaidh bliana airgeadais áirithe is breisiú ar dheontas thalmhaíochta na bliana sin é agus, chun críocha gach achtacháin a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, is cuid den deontas talmhaíochta sin é, agus deighleálfar sa tslí chéanna le méid an deontais faoin bhfo-alt sin agus leis an suim a bheas deimhnithe faoi alt 48 d'Acht 1898 a bheith iníoctha leis an gcomhairle i rith na bliana sin, agus, dá réir sin, gach achtachán a bhaineas leis an suim a bheas deimhnithe amhlaidh (pé acu roimh an tsuim sin a eisiúint nó ina dhiaidh sin a bheas feidhm aige), bainfidh sé, faoi réir forál an Achta seo, leis an méid adúradh.

(4) I gcás ina ndéanfar ranníocaíocht in ionad rátaí ar thalamh thalmhaíochta a bheas á áitiú ag údarás Stáit i gcóir na seirbhíse poiblí a thabhairt do chomhairle chontae as airgead a sholáthrós an tOireachtas agus ina ndéanfar, nuair a beifear ag áireamh méid na ranníocaíochta, creidiúint a thógaint i méid na lamháltas a mbeadh teideal chucu faoin Acht seo ag an údarás Stáit, dá mba é áititheoir rátaithe an tailimh é, féadfaidh an tAire Airgeadais deontas de mhéid is comhionann le méid na lamháltas sin a dheonadh don chomhairle mar chuid den deontas breise dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo.

(5) San alt seo ciallaíonn an abairt “údarás Stáit” Aire Stáit nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

An luacháil shonraithe a fhionnadh.

4. —Déanfar an luacháil shonraithe chun críocha an Achta seo ar aon talamh talmhaíochta in aon chontae áirithe a fhionnadh do réir na bhforál seo leanas:

(a) i gcás gan duine a bheith rátaithe ach i leith tionóntáin amháin de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin agus gan luacháil an tionóntáin a bheith níos mó ná fiche punt, is é an luacháil sin an luacháil shonraithe,

(b) i gcás duine a bheith rátaithe i leith dhá thionóntán nó níos mó de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin agus gan méid iomlán na luacháil ar na tionóntáin a bheith níos mó ná fiche punt, is é luacháil gach tionóntáin faoi leith is luacháil shonraithe air;

(c) i gcás duine (seachas an t-áititheoir) a bheith rátaithe faoin Acht Rialtais Áitiúil (Rátaí ar Thithe Cónaithe Beaga), 1928 (Uimh. 4 de 1928) , mar únaer i leith tionóntáin amháin nó níos mó de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin, is é luacháil an tionóntáin, nó luacháil gach tionóntáin faoi leith, do réir mar a bheas, is luacháil shonraithe air;

(d) i gcás gan Coimisiún Talún na hÉireann a bheith rátaithe ach i leith tionóntáin amháin de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin agus luacháil an tionóntáin sin a bheith níos mó ná fiche punt, is fiche punt an luacháil shonraithe;

(e) i gcás Coimisiún Talún na hÉireann a bheith rátaithe i leith dhá thionóntán nó níos mó de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin agus méid iomlán na luacháil ar na tionóntáin a bheith níos mó ná fiche punt, is é luacháil gach tionóntáin faoi leith nó fiche punt, pé acu sin is lú, is luacháil shonraithe air;

(f) i gcás gan duine a bheith rátaithe ach i leith tionóntáin amháin de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin, agus luacháil an tionóntáin a bheith níos mó ná fiche punt, is fiche punt an luacháil shonraithe; agus

(g) i gcás duine a bheith rátaithe i leith dhá thionóntán nó níos mó de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin (gan tionóntáin lena mbaineann mír (c) den alt seo a áireamh) agus méid iomlán na luacháil ar na tionóntáin a bheith níos mó ná fiche punt, is tuigthe, chun críocha an Achta seo, gurb aon tionóntán amháin de thalamh thalmhaíochta na tionóntáin le chéile, agus is fiche punt is luacháil shonraithe ar an aon tionóntán amháin.

An lamháltas príomha.

5. —(1) Bhéarfaidh comhairle chontae, i ngach bliain airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, do dhuine a bheas rátaithe i leith tionóntáin de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin, lamháltas, dá ngairmfear “an lamháltas príomha”, faoin bhfo-alt iomchuí den alt seo.

(2) Más ionann an ráta ginearálta sa phunt maidir le gach cuid de thionóntán de thalamh thalmhaíochta, is é is lamháltas príomha i leith an tionóntáin ná méid is comhionann le trí chúigiú den ráta ginearálta sa phunt ar an luacháil shonraithe.

(3) Más rud é nach ionann an ráta ginearálta sa phunt maidir le gach cuid de thionóntán de thalamh thalmhaíochta, ach nach lú ná an luacháil shonraithe luacháil na coda ar maidir léi is aoirde atá an ráta ginearálta, is é is lamháltas príomha i leith an tionóntáin ná méid is comhionann le trí chúigiú den ráta ginearálta maidir leis an gcuid sin ar an luacháil shonraithe.

(4) Más rud é nach ionann an ráta ginearálta sa phunt maidir le gach cuid de thionóntán de thalamh thalmhaíochta agus gur lú ná an luacháil shonraithe luacháil na coda ar maidir léi is aoirde atá an ráta ginearálta sa phunt, ansin—

(a) déanfar lamháltas a thabhairt ar luacháil na coda sin;

(b) déanfar lamháltas eile a thabhairt ansin ar luacháil iomlán, nó ar pháirt de luacháil, na céad choda eile ar maidir léi is aoirde atá an ráta ginearálta, agus mar sin de go dtí go mbeidh iomlán na luacháil ar a mbeidh lamháltais tugtha comhionann leis an luacháil shonraithe;

(c) gach lamháltas a bhéarfar faoin bhfo-alt seo ar luacháil coda de thionóntán, beidh sé de mhéid is comhionann le trí chúigiú den ráta ginearálta maidir leis an gcuid sin ar an luacháil sin;

(d) is é is lamháltas príomha i leith an tionóntáin ná iomlán na lamháltas sin.

(5) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an luacháil iarmhair”, maidir le tionóntán de thalamh thalmhaíochta, an pháirt (más ann) de luacháil an tionóntáin sin ná tabharfar aon lamháltas ina leith nuair a bheas an lamháltas príomha i leith an tionóntáin á chinneadh faoin alt seo.

An lamháltas forlíontach.

6. —Bhéarfaidh comhairle chontae, i ngach bliain airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, do dhuine a bheas rátaithe i leith tionóntáin de thalamh thalmhaíochta sa líomatáiste rátúcháin, lamháltas, dá ngairmfear “an lamháltas forlíontach”, de mhéid is comhionann leis an gcúigiú cuid den ráta ginearálta sa phunt ar gach cuid faoi leith den luacháil iarmhair.

An lamháltas fostaíochta.

7. —(1) I gcás oibrí éatach, nó gach duine de dhá oibrí éatacha nó níos mó, a bheith, ar feadh iomláine na tréimhse cáilithí do bhliain airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, ag obair ar thalamh thalmhaíochta i líomatáiste rátúcháin comhairle contae, ansin—

(a) déanfaidh an chomhairle, faoi réir forál an ailt seo, lamháltas i leith gach oibrí éataigh faoi leith, dá ngairmfear “lamháltas fostaíochta”, a thabhairt don duine a bheas rátaithe i leith an tailimh;

(b) déanfar, faoi réir míre (c) den fho-alt seo, méid an lamháltais a ríomh do réir deich scillinge sa phunt ar luacháil iarmhair an tionóntáin ina mbeidh an talamh sin;

(c) ní bheidh an lamháltas níos mó ná sé puint agus deich scillinge;

(d) ní bheidh comhshuim na lamháltas fostaíochta níos mó ná méid is comhionann le ceithre chúigiú den ráta ginearálta sa phunt ar gach cuid faoi leith den luacháil iarmhair.

(2) Bainfidh na forála d'alt 8 d'Acht 1939, ach amháin na forála a bhaineas le méid lamháltais nó leis an am chun éilimh a dhéanamh faoin alt sin, le lamháltas fostaíochta.

(3) Féadfar éileamh ar lamháltas fostaíochta in aghaidh bliana airgeadais a dhéanamh tráth ar bith roimh an 1ú lá d'Fheabhra na bliana airgeadais sin.

(4) Féadfaidh rúnaí comhairle contae ó am go ham ráta nó meisiúnacht a bheas gearrtha ar thionóntán de thalamh thalmhaíochta i leabhar rátaí a bheas á choimeád ag an gcomhairle a leasú d'fhonn éifeacht a thabhairt d'fhorála an ailt seo.

Teora le dliteanas áititheoirí rátaithe do 1946-47.

8. —D'ainneoin éinní dá bhfuil san Acht seo ní bheidh ar dhuine ar bith suim a íoc le haon chomhairle chontae, i leith rátaí don bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1947, is mó ná mar bheadh air a íoc dá mba ná rithfí an tAcht seo.

Lamháltais i bhfoirm nótaí creidiúnais.

9. —Aon lamháltas nó aon chuid de lamháltas a bheas le tabhairt do dhuine faoin Acht seo ag comhairle chontae do bhliain airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, féadfar é a thabhairt trí nóta creidiúnais a eisiúint chuige á dhearbhú go bhfuil sé i dteideal creidiúnais i suim is comhionann le méid an lamháltais nó na coda in aghaidh na rátaí is iníoctha aige leis an gcomhairle chun seirbhíse na bliana airgeadais sin.

Feidhm Achta 1939 agus a léiriú i dteannta an Achta seo.

10. —(1) Ní bheidh éifeacht, i rith bliana airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, ag ailt 6, 7, 8 (ach amháin a mhéid a bheirtear feidhm dó leis an Acht seo) agus 9 d'Acht 1939.

(2) Beidh éifeacht ag ailt 11 agus 12 d'Acht 1939 maidir leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1947, amhail is ná beadh an tAcht seo arna rith.

(3) Léireofar mar éinní amháin an tAcht seo agus Acht 1939.

Nithe a rinneadh in oirchill ar an Acht seo a dhéanamh bailí.

11. —Gach ní a rinne comhairle chontae roimh, agus in oirchill ar, an Acht seo a rith, beidh aige agus is tuigthe go raibh aige riamh an uile bhailíocht agus éifeacht (más ann) a bheadh aige dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm nuair a rinneadh an ní sin.

Gearr-theideal agus comhluadh.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 agus 1946, a ghairm d'Acht 1939 agus den Acht seo le chéile.