1 1947


Uimhir 1 de 1947.


AN tACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT GAIRM-OIDEACHAIS, 1930 GO 1944. [29ú Eanáir, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

Acht Leasaitheach 1944.

ciallaíonn an abairt “Acht Leasaitheach 1944” an t Acht Gairm-Oideachas (Leasú), 1944 (Uimh. 9 de 1944) ;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) , arna leasú le haon achtachán iardain;

Acht athghairmthe 1899.

ciallaíonn an abairt “Acht athghairmthe 1899” an Agricultural and Technical Instruction (Ireland) Act, 1899.

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an Príomh-Acht.

An Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht a leasú.

2. —(1) Déantar leis seo Cuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Leasaitheach 1944, a leasú tríd an méid seo a leanas a scrios:—

“Bliain dar tosach 1ú Aibreán, 1945, agus gach bliain ina dhiaidh sin—7d. fén bpunt.”

agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:—

“An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1945—7d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1946—7d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1947—7½d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1948—8d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1949—8½d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1950, agus gach bliain iardain—9d. faoin bpunt.”

(2) Déantar leis seo Cuid II den Tríú Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht, arna leasú le fo-alt (2) d'alt 4 d'Acht Leasaitheach 1944, a leasú tríd an méid seo a leanas a scrios:—

“Bliain dar tosach 1adh Abrán, 1945, agus gach bliain ina dhiaidh sin—5d. fén bpunt.”

agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:—

“An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1945—5d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1946—5d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1947—5½d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1948—6d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1949—6½d. faoin bpunt.

An bhliain dar tosach an 1ú Aibreán, 1950, agus gach bliain iardain—7d. faoin bpunt.”

Seirbhís inphinsin oifigeach áirithe do Shean-Choiste Ceard-Theagaisc Chathair Luimnigh.

3. —(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “Sean-Choiste Chathair Luimnigh” an coiste a cheap bardas contae-bhuirge Luimnigh chun críocha Achta athghairmthe 1899.

(2) Aon oifigeach inphinsin do choiste gairm-oideachais—

(a) a bhí i seirbhís Shean-Choiste Chathair Luimnigh, mar oifigeach lánaimsire, díreach roimh an tréimhse (idir an 1ú lá d'Eanáir, 1919, agus an 31ú lá de Nollaig, 1923) ná dearna Sean-Choiste Chathair Luimnigh Acht athghairmthe 1899 a riaradh ar a feadh, agus

(b) a d'athfhostaigh Sean-Choiste Chathair Luimnigh roimh an 31ú lá de Nollaig, 1923,

is tuigthe, chun críche na n-achtachán a bhaineas le haoisliúntas oifigeach do choistí gairm-oideachais, é a bheith i seirbhís Shean-Choiste Chathair Luimnigh ar feadh na tréimhse sin ar fad.

Liúntas bliantúil d'oifigeach do shean-choistí áirithe a ceapadh chun críocha Achta 1899.

4. —(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt “an comhlucht íoca” comhairle chontae na Midhe;

ciallaíonn an abairt “comhlucht ranníoca” comhlucht acu sin a sonraítear i gcolún (1) den Táible a ghabhas leis an alt seo;

ciallaíonn an abairt “an ranníocaíocht iomchuí”, maidir le comhlucht ranníoca, an méid atá leagtha amach i gcolún (2) den Táible sin os coinne lua an chomhluchta ranníoca sin sa Táible sin:

ciallaíonn an abairt “an liúntas” an liúntas is iníoctha faoi fho-alt (2) den alt seo.

(2) Íocfaidh an comhlucht íoca, i rith a shaoil, le Hugh O Flynn (duine a bhí trátha éagsúla i seilbh oifige faoi na coistí ar leithligh a ceapadh, chun críocha Achta athghairmthe 1899, ag an gcomhlucht íoca agus ag gach ceann de na comhluchta ranníoca, faoi seach, agus ar ceapadh é chun poist bhuain sa Stát-Sheirbhís sa bhliain 1925) liúntas bliantúil d'ocht bpuint seascad i leith a sheirbhíse faoi na coistí sin.

(3) Maidir leis an liúntas bliantúil—

(a) tosnóidh sé—

(i) i gcás an Hugh O Flynn sin a scor as an Stát-Sheirbhís roimh dháta an Achta seo a rith, amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach, nó

(ii) i gcás é a scor amhlaidh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, amhail ar dháta an scortha sin agus uaidh sin amach, agus

(b) déanfar, má iarrann sé sin, é a íoc leis ina thráthchoda míosúla ach, mura n-iarra agus go dtí go n-iarra sé sin, ina thráthchoda ráithiúla.

(4) In aghaidh gach tráthchoda den liúntas a íocfas an comhlucht íoca—

(a) íocfaidh an tAire, mar ranníocaíocht i leith na tráthchoda sin, leath na tráthchoda sin leis an gcomhlucht íoca as airgead a sholáthrós an tOireachtas,

(b) íocfaidh gach comhlucht ranníoca, mar ranníocaíocht i leith na tráthchoda sin, leis an gcomhlucht íoca, pé tráth a ordós an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, suim a mbeidh idir í agus leath na tráthchoda sin an cothrom céanna a bheas idir an ranníocaíocht iomchuí agus ceithre puint tríochad.

AN TAIBLE A GHABHAS LE hALT 4.

An Comhlucht Ranníoca

An Ranníocaíocht Iomchuí

(1)

(2)

Comhairle chontae Liatroma.

£8

Comhairle chontae Mhuigheo.

£18

Bardas contae-bhuirge Luimnigh.

£5

Feidhm ag ailt 6, 7 agus 8 d'Acht Leasaitheach 1944 maidir le hoifigigh áirithe do choistí gairmoideachais.

5. —D'fhonn deireadh a chur le hamhras, dearbhaítear leis seo go bhfuil feidhm, d'ainneoin aon ní dá bhfuil i bhfo-alt (3) d'alt 99 den Phríomh-Acht, ag ailt 6,7 agus 8 d'Acht Leasaitheach 1944, maidir le duine—

(a) a haistríodh chun coiste ghairm-oideachais agus a tháinig chun bheith ina oifigeach dó, de bhuaidh an ailt sin 99, agus

(b) atá i seilbh oifige faoi choiste gairm-oideachais.

Costais taistil agus liúntais a íoc le comhaltaí coistí gairmoideachais contae agus le comhaltaí fochoistí áirithe dhíobh sin agus an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1943 , a athghairm.

6. —(1) Chun críocha an ailt seo—

(a) ciallaíonn an abairt “coiste contae” coiste gairmoideachas do líomatáiste gairm-oideachais contae;

(b) ciallaíonn an abairt “áit chónaithe” maidir le comhalta de choiste contae nó d'fhochoiste ceadaithe de choiste contae, a gnáth-áit chónaithe;

(c) beidh fochoiste de choiste contae ina fhochoiste ceadaithe den choiste contae sin i gcás, agus amháin i gcás, ina ndearna an tAire—

(i) údarás a thabhairt, faoi fho-alt (4) d'alt (1) den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1943 (Uimh. 19 de 1943) (a hathghairmtear le fo-alt (7) den alt seo), chun costais a íoc faoin alt sin 1 le comhaltaí den fhochoiste sin, nó

(ii) údarás a thabhairt, ar an gcoiste contae sin dá iarraidh sin, chun íocaíochta a dhéanamh faoin alt seo le comhaltaí den fhochoiste sin.

(2)  (a)   Faoi réir forál an ailt seo, íocfaidh coiste contae na costais taistil faoina ndeachaigh—

(i) gach duine dá chomhaltaí ag taisteal go dtí cruinnithe den choiste contae sin agus uathu, agus

(ii) gach comhalta d'fhochoiste ceadaithe den choiste contae sin ag taisteal go dtí cruinnithe den fhochoiste ceadaithe sin agus uathu.

(b) Ní híocfar costais faoin bhfo-alt seo le duine ar bith i leith cruinnithe in áit is gaire, de bhealach ar bith, ná cúig mhíle dá áit chónaithe,

(c) Ní ghabhfaidh méid na gcostas a híocfar faoin bhfo-alt seo le duine i leith cruinnithe thar méid na gcostas taistil faoina raghadh sé go réasúnach ag taisteal óna áit chónaithe go dtí áit an chruinnithe sin agus ó áit an chruinnithe sin go dtí a áit chónaithe.

(3) (a) Féadfaidh coiste contae a chinneadh, le rún, gurb é a dhéanfaid, in ionad na costais taistil a íoc, faoi fho-alt (2) den alt seo, a ndeachaigh gach duine de chomhaltaí an choiste chontae sin nó aon fhochoiste cheadaithe den choiste contae sin fúthu ag taisteal go dtí cruinnithe agus ó chruinnithe an choiste chontae sin nó an fhochoiste cheadaithe sin, suim chinnte, i leith gach cruinnithe den tsórt sin d'fhreastail sé in áit nach gaire, de bhealach ar bith, ná cúig mhíle dá áit chónaithe, a íoc le gach comhalta den tsórt sin in aghaidh gach míle a thaistil sé idir an áit sin agus an áit chónaithe sin, dá thomhas ar feadh an bhealaigh a ghabhfadh an comhalta sin de ghnáth.

(b) Féadfar rún a rith coiste contae faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm tráth ar bith le rún eile ón gcoiste contae sin.

(c) Ní bheidh éifeacht ag rún faoi mhír (a) nó mír (b) den fho-alt seo go dtí go gceadóidh an tAire é.

(d) Faid a bheas rún a rith coiste contae faoi mhír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm, ní íocfaidh an coiste contae sin. faoi fho-alt (2) den alt seo, na costais taistil faoina ndeachaigh gach duine de chomhaltaí an choiste chontae sin nó aon fhochoiste cheadaithe den choiste contae sin ag taisteal go dtí cruinnithe agus ó chruinnithe den choiste contae sin nó den fhochoiste ceadaithe sin, ach, ina ionad sin, déanfaid íocaíochta le comhaltaí d'fhreastail na cruinnithe sin do réir téarmaí an rúin sin.

(4) (a) Má dhéanann comhalta de choiste contae nó d'fhochoiste ceadaithe den choiste contae sin cruinniú den choiste contae sin nó den fhochoiste ceadaithe sin a fhreastal in áit nach gaire, de bhealach ar bith, ná trí mhíle dá áit chónaithe agus go mbeidh air, de bhíthin an fhreastail sin, bheith as baile ar feadh tréimhse leanúnaí nach giorra ná trí huaire an chloig, ansin, faoi réir forál an fho-ailt seo, íocfaidh an coiste contae sin (pé acu is gá nó nach gá don choiste contae sin, faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo (pé acu é), íocaíocht a dhéanamh leis an gcomhalta sin i leith a fhreastail ar an gcruinniú sin, agus, más gá, ansin i dteannta na híocaíochta sin) leis an gcomhalta sin, i leith na tréimhse sin, liúntas a ríomhfar do réir rialacha a n-údaraítear leis seo don Aire iad a dhéanamh.

(b) Beidh sna rialacha a dhéanfas an tAire chun críocha míre (a) den fho-alt seo fhoráil á chosc ar choiste contae liúntais a íoc, i leith na haon tréimhse, le duine is comhalta den choiste contae sin agus is comhalta freisin d'fhochoiste údaraithe den choiste contae sin.

(c) Más rud é—

(i) go mbeidh duine is comhalta d'údarás áitiúil, do réir bhrí ailt 67 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (Uimh. 24 de 1946) , ina chomhalta freisin de choiste contae nó d'fhochoiste údaraithe de choiste contae, agus

(ii) go gceangaltar ar an údarás áitiúil sin, le fo-alt (7) den alt sin 67, liúntas a íoc leis an duine sin i leith tréimhse áirithe, agus

(iii) go mbeadh an coiste contae sin, mura mbeadh an mhír seo, faoi cheangal, ag mír (a) den fho-alt seo, liúntas i leith na tréimhse sin a íoc leis an duine sin,

ansin, ní íocfaidh an coiste contae sin aon liúntas faoi mhír (a) den fho-alt seo leis an duine sin i leith na tréimhse sin.

(5) Is i scríbhinn a déanfar éileamh ar aon íocaíocht faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo agus féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an fhoirm a ordú a bheas le húsáid chun an t-éileamh sin a dhéanamh.

(6) (a) Duine a dhéanfas, nó a cheadós go ndéanfaí, ráiteas bréagach go feasach d'fhonn íocaíocht a fháil faoin alt seo dó féin nó do dhuine eile, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus, ar a chiontú ann ar an slí achomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná bliain.

(b) Duine a ciontófar i gcion faoin alt seo, beidh sé dícháilithe dá éis sin chun a thofa, nó chun bheith, ina chomhalta de choiste gairm-oideachais nó d'fhochoiste den chéanna, nó de chomhlucht is údarás áitiúil chun aon chríche de chríocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1946, arna leasú le haon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith, nó de chomhairle arna bunú le dlí i leith contae-bhuirge nó buirge eile nó de choiste de chomhairle den tsórt sin, agus beidh sé dícháilithe freisin chun oifig nó fostaíocht a shealbhú faoi choiste gairm-oideachas nó faoi chomhlucht, comhairle nó coiste den tsórt adúradh.

(7) Athghairmtear leis seo an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1943 (Uimh. 19 de 1943) .

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 to 1947, a ghairm de na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1944, agus den Acht seo le chéile.