4 1947


Uimhir 4 de 1947.


AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1946. [18ú Márta, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe agus léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1946;

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forala Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923) , arna leasú le haon achtachán iardain;

ciallaíonn an abairt “an tSeirbhís Chabhlaigh” an brainse de na Fórsaí Cosanta dá ngairmtear an tSeirbhís Chabhlaigh agus dá ngairmtí an tSeirbhís Mhuirí.

(2) Déanfar na hAchta agus an tAcht seo a léamh agus a léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá gceaptar brí áirithe leis na hAchta tá leo san Acht seo an bhrí a ceaptar dóibh amhlaidh.

Na hAchta a bhuanú.

2. —Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú leis an Acht seo, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1948, agus raghaid in éag ansin.

Céimeanna coimisiúnta sna Fórsaí Cosanta.

3. —(1) Is iad na céimeanna atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna de chéim míleata choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád de chéim míleata choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún sin roimh aon ghrád eile de chéim míleata choimisiúnta beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

(2) Is iad na céimeanna atá leagtha amach sa tríú colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna de chéim chabhlaigh choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád de chéim chabhlaigh choimisiúnta atá leagtha amach sa tríú colún sin roimh aon ghrád eile de chéim chabhlaigh choimisiúnta beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

(3) (a) Chun críocha aon achtacháin lena mbaineann an fo-alt seo nó aon scéime arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, is tuigthe gach céim chabhlaigh choimisiúnta a luaitear sa tríú colún den Táible a ghabhas leis seo a bheith ina céim atá ar comhréir leis an gcéim míleata choimisiúnta faoi seach a luaitear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán nó scéim den tsórt sin do chéim míleata choimisiúnta atá ar comhréir le céim chabhlaigh choimisiúnta a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don chéim chabhlaigh choimisiúnta sin.

(b) Baineann an fo-alt seo le haon achtachán, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó Acht ón Oireachtas.

(4) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le hoifigeach de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (5) den alt seo) céim míleata choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata coimisiúnta sin, an chéim chabhlaigh choimisiúnta atá leagtha amach sa tríú colún den Táible sin os coinne lua na céime míleata coimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

(5) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le hoifigeach de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (4) den alt seo) céim chabhlaigh choimisiúnta áirithe, go mbeidh aige, in ionad na céime cabhlaigh coimisiúnta sin, an chéim míleata choimisiúnta atá ar comhréir leis an gcéim chabhlaigh choimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

AN TAIBLE DE CHEIMEANNA COIMISIUNTA.

Uimh. Thag.

Céimeanna Míleata

Céimeanna Cabhlaigh

(1)

(2)

(3)

1

Ginearál nó (i mBéarla) General

2

Lefteanant-Ghinearál nó (i mBéarla) Lieutenant-General.

3

Maor-Ghinearál nó (i mBéarla) Major-General.

Fo-Aimiréal nó (i mBéarla) Commodore.

4

Cornal nó (i mBéarla) Colonel

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

5

Lefteanant-Chornal nó (i mBéarla) Lieutenant-Colonel.

Ceannasaí nó (i mBéarla) Commander.

6

Ceannphort nó (i mBéarla) Commandant.

Lefteanant-Cheannasaí nó (i mBéarla) Lieutenant-Commander.

7

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

8

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

Fo-Lefteanant nó (i mBéarla) Sub-Lieutenant.

9

Dara-Lefteanant nó (i mBéarla) Second-Lieutenant.

Meirgire nó (i mBéarla) Ensign.

Maoir láithreacha a bheith ina Lefteanant-Chornail agus forála iarmartacha.

4. —(1) Gach oifigeach ag a mbeidh, ar dháta an Achta seo a rith, céim choimisiúnta Mhaoir, beidh sé agus tiocfaidh sé chun bheith, ar an dáta sin, ina Lefteanant-Chornal.

(2) Aon tagairtí in aon reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas nó in aon rialacháin arna ndéanamh fúthu nó in aon Scéim arna déanamh faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do chéim Mhaoir, déanfar, ar an Acht seo a rith agus dá éis sin, iad a léiriú mar thagairtí do chéim Lefteanant-Chornail.

(3) Déanfar, chun críocha na nAcht agus aon rialachán arna ndéanamh fúthu agus chun críocha aon Scéime arna déanamh faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, seirbhís i gcéim Mhaoir a áireamh mar sheirbhís i gcéim Lefteanant-Chornail.

Céimeanna agus aicmí neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta.

5. —(1) Is iad na céimeanna atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna de chéim míleata neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád de chéim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún sin roimh aon ghrád eile de chéim míleata neamhchoimisiúnta, beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

(2) Is í an chéim atá leagtha amach sa tríú colún den Táible a ghabhas leis seo an grád de chéim chabhlaigh neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus beidh sinsearacht aici ar aon ghrád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta dá bhfuil leagtha amach sa cheathrú colún den Táible sin.

(3) Is iad na haicmí atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa cheathrú colún sin roimh aon ghrád eile d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta, beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

(4) (a) Chun críocha aon achtacháin lena mbaineann an fo-alt seo nó aon scéime arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938,—

(i) is tuigthe céim chabhlaigh Oifigigh Bharántais a bheith ina céim atá ar comhréir le céim míleata Maor-Sháirsint, agus déanfar tagairtí in aon achtachán nó scéim den tsórt sin do chéim Maor-Sháirsint a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chéim Oifigigh Bharántais;

(ii) is tuigthe gach aicme chabhlaigh a luaitear sa cheathrú colún den Táible a ghabhas leis seo a bheith ina céim atá ar comhréir leis an gcéim míleata, faoi seach, a luaitear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán nó scéim den tsórt sin do ghrád de chéim míleata neamhchoimisiúnta atá ar comhréir le grád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don ghrád sin d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta.

(b) Baineann an fo-alt seo le haon achtachán, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó Acht ón Oireachtas.

(5) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a ordú, maidir le Cór nó Seirbhís nó cuid de Chór nó de Sheirbhís, go mbeidh ag sealbhóir céime míleata neamhchoimisiúnta ann, in ionad céim a sonraítear sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo a bheith aige, pé céim ionannach eile a sonrófar sna rialacháin sin, agus, sa chás sin, déanfar tagairtí in aon achtachán lena mbaineann an fo-alt seo nó in aon scéim arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi na h Achta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do chéim a sonraítear sa dara colún sin a léiriú, maidir leis an gCór nó an tSeirbhís sin nó leis an gcuid sin den Chór nó den tSeirbhís sin, mar thagairtí don chéim ionannach a sonrófar sna rialacháin sin.

(b) Baineann an fo-alt seo le haon achtachán, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó Acht ón Oireachtas.

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ghrád d'aicme chabhlaigh a luaitear sa cheathrú colún den Táible a ghabhas leis seo a roinnt i pé cineálacha agus i pé méid cineálacha is oiriúnach leis agus féadfaidh pé tuairisc shuaithnidh is cuí leis a shannadh do gach cineál faoi leith den tsórt sin.

(7) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le comhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (8) den alt seo) céim míleata Maor-Sháirsint, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata sin, céim chabhlaigh Oifigigh Bharántais, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

(8) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le haon chomhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (7) den alt seo) céim chabhlaigh Oifigigh Bharántais, go mbeidh aige, in ionad na céime cabhlaigh sin, céim míleata Maor-Sháirsint, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

(9) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le haon chomhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a liostála nó a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (10) den alt seo) céim míleata neamhchoimisiúnta (seachas céim Maor-Sháirsint) atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata neamhchoimsiúnta sin, an grád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa cheatrú colún den Táible sin os coinne lua na céime míleata neamhchoimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

(10) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le haon chomhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a liostála nó a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (9) den alt seo) grád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa cheatrú colún den Táible a ghabhas leis seo, go mbeidh aige, in ionad an ghráid sin d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta, an chéim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible sin os coinne lua na haicme cabhlaigh neamhchoimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

AN TAIBLE DE CHEIMEANNA AGUS AICMI NEAMHCHOIMISIUNTA.

Uimh. Thag.

Céimeanna Míleata

Céimeanna Cabhlaigh

Aicmí Cabhlaigh

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Maor-Sháirsint nó (i mBéarla) Sergeant-Major.

Oifigeach Barántais nó (i mBéarla) Warrant Officer.

2

Ceathrú-Sháirsint Cathláin nó (i mBéarla) Battalion Quartermaster-Sergeant.

3

Sáirsint Complachta nó (i mBéarla) Company-Sergeant.

Ard-Mhion Oifigeach nó (i mBéarla) Chief Petty Officer.

4

Ceathrú-Sháirsint Complachta nó (i mBéarla) Company Quartermaster Sergeant.

5

Sársint nó (i mBéarla) Sergeant.

Míon-Oifigeach nó (i mBéarla) Petty Officer.

6

Ceannaire nó (i mBéarla) Corporal.

Mairnéalach Ceannais nó (i mBéarla) Leading Seaman.

7

Saighdiúir Singil nó (i mBéarla) Private.

Mairnéalach nó (i mBéarla) Seaman.

Míniú ar “oifigeach neamhchoimisiúnta”.

6. —Léireofar an abairt “oifigeach neamhchoimisiúnta”, gach áit a bhfuil sí sna hAchta nó in aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) a leasaíos na hAchta, mar abairt a chiallaíos comhalta de na Fórsaí Cosanta ag a bhfuil aon ghrád de chéim nó d'aicme atá leagtha amach ag aon uimhir thagartha (seachas uimhir thagartha 7) sa Táible a ghabhas le halt 5 den Acht seo.

Tagairtí d'aicme mhuirí a oiriúnú.

7. —Déanfar tagairtí sna hAchta d'aicme mhuirí a léiriú mar thagairtí d'aicme chabhlaigh.

Téarmaíocht na nAcht mar bhaineas leis an tSeirbhís Chabhlaigh a oiriúnú.

8. —(1) Chun téarmaíocht na nAcht, maidir lena bhfeidhm i leith na Seirbhíse Cabhlailgh, a oiriúnú do chleachtas cabhlaigh, ach gan dochar do sheasamh comhaltaí na Seirbhíse Cabhlaigh faoi na hAchta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) sna hAchta (mar bhainid leis an tSeirbhís Chabhlaigh) agus in aon orduithe, rialacha agus rialacháin (mar bhainid leis an tSeirbhís Chabhlaigh) arna ndéanamh faoi na hAchta—

(i) déanfar tagairtí (ach amháin in alt 208 den Phríomh-Acht) do dhuine faoi dhlí míleata mar oifigeach a léiriú mar thagairtí do dhuine faoi dhlí cabhlaigh mar oifigeach,

(ii) déanfar tagairtí (ach amháin in alt 209 den Phríomh-Acht) do dhuine faoi dhlí míleata mar shaighdiúir a léiriú mar thagairtí do dhuine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí,

(iii) déanfar tagairtí (ach amháin in ailt 208 agus 209 den Phríomh-Acht) do dhuine faoi dhlí míleata a léiriú mar thagairtí do dhuine faoi dhlí cabhlaigh,

(iv) déanfar tagairtí (ach amháin in alt 209 den Phríomh-Acht) do shaighdiúir a léiriú mar thagairtí do mharaí,

(v) déanfar tagairtí do smacht míleata a léiriú mar thagairtí do smacht cabhlaigh,

(vi) déanfar tagairtí d'ísliú go dtí grád níos ísle nó céim níos ísle a léiriú,—

(I) i gcás oifigigh bharántais, mar thagairtí d'ísliú go dtí grád d'aicme chabhlaigh, agus

(II) i gcás duine ag a mbeidh grád d'aicme chabhlaigh, mar thagairtí d'ísliú go dtí grád níos ísle d'aicme chabhlaigh,

(vii) déanfar tagairtí d'ísliú go dtí na ranganna a léiriú mar thagairtí d'ísliú go dtí aicme chabhlaigh mhairnéalaigh,

(viii) déanfar tagairtí d'arm-sheirbhís a léiriú mar thagairtí do sheirbhís sa chabhlach,

(ix) déanfar tagairtí do sheirbhís mhíleata a léiriú mar thagairtí do sheirbhís chabhlaigh,

(x) déanfar tagairtí do cheannas míleata a léiriú mar thagairtí do cheannas cabhlaigh;

(b) féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, pé oiriúnuithe eile is cuí leo a dhéanamh ar na hAchta (mar bhainid leis an tSeirbhís Chabhlaigh).

(2) Chun críocha na nAcht agus orduithe, rialacha agus rialachán fúthu, arna n-oiriúnú le fo-alt (1) den alt seo nó faoi—

ciallaíonn an abairt “duine faoi dhlí cabhlaigh mar oifigeach” duine—

(a) is oifigeach de na Fórsaí ag a bhfuil céim chabhlaigh, nó

(b) is oifigeach den Chúltaca Oifigeach ag a bhfuil céim chabhlaigh, nuair a hordaítear é chun dualgais a dlítear de mar oifigeach den tsórt sin, nó

(c) oifigeach den Chúltaca Oifigeach ag a bhfuil céim chabhlaigh, nuair a bhíos sé ag gabháil do thréineáil shaorálach nó á chóireáil in aon ospidéal faoi urlámhas an Aire nó nuair a bhíos sé in éide;

ciallaíonn an abairt “duine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí” aon duine—

(a) is comhalta de na Fórsaí ag a bhfuil céim chabhlaigh oifigigh bharántais nó is aicmeach cabhlaigh,

(b) is fear (dá ngairmtear cúltacaire cabhlaigh sa mhíniú seo) den Chúltaca Fear ag a bhfuil céim chabhlaigh oifigigh bharántais nó is aicmeach cabhlaigh, nuair—

(i) a gairmtear é chun tréineála nó freachnaimh, nó

(ii) a gairmtear amach é chun dualgais de chabhair ar an gcumhacht shíbhialta, nó

(iii) a gairmtear amach é chun buantseirbhíse, nó

(iv) a bhíos sé ar fostú ar seirbhís faoi orduithe oifigigh de na Fórsaí, nó

(c) is cúltacaire cabhlaigh nuair a bhíos sé ag gabháil do thréineáil shaorálach nó á choireáil in aon ospidéal faoi urlámhas an Aire nó nuair a bhíos sé in éide;

ciallaíonn an abairt “duine faoi dhlí cabhlaigh” aon duine—

(a) is duine faoi dhlí cabhlaigh mar oifigeach (mar mínítear sin sa bhfo-alt seo), nó

(b) is duine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí (mar mínítear sin so bhfo-alt seo);

ciallaíonn an focal “maraí” duine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí (mar minítear sin sa bhfo-alt seo) le linn é a bheith faoin dlí sin amhlaidh.

Tagairtí d'Fhórsaí Cosanta míleata a léiriú.

9. —In aon reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó aon Acht ón Oireachtas, léireofar tagairtí d'Fhórsaí Cosanta míleata mar thagairtí a fholaíos tagairtí don tSeirbhís Chabhlaigh.

Athghairm.

10. —Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa chéad cholún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

11. —(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Fórála Sealadacha), 1923 go 1947, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Alt 10.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 30 de 1923 .

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923

I mír (3) d'alt 3 (arna leasú le halt 3 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924 (Uimh. 38 de 1924) ), an focal “míleata”;

In alt 4 (arna leasú le halt 4 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú) 1924), an focal “míleata.”

Uimh. 11 de 1940 .

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), (Uimh. 2), 1940.

Ailt 17 agus 18.

Uimh. 3 de 1942 .

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1942.

Ailt 3, 7, 9 agus 10.