42 1947


Uimhir 42 de 1947.


ACHT TOGHCHÁIN AN tSEANAID (ROLLA-CHOMHALTAÍ), 1947.

[An tiontó oifigiúil].


ACHT DO DHÉANAMH RIALÁLA AR THOGHCHÁIN NA gCOMHALTAÍ DE SHEANAD ÉIREANN IS GÁ A THOGHADH AS ROLLAÍ D'IARRTHÓIRÍ AGUS AR THOGHCHÁIN CHUN CORRFHOLUNTAIS A LÍONADH A THARLÓS I MEASC NA gCOMHALTAÍ SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A GHABHAS NO A BHAINEAS LEIS NA TOGHCHÁIN SIN.          [19ú Nollaig, 1947].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947 , a ghairm den Acht seo.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

an rolla riaracháin.

tá leis an abairt “an rolla riaracháin” an bhrí a bheirtear di in alt 3;

an rolla talmhaíochta.

tá leis an abairt “an rolla talmhaíochta” an bhrí a bheirtear di in alt 3;

athscrúdú bliantúil.

tá leis an abairt “athscrúdú bliantúil” an bhrí a bheirtear di in alt 16;

an bord achomhairc.

tá leis an abairt “an bord achomhairc” an bhrí a bheirtear di in alt 12;

corrfholúntas.

ciallaíonn an focal “corrfholúntas” folúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann a tharla trí éag nó éirí as oifig nó teacht faoi dhícháilíocht do chomhalta de Sheanad Éireann a toghadh san olltoghchán is déanaí roimhe sin don tSeanad nó a toghadh i gcorrthoghchán don tSeanad ón uair a bhí an t-olltoghcháin is déanaí roimhe sin don tSeanad ann;

deimhniú um thoghadh sealadach.

tá leis an abairt “deimhniú um thoghadh sealadach” an bhrí a bheirtear di in alt 63;

críoch na vótaíochta.

tá leis an abairt “críoch na vótaíochta” an bhrí a bheirtear di in alt 24 nó an bhrí a bheirtear di in alt 56 (do réir mar is iomchuí);

comhlánú na rollaí.

tá leis an abairt “comhlánú na rollaí” an bhrí a bheirtear di in alt 36;

an rolla saíochta agus oideachais.

tá leis an abairt “an rolla saíochta agus oideachais” an bhrí a bheirtear di in alt 3;

toghchán don Dáil.

ciallaíonn an abairt “toghchán don Dáil” olltoghchán comhaltaí Dháil Éireann a comórfar de dhroim Dáil Éireann a lánscor;

críochnú na haimsire do mholadh ainmniúchán ginearálta chun na rollaí.

tá leis an abairt “chríochnú na haimsire do mholadh ainmniúchán ginearálta chun na rollaí” an bhrí a bheirtear di in alt 24;

críochnú na haimsire d'ainmniúcháin ón Oireachtas chun na rollaí.

tá leis an abairt “críochnú na haimsire d'ainmniúcháin ón Oireachtas chun na rollaí” an bhrí a bheirtear di in alt 24;

an rolla tionscail agus tráchtála.

tá leis an abairt “an rolla tionscail agus tráchtála” an bhrí a bheirtear di in alt 3;

an rolla oibreachais.

tá leis an abairt “an rolla oibreachais” an bhrí a bheirtear di in alt 3;

an liosta iarrthóirí.

tá leis an abairt “an liosta iarrthóirí” an bhrí a bheirtear di in alt 68;

comhalta den Oireachtas.

ciallaíonn an abairt “comhalta den Oireachtas” comhalta de Dháil Éireann nó comhalta de Sheanad Éireann;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

comhluchta ainmniúcháin.

tá leis an abairt “comhluchta ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 8;

liosta de chomhluchta ainmniúcháin.

tá leis an abairt “liosta de chomhluchta ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 28;

fo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin.

tá leis an abairt “fo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 43;

corrfholúntas bhfo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin.

ciallaíonn an abairt “corrfholúntas i bhfo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin” corrfholúntas a tharla trí éag nó éirí as oifig nó teacht faoi dhícháilíocht do chomhalta de Sheanad Éireann a toghadh san olltoghchán is déanaí roimhe sin don tSeanad as fo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin nó a toghadh i gcorrthoghchán don tSeanad chun ionad comhalta a toghadh amhlaidh san olltoghchán sin don tSeanad a líonadh (go díreach nó go neamhdhíreach);

coiste ainmniúcháin.

tá leis an abairt “coiste ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 21;

cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin.

tá leis an abairt “cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 59;

cruinniú (olltoghchán) de choiste ainmniúcháin.

tá leis an abairt “cruinniú (olltoghchán) de choiste ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 32;

fógra i dtaobh corrfholúntais.

tá leis an abairt “fógra i dtaobh corrfholúntais” an bhrí a bheirtear di in alt 55;

fo-rolla don Oireachtas.

tá leis an abairt “fo-rolla don Oireachtas” an bhrí a bheirtear di in alt 43;

corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas.

ciallaíonn an abairt “corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas” corrfholúntas a tharla trí éag, éirí as oifig nó teacht faoi dhícháilíocht do chomhalta de Sheanad Éireann a toghadh san olltoghchán is déanaí roimhe sin don tSeanad as fo-rolla don Oireachtas nó a toghadh i gcorrthoghchán don tSeanad chun ionad comhalta a toghadh amhlaidh san olltoghchán sin don tSeanad a líonadh (go díreach nó go neamhdhíreach);

rolla

tá leis an bhfocal “rolla” an bhrí a bheirtear dó in alt 3;

ordú.

ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo;

fo-rolla sealadach do chomhluchta ainmniúcháin.

tá leis an abairt “fo-rolla sealadach do chomhluchta ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 35;

an clár de chomhluchta ainmniúcháin.

tá leis an abairt “an clár de chomhluchta ainmniúcháin” an bhrí a bheirtear di in alt 8;

an rialú ar ainmniúchán.

tá leis an abairt “an rialú ar ainmniúchán” an bhrí a bheirtear di in alt 64 nó an bhrí a bheirtear di in alt 68 (pé acu is iomchuí);

corrthoghchán don tSeanad.

ciallaíonn an abairt “corrthoghchán don tSeanad” toghchán chun corrfholúntas a líonadh;

ordú corrthoghcháin don tSeanad.

tá leis an abairt “ordú corrthoghcháin don tSeanad” an bhrí a bheirtear di in alt 56;

olltoghchán don tSeanad.,

ciallaíonn an abairt “olltoghchán don tSeanad” an oiread d'olltoghchán do chomhaltaí Sheanad Éireann de bhun Airteagail 18 den Bhunreacht agus a bhaineas le toghadh na gcomhaltaí is gá do réir an Airteagail sin a thoghadh as rollaí;

ordú olltoghcháin don tSeanad.

tá leis an abairt “ordú olltoghcháin don tSeanad” an bhrí a bheirtear di in alt 24;

ceann comhairimh an tSeanaid.

tá leis an abairt “ceann comhairimh an tSeanaid” an bhrí a bheirtear di in alt 4;

fo-rolla.

tá leis an bhfocal “fo-rolla” an bhrí a bheirtear dó in alt 43.

Na rollaí.

3. —(1) San Acht seo—

nuair a húsáidtear an focal “rolla” gan a cháiliú ciallaíonn sé rolla iarrthóirí arna chóiriú de bhun fo-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht;

ciallaíonn an abairt “an rolla saíochta agus oideachais” an rolla ar gá do réir an fho-ailt sin 1° go mbeidh air ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo a leanas, eadhon, an Ghaeilge agus an tsaíocht náisiúnta, litríocht, ealaíonacht, oideachas agus pé garma a léireofar le dlí chun críche an rolla seo;

ciallaíonn an abairt “an rolla talmhaíochta” an rolla ar gá do réir an fho-ailt sin 1° go mbeidh air ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo a leanas, eadhon, talmhaíocht, maille le gnóthaí a bhaineas léi, agus iascaireacht;

ciallaíonn an abairt “an rolla oibreachais” an rolla ar gá do réir an fho-ailt sin 1° go mbeidh air ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo a leanas, eadhon, oibreachas, cibé comheagraithe é nó nach ea;

ciallaíonn an abairt “an rolla tionscail agus tráchtála” an rolla ar gá do réir an fho-ailt sin 1° go mbeidh air ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo a leanas, eadhon, tionscal agus tráchtáil ar a n-áirítear bancaeracht, airgeadas, cuntasaíocht, innealltóireacht agus foirgníocht;

ciallaíonn an abairt “an rolla riaracháin” an rolla ar gá do réir an fho-ailt sin 1° go mbeidh air ainmneacha daoine ag a mbeidh eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí seo a leanas, eadhon, riarachán poiblí agus seirbhísí comhdhaonnacha, agus obair chomhdhaonnach dheontach d'áireamh.

(2) Léirítear leis seo gurb iad is garma chun críocha an rolla shaíochta agus oideachais ná—

(a) an dlí, agus

(b) an mhíochaine, ar a n-áirítear an mháinliacht, an fhiaclóireacht, an mhíochaine thréidliachta, agus an cheimíocht íceolaíochta.

Ceann comhairimh an tSeanaid.

4. —(1) Is é an duine a shealbhós de thuras na huaire oifig Chléireach Sheanaid Éireann is ceann comhairimh an tSeanaid chun críocha an Achta seo.

(2) Beidh de dhualgas ar cheann comhairimh an tSeanaid gach olltoghchán don tSeanad agus gach corrthoghchán don tSeanad a stiúrú, na vótanna a bhéarfar ann a chomhaireamh, a thoradh d'fhionnachtain agus a dhearbhú do réir an Achta seo, agus pé nithe eile a dhéanamh maidir le gach toghchán den tsórt sin is gá dhó do réir an Achta seo a dhéanamh.

(3) Íocfaidh an tAire Airgeadais le ceann comhairimh an tSeanaid, as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, méid a éilithe réasúnacha, gan a dhul thar pé méid a cheadós an tAire sin, i leith comhlíonadh a dhualgas faoin Acht seo ag ceann comhairimh an tSeanaid.

(4) Má bhíonn agus faid a bheas oifig Chléireach Sheanad Éireann folamh nó sealbhóir na hoifige sin neamhábalta, de dheasca breoiteachta, toisc é a bheith as láthair nó ar chúis eile, ar a dhualgais a chomhlíonadh, gníomhóidh Leas-Chléireach Sheanad Éireann mar cheann comhairimh an tSeanaid agus beidh éifeacht dá réir sin ag tagairtí san Acht seo do cheann comhairimh an tSeanaid.

Rialacháin.

5. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú aon ní nó ruda dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú.

Costais.

6. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

7. —Athghairmtear leis seo Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937) , agus Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta) (Toghcháin Chorra), 1940 (Uimh. 20 de 1940) .

CUID II.

An Clar de Chomhluchta Ainmniuchain.

Clár de chomhluchta ainmniúcháin a bhunú agus a chothabháil.

8. —(1) Déanfar clár (dá ngairmtear an clár de chomhluchta ainmniúcháin san Acht seo) de chomhluchta (dá ngairmtear comhluchta ainmniúcháin san Acht seo), a bheas i dteideal daoine d'ainmniú chun na rollaí iarrthóirí chun críocha gach olltoghcháin don tSeanad, a bhunú agus a chothabháil do réir an Achta seo.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis an gclár de chomhluchta ainmniúcháin:

(a) is sa bhfoirm is cuí le ceann comhairimh an tSeanaid a bheas an clár;

(b) ní bheidh comhlucht inchláruithe sa chlár i leith aon rolla áirithe mura rud é—

(I)  (i) go mbaineann nó go ngabhann a chuspóirí go príomha leis na gnóthaí agus na seirbhísí a luaitear i bhfo-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht i leith an rolla áirithe sin, agus

(ii) go baineann a ghníomhachais go príomha leis na gnóthaí agus na seirbhísí sin, nó

(II) go bhfuil a chomhaltaí ionadaitheach do dhaoine ag a bhfuil eolas agus cleachtadh ar na gnóthaí agus na seirbhísí sin;

(c) ní hinchláruithe sa chlár aon chomhlucht a bunaítear nó a seoltar go hiomlán nó go substainteach chun brabús a dhéanamh, nó arb é is aon-fheidhm nó príomh-fheidhm dó aon trádáil nó gnó a sheoladh chun brabús a dhéanamh;

(d) féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid diúltú d'aon chomhlucht (nach comhlucht eiscithe) a chlárú sa chlár mura rud é—

(I) go bhfuil a eagraíocht agus a stiúrú faoi réir airteagal comhlachais, rialacha nó rialachán eile—

(i) a fhorálas go dtionólfar cruinniú ginearálta bliantúil a dtabharfar cuireadh chuige do gach comhalta trí fhógra a mbeidh clár gnótha ann ina mbeidh na nithe seo a leanas, is é sin le rá, miontuairiscí an chruinnithe roimhe sin, tíolacadh na tuarascála bliantúla, breithniú an ráitis chuntas arna dheimhniú ag an iniúchóir, toghadh coiste feidhmiúcháin, toghadh iniúchóirí,

(ii) a dhéanas leor-shocrú chun coiste feidhmiúcháin do sheoladh gnótha an chomhluchta, agus

(iii) a fhorálas go ndéanfar na cuntais d'iniúchadh agus a dheimhniú ag iniúchóir poiblí nó duine cáilithe eile, agus

(II) nár lú ná míle punt sa bhliain i gcás comhluchta charthanais, nó dhá chéad go leith punt sa bhliain i gcás ar bith eile, a mheán-ioncam ó shíntiúis sna cúig bliana díreach roimh an gclárú d'iarraidh,

ach sin faoi réir an phrovíso go mbeidh na ceanglais atá leagtha amach sa mhír seo maidir le toghadh iniúchóirí, le foráil i dtaobh iniúchta agus ioncaim bhliantúil gan feidhm a bheith acu i gcás na gcomhlucht a bhíos ag gabháil d'fhorbairt na heolaíochta nó an eolais i gcoitinne agus ar dóigh le ceann comhairimh an tSeanaid tábhacht náisiúnta a bheith ag baint leo;

(e) ní hinchláruithe sa chlár aon chomhlucht ar daoine ar fostú ag an Stát nó daoine ar fostú ag údaráis áitiúla atá ann ar fad nó go formhór agus is comhlucht ar cuspóir dá chuid leas na ndaoine sin, maidir leis an bhfostaíocht sin acu, a chur ar aghaidh nó a chosaint;

(f) gach comhlucht a clárófar sa chlár is i leith aon rolla amháin a clárófar amhlaidh iad;

(g) lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an bhfo-alt seo, ní clárófar aon chomhlucht sa chlár ach de bhun iarratais chuige sin arna dhéanamh ag an gcomhlucht sin do réir an Achta seo;

(h) clárófar Comh-Chomhairle Chomhairlí Contae na hÉireann agus Comhlachas Údarás Bardasacha na hÉireann sa chlár i leith an Chláir riaracháin gan aon iarratas, agus ní clárófar aon chomhlucht eile sa chlár i leith an rolla sin murab iad is cuspóirí agus gníomhachais dó, go hiomlán nó go substainteach, seirbhísí comhdhaonnacha deontacha de chineál carthannach nó almsaineach.

(3) I mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo ciallaíonn an abairt “comhlucht eiscithe” comhlucht—

(a) is comhlucht a bunaíodh faoi Acht ón Oireachtas chun aon chríche acu seo a leanas:

(i) cáilíochta gairmiúla nó iompar gairmiúil a rialú nó d'fhollúnú;

(ii) saoráidí saíochta nó oideachais a chur ar fáil nó d'fheabhsú; nó

(b) is eagras saíochta nó oideachais nó eagras gairmiúil atá ag fáil deontais a vótáil an tOireachtas dó go sonrach.

(4) Is údarás áitiúil chun críocha an ailt seo gach comhlucht acu seo a leanas, agus na comhluchta sin amháin:

(a) comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh, coimisinéirí baile nó údarás cúnaimh phoiblí,

(b) coiste nó comhchoiste d'aon chomhlucht nó comhluchta, nó arna cheapadh ag aon chomhlucht nó comhluchta, acu sin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo.

Iarratais ar chlarú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin.

9. —(1) Aon chomhlucht ar mian leis go gclárofaí é sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin i leith aon rolla áirithe agus a bheas á éileamh go bhfuil sé inchláruithe sa chlár sin i leith an rolla sin, féadfaidh sé sin d'iarraidh ar cheann comhairimh an tSeanaid do réir an ailt seo.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hiarratais ar chlárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin le linn an clár sin d'ullmhú:

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar iarratais sa bhfoirm ordaithe a sholáthrós ceann comhairimh an tSeanaid, a déanfar an t-iarratas;

(b) arna iarraidh sin air d'aon chomhlucht a bheartós clárú d'iarraidh, bhéarfaidh ceann comhairimh an tSeanaid páipéar iarratais chuige sin don chomhlucht sin in aisce;

(c) déanfar an t-iarratas a sheachadadh do cheann comhairimh an tSeanaid nó a chur chuige leis an bpost ag a oifig ar an dáta nó roimh an dáta a sonrófar chuige sin sa bhfógra a foilseofar faoi alt 10 den Acht seo agus ní ghlacfaidh ná ní bhreithneoidh ceann comhairimh an tSeanaid aon iarratas a gheofar san oifig sin tar éis an dáta sin;

(d) luafar san iarratas an rolla ar mian leis an iarratasóir go gclarófaí é ina leith agus na forais ar a bhfuil an t-iarratasóir á éileamh go bhfuil sé inchláruithe;

(e) luafar san iarratas freisin gach eolas i dtaobh an iarratasóra a hiarrfar i bhfoirm ordaithe an pháipéir iarratais.

Fógra d'fhoilsiú go bhfuil an clár de chomluchta ainmniúcháin á ullmhú.

10. —A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, foilseoidh ceann comhairimh an tSeanaid, i ngach nuachtán laethúil maidne a foilsítear sa Stát agus sna nuachtáin laethúla eile (más ann) a mheasfas sé, le ceadú an Aire, is cuí, fógra sa bhfoirm ordaithe á fhógairt go poiblí go bhfuil an clár de chomhluchta ainmniúcháin á ullmhú, agus ag tabhairt an eolais (lena n-áirítear an dáta deiridh chun glacadh le hiarratais ar chlárú) agus na dtreoracha a mheasfas an tAire is cuí i dtaobh iarratas ar chlárú.

An clár de chomhluchta ainmniúcháin d'ullmhú,

11. —(1) A luaithe is féidir tar éis an lae a hordófar don alt seo, agus ar aon chuma ar dháta nach déanaí ná cheithre lá dhéag dá éis sin, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid an clár de chomhluchta ainmniúcháin agus chuige sin—

(a) scrúdóidh gach iarratas ar chlárú a gheobhaidh sé go cuí, agus

(b) dílamhálfaidh gach iarratas a chífear dó a bheith neamhrialta ina fhoirm agus gach iarratas nach gcruthóidh an t-iarratasóir chun a shástachta go bhfuil an t-iarratasóir inchláruithe i leith an rolla lena mbaineann an t-iarratas,

(c) féadfaidh aon iarratais a dhílamháil a húdaraítear dó leis na forála ina dhiaidh seo den alt seo a dhílamháil, agus

(d) lamhálfaidh gach iarratas nach ndílamhálfaidh sé de bhun na bhforál roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid a cheangal ar aon iarratasóir a iarrfas clárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin gach eolas, i dtaobh clárú an iarratasóra, a thabhairt dó a theastós uaidh do réir réasúin chun go gcinnfidh sé cé acu a lamhálfas nó a dhílamhálfas sé an t-iarratas, agus féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid iarratas a dhílamháil ó aon iarratasóir a fhailleos nó a dhiúltós aon eolas áirithe a thabhairt a ceanglófar air faoin alt seo a thabhairt.

(3) Is dleathach do cheann comhairimh an tSeanaid iarratas ar chlárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin a dhílamháil a dhéanfas aon chomhlucht is brainse nó comhlucht cleamhnaithe nó fo-chomhlucht do chomhlucht atá cláraithe cheana sa chlár nó ar lamháil sé a iarratas ar an gclárú sin.

(4) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo maidir le gach athscrúdú bliantúil ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin chomh maith le céad-ullmhú an chláir sin.

(5) Cheithre lá déag ar a dhéanaí tar éis an lae a hordófar don alt seo, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid leis an bpost, go dtí gach comhlucht d'iarr clárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin (pé acu a lamháladh nó a dílamháladh a n-iarratas), cóip den chlár arna ullmhú ag ceann comhairimh an tSeanaid faoin alt seo.

(6) I gcás ina ndílamhálfaidh ceann comhairimh an tSeanaid iarratas ar chlárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin, déanfaidh sé, arna iarraidh sin air don chomhlucht a rinne an t-iarratas, ráiteas ar na cúiseanna a bhí aige leis an dílamháil a thabhairt don chomhlucht.

(7) I gcás ina ndéanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid iarratas ar chlárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin a dhílamháil faoin alt seo toisc nár chruthaigh an t-iarratasóir chun a shástachta go raibh an t-iarratasóir inchláruithe i leith an rolla lena mbaineann an t-iarratas, ansin, chun críocha fo-ailt (6) den alt seo, is leor-ráiteas ar fhátha na dílamhála ráiteas sa chéill sin ó cheann comhairimh an tSeanaid.

(8) Nuair a lamhálfas nó a dhílamhálfas ceann comhairimh an tSeanaid aon iarratas ar chlárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin, is breith chríochnaitheach dosháruithe an lamháil nó an dílamháil sin, agus ní féadfar achomharc a dhéanamh ina coinne ach amháin mar foráltar leis an Acht seo.

An Bord Achomhairc,

12. —(1) Beidh bord (dá ngairmtear an bord achomhairc san Acht seo) ann chun achomhairc d'éisteacht ó bhreitheanna a bhéarfas ceann comhairimh an tSeanaid faoin gCuid seo den Acht seo.

(2) Cúigear comhaltaí a bheas ar an mbord achomhairc, eadhon:—

(a) cathaoirleach, is breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt arna ainmniú ag an bPríomh-Bhreitheamh,

(b) Cathaoirleach Dháil Éireann,

(c) Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann,

(d) Cathaoirleach Sheanad Éireann,

(e) Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann.

(3) Triúr is córam do chruinniú den bhord achomhairc.

(4) Féadfaidh an bord achomhairc gníomhú d'ainneoin aon fholúntais ina líon.

(5) Faoi réir forál sainráite an Achta seo, rialóidh an bord achomhairc a nós imeachta féin.

Achomairc chun an bhoird achomhairc maidir leis an gclár de chomhluchta ainmniúcháin d'ullmhú.

13. —(1) Aon iarratasóir ar chlárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin a ndéanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an t-iarratas uaidh ar chlárú a dhílamháil le linn dó an clár d'ullmhú, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh do réir an ailt seo chun an bhoird achomhairc i gcoinne na dílamhála.

(2) Aon iarratasóir a iarrfas clárú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin le linn an clár sin d'ullmhú i leith aon rolla áirithe (pé acu a lamháil nó a dhílamháil ceann comhairimh an tSeanad an t-iarratas uaidh ar chlárú), féadfaidh sé achomharc a dhéanamh do réir an ailt seo chun an bhoird achomhairc i gcoinne ceann comhairimh an tSeanaid do lamháil iarratais aon iarratasóra eile ag iarraidh an chláruithe sin i leith an rolla chéanna.

(3) Aon achomharc a déanfar faoin alt seo chun bhoird achomhairc is i scríbhinn a déanfar é agus luafar ann forais an achomhairc agus seachadfar do Chléireach Dháil Éireann é nó cuirfear chuige leis an bpost é an lá nó roimh an lá a hordófar don alt seo, agus ní ghlacfaidh ná ní bhreithneoidh an bord achomhairc aon achomharc den tsórt sin a gheobhas Cléireach Dháil Éireann tar éis an lae sin.

(4) Beidh achomharc faoin alt seo ar fáil chun a iniúchta ag ceann comhairimh an tSeanaid gach tráth oiriúnach.

Breith ar achomhairc maidir leis an gclár de chomhluchta ainmniúcháin d'ullmhú.

14. —(1) Breithneoidh an bord achomhairc gach achomharc a déanfar go cuí faoi alt 13 den Acht seo agus déanfaid, maidir le gach achomharc den tsórt sin, aisiompó ar an mbreith ó cheann comhairimh an tSeanaid is abhar don achomharc nó an t-achomharc a dhílamháil.

(2) Nuair a bheas an bord achomhairc ag breithniú achomhairc arna dhéanamh faoi alt 13 den Acht seo, breithneoid—

(a) na forais a luadh de bhun fo-ailt (3) den alt seo don achomharc, agus na forais sin amháin, agus

(b) pé eolas (más ann) a cuireadh ar fáil do cheann comhairimh an tSeanaid, agus an t-eolas sin amháin.

(3) Ní dhéanfaidh an bord achomhairc aisiompó faoin alt seo ar aon bhreith ó cheann comhairimh an tSeanaid mura mbíonn tromlach na gcomhaltaí a bheas i láthair i bhfábhar an aisiompuithe.

(4) Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid pé eolas agus cúnamh, maidir le gach achomharc a breithneofar de bhun an ailt seo, a thabhairt don bhord achomhairc a cheanglós an Bord air do réir réasúin.

(5) Is breith chríochnaitheach dosháruithe breith an bhoird achomhairc ar aon achomharc a breithneofar de bhun an ailt seo.

An clár de chomhluchta ainmniúcháin a chomhlánú agus d'fhoilsiú.

15. —(1) Mura ndéantar aon achomharc go cuí chun an bhoird achomhairc faoi alt 13 den Acht seo, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann sin in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid an lá a hordófar don alt seo agus air sin síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid, agus foilseoidh san Iris Oifigiúil, an clár de chomhluchta ainmniúcháin d'ullmhaigh sé faoi na forála roimhe seo den Acht seo.

(2) Má déantar aon achomharc go cuí chun an bhoird achomhairc faoi alt 13 den Acht seo cuirfidh an bord in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid a mbreith (más ann) ar gach achomharc den tsórt sin agus leis sin déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid pé leasú (más ann) ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin d'ullmhaigh sé faoi na forála roimhe seo den Chuid seo den Acht seo is gá chun éifeacht a thabhairt don bhreith sin agus, nuair a bheas breith tugtha ar gach achomharc den tsórt sin agus a bheas na breitheanna (más ann) orthu curtha in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid agus a bheas deighleálta aige leo, síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid an clár de chomhluchta ainmniúcháin arna ullmhú agus arna leasú aige (má leasaíodh) mar adúradh agus foilseoidh san Iris Oifigiúil é a luaithe is caothúil.

(3) Is clár críochnaitheach dosháruithe an clár de chomhluchta ainmniúcháin mar foilseofar san Iris Oifigiúil de bhun an ailt seo é agus ní hinchurtha faoi léirmheas é ag cúirt ar bith, agus beidh sé i bhfeidhm don chéad olltoghchán don tSeanad a bheas ann tar éis a chéad-fhoilsithe agus do gach olltoghchán ina dhiaidh sin don tSeanad, ach amháin go ndéanfar athscrúdú bliantúil air mar foráltar leis an Acht seo.

Athscrúdú bliantúil an chláir de chomhluchta ainmniúcháin.

16. —(1) Foilseoidh ceann comhairimh an tSeanaid, an lú lá, nó aon lá ina dhiaidh sin nach déanaí ná an 15ú lá, d'Eanáir sa bhliain i ndiaidh na bliana a hullmhófar an clár de chomhluchta ainmniúcháin agus i ngach bliain ina dhiaidh sin, i ngach nuachtán laethúil maidne a foilsítear sa Stát agus i pé nuachtáin laethúla eile (más ann) a mheasfas an t-oifigeach sin, le ceadú an Aire, is cuí, fógra sa bhfoirm ordaithe á fhógairt go poiblí go ngabhfaidh ceann comhairimh an tSeanaid chuige, an 15ú lá d'Fheabhra dar gcionn nó, más Domhnach an lá sin, an 16ú lá d'Fheabhra dar gcionn, athscrúdú an chláir de chomhluchta ainmniúcháin, agus ag tabhairt pé eolais agus treoracha is cuí leis an Aire maidir le hiarratais ar iontrála a chur sa chlár sin nó a bhaint as nó a leasú.

(2) Aon chomhlucht ná beidh cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin agus ar mian leis go gclárófaí é i leith aon rolla áirithe sa chlár sin agus a bheas á éileamh go bhfuil sé inchláruithe amhlaidh, agus aon chomhlucht a bheas cláraithe sa chlár sin agus ar mian leis go mbainfí dhe é nó go leasófaí in aon tslí an iontráil ina thaobh sa chlár sin, féadfaidh sé a iarraidh ar cheann comhairimh an tSeanaid sa bhfoirm ordaithe, i rith na tréimhse dar tosach an 15ú lá d'Eanáir agus dar críoch an 15ú lá d'Fheabhra sa bhliain i ndiaidh na bliana a hullmhófar an clár de chomhluchta ainmniúcháin nó in aon bhliain dá éis sin, an clárú, an díchlárú nó an leasú sin, pé acu é, a dhéanamh.

(3) Ar an 15ú lá d'Fheabhra nó, más Domhnach an lá sin, ar an 16ú lá d'Fheabhra, sa bhliain i ndiaidh na bliana a hullmhófar an clár de chomhluchta ainmniúcháin agus i ngach bliain dá éis sin, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid athscrúdú (dá ngairmtear athscrúdú bliantúil san Acht seo) ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin—

(a) trí gach comhlucht a chlárú sa chlár is comhlucht a iarrfas go cuí faoin alt seo é a chlárú amhlaidh san athscrúdú bliantúil sin agus ná dílamhálfaidh sé a iarratas,

(b) trí chlárú gach comhluchta a bhaint den chlár is comhlucht a chífear dó a bheith tar éis scor de bheith ann nó tar éis scor de bheith inchláruithe nó a bhfeicfear dó gur gá agus gur cuí é a bhaint den chlár toisc gur lamháladh iarratas comhluchta eile ar chlárú, agus

(c) trí gach leasú a dhéanamh ar an gclár a chífear dó, de bhuaidh iarratas faoin alt seo nó eile, a bheith riachtanach nó cuí.

(4) Dílamhálfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach iarratas faoin alt seo a chífear dó a bheith neamhrialta ina fhoirm agus gach iarratas faoin alt seo ar chlárú i leith rolla nach gcruthóidh an t-iarratasóir chun a shástachta go bhfuil an t-iarratasóir inchláruithe ina leith.

(5) Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid pé fiosruithe a dhéanamh is cuí leis chun críche aon athscrúduithe bhliantúil ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin agus féadfaidh, in aon athscrúdú bliantúil, pé díchláruithe agus leasuithe a dhéanamh sa Chlár de Chomhluchta ainmniúcháin a chífear dó, de bhíthin na bhfiosruithe sin, a bheith riachtanach nó cuí, ach ní dhéanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid aon díchlárú ná leasú den tsórt sin gan fógra ina thaobh a thabhairt don chomhlucht lena mbainfidh sé ná gan caoi réasúnach a thabhairt don chomhlucht sin ar uiríolla ina thaobh a chur faoina bhráid.

(6) I ngach cás ina gcinnfidh ceann comhairimh an tSeanaid go lamhálfaidh nó go ndílamhálfaidh aon iarratas faoin alt seo ag iarraidh cláruithe, díchláruithe nó leasuithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin, agus i ngach cás ina gcinnfidh ceann comhairimh an tSeanaid, san athscrúdú bliantúil, díchlárú nó leasú a dhéanamh sa chlár sin ar shlí seachas de dhroim iarratais faoin alt seo, is cinneadh críochnaitheach dosháruithe a chinneadh, agus ní féadfar achomharc a dhéanamh ina choinne ach amháin mar foráltar leis an Acht seo.

Achomhairc chun an bhoird achomhairc maidir leis an athscrúdú bliantúil.

17. —(1) Lá nach déanaí ná an lú lá de Mhárta sa bhliain i ndiaidh na bliana a hullmhófar an clár de chomhluchta ainmniúcháin agus i ngach blian dá éis sin, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid mar leanas—

(a) cuirfidh in iúl do gach comhlucht d'iarr clárú, díchlárú nó leasú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin san athscrúdú bliantúil sa bhliain sin cé acu lamháil nó a dhílamháil sé an t-iarratas agus, má dhílamháil sé é, cad iad na fátha a bhí aige leis, agus

(b) bhéarfaidh, do gach comhlucht lena mbainfidh aon díchlárú nó leasú sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin a rinne sé san athscrúdú bliantúil sa bhliain sin, ar shlí seachas de dhroim iarratais ón gcomhlucht sin, sonraí ar an díchlárú nó an leasú sin agus na fátha a bhí aige leis.

(2) Féadfaidh aon duine acu seo a leanas achomharc a dhéanamh chun an bhoird achomhairc i gcoinne na mbreitheanna sin ó cheann comhairimh an tSeanaid, in athscrúdú bliantúil, a sonraítear anseo ina dhiaidh seo, is é sin le rá:—

(a) i gcás ina ndílamhálfar iarratas, an comhlucht a rinne an t-iarratas,

(b) i gcás ina lamhálfar iarratas ar chlárú, aon chomhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin, agus aon chomhlucht d'iarr, san athscrúdú bliantúil, go gclárófaí iad sa chlár sin, pé acu lamháladh nó dílamháladh an t-iarratas,

(c) i gcás ina ndéanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid díchlárú nó leasú sa chlár de chomhluchta ainmniú cháin, ar shlí seachas de dhroim iarratais faoin Acht seo, an comhlucht lena mbainfidh an díchlárú nó an leasú.

(3) Aon achomharc a déanfar faoin alt seo chun an bhoird achomhairc is i scríbhinn a déanfar é agus luafar ann na forais ar a ndéantar é agus seachadfar do Chléireach Dháil Éireann nó cuirfear chuige leis an bpost é an 15ú lá, nó roimh an 15ú lá, de Mhárta sa bhliain inar tugadh an bhreith is abhar don achomharc.

(4) Beidh achomharc faoin alt seo ar fáil chun a iniúchta ag ceann comhairimh an tSeanaid gach tráth oiriúnach.

(5) I gcás ina ndéanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid iarratas ar chlárú i leith rolla a dhílamháil faoi alt 16 den Acht seo toisc nár chruthaigh an t-iarratasóir chun a shástachta go raibh an t-iarratasóir inchláruithe amhlaidh, ansin, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, is leor-ráiteas ar fhátha na dílamhála ráiteas sa chéill sin.

(6) I gcás ina ndéanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid clárú comhluchta a dhíchlárú faoi alt 16 den Acht seo ar an bhforas go bhfuil an comhlucht tar éis scor de bheith inchláruithe amhlaidh, ansin, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo is leor-ráiteas ar fhorais an díchláruithe ráiteas sa chéill sin.

Breith ar achomhairc maidir leis an athscrúdú bliantúil.

18. —(1) Breithneoidh an bord achomhairc gach achomharc a déanfar chucu go cuí faoi alt 17 den Acht seo agus déanfaid, maidir le gach achomharc den tsórt sin, aisiompó ar an mbreith ó cheann comhairimh an tSeanaid is abhar don achomharc nó an t-achomharc a dhílamháil.

(2) Nuair a bheas an bord achomhairc ag breithniú achomhairc arna dhéanamh faoi alt 17 den Acht seo breithneoid—

(a) na forais a luadh de bhun fo-ailt (3) den alt sin don achomharc, agus na forais sin amháin, agus

(b) pé eolas (más ann) a cuireadh ar fáil do cheann comhairimh an tSeanaid, agus an t-eolas sin amháin.

(3) Ní dhéanfaidh an bord achomhairc aisiompó faoin alt seo ar aon bhreith ó cheann comhairimh an tSeanaid mura mbíonn tromlach na gcomhaltaí a bheas i láthair i bhfábhar an aisiompuithe.

(4) Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid pé eolas agus cúnamh, maidir le gach achomharc a breithneofar de bhun an ailt seo, a thabhairt don bhord achomhairc a cheanglós an Bord air do réir réasúin.

(5) Is breith chríochnaitheach dosháruithe breith an bhoird achomhairc ar aon achomharc a breithneofar de bhun an ailt seo.

An t-athscrúdú bliantúil a chríochnú.

19. —(1) Lá nach déanaí ná an 20ú lá de Mhárta sa bhliain i ndiaidh na bliana a hullmhófar an clár de chomhluchta ainmniúcháin agus i ngach bliain dá éis sin, athscrúdóidh ceann comhairimh an tSeanaid an clár de chomhluchta ainmniúcháin i pé slí is gá chun éifeacht a thabhairt do gach breith a thug sé san athscrúdú bliantúil sa bhliain sin agus nach ndearnadh aon achomharc ina coinne chun an bhoird achomhairc laistigh den aimsir a ceaptar chuige sin san Acht seo, agus gach athscrúdú a déanfar amhlaidh tiocfaidh sé i bhfeidhm an 21ú lá de Mhárta sa bhliain ina ndéanfar é.

(2) Cuirfidh Cléireach Dháil Éireann in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid gach breith a bhéarfas an bord achomhairc ar achomharc a breithneofar de bhun ailt 18 den Acht seo, agus déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid láithreach pé athscrúdú (más ann) ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin is gá chun éifeacht a thabhairt don bhreith sin, agus gach athscrúdú a déanfar amhlaidh tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá i ndiaidh an lae a déanfar é.

(3) A luaithe a bheas aon athscrudú bliantúil ar an gclár de chomhluchta ainmniúcháin críochnaithe do réir na Coda seo den Acht seo, síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid, agus foilseoidh san Iris Oifigiúil, an clár arna athscrúdú san athscrúdú bliantúil, agus beidh an clár a foilseofar amhlaidh ina fhianaise dosháruithe ar na hathruithe a rinneadh sa chlár san athscrúdú bliantúil.

Dáille d'íoc ar achomharc chun an bhoird achomhairc.

20. —(1) Gach comhlucht a dhéanfas achomharc chun an bhoird achomhairc íocfaidh sé táille fiche punt le Cléireach Dháil Éireann, agus is coinníoll nach foláir a chomhlíonadh sar a nglaca an bord achomhairc an t-achomharc an táille sin d'íoc roimh chríochnú na haimsire a ceaptar leis an Acht seo chun an t-achomharc sin a chur go dtí Cléireach Dháil Éireann nó a sheachadadh dhó.

(2) Gach táille a híocfar le Cléireach Dháil Éireann de bhun an ailt seo coinneoidh sé í go dtí go mbeidh breith tugtha ag an mbord achomhairc ar an achomharc ar híocadh an táille ina thaobh, agus—

(a) má aisiompaíonn an bord achomhairc an bhreith ó cheann comhairimh an tSeanaid is abhar don achomharc, aisíocfaidh Cléireach Dháil Éireann an táille láithreach leis an achomharcach d'íoc leis í, agus

(b) i ngach cás eile, déanfaidh Cléireach Dháil Éireann an táille d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

(3) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices (Fees) Act, 1879, maidir le táillí is iníoctha faoin alt seo.

CUID III.

Na Coisti Ainmniuchain.

Coistí ainmniúcháin a bhunú agus a chothabháil.

21. —(1) Bunófar agus cothabhálfar i leith gach rolla faoi leith buanchoiste ar a dtabharfar agus dá ngairmtear san Acht seo an coiste ainmniúcháin don rolla sin.

(2) Aon chomhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe de thuras na huaire sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin beidh sé i dteideal cúigear comhaltaí den choiste ainmniúcháin a cheapadh don rolla ar ina leith a bheas an comhlucht ainmniúcháin sin cláraithe amhlaidh.

(3) Bunóidh ceann comhairimh an tSeanaid a luaithe is féidir tar éis an clár de chomhluchta ainmniúcháin d'fhoilsiú de bhun ailt 15 den Acht seo, agus cothabhálfaidh dá éis sin, clár maidir le gach coiste ainmniúcháin faoi leith ag lua comhaltaí an choiste sin, agus beidh gach clár den tsórt sin ina fhianaise dosháruithe ar chomhaltas an choiste lena mbaineann sé.

(4) Aon chlár a bheas á chothabháil faoi fho-alt (3) den alt seo de chomhaltaí coiste ainmniúcháin luafar ann, maidir le gach comhalta acu sin, a sheoladh poist mar luadh sin ina cheapachán nó mar chuir sé in iúl é ina dhiaidh sin faoin Acht seo, agus gach fógra is gá do réir an Achta seo do cheann comhairimh an tSeanaid a chur go dtí aon chomhalta acu sin, cuirfear é leis an bpost réamhíoctha arna dhíriú chuige ag a sheoladh poist mar luadh sin amhlaidh.

(5) Is é is córam do choiste ainmniúcháin an ceathrú cuid dá gcomhaltaí nó triúr comhaltaí (pé acu sin is mó).

Comhaltaí coiste ainmniúcháin a cheapadh.

22. —(1) Aon chomhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin ar an gclár sin d'fhoilsiú de bhun ailt 15 den Acht seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis an fhoilsithe sin, triúr a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den choiste ainmniúcháin don rolla ar ina leith a bheas an comhlucht sin cláraithe amhlaidh.

(2) Aon chomhlucht a ndéanfar, tar éis an clár de chomhluchta ainmniúcháin d'fhoilsiú de bhun ailt 15 den Acht seo, é a chlárú mar chomhlucht ainmniúcháin sa chlár sin, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis a chláruithe amhlaidh, cúigear a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den choiste ainmniúcháin don rolla ar ina leith a bheas an comhlucht sin cláraithe amhlaidh.

(3) I gcás comhalta a ceapadh ag comhlucht ainmniúcháin chun coiste ainmniúcháin do scor de bheith ina chomhalta den tsórt sin de dheasca é d'fháil bháis, é a bhreithniú ina fhéimhí nó a chiontú i gcion indíotálta, nó é a scor de bheith ina chomhalta den chomhlucht, déanfaidh an comhlucht, a luaithe is caothúil, duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(4) Nuair a dhéanfas comhlucht ainmniúcháin duine a cheapadh ina chomhalta de choiste ainmniúcháin—

(a) is i scríbhinn a déanfar an ceapachán, agus

(b) más comhlucht corpraithe an comhlucht ainmniúcháin, greamófar séala an chomhluchta den cheapachán sa tslí agus fara na contra-shínithe is gá do réir bunreachta, airteagal comhlachais nó rialachán eile an chomhluchta, nó mura comhlucht corpraithe an comhlucht ainmniúcháin síneofar é in ainm an chomhluchta ag duine éigin ag a mbeidh údarás chun síniú san ainm sin, agus

(c) luafar sa cheapachán ainm, seoladh poist, agus tuairisc an cheapthaí agus beidh ráiteas ann faoi láimh an cheapthaí, á rá go dtoilíonn sé leis an gceapachán, agus

(d) cuirfidh an comhlucht ainmniúcháin sin an ceapachán go dtí ceann comhairimh an tSeanaid, agus

(e) beidh éifeacht ag an gceapachán amhail ón uair a gheobhaidh ceann comhairimh an tSeanaid é.

(5) Más ag cruinniú bliantúil de chomhlucht ainmniúcháin a dhéanfas an comhlucht ainmniúcháin comhaltaí de choiste ainmniúcháin a chéad-cheapadh ceapfaidh an comhlucht ag an gcruinniú sin an lá dá chéad chruinniú bliantúil eile agus cuirfear an lá a ceapfar in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid agus ní bheidh sé níos sia ná cheithre chéad lá ná níos gaire ná trí chéad agus tríocha lá i ndiaidh an lae a déanfar an ceapachán.

(6) Más ag cruinniú nach cruinniú bliantúil a dhéanfas comhlucht ainmniúcháin comhaltaí de choiste ainmniúcháin a chéadcheapadh, is cruinniú a gairmfear go speisialta chun an ceapachán sin a dhéanamh a bheas sa chruinniú sin.

(7) Is ag cruinniú bliantúil de chomhlucht ainmniúcháin a dhéanfas an comhlucht ainmniúcháin an dara ceapachán, agus aon cheapachán iardain, comhaltaí de choiste ainmniúcháin, agus déanfaidh an comhlucht ag gach cruinniú den tsórt sin an lá a cheapadh dá chéad chruinniú bliantúil eile agus cuirfear an lá a ceapfar in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid agus ní bheidh sé níos sia ná cheithre chéad lá ná níos gaire ná trí chéad agus tríocha lá i ndiaidh an lae a déanfar an ceapachán.

(8) Féadfaidh aon chomhalta de choiste ainmniúcháin athrú ar a sheoladh poist a chur in iúl tráth ar bith i scríbhinn do cheann comhairimh an tSeanaid agus air sin cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid an seoladh nua sa chlár de chomhaltaí an choiste.

Sealbhaíocht oifige chomhalta de choiste ainmniúcháin.

23. —(1) Aon chomhalta a ceapadh ag comhlucht ainmniúcháin de choiste ainmniúcháin, scoirfidh sé de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den tsórt sin i gcás aon ní acu seo a leanas a tharlachtaint, ach ní hin aon chás eile, is é sin le rá:—

(a) críochnú an lae roimh lá an chruinnithe bhliantúil den chomhlucht is túisce a bheas ann tar éis a cheaptha,

(b) é d'fháil bháis,

(c) é a bhreithniu ina fhéimhí nó é a chiontú i gcion indíotálta,

(d) é a scor de bheith ina chomhalta den chomhlucht,

(e) an comhlucht a scor de bheith ina chomhlucht ainmniúcháin atá cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin i leith an rolla iomhcuí.

(2) Aon chomhalta de choiste ainmniúcháin a scoirfeas de bheith i seilbh oifige mar chomhalta den tsórt sin mar gheall ar chríochnú an lae roimh lá an chruinnithe bhliantúil de chomhlucht ainmniúcháin a cheap é, beidh sé inathcheaptha.

CUID IV.

Olltoghchan don tSeanad.

Caibidil I.

Ordú Olltoghcháin don tSeanad.

Ordú olltoghcháin don tSeanad.

24. —(1) Roimh gach olltoghchán don tSeanaid ceapfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú olltoghcháin don tSeanad san Acht seo), chun críocha an toghcháin:—

(a) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht seo críochnú na haimsire do mholadh ainmniúchán ginearálta chun na rollaí) a chríochnós an tréimhse ina bhféadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid glacadh le molta le haghaidh ainmniúchán chun na rollaí ó chomhluchta ainmniúcháin;

(b) an lá agus an uair (dá ngairmtear san Acht seo críochnú na haimsire d'ainmniúcháin ón Oireachtas chun na rollaí) a chríochnós an tréimhse ina bhféadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid glacadh le hainmniúcháin ó chomhaltaí den Oireachtas chun na rollaí;

(c) na laetheanta a comórfar agus na háiteanna agus na huaire ina gcomórfar cruinnithe an choiste ainmniúcháin (olltoghchán) (sa mhéid gur gá a gcomóradh);

(d) an lá a shuífeas agus an áit ina suífidh ceann comhairimh an tSeanaid chun na rollaí a chomhlánú;

(e) an lá a heiseofar na páipéir bhallóide don toghchán;

(f) an lá agus an uair (dá ngairmtear críoch na vótaíochta san Acht seo) a cuirfear críoch leis an vótaíocht sa toghchán;

(g) an seoladh, ag ceann comhairimh an tSeanaid, a bhféadfar páipéir ainmniúcháin agus scríbhinní eile a chur chuige ann.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hordú olltoghcháin don tSeanad:—

(a) déanfar an t-ordú laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lánscoir ar Dháil Éireann a dtiocfaidh an toghchán de;

(b) an lá a ceapfar leis an ordú le haghaidh críochnú na haimsire do mholadh ainmniúcháin ginearálta chun na rollaí ní bheidh sé níos luaithe ná cheithre seachtaine tar éis an lánscoir sin agus, más féidir é, ní bheidh sé níos luaithe ná an dáta a bheas socair chun Dáil Éireann d'ationól tar éis an lánscoir sin;

(c) an lá ceapfar leis an ordú le haghaidh críochnú na haimsire d'ainmniúcháin ón Oireachtas ní bheidh sé níos luaithe ná seacht lá tar éis an lae a ceapfar leis an ordú le haghaidh críochnú na haimsire d'ainmniúcháin ghinearálta chun na rollaí agus, más féidir é, beidh sé i ndiaidh an dáta a bheas socair chun Dáil Éireann d'ationól tar éis an lánscoir sin;

(d) foilseofar an t-ordú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Caibidil II.

Na Rollaí a Chóiriú.

Comhaltaí an Oireachtais d'ainmniú daoine chun na rollaí.

25. —(1) In olltoghchán don tSeanad, féadfaidh uimhir de chomhaltaí den Oireachtas, nach lú ná ceathrar, duine ar bith d'ainmniú chun aon rolla dá gcóireofar don toghchán sin.

(2) Ní bheidh comhalta den Oireachtas páirteach in ainmniúchán níos mó ná duine amháin faoin alt seo in aon olltoghchán áirithe don tSeanad.

Molta ainmniúchán chun na rollaí ó chomhluchta ainmniúcháin cláraithe.

26. —(1) In olltoghchán don tSeanad, beidh de theideal ag comhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin i leith rolla áirithe pé méid daoine a foráltar chuige sin leis an alt seo a mholadh chun a n-ainmnithe chun an rolla.

(2) I gcás aon chomhlucht ainmniúcháin amháin, agus gan a thuilleadh, a bheith i dteideal moladh ainmniúcháin chun rolla áirithe a dhéanamh, beidh an comhlucht sin i dteideal—

(a) i gcás an rolla shaíochta agus oideachais—triúr a mholadh amhlaidh;

(b) i gcás an rolla thalmhaíochta nó an rolla oibreachais—aon duine dhéag a mholadh amhlaidh,

(c) i gcás an rolla thionscail agus tráchtála—naonúr a mholadh amhlaidh,

(d) i gcás an rolla riaracháin—cúigear a mholadh amhlaidh.

(3) I gcás dhá chomhlucht ainmniúcháin, agus gan a thuilleadh, a bheith i dteideal moladh ainmniúcháin chun rolla áirithe a dhéanamh, beidh gach comhlucht acu i dteideal a mholadh go n-ainmneofar chun an rolla—

(a) i gcás an rolla shaíochta agus oideachais—beirt,

(b) i gcás an rolla thalmhaíochta nó an rolla oibreachais— seisear,

(c) i gcás an rolla thionscail agus tráchtála—cúigear,

(d) i gcás an rolla riaracháin—triúr.

(4) I gcás trí comhluchta ainmniúcháin nó níos mó a bheith i dteideal moladh ainmniúcháin chun rolla áirithe a dhéanamh, beidh gach comhlucht acu i dteideal a mholadh go n-ainmneofar chun an rolla—

(a) más a dó nó uimhir is lú ná sin an uimhir a gheofar tríd an uimhir iomchuí a roinnt ar an uimhir de chomhluchta ainmniúcháin—beirt, agus

(b) más uimhir is mó ná a dó an uimhir a gheofar amhlaidh— an uimhir a gheofar amhlaidh de dhaoine, más slánuimhir í nó, mura slán-uimhir í, an chéad shlán-uimhir eile os a cionn sin de dhaoine.

(5) I bhfo-alt (4) den alt seo, ciallaíonn an abairt “an uimhir iomchuí”—

(a) i gcás an rolla shaíochta agus oideachais—a deich,

(b) i gcás an rolla thalmhaíochta nó an rolla oibreachais—a hocht déag,

(c) i gcás an rolla thionscail agus tráchtála—a sé déag,

(d) i gcás an rolla riaracháin—a dó dhéag.

An modh molta ainmniúcháin ag comhlucht ainmniúcháin.

27. —(1) Laistigh de dheich lá tar éis Dáil Éireann a lánscor, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid leis an bpost, go dtí gach comhlucht ainmniúcháin a bheas cláraithe sa chlár de chomhluchta ainmniúcháin, foirm páipéir do mholadh ainmniúcháin agus fógra sa bhfoirm ordaithe á innsint don chomhlucht é a bheith de cheart acu daoine a mholadh chun a n-ainmnithe chun rolla shonraithe agus an méid daoine atá an chomhlucht i dteideal a mholadh amhlaidh agus ag tabhairt pé eolais agus treoracha don chomhlucht, maidir le déanamh na molta ainmniúcháin, is cuí leis an Aire d'ordú.

(2) Is do réir na bhforál seo a leanas a dhéanfas comhlucht ainmniúcháin moladh ainmniúcháin chun rolla:—

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar do mholadh ainmniúcháin sa bhfoirm ordaithe, a déanfar an moladh;

(b) is leis an aon pháipéar amháin do mholadh ainmniúcháin a mholfas an comhlucht ainmniúcháin na daoine uile a bheas sé i dteideal a mholadh;

(c) beidh sa pháipéar do mholadh ainmniúcháin na sonraí is gá, do réir foirme ordaithe an pháipéir do mholadh ainmniúcháin, a lua ann (lena n-áirítear ráiteas ar cháilíochta gach duine faoi leith a moltar leis don rolla chun a moltar é), agus síneoidh an comhlucht ainmniúcháin é;

(d) más comhlucht corpraithe an comhlucht ainmniúcháin, síneoidh an comhlucht an páipéar do mholadh ainmniúcháin trí shéala an chomhluchta a ghreamú den pháipéar sin sa tslí agus fara na contra-shínithe is gá do réir bunreachta, airteagal comhlachais nó rialachán eile an chomhluchta;

(e) mura comhlucht corpraithe an comhlucht ainmniúcháin, déanfaidh duine ag a mbeidh údarás chuige sin an páipéar do mholadh ainmniúcháin a shíniú in ainm an chomhluchta.

(3) I gcás Comh-Chomhairle Chomhairlí Contae na hÉireann agus i gcás Comhlachais Údarás Bardasacha na hÉireann is iad a roghnós na daoine a bheas le moladh chun a n-ainmnithe chun an rolla riaracháin ag na comhluchta sin faoi seach ná comhaltaí an chomhluchta sin agus iad ag vótáil do réir na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aon-vóta inaistrithe.

(4) Aon pháipéar do mholadh ainmniúcháin a airbheartós a bheith séalaithe le séala comhluchta chorpraithe is comhlucht ainmniúcháin agus a bheith contra-shínithe, is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, é a bheith séalaithe amhlaidh sa tslí, agus fara na contra-shínithe, is gá do réir bunreachta, airteagal comhlachais nó rialachán eile an chomhluchta.

(5) Aon pháipéar do mholadh ainmniúcháin a airbheartós a bheith sínithe in ainm chomhluchta neamhchorpraithe is comhlucht ainmniúcháin, is tuigthe, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, é a bheith sínithe amhlaidh ag duine ag a bhfuil údarás chun a shínithe ina ainm sin.

(6) Má airbheartaíonn comhlucht ainmniúcháin, le páipéar do mholadh ainmniúcháin, níos mó nó níos lú daoine a mholadh lena n-ainmniú chun rolla ná mar atá an comhlucht ainmniúcháin i dteideal a mholadh amhlaidh, beidh an páipéar do mholadh ainmniúcháin ar neamhní go hiomlán.

(7) Arna iarraidh sin air bhéarfaidh ceann comhairimh an tSeanaid saor in aisce do chomhlucht ainmniúcháin pé méid foirmeacha páipéir do mholadh ainmniúcháin (de bhreis ar an bhfoirm is gá dhó do réir fo-ailt (1) den alt seo a chur chun an chomhluchta) a theastós ón gcomhlucht do réir réasúin.

Liostaí de chomhluchta ainmniúcháin d'ullmhú.

28. —(1) Déanfar páipéar do mholadh ainmniúcháin lena molfaidh comhlucht ainmniúcháin duine nó daoine chun a ainmnithe nó a n-ainmnithe in olltoghchán don tSeanad a sheachadadh do cheann comhairimh an tSeanaid nó a chur chuige leis an bpost.

(2) Díreach tar éis chríochnú na haimsire do mholadh ainmniúchán ginearálta chun na rollaí, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid, maidir le gach rolla faoi leith, liosta (dá ngairmtear liosta de chomhluchta ainmniúcháin san Acht seo), sa bhfoirm ordaithe, de na daoine a bhfuair sé ina dtaobh, roimh chríochnú na haimsire sin, molta ainmniúchán chun an rolla sin ó chomhluchta ainmniúcháin.

(3) Más rud é, nuair a beifear tar éis déanamh do réir forál fo-ailt (2) den alt seo, nach comhionann leis an uimhir iomchuí, nó nach mó ná an uimhir iomchuí, an uimhir daoine a bheas i liosta de comhluchta ainmniúcháin, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an t-easnamh sa liosta sin a thuairisciú don Taoiseach agus bhéarfaidh dó cóipeanna de na liostaí de chomhluchta ainmniúcháin.

(4) Ar thuairisc faoi fho-alt (3) den alt seo d'fháil dó, molfaidh an Taoiseach chun a n-ainmnithe chun gach rolla, a bhfaighidh sé an tuairisc ina thaobh, pé uimhir daoine is leor chun an uimhir daoine ar an liosta iomchuí de chomhluchta ainmniúcháin a thabhairt suas go dtí an uimhir iomchuí (ach gan dul thairis sin).

(5) Is do réir na bhforál seo a leanas a dhéanfas an Taoiseach moladh ainmniúcháin faoin alt seo:—

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar do mholadh ainmniúcháin sa bhfoirm ordaithe, a déanfar an moladh ainmniúcháin;

(b) is le páipéar do mholadh ainmniúcháin ar leithligh a déanfar an moladh ainmniúcháin;

(c) luafar sa pháipéar do mholadh ainmniúcháin an fo-rolla ar ina leith a déantar an moladh agus beidh ann freisin na sonraí is gá do réir foirme ordaithe sin an pháipéir do mholadh ainmniúcháin (lena n-áirítear ráiteas ar cháilíochta an duine a moltar leis don rolla chun a moltar amhlaidh é) agus síneoidh an Taoiseach é;

(d) seachadfar an páipéar do mholadh ainmniúcháin do cheann comhairimh an tSeanaid nó cuirfear chuige é agus déanfar sin i slí go bhfaighidh sé é laistigh de dheich lá tar éis chríochnú na haimsire do mholadh ainmniúchán ginearálta chun na rollaí.

(6) Ar mholta ainmniúcháin faoi fho-alt (4) den alt seo i leith rolla d'fháil dó, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid, maidir leis an rolla, liosta (dá ngairmtear freisin liosta de chomhluchta ainmniúcháin san Acht seo), sa bhfoirm ordaithe, de na daoine a bhfuair sé ina dtaobh molta ainmniúcháin chun an rolla sin ó chomluchta ainmniúcháin nó ón Taoiseach agus beidh éifeacht ag an liosta sin in ionad an liosta de chomluchta ainmniúcháin a bhí ann roimhe sin i leith an rolla.

(7) Nuair a bheas ceann comhairimh an tSeanaid ag ullmhú na liostaí de chomhluchta ainmniúcháin ní chuirfidh sé iontu—

(a) ainm duine a bhfuarthas a mholadh ainmniúcháin tar éis chríochnú na haimsire do mholadh ainmniúchán ginearálta chun na rollaí,

(b) ainm duine a ndearbhaíonn an tAcht seo a mholadh ainmniúcháin a bheith gan bhrí ar bith, ná

(c) ainm aon duine níos mó ná uair amháin sa liosta céanna.

(8) San alt seo ciallaíonn an abairt “an uimhir iomchuí”—

(a) i gcás aon chomhlucht ainmniúcháin amháin, agus gan a thuilleadh, nó dhá chomhlucht ainmniúcháin, agus gan a thuilleadh, a bheith i dteideal moladh ainmniúcháin chun an rolla iomchuí a dhéanamh—

(i) más é an rolla saíochta agus oideachais an rolla sin—a sé,

(ii) más é an rolla talmhaíochta nó an rolla oibreachais an rolla sin—a ceathair déag,

(iii) más é an rolla tionscail agus tráchtála an rolla sin—a dó dhéag,

(iv) más é an rolla riaracháin an rolla sin—a hocht,

(b) i gcás trí chomhlucht ainmniúcháin nó níos mó a bheith i dteideal moladh ainmniúcháin chun an rolla iomchuí a dhéanamh—

(i) más é an rolla saíochta agus oideachais an rolla sin —a deich,

(ii) más é an rolla talmhaíochta nó an rolla oibreachais an rolla sin—a hocht déag,

(iii) más é an rolla tionscail agus tráchtála an rolla sin—a sé déag,

(iv) más é an rolla riaracháin an rolla sin—a dó dhéag.

An modh ar a ndéanfaidh comhaltaí den Oireachtas ainmniúchán.

29. —(1) Is do réir na bhforál seo a leanas a dhéanfas comhaltaí den Oireachtas ainmniúchán in olltoghachán don tSeanad:

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfoirm ordaithe, a déanfar an t-ainmniúchán;

(b) beidh sa pháipéar ainmniúcháin na sonraí is gá, do réir foirme ordaithe an pháipéir ainmniúcháin, a lua ann, lena n-áirítear ráiteas ar cháilíochta an duine a hainmnítear leis don rolla chun a n-ainmnítear amhlaidh é;

(c) gach duine de na comhaltaí den Oireachtas a bheas ag déanamh ainmniúcháin leis an bpáipéar ainmniúcháin síneoidh sé an páipéar ainmniúcháin;

(d) seachadfar an páipéar ainmniúcháin do cheann comhairimh an tSeanaid nó cuirfear chuige leis an bpost é.

(2) Má dhéanann comhalta den Oireachtas dhá pháipéar ainmniúcháin nó níos mó a shíniú mar ainmnitheoir beidh gach ceann de na páipéir ainmniúcháin gan bhrí ar bith.

Fo-rollaí sealadacha don Oireachtas d'ullmhú.

30. —(1) Díreach tar éis chríochnú na haimsire d'ainmniúcháin ón Oireachtas chun na rollaí, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid, maidir le gach rolla faoi leith, liosta (dá ngairmtear fo-rolla sealadach don Oireachtas san Acht seo), sa bhfoirm ordaithe, de na daoine a bhfuair sé ina dtaobh, roimh chríochnú na haimsire sin, ainmniúcháin chun an rolla sin ó chomhaltaí den Oireachtas.

(2) Nuair a bheas ceann comhairimh an tSeanaid ag ullmhú na rollaí sealadacha don Oireachtas ní chuirfidh sé iontu:—

(a) ainm duine a bhfuarthas a ainmniúchán tar éis chríochnú na aimsire d'ainmniúcháin ón Oireachtas chun na rollaí,

(b) ainm duine a ndearbhaíonn an tAcht seo a ainmniúchán a bheith gan bhrí ar bith, ná

(c) ainm aon duine níos mó na uair amháin sa bhfo-rolla céanna.

Páipéir do mholadh ainmniúcháin agus páipéir ainmniúcháin d'fhoilsiú agus d'iniúchadh.

31. —Nuair a gheobhas ceann Comhairimh an tSeanaid páipéar do mholadh ainmniúcháin nó páipéar ainmniúcháin in olltoghchán don tSeanad (seachas páipéar a dearbhaítear leis an Acht seo a bheith ar neamhní go hiomlán nó páipéar a gheofar amhlaidh tar éis chríochnú na haimsire a ceaptar leis an alt seo chun é d'fháil amhlaidh)—

(a) cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid ar taispéaint láithreach, i pé áit phoiblí i gcontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath a mheasfas sé is oiriúnaí, fógra á rá go bhfuair sé an páipéar agus ag insint ainme, seoladh agus tuairisce (mar bheid luaite sa pháipéar) an duine a hairbheartaítear a mholadh nó a ainmniú leis an bpáipéar agus an rolla a n-airbheartaítear an duine sin a mholadh nó a ainmniú chuige amhlaidh,

(b) coimeádfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an páipéar ar fáil chun a iniúchta ag iarrthóirí idir 10 a.m. agus 1 p.m. laethanta den tseachtain ar fead na tréimhse dar tosach an lá i ndiaidh an lae a gheofar an páipéar agus dar críoch an lá roimh an lá a comhlánófar na rollaí nó a hathghabhfar do chomhlánú na rollaí (do réir mar is iomchuí.)

Cruinniú (olltoghchán) de choiste ainmniúcháin.

32. —Déanfar cruinniú (dá ngairmtear cruinniú (olltoghchán) de choiste ainmniúcháin san Acht seo) den choiste ainmniúcháin do rolla a mbeidh trí chomhlucht ainmniúcháin nó níos mó ann dó a chomóradh an lá, san áit agus an uair a bheas ceaptha chuige sin le hordú olltoghcháin don tSeanad agus déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, seacht lá ar a laghad roimh an gcruinniú, fógra sa bhfoirm ordaithe maidir le comóradh an chruinnithe a chur leis an bpost go dtí gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí a bunófar faoi alt 33 den Acht seo.

An liosta toghthóirí do chruinniú (olltoghchán) den choiste ainmniúcháin.

33. —(1) Nuair a bheas cruinniú (olltoghchán) de choiste anmniúcháin le comóradh, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid, as an gclár faoi alt 21 den Acht seo, liosta ina luafaidh ainmneacha, seolta, agus tuairisc chomhaltaí an choiste aimniúcháin agus is é an liosta sin is liosta toghthóirí chun críocha an chruinnithe agus is liosta críochnaitheach dosháruithe é.

(2) Beidh na daoine uile agus faoi seach a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta toghthóirí a bunófar faoin alt seo do chruinniú (olltoghchán) de choiste ainmniúcháin (agus ní bheidh aon duine eile) i dteideal vótáil sa vótaíocht ag an gcruinniú.

(3) Ní dhéanfaidh bás duine a mbeidh a ainm ar liosta toghthóirí a bunófar faoin alt seo dochar ná difir do bhailíocht ná d'oibríu an liosta thoghthóirí.

An nós imeachta ag cruinniú (olltoghchán) de choiste ainmniúcháin.

34. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach cruinniú (olltoghchán) de choiste ainmniúcháin:—

(a) is é ceann comhairimh an tSeanaid a bheas i gceannas an chruinnithe agus a stiúrós a imeachta;

(b) tosnóidh na himeachta an tráth a ceapfar don chruinniú leis an ordú iomchuí olltoghcháin don tSeanad má bhíonn córam ann an tráth sin nó, mura mbíonn córam ann an tráth sin, nuair a bheas córam ann;

(c) is iad ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí agus na daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta toghthóirí a bunófar don chruinniú faoi alt 33 den Acht seo, agus iad sin amháin, a fhéadfas bheith i láthair ag an gcruinniú;

(d) déanfaidh gach comhalta den choiste ainmniúcháin a bheas ag an gcruinniú, ar dhul isteach dó go dtí an cruinniú nó a luaithe is féidir dá éis sin, a ainm a shíniú i leabhar nó i dtaifead eile freastail (a sholáthrós agus a choimeádfas ceann comhairimh an tSeanaid);

(e) déanfar vótaíocht chun roghnú a dhéanamh, as na daoine a bheas sa liosta de chomhluchta ainmniúcháin i leith an rolla iomchuí, ar an uimhir iomchuí de dhaoine a cuirfear sa bhfo-rolla sealadach do chomhluchta ainmniúcháin i leith an rolla sin;

(f) chun críocha na vótaíochta, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid ar fáil na boscaí ballóide, na deisceanna, agus an troscán eile is dóigh leis is gá agus soláthróidh freisin leor-uimhir de pháipéir bhallóide;

(g) cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid críoch leis an vótaíocht i gcionn dhá uair a chloig ón am a hosclaíodh í;

(h) ní bheidh duine i dteideal páipéar ballóide d'fháil mura síní ná go dtí go síneoidh sé a ainm faoi mhír (d) den fho-alt seo;

(i) nuair a bheas duine ag tabhairt a vóta caithfidh sé an figiúir 1 a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainme an duine dá mbeidh sé ag vótáil, agus féadfaidh sé ina theannta sin, na figiúirí 2 agus 3 nó 2, 3 agus 4 agus mar sin de a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainmneacha daoine eile in ord a roghan;

(j) aon pháipéar ballóide—

(i) nach mbeidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor nó nach mbeidh an figiúir sin curtha air i slí go dtaispeánfaidh céad-rogha, nó

(ii) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céad-roghan, curtha air os coinne níos mó ná an t-aon ainm amháin, nó

(iii) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céad-roghan, maraon le huimhir éigin eile curtha air os coinne ainme,

beidh sé neamhbhailí agus ní comhaireofar é;

(k) déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach beart a mheasfas sé is cuí nó is fóirstineach chun an vótáil sa vótaíocht a choimeád ina rún;

(l) gach ceist a éireos le linn an vótaíocht a thógaint nó maidir lena tógaint, is é ceann comhairimh an tSeanaid a bhéarfas breith uirthi agus is breith chríochnaitheach nach bhféadfar achomharc a dhéanamh ina coinne a bhreith ar aon cheist den tsórt sin;

(m) nuair a cuirfear críoch leis an vótaíocht fionnfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, do réir an Achta seo agus go sonrach do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, toradh na vótaíochta agus craolfaidh an toradh sin do na hiarrthóirí a bheas (má bhíonn) i láthair an tráth sin;

(n) beidh ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí agus na hiarrthóirí (nó a n-ionadaithe cuí-cheaptha), agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal bheith i láthair nuair a bheas toradh na vótaíochta á fhionnadh.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn an abairt “an uimhir iomchuí”:—

(a) i gcás an rolla shaíochta agus oideachais—a sé,

(b) i gcás an rolla thalmhaíochta nó an rolla oibreachais—a ceathair déag,

(c) i gcás an rolla thionscail agus tráchtála—a dó dhéag,

(d) i gcás an rolla riaracháin—a hocht.

Na fo-rollaí sealadacha do chomhluchta ainmniúcháin d'ullmhú.

35. —(1) Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid a luaithe is caothúil tar éis cruinnithe (olltoghchán) de coiste ainmniúcháin, liosta (dá ngairmtear fo-rolla sealadach do chomhluchta ainmniúcháin san Acht seo) d'ullmhú, sa bhfoirm ordaithe, de na daoine a roghnaíodh ag an gcruinniú sin.

(2) I gcás aon chomhlucht ainmniúcháin amháin, agus gan a shuilleadh, nó dhá chomhlucht ainmniúcháin, agus gan a thuilleadh, a bheith ann do rolla, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, a luaithe is caothúil tar éis liosta de chomhluchta ainmniúcháin i leith an rolla d'ullmhú faoi fho-alt (6) d'alt 28 den Acht seo, liostá (da ngairmtear freisin san Acht seo fo-rolla sealadach do chomhluchta ainmniúcháin) d'ullmhú de na daoine a bheas sa liosta sin de chomhluchta ainmniúcháin.

Na rollaí a chomhlánú.

36. —(1) Ar a haon déag a chlog ar maidin an lá agus san áit a bheas ceaptha chuige sin le hordú olltoghcháin don tSeanad freastalóidh agus comórfaidh ceann comhairimh an tSeanaid suí (dá ngairmtear comhlánú na rollaí san Acht seo) ag a ndéanfaidh gach ní is gá dhó, do réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo, a dhéanamh ag an tsuí sin.

(2) Ar é a bheith ag comhlánú na rollaí, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid mar leanas:—

(a) grúpálfaidh na fo-rollaí sealadacha don Oireachtas agus na fo-rollaí sealadacha do na comhluchta ainmniúcháin i gcúig grúpaí a mbeidh ar gach grúpa acu fo-rolla sealadach don Oireachtas agus fo-rolla sealadach do chomhluchta ainmniúcháin i leith an rolla chéanna;

(b) maidir le gach ceann de na grúpaí fo-rollaí—

(i) scrúdoidh gach páipéar ainmniúcháin a ndearnadh dá bhun duine d'iontráili gceachtar de na forollaí, bhéarfaidh rialú ar bhailíocht nó neamhbhailíocht gach páipéir ainmniúcháin agus ar bhailíocht nó neamhbhailíocht an ainmniúcháin a hairbheartaítear a dhéanamh leis, agus bainfidh de na fo-rollaí gach iontráil a rinneadh ann de bhun páipéir ainmniúcháin nó de bhun ainmniúcháin a chinnfeas sé a bheith neamhbhailí,

(ii) scrúdóidh sé cáilíochta gach duine a mbeidh a ainm fágtha ar na fo-rollaí tar éis na hiontrála sin a bhaint díobh agus bainfidh de na fo-rollaí ainm gach duine nach gcruthófar chun a shástachta an duine sin a bheith cáilithe faoi fho-alt 1 d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht chun bheith ar an rolla lena mbaineann na fo-rollaí,

(iii) iontrálfaidh sé sa bhfo-rolla iomchuí, maidir le gach duine a chinnfeas sé a bheith cáilithe chun bheith ar an rolla sin, ráiteas sa bhfoirm is cuí leis ar na cáilíochta a chinnfeas sé a bheith iarbhír ag cáiliú an duine sin chun bheith ar an rolla sin,

(iv) bainfidh amach ansin gach iontráil dúblach a bheas fágtha ar na fo-rollaí agus chuige sin bhéarfaidh tosaíocht d'ainmniúchán ó chomhlucht ainmniúcháin,

(c) má gheibhtear, nuair a bheas forála míre (b) den fho-alt seo comhlíonta, go bhfuil duine ar bith iontrálta i dhá ghrúpa fo-rollaí nó níos mó—

(i) fágfaidh ceann comhairimh an tSeanaid ainm an duine sin ar pé ceann de na grúpaí sin is rogha leis an duine sin nó lena ghníomhaire,

(ii) má dhiúltann nó má fhaillíonn an duine sin nó a ghníomhaire (pé acu é) rogha a dhéanamh nó mura mbíonn an duine sin ná a ghníomhaire i láthair ná ar fáil go saoráideach, fágfaidh ceann comhairimh an tSeanaid ainm an duine sin ar pé ceann de na grúpaí fo-rollaí a chinnfeas ceann comhairimh an tSeanaid trí chrannchur,

(iii) bainfidh ceann comhairimh an Seanaid ainm an duine sin de gach ceann de na grúpaí fo-rollaí ach amháin an grúpa ar gá dhó, do réir pé fomhír roimhe seo den mhír seo is infheidhme ainm an duine sin d'fhágaint air.

(3) Nuair a bheas ceann comhairimh an tSeanaid ag comhlíonadh na bhforál den Acht seo a bhaineas leis na himeachta ar é a bheith ag comhlánú na rollaí, bhéarfaidh sé áird chuí ar gach breith ón réiteoir breithiúntais ar cheisteanna a chuir ceann comhairimh an tSeanaid faoina bhráid faoin Acht seo.

(4) Is breith chríochnaithach dosháruithe breith a bhéarfas ceann comhairimh an tSeanaid ar é a bheith ag comhlánú na rollaí ach amháin go bhféadfar í a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais mar foráltar leis an Acht seo.

Ainmniúcháin ón Taoiseach chun na fo-rollaí sealadacha a chomhlánú.

37. —(1) Má tharlann, nuair a bheas forála ailt 36 den Acht seo comhlíonta, nach mbeidh iontrálta in aon fho-rolla sealadach beirt ar a laghad de bhreis ar an méid uasta comhaltaí de Sheanad Éireann a ceadaítear leis an Acht seo a thoghadh as, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid ar atráth go dtí lá agus uair a bheas caothúil an chuid eile de na himeachta chun na rollaí a chomhlánú agus tuairisceoidh don Taoiseach an t-easnamh ar an bhfo-rolla sealadach sin agus bhéarfaidh don Taoiseach cóip de na fo-rollaí sealadacha mar socraíodh iad díreach roimh na himeachta a chur ar atráth.

(2) Nuair a gheobhas an Taoiseach tuairisc faoi fho-alt (1) den alt seo, ainmneoidh sé chun gach fo-rolla shealadaigh a bhfaighidh sé an tuairisc in a thaobh an méid daoine is leor chun an uimhir daoine ar an bhfo-rolla sealadach a thabhairt suas go dtí uimhir is mó de bheirt (ar a mhéid) ná an uimhir uasta chomhaltaí de Sheanad Éireann a ceadaítear leis an Acht seo a thoghadh as.

(3) Aon uair is gá don Taoiseach, do réir fho-ailt (2) den alt seo, ainmniúcháin a dhéanamh chun fo-rolla shealadaigh, is dleathach dó ainmniúcháin bhreise chun an fho-rolla shealadaigh sin a dhéanamh de bharr ar an méid ainmniúchán is gá do réir an fho-ailt sin, ach ní bheidh sna hainmniúcháin bhreise ach ainmniúcháin ionaid agus ní bheidh feidhm acu ach amháin más gá agus sa mhéid gur gá sin de dhroim neamhbhailíochta ceann amháin nó níos mó de na hainmniúcháin eile a dhéanfas an Taoiseach faoin alt seo chun an fho-rolla shealadaigh sin.

(4) Is do réir na bhforál seo a leanas a dhéanfas an Taoiseach ainmniúchán faoin alt seo:—

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfoirm ordaithe, a déanfar an t-ainmniúchán;

(b) is le páipéar ainmniúcháin ar leithligh a déanfar an t-ainmniúchán;

(c) luafar sa pháipéar ainmniúcháin an fo-rolla a ndéantar an t-ainmniúchán ina leith agus beidh ann freisin na sonraí is gá, do réir foirme ordaithe sin an pháipéir ainmniúcháin, a lua ann (lena n-áirítear ráiteas ar cháilíochta an duine a hainmnítear leis don rolla chun a n-ainmnítear amhlaidh é), agus síneoidh an Taoiseach é;

(d) seachadfar an páipéar ainmniúcháin do cheann com hairimh an tSeanaid nó cuirfear chuige é, agus déanfar san i slí go bhfaighidh ceann comhairimh an tSeanaid é roimh an am chun ar cuireadh comhlánú na rollaí ar atráth faoi fho-alt (1) den alt seo.

(5) Nuair a hathchromfar ar chomhlánú na rollaí tar éis é d'atráthú faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid breithniú agus rialú ar na hainmniúcháin a bheas déanta ag an Taoiseach faoin alt seo (lena n-áirítear scrúdú agus rialú ar cháilíochta gach duine a bheas ainmnithe amhlaidh don rolla chun a mbeidh sé ainmnithe amhlaidh) agus iontrálfaidh san ionad cuí ar an bhfo-rolla sealadach cuí ainm agus seoladh agus tuairisc gach duine a gheobhas sé a bheith ainmnithe amhlaidh go bailí maraon le ráiteas, sa bhfoirm is cuí leis, ar na cáilíochta a chinnfeas sé a bheith iarbhír ag cáiliú an duine sin chun bheith ar an rolla sin.

An réiteoir oreithiúntais a bheith i láthair le linn comhlánú na rollaí.

38. —(1) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte, nó breitheamh éigin eile den Ard-Chúirt a ainmneos seisean, i láthair le linn comhlánú na rollaí agus suífidh agus gníomhóidh sé ann ina réiteoir breithiúntais.

(2) Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid uaidh féin, agus déanfaidh, arna iarraidh sin air d'aon duine a mbeidh a ainm ar fho-rolla sealadach a bheas faoi bhreithniú de thuras na huaire nó do ghníomhaire aon duine den tsórt sin, aon cheist a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais a éireos le linn comhlánú na rollaí maidir le haon pháipéar ainmniúcháin, le hainmniúchán aon duine chun rolla, le cáilíochta aon duine i gcóir rolla, le ráiteas cinn chomhairimh an tSeanaid ar na cáilíochta sin, nó le haon ní eile a bhainfeas leis na rollaí sealadacha.

(3) Cinnfidh agus craolfaidh an réiteoir breithiúntais san áit agus san am sin a bhreith ar gach ceist a chuirfeas ceann comhairimh an tSeanaid faoina bhráid faon alt seo.

(4) Is breith chríochnaitheach dhosháruithe nach mbeidh inchurtha faoi léirmheas ag cúirt ar bith breith an réiteora bhreithiúntais ar aon cheist a chuirfeas ceann comhairimh an tSeanaid faoina bhráid faoin alt seo.

(5) Féadfar ceist a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais faoin alt seo pé acu bheas breith tugtha uirthi ag ceann comhairimh an tSeanaid é féin nó nach mbeidh.

Ceisteanna a féadfar a tharraingt anuas le linn comhlánú na rollaí.

39. —(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo a chomlíonadh (i gcás inarb iomchuí sin), féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid nó duine ar bith a mbeidh a ainm ar fho-rolla sealadach a bheas faoi bhreithniú de thuras na huaire nó gníomhaire aon duine den tsórt sin ceist ar bith a tharraingt anuas, le linn comhlánú na rollaí, a bhainfeas le hainmniúchán duine chun rolla, lena n-áirítear bailíocht pháipéar ainmniúcháin, leordhóthanacht nó cruinneas aon ráitis i bpáipéar ainmniúcháin, bailíocht nó dícháiliú aon ainmniúcháin agus cáilíochta aon duine d'aon rolla áirithe.

(2) Má bheartaíonn duine seachas ceann comhairimh an tSeanaid ceist a tharraingt anuas le linn comhlánú na rollaí, déanfaidh sé ráiteas ag lua na ceiste agus foras na ceiste a sheachadadh do cheann comhairimh an tSeanaid dhá lá ar a ar a laghad roimh lá comhlánuithe na rollaí.

(3) Mura mbíonn aon amhras cé hé an duine a hairbheartaítear a ainmniú le páipéar ainmniúcháin, ní diúltófar don pháipéar ainmniúcháin, ná ní dearbhófar é a bheith neamhbhailí, de bhíthin earráide nó neamhiomláine i gcur síos ainme nó seoladh nó tuairisce an duine sin ann agus dá bhíthin sin amháin.

(4) Chun breith a thabhairt ar aon cheist a thiocfas i gcúrsa le linn comhlánú na rollaí, féafaidh ceann comhairimh an tSeanaid fianaise a ghlacadh, ó bhéal nó i scríbhinn, a tairgfear dó ó aon duine nó thar ceann aon duine lena mbainfidh an cheist sin agus gníomhú ar an bhfianaise sin agus féadfaidh, más cuí leis, a cheangal an fhianaise sin a thabhairt faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh duine a chur faoi mhionn.

(5) Chun breith a thabhairt ar aon cheist a cuirfear faoina bhráid le linn comhlánú na rollaí, féadfaidh an réiteoir breithiúntais fianaise a ghlacadh, ó bhéal nó i scríbhinn, a tairgfear dó ó aon duine nó thar ceann aon duine lena mbainfidh an cheist sin agus gníomhú ar an bhfianaise sin (is fianaise, ach amháin i gcás ina gceadóidh an réiteoir breithiúntais a mhalairt, a cuireadh ar fáil do cheann comhairimh an tSeanaid), agus féadfaidh sé, más cuí leis, a cheangal an fhianaise sin a thabhairt faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh duine a chur faoi mhionn.

Na daoine ar cead dóibh bheith i láthair le linn comhlánú na rollaí.

40. —Beidh na daoine seo a leanas (agus ní bheidh aon duine eile) i dteideal bheith i láthair le linn comhlánú na rollaí:—

(a) ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí;

(b) an réiteoir breithiúntais agus duine amháin a bhéarfas sé leis chun freastal air;

(c) duine ar bith a mbeidh a ainm ar fho-rolla sealadach;

(d) gníomhaire amháin do gach duine a mbeidh a ainm ar fho-rolla sealadach;

(e) finnéithe a bheas ag tabhairt fianaise ó bhéal, le linn dóibh bheith ag tabhairt na fianaise sin agus lena linn sin amháin;

(f) pé daoine eile ar cuí le ceann comhairimh an tSeanaid a cheadú dhóibh bheith i láthair.

Leanúnachas na n-imeacht le linn comhlánú na rollaí.

41. —(1) A mhéid is féidir é raghfar ar aghaidh go leanúnach leis na himeachta ag comhlánú na rollaí, ach féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na himeachta d'fhionraí tráth ar bith le toiliú an réiteora bhreithiúntais go ceann pé tréimhse is cuí le ceann comhairimh an tSeanaid chun bia nó deoch a chaitheamh, i gcóir na hoíche, nó ar aon chúis eile is leor leis.

(2) Aon uair a fionrófar faoin alt seo na himeachta ag comhlánú na rollaí, glacfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach cúram is cuí chun na páipéir ainmniúcháin, na fo-rollaí sealadacha, agus doiciméidí iomchuí eile a choimeád slán.

Iarrthóir d'fháil bháis nó a theacht faoi dhícháilíocht.

42. —(1) Má chruthaíonn comhlucht ainmniúcháin chun sástachta cinn chomhairimh an tSeanaid, roimh chríochnú na haimsire do mholadh ainmniúcháin ginearálta chun na rollaí, duine a mhol an comhlucht ainmniúcháin sin chun a ainmnithe chun rolla a bheith tar éis bháis nó tar éis teacht faoi dícháilíocht chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann, cealóidh ceann comhairimh an tSeanaid moladh ainmniúcháin an duine sin láithreach, agus air sin is tuigthe, chun críocha an Achta seo, nach bhfuair ceann comhairimh an tSeanaid an moladh ainmniúcháin sin riamh agus is dleathach don chomhlucht duine a mholadh chun a ainmnithe do réir an Achta seo chun an rolla in ionad an duine a fuair bás nó a tháinig faoi dhícháilíocht.

(2) Má cruthaítear chun sástachta cinn chomhairimh an tSeanaid, roimh chríochnú na haimsire d'ainmniúcháin ón Oireachtas chun na rollaí, duine d'ainmnigh comhaltaí den Oireachtas chun rolla a bheith tar éis bháis nó tar éis teacht faoi dhícháilíocht chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann, cealóidh ceann comhairimh an tSeanaid an t-ainmniúchán sin láithreach agus air sin is tuigthe nach ndearnadh an t-ainmniúchán riamh.

(3) Nuair a beifear ag comhaireamh na vótanna a tugadh in olltoghchán don tSeanad ní tabharfar aird ar aon rogha a breacadh d'iarrthóir a mbeidh a ainm ar rolla agus ar deimhin le ceann comhairimh an tSeanaid, roimh chríoch a chur leis an vótaíocht, go bhfuil sé tar éis bháis (pé acu roimh chomhlánú an rolla sin nó dá éis sin a fuair sé bás) agus ina ionad sin is ar na roghna is foigse a bheas ar fáil a bhéarfar aird.

(4) Faoi réir na bhforál roimhe seo den alt seo, má gheibheann iarrthóir a mbeidh a ainm ar rolla bás nó má thagann faoi dhícháilíocht chun bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann (pé acu roimh chríoch a chur leis an vótaíocht nó dá éis sin é), ní rachaidh sin chun neamhbhailíochta ná chun dochair don rolla ná d'ainmniúchán an iarrthóra chuige ná d'aon roghna a breacadh dó, agus, má toghtar é, ní bheidh a thoghadh neamhbhailí de bhíthin é d'fháil bháis nó a theacht faoi dícháilíocht amhlaidh, ach is tuigthe é d'éirí as bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann díreach tar éis é a thoghadh chuige amhlaidh.

Na rollaí d'ullmhú agus d'fhoilsiú.

43. —(1) Nuair a déanfar, ag comhlánú na rollaí, na himeachta a foráltar sna hailt roimhe seo den Acht seo a chríochnú, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid na cúig rollaí, a mbeidh i ngach ceann acu liosta (arna shocrú do réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo) de na daoine a fuarthas a bheith ainmnithe go bailí chuige.

(2) Roinnfear gach ceann de na rollaí ina dhá roinn (dá ngairmtear fo-rollaí san Acht seo) a mbeidh i roinn acu (dá ngairmtear san Acht seo an fo-rolla do na comhluchta ainmniúcháin) liosta de na daoine d'ainmnigh comhluchta ainmniúcháin chuici, agus a mbeidh sa roinn eile acu (dá ngairmtear san Acht seo an forolla don Oireachtas) liosta de na daoine d'ainmnigh comhaltaí den Oireachtas chuici.

(3) Na daoine a mbeidh a n-ainmneacha i rolla tuairisceofar ann iad faoina n-ainmneacha, a seolta agus a dtuairiscí mar bheid sin luaite ar a bpáipéir ainmniúcháin faoi seach, agus cuirfear le tuairisc gach duine acu sin ráiteas ar a cháilíochta don rolla sin mar bheid sin iontrálta ar an bhfo-rolla sealadach iomchuí de bhun na bhforál roimhe seo den Acht seo.

(4) Déanfar na daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar roinn de rolla a shocrú sa roinn sin in ord aibítre a sloinnte agus, i gcás comhshloinnte, in ord aibítre a n-ainmneacha eile

(5) Nuair a bheas na cúig rollaí ullamh ag ceann comhairimh an tSeanaid foilseoidh sé iad san Iris Oifigiúil.

(6) Is rollaí críochnaitheacha dosháruithe nach mbeidh inchurtha faoi léirmheas ag Cúirt ar bith na rollaí uile agus faoi seach arna n-ullmhú agus arna bhfhoilsiú ag ceann comhairimh an tSeanaid de bhun an ailt seo.

Caibideal III.

An Vótaíocht.

An toghlucht.

44. —(1) Is iad is toghlucht i ngach toghchán don tSeanad—

(a) comhaltaí Dháil Éireann a toghadh sa toghchán don Dáil a lean as an lánscor ar Dháil Éireann ba chúis leis an olltoghchán sin don tSeanad, agus

(b) comhaltaí Sheanad Éireann, agus

(c) comhaltaí gach comhairle contae nó contae-bhuirge.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, déanfar aon tagairt do chomhaltaí comhairle contae nó contae-bhuirge a léiriú, i gcás comhaltaí na comhairle a bheith arna gcur as oifig faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , mar thagairt do na daoine marthanacha ba chomhaltaí den chomhairle díreach roimh an gcur-as-oifig agus nár tháinig, ó am an churtha-as-oifig, faoi aon bhreithiúnú féimhíochta ná aon chiontú i gcoir nó i gcion a dhéanfadh, i gcás comhalta den chomhairle, a chomhaltas d'fhorceannadh.

An liosta toghthóirí d'olltoghchán don tSeanad.

45. —(1) Ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid liosta toghthóirí ina mbeidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí na ndaoine is toghlucht in olltoghchán don tSeanad.

(2) Tráth nach déanaí ná trí lá tar éis é d'fháil na dtaitheasc uile ar na riteacha i gcóir toghcháin don Dáil, cuirfidh Cléireach Dháil Éireann go dtí ceann comhairimh an tSeanaid ráiteas ina luafaidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí de Dháil Éireann atá i dteideal faoin Acht seo bheith ina gcomhaltaí den toghlucht san olltoghchán ina dhiaidh sin don tSeanad.

(3) Tráth nach déanaí ná cúig lá déag tar éis Dáil Éireann a lánscor, cuirfidh rúnaí comhairle contae nó baile-chléireach contaebhuirge go dtí ceann comhairimh an tSeanaid ráiteas ina luafaidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí nó na seanchomhaltaí den chomhairle chontae nó den chontae-bhuirg a bheas i dteideal faoin Acht seo bheith ina gcomhaltaí den toghlucht san olltoghchán ina dhiaidh sin don tSeanad.

(4) Má bhíonn duine ina chomhalta den toghlucht d'olltoghchán don tSeanad de bhuaidh níos mó ná aon cháilíocht amháin, ní déanfar dá ainneoin sin a ainm a chur ach aon uair amháin ar an liosta toghthóirí don toghchán.

(5) Is dleathach do cheann comhairimh an tSeanaid pé fiosruithe agus pé bearta eile a dhéanamh is cuí leis chun ainm agus seoladh agus tuairisc cheart gach duine d'fhionnadh ar gá a ainm a chur ar liosta toghthoirí faoin alt seo, ach ní bhéarfaidh aon easnamh ná neamhchruinneas in ainm, seoladh nó tuairisc aon duine i liosta toghthóirí faoin alt seo go mbeidh an rolla neamhbhailí.

(6) Aon liosta toghthóirí a hullmhófar faoin alt seo is liosta críochnaitheach dosháruithe é nach mbeidh inchurtha faoi léirmheas ag cúirt ar bith agus is iad na daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta agus na daoine sin amháin a bheas i dteideal vótáil san olltoghchán don tSeanad lena mbainfidh an liosta.

(7) Ní dhéanfaidh bás duine a mbeidh a ainm iontrálta ar liosta toghthóirí faoin alt seo dochar ná difir do bhailíocht ná d'oibriú an liosta, pé acu roimh an liosta d'ullmhú nó dá éis sin a gheobhas sé bás.

Cóip de na rollaí a chur amach.

46. —A luaithe is féidir tar éis comhlánú an liosta thoghthóirí i leith olltoghcháin don tSeanad nó foilsiú a dhéanamh, i leith an toghcháin, ar na rollaí san Iris Oifigiúil (pé acu sin is déanaí a tharlós), agus ar aon chuma roimh an lá a bheas na páipéir bhallóide le heisiúint, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid leis an bpost chun gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí, go dtí a sheoladh mar bheas sé luaite ar an liosta toghthóirí, cóip de na cúig rollaí mar foilsíodh iad san Iris Oifigiúil, ach fara an modhnú go luafar sa chóip sin, maidir le gach duine ar aon rolla, an comhlucht nó na daoine gur ar a n-ainmniúchán a cuireadh ar an rolla sin é.

Na páipéir bhallóide d'olltoghchán don tSeanad.

47. —(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis na páipéir bhallóide in olltoghchán don tSeanad:—

(a) beidh páipéir bhallóide éagsúla ann do gach rolla;

(b) beidh i bpáipéar ballóide ainmneacha agus seolta agus tuairiscí na n-iarrthóirí uile a mbeidh a n-ainmneacha ar an rolla lena mbainfidh sé agus iad socair in ord aibítre a sloinnte agus, i gcás comhshloinnte, in ord aibítre a n-ainmneacha eile, agus in aon cholún leanúnach amháin nó i dhá cholún nó níos mó mar mheasfas ceann comhairimh an tSeanaid, le toiliú an Aire, is caothúla;

(c) luafar freisin i bpáipéar ballóide, maidir le gach iarrthóir a mbeidh a ainm ann, an fo-rolla a bhfuil a ainm air mar iarrthóir;

(d) beidh sloinnte na n-iarrthóirí uile clóbhuailte ar pháipéar ballóide i litreacha móra agus beidh a n-ainmneacha eile agus a seolta agus a dtuairiscí clóbhuailte i litreacha beaga ach amháin, in aon chás inarb ionann sloinnte do bheirt iarrthóir nó níos mó, go mbeidh ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin (chomh maith lena sloinnte) clóbhuailte i litreacha móra agus an oiread de sheoladh nó de thuairisc, nó de sheoladh agus de thuairisc, gach iarrthóra faoi leith acu sin agus a dhéanfas sonrú éifeachtúil, dar le ceann comhairimh an tSeanaid, ar an iarrthóir sin.

(2) Faoi réir forál fo-ailt (1) den alt seo, is sa bhfoirm ordaithe a bheas na páipéir bhallóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir ballóide agus beidh comhdhuille ag gabháil leis agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar aghaidh an chomhdhuille sin, agus déanfar, le linn gach páipéar ballóide d'eisiúint, marc oifigiúil a stampáil nó a tholladh ar an dá thaobh de.

An modh chun vótanna a mharcáil ar pháipéar ballóide in olltoghchán don tSeanad.

48. —(1) Caithfidh toghthóir agus é ag marcáil páipéir bhallóide in olltoghchán don tSeanad an figiúir 1 a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainme an iarrthóra dá mbeidh sé ag vótáil, agus féadfaidh ina theannta sin na figiúirí 2 agus 3, nó 2, 3 agus 4 agus mar sin de a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ord a roghan.

(2) Aon pháipéar ballóide—

(a) nach mbeidh an marc oifigiúil air, nó

(b) nach mbeidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor nó nach mbeidh sé curtha air i slí go dtaispeánfaidh céad-rogha d'iarrthóir éigin, nó

(c) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céadroghan, curtha air os coinne ainme níos mó ná aon iarrthóir amháin, nó

(d) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céad-roghan, maraon le huimhir éigin eile, curtha air os coinne ainme an aon iarrthóra amháin, nó

(e) a mbeidh aon ní, ach amháin an uimhir ar an gcúl, scríofa nó marcálta air trínar féidir an vótálaí d'aithint,

beidh sé neamhbhailí agus ní comhaireofar é.

Páipéir bhallóide a chur chun toghthóirí in olltoghchán don tSeanad.

49. —(1) An lá a bheas ceaptha chun páipéir bhallóide d'eisiúint in olltoghchán don tSeanad, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid páipéar ballóide do gach rolla faoi leith a chur leis an bpost cláraithe chun gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí don toghchán sin, go dtí an seoladh a bheas luaite ar an liosta toghthóirí sin.

(2) Aon uair a dhéanfas duine, ar cheart páipéir bhallóide d'olltoghchán don tSeanad a chur chuige faoi fho-alt (1) den alt seo, a chur in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid i scríbhinn go bhfuil níos mó ná cheithre huaire fichead a chloig imithe ón am ba cheart na páipéir bhallóide sin a sheachadadh dhó i ngnáthchúrsa an phoist agus nach bhfuair sé na páipéir bhallóide sin agus gur mian leis go n-eiseofaí chuige páipéir bhallóide dhúblacha, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid láithreach, má gheibheann sé an scríbhinn sin tráth nach déanaí ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an vótaíocht sa toghchán, nó féadfaidh sé, má gheibheann sé an scríbhinn sin níos lú ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an vótaíocht sa toghchán, páipéar ballóide do gach rolla a chur leis an bpost cláraithe chun an duine sin, go dtí an seoladh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus é soiléir ar na páipéir bhallóide sin uile, trína mbeith clóbhuailte ar pháipéar de dhath ar leithligh nó ar shlí eile, gur dúblaigh iad de na páipéir bhallóide a cuireadh chun an duine sin i gcéadóir.

(3) Nuair a bheas ceann comhairimh an tSeanaid ag cur amach páipéar ballóide de bhun an ailt seo déanfaidh sé do réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Páipéir bhallóide d'eisiúint.

50. —Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na páipéir bhallóide in olltoghchán don tSeanad d'eisiúint do réir na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an lá a bheas ceaptha chuige sin leis an ordú olltoghcháin iomchuí don tSeanad.

An modh vótála in olltoghchán don tSeanad.

51. —(1) Gach duine a bheas i dteideal vótáil in olltoghchán don tSeanad is sa tslí seo a leanas agus ní hin aon tslí eile a bheas sé i dteideal vótáil sa toghchán sin, is é sin le rá, trí cheann amháin nó níos mó de na páipéir bhallóide a cuireadh chuige faoi alt 50 den Acht seo a mharcáil agus trí na páipéir bhallóide sin go léir a chur thar n-ais chun ceann comhairimh an tSeanaid leis an bpost cláraithe maraon leis an bhfoirm dhearbhuithe céannachta a tugadh dó de bhun na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus an dearbhú sin déanta agus comhlánaithe go cuí aige.

(2) Aon uair a dhéanfas duine a bheas i dteideal vótáil in olltoghchán don tSeanad a chur in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid i scríbhinn gur chuir sé thar n-ais go cuí leis an bpost cláraithe chun ceann comhairimh an tSeanaid na páipéir bhallóide agus foirm dhearbhuithe céannachta agus gur cosúil nár seachadadh iad do cheann comhairimh an tSeanaid agus gur mian leis go n-eiseofaí chuige páipéir bhallóide dhúblacha, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid láithreach, má gheibheann sé an scríbhinn sin tráth nach déanaí ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an vótaíocht sa toghchán, nó féadfaidh sé, má gheibheann sé an scríbhinn sin níos lú ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an vótaíocht sa toghchán, páipéar ballóide do gach rolla a chur leis an bpost cláraithe chun an duine sin, go dtí a sheoladh mar bheas sin luaite ar an liosta toghthóirí, agus é soiléir ar na páipéir bhallóide sin uile, trína mbeith clóbhuailte ar pháipéar de dhath ar leithligh nó ar shlí eile, gur dúblaigh iad de na páipéir bhallóide a cuireadh chun an duine sin i gcéadóir.

(3) Is é nós imeachta a leanfar maidir le marcáil na bpáipéar ballóide in olltoghchán don tSeanad agus le cur na bpáipéar sin chun ceann comhairimh an tSeanaid ná an nós imeachta a sonraítear sna rialacha sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Na comhaltaí a dháiliú ar na rollaí.

52. —Is iad seo leanas na huimhreacha comhaltaí de Sheanad Éireann a toghfar as gach ceann faoi leith de na rollaí:—

(a) toghfar cúigear comhaltaí as an rolla saíochta agus oideachais, agus toghfar beirt ar a laghad acu sin as gach fo-rolla den rolla sin;

(b) toghfar aon chomhalta dhéag as an rolla talmhaíochta, agus toghfar ceathrar ar a laghad acu sin as gach forolla den rolla sin;

(c) toghfar aon chomhalta dhéag as an rolla oibreachais, agus toghfar ceathrar ar a laghad acu sin as gach forolla den rolla sin;

(d) toghfar naonúr comhaltaí as an rolla tionscail agus tráchtála, agus toghfar triúr ar a laghad acu sin as gach fo-rolla den rolla sin;

(e) toghfar seachtar comhaltaí as an rolla riaracháin, agus toghfar triúr ar a laghad acu sin as gach fo-rolla den rolla sin.

Toradh olltoghcháin don tSeanad d'fhionnadh.

53. —(1) Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, i bhfianaise na n-iarrthóirí a bheas i láthair, a fhionnadh ar leithligh, do réir an Achta seo agus go sonrach do réir na rialacha sa Chéad Sceideal agus sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, toradh olltoghcháin don tSeanad i leith gach rolla faoi leith agus dearbhóidh gur toghadh as an rolla sin na hiarrthóirí a fionnfar amhlaidh a bheith tofa.

(2) Is breith chríochnaitheach breith chinn chomhairimh an tSeanaid ar aon cheist a éireos in olltoghchán don tSeanad maidir leis na páipéir bhallóide, na clúdaigh ina mbeidh na páipéir bhallóide, na dearbhuithe céannachta nó aon ní eile a éireos maidir le heisiúint nó fáil na bpáipéar ballóide nó comhaireamh na vótanna, ach go mbeidh an bhreith sin, i gcás agóid i scríbhinn i gcoinne na breithe a sheachadadh do cheann comhairimh an tSeanaid roimh thoradh an toghcháin a dhearbhú, inchurtha faoi léirmheas ag cúirt a thriaileas achainí thoghcháin i dtaobh an toghcháin.

Achainíocha toghcháin i dtaobh olltoghchán don tSeanad.

54. —Na hachtacháin a bhaineas le tíolacadh agus triail achainíocha toghcháin i dtaobh toghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann bainfid le holltoghcháin don tSeanad fara na modhnuithe seo a leanas:

(a) an chúirt a bheas ag triail achainí toghcháin i dtaobh olltoghcháin don tSeanad ní bheidh de chumhacht aici a dhearbhú an toghchán uile a bheith ar neamhní, ach féadfaidh a dhearbhú toghadh aon duine nó daoine de na hiarrthóirí ar taitheascadh gur toghadh é nó iad sa toghchán a bheith ar neamhní nó a bheith bailí mar is dual ó cheartas;

(b) má dhearbhaíonn an chúirt amhlaidh toghadh iarrthóra a bheith ar neamhní, dearbhóidh an chúirt gur toghadh an duine is dual ó cheartas de na hiarrthóirí nár taitheascadh gur toghadh é;

(c) beidh de chumhacht ag an gcúirt sin pé leasuithe is gá chun éifeacht a thabhairt dá breitheanna a dhéanamh sa deimhniú ó cheann comhairimh an tSeanaid ar thoradh an toghcháin;

(d) ní bheidh d'oblagáid ar an gcúirt sin a chur faoi ndeara athchomhaireamh a dhéanamh ar na vótanna a tugadh, ná scrúdú a dhéanamh ar an vótáil ná ar chomhaireamh na vótanna, do na hiarrthóirí ar rolla ar deimhin leis an gcúirt sin ina thaobh nach bhfuil an vótáil do na hiarrthóirí ar an rolla sin i gceist san achainí sin;

(e) léireofar mar thagairtí do Sheanad Éireann tagairtí (lena n-áirítear tagairtí trí oiriúnú) do Dháil Éireann agus léireofar mar thagairtí do Chathaoirleach Sheanad Éireann tagairtí (lena n-áirítear tagairtí trí oiriúnú) do Chathaoirleach nó do Cheann Comhairle Dháil Éireann.

(2) In aon imeachta dlí chun toghadh nó taitheasc aon iarrthóra i dtoghchán don tSeanad a chur faoi cheist, ní hiarrfar ar dhuine ar bith a vótáil sa toghchán sin a rá cé dhó ar vótáil sé.

CUID V.

Corrthoghchan Don tSeanad.

Caibidil I.

Fógra i dtaobh Corrfholúntais agus Ordú Corrthoghcháin don tSeanad.

Fógra i dtaobh corrfholúntais.

55. —(1) Má tharlann corrfholúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann déanfaidh Cléireach Sheanad Éireann, ar ordachán ó Sheanad Éireann, fógra (dá ngairmtear fógra i dtaobh corrfholúntais san Acht seo) a chur i scríbhinn go dtí an tAire i dtaobh an fholúntais.

(2) Luafar i bhfógra i dtaobh corrfholúntais, maidir leis an gcomhalta arbh é a bhás, a éirí as oifig, nó a theacht faoi dhícháilíocht faoi ndear an folúntas, an rolla agus an fo-rolla as ar toghadh an comhalta san olltoghchán deiridh roimhe sin don tSeanad nó, más i gcorrthoghchán don tSeanad a toghadh an comhalta an rolla nó an fo-rolla as ar toghadh san olltoghchán deiridh roimhe sin don tSeanad an comhalta ar chun a ionad a líonadh (go díreach nó go neamhdhíreach) a toghadh é amhlaidh.

Ordú corrthoghcháin don tSeanad.

56. —(1) Nuair a gheobhas an tAire fógra i dtaobh corrfholúntais ó Chléireach Sheanad Éireann, déanfaidh an tAire, a luaithe is caothúil agus in aon chás tráth nach déanaí ná céad agus ochtó lá tar éis an fógra d'fháil, ordú (dá ngairmtear ordú corrthoghcháin don tSeanad) san Acht seo ina n-ordóidh toghchán a chomóradh do réir na Coda seo den Acht seo chun an folúntas a líonadh agus ina luafaidh an rolla agus an fo-rolla ar ina dtaobh a tharla an folúntas agus ina gceapfaidh, chun críocha an toghcháin, na trátha agus na háiteanna a luaitear sa cheann sin den dá fho-alt díreach ina dhiaidh seo den alt seo a bhainfeas leis an gcás.

(2) Más folúntas i bhfo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin an folúntas ar ina thaobh a déanfar ordú corrthoghcháin don tSeanad, ceapfaidh an t-ordú—

(a) an lá agus an áit agus an uair a comórfar an cruinniú (corrthoghchán) den choiste ainmniúcháin,

(b) an lá agus an áit a shuífeas ceann comhairimh an tSeanaid le haghaidh an rialuithe ar ainmniúchán, agus

(c) seoladh cinn chomhairimh an tSeanaid.

(3) Más folúntas i bhfo-rolla don Oireachtas an folúntas ar ina thaobh a déanfar ordú corrthoghcháin don tSeanad, ceapfar leis an ordú—

(a) an lá is lá deiridh chun ainmniúcháin d'fháil, agus

(b) an lá agus an áit a shuífeas ceann comhairimh an tSeanaid le haghaidh an rialuithe ar ainmniúchán, agus

(c) an lá is lá chun páipéir bhallóide d'eisiúint, agus

(d) an lá agus an uair (dá ngairmtear críoch na vótaíochta san Acht seo) a cuirfear críoch leis an vótaíocht, agus

(e) seoladh cinn chomhairimh an tSeanaid.

(4) Foilseofar ordú corrthoghcháin don tSeanad san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

An éifeacht a bheas ag lánscor Dháil Éireann.

57. —(1) Má lánscoirtear Dáil Éireann tar éis don Aire fógra i dtaobh corrfholúntais d'fháil agus roimh ordú corrthoghcháin don tSeanad a dhéanamh i leith an fholúntais, tiocfaidh an fógra chun bheith, agus beidh sé, ar neamhní de dhroim an lánscoir agus, d'ainneoin aon ní sa Chuid seo den Acht seo, ní déanfar ordú corrthoghcháin don tSeanad i leith an fholúntais.

(2) Má lánscoirtear Dáil Éireann tar éis ordú corrthoghcháin a dhéanamh agus roimh an toghchán de bhun an orduithe a chríochnú, tiocfaidh an t-ordú chun bheith, agus beidh sé, ar neamhní de dhroim an lánscoir agus ní déanfar aon bheart eile maidir leis an ordú, ach ní dhéanfaidh an neamhniú dochar ná difir do cheart cinn chomhairimh an tSeanaid chun go n-íocfar leis, faoin Acht seo, a éilithe reasúnacha i leith dualgas a chomhlíon sé, maidir leis an toghchán, roimh an lánscor.

Foráil is infeidhme i gcás níos mó ná folúntas amháin.

58. —Má gheibheann an tAire, tráth ar bith, dhá fhógra nó níos mó i dtaobh corrfholúntais gan iad a bheith arna neamhniú trí Dháil Éireann a lánscor agus nach ndearna sé ordú corrthoghcháin don tSeanad ina leith, déanfar orduithe corrthoghcháin ar leithligh don tSeanad agus comórfar toghcháin ar leithligh maidir le gach ceann de na folúntais lena mbainfidh na fógraí.

Caibidil II.

Corrfholúntais i bhFo-rolla do Chomhluchta Ainmniúcháin.

E a bheith d'oblagáid cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin a chomóradh.

59. —Nuair a dhéanfas an tAire ordú corrthoghcháin don tSeanad i leith corrfholúntais i gcomhaltas Sheanad Éireann a ndéarfar san ordú gur folúntas é i leith an fho-rolla do na comhluchta ainmniúcháin de rolla airithe, déanfar cruinniú (dá ngairmtear cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin san Acht seo) den choiste ainmniúcháin don rolla sin a chomóradh an lá agus an áit agus an uair a ceapfar chuige sin leis an ordú agus cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid, seacht lá ar a laghad roimh an gcruinniú, fógra sa bhfoirm ordaithe, i dtaobh comóradh an chruinnithe, leis an bpost go dtí gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí a bunófar faoi alt 60 den Acht seo.

An liosta toghthóirí do chruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin.

60. —(1) Nuair a bheas cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin le comóradh, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid, as an gclár faoi alt 21 den Acht seo, liosta ina luafaidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí comhaltaí an choiste ainmniúcháin agus is é an liosta sin is liosta toghthóirí chun críocha an chruinnithe agus is liosta críochnaitheach dosháruithe é.

(2) Beidh na daoine uile agus faoi seach a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta toghthóirí a bunófar faoin alt seo do chruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin (agus ní bheidh aon duine eile) i dteideal vótáil sa vótaíocht (más ann) ag an gcruinniú.

(3) Ní dhéanfaidh bás duine a mbeidh a ainm ar liosta toghthóirí a bunófar faoin alt seo dochar ná difir do bhailíocht ná d'oibriú an liosta thoghthóirí.

An nós imeachta ag cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin.

61. —Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin:

(a) is é ceann comhairimh an tSeanaid a bheas i gceannas an chruinnithe agus a stiúrós a imeachta;

(b) tosnóidh na himeachta an tráth a ceapfar don chruinniú leis an ordú corrthoghcháin iomchuí don tSeanad má bhíonn córam ann an tráth sin nó mura mbíonn córam ann an tráth sin, nuair a bheas córam ann;

(c) is iad ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí agus na daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta toghthóirí a bunófar don chruinniú faoi alt 60 den Acht seo, agus iad sin amháin, a fhéadfas bheith i láthair ag an gcruinniú;

(d) déanfaidh gach comhalta den choiste ainmniúcháin a bheas ag an gcruinniú, ar dhul isteach dó go dtí an cruinniú nó a luaithe is féidir dá éis sin, a ainm a shíniú i leabhar nó i dtaifead eile freastail (a sholáthrós agus a choimeádfas ceann comhairimh an tSeanaid);

(e) soláthróidh ceann comhairimh an tSeanaid leor-uimhir de na foirmeacha ainmniúcháin ordaithe agus cuirfidh na foirmeacha sin ar fáil do na comhaltaí den choiste ainmniúcháin a bheas i láthair;

(f) is cead d'aon chomhalta den choiste ainmniúcháin a bheas i láthair duine d'ainmniú lena thoghadh tráth ar bith laistigh d'uair a chloig tar éis na himeachta a thosnú;

(g) is ar fhoirm ainmniúcháin ordaithe, arna soláthar ag ceann comhairimh an tSeanaid, a déanfar ainmniúchán, agus síneoidh an comhalta a dhéanfas an t-ainmniúcháin é agus bhéarfaidh sé ina láimh do cheann comhairimh an tSeanaid é;

(h) luafar i ngach ainmniúchán ainm, seoladh, agus tuairisc an duine a hainmnítear leis, agus beidh ráiteas ann ar a cháilíochta le haghaidh an rolla arb é an coiste ainmniúcháin sin is coiste ainmniúcháin dó;

(i) diúltóidh ceann comhairimh an tSeanaid d'aon ainmniúchán a bhfeicfear dó nach ndearnadh agus nár comhlánadh é do réir an ailt seo;

(j) féadfaidh an comhalta a rinne ainmniúchán an t-ainmniúchán sin a tharraingt siar laistigh d'uair a chloig tar éis na himeachta a thosnú;

(k) is amhlaidh a tarraingeofar siar ainmniúchán tríd an gcomhalta a bheas i gceist d'fhormhuiniú ráitis faoina láimh ar an bpáipéar ainmniúcháin (a bhéarfas ceann comhairimh an tSeanaid ina láimh dó chuige sin) ag tarraingt siar an ainmniúcháin;

(l) cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid gach ainmniúchán lena nglacfaidh sé agus gach ainmniúchán a tarraingeofar siar ar fáil chun a n-iniúchta ag na comhaltaí den choiste ainmniúcháin a bheas i láthair;

(m) má bhíonn beirt nó níos mó ainmnithe go cuí i gcionn uaire a chloig ó thosach na n-imeachta, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, i gcionn na huaire sin, an cruinniú a chur ar atráth go dtí am agus áit a bheas caothúil (an lá sin nó lá éigin ina dhiaidh sin) chun vótaíocht a thógaint le duine de na daoine sin a roghnú;

(n) má bhíonn duine amháin, agus gan a thuilleadh, ainmnithe go cuí i gcionn uaire a chloig ó thosach na n-imeachta, tiocfaidh deireadh leis an gcruinniú i gcionn na huaire sin agus déanfaidh agus síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid deimhniú um thoghadh sealadach do réir na bhforál ina dhiaidh seo den Chaibidil seo;

(o) mura mbíonn duine ar bith ainmnithe go cuí i gcionn uaire a chloig ó thosach na n-imeachta, tiocfaidh deireadh leis an gcruinniú i gcionn na huaire sin agus tuairisceoidh ceann comhairimh an tSeanaid an ní sin don Aire agus na himthosca a bhain le deireadh a theacht amhlaidh leis an gcruinniú.

An vótaíocht ag cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin.

62. —Nuair a déanfar cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin a chur ar atráth chun vótaíocht a thógaint, tógfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an vótaíocht do réir na bhfóral seo a leanas:

(a) tógfar an vótaíocht an lá agus an t-am agus san áit chun ar hatráthaíodh an cruinniú sin agus is tuigthe gur leanúint ar an gcruinniú sin an vótaíocht;

(b) cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid ar fáil san áit sin seomra oiriúnach chun an vótaíocht a thógaint agus soláthróidh ann na boscaí ballóide, na deisceanna, agus an troscán eile is dóigh leis is gá, agus soláthróidh freisin leor-uimhir de pháipéir bhallóide;

(c) is iad ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí agus na daoine a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta toghthóirí a bunófar don chruinniú sin faoi alt 60 den Acht seo, agus iad sin amháin a fhéadfas bheith i láthair le linn an vótaíocht a thógaint;

(d) ag an am sin chun ar hatráthaíodh an cruinniú sin osclóidh ceann comhairimh an tSeanaid an vótaíocht agus i gcionn uaire a chloig ón am sin cuirfidh sé críoch leis an vótaíocht;

(e) ní bheidh duine i dteideal páipéar ballóide d'fháil mura ndearna ná go dtí go ndéanfaidh sé, ag an gcruinniú sar ar hatráthaíodh an cruinniú nó le linn an vótaíocht a thógaint, a ainm a shíniú i leabhar nó i dtaifead eile freastail (a sholáthrós agus a choimeádfas ceann comhairimh an tSeanaid);

(f) nuair a bheas duine ag tabhairt a vóta caithfidh sé an figiúir 1 a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainme an duine dá mbeidh sé ag vótáil, agus féadfaidh sé ina theannta sin na figiúirí 2 agus 3 nó 2, 3 agus 4 agus mar sin de a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainmneacha daoine eile in ord a roghan;

(g) aon pháipéar ballóide—

(i) nach mbeidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor nó nach mbeidh sé curtha air i slí go dtaispeánfaidh céad-rogha, nó

(ii) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céad-roghan, curtha air os coinne níos mó ná an t-aon ainm amháin, nó

(iii) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céad-roghan, maraon le huimhir éigin eile curtha air os coinne ainme,

beidh sé neamhbhailí agus ní comhaireofar é;

(h) déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach beart a mheasfas sé is cuí nó is fóirstineach chun an vótáil sa ótaíocht a choimeád ina rún;

(i) gach ceist a éireos le linn an vótaíocht a thógaint nó maidir lena tógaint, is é ceann comhairimh an tSeanaid a bhéarfas breith uirthi agus is breith chríochnaitheach nach bhféadfar achomharc a dhéanamh ina coinne a bhreith ar aon cheist den tsórt sin;

(j) nuair a cuirfear críoch leis an vótaíocht, fionnfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, do réir an Achta seo agus go sonrach do réir na rialacha sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, toradh na vótaíochta agus craolfaidh an toradh sin do na hiarrthóirí a bheas (má bhíonn) i láthair an tráth sin;

(k) beidh ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí agus na hiarrthóirí (nó a n-ionadaithe cuí-cheaptha), agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal bheith i láthair nuair bheas toradh na vótaíochta á fhionnadh.

Deimhniú um thoghadh sealadach.

63. —(1) Má bhíonn duine amháin, agus gan a thuilleadh, ainmnithe go cuí i gcionn uaire a chloig ó thosach na n-imeachta ag cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin, déanfaidh agus síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid deimhniú (dá ngairmtear deimhniú um thóghadh sealadach san Acht seo), sa bhfoirm ordaithe, ina luafaidh ainm, seoladh agus tuairisc an duine sin.

(2) Má déantar cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin a chur ar atráth chun vótaíocht a thógaint, déanfaidh agus síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid, nuair a bheas comhaireamh na vótaí sa vótaíocht críochnaithe, deimhniú (dá ngairmtear freisin san Acht seo deimhniú um thoghadh sealadach), sa bhfoirm ordaithe, ina luafaidh ainm, seoladh agus tuairisc an duine a roghnaíodh sa vótaíocht.

(3) Foilseoidh ceann comhairimh an tSeanaid san Iris Oifigiúil gach deimhniú um thoghadh sealadach a dhéanfas agus a shíneos sé de bhun an ailt seo, agus san am céanna foilseoidh san Iris Oifigiúil fógra ag lua an lae agus na háite a bheas ceaptha leis an ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad le haghaidh an rialuithe ar ainmniúchán.

(4) Beidh deimhniú um thoghadh sealadach arna dhéanamh agus arna shíniú agus arna fhoilsiú de bhun an ailt seo ina fhianaise chríochnaitheach go ndearnadh an duine a mbeidh a ainm ar an deimhniú d'ainmniú go cuí ag an gcruinniú (corrthoghchán) ainmniúcháin lena mbainfidh sé agus (do réir mar bheas) gurb eisean an t-aon-duine a hainmníodh amhlaidh nó, má hatráthaíodh an cruinniú sin chun vótaíocht a thógaint gur tógadh an vótaíocht go cuí agus go ceart agus gur roghnaíodh an duine sin sa vótaíocht.

(5) Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, ar feadh na tréimhse dar tosach an lá tar éis deimhniú um thoghadh sealadach a chomhlánú faoi fho-alt (2) den alt seo agus dar críoch an lá roimh lá an rialuithe ar ainmniúchán, na páipéir ainmniúcháin lenar ghlac sé a choimeád ar fáil chun a n-iniúchta ag iarrthóirí idir 10 a.m. agus 1 p.m. laetheanta den tseachtain.

An rialú ar ainmniúchán do chorrfholúntas i bhfo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin.

64. —(1) I gcás ordú corrthoghcháin don tSeanad do bhaint le corrfholúntas i bhfo-rolla do chomhluchta ainmniúcháin, beidh ceann comhairimh an tSeanaid i láthair, ar a haon déag a chlog maidin an lae a bheas ceaptha leis an ordú sin le haghaidh an rialuithe ar ainmniúcháin, san áit a bheas ceaptha amhlaidh agus comórfaidh san am agus san áit sin suí (dá ngairmtear an rialú ar ainmniúchán san Acht seo) ag a rialóidh ar an ainmniúchán a bheas luaite sa deimhniú um thoghadh sealadach.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach rialú ar ainmniúchán a comórfar de bhun an ailt seo:

(a) bhéarfaidh ceann comhairimh an tSeanaid ar aird an páipéar ainmniúcháin a tugadh ina láimh dó ag an gcruinniú (corrthoghchán) den choiste ainmniúcháin agus is leis an duine a bheas ainmnithe sa deimhniú um thoghadh sealadach;

(b) déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid breithniú agus rialú ar bhailíocht an pháipéir ainmniúcháin agus ar an ainmniúchán a hairbheartaítear a dhéanamh leis;

(c) diúltóidh ceann comhairimh an tSeanaid don ainmniúchán mar ainmniúchán neamhbhailí má rialaíonn sé go bhfuil an páipéar ainmniúcháin, nó an t-ainmniúchán a hairbheartaítear a dhéanamh leis, neamhbhailí nó mura deimhin leis go bhfuil ag an duine sin na caílíochta a luaitear i bhfo-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht i leith an rolla a bheas luaite san ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad;

(d) nuair a bheas rialaithe ag ceann comhairimh an tSeanaid ar an ainmniúchán—

(i) má dhiúltaíonn sé don ainmniúchán, tuairisceoidh sé sin don Aire,

(ii) mura ndiúltaí sé don ainmniúchán, is tuigthe an duine a hainmníodh a bheith arna thoghadh chun an corrfholúntas i gcomhaltas Sheanad Éireann a bheas luaite san ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad a líonadh.

An nós imeachta mura bhfaightear ainmniúchán.

65. —(1) I gcás ceann comhairimh an tSeanaid dá thuairisciú don Aire—

(a) go dtáinig deireadh le cruinniú (corrthoghchán) de choiste ainmniúcháin toisc nár hainmníodh duine ar bith go cuí ag an gcruinniú sin, nó

(b) gur dhiúltaigh sé d'ainmniúchán le linn rialú ar ainmniúchán a comóradh de bhun na Caibidle seo,

tíocfaidh an t-ordú corrthoghcháin don tSeanad ar dá bhun a comóradh an cruinniú nó an rialú sin agus na himeachta uile a bhí ann de bhun an orduithe sin chun bheith, agus beid, ar neamhní, agus, chun críocha an Achta seo, is tuigthe ná dearnadh an t-ordú sin riamh agus déanfaidh an tAire ordú nua corrthoghcháin don tSeanad ina ionad.

(2) Aon ordú nua corrthoghcháin don tSeanad a déanfar faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh sé ina ordú corrthoghcháin don tSeanad do réir bhrí agus chun críocha an Achta seo, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an Acht seo (lena n-áirítear an t-alt seo) maidir leis, ach gurb í tréimhse ina ndéanfaidh an tAire an t-ordú nua corrthoghcháin don tSeanad ná pé tréimhse acu seo a leanas is déanaí a chríochnós, is é sin le rá, céad agus ochtó lá tar éis dó an fógra iomchuí i dtaobh corrfholúntais d'fháil ó Chléireach Sheanad Éireann nó seasca lá tar éis dó an tuairisc a luaitear sa bhfo-alt sin (1) d'fháil ó cheann comhairimh an tSeanaid.

(3) Ní dhéanfaidh neamhniú, de bhuaidh an ailt seo, ar ordú corrthoghcháin don tSeanad dochar ná difir do cheart cinn chomhairimh an tSeanaid chun go n-íocfar leis, faoin Acht seo, a éilithe reasúnacha i leith dualgas a comhlíonadh de bhun an orduithe sin.

Caibidil III.

Corrfholúntais i bhFo-Rolla don Oireachtas.

E a bheith d'oblagáid toghchán a chomóradh chun corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas a líonadh.

66. —Nuair a dhéanfas an tAire ordú corrthoghcháin don tSeanad i leith corrfholúntais i gcomhaltas Sheanad Éireann adéarfar san ordú sin is folúntas i leith an fho-rolla don Oireachtas de rolla áirithe, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid toghchán a chomóradh do réir na Caibidle seo chun an folúntas a líonadh agus chuige sin cuirfidh go dtí Cléireach Dháil Éireann cóip den ordú corrthoghcháin don tSeanad, maraon le pé méid foirmeacha páipéir ainmniúcháin a theastós do réir réasúin ón gCléireach sin.

Iarrthóirí d'ainmniú le haghaidh corrfholúntais i bhfo-rolla don Oireachtas.

67. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le hiarrthóirí d'ainmniú i dtoghchán chun corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas a líonadh:

(a) is i scríbhinn, ar pháipéar ainmniúcháin sa bhfoirm ordaithe, a déanfar ainmniúchán;

(b) beidh i bpáipéar ainmniúcháin na sonraí is gá, do réir foirme ordaithe an pháipéir ainmniúcháin, a lua ann agus, go sonrach, ráiteas ar cháilíochta an duine a hainmnítear leis don rolla a bheas luaite san ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad;

(c) ní foláir páipéar ainmniúcháin a bheith sínithe ag comhalta amháin den Oireachtas mar thairgtheoir agus ag ochtar comhaltaí eile den Oireachtas mar aontaitheoirí leis an ainmniúchán;

(d) seachadfar páipéar ainmniúcháin do cheann comhairimh an tSeanaid nó cuirfear chuige leis an bpost é.

(2) Nuair a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid páipéar ainmniúcháin roimh a ceathair a chlog tráthnóna an lae roimh an lá a bheas ceaptha leis an ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad ina lá deiridh chun ainmniúcháin d'fháil, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid in iúl láithreach i scríbhinn do Chléireach Dháil Éireann go bhfuarthas an páipéar ainmniúcháin amhlaidh agus ainm, seoladh agus tuairisc an iarrthóra, mar bheid luaite sa pháipéar ainmniúcháin, agus ainm thairgtheora an iarrthóra mar bheas sin luaite sa pháipéar ainmniúcháin.

(3) A luaithe is féidir tar éis a dó dhéag a chlog nóin an lae a bheas ceaptha leis an ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad ina lá deiridh chun ainmniúcháin d'fháil, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid go dtí Cléireach Dháil Éireann liosta ina luafaidh (in ord aibítre a sloinnte agus, i gcás comhshloinnte, in ord aibítre a n-ainmneacha eile), ainmneacha, seolta, agus tuairiscí, mar bheid luaite i bpáipéir ainmniúcháin faoi seach na n-iarrthóirí sin, na n-iarrthóirí a bhfuair sé páipéir ainmniúcháin ina leith roimh a dó dhéag a chlog nóin an lae adúradh agus ina luafaidh freisin, maidir le gach iarrthóir acu sin, ainm a thairgtheora mar bheas sin luaite sa pháipéar ainmniúcháin.

(4) Aon pháipéar ainmniúcháin a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid tar éis a dó dhéag a chlog nóin an lae a bheas ceaptha leis an ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad, ina lá deiridh chun ainmniúcháin d'fháil beidh sé ar neamhní.

(5) Má shíníonn comhalta den Oireachtas dhá pháipéar ainmniúcháin nó níos mó mar thairgtheoir nó mar aontaitheoir (pé acu sa cháil chéanna nó i gcáile éagsúla a shíneos sé an dá cheann nó gach ceann de na páipéar ainmniúcháin), beidh gach ceann de na páipéir ainmniúcháin ar neamhní go hiomlán.

(6) Nuair a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid páipéar ainmniúcháin i dtoghchán chun corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas a líonadh (seachas páipéar ainmniúcháin a dearbhaítear leis an Acht seo a bheith ar neamhní go hiomlán nó páipéar ainmniúcháin a gheofar amhlaidh tar éis an ama a ceaptar leis an Acht seo chun é d'fháil), coimeádfaidh sé an páipéar ainmniúcháin ar fáil chun a iniúchta ag iarrthóirí idir 10 a chlog a.m. agus 1 a chlog p.m. laethanta den tseachtain ar feadh na tréimhse dar tosach an lá i ndiaidh an lae a gheofar an páipéar ainmniúcháin agus dar críoch lá an rialuithe ar ainmniúchán.

An rialú ar ainmniúchán do chorrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas.

68. —(1) I gcás ordú corrthoghcháin don tSeanad do bhaint le corrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas, beidh ceann comhairimh an tSeanaid i láthair, ar a haon déag a chlog maidin an lae a bheas ceaptha leis an ordú le haghaidh an rialuithe ar ainmniúchán, san áit a bheas ceaptha amhlaidh agus comórfaidh san am agus san áit sin suí (dá ngairmtear an rialú ar ainmniúchán san Acht seo) ag a rialóidh ar na hainmniúcháin a bhfuair sé páipéir ainmniúcháin ina leith roimh a dó dhéag a chlog nóin an lae a bheas ceaptha leis an ordú ina lá deiridh chun ainmniúcháin d'fháil.

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach rialú ar ainmniúchán a comórfar de bhun an ailt seo:

(a) bhéarfaidh ceann comhairimh an tSeanaid ar aird na páipéir ainmniúcháin uile agus faoi seach a fuair sé roimh a dó dhéag a chlog nóin an lae deiridh chun ainmniúcháin d'fháil, agus déanfaidh breithniú agus rialú ar bhailíocht gach páipéir ainmniúcháin den tsórt sin agus ar an ainmniúchán a hairbheartaítear a dhéanamh leis;

(b) diúltóidh ceann comhairimh an tSeanaid mar ainmniúchán neamhbhailí d'ainmniúchán duine ar bith a rialóidh sé ina leith go bhfuil páipéar ainmniúcháin an duine sin, nó an t-ainmniúchán a déantar leis, neamhbhailí nó mura deimhin leis go bhfuil ag an duine sin na cáilíochta a luaitear i bhfo-alt 1° d'alt 7 d'Airteagal 18 den Bhunreacht i leith an rolla a bheas luaite san ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad;

(c) rialóidh ceann comhairimh an tSeanaid gur ainmniúchán bailí gach ainmniúchán ná diúltóidh sé dó de bhun míre (b) den fho-alt seo;

(d) nuair a rialós ceann comhairimh an tSeanaid gur ainmniúchán bailí ainmniúchán aon duine áirithe, iontrálfaidh sé láithreach i liosta (dá ngairmtear san Acht seo an liosta d'iarrthóirí) ainm, seoladh, agus tuairisc an duine sin mar bheid luaite ina pháipéar ainmniúcháin agus ainm a thairgtheora mar bheas sé luaite ann agus ráiteas, sa bhfoirm is cuí le ceann comhairimh an tSeanaid, ar na cáilíochta a chinnfeas sé a bheith iarbhír ag cáiliú an duine sin chun bheith ar an rolla a bheas luaite san ordú iomchuí corrthoghcháin don tSeanad;

(e) mura mbíonn ach duine amháin arna ainmniú go bailí nuair a bheas breithniú agus rialú déanta ag ceann comhairimh an tSeanaid ar na páipéir ainmniúcháin sin uile agus ar na hainmniúcháin a bheas déanta leo, dearbhóidh ceann comhairimh an tSeanaid an duine sin a bheith tofa, ach má bhíonn beirt nó níos mó arna n-ainmniú go bailí cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid an toghchán ar atráth agus tógfaidh vótaíocht do réir na bhforál ina dhiaidh seo den Chaibidil seo.

(3) Díreach ar an rialú ar ainmniúchán a bheith críochnaithe, síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid an liosta iarrthóirí agus beidh an liosta sin, arna shíniú amhlaidh, ina fhianaise dhosháruithe i dtaobh na ndaoine, nó i dtaobh an duine, atá ainmnithe go bailí.

An liosta toghthóirí do chorrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas.

69. —(1) Nuair a chuirfeas ceann comhairimh an tSeanaid toghchán ar atráth faoin gCaibidil seo chun vótaíocht a thógaint, cuirfidh sé sin in iúl láithreach do Chléireach Dháil Éireann i scríbhinn agus cuirfidh cóip den liosta iarrthóirí chuige, agus bhéarfaidh an Cléireach sin do cheann comhairimh an tSeanaid, tráth nach déanaí ná cheithre lá tar éis sin a chur in iúl dó amhlaidh, ráiteas ina luafaidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí uile de Dháil Éireann a bheas, an uair sin, i dteideal suí agus vótáil sa Tigh sin.

(2) Nuair a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid ráiteas arna thabhairt de bhun fo-ailt (1) den alt seo maidir le toghchán, ullmhóidh sé liosta ina luafaidh—

(a) na hainmneacha, na seolta agus na tuairiscí a bhí sa ráiteas sin, agus

(b) ainmneacha, seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí uile de Sheanad Éireann a bheas i dteideal suí agus vótáil sa Tigh sin an uair sin,

agus is é an liosta sin is liosta toghthóirí don toghchán agus is liosta críochnaitheach dosháruithe é.

(3) Beidh na daoine uile agus faoi seach a mbeidh a n-ainmneacha ar liosta toghthóirí a bunófar faoin alt seo, agus ní bheidh aon duine eile, i dteideal vótáil sa vótaíocht sa toghchán ar ina leith a bunófar an rolla toghthóirí sin amhlaidh.

(4) Ní dhéanfaidh bás duine a mbeidh a ainm ar liosta toghthóirí a bunófar faoin alt seo (pé acu roimh Chléireach Dháil Éireann do chur, nó tar éis é do chur, an ráitis dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo go dtí ceann comhairimh an tSeanaid a fuair an duine sin bás) dochar ná difir do bhailíocht ná d'oibriú an liosta thoghthóirí.

Na páipéir bhallóide do chorrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas.

70. —(1) Beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir leis na páipéir bhallóide i dtoghchán faoin gCaibidil seo:—

(a) beidh i bpáipéar ballóide ainmneacha, seolta agus tuairiscí na n-iarrthóirí uile agus iad socair in ord aibítre a sloinnte agus, i gcás comhshloinnte, in ord aibítre a n-ainmneacha eile, agus in aon cholún leanúnach amháin nó i dhá cholún nó níos mó mar mheasfas ceann comhairimh an tSeanaid, le toiliú an Aire, is caothúla;

(b) beidh sloinnte na n-iarrthóirí uile clóbhuailte ar pháipéar ballóide i litreacha móra agus beidh a n-ainmneacha eile agus a seolta agus a dtuairiscí clóbhuailte i litreacha beaga ach amháin, in aon chás inarb ionann sloinneadh do bheirt iarrthóirí nó níos mó, go mbeidh ainmneacha eile na n-iarrthóirí sin (chomh maith lena sloinnte) clóbhuailte i litreacha móra agus an oiread de sheoladh nó de thuairisc, nó de sheoladh agus de thuairisc, gach iarrthóra faoi leith acu sin agus a dhéanfas sonrú éifeachtúil, dar le ceann comhairimh an tSeanaid, ar an iarrthóir sin.

(2) Faoi réir forál fo-ailt (1) den alt seo, is sa bhfoirm ordaithe a bheas na páipéir bhallóide agus beidh uimhir clóbhuailte ar chúl gach páipéir bhallóide agus beidh comhdhuille ag gabháil leis agus an uimhir chéanna clóbhuailte ar aghaidh an chomhdhuille sin, agus déanfar, le linn gach páipéar ballóide d'eisiúint, marc oifigiúil a stampáil nó a tholladh ar an dá thaobh de.

An modh chun vótanna a mharcáil ar pháipéar ballóide do chorrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas.

71. —(1) Caithfidh toghthóir agus é ag tabhairt a vóta i dtoghchán faoin gCaibidil seo an figiúir 1 a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainme an iarrthóra dá mbeidh sé ag vótáil, agus féadfaidh ina theannta sin na figiúirí 2 agus 3, nó 2, 3 agus 4 agus mar sin de a chur ar an bpáipéar ballóide os coinne ainmneacha iarrthóirí eile in ord a roghan.

(2) Aon pháipéar ballóide—

(a) nach mbeidh an marc oifigiúil, nó

(b) nach mbeidh an figiúir 1 ina aonar curtha air in aon chor nó nach mbeidh sé curtha air i slí go dtaispeánfaidh céad-rogha d'iarrthóir éigin, nó

(c) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céadroghan, curtha air os coinne ainme níos mó ná aon iarrthóir amháin, nó

(d) a mbeidh an figiúir 1 ina aonar, ag taispeáint céad-roghan, maraon le huimhir éigin eile, curtha air os coinne ainme an aon iarrthóra amháin, nó

(e) a mbeidh aon ní, ach amháin an uimhir ar an gcúl, scríofa nó marcálta air trínar féidir an vótálaí d'aithint,

beidh sé neamhbhailí agus ní comhaireofar é.

Páipéir bhallóide a chur chun na dtoghthóirí.

72. —(1) An lá a bheas ceaptha chun páipéir bhallóide d'eisiúint i dtoghchán faoin gCaibidil seo, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid páipéar ballóide maraon le foirm dhearbhuithe chéannachta a chur leis an bpost cláraithe chun gach duine a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí don toghchán sin, go dtí an seoladh a bheas luaite ar an liosta toghthóirí sin.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine, ar cheart páipéar ballóide do thoghchán faoin gCaibidil seo a chur chuige faoi fho-alt (1) den alt seo, a chur in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid i scríbhinn go bhfuil níos mó ná cheithre huaire fichead a chloig imithe ón am ba cheart an páipéar ballóide sin a sheachadadh dhó i ngnáthchúrsa an phoist agus nach bhfuair sé an páipéar ballóide sin agus gur mian leis go n-eiseofaí chuige páipéar ballóide dúblach agus dearbhú céannachta dúblach, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid láithreach, má gheibheann sé an scríbhinn sin tráth nach déanaí ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an vótaíocht sa toghchán, nó féadfaidh sé, má gheibheann sé an scríbhinn sin níos lú ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an vótaíocht sa toghchán, páipéar ballóide agus dearbhú céannachta a chur leis an bpost cláraithe chun an duine sin, go dtí an seoladh a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus é soiléir orthu araon, trína mbeith clóbhuailte ar pháipéar de dhath ar leithligh nó ar shlí eile, gur dúbhlaigh iad den pháipéar ballóide agus den fhoirm dhearbhuithe chéannachta a cuireadh chun an duine sin faoin alt seo i gcéadóir.

(3) Is sa bhfoirm ordaithe a bheas gach dearbhú céannachta den tsórt sin.

(4) Nuair a bheas ceann comhairimh an tSeanaid ag cur amach páipéar ballóide de bhun an ailt seo, déanfaidh sé do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

An modh votála do chorrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas.

73. —(1) Gach duine a bheas i dteideal vótáil i dtoghchán faoin gCaibidil seo is sa tslí seo a leanas agus ní hin aon tslí eile a bheas sé i dteideal vótáil sa toghchán sin, is é sin le rá, tríd an bpáipéar ballóide a cuireadh chuige faoi alt 72 den Acht seo a mharcáil agus a chur thar n-ais leis an bpost cláraithe nó leis an ngnáth-phost chun ceann comhairimh an tSeanaid, maraon leis an bhfoirm dhearbhuithe chéannachta a cuireadh chuige amhlaidh ina theannta agus an dearbhú sin déanta agus comhlánaithe go cuí aige.

(2) I gcás ina ndéanfaidh duine a bheas i dteideal vótáil i dtoghchán faoin gCaibidil seo a chur in iúl do cheann comhairimh an tSeanaid i scríbhinn gur chuir sé thar n-ais go cuí leis an bpost cláraithe chun ceann comhairimh an tSeanaid an páipéar ballóide agus an fhoirm dhearbhuithe chéannachta a cuireadh chuige faoi alt 72 den Acht seo agus gur cosúil nár seachadadh iad do cheann comhairimh an tSeanaid agus gur mian leis go n-eiseofaí chuige páipéar ballóide dúblach agus dearbhú céannachta dúblach, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid láithreach, má gheibheann sé an scríbhinn sin tráth nach déanaí ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an vótaíocht sa toghchán, nó féadfaidh sé, má gheibheann sé an scríbhinn sin níos lú ná ocht n-uaire ceathrachad a chloig roimh chríoch a chur leis an an vótaíocht sa toghchán, páipéar ballóide agus foirm dhearbhuithe chéannachta a chur leis an bpost cláraithe chun an duine sin, go dtí a sheoladh mar bheas sin luaite ar an liosta toghthóirí, agus é soiléir orthu araon, trína mbeith clóbhuailte ar pháipéar de dhath ar leithligh nó ar shlí eile, gur dúblaigh iad den pháipéar ballóide agus den fhoirm dhearbhuithe chéannachta a cuireadh chun an duine sin i gcéadóir.

(3) Nuair a bheas ceann comhairimh an tSeanaid ag fáil na bpáipéar ballóide i dtoghchán don tSeanad agus ag deighleáil leo ar chuma eile, déanfaidh sé do réir na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Toradh toghcháin do chorrfholúntas i bhfo-rolla don Oireachtas d'fhionnadh.

74. —(1) A luaithe is caothúil tar éis críoch a chur leis an vótaíocht i dtoghchán faoin gCaibidil seo, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, i bhfianaise na n-iarrthóirí a bheas i láthair, toradh an toghcháin d'fhionnadh ar leithligh, do réir an Achta seo agus go sonrach do réir na rialacha atá sa Dara Sceideal agus sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus dearbhóidh gur toghadh an t-iarrthóir a fionnfar amhlaidh a bheith tofa.

(2) Is breith chríochnaitheach breith chinn chomhairimh an tSeanaid ar aon cheist a éireos, i dtoghchán faoin gCaibidil seo, maidir leis na páipéir bhallóide nó na dearbhuithe céannachta nó na clúdaigh ina mbeidh nó aon ní eile a éireos maidir le heisiúint nó fáil na bpáipéar ballóide nó comhaireamh na vótanna, ach go mbeidh an bhreith sin, i gcás agóid i scríbhinn i gcoinne na breithe a sheachadadh do cheann comhairimh an tSeanaid roimh thoradh an toghcháin a dhearbhú, inchurtha faoi léirmheas ag cúirt a thriaileas achainí thoghcháin i dtaobh an toghcháin.

Achainíocha toghcháin i dtaobh toghchán do chorrfholúntais i bhfo-rolla don Oireachtas.

75. —(1) Na hachtacháin a bhaineas le tíolacadh agus triail achainíocha toghcháin i dtaobh toghchán do chomhaltaí de Dháil Éireann bainfid le toghchán faoin gCaibidil seo fara na modhnuithe seo a leanas:

(a) an chúirt a bheas ag triail achainí toghcháin i dtaobh toghcháin faoin gCaibidil seo ní bheidh de chumhacht aici a dhearbhú an toghchán uile a bheith ar neamhní, ach féadfaidh a dhearbhú toghadh aon iarrthóra ar taitheascadh gur toghadh é sa toghchán a bheith ar neamhní nó a bheith bailí mar is dual ó cheartas;

(b) má dhearbhaíonn an chúirt sin amhlaidh toghadh iarrthóra a bheith ar neamhní, dearbhóidh an chúirt gur toghadh an duine is dual ó cheartas de na hiarrthóirí nár taitheascadh gur toghadh é;

(c) beidh de chumhacht ag an gcúirt sin pé leasuithe is gá chun éifeacht a thabhairt dá breitheanna a dhéanamh sa deimhniú ó cheann comhairimh an tSeanaid ar thoradh an toghcháin;

(d) léireofar mar thagairtí do Sheanad Éireann tagairtí (lena n-áirítear tagairtí trí oiriúnú) do Dháil Éireann agus léireofar mar thagairtí do Chathaoirleach Sheanad Éireann tagairtí (lena n-áirítear tagairtí trí oiriúnú) do Cheann Comhairle Dháil Éireann;

(2) In aon imeachta dlí chun toghadh nó taitheasc aon iarrthóra i dtoghchán faoin gCaibidil seo a chur fhaoi cheist, ní hiarrfar ar dhuine ar bith a vótáil sa toghchán sin a rá cé dhó ar vótáil sé.

Caibidil IV

Fórala Ginearálta maidir le gach rialú ar ainmniúchán faoi Chaibidil III.

An réiteoir breithiúntais a bheith i láthair ag an rialú ar ainmniúchán.

76. —(1) Beidh Uachtarán na hArd-Chúirte, nó breitheamh éigin eile den Ard-Chúirt a ainmneos seisean, i láthair ag gach rialú ar ainmniúchán a comórfar faoin gCuid seo den Acht seo agus suífidh agus gníomhóidh ann ina réiteoir breithiúntais.

(2) Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid uaidh féin, agus déanfaidh, arna iarriadh sin air an duine a mbeidh a ainm ar an deimhniú iomchuí um thoghadh sealadach nó ar gá do réir an Achta seo rialú ar a ainmniúchán ag an rialú ar ainmniúchán nó do ghníomhaire aon duine den tsórt sin, aon cheist a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais a éireos sa rialú ar ainmniúchán maidir le haon pháipéar ainmniúcháin, le hainmniúchán aon duine, le cáilíochta aon duine i gcóir an rolla iomchuí, le ráiteas cinn chomhairimh an tSeanaid ar na cáilíochta sin, nó le haon ní eile a bhainfeas le hainmniúchán duine ar bith.

(3) Cinnfidh agus craolfaidh an réiteoir breithiúntais san am agus san áit sin a bhreith ar gach ceist a chuirfeas ceann comhairimh an tSeanaid faoina bhráid faoin alt seo.

(4) Is breith chríochnaitheach dhosháruithe nach mbeidh inchurtha faoi léirmheas ag cúirt ar bith breith an réiteora bhreithiúntais ar aon cheist a chuirfeas ceann comhairimh an tSeanaid faoina bhráid faoin alt seo.

(5) Féadfar ceist a chur faoi bhráid an réiteora bhreithiúntais faoin alt seo pé acu bheas breith tugtha uirthi ag ceann comhairimh an tSeanaid é féin nó nach mbeidh.

Ceisteanna a féadfar a tharraingt anuas ag an rialú ar ainmniúchán.

77. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo a chomhlíonadh (i gcás inarb iomchuí sin), féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid nó an duine a mbeidh a ainm ar an deimhniú iomchuí um thoghadh sealadach nó ar gá do réir an Achta seo rialú ar a ainmniúchán sa rialú sin ar ainmniúchán nó gníomhaire aon duine den tsórt sin gach ceist a tharraingt anuas, ag aon rialú ar ainmniúchán a comórfar faoin gCuid seo den Acht seo, a bhainfeas le hainmniúchán duine ar bith, lena n-áirítear bailíocht pháipéar ainmniúcháin, leordhóthanacht nó cruinneas aon ráitis i bpáipéar ainmniúcháin, bailíocht aon ainmniúcháin agus cáilíochta nó dícháilíocht aon duine don rolla iomchuí.

(2) Má bheartaíonn duine seachas ceann comhairimh an tSeanaid ceist a tharraingt anuas ag aon rialú ar ainmniúchán a comórfar faoin gCuid seo den Acht seo, déanfaidh sé ráiteas ag lua na ceiste agus foras na ceiste a sheachadadh do cheann comhairimh an tSeanaid dhá lá ar a laghad roimh lá an rialuithe ar ainmniúchán.

(3) Mura mbíonn aon amhras cé hé an duine a hairbheartaítear a ainmniú le páipéar ainmniúcháin, ní diúltófar don pháipéar ainmniúcháin ná ní dearbhófar é a bheith neamhbhailí de bhíthin earráide nó neamhiomláine i gcur síos ainme nó seoladh nó tuairisce an duine sin ann agus dá bhíthin sin amháin.

(4) Chun breith a thabhairt ar aon cheist a thiocfas i gcúrsa i rialú ar ainmniúchán a comórfar faoin gCuid seo den Acht seo, féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid fianaise a ghlacadh, ó bhéal nó i scríbhinn, a tairgfear dó ó aon duine, nó thar ceann aon duine, lena mbainfidh an cheist sin agus gníomhú ar an bhfianaise sin, agus féadfaidh sé, más cuí leis, a cheangal an fhianaise sin a thabhairt faoi mhionn agus chuige sin duine a chur faoi mhionn.

(5) Chun breith a thabhairt ar aon cheist a thiocfas i gcúrsa i rialú ar ainmniúchán a comórfar faoin gCuid seo den Acht seo, féadfaidh an réiteoir breithiúntais fianaise a ghlachadh, ó bhéal nó i scríbhinn, a tairgfear dó ó aon duine nó thar ceann aon duine lena mbainfidh an cheist sin agus gníomhú ar an bhfianaise sin (is fianaise, ach amháin i gcás ina gceadóidh an réiteoir breithiúntais a mhalairt, a cuireadh ar fáil do cheann comhairimh an tSeanaid), agus féadfaidh sé, más cuí leis, a cheangal an fhianaise sin a thabhairt faoi mhionn agus chuige sin féadfaidh duine a chur faoi mhionn.

Na daoine ar cead dóibh bheith i láthair ag an rialú ar ainmniúchán.

78. —Is cead do na daoine seo a leanas (agus dóibh sin amháin) bheith i lathair ag an rialú ar ainmniúchán a comórfar faoin gCuid seo den Acht seo:

(a) ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí;

(b) an réiteoir breithiúntais agus duine amháin a bhéarfas sé leis chun freastal air;

(c) an duine a mbeidh a ainm ar an deimhniú iomchuí um thoghadh sealadach nó duine ar bith ar gá do réir na Coda seo den Acht seo rialú ar a ainmniúchán sa rialú ar ainmniúchán;

(d) gníomhaire amháin do gach duine dá dtagartar i mír (c) den alt seo;

(e) finnéithe a bheas ag tabhairt fianaise ó bhéal, le linn dóibh bheith ag tabhairt na fianaise sin agus lena linn sin amháin;

(f) pé daoine eile ar cuí le ceann comhairimh an tSeanaid a cheadú dhóibh bheith i láthair.

Leanúnachas na n-imeacht ag an rialú ar ainmniúchán.

79. —(1) A mhéid is féidir é raghfar ar aghaidh go leanúnach leis na himeachta ag rialú ar ainmniúchán a comórfar faoin gCuid seo den Acht seo, ach féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na himeachta d'fhionraí tráth ar bith le toiliú an réiteora bhreithiúntais go ceann pé tréimhse is cuí le ceann comhairimh an tSeanaid chun bia nó deoch a chaitheamh, i gcóir na hoíche, nó ar aon chúis eile is leor leis.

(2) Aon uair a fionrófar faoin alt seo na himeachta ag rialú ar ainmniúchán glacfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach cúram is cuí chun na páipéir ainmniúcháin agus doiciméidí iomchuí eile a choimeád slán.

CUID VI.

Ilghneitheach.

Eirí as comhaltas Sheanad Éireann.

80. —(1) Féadfaidh comhalta de Sheanad Éireann a toghfar faoin Acht seo éirí dá dheoin féin as bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do Chathaoirleach Sheanad Éireann agus craolfaidh seisean a éirí-as do Sheanad Éireann ag an gcéad chruinniú eile de Sheanad Éireann.

(2) I gcás comhalta de Sheanad Éireann d'éirí faoin alt seo as bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann, beidh éifeacht ag a éirí-as díreach ar Chathaoirleach Sheanad Éireann dá chraoladh de bhun an ailt seo.

Duine a thoghadh mar chomhalta ollscoile agus mar rolla-chomhalta.

81. —Aon uair a tharlós, in olltoghchán do chomhaltaí de Sheanad Éireann, go dtoghfaidh ollscoil duine mar chomhalta de Sheanad Éireann (dá ngairmtear comhalta ollscoile san alt seo) agus go dtoghfar é freisin faoin Acht seo mar chomhalta de Sheanad Éireann (dá ngairmtear rolla-chomhalta san alt seo), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) déanfaidh an duine sin trí scríbhinn faoina láimh, a sheachadfas sé do Chléireach Sheanad Éireann roimh a shuíochán a thógaint i gceachtar cáil acu, a dhearbhú cé acu mar chomhalta ollscoile nó mar rolla-chomhalta a shuífeas sé i Seanad Éireann;

(b) mura ndéana an duine sin, laistigh de mhí tar éis an chéad chruinnithe de Sheanad Éireann i ndiaidh an olltoghcháin, an dearbhú a luaitear i mír (a) den alt seo a sheachadadh do Chléireach Sheanad Éireann do réir na míre sin, is tuigthe an duine sin dá dhearbhú i ndeireadh an mhí sin gur mar chomhalta ollscoile a shuífeas sé i Seanad Éireann;

(c) a luaithe a dhearbhós an duine sin nó is tuigthe é dá dhearbhú cé acu de na cáile sin ina suífidh sé i Seanad Éireann is tuigthe é d'éirí as a shuíochán i Seanad Éireann mar chomhalta de Sheanad Éireann sa cháil eile acu sin.

Rún a choimeád ar an vótáil.

82. —(1) Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, agus gach oifigeach agus cléireach a mbeidh baint acu le páipéir bhallóide d'eisiúint nó d'fháil nó leis na vótanna a chomhaireamh faoin Acht seo agus gach iarrthóir nó duine eile a bheas i láthair le linn na heisiúna nó na fála nó an chomhairimh sin, rún a choimeád agus cabhrú chun rún a choimeád ar an vótáil sa toghchán agus ní thabharfaid uathu roimh chríochnú an toghcháin, ach amháin chun críche éigin a bheas údaraithe le dlí, aon eolas i dtaobh cé acu vótáil aon toghthóir áirithe sa toghchán nó nár vótáil, ná i dtaobh an mhairc oifigiúil, ná ní thabharfaid d'aon duine uair ar bith aon eolas, a gheobhaid le linn nó i dtaobh na heisiúna nó na fála nó an chomhairimh sin, ar cé hé an t-iarrthóir dar vótáil aon toghthóir áirithe ná cé acu vótáil aon toghthóir áirithe nó nár vótáil ná ar an uimhir ar chúl aon pháipéir bhallóide.

(2) Ní dhéanfaidh duine ar bith cur isteach ná iarracht ar chur isteach ar fháil, marcáil ná aischur páipéir bhallóide aon toghthóra i dtoghchán faoin Acht seo.

(3) Ní thabharfaidh aon duine go díreach ná go neamhdhíreach ar aon toghthóir i dtoghchán faoin Acht seo a pháipéar ballóide a thaispeáint, tar éis é dá mharcáil, ionas go nochtfar don duine sin nó d'aon duine eile ainm aon iarrthóra dar mharcáil sé a vóta ar an bpáipéar ballóide sin.

(4) Duine ar bith a shárós an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slíachomair dlífear príosúntacht ar feadh téarma ar bith nach sia ná sé mhí a chur air.

Neamhchomhlíonadh rialacha.

83. —Ní dearbhófar toghadh iarrthóra i dtoghchán faoin Acht seo a bheith ar neamhní de bhíthin amháin na rialacha atá in aon Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a neamhchomhlíonadh nó aon earráid a dhéanamh in úsáid na bhfoirmeacha a bheas ordaithe faoin Acht seo, má chítear don bhinse lena mbaineann an cheist gur stiúradh an toghchán do réir na bprionsabal atá leagtha amach i gcorp an Achta seo agus ná dearna an neamhchomhlíonadh ná an earráid difir do thoradh an toghcháin.

Seirbhísí poist.

84. —Na seirbhísí poist uile (lena n-áirítear na seirbhísí cláraitheachta uile) a déanfar go hiomlán laistigh den Stát maidir le páipéir bhallóide i dtoghchán faoin Acht seo d'eisiúint agus d'aischur, déanfaidh an tAire Poist agus Telegrafa iad gan na táillí orthu a réamhíoc, agus is tuigthe gur cuid de chostais chinn chomhairimh an tSeanaid gach táille den tsórt sin agus íocfar iad dá réir sin.

Forála idirlinne.

85. —(1) D'ainneoin aon fhorál eile san Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon olltoghchán don tSeanad a comórfar de dhroim Dáil Éireann a lánscor agus a déanfar i rith na tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch an dáta a foilseofar, faoi alt 15 den Acht seo, an clár de chomhluchta ainmniúcháin;

(a) is tuigthe gurb é an clár a foilsíodh san Iris Oifigiúil faoi alt 19 d'Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937) , an 25ú lá de Mhárta, 1947, an clár de chomhluchta ainmniúcháin;

(b) is tuigthe, chun críocha alt 21 agus 22 den Acht seo, an clár sin d'fhoilsiú ar dháta an Achta seo a rith;

(c) an duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, arna cheapadh faoi alt 5 d'Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937, is tuigthe gurb é is ceann comhairimh an tSeanaid, ach má bhíonn an duine sin neamhábalta, mar gheall ar bhreoiteacht, toisc é a bheith as láthair, nó ó aon chúis eile, ar a dhualgais a chomhlíonadh, is tuigthe gurb é an duine a cheapfas an tAire chuige sin is ceann comhairimh an tSeanaid;

(d) cuirfidh Cléireach Dháil Éireann, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis Dáil Éireann a lánscor, go dtí ceann comhairimh an tSeanaid, ráiteas ina luafaidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí de Sheanad Éireann atá i dteideal bheith ina gcomhaltaí den toghlucht san olltoghchán don tSeanad;

(e) is tuigthe Cléireach Sheanad Éireann a bheith ina dhuine údaraithe chun críche rialach 8 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

(f) déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, in ionad an deimhniú dúblach dá dtagartar i riail 27 de na rialacha atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a choinneáil, an dúblach sin a chur go dtí Cléireach Sheanad Éireann.

(2) D'ainneoin aon fhorál eile san Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le haon chorrthoghchán don tSeanad a comórfar de dhroim fógra i dtaobh corrfholúntais a chur, nó is tuigthe a chur, chun an Aire i rith na tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch an dáta a foilseofar, faoi alt 15 den Acht seo, an clár de chomhluchta ainmniúcháin faoin Acht seo:—

(a) is tuigthe gurb é an clár a foilsíodh faoi alt 19 d'Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937 (Uimh. 43 de 1937) , an 20ú lá de Mhárta, 1947, an clár de chomhluchta ainmniúcháin;

(b) is tuigthe, chun críocha alt 21 agus 22 den Acht seo, an clár sin d'fhoilsiú ar dháta an Achta seo a rith;

(c) an duine a bhí, díreach roimh an Acht seo a rith, arna cheapadh faoi alt 5 d'Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta), 1937, is tuigthe gurb é is ceann comhairimh an tSeanaid, ach má bhíonn an duine sin neamhábalta, mar gheall ar bhreoiteacht, toisc é a bheith as láthair, nó ó aon chúis eile, ar a dhualgais a chomhlíonadh, is tuigthe gurb é an duine a cheapfas an tAire chuige sin is ceann comhairimh an tSeanaid;

(d) más toghchán é chun corrfholúntas i bfo-rolla don Oireachtas a líonadh agus go gcuirfear ar atráth é chun vótaíocht a thógaint—

(i) díreach ar an atráthú a dhéanamh cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid an t-atráthú in iúl i scríbhinn do Chléireach Sheanad Éireann agus cuirfidh cóip den liosta iarrthóirí chuige, agus bhéarfaidh an Cléireach sin do cheann comhairimh an tSeanaid, tráth nach déanaí ná cheithre lá tar éis sin a chur in iúl dó amhlaidh, ráiteas ina luafaidh ainmneacha, seolta agus tuairiscí na gcomhaltaí uile de Sheanad Éireann a bheas, an uair sin, i dteideal suí agus vótáil sa Tigh sin,

(ii) is tuigthe gurb é an ráiteas sin maraon leis an ráiteas a bhéarfas Cléireach Dháil Éireann de bhun fo-ailt (i) d'alt 69 den Acht seo an liosta toghthoirí a bunaíodh faoin alt sin 69 don toghchán;

(e) déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, in ionad an deimhniú dúblach dá dtagartar i riail 23 de na rialacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a choinneáil, an dúblach sin a chur go dtí Cléireach Sheanad Éireann.

(3) Aon fhógra a cuireadh chun an Aire faoi alt 5 d'Acht Toghcháin an tSeanaid (Baill Ainmliosta) (Toghcháin Chorra), 1940 (Uimh. 20 de 1940) , i rith na sé mhí dar críoch dáta an Achta seo a rith, is tuigthe gur fógra i dtaobh corrfholúntais é a cuireadh chun an Aire faoin Acht seo ar an Acht seo a rith.

(4) D'ainneoin ailt 44 den Acht seo ní bheidh duine ina chomhalta den toghlucht in olltoghchán don tSeanad de bhíthin amháin gur chomhalta é de chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath tráth ar bith roimh an Acht seo a rith.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Rialacha Chun Olltoghchain don tSeanad a Stiuru.

Na páipéir bhallóide d'eisiúint.

1. An lá a bheas ceaptha chun páipéir bhallóide d'eisiúint, eiseoidh ceann comhairimh an tSeanaid, sa tslí a hordaítear sna Rialacha seo a leanas, páipéir bhallóide chun gach toghthóra a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí don toghchán.

Iarrthóirí i dteideal bheith i láthair.

2. Beidh gach iarrthóir i dteideal bheith i láthair le linn na páipéir bhallóide don toghchán d'eisiúint agus déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, arna iarraidh sin air d'aon iarrthóir acu sin, am agus áit na heisiúna a chur in iúl don iarrthóir.

Na daoine a bheas i láthair le linn na páipéir bhallóide d'eisiúint.

3. Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí, aon iarrthóir agus aon ghníomhaire a bheas ceaptha ag iarrthóir, agus ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin le cead cinn chomhairimh an tSeanaid, bheith i láthair le linn na páipéir bhallóide d'eisiúint.

An modh ar a n-eiseofar páipéir bhallóide.

4. Eiseoidh ceann comhairimh an tSeanaid páipéir bhallóide chun gach toghthóra trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, nó a chur faoi ndear iad a dhéanamh, maidir leis an toghthóir sin san ord a leanas, is é sin le rá:—

(a) glaofar amach uimhir, ainm, seoladh agus tuairisc an toghthóra, mar bheid sin luaite ar an liosta toghthóirí;

(b) marcálfar an uimhir sin an toghthóra ar chomhdhuille gach páipéir bhallóide a bheas le cur chuige;

(c) cuirfear marc ar an liosta toghthóirí os coinne ainme an toghthóra air á thaispeáint gur heisíodh páipéir bhallóide chun an toghthóra sin, ach gan a nochtadh cad iad na páipéir bhallóide iad;

(d) marcálfar an marc oifigiúil ar dhá thaobh na bpáipéar ballóide;

(e) déanfar an uimhir ar chúl na bpáipéar ballóide a mharcáil ar an taobh amuigh, agus an uimhir sin an toghthóra a mharcáil ar an taobh istigh, de chlúdach (dá ngairmtear an clúdach páipéir bhallóide anseo feasta) sa bhfoirm ordaithe;

(f) cuirfear na doiciméidí seo a leanas i gclúdach (dá ngairmtear an clúdach imeachtrach anseo feasta) sa bhfoirm ordaithe a díreofar chun an toghthóra ag a sheoladh, mar bheas sin luaite ar an liosta toghthóirí, agus a marcálfar an uimhir sin an toghthóra ar an taobh istigh de, is é sin le rá:—

(i) páipéar ballóide do gach rolla, agus

(ii) an clúdach páipéir bhallóide sin, agus

(iii) clúdach (dá ngairmtear an forchlúdach anseo feasta) sa bhfoirm ordaithe a díreofar chun cinn chomhairimh an tSeanaid;

(g) dúnfar an clúdach imeachtrach go héifeachtúil;

(h) nuair a bheas na forála roimhe seo den Riail seo comhlíonta maidir leis na toghthóirí uile a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta toghthóirí, baileofar, comhaireofar agus postálfar na clúdaigh imeachtracha dúnta sin go léir.

Páipéir bhallóide dhúblacha d'eisiúint.

5. Gach iarratas á iarraidh páipéir bhallóide dúblacha d'eisiúint a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid, formhuineoidh sé air, ar é d'fháil dó, an lá agus an uair a fuair sé é agus uimhir leanúnach, agus aon pháipéir bhallóide dhúblacha a heiseofar de bhun aon iarratais den tsórt sin eiseofar iad do réir forál na Rialach roimhe seo a mhéid is infheidhme iad ach amháin gurb amhlaidh a marcálfar ar chomhdhuillí na bpáipéar ballóide sin, in ionad na huimhreach ar an liosta toghthóirí, an uimhir leanúnach a formhuiníodh ar an iarratas ar dá bhun a bheas na páipéir bhallóide sin á n-eisiúint agus, nuair a bheas na páipéir bhallóide sin eisithe, go ndéanfar an t-iarratas sin a dhiúscairt amhail mar is gá do réir na Rialacha seo an chóip mharcálta den liosta toghthóirí a dhiúscairt.

Páipéir bhallóide a phostáil.

6. Postálfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na clúdaigh imeachtracha dúnta sin trína seachadadh don cheann-oifig phoist is gaire dhó, nó do pé oifig eile ar a socrófar leis an gceannmháistir poist, agus stampálfaidh an máistir poist san oifig sin, le dát-stampa na post-oifige, foirm admhála a thíolacfas ceann comhairimh an tSeanaid agus ina luafar an méid clúdach a seachadadh amhlaidh, agus cuirfidh na clúdaigh sin ar aghaidh láithreach leis an bpost cláraithe chun a seachadta do na daoine chun a mbeid dírithe.

An liosta toghthóirí agus na comhdhuillí a chaomhaint.

7. A luaithe is féidir tar éis eisiúint na bpáipéar ballóide a bheith críochnaithe agus i bhfianaise na n-iarrthóirí agus na ngníomhairí a bheas i láthair, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid pacáidí ar leithligh, a sheálós sé lena shéala féin agus a shéalós na hiarrthóirí nó na gníomhairí sin ar mian leo a séalaí a chur orthu, den chóip mharcálta den liosta toghthóirí agus de chomhdhuillí na bpáipéar ballóide.

An nós imeachta maidir le marcáil na bpáipéar ballóide.

8. (1) Déanfar do réir an nós imeachta seo a leanas maidir le marcáil na bpáipéar ballóide:—

(a) déanfaidh an toghthóir, i bhfianaise dhuine údaraithe (gan aon duine eile a bheith i láthair), na nithe seo a leanas san ord seo a leanas:—

(i) bhéarfaidh ar aird don duine údaraithe na doiciméidí seo a leanas a cuireadh chuige faoi na Rialacha seo:—

(I) an clúdach imeachtrach,

(II) na páipéir bhallóide (a ndeimhneoidh an duine údaraithe go bhfuil cúig cinn díobh ann, go bhfuilid gan mharcáil agus cé acu páipéir bhallóide dhúblacha iad nó nach ea),

(III) an forchlúdach,

(IV) an clúdach páipéir bhallóide,

(ii) déanfaidh an toghthóir an uimhir ar chúl na bpáipéar ballóide a mharcáil ar fhoirm dhearbhuithe chéannachta sa bhfoirm ordaithe a bhéarfas an duine údaraithe dhó agus, más dúblaigh na páipéir bhallóide sin, a marcálfaidh an duine údaraithe an focal ‘dúblach’ air,

(iii) déanfaidh agus comhlánfaidh an toghthóir an fhoirm dhearbhuithe chéannachta sin,

(iv) bhéarfaidh an toghthóir an dearbhú céannachta ina láimh don duine údaraithe agus, más deimhin leis sin gurb é an duine a rinne é an duine chun ar díríodh an clúdach imeachtrach, síneoidh sé é agus bhéarfaidh thar n-ais don toghthóir é,

(v) marcálfaidh an toghthóir ceann amháin nó níos mó de na páipéir bhallóide sin,

(vi) cuirfidh an toghthóir na páipéir bhallóide, marcálta nó gan mharcáil, sa chlúdach páipéir bhallóide,

(vii) cuirfidh an toghthóir an clúdach páipéir bhallóide agus an dearbhú céannachta sa bhforchlúdach agus dúnfaidh an forchlúdach go héifeachtúil,

(viii) bhéarfaidh an toghthóir an forchlúdach ina láimh don duine údaraithe,

(b) nuair a bhéarfar an forchlúdach ina láimh don duine údaraithe, déanfaidh sé duillín sa bhfoirm ordaithe a ghreamú dhe sa tslí ordaithe agus, más deimhin leis gur cuí an deimhniú ar an duillín a shíniú, síneoidh sé an deimhniú sin agus ansin bhéarfaidh an forchlúdach thar n-ais don toghthóir.

(2) Chun críocha na Rialach seo, is duine údaraithe gach duine acu seo a leanas:

(a) ceann comhairimh an tSeanaid,

(b) Cléireach Dháil Éireann,

(c) an cláraitheoir contae don chontae nó don chontaebhuirg ina bhfuil an t-áitreabh a bhfuil a sheoladh ar an bhforchlúdach,

(d) an sirriam (más ann) don chontae nó don chontae-bhuirg sin,

(e) an fo-shirriam (más ann) don chontae nó don chontaebhuirg sin,

(f) an ceannfort den Gharda Síochána a bhfuil an t-áitreabh sin ina cheantar nó, i gcás an ceannfort a bheith neamhábalta de dheasca breoiteachta, toisc é a bheith as láthair, nó ó chúis eile, ar a dhualgais a chomhlíonadh, pé cigire den Gharda Síochána a bheas ag comhlíonadh dualgas sa cheantar sin agus a ainmneos an ceannfort.

Bosca ballóide an tSeanaid.

9. Soláthróidh ceann comhairimh an tSeanaid bosca ballóide a mbeidh “Bosca ballóide an tSeanaid” marcálta air chun na forchlúdaigh a ghlacadh nuair a chuirfeas na vótálaithe thar n-ais iad, agus, ar eisiúint na bpáipéar ballóide a bheith críochnaithe, taispeánfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an bosca ballóide sin, ar oscailt agus folamh, do na hiarrthóirí agus do na gníomhairí (más ann) a bheas i láthair, agus séalóidh an bosca ballóide sin lena shéala agus déanfaidh socrú chun an bosca ballóide sin a choimeád slán.

An ní a déanfar leis an forchlúdaigh ar iad d'fháil.

10. Gach forchlúdach a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid roimh chríoch na vótaíochta cuirfidh sé láithreach iad, gan oscailt, i mbosca ballóide an tSeanaid, agus séalóidh, gan iad d'oscailt, i bpacáiste ar leithligh na forchlúdaigh uile a gheobhas sé tar éis críoch na vótaíochta agus séalóidh freisin, gan iad d'oscailt, i bpacáiste ar leithligh na clúdaigh imeachtracha neamhsheachadta a cuirfear thar n-ais chuige.

Fógra i dtaobh comhaireamh na vótanna.

11. Trí lá ar a laghad roimh chríoch na vótaíochta, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid leis an bpost chun gach iarrthóra, go dtí a sheoladh mar bheas sin luaite sna rollaí iarrthóiri, fógra i scríbhinn i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfaidh se bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt agus na vótanna a chomhaireamh.

Bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt.

12. A luaithe is caothúil tar éis críoch na vótaíochta, osclóidh ceann comhairimh an tSeanaid bosca ballóide an tSeanaid agus comhaireoidh na vótanna.

Na daoine a bheas i láthair le linn na vótanna a chomhaireamh.

13. Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí, aon iarrthóir agus aon ghníomhaire a bheas ceaptha ag iarrthóir, agus ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin le cead cinn chomhairimh an tSeanaid, bheith i láthair le linn bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt nó na vótanna a chomhaireamh.

An nós imaechta ar bhosca ballóide an tSeanaid d'oscailt.

14. Ar bhosca ballóide an tSeanaid d'oscailt déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na nithe seo a leanas:—

(a) na forchlúdaigh uile a thógaint amach as bosca ballóide an tSeanaid agus iad a chomhaireamh agus a n-uimhir a nótú;

(b) gach forchlúdach faoi leith acu sin a scrúdú agus an focal “diúltaithe” a scríobh ar aon fhorchlúdach acu sin—

(i) nach mbeidh cláraithe,

(ii) nach mbeidh greamaithe dhe sa tslí ordaithe an duillín dá bhforáltar le Riail 8 de na Rialacha seo faoi dheimhniú arna chomhlánú go cuí ag duine údaraithe do réir bhrí na Rialach sin,

(iii) a bheas oscailte, nó

(iv) arb é a thuairim gur hosclaíodh é tar éis é a dhúnadh i gcéadóir nó gur féachadh lena oscailt tar éis é a dhúnadh;

(c) gach forchlúdach acu sin ná beidh marcálta mar adúradh d'oscailt agus aon chlúdaigh acu ina mbeidh dearbhú céannachta a mbeidh “dúblach” marcálta air a chur ar leithlis;

(d) gach ceann de na forchlúdaigh sin nár cuireadh ar leithlis amhlaidh a thógaint agus an dearbhú céannachta ann a scrúdú agus an uimhir ar an dearbhú sin a chur i gcompráid leis an uimhir ar an gclúdach páipéir bhallóide sa bhforchlúdach sin;

(e) más mar a chéile na huimhreacha sin agus go bhfaighfear an dearbhú céannachta a bheith comhlánaithe agus déanta go cuí, cuirfidh se an dearbhú céannachta agus an clúdach páipéir bhallóide i ngabhadáin ar leithligh;

(f) mura deimhin leis an dearbhú céannachta a bheith comhlánaithe agus déanta go cuí marcálfaidh sé na focail “diúltaíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta agus ceanglóidh an clúdach páipéir bhallóide dhe gan an clúdach sin d'oscailt nó, mura mbíonn aon chlúdach den tsórt sin ann, ceanglóidh an páipéar ballóide nó na páipéir bhallóide dhe,

(g) má gheibheann sé nach mar a chéile an uimhir ar an dearbhú céannachta agus an uimhir ar an gclúdach páipéir bhallóide, nó mura mbíonn aon uimhir ar an gclúdach, osclóidh sé an clúdach agus má bhíonn cúig páipéir bhallóide ann agus gur mar a chéile an uimhir orthu agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfidh sé na páipéir bhallóide faoi seach sa cheann is iomchuí de na gabhadáin speisialta a bheas soláthraithe aige le haghaidh páipéar ballóide;

(h) má bhíonn cúig páipéir bhallóide ann agus nach mar a chéile an uimhir ar na páipéir bhallóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfidh sé na páipéir bhallóide thar n-ais ina gclúdach, más ann, agus ceanglóidh sé an clúdach nó na páipéir bhallóide sin (do réir mar bheas) den dearbhú céannachta, agus formhuineoidh sé na focail ‘diúltaíodh don vóta’ ar an dearbhú céannachta;

(i) mura mbíonn cúig cinn de pháipéir bhallóide ann, cuirfidh sé na páipéir bhallóide nó an páipéar ballóide thar n-ais ina gclúdach nó ina chlúdach (más ann), ceanglóidh sé an clúdach nó na páipéir bhallóide nó an páipéar ballóide sin (do réir mar bheas) den dearbhú céannachta, agus formhuineoidh sé na focail “diúltaíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta;

(j) má dhealraíonn sé nach bhfuil dearbhú céannachta i dteannta an chlúdaigh pháipéir bhallóide, osclóidh sé an clúdach páipéir bhallóide agus, má gheibheann an dearbhú céannachta ann, deighleálfaidh sé leis an dearbhú sin agus leis an gclúdach páipéir bhallóide sin do réir na bhforál roimhe seo den Riail seo;

(k) marcálfaidh sé an focal ‘diúltaithe’ ar gach dearbhú céannachta nach mbeidh páipéar ballóide ina theannta nó nach mbeidh uimhir pháipéir bhallóide air agus fós ar gach páipéar ballóide nach mbeidh dearbhú céannachta ina theannta;

(l) nuair a bheas deighleálta faoi na forála roimhe seo den Riail seo leis na forchlúdaigh sin uile nár cuireadh ar leithlis amhlaidh, tógfaidh sé gach ceann faoi leith de na forchlúdaigh sin a cuireadh ar leithlis toisc dearbhú céannachta a bheith ann a raibh dúblach marcálta air, scrúdóidh an dearbhú céannachta ann agus féachfaidh sé ar scrúdaíodh nó nár scrúdaíodh roimhe sin faoin Riail seo dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna;

(m) má scrúdaíodh roimhe sin faoin Riail seo dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna, marcálfaidh sé na focail ‘diúltaíodh don vóta’ ar an dearbhú céannachta ar a mbeidh ‘dúblach’ marcálta agus ceanglóidh sé an clúdach páipéir bhallóide dhe gan an clúdach sin d'oscailt, nó mura mbíonn aon chlúdach den tsórt sin ann, ceanglóidh sé na páipéir bhallóide nó an páipéar ballóide dhe;

(n) murar scrúdaíodh roimhe sin faoin Riail seo dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna, deighleálfaidh sé leis an dearbhú ar a mbeidh ‘dúblach’ marcálta, agus leis an gclúdach páipéir bhallóide agus na páipéir bhallóide nó an páipéar ballóide a bheas i dteannta an chéanna, do réir na bhforál roimhe seo den Riail seo ach amháin an dá mhír dheiridh roimhe seo dhi.

Páipéir bhallóide nó dearbhú ná beidh sa chlúdach ceart.

15. Más in éineacht a gheofar páipéir bhallóide agus dearbhú céannachta, ní diúltófar do na páipéir bhallóide sin ar an aonfhoras nach sa chlúdach páipéir bhallóide atá na páipéir bhallóide sin, gur sa chlúdach páipéir bhallóide atá an dearbhú sin, nó nach bhfuil an clúdach páipéir bhallóide dúnta.

Diúltú d'fhorchlúdach.

16. Taispeánfaidh ceann comhairimh an tSeanaid do na hiarrthóirí agus do na gníomhairí (más ann) a bheas i láthair aon fhorchlúdach a mbeartaíonn sé diúltú dhó, agus má dhéanann aon iarrthóir nó gníomhaire acu sin agóid i gcoinne a bhreithe cuirfidh sé leis an bhformhuiniú na focail “agóid i gcoinne an diúltuithe.”

Forchlúdaigh dá ndiúltófar a choimeád ar deighilt.

17. Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na forchlúdaigh uile dá ndiúltófar a choimeád ar deighilt ó gach doiciméid eile.

Diúltú do dhearbhuithe céannachta.

18. Taispeánfaidh ceann comhairimh an tSeanaid do na hiarrthóirí agus do na gníomhairí (más ann) a bheas i láthair aon dearbhú céannachta a mbeartaíonn sé diúltú dhó ar an bhforas nár comhlánaíodh agus nach ndearnadh sa cheart é nó nach bhfuil uimhir pháipéir bhallóide air, agus má dhéanann aon iarrthóir nó gníomhaire acu sin agóid i gcoinne a bhreithe cuirfidh sé leis an bhformhuiniú na focail “agóid i gcoinne an diúltuithe.”

Dearbhuithe dá ndiúltófar a choimeád ar deighilt.

19. Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na dearbhuithe uile dá ndiúltófar, maraon leis na clúdaigh nó na páipéir bhallóide, do réir mar bheas, a bheas ceangailte dhíobh, a choimeád ar deighilt ó dhoiciméidí eile.

Clúdaigh pháipéir bhallóide d'oscailt.

20. (1) Nuair a bheas na forchlúdaigh uile (seachas forchlúdaigh dá ndiúltófar) i mbosca ballóide an tSeanaid oscailte agus a bheas deighleálta faoi na Rialacha roimhe seo lena mbeidh iontu, osclóidh ceann comhairimh an tSeanaid gach clúdach páipéir bhallóide nach mbeidh oscailte.

(2) Nuair a bheas na clúdaigh sin oscailte, féachfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, maidir le gach clúdach, an bhfuil cúig páipéir bhallóide ann agus, mura mbíonn cúig cinn de pháipéir bhallóide in aon chlúdach áirithe, cuirfidh sé na páipéir bhallóide nó an páipéar ballóide thar n-ais sa chlúdach agus marcálfaidh sé “diúltaithe” orthu.

(3) Maidir le gach clúdach den tsórt sin a mbeidh cúig páipéir bhallóide ann cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid an uimhir ar an gclúdach i gcompráid leis an uimhir ar na páipéir bhallóide, agus más mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar na páipéir bhallóide, cuirfidh na páipéir bhallóide faoi seach sa cheann iomchuí de na gabhadáin speisialta a bheas soláthraithe aige le haghaidh páipéar ballóide, ach mura mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar na páipéir bhallóide, ceanglóidh ceann comhairimh an tSeanaid na páipéir bhallóide sin agus an clúdach sin dá chéile agus marcálfaidh “diúltaithe” orthu.

Forchlúdaigh, dearbhuithe, páipéir bhallóide, etc., a chaomhaint.

21. A luaithe a bheas na páipéir bhallóide uile curtha sna gabhadáin speisialta ag ceann comhairimh an tSeanaid, séalóidh sé i bpacáidí ar leithligh (1) aon fhorchlúdaigh dar diúltaíodh; (2) na dearbhuithe céannachta a bhí i dteannta aon pháipéar ballóide lenar glacadh go cuí; (3) aon dearbhuithe céannachta dar diúltaíodh; agus (4) aon pháipéir bhallóide dar diúltaíodh; agus, sa dá chás deiridh sin, na clúdaigh (más ann) a bheas ceangailte dhíobh.

Na páipéir bhallóide a chomhaireamh.

22. Nuair a bheas na Rialacha roimhe seo den Sceideal seo comhlíonta ag ceann comhairimh an tSeanaid, déanfaidh sé, maidir le gach ceann de na gabhadáin speisialta a bheas soláthraithe aige le haghaidh páipéar ballóide, na páipéir bhallóide ann a mheascadh go maith ar a chéile agus, maidir le gach rolla, comhaireoidh sé, do réir na Rialacha sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, na vótanna a breacadh ar pháipéir bhallóide a bhain leis an rolla sin.

Taifead ar na forchlúdaigh a fuarthas.

23. A luaithe is caothúil tar éis comhaireamh na vótanna a bheith críochnaithe, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, maidir le gach toghthóir óna bhfuair sé forchlúdach, marc a chur ar chóip den liosta toghthóirí (cóip nach dtaispeánfaidh ceann comhairimh an tSeanaid do dhuine ar bith ach amháin le húdarás ó chúirt bhreithiúnais) agus, i gcás toghthóra óna bhfuair sé forchlúdach nach raibh aon pháipéar ballóide ann, nach raibh ann ach páipéar ballóide amháin, nó nach cúig cinn de pháipéir bhallóide a bhí ann, is marc sonrach á léiriú sin a chuirfeas sé uirthi.

Diúltú do pháipéir bhallóide neamhbhailí.

24. Formhuineoidh ceann comhairimh an tSeanaid “diúltaithe” ar aon pháipéar ballóide dá ndiúltóidh sé mar gur neamhbhailí é agus má dhéanann aon iarrthóir nó gníomhaire agóid i gcoinne a bhreithe ag diúltú don pháipéar ballóide cuirfidh sé leis an bhformhuiniú sin “agóid i gcoinne an diúltuithe.”

Leanúnachas na n-imeacht.

25. A mhéid is féidir é, raghaidh ceann comhairimh an tSeanaid ar aghaidh go leanúnach leis na himeachta faoi na Rialacha seo tar éis na gabhadáin speisialta post-oifige d'oscailt agus le comhaireamh na vótanna, ach féadfaidh sé na himeachta nó an comhaireamh sin d'fhionraí tráth ar bith go ceann pé tréimhse is cuí leis chun bia nó deoch a chaitheamh, i gcóir na hoíche, nó ar aon chúis eile is leor leis, agus aon uair a fhionrós sé amhlaidh na himeachta sin nó an comhaireamh sin glacfaidh sé gach cúram is cuí chun na páipéir bhallóide, na clúdaigh, na vótanna, agus na doiciméidí eile a bhainfeas leis an toghchán a choimeád slán.

Dearbhú rúnchoimeádta.

26. Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid agus gach duine dá chúntóirí a ghlacfas páirt in aon imeachta faoi na Rialacha seo, nó i gcomhaireamh na vótanna, agus gach iarrthóir agus gníomhaire a bheas i láthair ag aon imeachta dhíobh sin nó ag an gcomhaireamh sin, geallúint sa bhfoirm ordaithe a shíniú sar a nglacfaid páirt amhlaidh nó sar a mbeid i láthair amhlaidh, go gcoimeádfaid rún ar an vótáil.

Deimhniú ar thoradh na vótaíochta.

27. A luaithe a bheas comhaireamh na vótanna críochnaithe, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid i ndúblach, maidir le gach rolla faoi leith, deimhniú, sa bhfoirm ordaithe, ina luafar ainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh as an rolla sin, uimhir iomlán na vótanna a tugadh do gach iarrthóir faoi leith (pé acu toghadh é nó nár toghadh), gach aistriú luachanna a rinneadh faoin Acht seo, agus an luach iomlán a bhí i gcreidiúint do gach iarrthóir faoi leith i ndeireadh an chomhairimh ina ndearnadh gach aistriú faoi leith den tsórt sin, agus pé nithe eile a bheas ordaithe, agus ansin síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid an deimhniú dúblach sin agus cuirfidh dúblach acu sin go dtí Cléireach Dháil Éireann agus coimeádfaidh an dúblach eile.

Toradh an toghcháin d'fhoilsiú.

28. Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid freisin ráiteas sa bhfoirm ordaithe, ina luafar ainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh as gach rolla faoi leith, d'ullmhú agus d'fhoilsiú san Iris Oifigiuil.

Na páipéir bhallóide a chaomhaint.

29. Ar chomhaireamh na vótanna a bheith críochnaithe, séalóidh ceann comhairimh an tSeanaid i bpacáidí ar leithligh na páipéir bhallóide a comhairíodh agus na páipéir bhallóide dar diúltaíodh mar gur neamhbhailí iad.

Ceann comhairimh an tSeanaid do choinneáil doiciméidí.

30. Coinneoidh ceann comhairimh an tSeanaid go ceann sé mhí tar éis críoch na vótaíochta na pacáidí séalaithe uile ina mbeidh an chóip mharcálta den liosta toghthóirí, comhdhuillí na bpáipéar ballóide, na clúdaigh imeachtracha neamhsheachadta a fuarthas thar n-ais, na dearbhuithe céannachta lenar glacadh, na páipéir bhallóide dar diúltaíodh, na páipéir bhallóide a comhairíodh, agus na páipéir bhallóide neamhbhailí, agus, i gcionn na tréimhse sé mhí sin, dítheoidh sé na pacáidí séalaithe sin uile mura mbíonn binse toghcháin tar éis a mhalairt d'ordú.

Na pacáidí séalaithe d'iniúchadh.

31. Ní ligfear do dhuine ar bith iniúchadh a dhéanamh ar aon cheann de na pacáidí séalaithe sin a choinneos ceann comhairimh an tSeanaid ná ar aon ní ann ach amháin faoi ordú, agus do réir orduithe, ó bhinse toghcháin.

Údarás chun pacáidí séalaithe d'iniúchadh.

32. Féadfaidh binse toghcháin a údarú do dhuine ar bith iniúchadh a dhéanamh ar a mbeidh in aon cheann de na pacáidí séalaithe sin mar is dual ó cheartas ach, le linn aon iniúchta den tsórt sin, bhéarfar aire nach bhfaighfear amach conas a vótáil aon toghthóir áirithe go dtí go mbeidh cruthaithe chun sástachta binse thoghcháin gur vótáil sé agus go mbeidh dearbhaithe ag an mbinse sin a vóta a bheith neamhbhailí.

Orduithe binse thoghcháin a chomhlíonadh.

33. Comhlíonfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach ordú a dhéanfas binse toghcháin maidir leis na pacáidí séalaithe in d'iniúchadh, a thabhairt ar aird, agus a dhiúscairt. s

Doiciméidí dá dtabhairt ar aird ag an gceann comhairimh do bheith ina fhianaise dhosháruithe.

34. Má ordaíonn binse toghcháin do cheann comhairimh an tSeanaid aon doiciméid nó pacáid doiciméidí a thabhairt ar aird a bheas ina sheilbh faoi na Rialacha seo agus a bhainfeas le toghchán sonraithe, is fianaise dhosháruithe go mbaineann an doiciméid nó an phacáid doiciméidí sin leis an toghchán sonraithe sin ceann comhairimh an tSeanaid do thabhairt na doiciméide nó na pacáide doiciméidí sin ar aird do réir an orduithe sin, agus is fianaise dhosháruithe an formhuiniú a bheas déanta ag ceann comhairimh an tSeanaid de bhun na Rialacha seo ar aon doiciméid nó pacáid doiciméidí den tsórt sin gurb é an doiciméid nó an phacáid sin an ní a deirtear sa bhformhuiniú gurb é é.

Fianaise ar vótáil.

35. Má thugann ceann comhairimh an tSeanaid ar aird páipéar ballóide a airbheartós gur húsáideadh é in aon toghchán a stiúraíodh faoi na Rialacha seo agus comhdhuille a mbeidh an uimhir chlóbhuailte chéanna marcálta air agus a mbeidh uimhir marcálta i scríbhinn air, beidh sin ina fhianaise prima facie gurb é an duine céanna an duine a vótáil leis an bpáipéar ballóide sin agus an duine arb ionann a uimhir ar an liosta toghthóirí a bhain leis an toghchán sin agus an uimhir a bheas marcálta amhlaidh ar an gcomhdhuille sin.

Ceann comhairimh an tSeanaid d'formhuiniú pacáidí.

36. Aon uair is gá do cheann comhairimh an tSeanaid, do réir na Rialacha seo, aon doiciméidí a shéalú i bpacáid ar leithligh, formhuineoidh sé ar an bpacáid sin ráiteas ina luafaidh uimhir agus cineál na ndoiciméidí sin agus an toghchán lena mbainid.

Binse toghcháin.

37. Sna Rialacha seo, ciallaíonn an abairt “binse toghcháin” cúirt a bheas ag deighleáil go dleathach le hachainíocha ag gearán ar thaitheasc neamhchuí nó ar thoghadh neamhchuí sa toghchán iomchuí.

AN DARA SCEIDEAL.

Rialacha Chun Na Votanna a Chomhaireamh

Diúltú do pháipéir bhallóide neamhbhailí.

1. Diúltóidh ceann comhairimh an tSeanaid d'aon pháipéir bhallóide a bheas neamhbhailí.

An t-ord roghan.

2. Fionnfaidh ceann comhairimh an tSeanaid ansin an uimhir de chéad-roghna a breacadh ar na páipéir bhallóide do gach iarrthóir faoi leith, agus ansin socróidh sé na hiarrthóirí ar liosta (dá ngairmtear “an t-ord roghan” anseo feasta) in ord na huimhreach de chéad-roghna a breacadh do gach iarrthóir faoi leith ag tosnú leis an iarrthóir dar breacadh an uimhir is mó de chéad-roghna. Más cóimhéid an uimhir de chéad-roghna a breacadh d'aon bheirt iarrthóirí nó níos mó (dá ngairmtear “iarrthóirí comhionanna” anseo feasta), fionnfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an uimhir de dhara roghna a breacadh ar na páipéir bhallóide uile do gach duine de na hiarrthóirí comhionanna agus socróidh na hiarrthóirí comhionanna eatarthu féin ar an ord roghan in ord na ndara roghna a breacadh do gach iarrthóir acu sin ag tosnú leis an iarrthóir dar breacadh an uimhir is mó de dhara roghna. Más cóimhéid an uimhir de chéad-roghna agus de dhara roghna a breacadh d'aon bheirt iarrthóirí comhionanna nó níos mó, fionnfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, sa tslí chéanna, an uimhir de threas roghna a breacadh ar na páipéir bhallóide uile do gach duine de na hiarrthóirí comhionanna sin is déanaí a luaitear agus socróidh sé na hiarrthóirí sin ar an ord roghan dá réir sin, agus mar sin de go mbeidh na hiarrthóirí uile cóirithe in ord ar an ord roghan. Más cóimhéid an uimhir de chéad-roghna, de dhara roghna, de threas roghna agus de na roghna eile go léir a breacadh d'aon bheirt iarrthóirí comhionanna nó níos mó, cinnfidh ceann comhairimh an tSeanaid le crannchur an t-ord ina mbeidh na hiarrthóirí sin le socrú ar an ord roghan.

Na páipéir bhallóide a shocrú ina mbeartáin.

3. Socróidh ceann comhairimh an tSeanaid ansin na páipéir bhallóide bhailí ina mbeartáin do réir na gcéad-roghan a breacadh do gach iarrthóir faoi leith.

Luach gach páipéir bhallóide faoi leith.

4. Chun gurb usa na hoibríochta a hordaítear leis na Rialacha seo a dhéanamh, is tuigthe gur míle is luach do gach páipéar ballóide bailí faoi leith.

Luacha chéad-roghan a chreidiúnú.

5. Comhaireoidh ceann comhairimh an tSeanaid ansin an méid páipéar ballóide a bheas i ngach beartán faoi leith agus, do réir na Rialach roimhe seo, cuirfidh i gcreidiúint do gach iarrthóir faoi leith luach na bpáipéar ballóide ar ar breacadh céad-rogha don iarrthóir sin.

An cuóta d'fhionnadh

6. Ansin suimeoidh ceann comhairimh an tSeanaid na luacha sna beartáin uile agus roinnfidh an luach comhlán ar uimhir a mbeidh a haon de bhreis aici ar an uimhir d'fholúntais a bheas le líonadh. An toradh air sin móide a haon, gan aird a thabhairt ar aon iarmhar codánach, an luach is leor chun iarrthóir a thaitheasc. Gairmtear an “cuóta” den luach sin sa Sceideal seo.

Is tuigthe iarrthóirí a fuair an cuóta a bheith tofa.

7. Más comhionann leis an gcuóta nó más mó an cuóta an luach a bheas i gcreidiúint d'iarrthóir i ndeireadh aon chomhairimh nó i ndeireadh aistriú aon bheartáin nó fo-bheartáin le hiarrthóir a heisiadh nó le hiarrthóir ar tuigthe nach iarrthóir leanúnach é, is tuigthe, faoi réir forál na Rialacha ina dhiaidh seo, an t-iarrthóir sin a bheith tofa.

Barrachas d'aistriú.

8. (1) Má tharlann, i ndeireadh aon chomhairimh, gur mó ná an cuóta an luach a bheas i gcreidiúint d'iarrthóir (dá ngairmtear an t-iarrthóir tofa sa Riail seo), aistreofar an barrachas chun an iarrthóra leanúnaigh nó na n-iarrthóirí leanúnacha a bheas curtha in iúl ar na páipéir vótála i mbeartán nó i bhfobheartán an iarrthóra thofa do réir na gcéad roghan infheidhme eile a breacadh orthu, agus bainfidh na forála seo a leanas leis an aistriú sin a dhéanamh:

(a) más as bun-vótanna amháin don luach a bheas i gcreidiúint don iarrthóir tofa, scrúdóidh ceann comhairimh an tSeanaid na páipéir bhallóide uile i mbeartán an iarrthóra thofa agus socróidh na páipéir inaistrithe ann ina bhfo-bheartáin do réir na gcéad roghan infheidhme eile a breacadh orthu agus déanfaidh fo-bheartán ar leithligh de na páipéir dho-aistrithe;

(b) más as bun-vótanna agus as vótanna aistrithe, nó más as vótanna aistrithe amháin, don luach a bheas i gcreidiúint don iarrthóir tofa, scrúdóidh ceann comhairimh an tSeanaid na páipéir bhallóide sa bhfo-bheartán is déanaí a fuair an t-iarrthóir tofa agus socróidh na páipéir inaistrithe ann ina bhfobheartáin arís do réir na gcéad roghan infheidhme eile a breacadh orthu agus déanfaidh fo-bheartán ar leithligh de na páipéir dho-aistrithe;

(c) i gceachtar de na cásanna dá dtagartar sna míreanna sin roimhe seo (a) agus (b) fionnfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an méid páipéar ballóide agus a luach iomlán i ngach fo-bheartán faoi leith de pháipéir inaistrithe agus sa bhfo-bheartán de pháipéir dho-aistrithe;

(d) más comhionann leis an mbarrachas sin, nó más lú ná é, luach iomlán na bpáipéar sna fo-bheartáin uile de pháipéir inaistrithe, aistreoidh ceann comhairimh an tSeanaid gach fo-bheartán faoi leith de pháipéir inaistrithe chun an iarrthóra leanúnaigh a mbeidh curtha in iúl orthu gurb é céad rogha infheidhme eile an votálaí é, gach páipéar dá aistriú ar an luach ar a bhfuair an t-iarrthóir tofa é, agus (i gcás inar lú ná an barrachas sin an luach iomlán sin) cuirfear na páipéir dho-aistrithe i leataoibh mar pháipéir neamhéifeachtacha, ar luach is comhionann leis an difríocht idir an barrachas sin agus an luach iomlán sin;

(e) más mó ná an barrachas sin luach iomlán na bpáipéar sna fo-bheartáin uile de pháipéir inaistrithe, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach páipéar faoi leith sa bhfo-bheartán sin de pháipéir inaistrithe d'aistriú chun an iarrthóra leanúnaigh a mbeidh curtha in iúl air gurb é céad rogha infheidhme eile an vótálaí é, agus fionnfar an luach ar a n-aistreofar gach páipéar faoi leith tríd an mbarrachas a roinnt ar an uimhir iomlán de pháipéir inaistrithe, gan aird a thabhairt ar iarmhair chodánacha ach amháin go gcuirfear síos ar leathán an tortha an luach a caillfear dá dhroim sin;

(f) deighleálfar le barrachas a thiocfas ar aon chomhaireamh áirithe a chríochnú roimh bharrachas a thiocfas de chomhaireamh ina dhiaidh;

(g) má thagann dhá bharrachas nó níos mó den chomhaireamh chéanna, deighleálfar ar dtúis leis an gceann is mó agus deighleálfar leis na cinn eile in ord a méide;

(h) má bhíonn ag beirt iarrthóirí nó níos mó barrachas comhionann a thiocfas den chomhaireamh chéanna, deighleálfar ar dtúis le barrachas an iarrthóra dár creidiúnaíodh an luach ba mhó sa chomhaireamh is túisce inar neamhionann na luacha a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin, agus, i gcas inar chomhionann i ngach comhaireamh na luacha a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin, deighleálfaidh ceann comhairimh an tSeanaid ar dtúis le barrachas an iarrthóra is airde san ord roghan.

(2) Má creidiúnaítear luach vótanna is comhionann leis an gcuóta nó is mó ná an cuóta do gach duine de bheirt iarrthóirí nó níos mó, is tuigthe an t-iarrthóir dar creidiúnaíodh an luach is mó vótanna a bheith tofa roimh iarrthóir dar creidiúnaíodh luach vótanna is lú ná é.

(3) Aon uair is comhionann an méid iarrthóirí a bheas ar fho-rolla, agus is tuigthe a bheith tofa, leis an méid uasta iarrthóirí dob fhéidir a thoghadh an uair sin i leith an fho-rolla sin, ní tuigthe aon iarrthóir eile a bheith tofa i leith an fho-rolla sin agus déanfar luacha vótanna na n-iarrthóirí a bheas fágtha ar an bhfo-rolla sin d'aistriú sar a ndéantar aon aistriú eile.

(4) Más comhionann luacha na vótanna a bheas i gcreidiúint do bheirt iarrthóirí nó níos mó ar fho-rolla agus, toisc míre (3) den Riail seo, nach ndlitear a thuiscint na hiarrthóirí sin go léir a bheith tofa, is é céad duine de na hiarrthóirí sin is tuigthe a bheith tofa ná an t-iarrthóir dar creidiúnaíodh an luach is mó vótanna sa chomhaireamh is túisce, ag tosnú leis an gcéad chomhaireamh inar neamhionann luacha na vótanna a creidiúnaíodh do na hiarrthóirí sin. Más comhionann luacha na vótanna i ngach comhaireamh, is tuigthe gur don iarrthóir is airde in ord roghan a creidiúnaíodh an luach is mó vótanna.

Déanfar luacha vótanna na n-iarrthóirí eile d'aistriú ansin amhail mar déantar i gcás aistrithe nuair a déantar iarrthóir d'eisiamh, agus is iad luacha vótanna an iarrthóra dar creidiúnaíodh an méid is mó vótanna is túisce a haistreofar.

Iarrthóirí d'eisiamh.

9. (1) Más rud é, i ndeireadh aon chomhairimh, nach mbeidh barrachas ag aon iarrthóir agus go mbeidh folúntas nó folúntais fós gan líonadh, eisiafaidh ceann comhairimh an tSeanaid an t-iarrthóir (dá ngairmtear an t-iarrthóir eisiata sa Riail seo dá mbeidh an luach is lú i gcreidiúint an uair sin agus aistreoidh a pháipéir chun na n-iarrthóirí leanúnacha faoi seach a mbeidh curtha in iúl ar na páipéir bhallóide i mbeartán nó i bhfo-bheartáin an iarrthóra eisiata gurb iad céad rogha infheidhme eile an vótálaí iad agus cuirfidh i gcreidiúint do na hiarrthóirí leanúnacha sin luacha na bpáipéar a haistreofar amhlaidh, agus bainfidh na rialacha seo a leanas leis an aistriú sin a dhéanamh:

(a) aistreofar ar dtúis an beartán ina mbeidh bunvótanna, agus is míle is luach aistrithe do gach páipéar faoi leith;

(b) déanfar ansin na fo-bheartáin ina mbeidh vótanna aistrithe d'aistriú san ord ina bhfuair, agus ar an luach ar a bhfuair, an t-iarrthóir eisiata iad;

(c) chun a chinneadh cé acu iarrthóir leanúnach iarrthóir áirithe nó nach ea, áireofar aistriú gach beartáin nó fo-bheartáin faoi leith mar chomhaireamh ar leithligh;

(d) le linn gach beartán nó fo-bheartán faoi leith d'aistriú, déanfar fo-bheartán faoi leith de na páipéir dho-aistrithe agus cuirfear i leataoibh iad ar an luach ar a bhfuair an t-iarrthóir eisiata iad;

(e) más rud é, nuair is gá iarrthóir d'eisiamh faoin Riail seo, gur comhionann an luach a bheas i gcreidiúint an uair sin do gach duine de bheirt iarrthóirí nó níos mó agus gurb iad is ísle, féachfar don luach iomlán bun-vótanna a bheas i gcreidiúint do gach iarrthóir acu sin agus eisiafar an t-iarrthóir is lú ag a mbeidh luach iomlán den tsórt sin, agus más comhionann na luacha iomlána sin féachfar don luach iomlán vótanna a creidiúnaíodh do gach iarrthóir acu sin sa chéad chomhaireamh inar neamhionann luacha acu, agus eisiafar na hiarrthóirí ba lú ag a raibh luach iomlán den tsórt sin sa chomhaireamh sin, agus má creidiúnaíodh an luach iomlán ceanna vótanna do gach duine de na hiarrthóirí sin i ngach comhaireamh eisiafar an t-iarrthóir acu is ísle san ord roghan.

(2) Ní déanfar iarrthóir ar fho-rolla d'eisiamh faoin Riail seo, más rud é, i gcás an t-iarrthóir sin d'eisiamh, go mbeadh an líon iarrthóirí is tuigthe a bheith tofa chun an fho-rolla, móide an líon iarrthóirí leanúnacha ar an bhfo-rolla sin, faoi bhun an lín íosta is gá a thoghadh as an bhfo-rolla.

(3) Más comhionann an luach vótanna a bheas i gcreidiúint do bheirt iarrthóirí nó níos mó, is é iarrthóir is túisce a heisiafar an t-iarrthóir dar creidiúnaíodh an luach is lú vótanna sa chomhaireamh is túisce, ag tosnú leis an gcéad chomhaireamh inar neamhionann luacha na vótanna, agus má ba chomhionann luacha na vótanna i ngach comhaireamh, is é an t-iarrthóir is ísle san ord roghan is túisce a heisiafar.

Diúscairt na bpáipéar ar iad d'aistriú.

10. Ar gach aistriú a dhéanamh faoi na Rialacha seo, déanfar gach fo-bheartán faoi leith de pháipéir a haistreofar a chur ar bharr an bheartáin nó an fho-bheartáin (más ann) de pháipéir an iarrthóra chun a ndéanfar an t-aistriú, agus cuirfear i gcreidiúint don iarrthóir sin luach na bpáipéar a haistreofar chuige amhlaidh arna fhionnadh do réir na Rialacha seo.

Na folúntais deiridh a líonadh.

11. (1) Má tharlann, i ndeireadh aon chomhairimh, gur comhionann an méid iarrthóirí is tuigthe a bheith tofa agus an méid folúntas a bheas le líonadh, ní déanfar aon aistriú eile.

(2) Nuair is comhionann, i ndeireadh aon chomhairimh, an méid iarrthóirí leanúnacha agus an méid folúntas a bheas fós gan líonadh, ansin is tuigthe na hiarrthóirí leanúnacha a bheith tofa.

(3) Nuair nach mbeidh ach folúntas amháin gan líonadh agus gur mó an luach a bheas i gcreidiúint d'iarrthóir leanúnach áirithe ná iomlán na luach a bheas i gcreidiúint do na hiarrthóirí leanúnacha eile i dteannta aon bharrachais nár haistríodh, ansin is tuigthe an t-iarrthóir sin a bheith tofa.

(4) Nuair is féidir na folúntais deiridh a líonadh faoin Riail seo, ní déanfar aon aistriú eile.

Leathán an tortha.

12. I ndeireadh gach comhairimh cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid ar taifead ar leathán tortha sa bhfoirm ordaithe iomlán na luach a bheas i gcreidiúint do gach iarrthóir faoi leith i ndeireadh an chomhairimh sin agus fós luach na bpáipéar do-aistrithe ná raibh éifeachtach sa chomhaireamh sin agus an luach a cailleadh sa chomhaireamh sin toisc gan aird a thabhairt ar chodáin.

Cúram i dtaobh rún-choimeádta.

13. Fáid a bheas na vótanna á gcomhaireamh coimeádfar na páipéir bhallóide ar a mbéal in airde a mhéid is féidir sin agus glacfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach cúram is cuí chun nach bhfeicfear na huimhreacha ar chúl na bpáipéar ballóide.

Athchomhaireamh.

14. (1) Féadfaidh aon iarrthóir nó a ghníomhaire a iarraidh, i ndeireadh aon chomhairimh, ar cheann comhairimh an tSeanaid athscrúdú agus athchomhaireamh a dhéanamh ar na páipéir bhallóide go léir, nó ar aon pháipéir bhallóide, lenar deighleáladh le linn an chomhairimh sin, agus déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid láithreach athscrúdú agus athchomhaireamh dá réir sin ar na páipéir bhallóide a bheas i gceist.

(2) Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, dá dhiscréid féin, páipéir bhallóide d'athchomhaireamh uair amháin nó níos minice in aon chás nach deimhin leis aon chomhaireamh áirithe a bheith cruinn.

(3) Ní chuirfidh aon ní sa Riail seo d'oblagáid ar cheann comhairimh an tSeanaid an beartán céanna páipéar ballóide a chomhaireamh níos mó ná uair amháin.

Mínithe.

15. Sna Rialacha seo—

(1) ciallaíonn an abairt “iarrthóir leanúnach” aon iarrthóir nach tuigthe a bheith tofa agus nár heisiadh;

(2) ciallaíonn an focal “céad-rogha” an figiúir “1” ina aonar, ciallaíonn an abairt “dara rogha” an figiúir “2” ina aonar as aithle an fhigiúra “1” agus ciallaíonn an abairt “treas rogha” an figiúir “3” ina aonar as aithle na bhfigiúirí “1” agus “2” os coinne ainme aon iarrthóra, agus mar sin de;

(3) ciallaíonn an abairt “an chéad rogha infheidhme eile” dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin arna breacadh in ord uimhreach comhleantach d'iarrthóir leanúnach, gan aird a thabhairt ar an gcéad rogha eile do réir oird ar an bpáipéar ballóide d'iarrthóirí is tuigthe a bheith tofa nó a heisiadh cheana;

(4) ciallaíonn an abairt “páipéar inaistrithe” páipéar ballóide ar a mbeidh, i ndiaidh céad-roghan, dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin breactha in ord uimhreach d'iarrthóir leanúnach;

(5) ciallaíonn an abairt “páipéar do-aistrithe” páipéar ballóide—

(a) nach mbeidh aon dara rogha ná aon rogha ina dhiaidh sin breactha air d'iarrthóir leanúnach; nó

(b) a mbeidh ainmneacha beirte iarrthóirí nó níos mó (pé acu iarrthóirí leanúnacha iad nó nach ea) marcálta air leis an uimhir chéanna, agus gurb iad na céad iarrthóirí eile in ord roghan iad; nó

(c) a mbeidh ainm an chéad iarrthóra eile in ord roghan (pé acu iarrthóir leanúnach é nó nach ea) marcálta air le huimhir nach dtagann ar comhleanúint i ndiaidh uimhreach éigin eile ar an bpáipéar ballóide nó le dhá uimhir nó níos mó; nó

(d) a bheas ar neamhní toisc neamhchinnteachta;

(6) ciallaíonn an focal “bun-vóta,” maidir le haon iarrthóir, vóta ó pháipéar ballóide a mbeidh céad-rogha breactha air don iarrthóir sin;

(7) ciallaíonn an abairt “vóta aistrithe,” maidir le haon iarrthóir, vóta ó pháipéar ballóide a mbeidh dara rogha nó rogha ina dhiaidh sin breactha air don iarrthóir sin;

(8) ciallaíonn an focal “barrachas” an méid a bheas de bhreis ar an gcuóta ag luach iomlán na vótanna, idir bhunvótanna agus vótanna aistrithe, a bheas i gcreidiúint d'aon iarrthóir.

(9) ciallaíonn an focal “comhaireamh” (mar éilíos an comhthéacs)—

(a) gach oibríocht is gá chun na céad-roghna a bheas breactha d'iarrthóirí chomhaireamh; nó

(b) gach oibríocht is gá chun barrachas iarrthóra thofa d'aistriú; nó

(c) gach oibríocht is gá chun vótanna iarrthóra a heisiadh d'aistriú; nó

(d) páipéir iarrthóra ar tuigthe nach iarrthóir leanúnach é d'aistriú de bhun na Rialacha seo;

(10) ciallaíonn an abairt “is tuigthe a bheith tofa” is tuigthe a bheith tofa chun críche comhairimh, ach gan dochar do dhearbhú thoradh an toghcháin;

(11) ciallaíonn an abairt “cinneadh le crannchur” cinneadh do réir na dtreoracha seo a leanas is é sin le rá:—

ar ainmneacha na n-iarrthóirí a bheas i gceist a scríobh ar bhlúirí páipéir comhchosúla agus na blúirí d'fhilleadh i slí ná haithneofar iad agus iad a mheascadh agus a tharraingt ar amhantar, socrófar na hiarrthóirí a bheas i gceist eatarthu féin ar an ord roghan san ord ina dtarraingeofar na blúirí páipéir ar a mbeidh a n-ainmneacha, ag tosnú leis an iarrthóir a mbeidh a ainm ar an gcéad bhlúire páipéir a tarraingeofar.

AN TRIU SCEIDEAL.

Rialacha chun Corrthoghchan don tSeanad I gCoir Corrfholuntais i bhFo-Rolla don Oireachtas a Stiuru.

Na páipéir bhallóide d'eisiúint.

1. An lá a bheas ceaptha chun páipéir bhallóide d'eisiúint, eiseoidh ceann comhairimh an tSeanaid, sa tslí a hordaítear sna Rialacha seo a leanas, páipéar ballóide chun gach toghthóra a mbeidh a ainm ar an liosta toghthóirí don toghchán.

Iarrthóirí i dteideal bheith i láthair.

2. Beidh gach iarrthóir i dteideal bheith i láthair le linn na páipéir bhallóide don toghchán d'eisiúint agus déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid, arna iarraidh sin air d'aon iarrthóir acu sin, am agus áit na heisiúna a chur in iúl don iarrthóir.

Na daoine a bheas i láthair le linn na páipéir bhallóide d'eisiúint.

3. Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí, aon iarrthóir agus aon ghníomhaire a bheas ceaptha ag iarrthóir, agus ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin le cead cinn chomhhairimh an tSeanaid, bheith i láthair le linn na páipéir bhallóide d'eisiúint.

An modh ar a n-eiseofar páipéir bhallóide.

4. Eiseoidh ceann comhairimh an tSeanaid páipéar ballóide chun gach toghthóra trí na nithe seo a leanas a dhéanamh, nó a chur faoi ndear iad a dhéanamh, maidir leis an toghthóir sin san ord seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) glaofar amach uimhir, ainm, seoladh agus tuairisc an toghthóra, mar bheid sin luaite ar an liosta toghthóirí;

(b) marcálfar an uimhir sin an toghthóra ar chomhdhuille an pháipéir bhallóide a bheas le cur chuige;

(c) cuirfear marc ar an liosta toghthóirí os coinne ainme an toghthóra air á thaispeáint gur heisíodh páipéar ballóide chun an toghthóra sin, ach gan a nochtadh cad é an páipéar ballóide é;

(d) marcálfar an marc oifigiúil ar dhá thaobh an pháipéir bhallóide;

(e) déanfar an uimhir ar chúl an pháipéir bhallóide a mharcáil ar fhoirm dhearbhuithe chéannachta agus ar chlúdach (dá ngairmtear an clúdach páipéir bhallóide anseo feasta) sa bhfoirm ordaithe;

(f) cuirfear na doiciméidí seo a leanas i gclúdach (dá ngairmtear an clúdach imeachtrach anseo feasta) sa bhfoirm ordaithe a díreofar chun an toghthóra ag a sheoladh, mar bheas sin luaite ar an liosta toghthóirí, is é sin le rá:—

(i) páipéar ballóide, agus

(ii) an fhoirm dhearbhuithe chéannachta sin, agus

(iii) clúdach (dá ngairmtear an forchlúdach anseo feasta) sa bhfoirm ordaithe a díreofar chun cinn chomhairimh an tSeanaid, agus

(iv) an clúdach páipéir bhallóide sin;

(g) dúnfar an clúdach imeachtrach go héifeachtúil;

(h) nuair a bheas na forála roimhe seo den Riail seo comhlíonta maidir leis na toghthóirí uile a mbeidh a n-ainmneacha ar an liosta toghthóirí, baileofar, comhaireofar agus postálfar na clúdaigh imeachtracha dúnta sin go léir.

Páipéir bhallóide dhúblacha d'eisiúint.

5. Gach iarratas á iarraidh páipéar ballóide dúblach d'eisiúint a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid, formhuineoidh sé air, ar é d'fhail dó, an lá agus an uair a fuair sé é agus uimhir leanúnach, agus gach páipéar ballóide dúblach a heiseofar de bhun aon iarratais den tsórt sin eiseofar é do réir forál na Rialach roimhe seo a mhéid is infheidhme iad ach amháin gurb amhlaidh a marcálfar ar chomhdhuille an pháipéir bhallóide sin, in ionad na huimhreach ar an liosta toghthóirí, an uimhir leanúnach a formhuiníodh ar an iarratas ar dá bhun a bheas an páipéar ballóide sin á eisiúint agus, nuair a bheas an páipéar ballóide sin eisithe, go ndéanfar an t-iarratas sin a dhiúscairt amhail mar is gá do réir na Rialach seo an chóip mharcálta den liosta toghthóirí a dhiúscairt.

Páipéir bhallóide a phostáil.

6. Postálfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na clúdaigh imeachtracha dúnta sin trína seachadadh don cheann-oifig phoist is gaire dhó, nó do pé oifig eile ar a socrófar leis an gceannmháistir poist, agus stampálfaidh an máistir poist san oifig sin, le dát-stampa na post-oifige, foirm admhála a thíolacfas ceann comhairimh an tSeanaid agus ina luafar an méid clúdach a seachadadh amhlaidh, agus cuirfidh na clúdaigh sin ar aghaidh láithreach leis an bpost cláraithe chun a seachadta do na daoine chun a mbeid dírithe.

An liosta toghthóirí agus na comhdhuillí a chaomhaint.

7. A luaithe is féidir tar éis eisiúint na bpáipéar ballóide a bheith críochnaithe, agus i bhfianaise na n-iarrthóirí agus na ngníomhairí a bheas i láthair, déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid pacáidí ar leithligh, a shéalós sé lena shéala féin agus a shéalós na hiarrthóirí nó na gníomhairí sin ar mian leo a séalaí a chur orthu, den chóip mharcálta den liosta toghthóirí agus de chomhdhuillí na bpáipéar ballóide.

Bosca ballóide an tSeanaid

8. Soláthróidh ceann comhairimh an tSeanaid bosca ballóide a mbeidh “Bosca ballóide an tSeanaid” marcálta air chun na forchlúdaigh a ghlacadh nuair a chuirfeas na vótálaithe thar n-ais iad, agus, ar eisiúint na bpáipéar ballóide a bheith críochnaithe, taispeánfaidh ceann comhairimh an tSeanaid an bosca ballóide sin, ar oscailt agus folamh, do na hiarrthóirí agus do na gníomhairí (más ann) a bheas i láthair, agus séalóidh an bosca ballóide sin lena shéala agus déanfaidh socrú chun an bosca ballóide sin a choimeád slán.

An ní a déanfar leis na forchlúdaigh ar iad d'fháil.

9. Gach forchlúdach a gheobhas ceann comhairimh an tSeanaid roimh chríoch na vótaíochta cuirfidh sé láithreach iad, gan oscailt, i mbosca ballóide an tSeanaid, agus séalóidh, gan iad d'oscailt, i bpacáiste ar leithligh na forchlúdaigh uile a gheobhas sé tar éis críoch na vótaíochta agus séalóidh freisin, gan iad d'oscailt, i bpacáiste ar leithligh, na clúdaigh imeachtracha neamhsheachadta a cuirfear thar n-ais chuige.

Fógra i dtaobh comhaireamh na vótanna.

10. Trí lá ar a laghad roimh chríoch na vótaíochta, cuirfidh ceann comhairimh an tSeanaid leis an bpost chun gach iarrthóra, go dtí a sheoladh mar bheas sin luaite sa liosta iarrthóirí, fógra i scríbhinn i dtaobh an ama agus na háite ina ndéanfaidh sé bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt agus na vótanna a chomhaireamh.

Bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt.

11. A luaithe is caothúil tar éis críoch na vótaíochta, osclóidh ceann comhairimh an tSeanaid bosca ballóide an tSeanaid agus comhaireoidh na vótanna.

Na daoine a bheas i láthair le linn na vótanna a chomhaireamh.

12. Féadfaidh ceann comhairimh an tSeanaid agus a chúntóirí, aon iarrthóir agus aon ghníomhaire a bheas ceaptha ag iarrthóir, agus ní fhéadfaidh aon duine eile ach amháin le cead cinn chomhairimh an tSeanaid, bheith i láthair le linn bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt nó na vótanna a chomhaireamh.

An nós imeachta ar bhosca ballóide an tSeanaid d'oscailt.

13. Ar bhosca ballóide an tSeanaid d'oscailt déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na nithe seo a leanas:—

(a) na forchlúdaigh uile a thógaint amach as bosca ballóide an tSeanaid agus iad a chomhaireamh agus a n-uimhir a nótú;

(b) gach forchlúdach faoi leith acu sin d'oscailt agus aon chlúdaigh acu ina mbeidh dearbhú céannachta a heisíodh mar fhoirm dhúblach dhearbhuithe chéannachta a chur ar leithlis;

(c) gach ceann de na forchlúdaigh sin nár cuireadh ar leithlis amhlaidh a thógaint agus an dearbhú céannachta ann a scrúdú agus an uimhir ar an dearbhú sin a chur i gcompráid leis an uimhir ar an gclúdach páipéir bhallóide sa bhforchlúdach sin;

(d) más mar a chéile na huimhreacha sin agus go bhfaighfear an dearbhú céannachta a bheith comhlánaithe agus déanta go cuí, cuirfidh sé an dearbhú céannachta agus an clúdach páipéir bhallóide i ngabhadáin ar leithligh;

(e) mura deimhin leis an dearbhú céannachta a bheith comhlánaithe agus déanta go cuí, formhuineoidh sé na focail “diúltaíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta agus ceanglóidh an clúdach páipéir bhallóide dhe gan an clúdach sin d'oscailt nó, mura mbíonn aon chlúdach den tsórt sin ann, ceanglóidh an páipéar ballóide dhe;

(f) má gheibheann sé nach mar a chéile an uimhir ar an dearbhú céannachta agus an uimhir ar an gclúdach páipéir bhallóide, nó mura mbíonn aon uimhir ar an gclúdach, osclóidh sé an clúdach agus más mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfidh sé an páipéar ballóide sa ghabhadán speisialta a bheas soláthraithe aige le haghaidh páipéar ballóide;

(g) mura mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus an uimhir ar an dearbhú céannachta, cuirfidh sé an páipéar ballóide thar n-ais ina chlúdach, más ann, agus ceanglóidh sé an clúdach nó an páipéar ballóide sin (do réir mar bheas) den dearbhú céannachta, agus formhuineoidh sé na focail “diúltaíodh don vóta” ar an dearbhú céannachta;

(h) má dhealraíonn nach bhfuil dearbhú céannachta i dteannta an chlúdaigh pháipéir bhallóide, osclóidh sé an clúdach páipéir bhallóide agus, má gheibheann an dearbhú céannachta ann, deighleálfaidh sé leis an dearbhú sin agus leis an gclúdach páipéir bhallóide sin do réir na bhforál roimhe seo den Riail seo;

(i) marcálfaidh sé an focal “diúltaithe” ar gach dearbhú céannachta nach mbeidh páipéar ballóide ina theannta agus ar gach páipéar ballóide nach mbeidh dearbhú céannachta ina theannta;

(j) nuair a bheas deighleálta faoi na forála roimhe seo den Riail seo leis na forchlúdaigh sin uile nár cuireadh ar leithlis amhlaidh, tógfaidh sé gach ceann faoi leith de na forchlúdaigh sin a cuireadh ar leithlis toisc dearbhú céannachta a bheith ann a heisíodh mar fhoirm dhúblach dhearbhuithe chéannachta, scrúdóidh an dearbhú céannachta ann (dá ngairmtear an dearbhú dúblach anseo feasta) agus féachfaidh sé ar scrúdaíodh nó nár scrúdaíodh roimhe sin faoin Riail seo dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna;

(k) má scrúdaíodh roimhe sin faoin Riail seo dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna, marcálfaidh sé na focail “diúltaíodh don vóta” ar an dearbhú dúblach agus ceanglóidh sé an clúdach páipéir bhallóide dhe gan an clúdach sin d'oscailt, nó, mura mbíonn aon chlúdach den tsórt sin ann, ceanglóidh sé an páipéar ballóide dhe;

(l) murar scrúdaíodh roimhe sin faoin Riail seo dearbhú céannachta i dtaobh an duine chéanna, deighleálfaidh sé leis an dearbhú dúblach agus leis an gclúdach páipéir bhallóide agus an páipéar ballóide a bheas i dteannta an chéanna do réir na bhforál roimhe seo den Riail seo ach amháin an dá mhír dheiridh roimhe seo dhi.

Páipéar ballóide agus dearbhú ná beidh sna clúdaigh chearta.

14. Más in éineacht a gheofar páipéar ballóide agus dearbhú céannachta agus gur mar a chéile an uimhir ar an bpáipéar ballóide sin agus an uimhir ar an dearbhú sin, ní diúltófar don pháipéar ballóide sin ar an aon-fhoras nach sna clúdaigh chearta a cuireadh an páipéar ballóide agus an dearbhú sin nó nár dúnadh aon chlúdach acu sin.

Diúltú do dhearbhuithe céannachta.

15. Taispeánfaidh ceann comhairimh an tSeanaid do na hiarrthóirí agus do na gníomhairí (más ann) a bheas i láthair aon dearbhú céannachta a mbeartaíonn sé diúltú dhó ar an bhforas nár comhlánaíodh agus nach ndearnadh sa cheart é, agus má dhéanann aon iarrthóir nó gníomhaire acu sin agóid i gcoinne a bhreithe cuirfidh sé leis an bhformhuiniú na focail “agóid i gcoinne an díúltuithe.”

Dearbhuithe dá ndiúltófar a choiméad ar deighilt.

16. Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid na dearbhuithe uile dá ndiúltófar, maraon leis na clúdaigh nó na páipéir bhallóide, do réir mar bheas, a bheas ceangailte dhíobh, a choimeád ar deighilt ó dhoiciméidí eile.

Clúdaigh pháipéir bhallóide d'oscailt.

17. Nuair a bheas na forchlúdaigh uile i mbosca ballóide an tSeanaid oscailte agus a bheas deighleálta faoi na Rialacha roimhe seo lena mbeidh iontu, osclóidh ceann comhairimh an tSeanaid gach clúdach páipéir bhallóide nach mbeidh oscailte agus cuirfidh an uimhir ar an gclúdach i gcompráid leis an uimhir ar an bpáipéar ballóide agus, más mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar an bpáipéar ballóide, cuirfidh an páipéar ballóide sa ghabhadán speisialta a bheas soláthraithe aige le haghaidh páipéar ballóide, ach, mura mar a chéile an uimhir ar an gclúdach agus an uimhir ar an bpáipéar ballóide, ceanglóidh ceann comhairimh an tSeanaid an páipéar ballóide sin agus an clúdach sin dá chéile agus marcálfaidh “diúltaithe” orthu.

Dearbhuithe, páipéir bhallóide, etc., a chaomhaint,

18. A luaithe a bheas na páipéir bhallóide uile curtha sa ghabhadán speisialta sin ag ceann comhairimh an tSeanaid, séalóidh sé i bpacáidí ar leithligh (1) na dearbhuithe céannachta a bhí i dteannta aon pháipéar ballóide lenar glacadh go cuí; (2) aon dearbhuithe céannachta dar diúltaíodh; agus (3) aon pháipéir bhallóide dar diúltaíodh; agus, sa dá chás deiridh sin, na clúdaigh (más ann) a bheas ceangailte dhíobh.

Na páipéir bhallóide a chomhaireamh.

19. Nuair a bheas na Rialacha roimhe seo den Sceideal seo comhlíonta ag ceann comhairimh an tSeanaid, déanfaidh sé na páipéir bhallóide sa ghabhadán speisialta a bheas soláthraithe aige le haghaidh páipéar ballóide a mheascadh go maith ar a chéile agus comhaireoidh sé, do réir na Rialacha sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, na vótanna a breacadh ar na páipéir bhallóide sin.

Diúltú do pháipéir bhallóide neamhbhailí.

20. Formhuineoidh ceann comhairimh an tSeanaid “diúltaithe” ar aon pháipéar ballóide dá ndiúltóidh sé mar gur neamhbhailí é agus má dhéanann aon iarrthóir nó gníomhaire agóid i gcoinne a bhreithe ag diúltú don pháipéar ballóide cuirfidh sé leis an bhformhuiniú sin “agóid i gcoinne an diúltuithe.”

Leanúnachas na n-imeacht.

21. A mhéid is féidir é, raghaidh ceann comhairimh an tSeanaid ar aghaidh go leanúnach leis na himeachta faoi na Rialacha seo tar éis bosca ballóide an tSeanaid d'oscailt agus le comhaireamh na vótanna, ach féadfaidh sé na himeachta nó an comhaireamh sin d'fhionraí tráth ar bith go ceann pé tréimhse is cuí leis chun bia nó deoch a chaitheamh, i gcóir na hoíche, nó ar aon chúis eile is leor leis agus aon uair a fhionrós sé amhlaidh na himeachta sin nó an comhaireamh sin glacfaidh sé gach cúram is cuí chun na páipéir bhallóide, na clúdaigh, na vótanna, agus na doiciméidí eile a bhainfeas leis an toghchán a choimeád slán.

Dearbhú rúnchoimeádta.

22. Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid agus gach duine dá chúntóirí a ghlacfas páirt in aon imeachta faoi na Rialacha seo, nó i gcomhaireamh na vótanna, agus gach iarrthóir agus gníomhaire a bheas i láthair ag aon imeachta dhíobh sin nó ag an gcomhaireamh sin geallúint sa bhfoirm ordaithe a shíniú, sar a nglacfaid páirt amhlaidh nó sar a mbeid i láthair amhlaidh, go gcoimeádfaid rún ar an vótáil.

Deimhniú ar thoradh na vótaíochta.

23. A luaithe a bheas comhaireamh na vótanna críochnaithe, ullmhóidh ceann comhairimh an tSeanaid, i ndúblach, deimhniú sa bhfoirm ordaithe ina luafar ainmneacha na n-iarrthóirí a toghadh, uimhir iomlán na vótanna a tugadh do gach iarrthóir faoi leith (pé acu toghadh é nó nár toghadh), gach aistriú luachanna a rinneadh faoin Acht seo, agus an luach iomlán a bhí i gcreidiúint do gach iarrthóir faoi leith i ndeireadh an chomhairimh ina ndearnadh gach aistriú faoi leith den tsórt sin, agus pé nithe eile a bheas ordaithe, agus ansin síneoidh ceann comhairimh an tSeanaid an deimhniú dúblach sin agus cuirfidh dúblach acu sin go dtí Cléireach Dháil Éireann agus coimeádfaidh an dúblach eile.

Toradh an toghcháin d'fhoilsiú.

24. Déanfaidh ceann comhairimh an tSeanaid freisin ráiteas sa bhfoirm ordaithe, ina luafar ainm an iarrthóra a toghadh, d'ullmhú agus d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil.

Na páipéir bhallóide a chaomhaint.

25. Ar chomhaireamh na vótanna a bheith críochnaithe, séalóidh ceann comhairimh an tSeanaid i bpacáidí ar leithligh na páipéir bhallóide a comhairíodh agus na páipéir bhallóide dar diúltaíodh mar gur neamhbhailí iad.

Ceann comhairimh an tSeanaid do choinneáil doiciméidí.

26. Coinneoidh ceann comhairimh an tSeanaid go ceann sé mhí tar éis críoch na vótaíochta na pacáidí séalaithe uile ina mbeidh an chóip mharcálta den liosta toghthóirí, comhdhuillí na bpáipéar ballóide, na forchlúdaigh a fuarthas tar éis críoch na vótaíochta, na clúdaigh imeachtracha neamhsheachadta a fuarthas thar n-ais, na dearbhuithe céannachta lenar glacadh, na dearbhuithe céannachta dar diúltaíodh, na páipéir bhallóide dar diúltaíodh, na páipéir bhallóide a comhairíodh, agus na páipéir bhallóide neamhbhailí agus, gcionn na tréimhse sé mhí sin, dítheoidh sé na pacáidí séalaithe sin uile mura mbíonn binse toghcháin tar éis a mhalairt d'ordú.

Na pacáidí séalaithe d'iniúchadh.

27. Ní ligfear do dhuine ar bith iniúchadh a dhéanamh ar aon cheann de na pacáidí séalaithe sin a choinneos ceann comhairimh an tSeanaid ná ar aon ní ann ach amháin faoi ordú, agus do réir orduithe, ó bhinse toghcháin.

Údarás chun pacáidí séalaithe d'iniúchadh.

28. Féadfaidh binse toghcháin a údarú do dhuine ar bith iniúchadh a dhéanamh ar a mbeidh in aon cheann de na pacáidí séalaithe sin mar is dual ó cheartas ach, le linn aon iniúchta den tsórt sin, bhéarfar aire nach bhfaighfear amach conas a vótáil aon toghthóir áirithe go dtí go mbeidh cruthaithe chun sástachta binse thoghcháin gur vótáil sé agus go mbeidh dearbhaithe ag an mbinse sin a vóta a bheith neamhbhailí.

Orduithe binse thoghcháin a chomhlíonadh.

29. Comhlíonfaidh ceann comhairimh an tSeanaid gach ordú a dhéanfas binse toghcháin maidir leis na pacáidí séalaithe sin d'iniúchadh, a thabhairt ar aird, agus a dhiúscairt.

Doiciméidí dá dtabhairt ar aird ag an gceann comhairimh do bheith ina fhianaise dhosháruithe.

30. Má ordaíonn binse toghcháin do cheann comhairimh an tSeanaid aon doiciméid nó pacáid doiciméidí a thabhairt ar aird a bheas ina sheilbh faoi na Rialacha seo agus a bhainfeas le toghchán sonraithe, is fianaise dhosháruithe go mbaineann an doiciméid nó an phacáid doiciméidí sin leis an toghchán sonraithe sin ceann comhairimh an tSeanaid do thabhairt na doiciméide nó na pacáide doiciméidí sin ar aird do réir an orduithe sin, agus is fianaise dhosháruithe an formhuiniú a bheas déanta ag ceann comhairimh an tSeanaid de bhun na Rialacha seo ar aon doiciméid nó pacáid doiciméidí den tsórt sin gurb é an doiciméid nó an phacáid sin an ní a deirtear sa bhformhuiniú gurb é é.

Fianaise ar vótáil.

31. Má thugann ceann comhairimh an tSeanaid ar aird páipéar ballóide a airbheartós gur húsáideadh é in aon toghchán a stiúraíodh faoi na Rialacha seo agus comhdhuille a mbeidh an uimhir chlóbhuailte chéanna marcálta air agus a mbeidh uimhir marcálta i scríbhinn air, beidh sin ina fhianaise prima facie gurb é an duine céanna an duine a vótáil leis an bpáipéar ballóide sin agus an duine arb ionann a uimhir ar an liosta toghthóirí a bhain leis an toghchán sin agus an uimhir a bheas marcálta amhlaidh ar an gcomhdhuille sin.

Ceann comhairimh an tSeanaid d'fhormhuiniú pacáidí.

32. Aon uair is gá do cheann comhairimh an tSeanaid, do réir na Rialacha seo, aon doiciméidí a shéalú i bpacáid ar leithligh, formhuineoidh sé ar an bpacáid sin ráiteas ina luafaidh uimhir agus cineál na ndoiciméidí sin agus an toghchán lena mbainid.

Binse toghcháin.

33. Sna Rialacha seo, ciallaíonn an abairt “binse toghcháin” cúirt a bheas ag deighleáil go dleathach le hachainíocha ag gearán ar thaitheasc neamhchuí nó ar thoghadh neamhchuí sa toghchán iomchuí.