|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 9 de 1948. | ||
[EN] |
AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1948. | |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 . [30ú Meitheamh, 1948.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 ( Uimh. 37 de 1936 ). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Alt 18 (1) den Phríomh-Acht a leasú. |
2. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Acht sin:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “AN TRIU SCEIDEAL. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Rialacha chun an Méid de Phinsin Seirbhíse a Cuirfear ar Fionraí a Ríomh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 1. Faoi réir forál Rialach 2 den Sceideal seo, is mar leanas a bheas an méid ina gcuirfear íoc pinsin seirbhíse ar fionraí faoi alt 18 den Acht seo, i gcás an duine a bheas ag fáil an phinsin sin a bheith ag fáil aon luach saothair, pinsin (seachas pinsean créachta nó pinsean míchumais) nó liúntais is iníoctha as airgead poiblí:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Má bhíonn méid bliantúil an luach saothair, an phinsin nó an liúntais is iníoctha as airgead poiblí— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | 2. I gcás iomlán an mhéid is iníoctha le duine ar bith as airgead poiblí agus an méid is iníoctha leis an duine sin i leith pinsin seirbhíse laistigh de na teoranta a sonraítear ag B, C, D, E, F, G, H, I, J, K, L nó M de Riail 1 den Sceideal seo a bheith níos lú, faoi théarmaí na Rialach sin, ná an méid a gheobhadh an duine sin i gcás an méid is iníoctha leis as airgead poiblí a bheith comh-mhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin, ansin, agus i ngach cás den tsórt sin déanfar an méid a cuirfear ar fionraí dá phinsean seirbhíse a laghdú i dtreo nach mbeidh iomlán an mhéid is iníoctha leis as airgead poiblí agus a phinsin seirbhíse níos lú ná an t-iomlán a gheobhadh sé dá mbeadh an méid is iníoctha as airgead poiblí comhmhéid le maximum na teorann díreach roimhe sin.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Is tuigthe fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1945, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1948, a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 agus 1948, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |