|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 15 de 1948. | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH) (SEALADACH), 1948. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE SHEALADAIGH I dTAOBH FEIDHMEANNA FEIDHMIÚCHÁIN BHORD CÚNAIMH BHAILE ÁTHA CLIATH D'FHEIDHMIÚ AGUS DO CHUR SRIAIN GO SEALADACH LE BUANCHEAPACHÁIN A DHÉANAMH CHUN OIFIG BHAINISTEOIR CATHRACH CÚNTA BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS CHUN OIFIG BHAINISTEOIR CONTAE CÚNTA BHAILE ÁTHA CLIATH. [10ú Lúnasa, 1948.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | ||
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Sealadach), 1948 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | an Bord. |
ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Cúnaimh Bhaile Atha Cliath; |
[EN] | feidhmeanna feidhmiúcháin. |
ciallaíonn an abairt “feidhmeanna feidhmiúcháin” feidhmeanna feidhmiúcháin chun críocha na nAcht um Bainistí Contae, 1940 agus 1942; |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil. | |
[EN] |
Ré feidhme Coda II. |
3. —(1) Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar an dáta, is túisce tar éis dáta an Achta seo a rith, a thiocfas comhaltaí an Bhoird a bheas tofa ag an toghchán do chomhaltaí an Bhoird arna chomóradh de bhun fho-ailt (2) d'alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1945 ( Uimh. 8 de 1945 ), i seilbh oifige, agus leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí meán oíche an 30ú lá de Mheitheamh, 1949, agus raghaidh in éag ansin mura gcoimeádtar i bhfeidhm níos sia é le hordú arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo. |
[EN] | (2) (a) Féadfaidh an tAire le hordú arna dhéanamh roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1949, Cuid II den Acht seo a choimeád i bhfeidhm go ceann sé mhí ón lú lá d'Iúil, 1949, agus féadfaidh sé ó am go ham ina dhiaidh sin le hordú arna dhéanamh roimh dhul in éag don Chuid sin II faoin ordú deiridh roimhe sin a rinneadh faoin bhfo-alt seo, an Chuid sin II a choimeád i bhfeidhm go ceann sé mhí ón dáta a raghadh an Chuid sin II in éag faoin ordú deiridh sin roimhe sin. | |
[EN] | (b) Gach ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo is le toiliú an Aire Shláinte a déanfar é. | |
[EN] | (c) Má dhéanann an tAire ordú faoin bhfo-alt seo leanfaidh Cuid II den Acht seo i bhfeidhm go dtí deireadh na tréimhse dá gcoimeádfar i bhfeidhm é leis an ordú sin, nó, má déantar níos mó ná aon ordú amháin den tsórt sin, leis an ordú deiridh acu sin, agus ansin raghaidh sé in éag. | |
[EN] | (d) Gach ordú a déanfar faoin bhfo-alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. | |
CUID II. Feidhmeanna Feidhmiuchain Bhord Cunaimh Bhaile Atha Cliath D'Fheidhmiu, agus Srianta le Buan-Cheapachain D'Oifigi Airithe. | ||
[EN] |
Feidhmeanna feidhmiúcháin an Bhoird d'fheidhmiú. |
4. —(1) Chun críocha an ailt seo beidh oifigeach ann (dá ngairmtear an príomh-oifigeach feidhmiúcháin san alt seo). |
[EN] | (2) Is é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fheidhmeos agus a chomhlíonfas feidhmeanna feidhmiúcháin an Bhoird, agus an té d'fheidhmeodh agus a chomhlíonfadh na feidhmeanna sin, mura mbeadh an fo-alt seo, ní fheidhmeoidh ná ní chomhlíonfaidh sé na feidhmeanna sin. | |
[EN] | (3) Déanfaidh an tAire ó am go ham, do réir mar is gá, an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a cheapadh, le toiliú an Aire Shláinte. | |
[EN] | (4) An duine atá, an lá díreach roimh theacht i ngníomh don Chuid seo, ina choimisinéir don Bhord, de bhuaidh Coda IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 (Uimh. 23 de 1941) , is tuigthe, amhail ar an gCuid seo a theacht i ngníomh agus uaidh sin amach, é a bheith arna cheapadh, faoi fho-alt (3) den alt seo, ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin. | |
[EN] | (5) Beidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin i seilbh oifige faid is áil leis an Aire é. | |
[EN] | (6) Aon uair nach cumasach don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin dualgais a oifige a chomhlíonadh de dheasca breoiteachta nó cúise eile, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Shláinte, duine a cheapadh chun dualgais an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin a chomhlíonadh ar feadh an éagumais sin, agus beidh ag an duine a ceapfar amhlaidh cumhachta uile an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin ar feadh an éagumais sin. | |
[EN] | (7) Féadfaidh an tAire a ordú luach saothair d'íoc leis an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó le haon duine arna cheapadh faoi fho-alt (6) den alt seo agus féadfaidh sé a mhéid a chinneadh, agus déanfar an luach saothair sin arna chinneadh amhlaidh d'íoc as ioncam an Bhoird mar chuid dá gcostais ginearálta. | |
[EN] |
Srianta le buancheapacháin chun oifigí áirithe. |
5. —Ní déanfar aon cheapachán, seachas ceapachán sealadach, chun oifig Bhainisteoir Cathrach Cúnta Bhaile Atha Cliath ná chun oifig Bhainisteoir Contae Cúnta Bhaile Atha Cliath. |