6 1949


Uimhir 6 de 1949.


ACHT NA LEANAÍ (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA LEANAÍ, 1908 GO 1941. [5ú Aibreán, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na Leanaí (Leasú), 1949 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na Leanaí, 1908 go 1949, a ghairm d'Achta na Leanaí, 1908 go 1941 agus den Acht seo le chéile.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Children Act, 1908, arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi, agus arna leasú agus arna leathnú le hAcht na Leanaí, 1941 (Uimh. 12 de 1941) , agus leis an Acht seo;

an Scoil.

ciallaíonn an abairt “an Scoil” Scoil Cheartúcháin Naomh Anna, Cill Mochuda, Contae Bhaile Atha Cliath.

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus an príomh-Acht.

Tosach feidhme Coda II.

3. —(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ach mar foráltar le fo-alt (2) den alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, ar bhainisteoirí na Scoile dá iarraidh sin, ordú a dhéanamh á dhearbhú go dtiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar dháta sonraithe, agus air sin tiocfaidh an Chuid sin II i ngníomh ar an dáta a sonrófar san ordú.

CUID II.

Daoine a dlitear a choimiteail chun scoile saothair deimhnithe a choimiteail chun na Scoile.

Daoine a dlitear a choimiteáil chun scoile saothair deimhnithe a choimiteáil chun na Scoile.

4. —(1) I gcás—

(a) ina bhféadfaidh Cúirt, faoi aon fho-alt d'alt 58 den Phríomh-Acht, a ordú duine a chur chun scoile saothair deimhnithe, agus

(b) inar chinntigh an Chúirt roimh ré go bhfuil bainisteoirí na Scoile toilteanach an duine sin a ghlacadh,

féadfaidh an Chúirt, in ionad a ordú an duine sin a chur chun scoile saothair deimhnithe, a ordú an duine sin a chur chun na Scoile.

(2) Baineann na forála seo a leanas den Phríomh-Acht, eadhon fo-alt (6) d'alt 74 agus fo-alt (18) d'alt 133, le hordú a dhéanamh faoin alt seo amhail mar bhaineas na forála sin le hordú a dhéanamh faoi alt 58 den Phríomh-Acht.

Feidhm an Phríomh-Achta.

5. —Aon uair a dhéanfas Cúirt ordú faoi alt 4 den Acht seo á ordú duine a chur chun na Scoile, beidh feidhm ag an bPríomh-Acht maidir leis an duine sin amhail is dá mba ordú coinneála an t-ordú agus go mba scoil saothair deimhnithe an Scoil.

An tréimhse choinneála d'fhaidiú

6. —Más rud é—

(a) go gcríochnóidh an tréimhse choinneála a socraíodh i dtosach le hordú arna dhéanamh faoi alt 4 den Acht seo sar a slánóidh an duine lena mbaineann an t-ordú seacht mbliana déag d'aois, agus

(b) go ndeimhneoidh bainisteoirí agus dochtúir oifigiúil na scoile go bhfuil gá ag an duine sin le tuilleadh oiliúna,

féadfaidh an tAire a ordú tréimhse choinneála an duine sin d'fhaidiú go dtí an t-am a shlánós sé seacht mbliana déag d'aois agus air sin beidh éifeacht ag an Ordú sin, d'ainneoin aon ní in alt 65 den Phríomh-Acht, chun bheith i gcomhréir leis an ordú sin agus coinneofar an duine sin dá réir sin.