8 1949


Uimhir 8 de 1949.


AN tACHT CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS (AN CHÚIRT DÚICHE), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ FORÁL ÁIRITHE, A BHAINEAS LEIS AN gCÚIRT DÚICHE, DE NA h ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1924 GO 1947. [18ú Bealtaine, 1949.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Acht 1946.

1. —San Acht seo ciallaíonn an abairt “Acht 1946” an t Acht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 (Uimh. 21 de 1946) .

Cumhacht chun aois scoir Breithiún áirithe d'ardú.

2. —(1) (a) San alt seo ciallaíonn an abairt “an Coiste” coiste ar a mbeidh—

(i) an Príomh-Bhreitheamh,

(ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, agus

(iii) an tArd-Aighne.

(b) Féadfaidh an Coiste gníomhú trí thromlach dá chomhaltaí agus is leor de dhílse-dheimhniú ar bharántas faoin alt seo é a bheith sínithe ag beirt chomhaltaí den Choiste.

(2) I gcás—

(a) Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar cúig bliana seascad a aois scoir faoi alt 15 d'Acht 1946, a bheith ar tí an aois sin a shlánú, agus

(b) é do chruthú chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a bhéarfadh go mbeadh sé neamhoiriúnach chun leanúint de dhualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil,

féadfaidh an Coiste, más cuí leo é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, trí bharántas a déanfar sar a slánóidh an Breitheamh sin an aois sin, é a choimeád in oifig ar feadh bliana dar tosach an dáta a shlánós sé an aois sin.

(3) I gcás—

(a) Breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbainfidh barántas faoi fho-alt (2) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo a bheith ar tí sé bliana seascad, seacht mbliana seascad, ocht mbliana seascad nó naoi mbliana seascad (do réir mar bheas) d'aois a shlánú, agus

(b) é do chruthú chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a bhéarfadh go mbeadh sé neamhoiriúnach chun leanúint de dhualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil,

féadfaidh an Coiste, más cuí leo é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, trí bharántas a déanfar sar a slánóidh an Breitheamh sin an aois sin, é a choimeád in oifig ar feadh bliana dar tosach an dáta a shlánós sé an aois sin.

(4) Beidh éifeacht ag forála an ailt seo d'ainneoin aon ní in alt 15 d'Acht 1946.

An líon uasta Breithiún.

3. —In Acht 1946, cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad ailt 16—

16. “Ní raghaidh líon na mBreithiún thar a dó ceathrachad tráth ar bith.”

Athghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear in colún (3) den Sceideal sin.

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1949, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1949, a ghairm de na h Achta Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1947, agus den Acht seo le chéile.

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 4.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 48 de 1936

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936

Alt 47.

Uimh. 21 de 1946

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais (An Chúirt Dúiche), 1946 .

Alt 16.