|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 15 de 1949. | ||
[EN] |
AN tACHT UM AN ACHT BUANUITHE SCÉIMEANNA CÚITIMH, 1946 (LEASÚ), 1949. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA BUANUITHE SCÉIMEANNA CÚITIMH, 1946 , IONAS GO bhFÉADFAR LEASUITHE A DHÉANAMH AR NA SCÉIMEANNA CÚITIMH DO SHIBHIALTAIGH, DON FHÓRSA COSANTA ÁITIÚIL AGUS DO NA CAOMHNÓIRÍ ÁITIÚLA A BUANAÍODH LEIS AN ACHT SIN. [15ú Iúil, 1949.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Príomh-Acht. |
1. —San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um an Acht Buanuithe Scéimeanna Cúitimh, 1946 (Uimh. 19 de 1946) . |
[EN] |
Alt 1 den Phríomh-Acht a leasú. |
2. —Leasaítear leis seo alt 1 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:— |
[EN] | “(5) Féadfar na Scéimeanna (lena n-áirítear na Scéimeanna arna leasú faoin bhfo-alt seo) a leasú le scéim eile arna déanamh ag an Aire Airgeadais agus féadfaidh aon leasú den tsórt sin bheith cúlghabhálach.” | |
[EN] |
Alt 2 den Phríomh-Acht a leasú. |
3. —Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:— |
[EN] | “(5) Féadfar na Scéimeanna (lena n-áirítear na Scéimeanna arna leasú faoin bhfo-alt seo) a leasú le scéim eile arna déanamh ag an Aire Cosanta le toiliú an Aire Airgeadais agus féadfaidh aon leasú den tsórt sin bheith cúlghabhálach.” | |
[EN] |
Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú. |
4. —Leasaítear leis seo alt 3 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:— |
[EN] | “(5) Féadfar na Scéimeanna (lena n-áirítear na Scéimeanna arna leasú faoin bhfo-alt seo) a leasú le scéim eile arna déanamh ag an Aire Dlí agus Cirt le toiliú an Aire Airgeadais agus féadfaidh aon leasú den tsórt sin bheith cúlghabhálach.” | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
5. —(1) Féadfar an tAcht um an Acht Buanuithe Scéimeanna Cúitimh, 1946 (Leasú), 1949, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta Buanuithe Scéimeanna Cúitimh, 1946 agus 1949, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |