15 1950


Uimhir 15 de 1950.


ACHT SILTIN AGUS FORBARTHA NA hEIRNE, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ COMHAONTUITHE ÁIRITHE A DHÉANAMH AGUS A CHUR IN ÉIFEACHT MAIDIR LE SCÉIM CHUN SILTEAN A DHÉANAMH AR THAILTE ÁIRITHE TIMPEALL LOCH EIRNE UACHTAIR AGUS ÍOCHTAIR AGUS ABHA NA hEIRNE AGUS CHUN UISCE-CHUMHACHT A GHEOFAR AS SIN D'FHORBAIRT LE hAGHAIDH LEICTREACHAS A GHINIÚINT, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD SILTIN AGUS UISCE-BHEALAIGH LOCH EIRNE AGUS ABHA NA hEIRNE A DHÍSCAOILEADH AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [13ú Meitheamh, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

an dréachtchomhaontú.

ciallaíonn an abairt “an dréacht-chomhaontú” an dréacht chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

an Bord Siltin.

ciallaíonn an abairt “an Bord Siltin” Bord Siltin agus Uiscebhealaigh Loch Eirne agus Abha na hEirne;

na Locha.

ciallaíonn an abairt “na Locha” Loch Eirne Uachtair agus Loch Eirne Iochtair;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an Aireacht.

ciallaíonn an abairt “an Aireacht” Aireacht Airgeadais Thuaisceart Éireann;

an príomhchomhaontú.

tá leis an abairt “an príomh-chomhaontú” an bhrí a bheirtear di i bhfo-alt (2) d'alt 2 den Acht seo.

Cumhacht chun comhaontú a dhéanamh i dtéarmaí an dréachta sceidealta.

2. —(1) Údaraítear agus cumhachtaítear leis seo don Bhord comhaontú a dhéanamh leis an Aireacht i dtéarmaí an dréachtchomhaontuithe.

(2) San Acht seo ciallaíonn an abairt “an príomh-chomhaontú” go príomha an comhaontú a déanfar de bhun an ailt seo, ach, i gcás aon chomhaontú a dhéanamh de bhun an chéad ailt ina dhiaidh seo, ciallaíonn an abairt sin an comhaontú a déanfar de bhun an ailt seo arna fhorlíonadh nó arna mhodhnú leis an gcomhaontú a déanfar leis an gcéad alt ina dhiaidh seo.

cumhacht chun comhaontuithe forliontacha a dhéanamh.

3. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord, tráth ar bith tar éis an príomh-chomhaontú a dhéanamh, comhaontuithe eile a dhéanamh leis an Aireacht chun an príomhchomhaontú d'fhorlíonadh nó a mhodhnú.

(2) Ní déanfar comhaontú eile den tsórt adúradh mura rud é—

(a) gur leagadh faoi bhráid Dháil Éireann é agus gur fágadh faoina bráid amhlaidh é ar feadh an deich lá ina dhiaidh sin a bhí Dáil Éireann ina suí tar éis é a leagadh faoina bráid amhlaidh,

(b) nach ndearna Dáil Éireann, i gcaitheamh an deich lá sin, rún a rith á fhoráil nach ndéanfaí an comhaontú sin,

(c) gur leagadh faoi bhráid Sheanad Éireann é agus gur fágadh faoina bhráid amhlaidh é ar feadh an deich lá ina dhiaidh sin a bhí Seanad Éireann ina shuí tar éis é a leagadh faoina bhráid amhlaidh,

(d) nach ndearna Seanad Éireann, i gcaitheamh an deich lá sin, rún a rith á fhoráil nach ndéanfaí an comhaontú sin.

Cumhacht chun an príomhchomhaontú a chur i gcrích.

4. —Chun an príomh-chomhaontú a chur in éifeacht, beidh ag an mBord, agus beidh infheidhmithe acu, na cumhachta uile a bhaineas, de riachtanas nó go teagmhasach, lena n-oblagáidí faoin bpríomh-chomhaontú a chomhlíonadh go cuí.

An caiteachas faoina raghaidh an Bord d'íoc.

5. —An caiteachas uile faoina raghaidh an Bord ag urscaoileadh aon dliteanais a éireos as an bpríomh-chomhaontú, íocfar é mar chuid dá gcaiteachas ginearálta.

An Bord Siltin a dhíscaoileadh.

6. —Amhail ó pé lá a cheapfas an tAire, le hordú, beidh an Bord Siltin, de bhuaidh an ailt seo, arna dhíscaoileadh.

Maoin an Bhoird Siltin a dhiúscairt.

7. —(1) Faoi réir forál ailt 9 den Acht seo, an mhaoin uile ba leis an mBord Siltin díreach roimh an mBord Siltin a dhíscaoileadh, dílseoidh sí, de bhuaidh an ailt seo agus gan aon tíolacadh, sannadh, gníomhas aistrithe ná ionstraim eile a bheith riachtanach, sna daoine a bheas ag gníomhú mar Aturnae Airgeadais agus mar Aturnae don Aireacht agus i gcomharbaí oifige na ndaoine sin faoi seach, mar iontaobhaithe (dá ngairmtear na hIontaobhaithe san alt seo) ar iontaobhas leis an maoin sin a dhíol faoi roghain na nIontaobhaithe agus chun na cíosa agus na brabúis (más ann) a éireos aisti roimh í a dhíol agus fáltais an díola, a mhéid a ghabhfas an céanna, d'úsáid chun urscaoileadh a dhéanamh den chéad ásc ar aon dliteanas faoina ndeachthas maidir leis an díol sin agus den dara hásc ar aon dliteanas a bheas amuigh ar an mBord Siltin, agus chun aon iarmhéid a bheas fágtha tar éis urscaoileadh na ndliteanas sin d'íoc leis an Aireacht.

(2) Nuair a bheid ag comhlíonadh an iontaobhais díola a forchuirtear leis an alt seo, beidh ag an hIontaobhaithe lánchumhacht chun aon mhaoin a bheas dílsithe iontu faoin alt seo a thíolacadh, a shannadh, a scaoileadh nó d'aistriú ar shlí eile le gníomhas, agus beidh aon ghníomhas den tsórt sin, sa mhéid agus sa mhodh a bheas sainráite nó beartaithe ann é d'oibriú, éifeachtúil chun aistriú a dhéanamh ar an eastát, an ceart, an teideal agus an leas a bhí ag an mBord Siltin, díreach roimh é a dhíscaoileadh, sa mhaoin a bheas sonraithe ann.

(3) An admháil a bhéarfas na hIontaobhaithe nó ceachtar acu ar an airgead ceannaigh is iníoctha ar dhíol aon mhaoine de bhun fo-ailt (1) den alt seo (pé acu a déanfar nó nach ndéanfar an admháil sin a chorprú i ngníomhas), oibreoidh sí mar urscaoileadh bailí don cheannaitheoir agus ní dá chúram sin na hiontaobhais a forchuirtear leis an bhfo-alt sin ná an fheidhm chun a gcuirfidh na hIontaobhaithe an t-airgead ceannaigh dá éis sin do réir an fho-ailt sin.

(4) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon cheann de na hachtacháin a bhaineas le dleacht stampa, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon doiciméad a fhorghníomhós na hIontaobhaithe chun críocha an ailt seo.

Socruithe maidir le nithe eile a éireos as díscaoileadh an Bhoird Siltin.

8. —Féadfaidh an tAire pé socruithe riaracháin a dhéanamh agus a chur i gcrích is cuí leis i gcóir nithe a éireos as díscaoileadh an Bhoird Siltin, agus, go háirithe, féadfaidh socruithe a dhéanamh agus a chur i gcrích chun na sliús-gheataí atá ag Béal Leice d'oibriú go sealadach sa tslí a sonrófar sna socruithe chun uisce-leibhéil na Loch a rialú nó go ndéana agus go dtí go ndéanfaidh an Bord comhaontú leis an Aireacht, de bhun forál an phríomh-chomhaontuithe, gur féidir agus gur ceart na huisceleibhéil sin a rialú do réir na bhforál sin.

Dámhachtain 1891.

9. —Amhail ó dháta dhíscaoilte an Bhoird Siltin scoirfidh Dámhachtain Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn dar dáta an 4ú lá d'Aibreán, 1891, i leith Cheantar Siltin agus Uisce-Bhealaigh Loch Eirne agus Abha na hEirne, d'aon fheidhm agus éifeacht a bheith aici agus scoirfidh dliteanas dílseánach talún, i gContae an Chabháin agus i gContae Mhuineacháin, chun rátaí nó cíos-mhuirir d'íoc i leith an Cheantair Shiltin sin (lena n-áirítear aon riaráistí neamhíoctha de rátaí nó cíos-mhuirir den tsórt sin).

Díospóidí idir an Bord agus an Aireacht.

10. —(1) Beidh de chumhacht ag Binse Eadrána a bheas comhdhéanta do réir forál an phríomh-chomhaontuithe aon díospóid nó easaontas idir an Bord agus an Aireacht, a éireos as an bpríomh-chomhaontú, a chinneadh do réir na bhforál sin.

(2) Déanfaidh an Bord, ar aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh dá iarraidh sin orthu, na doiciméid, na leabhair, na taifid nó na cuntais sin a bheas i seilbh an Bhoird agus a bhainfeas leis an ábhar a bheas faoi shaincheist os comhair an Bhinse a thabhairt ar aird chun a n-iniúchta ag an mBinse, ach ní tabharfar aon doiciméad, leabhar, taifead ná cuntas ar aird amhlaidh más é tuairim an Aire, amhail mar dheimhneos sé sin don Bhinse, go mba dhochar é do leas an phobail sin a dhéanamh.

(3) Aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh, féadfaidh sé, chun aon díospóid nó easaontas den tsórt sin a chinneadh, a cheangal le toghairm ar aon duine freastal, san am agus san áit a bheas leagtha amach sa toghairm, chun fianaise a thabhairt nó chun aon doiciméad nó earraí a thabhairt ar aird a bheas ina choimeád nó faoina urlámhas agus a bhainfeas le haon ábhar a bheas ar feitheamh os comhair an Bhinse, agus féadfaidh fianaise faoi mhionn d'éisteacht, a ghlacadh agus a scrúdú, agus chuige sin féadfaidh daoine a chur faoi mhionn nó féadfaidh, in ionad duine a chur faoi mhionn, a cheangal ar an duine a bheas faoi scrúdú dearbhú a dhéanamh agus a shíniú ar fhírinne an ábhair a mbeidh sé á scrúdú ina thaobh.

(4) Aon duine a dhiúltós nó a fhailleos go toiliúil freastal, nuair a dhéanfas aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh sin a cheangal air, nó fianaise a thabhairt sa tslí a cheanglós an Binse air, nó a bhéarfas go toiliúil fianaise bhréagach os comhair an Bhinse, nó a athrós, a chaonfas, a chealós nó a dhítheos go toiliúil aon doiciméad nó earra a cheanglós an Binse air a thabhairt ar aird nó a dhiúltós go toiliúil sin a thabhairt ar aird, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(5) Aon abhcóide de Bharra Thuaisceart Éireann nó aon aturnae a bheas i dteideal cleachtadh i dTuaisceart Éireann, féadfaidh sé, d'ainneoin aon achtacháin eile, cleachtadh i ndáil le haon éisteacht sa Stát ag aon Bhinse Eadrána a bheas comhdhéanta mar adúradh agus féadfaidh láithriú agus feidhmiú ar son na hAireachta ag an éisteacht sin.

(6) Féadfar, le cead na hArd-Chúirte, aon dámhachtain ó Bhinse a bheas comhdhéanta mar adúradh a thaifeadadh, mar bhreithiúnas i dtéarmaí na dámhachtana, agus air sin beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna aici a bheadh ag breithiúnas nó ordú ón Ard-Chúirt.

Droichead Bhéal Leice.

11. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “droichead Bhéal Leice” an droichead dá dtagartar i mír 2 den Chéad Sceideal a ghabhas leis an dréacht-chomhaontú.

(2) Ní bheidh feidhm maidir le droichead Bhéal Leice ag fo-alt (4) d'alt 33 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ) (fo-alt lena gceangaltar bóithre agus droichid a athchóireos, a dhéanfas nó a fheabhsós an Bord a thabhairt i seilbh an údaráis áitiúil iomchuí).

(3) Féadfaidh Comhairle Chontae Dhún na nGall, faoi réir cheadú an Aire Rialtais Áitiúil, gach ní a dhéanamh is iomchuí dhóibh a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon fhorála den phríomhchomhaontú a fhorálas go bhféadfar droichead Bhéal Leice a thabhairt i gcomhsheilbh do chomhairle chontae Dhún na nGall agus comhairle chontae Fhear Monach.

Comhaontuithe a dhíolmhadh ó dhleacht stampa.

12. —D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon cheann de na hachtacháin a bhaineas le dleacht stampa, ní bheidh dleacht stampa inmhuirir i leith aon chomhaontuithe a dhéanfas an Bord leis an Aireacht de bhun an Achta seo.

Athgairm,

13. —(1) Athghairmtear leis seo an Drainage and Improvement of Lands Supplemental Act (Ireland), 1880.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an mBord Siltin a dhíscaoileadh.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar Acht Siltin agus Forbartha na hEirne, 1950 , a ghairm don Acht seo.

AN SCEIDEAL.

An Dréacht-Chomhaontú.

COMHAONTÚ arna dhéanamh an                                          lá de

19 idir AIREACHT AIRGEADAIS THUAIS-CEART ÉIREANN, Stormont, Contae an Dúin (dá ngairmtear “an Aireacht” anseo feasta), de pháirt, agus BORD SOLÁ-THAIR AN LEICTREACHAIS, a bhfuil a phríomh-oifig ag 27 Sráid Mhic Liam Iochtair, Baile Atha Cliath (dá ngairmtear “an Bord” anseo feasta), den pháirt eile.

DE BHRÍ:—

(1) go bhfuil an Bord, chun críocha leictreachas a ghiniúint, ag forbairt uisce-chumhachta as abhainn na hEirne trí oibreacha atá curtha i gcrích nó le cur i gcrích i gContae Dhún na nGall do réir na scéime páirt-fhorbairte atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas le hOrdú (Uimh. 86 de 1945 dar teideal “An tOrdú i dtaobh Scéim Udro-Leictreach na hEirne a Cheadú, 1945” agus a rinneadh de bhun Achta ón Oireachtas dar teideal “An tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ” ( Uimh. 12 de 1945 );

(2) d'fhonn forbairt níos fearr a dhéanamh ar an uiscechumhacht sin chun na gcríocha adúradh go bhfuil sé fóirstineach scéim lán-fhorbairte a chur i gcrích trí tuilleadh oibreacha a dhéanamh lena n-áirítear oibreacha áirithe mar a luaitear anseo ina dhiaidh seo i gContae Fhear Monach;

(3) chun na hoibreacha sin i gContae Fhear Monach a chur i gcrích, go mbeadh feabhsú le déanamh ar an gcainéal trína sníonn Abha na hEirne amach as Loch Eirne Iochtair agus go laghdódh nó go gcoiscfeadh sin tuiliú tailte i gContae Fhear Monach ó uiscí Loch Eirne Uachtair agus Iochtair agus uime sin go bhfuil sé fóirstineach go gcabhródh an Aireacht, ós í an Roinn í de Rialtas Thuaisceart Éireann lena mbaineann siltean na n-uiscí sin, chun an scéim lán-fhorbairte a chur i gcrích agus, ar choinníoll go n-íocfadh an Bord leis an Aireacht do réir na bhforál chuige sin atá anseo ina dhiaidh seo, an caiteachas faoina raghadh an Aireacht dá dhroim sin, go ndéanfadh an Aireacht, do réir na bhforál atá anseo ina dhiaidh seo, na hoibreacha sin a chur i gcrích agus fós go gcomhlíonfadh agus go ndéanfadh na dualgais, na nithe agus na rudaí a luaitear anseo ina dhiaidh seo;

(4) go bhfuil sé fóirstineach freisin, chun forbairt níos fearr a dhéanamh ar uisce-chumhacht le haghaidh leictreachas a ghiniúint agus chun feabhsú a dhéanamh ar shiltean na n-uiscí adúradh, socrú mar atá luaite anseo ina dhiaidh seo a dhéanamh chun leibhéil na n-uiscí adúradh a rialú agus a rialáil.

ANOIS, AR AN ÁBHAR SIN, COMHAONTAÍTEAR LEIS SEO mar leanas ag an Aireacht agus ag an mBord agus eatarthu sin:—

Mínithe.

I. SA Chomhaontú seo, mura léir a mhalairt d'intinn, tá leis na noda agus na habairtí seo a leanas an bhrí a bheirtear dóibh anseo, is é sin le rá:—

ciallaíonn “D.O.” Datum Ordonáis;

ciallaíonn “oibreacha sceidealta” na hoibreacha a sonraítear sa Chéad Sceideal;

folaíonn “maoin” aon eastát nó leas i dtalamh (lena n-áirítear talamh faoi uisce), foirgintí d'aon chineál, agus aon éasúint nó ceart i dtalamh nó in uisce nó i dtalamh faoi uisce nó chun an chéanna nó thar an gcéanna;

ciallaíonn “údarás poiblí” aon údarás áitiúil nó údarás poiblí eile a gheibh a chumhachta, a fheadhma nó a dhualgais ó aon achtachán (poiblí, ginearálta, áitiúil nó príobháideach), ó aon chairt nó ó aon ordú nó rialachán a bhfuil éifeacht aige faoi réim nó de bhuaidh aon achtacháin;

ciallaíonn “an Loch Uachtair” Loch Eirne Uachtair;

ciallaíonn “an Loch Iochtair” Loch Eirne Iochtair;

ciallaíonn “na Locha” Loch Eirne Uachtair agus Loch Eirne Iochtair;

ciallaíonn “an cainéal idir na Locha” an cainéal nó na cainéil a théas ón Loch Uachtair go dtí an Loch Iochtair agus a ghabhas trí Inis Ceithleann;

ciallaíonn “Sliúsanna Inis Ceithleann” an barráiste agus na sliúsanna atá le déanamh in aice Inis Ceithleann mar chuid de na hoibreacha sceidealta;

ciallaíonn “damba na hAille” an damba a rinne an Bord ag an Aill i mBailte Fearainn an Choirr Léith agus na Cloiche Óir i gContae Dhún na nGall mar chuid de scéim lán-fhorbairte an Bhoird.

ciallaíonn “an cainéal éaló” cainéal Abha na hEirne, arna dhoimhniú agus arna fheabhsú, ón Loch Iochtair go dtí damba na hAille;

ciallaionn “uisce-leibhéal an Locha Uachtair” uisce-leibhéal an Locha Uachtair mar a taifeadfar agus a tomhasfar é tráth ar bith ar an ngoireas atá le feistiú i mBaile Fearainn Bhaile Mic Maghnusa i gContae Fhear Monach faoi fhorála míre IV dhe seo;

ciallaíonn “uisce-leibhéal an Locha Iochtair” uisce-leibhéal an Locha Iochtair mar a taifeadfar agus a tomhasfar é tráth ar bith ar an ngoireas atá le feistiú i mBaile Fearainn Ros Corr (nó ina chomhgar) i gContae Fhear Monach faoi fhorála míre IV dhe seo;

ciallaíonn “an t-uisce-leibhéal ag an Aill” uisce-leibhéal damba na hAille díreach suas an sruth uaidh;

ciallaíonn “Innealltóir na hAireachta” an duine a bheas de thuras na huaire ainmnithe ag an Aireacht chun gníomhú mar innealltóir di chun críocha an Chomhaontuithe seo;

ciallaíonn an abairt “Innealltóir an Bhoird” an duine a bheas de thuras na huaire ainmnithe ag an mBord chun gníomhú mar innealltóir dó chun críocha an Chomhaontuithe seo.

Oibreacha i gContae Fhear Monach.

II. (1) A luaithe is féidir tar éis an Comhaontú seo d'fhorghníomhú ag an dá pháirtí ann cuirfidh an Aireacht i gcrích, chun sástachta an Bhoird, an méid de na hoibreacha sceidealta a bhfuil a n-iomlán i gContae Fhear Monach.

Oibreacha atá go páirteach i gContae Dhún na nGall agus go páirteach i gContae Fhear Monach.

(2) Má bhíonn aon chinn de na hoibreacha sceidealta ann a bhfuil cuid díobh le cur i gcrích nó arna gcur i gcrích i gContae Dhún na nGall agus cuid eile i gContae Fhear Monach, agus go gcomhaontóidh an Bord agus an Aireacht gur cóir, le haghaidh na n-oibreacha sceidealta sin nó chun iad a chothabháil nó a dheisiú, conraitheoir nó conraitheoirí d'fhostú, déanfaidh na Aireacht agus an Bord, mar chomh-phríomhaithe, an conradh nó na conartha leis an gconraitheoir nó leis na conraitheoirí, agus i gcás aon oibreacha sceidealta den tsórt sin nó cothabháil nó deisiú an chéanna a bheith le cur i gcrích trí chonradh, nó trí shaothar díreach, nó ar shlí eile, féadfaidh an Bord nó an Aireacht (pé acu é) toiliú le hainmniú duine nó níos mó dá n-oifigigh ag an bpáirtí eile chun maoirsiú agus stiúradh a dhéanamh ar aon chuid de na hoibreacha sin a bheas i líomatáiste an pháirtí eile nó ar aon réamh-fhiosrú nó réamh-lorgaireacht chuige sin.

Réamh-shuirbhéireachta, etc., agus doiciméid Chonartha.

(3) Chun a hoblagáidí a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo stiúrfaidh agus déanfaidh an Aireacht gach réamh-shuirbhéireacht, réamh-fhiosrú agus réamh-lorgaireacht a bheas riachtanach agus ceapfaidh agus ullmhóidh na pleananna imleagain, na tarraingeoireachta conartha, na tarraingeoireachta oibriúcháin, na sonraíochta, na billí cainníochta, na coinníollacha conartha uile a bheas riachtanach, agus aon phleananna, doiciméid, ríomh aireachta agus meastacháin eile is gá chun na hoibreacha sceidealta a chur i gcrích, agus, ar sin d'iarraidh ar an Aireacht, cuirfidh sí faoi bhráid an Bhoird, chun go gceadóidh an Bord iad, gach ceann nó aon cheann de na pleananna, na tarraingeoireachta nó na doiciméid réamhráite agus bhéarfaidh ó am go ham pé faisnéis bhreise a chuirfeas ar chumas an Bhoird deimhin a dhéanamh de go bhfuil dearadh na n-oibreacha sceidealta nó aon choda dhíobh oiriúnach agus go bhfuil na modhanna chun na hoibreacha sceidealta nó aon chuid díobh a chur i grích go réasúnta éifeachtach agus eacnamúil ag féachaint do na himthosca uile.

Dualgais atá le comhlíonadh ag an Aireacht.

III. DÉANFAIDH AN AIREACHT freisin, nó bhéarfaidh go ndéanfar, na dualgais, na nithe agus na rudaí seo a leanas a chomhlíonadh, a chur i gcrích nó a chur i ngníomh, is é sin le rá:—

Talamh, etc., a thógaint.

(1) má mheasann an Aireacht gur gá sin chun a hoblagáidí a chomhlíonadh faoin gComhaontú seo, aon mhaoin i dTuaisceart Éireann a ghlacadh i seilbh go sealadach nó a thógaint go buan trí chomhaontú nó faoi aon chumhachta éigeantacha a bheirtear di chuige sin, agus ar an gcuma chéanna aon chearta, éasúintí nó ceada slí a thógaint nó cur isteach orthu sin;

Eilithe maidir le damáiste nó cur isteach.

(2) gach beart a dhéanamh is gá le haghaidh nó i dtaobh éilithe a shocrú (lena n-áirítear a bhfiosrú, agus, i gcás inar gá é, cúiteamh a mheasúnú agus d'íoc ina leith agus iad a tharchur chun imeacht eadrána agus ionadaíocht ina leith ag na himeachta sin, agus lena n-áirítear oibreacha slánaitheacha a chur i gcrích mar shocrú nó mar shocrú páirteach orthu agus urscaoileadh d'fháil roimh ré ó éilithe) a éireos nó is dócha d'éirí as—

(i) aon chur isteach ar mhaoin phoiblí nó phríobháideach i dTuaisceart Éireann nó aon díobháil nó damáiste don chéanna, agus

(ii) aon chur isteach, díobháladh nó damáistiú, nó athrú, nó athfhoirgniú, ar bhóithre poiblí, droichid, cearta nó leasa loingseoireachta, soláthairtí uisce, siltean, séaracht, nó seirbhísí nó oibreacha poiblí eile i dTuaisceart Éireann;

de dhroim nó de dheasca—

(a) na hoibreacha sceidealta nó aon ní nó rud a ghabhas leo a chur i gcrích nó na hoibreacha sceidealta nó aon chuid díobh a dheisiú, a chothabháil, d'athnuachaint, nó d'athshuíomh; nó

(b) na hoibreacha sceidealta, arna gcríochnú, d'oibriú, lena n-áirítear leibhéal na Loch a rialú agus a rialáil chun críocha an oibrithe sin nó ar aon tslí eile chun críocha an Chomhaontuithe seo; nó

(c) na sliús-gheataí atá ag Béal Leice d'oibriú faoi chomhshocruithe sealadacha, arna ndéanamh, de bhun na bhforál reachtúla chuige sin, idir an Aireacht agus an roinn nó na ranna iomchuí de Phoblacht na hÉireann; nó

(d) an Bord do chur aon obair i gcrích nó do dhéanamh aon ní nó ruda i gContae Dhún na nGall, nó an Bord dá fhaillí nó dá mhainniú aon ní nó rud den tsórt sin a dhéanamh; nó

(e) aon chónascadh de na cúiseanna réamhráite;

AR CHOINNÍOLL—

(a) nach ndéanfaidh an Aireacht, gan toiliú roimh ré ón mBord, aon éileamh ar chúiteamh a shocrú go críochnaitheach trí chomhaontú ná aon scaoileadh uaidh d'fháil ar shuim is mó ná £500, nó pé suim eile a fhógrós an Bord i scríbhinn ó am go ham don Aireacht ná nach ndéanfaidh, gan an toiliú sin, aon oibreacha slánaitheacha comhaontaithe a mheasfas an Aireacht a chosnódh níos mó ná an tsuim sin;

(b) i gcás gan éileamh ar chúiteamh a shocrú trí chomhaontú, nach n-iarrfaidh an Aireacht ar an éilitheoir imeachta eadrána a thionscnamh i leith an éilimh sin gan toiliú roimh ré ón mBord, toiliú nach gcoimeádfar siar go míréasúnach;

(3) faoi réir forál an Chomhaontuithe seo i dtaobh an Bord do dhéanamh aisíoca leis an Aireacht agus i dtaobh na slánaíochta a bheirtear ina dhiaidh seo ón mBord don Aireacht, gach íocaíocht a dhéanamh is gá agus gach dliteanas d'urscaoileadh a raghaidh an Aireacht faoi ó am go ham maidir leis na hoibreacha sceidealta, lena n-áirítear na réamh-shuirbhéireachta, na réamhfhiosruithe, agus na réamh-lorgaireachta ina leith sin, agus fós maidir le haon nithe nó rudaí a éireos as, nó i ndáil le, comhlíonadh a hoblagáidí faoin gComhaontú seo;

(4) gach dualgas, ní agus rud eile (más ann) a mheasfas an Aireacht a bheith riachtanach, teagmhasach nó fo-ghabhálach maidir le feidhm a thabhairt i dTuaisceart Éireann d'fhorála an Chomhaontuithe seo;

AR CHOINNÍOLL, i gcás déanamh aon ghnímh, a ceangaltar ar an Aireacht a dhéanamh de bhuaidh na bhforál roimhe seo den mhír seo, a bheith, i dtuairim na hAireachta, ina ábhar mór-thábhachta nó ina cheist mhór phrionsapail, go ndéanfaidh an Aireacht ar dtús tograí ina leith sin a chur faoi bhráid an Bhoird chun a gceaduithe.

Goireas taifeadtha i gCo. Fhear Monach.

IV. SOLÁTHRÓIDH AN BORD, agus feisteoidh agus cothabhálfaidh an Aireacht, ar chostais an Bhoird, goireas de chineál a bheas ceadaithe ag an Aireacht chun na huisce-leibhéil a thaifeadadh agus a thomhas ag gach áit acu seo a leanas, eadhon: ceann i mBaile Fearainn Bhaile Mic Maghnusa adúradh ar an Loch Uachtair, ceann díreach suas an sruth ó shliúsanna Inis Ceithleann, agus ceann i mBaile Fearainn Ros Corr adúradh nó ina chomhgar sin i gContae Fhear Monach ar an Loch Iochtair.

An goireas a bheas ag an trí áit thuasluaite, beidh sé arna dhéanamh sa mhéid gur féidir le monaróirí an ghoiris sin é, i dtreo go dtiomarnóidh sé go dtí damba na’ hAille agus go dtaifeadfaidh ann na huisce-leibhéil a taifeadfar ag na háiteanna sin faoi seach, agus beidh an goireas ag Baile Mic Maghnusa arna dhéanamh i dtreo go dtiomarnóidh go dtí sliúsanna Inis Ceithleann agus go dtaifeadfaidh ann an t-uisce-leibhéal a taifeadfar ag Baile Mic Maghnusa.

Goireas taifeadtha i gCo. Dhún na nGall.

V. DÉANFAIDH AN BORD goireas a sholáthar, d'fheistiú agus a chothabháil chun an t-uisce-leibhéal a thaifeadadh agus a thomhas díreach suas an sruth ó dhamba na hAille.

Na sliúsanna ag Béal Leice a dhíchur.

VI. A luaithe a bheas Sliúsanna Inis Ceithleann (a sonraítear faoin uimhir 3 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis seo) críochnaithe agus a chomhaontós an Aireacht agus an Bord gur féidir agus gur cóir, ach an barráiste agus na sliúsanna atá ag Béal Leice (a sonraítear faoin uimhir 4 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis seo) a bheith díchurtha, uisce-leibhéal an Locha Iochtair a rialú agus a rialáil laistigh de na teoranta a hordaítear le fo-mhír (1) de mhír VII de seo, raghfar ar aghaidh le díchur an bharráiste agus na sliúsanna sin ag Béal Leice.

Uisce-leibhéil a rialú agus a rialáil.

VII. AR an mbarráiste agus na sliúsanna ag Béal Leice a bheith díchurtha amhlaidh, déanfar scéitheadh an uisce as an Loch Iochtair tríd an gcainéal éaló, agus na huisce-leibhéil faoi seach sna Locha, a rialú agus a rialáil do réir na bhforál seo a leanas, is é sin le rá:—

(1) déanfaidh an Bord, trí shliúsanna nó trí shásra eile a corprófar i ndamba na hAille, uisce-leibhéal an Locha Iochtair a rialú agus a rialáil, i dtreo nach raghaidh uisce-leibhéal an Locha Iochtair aon tráth thar 152.0 troigh nó mar sin os cionn D.O., ná nach dtitfidh aon tráth faoi bhun 147.0 troigh os cionn D.O., agus, faoi réir forál an Chomhaontuithe seo maidir leis na huisce-leibhéil faoi seach sna Locha, féadfaidh an Bord, gan bac gan chosc ón Aireacht, ná ó aon duine a mbeidh teideal aige ón Aireacht nó faoin Aireacht chun grinnill agus griain na Loch, úsáid a bhaint, chun leictreachas a ghiniúint, as sreabhadh an uisce ó na Locha tríd an gcainéal éaló, AR CHOINNÍOLL, ÁFACH, nach mbeidh ar an mBord aon tráth an t-uisce-leibhéal ag damba na hAille a thabhairt anuas faoi bhun 143.0 troigh os cionn D.O.

(2) déanfaidh an Aireacht uisce-leibhéal an Locha Uachtair a rialú agus a rialáil trí bhíthin Sliúsanna Inis Ceithleann, ag féachaint go cuí d'uisce-leibhéal an Locha Iochtair mar a ríalófar agus a rialálfar é faoi fhorála na míre seo agus d'acmhainn an chainéil idir na Locha, ach sin i dtreo—

(a) i rith na tréimhse Aibreán go Meán Fómhair go huile, nach ligfear sa mhéid gur féidir sin a chosc do réir réasúin, uisce-leibhéal an Locha Uachtair thar 154.0 troigh os cionn D.O., agus aon uair agus gach uair i rith na tréimhse sin a bheas sé tar éis éirí go dtí 153.0 troigh os cionn D.O., a bheas sé ag leanúint de bheith ag éirí, agus ar dóigh le hInnealltóir na hAireachta nó le hInnealltóir an Bhoird go n-éireoidh sé thar 154.0 troigh os cionn D.O., go ndéanfaidh an Bord uisce-leibhéal an Locha Iochtair, má bhíonn thar 151.5 troigh os cionn D.O., d'ísliú a thapúla is féidir do réir réasúin go dtí pé leibhéal, nach ísle ná 151.5 troigh os cionn D.O., a cheanglós Innealltóir na hAireachta chun a áirithiú go gcoiscfear uisce-leibhéal an Locha Uachtair ó éirí thar, nó go dtabharfar anuas é go dtí, 154.0 troigh os cionn D.O., AR CHOINNÍOLL nuair a bheas uisce-leibhéal an Locha Uachtair tar éis a uas-airde a shroichint agus tar éis titim go dtí 154.0 troigh os cionn D.O., nó tar éis uas-airde nach mó ná 154.0 troigh os cionn D.O. a shroichint agus go mbeidh sé ag titim, go ligfear d'uisce-leibhéal an Locha Iochtair éirí go dtí pé leibhéal, nach mó ná 152.0 troigh os cionn D.O., is dóigh le hInnealltóir na hAireachta a bheith réasúnach;

(b) i rith na tréimhse ó Dheireadh Fómhair go Márta go huile, nach ligfear, sa mhéid gur féidir sin a chosc do réir réasúin, uisce-leibhéal an Locha Uachtair thar 155.0 troigh os cionn D.O. agus aon uair agus gach uair i rith na tréimhse sin a bheas sé tar éis éirí go dtí 154.0 troigh os cionn D.O., a bheas sé ag leanúint de bheith ag éirí, agus ar dóigh le hInnealltóir na hAireachta nó le hInnealltóir an Bhoird go n-éireoidh sé thar 155.0 troigh os cionn D.O., go ndéanfaidh an an Bord uisce-leibhéal an Locha Iochtair, má bhíonn sé thar 151.5 troigh os cionn D.O., d'ísliú, a thapúla is féidir do réir réasúin, go dtí pé leibhéal, nach ísle ná 151.5 troigh os cionn D.O., a cheanglós Innealltóir na hAireachta chun a áirithiú go gcoiscfear uisce-leibhéal an Locha Uachtair ó éirí thar, nó go dtabharfar anuas é go dtí, 155.0 troigh os cionn D.O.;

(c) nach ndéanfar, ach amháin chun críocha cothabhála agus deisithe, uisce-leibhéal an chainéil idir na Locha, díreach suas an sruth ó Shliúsanna Inis Ceithleann, a thabhairt anuas go dtí leibhéal is lú ná 150.0 troigh os cionn D.O.

Acmhainn scéite an chainéil éaló agus an chainéil idir na locha a sheiceáil.

VIII. DÉANFAIDH AN BORD agus an Aireacht ó am go ham, i gcomhar nó ar leithligh do réir mar comhaontófar, ríomh agus seiceáil go cruinn ar acmhainn an chainéil éaló agus an chainéil idir na Locha chun uisce a scéitheadh agus, ar cheachtar páirtí do dhéanamh an rímh nó na seiceála sin, déanfaidh an páirtí sin láithreach na figiúirí, an fhaisnéis nó na data a bheas tógtha nó tiomsaithe a thabhairt don pháirtí eile, maraon leis na tátaill a baintear astu.

Taifid ar na huisce-leibhéil a mhalairtiú.

IX. (1) Bhéarfaidh an Bord don Aireacht freisin, ar a chostas féin agus chun sástachta na hAireachta, gach lá nó i gceann pé tréimhsí ar a gcomhaontófar, cóip dheimhnithe de na huisceleibhéil mar a taifeadfar agus a tomhasfar iad leis an ngoireas a cuirfear ar fáil ag damba na hAille faoi mhír V de seo, agus fós pé faisnéis agus data breise, as oibriú na sliúsanna nó an tsásra eile a bheas corpraithe i ndamba na hAille, a bhéarfas go bhféadfar an scéitheadh laethúil tríd an gcainéal ealó a ríomh go cruinn, agus beidh an Aireacht, más mian léi é, i dteideal gach tráth réasúnach, ach ar a costas féin, seiceáil a dhéanamh ar chruinneas an ghoiris adúradh agus ar na modhanna ar a ndéantar taifeadadh agus tomhas leis agus a chur faoi ndear an goireas sin a chailibriú.

(2) Bhéarfaidh an Aireacht don Bhord, má iarrann an Bord é, gach lá nó i gceann pé tréimhsí ar a gcomhaontófar, cóipeanna deimhnithe de na huisce-leibhéil mar a taifeadfar agus a tomhasfar iad leis an ngoireas a cuirfear ar fáil ag Baile Mic Maghnusa, ag Sliúsanna Inis Ceithleann, agus ag Ros Corr faoi seach, faoi mhír IV de seo, agus pé faisnéis agus data breise, as oibriú Sliúsanna Inis Ceithleann, a bhéarfas go bhféadfar an scéitheadh laethúil tríd an gcainéal idir na Locha a ríomh go cruinn, agus más mian leis é, beidh an Bord i dteideal gach tráth réasúnach, agus ar a chostas féin, seiceáil a dhéanamh ar chruinneas na ngoireas sin uile nó aon ghoiris acu agus ar na modhanna ar a ndéantar taifeadadh agus tomhas leis an gcéanna agus a chur faoi ndear aon cheann de na goiris sin a chailibriú.

Rialú agus cothabháil na n-oibreacha críochnaithe.

X. (1) Ach amháin mar foráltar le fo-mhír (2) den mhír seo maidir leis an mbóthar-dhroichead nua thar Abhainn na hEirne ag Béal Leice, déanfaidh an Aireacht, ón am agus i ndiaidh an ama a críochnófar aon cheann de na hoibreacha sceidealta i dTuaisceart Éireann, urlámhas an chéanna a choinneáil agus d'fheidhmiú faoi réir forál an Chomhaontuithe seo agus aon Chomhaontuithe fhorlíontaigh, agus coimeádfaidh agus cothabhálfaidh na hoibreacha sin in ord, i ndeis agus i staid a bheas réasúnta maith agus leordhóthanach AR CHOINNÍOLL, má bhíonn an Aireacht sásta gur féidir socrú leordhóthanach a dhéanamh agus go ndéanfar sin, chun na hoibreacha sin nó aon chuid díobh a chothabháil agus a dheisiú feasta, go bhféadfar an céanna a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, i seilbh aon údaráis phoiblí nó aon Roinne Rialtais, ar pé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontófar, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord, idir an t-údarás nó an Roinn sin agus an Aireacht.

(2) Déanfaidh an Aireacht agus an Bord araon, ón am agus i ndiaidh an ama a críochnófar an bóthar-dhroichead nua (dá dtagartar i mír 2 den Chéad Sceideal a ghabhas leis seo) urlámhas a choinneáil agus d'fheidhmiú ar na coda dhe a bheas i gContae Fhear Monach agus i gContae Dhún na nGall faoi seach agus coimeádfaidh agus cothabhálfaidh gach aon acu a gcoda féin faoi seach in ord, i ndeis agus i staid mhaith leordhóthanach nó, má chomhaontaíd amhlaidh, déanfaid an obair chothabhála agus deisithe do réir na socruithe chuige sin dá bhforáltar i mír II (2) den Chomhaontú seo AR CHOINNÍOLL, má chomhaontaíonn an Aireacht agus an Bord gur féidir le Comhairlí Contae Dhún na nGall agus Fhear Monach leor-shocrú a dhéanamh i gcomhpháirt, agus go ndéanfaid sin, chun an bóthar-dhroichead sin a chothabháil agus a dheisiú feasta, go bhféadfar an céanna a thabhairt i seilbh na gComhairlí sin i gcomhpháirt.

Slánaíocht ón mBord don Aireacht.

XI. FAOI RÉIR téarmaí an choinníll atá leagtha amach i mír XII dhe seo, coimeádfaidh an Bord an Aireacht agus a hoifigigh, a seirbhísigh nó a gníomhairí slánaithe agus saor sábhálta in aghaidh agus i gcoinne gach uile chaingin, imeacht, costais, éilimh, damáiste, caiteachais nó dliteanais a raghaidh an Aireacht nó a hoifigigh, a seirbhisigh nó a gníomhairí faoi dhliteanas ina leith nó a hiarrfar orthu d'íoc de dhroim nó de dheasca na n-oibreacha sceidealta, nó a éireos nó a leanas ar shlí ar bith eile as forála an Chomhaontuithe seo a chur i gcrích, nó as oblagáidí na hAireachta faoin gComhaontú seo a chomhlíonadh.

An Bord do dhéanamh íocaíochta leis an Aireacht.

XII. FAOI RÉIR a bhforáltar dá mhalairt sa Chomhaontú seo, íocfaidh an Bord, sa tslí a foráltar le mír XIII dhe seo, leis an Aireacht, méid an chaiteachais uile a raghaidh an Aireacht faoi maidir le, nó i ndáil le, gach ní nó aon ní acu seo a leanas, maille le hús ar aon tsuimeanna a airleacfas an Aireacht faoi chomhair aon chaiteachais den tsórt sin (an t-ús sin dá ríomh do réir an ráta a bheas i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann le haghaidh Iasachtaí Áitiúla gearr-théarma ar dháta an airleacain), is é sin le rá:—

(a) na hoibreacha sceidealta nó aon chuid nó coda dhíobh nó aon oibreacha eile a dhéanfas an Aireacht a chur i gcrích nó a mhaoirsiú agus a stiúradh de bhun an Chomhaontuithe seo, nó de bhun nó do réir aon fhorála reachtúla a bheas i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann ar dháta an Chomhaontuithe seo a dhéanamh agus a mbeidh baint nó feidhm aici maidir leis na hoibreacha sin nó lena gcur i gcrích, a maoirsiú nó a stiúradh;

(b) aon cheann de na dualgais, na nithe nó na rudaí atá leagtha amach i mír III dhe seo;

(c) cothabháil agus deisiú a dhéanfas an Aireacht faoi fhorála míre X dhe seo;

(d) aon nithe a háirítear sa tslánaíocht atá i mír XI dhe seo;

(e) comhlíonadh aon fhorál eile den Chomhaontú seo (lena n-áirítear na forála chun uisce-leibhéil a rialú agus a rialáil a hordaítear le mír VII dhe seo) ag an Aireacht;

(f) seirbhísí riaracháin, teicniúla, dlíthiúla, agus seirbhísí eile i dtaobh, nó chun críche, aon ní dá luaitear thuas, nó aon ní a éireos nó a leanfas ar shlí eile as forála an Chomhaontuithe seo, ar choinníoll, áfach, go bhféadfar pé táille nó táillí ar a gcomhaontófar ó am go ham d'íoc le haghaidh na seirbhísí sin nó aon choda dhíobh;

AR CHOINNÍOLL, ÁFACH, nach n-iarrfar ar an mBord íoc, ná bheith freagarthach, as aon chaiteachas nó ítimí caiteachais maidir le haon cheann de na nithe thuasluaite a éireos nó a thiocfas de dhroim faillí nó mainneachtana ag an Aireacht, a hoifigigh nó a seirbhísigh nó ag aon ghníomhairí a bhfuil an Rialtas freagarthach do réir dlí ina ngníomhartha.

An modh íoctha.

XIII. ÍOCAÍOCHTA a bheas le déanamh ag an mBord leis an Aireacht faoin gComhaontú seo, déanfar iad de roghain na hAireachta aon am nó ó am go ham in aon tslí acu seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) trí íocaíochta míosúla nó ráithiúla i leith an mhéid a mbeidh an Aíreacht tar éis dul faoi; nó

(b) trí airleacain a dhéanfas an Bord leis an Aireacht go caothúil sar a ndéanfaidh an Aireacht íocáiochta; nó

(c) go páirteach i slí acu agus go páirteach sa tslí eile; nó

(d) i pé slí eile agus ag pé trátha eile ar a gcomhaontóidh an Aireacht agus an Bord.

Cur isteach ar sheirbhísí poiblí.

XIV. MÁ BHEIREANN na hoibreacha sceidealta, nó aon ní a déanfar de bhun an Chomhaontuithe seo, gur gá cur isteach, nó athrú nó athfhoirgniú a dhéanamh ar aon bhóthar, droichead, soláthar uisce nó córas séarachta poiblí, nó aon tseirbhís phoiblí eile, cinnfidh an Aireacht agus an Bord, tar éis dul i gcomhairle leis na Ranna Rialtais iomchuí acu faoi seach a mbaineann na seirbhísí sin leo, cén socrú i leith an chur isteach, an athruithe nó an athfhoirgnithe sin ba chóir a dhéanamh i dtaobh na nithe sin i gContae Fhear Monach nó i gContae Dhún na nGall faoi seach, agus, más rud é go raghfar faoi aon chaiteachas breise de dhroim aon mhéaduithe ar an socrú sin a déanfar de bhun iarratais nó ceanglais ó aon údarás poiblí, áiritheoid, a mhéid is féidir é, go luífidh an caiteachas breise sin ar an údarás poiblí ar de thoradh a n-íarratais nó a gceanglais a chuathas faoin gcéanna.

Barrachas nó easnamh in airgead an Bhoird Siltin.

XV. Más rud é go mbeidh aon tsuim fágtha den chomhardú a gheobhas an Aireacht ó na hIontaobhaithe a bheas ceaptha chun forceannadh a dhéanamh ar chúrsaí Bhord Siltin agus Uisce-Bhealaigh Loch Eirne agus Abha na hEirne (dá ngairmtear an “Bord Siltin” anseo feasta) tar éis cúiteamh d'íoc le fostaithe a bhí ag an mBord Siltin do réir na bhforál reachtúla chuige sin, íocfaidh an Aireacht an t-ochtú cuid den tsuim sin leis an mBord agus más rud é nach leor an comhardú sin chun an cúiteamh sin d'íoc aisti íocfaidh an Bord leis an Aireacht an t-ochtú cuid d'aon tsuim a sholáthrós an Aireacht chun go bhféadfar an cúiteamh sin d'íoc.

Fógraí, etc.

XVI. I gCÁS ina n-ordaíonn aon fhoráil den Chomhaontú seo go gcaithfidh ceadú, toiliú nó comhaontú ó cheachtar páirtí a bheith ag gabháil le déanamh nó neamhdhéanamh aon ghnímh nó ruda ag an bpáirtí eile nó go gcaithfidh ceachtar páirtí aon fhógra a sheirbheáil, ní foláir an ceadú, an toiliú, an comhaontú nó an fógra sin a bheith sainráite faoi láimh Rúnaí na hAireachta nó Rúnaí Chúnta don Aireacht, nó Rúnaí an Bhoird nó Rúnaí Chúnta don Bhord, do réir mar bheas, agus ní foláir aon fhógra den tsórt sin a chur leis an bpost cláraithe.

Eadráin.

XVII. MÁ éiríonn aon díospóid nó easaontas aon am ina dhiaidh seo idir an Aireacht agus an Bord i dtaobh an Chomhaontuithe seo nó de dhroim nó i leith aon fhorál de nó de dhroim nó i leith déanamh, nó mainneachtaint nó diúltú um dhéanamh, aon oibre, dualgais, ní nó ruda faoin gComhaontú seo, nó de dhroim nó i leith déanamh, nó diúltú um dhéanamh, aon íocaíochta faoin gComhaontú seo, déanfar an díospóid nó an t-easaontas sin, do réir forál chuige sin atá sa Dara Sceideal a ghabhas leis seo, a tharchur go dtí, agus d'éisteacht agus a chinneadh ag, Binse (dá ngairmtear “Binse Eadrána” anseo feasta) a bheas comhdhéanta do réir forál an Dara Sceidil sin, agus beidh breith Bhinse Eadrána ar an gcéanna ina breith chríochnaitheach agus ina ceangal ar gach slí ar na páirtithe sa Chomhaontú seo, agus aon tsuim (lena n-áiritear suim ar bith i leith costas) a dhámhfas Binse Eadrána do pháirtí amháin, maille le hús uirthi do réir cheithre puint faoin gcéad sa bhliain arna ríomh ó dháta na dámhachtana, beidh sí iníoctha leis an bpáirtí sin ag an bpáirtí eile mar fhiach sibhialta a dlitear dhó ón bpáirtí eile agus féadfar í a ghnóthú dá réir sin agus cúnantaíonn gach páirtí ar leith tríd seo go ngéillfidh agus go dtabharfaidh feidhm go dílis macánta ar gach slí do théarmaí aon dámhachtana a dhéanfas Binse Eadrána.


AN CHÉAD SCEIDEAL DON CHOMHAONTÚ ROIMHE SEO.

Na hOibreacha atá le cur i gCrích.

1. Grinneall Abhann na hEirne idir Ros Corr agus Béal Leice a dhoimhniú agus, san áit inar gá é, a bruacha a dhíchur agus d'ath-ailíniú i gcaoi go mbeidh ag an gcainéal feabhsaithe aomhainn nach lú ná 660,000 troigh chiúbach sa neomat nuair a bheas uisce-leibhéal an Locha Iochtair 152.0 troigh os cionn D.O., agus an t-uisce-leibhéal ag damba na hAille 143.0 troigh os cionn D.O. —an obair a shroichint ón Loch Iochtair go dtí 500 troigh nó mar sin siar ó thuaidh ó lár an bhóthar-dhroichid thar Abhainn na hEirne ag Baile Bhéal Leice; an t-ábhar a tochlófar as grinneall agus bruacha Abhann na hEirne a dhiúscairt agus fo-thacú a dhéanamh ar Dhroichead Ros Corr.

2. Bóthar-dhroichead agus tarrachtana nua a dhéanamh thar Abhainn na hEirne ag Béal Leice in ionad an droichid atá ann, agus an droichead atá ann, maraon le pé cuid de na tarrachtana ann ar a gcomhaontóidh an Aireacht agus an Bord, a dhíchur.

3. Barráiste agus sliúsanna a dhéanamh in aice Inis Ceithleann ag a mbeidh cíor-leibhéal 150.0 troigh os cionn D.O., nuair a bheid dúnta, agus leibhéal tairsí 136.0 troigh os cionn D.O., agus leithead iomlán uisce réidh-ghlan de 172.0 troigh, a fhéadfas scéitheadh 660,000 troigh chiúbach sa neomat a scaoileadh agus an Loch Iochtair 152.0 troigh os cionn D.O., agus cailliúint cheithre orlach ar a mhéid sa cheann-bhuinne trí na sliúsanna nuair a bheadh na geataí go léir ardaithe glan den uisce, nó pé oibreacha dá samhail sin a fhéadfas an scéitheadh réamhráite a scaoileadh agus a gcomhaontóidh an Aireacht agus an Bord orthu, agus beidh i ngach ceann nó in aon cheann de na hoibreacha réamhráite pé socrú is gá i gcóir loingseoireachta, gluaiseachta éisc agus rialú agus cothabháil na n-oibreacha sin feasta.

4. An barráiste agus na sliúsanna atá trasna Abhann na hEirne ag Béal Leice, a meicníocht oibrithe, agus aon oibreacha teagmhasacha, a dhíchur.

5. Aon oibreacha atá riachtanach, teagmhasach nó foghabhálach maidir le haon cheann de na hoibreacha réamhráite.

AN DARA SCEIDEAL DON CHOMHAONTÚ ROIMHE SEO.

Forála Maidir Le hEadráin.

1. (i) Eadránaí amháin, agus beirt Mheasúnóirí ag cabhrú leis, a bheas ar Bhinse Eadrána.

(ii) Is é a bheas ina Eadranaí ná pé duine a gcomhaontóidh an Bord agus an Aireacht é a cheapadh as daoine atá i dteideal cleachtadh mar Abhcóidí Dlí os comhair Uas-Chúirte i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann nó os comhair Ard-Chúirt Bhreithiúnais Phoblacht na hÉireann, agus a bheas ag cleachtadh amhlaidh le deich mbliana ar a laghad roimh dháta an Fhógra Dhíospóide a luaitear anseo ina dhiaidh seo. Cheal comhaontuithe den tsórt sin is é a bheas ina Eadránaí ná pé duine ag a mbeidh na cáilíochta réamhráite agus a ndéanfaidh an té is Uachtarán de thuras na huaire ar Fhoras na nInnealltóirí Sibhialta é d'ainmniú ar iarratas ó cheachtar páirtí.

(iii) Beidh na Measúnóirí, a ndéanfar, faoi réir forál míre a ceathair den Sceideal seo, duine acu a cheapadh ag an mBord agus an duine eile acu a cheapadh ag an Aireacht, ina gcomhaltaí cleachtacha, le deich mbliana ar a laghad, d'Fhoras na nInnealltóirí Sibhialta nó d'Fhoras Innealltóirí Sibhialta na hÉireann.

2. Má éiríonn aon díospóid nó easaontas, féadfaidh ceachtar de na páirtithe Fógra Díospóide a sheirbheáil ar an bpáirtí eile, ina sonrófar an t-ábhar nó na hábhair ar ina leith d'éirigh an díospóid nó an t-easaontas sin agus na cúiseanna nó na forais a bhí leis.

3. Laistigh d'ocht lá fichead tar éis an Fógra sin a sheirbheáil, ceapfaidh gach páirtí a Mheasúnóir (a bheas tar éis a chur in iúl é a bheith toilteanach gníomhú amhlaidh) agus cuirfidh an ceapachán sin agus ainm, seoladh agus cáilíochta an té a ceapadh in iúl don pháirtí eile.

4. Má mhainníonn ceachtar páirtí Measúnóir a cheapadh laistigh den tréimhse réamhráite, ansin, ceapfaidh an tEadránaí Measúnóir chun gníomhú ina ionad sin agus cuirfidh an ceapachán agus ainm, seoladh agus cáilíochta an té a ceapadh in iúl do gach páirtí ar leith.

5. Laistigh d'ocht lá fichead tar éis an Fógra Díospóide a sheirbheáil, nó laistigh de pé tréimhse is sia ná sin ar a gcomhaontóidh an páirtí eile, ullmhóidh an páirtí a sheirbheálfas an Fógra sin, agus cuirfidh faoi bhráid an pháirtí eile chun a cheaduithe, dréacht-shoimisiún le haghaidh Eadrána, ina luafar go soiléir an t-ábhar nó na hábhair faoi dhíospóid, na fíorais iomchuí, agus na nithe atá i saincheist le haghaidh breith Bhinse Eadrána. Nuair a bheas comhaontaithe ag an dá pháirtí ar fhoirm an tsoimisiúin le haghaidh Eadrána, déanfaidh an dá pháirtí an céanna d'fhorghníomhú i dtrianach agus cuirfear cuid fhorghníomhaithe dhe go dtí an tEadránaí, agus go dtí gach duine de na Measúnóirí, ón bpáirtí a sheirbhéail an Fógra Díospóide. Cheal comhaontuithe ar fhoirm an tsoimisiúin, féadfaidh an páirtí a sheirbheálfas an Fógra Díospóide an soimisiún d'fhorghníomhú i pé foirm is cuí leis agus trí Chuid fhorghníomhaithe dhe a chur go dtí an tEadránaí agus an ceathrú cuid fhorghníomhaithe dhe go dtí an páirtí eile agus, laistigh de cheithre lá déag tar éis don pháirtí eile an céanna d'fháil nó laistigh de pé tréimhse is sia ná sin ar a gcomhaontófar, féadfaidh an páirtí eile ráiteas foirmiúil a agóidí i gcoinne an tsoimisiúin sin d'ullmhú agus d'fhorghníomhú agus trí chuid fhorghníomhaithe dhe a chur go dtí an tEadránaí agus an ceathrú cuid fhorghníomhaithe dhe go dtí an páirtí eile.

6. Laistigh d'ocht lá fichead tar éis don Bhinse Eadrána an soimisiún le haghaidh Eadrána d'fháil, cuirfidh an tEadránaí in iúl don Aireacht agus don Bhord an t-ionad ina suífidh, agus an dáta a shuífeas, an Binse Eadrána chun an t-ábhar nó na hábhair faoi dhíospóid d'éisteacht, agus socrófar an t-ionad agus an dáta sin chun go n-oirfid, a mhéid is féidir sin, don Bhinse Eadrána agus do na páirtithe sa Chomhaontú seo.

7. Déanfaidh na páirtithe sa Chomhaontú seo gach gníomh, rud agus beart, lena n-áirítear, faoi réir aon agóide dlíthiúla, an fhianaise uile a thabhairt ar aird, pé acu i gcruth leabhar, taifead, cuntas, doiciméad nó eile í, a bhainfeas leis na hábhair faoi dhíospóid nó na nithe i saincheist, agus is gá chun a chumasú do Bhinse Eadrána na hábhair agus na nithe sin d'éisteacht agus a chinneadh agus dámhachtain a dhéanamh, nó a iarrfas nó a éileos ceachtar páirtí nó Binse Eadrána, agus ní dhéanfaidh ceachtar de na páirtithe sin, go toiliúil ná go héagórach, ná ní thabharfaidh go ndéanfar, aon ghníomh nó rud, ná ní fhailleoidh aon ghníomh nó rud a dhéanamh ná ní ghlacfaidh aon bheart, a dhéanfas nó d'fhéadfadh Binse Eadrána a mhoilliú nó a chosc ar na hábhair nó na nithe sin d'éisteacht agus a chinneadh, nó ar dhámhachtain a dhéanamh.

8. Chun cabhrú le héisteacht os comhair Bhinse Eadrána beidh de chead ag gach páirtí ar leith Fógra nó Fógraí géillte d'fhíorais a sheirbheáil ar an bpáirtí eile, agus ar an bpáirtí eile do ghéilleadh d'aon fhíoras nó fíorais den tsórt sin, ansin, faoi réir ordacháin nó ceanglais ón mBinse Eadrána, féadfar déanamh in éagmais cruthú foirmiúil ar na fíorais sin.

9. Má dhiúltaíonn nó má loiceann ceachtar páirtí, tar éis fógra réasúnaigh, freastal go pearsanta nó trí Abhcóide nó trí Aturnae i láthair Bhinse Eadrána ag aon chruinniú a cheapfas an Binse, féadfaidh an Binse dul ar aghaidh chomh héifeachtúil is dá mbeadh an páirtí sin i láthair.

10. Faoi réir a bhforáltar anseo roimhe seo, féadfaidh Binse Eadrána a rialacha nós imeachta féin a dhéanamh, ach sin, áfach, ar chuma nach ndéanfar dochar do cheachtar páirtí trí aon riail nós imeachta nár cuireadh ar fáil dó i dtráth chun go bhféadfadh sé í a chomhlíonadh.

11. Déanfaidh agus foilseoidh Binse Eadrána a dhámhachtain laistigh de dhá mhí tar éis críochnú na héisteachta, nó laistigh de pé tréimhse is sia ná sin a dhéanfas an Binse Eadrána, roimh dheireadh na tréimhse dhá mhí sin, a chinneadh i scríbhinn a bheas sínithe ag an Eadránaí. Is i scríbhinn, agus i ndúblach, arna síniú ag an Eadránaí, a bheas an dámhachtain, agus cuirfear cuid dúblach di láithreach go dtí gach páirtí sa Chomhaontú seo.

12. Beidh de chumhacht ag Binse Eadrána costais agus caiteachais faoina raghfar maidir le hEadráin nó le haon chuid di nó aon tsaincheist inti, len a n-áirítear an nós imeachta roimh Eadráin, a dhámhachtain chun nó i gcoinne ceachtar páirtí nó an dá pháirtí sa Chomhaontú seo, méid na gcostas nó na gcaiteachas sin a shocrú, nó a ordú cén tslí a bhfionnfar iad.

DÁ FHIANÚ sin greamaíodh Séala Oifigiúil Aireacht Airgeadais Thuaisceart Éireann agus Gnáth-Shéala Bhord Soláthair an Leictreachais dhe seo an lá agus an bhliain is túisce atá scríofa anseo:

Greamaíodh Séala Oifigiúil Aireacht Airgeadais Thuaisceart Éireann dhe seo i láthair:

Rúnaí Cúnta.

Greamaíodh Gnáth-Shéala Bhord Soláthair an Leictreachais dhe seo i láthair:

.. .. .. .. ..     Cathaoirleach.

.. .. .. .. ..        Rúnaí.