31 1950


Uimhir 31 de 1950.


AN tACHT UM DHLÍTHE ATÁ AG DUL IN ÉAG, 1950.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH BUANUITHE AR FEADH TRÉIMHSE TEORANTA AR ACHTACHÁIN ÁIRITHE ATÁ AG DUL IN ÉAG. [27ú Nollaig, 1950.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Na hAchta sa Sceideal a choimeád beo.

1. —(1) Na hAchta a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, coimeádtar beo iad a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1951, agus raghaid in éag ansin mura gcoimeádtar beo níos sia iad.

(2) Aon achtacháin neamh-athghairmthe a leasaíos na hachtacháin, nó a dhéanas difir do na hachtacháin, a coimeádtar beo leis an alt seo, coimeádtar beo ar an gcuma chéanna iad, a mhéid ar díomuan a ré, pé acu a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo iad nó nach luaitear.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Dhlithe atá ag Dul in Eag, 1950 , a ghairm den Acht seo.

AN SCEIDEAL—CUID I.

SCHEDULE—PART I.

Na hAchtachain a Coimeadtar Beo.

Enactments Continued.

Session and Chapter

Short Title

How far continued

Amending Acts

31 & 32 Vict., c. 125.

The Parliamentary Elections Act, 1868.

So much as is continued by the Corrupt and Illegal Practices Prevention Act, 1883.

35 & 36 Vict., c. 33; 42 & 43 Vict., c. 75; 46 & 47 Vict., c. 51.

32 & 33 Vict., c. 21.

The Corrupt Practices Commission Expenses Act, 1869.

The whole Act.

34 & 35 Vict., c. 61.

AN SCEIDEAL—CUID II.

SCHEDULE—PART II.

Na hAchtachain a Coimeadtar Beo.

Enactments Continued.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

An Méid a Coimeádtar beo

Acht a leasaíos é

Number and Year

Short Title

How far continued

Amending Acts

Uimh. 20 de 1925 .

Acht na nUdarás Aitiúila (Comh-Cheannach), 1925.

An tAcht iomlán.

No. 20 of 1925.

Local Authorities (Combined Purchasing) Act, 1925.

The whole Act.

Uimh. 23 de 1941 .

Acht Rialtais Áitiúil, 1941 .

Alt 65.

No. 23 of 1941.

Local Government Act, 1941.

Section 65.