1 1951


Uimhir 1 de 1951.


ACHT NA dTORTÓIRÍ, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE hIMEACHTA I gCOINNE TORTÓIRÍ, AGUS LE RANNIOCAÍOCHT EATARTHU. [21ú Feabhra, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

folaíonn an focal “díobháil” gach saghas cailliúna nó damáiste, pé acu i leith pearsan nó maoine é;

folaíonn an focal “tort” tort ar coir atá ann.

Caingean i gcoinne tortóra tar éis breithiúnas a ghnóthú i gcoinne tortóra eile.

2. —Má ghnóthaíonn pearsa (dá ngairmtear an phearsa dhíobhálaithe san alt seo) breithiúnas i gcoinne tortóra (dá ngairmtear an cosantóir bunaidh san alt seo) i leith damáistí as díobháil de dhroim toirt, ní bheidh sin ina urchosc ar chaingean ag an bpearsa dhíobhálaithe i leith damáistí as an díobháil sin i gcoinne aon phearsan eile, pé acu líomhantar nó nach líomhantar an phearsa eile sin a bheith faoi dhliteanas mar chomhthortóir i dteannta an chosantóra bhunaidh.

Forála i dtaobh damáistí agus costas i gcás agra ar leithligh a dhéanamh ar dhá thortóir nó níos mó.

3. —I gcás—

(a) díobháil a bhaint do phearsa (dá ngairmtear an phearsa dhíobhálaithe san alt seo) de dhroim toirt, agus

(b) caingin ar leithligh i leith damáistí as an díobháil sin a thionscnamh ag an bpearsa dhíobhálaithe i gcoinne dhá phearsa nó níos mó, agus

(c) an phearsa dhíobhálaithe d'fháil bhreithiúnais i leith damáistí in dhá cheann nó níos mó de na caingin sin (dá ngairmtear na caingin bhuaiteacha san alt seo),

ansin, pé acu is comhthortóirí nó nach comhthortóirí na tortóirí, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) nuair a beifear á chinneadh, i gcás caingin ina ndearnadh achomharc (lena n-áirítear achomharc trí fhoriarratas ar thriail nua) nó dhá thriail nó níos mó, cé acu caingean buaiteach do réir bhrí an ailt seo é nó nach ea, ní tabharfar aird ach ar thoradh deiridh an chaingin;

(ii) ní bheidh an phearsa dhíobhálaithe i dteideal suim a ghnóthú, i leith na ndamáistí a dámhadh dhó sna caingin bhuaiteacha, a bheas níos mó ná méid na ndamáistí a dámhadh sa cheann sin de na caingin bhuaiteacha (dá ngairmtear an chéad chaingean buaiteach san alt seo) inar céad-tugadh breithiúnas (pé acu ar thaobh an ghearánaí nó ar thaobh an chosantóra é) i gcúirt chéadchéime;

(iii) faoi réir míre (iv) den alt seo, ní bheidh an phearsa dhíobhálaithe i dteideal costas in aon cheann de na caingin bhuaiteacha seachas an chéad chaingean buaiteach;

(iv) féadfaidh an Chúirt costais a dhámhachtaint don phearsa dhíobhálaithe i gcaingean buaiteach (seachas an chéad chaingean buaiteach) más é tuairim na Cúirte go raibh foras réasúnach leis an gcaingean buaiteach sin a thionscnamh mar chaingean ar leithligh.

Damáistí a chionroinnt ar thortóirí inter se.

4. —(1) I gcás caingean i leith damáistí as díobháil de dhroim toirt a thionscnamh i gcoinne dhá chosantóir nó níos mó in aon Chúirt, ansin, ar cheann de na cosantóirí dá iarraidh sin, féadfaidh an giúiré (nó, i gcás an caingean a thriail gan giúiré, an breitheamh), faoi réir fo-ailt (2), na damáistí, más ann dóibh, a chionroinnt ar chuid de na cosantóirí nó orthu uile i pé cionúireachta is cuí leis an ngiúiré (nó leis an mbreitheamh, do réir mar bheas), ag féachaint do na himthosca uile agus, go háirithe, don mhéid a bhí na cosantóirí ar leithligh freagarthach faoi seach sa díobháil, agus féadfaidh na damáistí a chionroinnt i slí go dtabharfar slánaíocht d'aon phearsa nó pearsain áirithe de na cosantóirí sin.

(2) Ní déanfar aon chionroinnt in aon chás faoi fho-alt (1) mura mbíonn an breitheamh sásta go bhfuil os comhair na Cúirte gach pearsa atá faoi dhlíteanas mar thortóir i leith na díobhála.

(3) Aon tortóir (dá ngairmtear an t-éilitheoir sa bhfo-alt seo) d'íoc (pé acu leis an gcreidiúnaí breithiúnais amháin nó leis an gcreidiúnaí breithiúnais agus le haon tortóirí eile é) suim de bhreis ar an tsuim a cionroinneadh air, beidh inghnóthuithe aige, mar fhiach conartha shimplí, ó aon tortóir eile (dá ngairmtear an ranníocóir sa bhfo-alt seo) nach bhfuil i dteideal a shlánuithe (ag an éilitheoir ná de dhroim an orduithe chionroinnte) nó nár íoc cheana mar adúradh suim is comhionann leis an méid a cionroinneadh air, suim is comhionann le pé acu seo a leanas is lú—

(a) méid na breise, nó

(b) an méid atá an tsuim d'íoc an ranníocóir amhlaidh faoi bhun na suime a cionroinneadh air.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir do dhliteanas gach ceann de na tortóirí don chreidiúnaí breithiúnais i leith na ndamáistí uile.

(5) Déanfar na tagairtí san alt seo do dhamáistí d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chostais.

Ranniocaíocht idir thortóirí.

5. —(1) I gcás—

(a) dhá phearsa nó níos mó a bheith faoi dhliteanas mar thortóirí i leith díobhála de dhroim toirt, agus

(b) breithiúnas i leith damáistí as an díobháil sin a bheith gnóthaithe i gcoinne aon tortóra nó tortóirí acu sin, agus

(c) aon tsuim a bheith íoctha ag aon tortóir (dá ngairmtear an t-éilitheoir san alt seo) de bhun aon bhreithiúnais den tsórt sin, agus

(d) gan ordú cionroinnte faoi alt 4 den Acht seo a bheith déanta,

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(i) beidh an t-éilitheoir i dteideal ranníocaíocht i leith na suime a híocadh amhlaidh a ghnóthú ó aon tortóir eile (dá ngairmtear an ranníocóir san alt seo), pé acu rinneadh nó nach ndearnadh agra, i leith na díobhála sin, ar an ranníocóir;

(ii) is é méid na ranníocaíochta is inghnóthuithe amhlaidh ná pé méid is réasúnach ag féachaint do na himthosca uile agus, go háirithe, don mhéid a bhí an t-éilitheoir agus an ranníocóir agus na tortóirí eile (más ann dóibh) freagarthach faoi seach sa díobháil agus don mhéid (más ann) d'íoc an ranníocóir cheana leis an bpearsa dhíobhálaithe de bhun breithiúnais i leith damáistí as an díobháil agus don mhéid (más ann) a breithníodh cheana a bheith de dhliteanas air faoin alt seo a ranníoc le haon tortóir eile i leith na díobhála;

(iii) i gcás cuí, féadfaidh oiread a bheith sa ranníocaíocht agus is leor chun slánaíocht iomlán a thabhairt don éilitheoir in aghaidh dliteanais i leith na díobhála;

(iv) ní bheidh aon ranníocaíocht inghnóthuithe faoin alt seo ag an éilitheoir ón ranníocóir má bhíonn an ranníocóir i dteideal a shlánuithe ag an éilitheoir in aghaidh dliteanais i leith na díobhála.

(2) Déanfar tagairtí i bhfo-alt (1) den alt seo do dhamáistí d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chostais.

Cosaint.

6. —Ní bheidh aon ní san Acht seo ina ní—

(a) a bhainfeas le haon tort a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo, ná

(b) a dhéanfas difir d'aon imeachta coiriúla i gcoinne pearsan ar bith i leith aon ghnímh éagóraigh, ná

(c) a thabharfas go bhféadfar aon chomhaontú slánaíochta a chur i bhfeidhm nach bhféadfaí a chur i bhfeidhm dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar Acht na dTortóirí, 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1951.