17 1951


Uimhir 17 de 1951.


AN tACHT UM OIFIG AN PHOIST (LEASÚ), 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH LEASUITHE AR AN POST OFFICE ACT, 1908, AGUS AR ACHTACHÁIN EILE A BHAINEAS LE hOIFIG AN PHOIST. [17 ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “Acht 1908” an Post Office Act, 1908;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa.

An teora le rátaí postais ar nuachtáin chláraithe intíre d'athghairm.

2. —(1) Athghairmtear leis seo mír (iii) de choinníoll (b) a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1908, arna leasú le fo-alt (2) d'alt 2 den Post Office and Telegraph Act, 1920.

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 1ú lá d'Iúil, 1948.

An teora le rátaí postais ar nuachtáin a cuirtear amach as an Stát d'athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo coinníoll (c) a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1908.

Rátaí speisialta postais ar earraí atá ceaptha go speisialta chun úsáide dall.

4. —Déantar leis seo coinníoll (d) a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1908 a leasú trí na focail “or of any articles specially adapted for the use of the blind” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “books and papers impressed for the use of the blind.”

Foirmeacha, suimeanna agus puntáiste orduithe poist

5. —(1) Ordóidh an tAire an fhoirm speisialta ina bhféadfar orduithe poist d'eisiúint do réir forál ailt 24 d'Acht 1908, agus, dá réir sin, i bhfo-alt (1) den alt sin déanfar an focal “him” a chur in ionad na bhfocal “the regulations made under the preceding section” agus na focail “the regulations made under the preceding section” a chur in ionad na bhfocal “the said regulations”.

(2) Scoirfidh coinníoll (a) a ghabhas le fo-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1908 d'éifeacht a bheith aige agus is do réir mar hordófar, le toiliú an Aire Airgeadais, trí rialacháin a dhéanfas Oifig an Phoist a bheas na suimeanna a bhféadfar orduithe poist d'eisiúint ina leith agus an puntáiste a bheas iníoctha orthu.

Rátaí postais a leasú.

6. —Féadfar, trí bharántas arna dhéanamh chun críocha fo-ailt (2) d'alt 2 d'Acht 1908, a fhoráil nach ndéanfar, sna cásanna agus faoi réir na gcoinníoll a hordófar ann, aon phostas breise a mhuirearú ar phost-phacáid intíre nach mbeidh an postas nó iomlán an phostais réamhíoctha ina leith.

Alt 14 den Post Office (Parcels) Act, 1882, a leathnú.

7. —Beidh éifeacht ag alt 14 den Post Office (Parcels) Act, 1882, amhail is dá bhfolaíodh na tagairtí atá san alt sin do “foreign parcels” tagairtí do pé post-phacáidí coigríche a sonrófaí le rialacháin arna ndéanamh faoin alt sin, agus beidh leis an bhfocal “foreign”, maidir le post-phacáidí den tsórt sin, an bhrí chéanna atá leis maidir le beartáin.

Feidhm a bheith ag ailt áirithe d'Acht 1908 maidir le haerárthaí, agus leasú ar na hailt sin.

8. —(1) I dteannta na feidhme atá ag ailt 27 go 32, 34 agus 51 d'Acht 1908 maidir le hárthaí, beidh feidhm acu maidir le, haerárthaí agus leasófar na hailt sin mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Scoirfidh mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 30 d'Acht 1908 agus fo-alt (3) den alt sin d'éifeacht a bheith acu.

(3) Féadfar a fhoráil i rialacháin a dhéanfas Oifig an Phoist chun críche ailt 31 d'Acht 1908 go lamhálfar na haiscí a luaitear san alt sin d'únaerí árthach nó aerárthach, agus scoirfidh fo-alt (1) d'alt 30 den Acht sin, a mhéid a bhaineas sé leis na haiscí sin, d'éifeacht a bheith aige.

Ailt 20 agus 21 d'Acht 1908 a leasú.

9. —(1) Déantar leis seo alt 20 d'Acht 1908 a leasú trí na focail “the British Islands” a scrios as mír (a) d'fho-alt (1) agus na focail “the State” a chur ina n-ionad.

(2) Déantar leis seo alt 21 d'Acht 1908 a leasú tríd an bhfocal “London” a scrios as fo-alt (1) agus an focal “Dublin” a chur ina ionad.

(3) Aon uair a cruthófar chun sástachta an Aire go bhfuil nuachtán áirithe cláraithe sa General Post Office i Londain, féadfar glacadh leis an nuachtán sin chun a churtha leis an bpost ar na rátaí a bhaineas le nuachtán atá cláraithe in Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath.

Seirbhís Íoc-ar-Sheachadadh.

10. —(1) Aon tseirbhís Íoc-ar-Sheachadadh a bhunós an tAire, stiúrfar í do réir na bhforál a bheas i rialacháin arna ndéanamh ag Oifig an Phoist.

(2) San alt seo, ciallaíonn an abairt “seirbhís Íoc-ar-Sheachadadh” seirbhís trína ngabhann an tAire Poist agus Telegrafa air féin, ar iarratas seoltóra phost-phacáide, suim airgid a bhailiú, nó a chur faoi ndear í a bhailiú, thar ceann an tseoltóra ó sheolaí na pacáide mar choinníoll ar a seachadfar an phacáid.

Rátaí ar theachtaireachtatelefóna go dtí Stáit eile.

11. —(1) Is iad suimeanna a bheas le n-íoc as teachtaireachta telefóna a chur ón Stát go dtí aon Stát eile ná pé suimeanna a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham.

(2) Déanfar fógra i dtaobh cinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo d'fhoilsiú san Iris Oifigiúil ceithre lá déag ar a laghad sar a dtiocfaidh an cinneadh i ngníomh.

Toirmeasc ar fhocail, litreacha, comharthaí nó marcanna áirithe d'úsáid.

12. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, gan údarás ón Aire, aon fhocail, litreacha, comharthaí ná marcanna—

(a) a chur ná a choimeád in, ná ar, aon árthach, feithicil, aerárthach ná áitreabh is leis an duine sin nó atá faoina urláimh, ná

(b) d'úsáid in aon doiciméad, maidir leis féin ná le haon duine eile ná maidir le haon árthach, feithicil, aerárthach ná áitreabh,

a chiallaíos nó a inchiallaíos, nó a thabharfadh, do réir réasúin, ar dhuine den phobal a chreidiúint, go bhfuil an t-árthach, an fheithicil, an t-aerárthach nó an t-áitreabh á úsáid ag an Aire nó lena údarás chun post-phacáidí a bhailiú nó d'iompar nó go bhfuil údarás ón Aire ag an duine féin nó ag an duine eile chun pacáidí den tsórt sin a bhailiú nó d'iompar.

(2) Nuair a hiarrfar ar dhuine ar bith, trí fhógra ón Aire, aon fhocail, litreacha, comharthaí nó marcanna den tsórt adúradh a dhíchur nó a scrios, nó scor de bheith á n-úsáid, déanfaidh sé do réir an iarratais sin.

(3) Bainfidh fo-alt (1) d'alt 66 d'Acht 1908 leis na focail “glaodh-oifig thelefóna phoiblí” agus le haon fhocail, litreacha, comharthaí nó marcanna eile a chiallaíos nó a inchiallaíos, nó a thabharfadh, do réir réasúin, ar dhuine den phobal a chreidiúint, gur áit ina bhféadfaidh an pobal glaonna telefóna a dhéanamh aon áit áirithe, amhail mar bhaineas an fo-alt sin leis na focail “postal telegraph office”.

(4) Beidh feidhm ag fo-alt (2) den alt sin 66 maidir le sárú ar an alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le sárú ar an alt sin.

Cionta i ndáil le telefóna.

13. —(1) Duine ar bith—

(a) a dhéanfas aon teachtaireacht atá ró-ghráiniúil nó atá mígheanasach, draosta nó bagarthach, a chur le telefón;

(b) a dhéanfas aon teachtaireacht, is eol dó a bheith bréagach, a chur le telefón, d'fhonn aon duine eile a chrá, nó ceataí a dhéanamh dhó, nó imní gan ghá a chur air, nó

(c) a leanfas de bheith ag déanamh glaonna telefóna gan chúis réasúnach agus chun aon chríche den tsórt adúradh;

dlífear, ar a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná mí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

(2) Aon tsárú a déanfar ar an alt seo measfar gur cion faoi Acht 1908 é.

Tagairtí do “His Majesty's Service” in Acht 1908 d'oiriúnú.

14. —Déanfar na tagairtí i bhfo-alt (1) d'alt 64 d'Acht 1908 do “His Majesty's service” d'fhorléiriú mar thagairtí do sheirbhís an Stáit agus beidh éifeacht ag an Acht dá réir sin.

Gearrtheideal lua agus forléiriú.

15. —(1) Féadfar an tAcht um Oifig an Phoist (Leasú), 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951, a ghairm de na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1937, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus Acht 1908.

AN SCEIDEAL.

Leasu ar Ailt 27 go 32, 34 agus 51 d'Acht 1908.

Alt. 8.

An tAlt

An Leasú

27

I bhfo-alt (1) i ndiaidh na bhfocal “inward bound” cuirfear isteach na focail “and every pilot or other person in charge of an aircraft inward bound”; agus i ndiaidh an fhocail “vessel” sa dara háit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

In ionad fo-ailt (2) cuirfear an méid seo a leanas:—

“(2) Where there are on board any inward bound vessel or aircraft any postal packets required to be delivered under subsection (1) of this section, the master of the vessel or the pilot or other person in charge of the aircraft shall not break bulk or make entry of any part of her cargo in any port or place until he has complied with this section.”

I bhfo-alt (3) i ndiaidh na bhfocal “master of a vessel” cuirfear isteach na focail “or the pilot or other person in charge of an aircraft”.

Scoirfidh fo-alt (4) d'éifeacht a bheith aige.

I bhfo-alt (5) i ndiaidh na bhfocal “master of a vessel” cuirfear isteach na focail “or the pilot or other person in charge of an aircraft”; agus i ndiaidh an fhocail “vessel” sa dara háit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

28

I ndiaidh na bhfocal “master of a vessel” sa dá áit a bhfuil siad cuirfear isteach na focail “or pilot or other person in charge of an aircraft” agus in ionad na bhfocal “bring on shore” cuirfear na focail “deliver to the Post Office”.

29

I bhfo-alt (1) in ionad na bhfocal “shall not allow any inward bound vessel to report until the declaration required by this Act with respect to postal packets has been made and produced to him and” cuirfear na focail “or an authorised officer appointed by the Minister for Industry and Commerce under section 8 of the Customs-Free Airport Act, 1947 (No. 5 of 1947),”; in ionad na bhfocal “such a vessel” cuirfear na focail “any inward bound vessel”; i ndiaidh an fhocail “vessel” gach áit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

I bhfo-alt (2) i ndiaidh na bhfocal “officer of customs” cuirfear isteach na focail “or an authorised officer appointed by the Minister for Industry and Commerce under section 8 of the Customs Free Airport Act, 1947”; i ndiaidh an fhocail “vessel” cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

30

I bhfo-alt (1) i ndiaidh an fhocail “vessels” sa chéad áit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or aircraft”; in ionad na bhfocal “when not exceeding the weights and” cuirfear na focail “or aircraft”; i ndiaidh an fhocail “port” cuirfear isteach na focail “or place”; i ndiaidh an fhocail “vessel's” cuirfear isteach na focail “or aircraft's”; i ndiaidh an fhocail “master” cuirfear isteach na focail “of the vessel or the pilot or other person in charge of the aircraft”.

I mír (c) d'fho-alt (2) i ndiaidh an fhocail “manifest” cuirfear isteach na focail “or by the manifest and declaration of the aircraft”; agus i ndiaidh an fhocail “vessel” cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

I bhfo-alt (4) i ndiaidh an fhocail “vessel” sa dá áit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

31

I ndiaidh an fhocail “vessels” sa chéad áit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or owners or persons in charge of aircraft”; in ionad an fhocail “seamen” cuirfear an focal “crew”; agus i ndiaidh an fhocail “vessels”, sa dara háit a bhfuil sé, cuirfear na focail “or aircraft”.

32

In ionad na bhfocal “the master or one of the officers or crew of a vessel inward bound” cuirfear na focail “the master of a vessel inward bound or the pilot or other person in charge of an aircraft inward bound or one of the officers or crew of such a vessel or aircraft”; i ndiaidh an fhocail “master” sa dara háit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “of the vessel or the pilot or other person in charge of the aircraft”; scoirfidh na focail “his vessel” d'éifeacht a bheith acu; i ndiaidh an fhocail “vessel” san áit deiridh a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or aircraft”; agus i ndiaidh na bhfocal “officer of customs” cuirfear isteach na focail “or an authorised officer appointed by the Minister for Industry and Commerce under section 8 of the Customs-Free Airport Act, 1947”.

34

I mír (e) d'fho-alt (2) i ndiaidh an fhocail “vessels” sa dá áit a bhfuil sé cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

I dtosach míre (ii) d'fho-alt (3) cuirfear isteach na focail “owners or pilots or other persons in charge of aircraft, or” agus i ndiaidh an fhocail “ships” sa dara háit a bhfuil sé cuirfear isteach an focal “aircraft”; i mír (iii) den fho-alt sin i ndiaidh an fhocail “vessel” cuirfear isteach an focal “aircraft”.

34—ar lean.

I bhfo-alt (6) i ndiaidh an fhocail “water” cuirfear isteach na focail “or by air,” agus i ndiaidh an fhocail “vessels” cuirfear isteach na focail “or aircraft”.

51

I ndiaidh an fhocail “vessel” cuirfear isteach na focail “vehicle or aircraft”.