14 1952


Uimhir 14 de 1952.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [2ú Iúil, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1952-53.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1951, a muirearófar amhlaidhí.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1952, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Athrú ar an liúntas i leith ioncaim thuillte agus an liúntas as an ioncam iomlán (duine atá cúig bliana seascad d'aois nó os a chionn).

2. —(1) Cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad ailt 16 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 4 den Acht Airgeadais, 1939 ( Uimh. 18 de 1939 ), is é sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall, for the purposes of ascertaining the amount of his assessable income for the purpose of income tax, be allowed a deduction from the amount of his earned income as estimated in accordance with the provisions of the Income Tax Acts of a sum equal to—

(a) one-fourth of so much of that income as does not exceed eight hundred pounds; and

(b) one-fifth of so much of that income as exceeds eight hundred pounds;

but not exceeding, in the case of any individual, the sum of four hundred pounds.”

(2) Forléireofar alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá ndéantaí —

(a) “an ceathrú cuid” a chur in ionad “an cúigiú cuid” i mír (a) d'fho-alt (1), agus

(b) “sé chéad punt” a chur in ionad “chúig chéad punt” aon áit a bhfuil na focail deiridh sin i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1), agus

(c) tagairt d'fho-alt (1) den alt seo a chur in ionad na tagairte d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1939 , atá i bhfo-alt (2).

Asbhaint i leith gaoil chleithiúnaigh — méadú ar an tórainn le hioncam an ghaoil.

3. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ), agus le halt 7 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), a leasú tuilleadh trí “whose total income from all sources does not exceed eighty pounds a year” a chur in ionad “whose total income from all sources does not exceed fifty pounds a year”.

Athrú ar fhaoiseamh an ráta laghdaithe agus leasú iarmartach ar alt 32 den Income Tax Act, 1918.

4. —(1) Cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad ailt 23 den Finance Act, 1920, arna leasú le fo-alt (4) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , is é sin le rá:—

“An individual who makes, in the manner prescribed by the Income Tax Acts, a claim in that behalf and makes a return in the prescribed form of his total income shall be entitled to be charged at two-fifths of the standard rate of tax on the first one hundred pounds of his taxable income and at four-fifths of the standard rate of tax on the next one hundred pounds of that income.”

(2) Déanfar tagairtí in aon achtachán don alt sin 23 den Finance Act, 1920, arna leasú leis an bhfo-alt sin (4) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1932, d'fhorléiriú, agus beidh éifeacht acu, faoi réir an mhalairtithe a déantar le fo-alt (1) den alt seo agus ag féachaint go cuí don mhalairtiú sin agus, go sonrach, déanfar tagairtí in aon achtachán do leath an ráta chaighdeánaigh chánach maidir leis an gcéad chéad punt d'ioncam inchánach d'fhorléiriú, i gcás an chéad céad punt d'ioncam inchánach, mar thagairtí do dhá chúigiú an ráta chaighdeánaigh chánach agus d'fhorléiriú, i gcás an chéad chéad punt eile d'ioncam inchánach, mar thagairtí do cheithre chúigiú an ráta chaighdeánaigh chánach.

(3) Cuirfear na focail seo a leanas in ionad na bhfocal “half the standard rate of tax” i mír (i) d'fho-alt (1) d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 26 den Finance Act, 1920, agus i bhfo-mhír (i) de mhír (e) d'fho-alt (3) den alt sin 32 arna leasú amhlaidh, is é sin le rá:—

“the lesser of the two following rates:

(A) half the standard rate of tax,

(B) the rate obtained by dividing the tax payable by the person referred to in subsection (1) of this section, before deduction of any relief under this section or of any double taxation relief under any agreement between the Government and the Government of any other State, but after reduction in respect of any tax which he is entitled to charge against any other person, by the amount of his taxable income, which for this purpose shall be deemed to be reduced by the amount of any income the income tax upon which he is entitled to charge as aforesaid”,

agus forléireofar tagairtí in aon achtachán d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, agus beidh éifeacht acu, dá réir sin.

Alt 2 den Acht Airgeadais, 1941 , a scor.

5. —Ní bhainfidh alt 2 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), d'ainneoin fo-ailt (2) dhe, leis an mbliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, ná le haon bhliain dá éis sin.

CUID II.

Custaim agus Mal.

Ile éadrom udrocarbóin mhianrúil.

6. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc—

(a) i rith na tréimhse dár tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus dár críoch an 16ú lá d'Aibreán, 1952, do réir scilling agus ocht bpingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 7 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), agus

(b) amhail ar an 17ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus naoi bpingne go leith an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo.

(2) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, déanfar—

(a) maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra i rith na tréimhse dár tosach an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus dár críoch an 16ú lá d'Aibreán, 1952, nó a úsáidfeas an monaróir sin i rith na tréimhse sin chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus sé pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 7 den Acht Airgeadais, 1951 , agus

(b) maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 17ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus seacht bpingne go leith an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo.

Ile udrocarbóin.

7. —(1) An dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ocht bpingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ).

(2) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta, é a lamháil, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir scilling agus ocht bpingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 .

(3) An dleacht mháil a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir scilling agus sé pingne an galún in ionad an ráta is inmhuirir anois de bhuaidh fo-ailt (3) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 .

(4) An lacáiste is inlamhálta faoi fho-alt (4) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1935, déanfar, maidir le híle udrocarbóin ar a bhfuil an lacáiste sin inlamhálta agus ar ar híocadh an dleacht mháil a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo do réir scilling agus sé pingne an galún, é a lamháil do réir scilling agus sé pingne an galún in ionad an ráta is inlamhálta anois de bhuaidh fo-ailt (4) d'alt 8 den Acht Airgeadais, 1951 .

Biotáille.

8. —(1) Déanfar an Finance Act, 1920, arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), a leasú, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, tríd an méid atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1920, adúradh, in ionad an mhéid a cuireadh ann leis an alt sin 6, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, adúradh.

(2) Déanfar an dleacht mháil a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir ocht bpuint agus sé scillinge déag an galún (arna ríomh do réir phrofa) in ionad an ráta is inmhuirir de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ).

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachta custam breise ná ón dleacht mháil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , ná chun dochar ná difir a dhéanamh dhóibh.

Beoir—dleachta custam.

9. —(1) In ionad na ndleacht custam a forchuireadh le fo-alt (1) d'alt 9 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, dleacht chustam do réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach agus na hullmhóidí eile go léir (pé acu giosáilte nó neamh-ghiosáilte dhóibh) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:

(a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, ocht bpuint tríochad agus ceithre scillinge déag;

(b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, cúig puint cheathrachad agus ocht scillinge.

(2) Is ionad na dleachta custam a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 9 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , arna leasú le halt 6 den Acht Airgeadais, 1948 , déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, dleacht chustam a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear leis an bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo) a hallmhuireofar isteach sa Stát, do réir naoi bpuint, trí scillinge déag agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir allmhuirithe a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht a forchuirtear le ceachtar den dá fho-alt sin roimhe seo den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, trí scillinge déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(4) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (3) den alt seo iníoctha, nach ionann saindlús na beorach sin agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt sin (2) nó sa bhfo-alt sin (3) (pé acu is iomchuí), athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) go coibhneasach.

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , maidir le ceachtar de na dleachta custam a forchuirtear leis an alt seo.

Beoir—dleachta máil.

10. —(1) In ionad na dleachta máil a forchuireadh le halt 10 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le halt 7 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a grúdófar sa Stát an 3ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis sin, dleacht mháil do réir naoi bpuint agus trí scillinge déag ar gach sé ghalún tríochad foirte do shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(2) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar mar mharsantas nó chun a húsáidte mar stóras loinge beoir a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht mháil a forchuirtear leis an alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, trí scillinge déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(3) I gcás beorach nach ionann a saindlús agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt iomchuí den alt seo, athrófar go coibhneasach an dleacht is inmhuirir nó an aistarraing is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo.

Méadú ar an lacáiste ar bheoir a grúdaíodh as arbhar a brachadh sa Stát.

11. —Beidh éifeacht ag alt 41 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , arna leasú le halt 15 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), maidir le beoir a grúdaíodh sa bhliain dár tosach an 1ú lá d'Iúil, 1951, agus maidir le beoir a grúdófar in aon bhliain dár tosach aon 1ú lá d'Iúil ina dhiaidh sin amhail is dá mba thagairt do ráta puint agus deich scillinge an baraille caighdeánach an tagairt atá anois san alt sin, arna leasú amhlaidh, do ráta deich scillinge an baraille caighdeánach.

Tobac.

12. —(1) An dleacht chustam ar thobac a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 8 den Acht Airgeadais, 1948 (Uimh. 12 de 1948) .

(2) An dleacht mháil ar thobac a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , déanfar, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 16 den Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) .

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 den Acht Airgeadais, 1934, agus ag fo-alt (5) de, faoi réir fo-ailt (4) den alt seo, maidir le tobac is inchurtha faoi mhuirear na dleachta máil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin 19 do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus chun críche na feidhme sin forléireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3), (4) agus (5) den alt sin 19 do Chuid I den tSéú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1934, adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(4) An lacáiste ar thobac neamhmhonaraithe a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 20 den Acht Airgeadais, 1932, arna leasú le halt 18 den Acht Airgeadais, 1934, agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1934, is lacáiste do réir cúig pingne an punt a bheas ann amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach.

(5) An lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), is lacáiste do réir naoi scillinge agus ocht bpingne an punt a bheas ann maidir le haon tobac den tsórt sin a dhíolfas aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfeas sé amach, chun a úsáidte sa Stát, ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis.

(6) Maidir le tobac neamhmhonaraithe ag a mbeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, teideal de bhuaidh ailt 5 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , chun na rátaí fábhair dleachta custam a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 , déanfar an dleacht chustam is inmhuirir air, ar é a sheachadadh as banna-stóras, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 3ú lá d'Aibreán, 1952, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí i leith tobac neamhmhonaraithe a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ach gach ceann de na rátaí sin a laghdú an méid atá an comhráta a sonraítear sa Dara Sceideal sin a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 , faoi bhun an chomhráta a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1948 .

Tobac (dleacht mháil ar stoic áirithe).

13. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar na stoic tobac go léir de gach saghas atá, ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, ar únaeracht nó ar seilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, dleacht mháil, is iníoctha ag an monaróir, do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:—

(a) a mhéid is tobac neamhmhonaraithe atá sna stoic, aon scilling déag ar gach punt meáchain de na stoic, agus

(b) a mhéid is tobac (lena n-áirítear snaois), seachas tobac neamhmhonaraithe, atá sna stoic, aon scilling déag ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe as a dtáinig na stoic, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(2) Ní bheidh an dleacht a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois, seachas snaois chosamair) a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic agus—

(i) nár thoradh é ar aon oibríocht a rinne monaróir ar bith a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige an uair sin; nó

(ii) go raibh sé ar seilbh an uair sin mar stoc mionreaca in áitreabh a bhí á úsáid chun tobac a dhíol ar mionreic; nó

(iii) go raibh sé an uair sin i gcúrsa turais ó dhíoltóir go dtí ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:

Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic más rud é go raibh sé, i ngnáthchúrsa gnótha an duine a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige nó i gcúrsa turais chuige, le cur faoi phróis éigin eile fós (seachas pacáil) sara ndíolfadh sé é.

(3) Bhéarfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, tráth nach déanaí ná an 9ú lá d'Aibreán, 1952, tuairisceán do na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a cheadóid ag tabhairt pé eolais dóibh a iarrfas siad sa bhfoirm sin agus, go háirithe, ag insint na gcainníocht tobac de gach saghas, do réir meáchain, a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, in aon áit sa Stát seachas banna-stóras.

(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac—

(a) na leabhair trádála agus gach cuntas agus doiciméad is leis an monaróir sin nó atá ina sheilbh, agus is gá chun an tuairisceán d'fhíoradh a thug sé de bhun fo-ailt (3) den alt seo, a thabhairt ar aird, má hiarrtar sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, agus

(b) gach cabhair réasúnach a thabhairt don oifigeach sin chun cuntas a ghlacadh ar an tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952.

(5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, láithreach tar éis an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (3) den alt seo a thabhairt nó ar an 9ú lá d'Aibreán, 1952, pé acu is luaithe, suim iomlán na dleachta a luaitear san alt seo d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 2ú lá d'Aibreán, 1952, agus a bhí inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1953, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.

(6) Gach monaróir a gceanglaítear air le fo-alt (3) den alt seo tuairisceán a thabhairt den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin agus nach dtabharfaidh an tuairisceán sin, nó a bhéarfas tuairisceán a bheas neamh-iomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneos nó a dhiúltós aon ní a dhéanamh a gceanglaítear air le fo-alt (4) den alt seo é a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachta a bhaineas le dleachta máil agus in aghaidh gach ciona den tsórt sin dlífear pionós máil caoga punt a chur air agus forghéillfear an tobac go léir a ndearnadh an cion sin maidir leis.

Deireadh leis an dleacht shiamsa i leith ildamhsa nó rince.

14. —(1) Ar an 1ú lá de Lúnasa, 1952, agus dá éis, ní déanfar an dleacht mháil ar a dtugtar dleacht shiamsa in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochta as dul isteach go dtí aon ildamhsa nó rince.

(2) Athghairmtear leis seo, amhail ar an 1ú lá de Lúnasa 1952, agus ón lá sin amach, fo-ailt (1) agus (2) d'alt 12 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ).

Luach earraí a hallmhuireofar.

15. —(1) (a) Chun críche aon achtacháin (pé acu in Acht nó in Ordú dhó) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus faoina bhfuil dleacht chustam inmhuirir ar earraí do réir a luacha, is é is luach d'aon earraí allmhuirithe, pé acu atá nó nach bhfuil foráil shonrach eile ann ina thaobh, an luach atá leagtha síos sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus íocfar dleacht ar an luach sin:

Ar choinníoll, i gcás earraí a hallmhuireofar faoi chonradh díolacháin agus a taifeadfar chun a n-úsáidte sa Stát, go measfar dleacht a bheith íoctha ar an luach sin más rud é, sara seachadfar na hearraí chun a n-úsáidte sa Stát, go dtairgfear agus go nglacfar dleacht ar luach dearbhaithe atá bunaithe ar an bpraghas conartha.

(b) Is é is luach freisin d'aon earraí allmhuirithe ar gá thairis sin luacháil a dhéanamh orthu, chun críche aon achtacháin (pé acu in Acht nó in Ordú dhó) atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bhaineas leis na custaim, an luach atá leagtha síos sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, mura bhfuil foráil shonrach eile ann ina thaobh.

(2) Chun críche an choinníll a ghabhas le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) is é is luach dearbhaithe d'aon earraí a luach mar dhearbhós an t-allmhuiritheoir é, nó mar dearbhófar thar a cheann é, le linn na hearraí a thaifeadadh chun a n-úsáidte sa Stát;

(b) measfar an luach sin a bheith bunaithe ar an bpraghas conartha i gcás (agus sa chás sin amháin) go léiríonn sé an praghas sin agus é coigeartaithe go cuí chun imthosca a thabhairt i gcuntas a dheighleas an conradh ó chonradh díolacháin den tsórt atá i dtrácht sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

(c) is é ráta malairte a húsáidfear chun cothrom aon airgeadra choigríche in airgeadra na hÉireann a chinneadh an ráta díola sa Stát ar an dáta a taifeadtar na hearraí chun a n-úsáidte sa Stát.

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'fhorála na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, agus go háirithe chun a cheangal ar aon allmhuiritheoir nó aon duine eile a bhfuil baint aige le hallmhuiriú earraí pé eolas, is gá dar leis na Coimisinéirí Ioncaim chun luacháil chóir a dhéanamh ar na hearraí, a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim i pé foirm a ordóid, agus aon leabhair chuntais nó doiciméid eile d'aon tsórt a thabhairt ar aird a bhaineas le ceannach, allmhuiriú nó díol na n-earraí ag an duine sin.

(4) Má sháraíonn aon duine aon rialachán a bheas déanta faoi fho-alt (3) den alt seo, nó má dhiúltaíonn sé nó má mhainníonn sé é a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós custam caoga punt a chur air.

Earraí a hallmhuireofar a scaoileadh isteach.

16. —(1) Aon uair nach mbeidh sé so-fhionnta láithreach an bhfuil aon dleacht chustam iníoctha, nó cén dleacht chustam atá iníoctha, i leith aon earraí allmhuirithe a taifeadfar chun a n-úsáidte sa Stát, pé acu ar a n-allmhuiriú nó as stóras é, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, a cheadú na hearraí a sheachadadh gan an dleacht d'íoc, ar an allmhuiritheoir nó a ghníomhaire do thabhairt urrúis go n-íocfar an dleacht, trí airgead a thaisceadh nó ar shlí eile, chun a sástachta.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a mheas gur taifeadadh earraí chun a n-úsáidte sa Stát d'ainneoin gan na sonraí go léir is gá le haghaidh taifeadta iomláin a bheith sa taifead má bhíonn an méid de na sonraí sin ann is eol an uair sin don allmhuiritheoir nó dá ghníomhaire, agus sa chás sin bhéarfaidh an t-allmhuiritheoir nó a ghníomhaire na sonraí eile do na Coimisinéirí Ioncaim a luaithe is féidir.

(3) Má ceadaítear earraí a sheachadadh faoin alt seo, bhéarfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra don allmhuiritheoir nó dá ghníomhaire, nuair a bheas suim na dleachta is iníoctha cinnte acu, ag sonrú na suime sin, agus measfar, faoi réir forál fo-ailt (4) den alt seo, gurb í an tsuim sin an dleacht chuí is iníoctha, agus íocfar an tsuim sin nó, má taisceadh airgead faoi fho-alt (2) den alt seo, íocfar pé suim bhreise is gá nó aisíocfar pé suim is gá.

(4) Beidh feidhm ag ailt 30 agus 31 den Customs Consolidation Act, 1876 (a bhaineas le díospóidí i dtaobh dleacht custam) maidir leis an tsuim a bheas sonraithe i bhfógra den tsórt adúradh amhail is dá ndéantaí, ar dháta an fhógra, na hearraí a sheachadadh faoin alt sin 30 ar an tsuim sin a thaisceadh.

Ar choinníoll, murar taisceadh aon tsuim faoi fho-alt (1) den alt seo nó más 1ú an tsuim a taisceadh faoi ná an tsuim a bheas sonraithe sa bhfógra, nach féidir imeachta a thionscnamh do réir an ailt sin 30, chun a fhionnadh an bhfuil aon dleacht iníoctha, nó cén dleacht atá iníoctha, ar na hearraí, go dtí go mbeidh an tsuim a bheas sonraithe sa bhfógra, nó an difríocht idir an tsuim sin agus an tsuim a taisceadh amhlaidh, pé acu é, íoctha, agus ní lamhálfar aon ús faoin alt sin 31 i leith aon tréimhse roimh íoc na suime sin nó na difríochta sin, pé acu é.

(5) Más rud é go ndéanfar earraí a seachadadh as stóras chun a n-aistrithe faoi bhanna, lena n-athstórasú, a sheachadadh faoin alt seo gan iad d'athstórasú, is í dleacht is iníochta ar na hearraí, d'ainneoin aon ní in alt 9 den Finance Act, 1900 (alt arna leasú le halt 3 den Finance Act, 1911, a fhorálas gurb í dleacht is iníoctha an dleacht is inmhuirir ar dháta na dleachta d'íoc), an dleacht is inmhuirir ar dháta an urrúis a thabhairt faoin alt seo.

CUID III.

Dleachta Bais.

Alt 33 den Acht Airgeadais, 1935, a leasú.

17. —I gcás an duine dá ngairmtear an duine marbh i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , arna leasú le halt 16 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , d'fháil bháis an lá a rithfear an tAcht seo nó dá éis sin, ní bheidh feidhm ag na srianta a fhorchuireas an t-alt sin 33 arna leasú amhlaidh le híocaíocht ó bhancaeir le marthanóir an duine mhairbh sin nó le gach duine nó aon duine dá mharthanoirí nó le haon duine eile más rud é nach bhfuil an tsuim a taisceadh níos mó ná cúig chéad punt, agus dá réir sin beidh éifeacht ag an alt sin 33 arna leasú amhlaidh, i gcás a fheidhme maidir le haon duine marbh den tsórt sin, amhail is dá gcuirtí “cúig chéad punt” in ionad “céad punt” i bhfo-alt (1) de.

CUID IV.

Dleachta Stampa.

Alt 13 (4) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a leasú.

18. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), agus measfar éifeacht a bheith riamh aige, amhail is nach mbeadh an focal “nó” ann i ndeireadh míre (e) agus go mbeadh na míreanna seo a leanas ann i ndiaidh míre (f):—

“(g) comhlucht corpraithe gan scair-chaipiteal a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, más rud é—

(i) gur daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (f) den fho-alt seo tromlach (nó, i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de chomhaltaí an chomhluchta chorpraithe, agus

(ii) gur daoine den tsórt adúradh tromlach (nó, i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de na daoine atá ag rialú agus ag bainistí an chomhluchta chorpraithe, nó

(h) comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná a leath (do réir a luacha ainmniúil) de na scaireanna de gach aicme a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (g) den fho-alt seo.”

(2) Forléireofar tagairt in aon fhoráil reachtúil (seachas an t-alt seo) do mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , mar thagairt do mhíreanna (a) go (h) den fho-alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo agus ní measfar, chun críocha aon achtacháin a bhaineas le dleacht stampa, comhlucht corpraithe a scor de bheith ina chomhlucht corpraithe den tsórt atá i dtrácht i mír (f) den fho-alt sin de bhrí amháin go dtáinig únaeracht tairbhiúil aon choda dá scaireanna chun bheith dílsithe i gcomhlucht corpraithe den tsórt atá i dtrácht i mír (f) nó (g) den fho-alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

Tíolacadh nó aistriú ar dhíol-tórainn le dleacht stampa i gcás idirbheart áirithe idir chomhluchta corpraithe.

19. —(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, baineann an t-alt seo le gach ionstraim is inchurtha faoi mhuirear dleachta stampa faoi réim nó faoi threoir an mhírchinn “Conveyance or transfer on sale” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, agus a déantar chun nó i dtaobh maoin a thíolacadh nó d'aistriú ó chomhlucht corpraithe amháin (dá ngairmtear an t-aistreoir sa bhfo-alt seo) chun comhluchta chorpraithe eile (dá ngairmtear an t-aistrí sa bhfo-alt seo).

(b) Ní bhainfidh an t-alt seo le hionstraim den tsórt adúradh mura gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim—

(i) go bhfuil an t-aistreoir agus an t-aistrí i dtrácht i mír de mhíreanna (c), (d), (e), (f) agus (h) d'fho-alt (4) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le halt 18 den Acht seo,

(ii) go raibh an t-aistreoir, díreach roimh an ionstraim d'fhorghníomhú, i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin iomchuí,

(iii) go bhfuil an leas tairbhiúil go léir sa mhaoin iomchuí á dhílsiú san aistrí,

(iv) gurb é an t-aistreoir únaer tairbhiúil nócha faoin gcéad ar a laghad de scair-chaipiteal eisithe an aistrí, agus

(v) nach bhfuil an tíolacadh nó an t-aistriú á dhéanamh de bhun comhshocraíochta faoina scoirfidh an t-aistreoir feasta, go díreach nó go neamhdhíreach, de bheith ina únaer tairbhiúil ar nócha faoin gcéad ar a laghad de scair-chaipiteal eisithe an aistrí.

(2) Ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo ní bheidh an dleacht is inmhuirir faoi réim nó faoi threoir an mhírechinn “Conveyance or transfer on sale” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, níos mó ná deich scillinge.

(3) Aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo, agus a stampáladh le suim dleachta is 1ú ná an tsuim a bheadh inmhuirir uirthi, mura mbeadh forála an ailt seo, measfar gan í a bheith stampáilte go cuí mura bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a thabhairt ina taobh do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891.

(4) (a) Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go seachadfar dóibh dearbhú reachtúil i pé foirm a threorós siad, arna dhéanamh ag aturnae do na Cúirteanna Breithiúnais, agus pé fianaise eile, más ann di, a theastós uathu.

(b) Na cumhachta a bheirtear do na Coimisinéirí Ioncaim le mír (a) den fho-alt seo, is cumhachta iad i dteannta, agus ní cumhachta iad in ionad, na gcumhacht a bheirtear dóibh le halt 12 den Stamp Act, 1891.

Alt 13 (6) (b) den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , a leasú.

20. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (6) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), trí “athair nó máthair, sean-athair nó sean-mháthair, leas-athair nó leasmháthair, fear céile nó bean chéile, deartháir nó deirfiúr athar nó máthar nó” a chur isteach roimh “deartháir nó deirfiúr” agus “athar nó máthar, fir chéile nó mná céile nó” a chur isteach roimh “dearthár nó deirfíre”.

Srian le feidhm ailt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

21. —(1) Ní bhainfidh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), le tíolacadh ná aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán, ar a ndíol, má tá gaol ag an duine atá ag teacht i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, ag gach duine acu) leis an duine nó le gach duine de na daoine a bhí díreach roimhe sin i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin, i slí éigin acu seo a leanas, is é sin le rá, mar dhír-shliochtach, athair nó máthair, sean-athair nó seanmháthair, leas-athair nó leas-mháthair, fear céile nó bean chéile, deartháir nó deirfiúr athar nó máthar nó deartháir nó deirfiúr, nó mar dhír-shliochtach athar nó máthar, fir chéile nó mná céile nó dearthár nó deirfíre, agus go bhfuil san ionstraim deimhniú á dheimhniú sin ón bpáirtí chun a bhfuil an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú.

(2) Ar aon ionstraim lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo beidh pé dleachta stampa inmhuirir a bheadh inmhuirir dá mba rud é nár hachtaíodh alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 .

(3) Aon ionstraim lena mbaineann fo-ailt (1) agus (2) den alt seo, agus a stampáladh le suim dleachta is lú ná an tsuim a bheadh inmhuirir uirthi mura mbeadh forála an ailt seo, measfar gan í a bheith stampáilte go cuí mura bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a thabhairt ina taobh do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891.

Alt 24 (4) den Acht Airgeadais, 1949 , a leasú.

22. —(1) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), agus measfar éifeacht a bheith riamh aige, amhail is nach mbeadh an focal “nó” ann i ndeireadh míre (e) agus go mbeadh na míreanna seo a leanas ann i ndiaidh míre (f):

“(g) comhlucht corpraithe gan scair-chaipiteal a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, más rud é—

(i) gur daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (f) den fho-alt seo tromlach (nó i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de chomhaltaí an chomhluchta chorpraithe, agus

(ii) gur daoine den tsórt adúradh tromlach (nó, i gcás comhluchta chorpraithe den tsórt sin a corpraíodh le hAcht ón Oireachtas, ar a laghad a leath) de na daoine atá ag rialú agus ag bainistí an chomhluchta chorpraithe, nó

(h) comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná a leath (do réir luacha ainmniúil) de na scaireanna de gach aicmo a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (g) den fho-alt seo.”

(2) Forléireofar tagairt in aon fhoráil reachtúil (seachas an t-alt seo) do mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , mar thagairt do mhíreanna (a) go (h) den fho-alt sin arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.

CUID V.

Ilghneitheach agus Ginearalta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

23. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “an t-alt leasúcháin” alt 22 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 );

ciallaíonn “an dara blianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) den alt leasúcháin, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead, d'éis a chéile, a thosnós leis an mbliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1953, ach “£662,716” a chur in ionad “£653,594”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) den alt leasúcháin ach “£418,308” a chur in ionad “£420,770”.

(4) Déanfar suim £501,922 le haghaidh fuascailte iasacht, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais, d'éis a chéile, a thosnós leis an mbliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1953.

(5) Íocfar an dara blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí, agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon chuid den dara blianacht bhreise, nach mó ná £323,127 in aon bhliain airgeadais, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí d'íoc.

(7) Úsáidfear iarmhéid na dara blianachta breise in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

24. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

25. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Custam agus, mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, forléireofar í i dteannta na Reacht a bhaineas le dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíos nó a leathnaíos an tAcht sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1952, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Biotaille (Ratai Gnath-dhleachta Custam).

Alt 8.

An Saghas Biotáille

Rátaí Fábhair

Lán-rátaí

Sa Chasc

Sa Bhuidéal

Sa Chasc

Sa Bhuidéal

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

Ar gach galún, arna ríomh do réir phrofa, díobh seo:—

Branda nó rum     ...     ...

8

16

4

8

17

4

8

18

10

8

19

10

Rum tacair nó ginéibh     ...

8

16

5

8

17

5

8

18

11

8

19

11

Biotáille neamhmhílsithe seachas na saghsanna a luadh cheana     ...     ...     ...

8

16

5

8

16

5

8

18

11

8

18

11

Ar gach galún de bhiotáille chumhraithe     ...     ...

14

1

7

14

2

7

14

5

7

14

6

7

Ar gach galún de licéirí, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a taifeadfar i slí a léireos nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...     ...

--

11

18

11

--

12

2

3

Ar gach galún, arna ríomh do réir phroía, d'aon tsaghas biotáille nár luadh cheana, lena n-áirítear nafta agus alcól meithleach arna n-íonú chun iad a dhéanamh inóil, agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille     ...     ...

8

16

5

8

17

5

8

18

11

8

19

11

AN DARA SCEIDEAL

Dleachta ar Thobac.

Alt 12.

Cuid I.

Custaim.

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an lb.

1

14

10½

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

1

18

Mura mbíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

1

14

10

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...

,,

1

18

9

Lán-ráta

Ráta Fábhair

Tobac Monaraithe:—

 £

s.

d.

 £

s.

d.

Todóga     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an lb.

2

5

0

1

17

6

Toitíní     ...     ...     ...     ...     ...     ...

,,

2

4

6

1

17

1

CavendishNegrohead     ...     ...     ...

,,

2

4

0

1

16

8

CavendishNegrohead a Monaraíodh faoi Bhanna     ...     ...     ...     ...     ...

,,

2

3

6

1

16

3

Tobac Monaraithe eile     ...     ...     ...

,,

2

3

6

1

16

3

Snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain di     ...     ...

,,

2

2

0

1

15

0

Snaois nach bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain di     ...

,,

2

4

0

1

16

8

Cuid II.

M ál.

£

s.

d.

Tobac Neamhmhonaraithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de     ...     ...     ...     ...     ...     ...

an lb.

1

12

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de

,,

1

15

9

Tobac Monaraithe:—

CavendishNegrohead a Monaraíodh faoi Bhanna

,,

1

16

3

AN TRIU SCEIDEAL

Luach Earrai Allmhuirithe.

Alt 15.

1. (1) Measfar gurb é is luach d'aon earraí allmhuirithe a ngnáthphraghas, is é sin le rá, an praghas a gheofaí orthu, tráth a dtaifeadta chun a n-úsáidte sa Stát (nó, mura dtaifeadtar iad amhlaidh, tráth a n-allmhuirithe), dá ndíoltaí iad ar an margadh oscailte agus an ceannaitheoir agus an díoltóir a bheith neamhthuilleamaíoch lena chéile.

(2) Cinnfear gnáth-phraghas aon earraí allmhuirithe do réir na mbun tuisceanna seo a leanas:—

(a) go dtuigfear na hearraí a bheith arna seachadadh don cheannaitheoir ag port nó áit an allmhuirithe; agus

(b) go n-íocfaidh an díoltóir an costas fartha, an t-árachas, an coimisiún agus gach costas, muirear agus caiteachas eile a bhainfeas leis an díol agus le seachadadh na n-earraí ag an bport nó ag an áit sin; ach

(c) go n-íocfaidh an ceannaitheoir aon dleacht nó cáin is inmhuirir sa Stát.

2. Tá sé le tuiscint i gcás díola ar an margadh oscailte idir ceannaitheoir agus díoltóir agus iad neamhthuilleamaíoch lena chéile—

(a) gurb é an praghas an t-aon chomaoin amháin; agus

(b) nach bhfuil an praghas a gnóthaítear faoi thionchar ag aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais nó aon chaidreamh eile, pé acu trí chonradh nó ar shlí eile é, idir an díoltóir nó aon duine atá i gcomhlachas gnótha leis agus an ceannaitheoir nó aon duine atá i gcomhlachas gnótha leis (seachas an caidreamh a éiríos as díol na n-earraí áirithe); agus

(c) nach mbeidh aon chuid den fháltas as athdhíol, úsáid nó diúscairt na n-earraí ina dhiaidh sin ag faibhriú go díreach ná go neamhdhíreach chun an díoltóra ná chun duine ar bith atá i gcomhlachas gnótha leis.

3. (1) Má bhíonn na hearraí atá le luacháil—

(a) arna monarú do réir aon aireagáin phaitinnithe nó ina n-earraí ar húsáideadh aon dearacht chláraithe maidir leo; nó

(b) arna n-allmhuiriú faoi thrádmharc coigríche, nó arna n-allmhuiriú chun a ndíolta (pé acu tar éis tuilleadh monaruithe é nó nach ea) faoi thrádmharc coigríche;

cinnfear an gnáth-phraghas ar an mbun tuisceana go bhfolaíonn an praghas an ceart chun an phaitinn, an dearacht nó an trádmharc d'úsáid i leith na n-earraí.

(2) Chun na críche seo folaíonn an abairt “trádmharc” ainm trádála agus sainchruth, agus is é is trádmharc coigríche ann trádmharc a húsáidtear chun a chur in iúl go bhfuil na hearraí a n-úsáidtear é maidir leo ina n-earraí—

(a) le duine a rinne na hearraí atá le luacháil d'fhás, a tháirgeadh, a mhonarú, a thoghadh nó a thairiscint chun a ndíolta, nó déileáil leo ar shlí eile, lasmuigh den Stát; nó

(b) le duine atá i gcomhlachas gnótha le haon duine den tsórt dá dtagartar i mír (a) den fho-mhír seo; nó

(c) le duine chun ar shannaigh aon duine den tsórr a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-mhír seo cáilmheas an ghnótha a n-úsáidtear an trádmharc maidir leis.

4. Measfar beirt a bheith i gcomhlachas gnótha le chéile má bhíonn, go díreach nó go neamhdhíreach, aon leas ag ceachtar acu i ngnó nó i maoin an duine eile nó comhleas acu beirt in aon ghnó nó in aon mhaoin nó leas ag an tríú duine i ngnó nó i maoin na beirte acu.