29 1952


Uimhir 29 de 1952.


AN tACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (COINBHINSIÚN SÁBHÁLTACHTA), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT DO CHOINBHINSIÚN EADARNÁISIÚNTA UM SHÁBHÁLTACHT ANAMA AR MUIR, A SÍNÍODH I LONDAIN AN 10ú LÁ DE MHEITHEAMH, 1948; DO LEASÚ NA bhFORÁL DE NA hACHTA LOINGIS CHEANNAÍOCHTA, 1894 GO 1947, A BHAINEAS LE DÉANAMH GALTÁN PAISNÉIRÍ, LE FEARAIS TARRTHÁLA, LE CABHRACHA NEAMHSHREANGACHA AGUS RADIO-CHABHRACHA LOINGSEOIREACHTA AGUS LE NITHE EILE LENA mBAINEANN AN COINBHINSIÚN SIN; AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN TÁILLÍ D'ÉILEAMH. [17ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháltachta), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1952, a ghairm de na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, agus den Acht seo le chéile.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an Rialtas le hordú.

Léiriú agus forléiriú.

3. —(1) San Acht seo—

deimhniú inghlactha faoin gCombhinsiún Sábháltachta.

tá leis an abairt “deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta” an bhrí a bheirtear di le halt 28 den Acht seo;

Acht 1933.

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiúin um Shábhált acht agus um Ualach-Líne), 1933 (Uimh. 42 de 1933) ;

rialacháin iombuailte.

ciallaíonn “rialacháin iombuailte” rialacháin arna ndéanamh faoi Alt 418 den Phríomh-Acht;

rialacha déanmhais.

ciallaíonn “rialacha déanmhais” rialacha arna ndéanamh faoi alt 10 den Acht seo;

tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta.

ciallaíonn “tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta”—

(a) tír ar dearbhaíodh faoi alt 4 den Acht seo gur ghlac a rialtas leis an gCoinbhinsiún Sábháltachta agus nár dearbhaíodh amhlaidh gur shéan a rialtas an Coinbhinsiún sin;

(b) críoch ar dearbhaíodh amhlaidh réim a bheith ag an gCoinbhinsiún Sábháltachta maidir léi agus nach críoch ar dearbhaíodh amhlaidh gur scoir an Coinbhinsiún sin de réim a bheith aige maidir léi;

dearbhú suirbhéireachta.

ciallaíonn “dearbhú suirbhéireachta” dearbhú ar na dhéanamh faoi alt 272 den Phríomh-Acht;

turas eadarnáisiúnta.

ciallaíonn “turas eadarnáisiúnta” turas ó phort i dtír go port i dtír eile, agus ceachtar tír acu sin ina tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta, agus ciallaíonn “gearr-thuras eadarnáisiúnta” turas eadarnáisiúnta—

(a) nach mbíonn an long thar dhá chéad míle farraige lena linn ó phort nó áit ina bhféadfaí na paisnéirí agus an fhoireann a chur ar shlí shábhála, agus

(b) nach mó ná sé chéad míle farraige ar fhad ón bport cuarda deiridh sa tír inar thosnaigh an turas go dtí an port cinn turais, ach, chun críche na mínithe sa mhír seo—

(i) ní háireofar aon chlaonadh a dhéanfas long óna turas beartaithe agus gan de chúis leis sin ach drochaimsir nó siocair éigin eile nach bhféadfadh máistir ná únaer ná fostóir (más ann) na loinge a chosc ná d'oirichill; agus

(ii) measfar gur tír faoi leith gach cóilíneacht, críoch thar lear, coimirceas nó críoch eile a bhfuil rialtas a ghlac leis an gCoinbhinsiún Sábháltachta freagrach ina caidreamh eadarnáisiúnta, nó arb iad na Náisiúin Aontaithe an t-údarás riaracháin ina leith;

na hAchta Loingis Cheannaíochta.

ciallaíonn “na hAchta Loingis Cheannaíochta” na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, agus an tAcht seo;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Merchant Shipping Act, 1894;

radio-chabhair loingseoireachta.

ciallaíonn “radio-chabhair loingseoireachta” radio-ghoireas ar bord loinge atá ceaptha chun suíomh nó treo long nó nithe eile a chinneadh;

radio-rialacha.

ciallaíonn “radio-rialacha” rialacha arna ndéanamh faoi alt 15 den Acht seo;

rialacha i dtaobh treo-aimseoirí.

ciallaíonn “rialacha i dtaobh treo-aimseoirí” rialacha arna ndéanamh faoi alt 18 den Acht seo;

rialacha i dtaobh fearas tárrthála.

ciallaíonn “rialacha i dtaobh fearas tarrthála” rialacha arna ndéanamh faoi alt 427 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 11 den Acht seo;

an Coinbhinsiún Sábháltachta.

ciallaíonn “an Coinbhinsiún Sábháltachta” an Coinbhinsiún Eadarnáisiúnta um Shábhaltacht Anama ar Muir a síníodh thar ceann an Rialtais i Londain an 10ú lá de Mheitheamh, 1948;

long faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta.

ciallaíonn “long faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta” long atá cláraithe i dtír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta agus forléireofar dá réir sin an abairt “galtán paisnéirí faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta”.

(2) Ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile d'fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin mar leasaítear nó leathnaítear é nó mar bheirtear feidhm dó trí nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

(3) Ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, foirléireofar an tAcht seo agus na hAchta Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1947, mar aon ní amháin, agus, gan dochar do ghinearáltacht na forála seo, déanfar tagairtí sna hAchta sin do na hAchta Loingis Cheannaíochta d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don Acht seo.

(4) Má thagann aon leasú ar an gCoinbhinsiún Sábháltachta i bhfeidhm, déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairtí san Acht seo don Choinbhinsiún Sábháltachta d'fhorléiriú mar thagairtí don Choinbhinsiún Sábháltachta arna leasú.

Tíortha lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, más deimhin leis—

(a) go bhfuil rialtas aon tíre tar éis glacadh leis an gCoinbhinsiún Sábháltachta nó tar éis é a shéanadh, nó

(b) go bhfuil réim ag an gCoinbhinsiún Sábháltachta, nó go bhfuil scortha aige de réim a bheith aige, maidir le haon chríoch,

dearbhú sa chéill sin a dhéanamh le hordú.

Cumhacht an Aire chun táillí d'ordú.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a héileofar as iniúchadh a dhéanamh agus deimhnithe d'eisiúint faoin Acht seo a cheapadh le hordú (dá ngairmtear ordú táillí san Acht seo).

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ordú táillí nó ordú a rinneadh faoin bhfo-alt seo a chúlghairm nó a leasú tráth ar bith le hordú.

Táillí a bhailiú agus a chur chun tairbhe.

6. —(1) Déanfar na táillí go léir is iníoctha faoi ordú táillí a bhailiú agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir ordachán an Aire sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha faoi ordú táillí.

Orduithe, rialacha agus rialacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.

7. —Gach ordú, riail agus rialachán a dhéanfas an tAire de bhuaidh an Achta seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an ionstraim sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na hionstraime, beidh an ionstraim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ionstraim.

Athghairm.

8. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Forála idirlinne.

9. —Beidh éifeacht ag forála an Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo chun críche an athruithe ón dlí a bhí i bhfeidhm roimh thosach feidhme an Achta seo go dtí forála an Achta seo.

CUID II.

Sábháltacht Anama ar Muir.

Déanamh agus Trealamh.

Rialacha déanmhais.

10. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha (dá ngairmtear rialacha déanmhais san Acht seo) a dhéanamh ag ordú na gceanglas nach foláir a chomhlíonadh maidir le cabhail, trealaimh agus inneallra galtán paisnéirí atá cláraithe sa Stát.

(2) Beidh sna rialacha déanmhais pé ceanglais a chífear don Aire a bhéarfas éifeacht do na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a ordaíos na ceanglais nach foláir a chomhlíonadh maidir le cabhail, trealaimh agus inneallra galtán paisnéirí, ach amháin sa mhéid go dtugtar éifeacht do na forála sin leis na rialacha i dtaobh fearas tarrthála, na radio-rialacha, na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí nó na rialacháin iombuailte.

(3) Na cumhachta a bheirtear don Aire leis an alt seo is cumhachta iad i dteannta na gcumhacht a bheirtear dó le haon achtachán eile á chumasú dhó na ceanglais d'ordú nach foláir a chomhlíonadh maidir le galtáin phaisnéirí.

Rialacha i dtaobh fearas tarrthála.

11. —(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad ailt 427 den Phríomh-Acht—

“427. (1) The Minister may, in relation to any ships to which this section applies, make rules (in this Act referred to as rules for life-saving appliances) with respect to all or any of the following matters—

(a) the arranging of ships into classes, having regard to the services in which they are employed, to the nature and duration of the voyage and to the number of persons carried;

(b) the number, description and mode of construction of the boats, life-rafts, line-throwing appliances, lifejackets and lifebuoys to be carried by ships according to the classes in which the ships are arranged;

(c) the equipment to be carried by any such boats and rafts and the methods to be provided to get into the water the boats and other life-saving appliances, including oil for use in stormy weather;

(d) the provision in ships of a proper supply of lights inextinguishable in water, and fitted for attachment to lifebuoys;

(e) the quantity, quality and description of buoyant apparatus to be carried on board ships carrying passengers, either in addition to or in substitution for boats, life-rafts, life-jackets and lifebuoys;

(f) the position and means of securing the boats, life-rafts, life-jackets, lifebuoys and buoyant apparatus;

(g) the marking of the boats, life-rafts and buoyant apparatus so as to show their dimensions and the number of persons authorised to be carried on them;

(h) the manning of the lifeboats and the qualifications and certificates of lifeboatmen;

(j) the provision to be made for mustering the persons on board, and for embarking them in the boats (including provision for the lighting of, and the means of ingress to and egress from, different parts of the ship);

(k) the provision of suitable means situated outside the engine-room whereby any discharge of water into the boats can be prevented;

(l) the assignment of specific duties to each member of the crew in the event of emergency;

(m) the methods to be adopted and the appliances to be carried in ships for the prevention, detection and extinction of fire;

(n) the practice in ships of boat-drills and fire-drills;

(o) the provision in ships of means of making effective distress-signals by day and by night;

(p) the provision in ships engaged on voyages in which pilots are likely to be embarked, of suitable pilotladders and of ropes, lights and other appliances designed to make the use of such ladders safe; and

(q) the examination at intervals to be prescribed by the rules of any appliances or equipment required by the rules to be carried.

(2) This section applies to ships registered in the State and to any other ship while she is within any port in the State, unless she would not have been in any such port but for stress of weather or any other circumstance that neither the master nor the owner nor the charterer (if any) of the ship could have prevented or forestalled.”

(2) Beidh sna rialacha i dtaobh fearas tarrthála pé ceanglas a chífear don Aire a bhéarfas éifeacht do na forála den Choinbhinsiún Sábhaltachta a bhaineas leis na nithe a luaitear san alt sin atá curtha in ionad ailt 427 den Phríomh-Acht.

Leasú ar alt 430 den Phríomh-Acht.

12. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 430 den Phríomh-Acht (a fhorchuireas pionóis mar gheall ar neamhchomhlíonadh na rialacha i dtaobh fearas tarrthála) a leasú tríd an mír seo a leanas a chur leis:—

“(e) if any provision of the rules for life-saving appliances is contravened or not complied with.”

Leasú ar an bPríomh-Acht.

13. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad ailt 431 den Phríomh-Acht:—

“431. (1) A surveyor of ships may inspect any ship for the purpose of seeing that the rules for life-saving appliances have been complied with in every case, and for the purpose of any such inspection shall have all the powers of an inspector of the Department of Industry and Commerce under this Act.

(2) If the surveyor finds that the rules for life-saving appliances have not been complied with, he shall give written notice to the owner or master stating in what respect the said rules have not been complied with and what, in his opinion, is required to rectify the matter.

(3) Every notice so given shall be communicated in the manner directed by the Minister to the chief officer of customs of any port at which the ship may seek to obtain a clearance or transíre, and a clearance or transire shall not be granted to the ship and the ship shall be detained until a certificate under the hand of a surveyor of ships is produced to the effect that the matter has been rectified.”

Leasú ar alt den Merchant Shipping Act, 1906.

14. —Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) d'alt 9 den Merchant Shipping Act, 1906—

“(1) The master of every ship registered in the State shall cause to be entered in the official log-book a statement, or if there is no official log-book cause other record to be kept, of every occasion on which boat-drill or fire-drill is practised on board the ship or on which the appliances and equipment required by the rules for life-saving appliances to be carried are examined to see whether they are fit and ready for use and of the result of any such examination.

(1A) If—

(a) in the case of a passenger steamer, boat-drill or fire-drill is not practised on board the ship in any week,

(b) in the case of any other ship, boat-drill or fire-drill is not practised on board the ship in any month,

(c) in the case of any ship, the said appliances and equipment are not examined in any such period as is prescribed by the said rules,

the master shall cause a statement to be entered or other record to be kept as aforesaid of the reasons why the drill was not practised or the appliances and equipment were not examined in that week, month or period.”

Radio-rialacha.

15. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis na Aire Poist agus Telegrafa, rialacha (dá ngairmtear radio-rialacha san Acht seo) a dhéanamh á cheangal go mbeidh ar longa lena mbaineann an t-alt seo radio-fhearas, seachas radio-chabhair loingseoireachta, de shaghas a hordófar leis na rialacha, agus go gcothabhálfar orthu radio-sheirbhís de pé saghas, agus go n-iomprófar orthu pé méid radio-oifigeach nó radio-oibritheoirí, de pé gráid agus ag a mbeidh pé cáilíochta, a hordófar amhlaidh, agus féadfaidh forála a bheith sna rialacha chun cosc a chur, a mhéid is féidir é, le trasnaíocht leictreach ar an radio-fhearas ag aon radio-ghoireas eile a bheas ar bord.

(2) Baineann an t-alt seo le longa farraige atá cláraithe sa Stát agus le longa farraige eile an fhaid a bhíd in aon phort sa Stát.

(3) Beidh sna rialacha sin pé ceanglais a chífear don Aire a bheith riachtanach chun éifeacht a thabhairt do na forála den Choinbhinsiún Sábhaltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht agus le radio-thelefónaíocht.

(4) An radio-fhearas is gá faoi na rialacha sin a bheith i ngaltán paisnéirí, nó in aon long eile sé chéad déag tonna nó níos nó de mhór-thonnáiste, is fearas radio-thelegrafaíochta a bheas ann, agus an radio-fhearas is gá a bheith i long is lú ná sé chéad déag tonna de mhór-thonnáiste seachas galtán paisnéirí is fearas radio-thelefónaíochta nó fearas radio-thelegrafaíochta a bheas ann, do réir mar is rogha leis an únaer.

(5) Gan dochar do ghinearáltacht na bhforál roimhe seo den alt seo, féadfar, le rialacha faoin alt seo—

(a) dualgais radio-oifigeach agus radio-oibritheoirí d'ordú, lena n-áirítear an dualgas chun turas-leabhar radio a choimeád;

(b) feidhm a thabhairt, maidir le haon turas-leabhar radio is gá a choimeád faoi na rialacha, d'aon fhoráil d'alt 242 den Phríomh-Acht (a fhorálas go seachadfar an turas-leabhar oifigiúil don mhaoirseoir) agus d'alt 256 den Acht sin (a dhéanas, i measc nithe eile, foráil i dtaobh coimeád an turas-leabhair oifigiúil);

(c) a cheangal ar mháistir loinge a chur faoi deara go dtaifeadfar sa turas-leabhar oifigiúil pé sonraí, i dtaobh oibriú an radio-fhearais, agus i dtaobh cothabháil na radio-sheirbhíse, a sonrófar sna rialacha.

(6) Má mhainníonn máistir loinge a chur faoi deara taifead a dhéanamh sa turas-leabhar, contrártha do rialacha a rinneadh de bhun míre (c) d'fho-alt (5) den alt seo, nó má sháraíonn aon radio-oifigeach nó radio-oibritheoir aon rialacha a rinneadh de bhun míre (a) den fho-alt sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air; agus má déantar na rialacha a rinn adh faoin alt seo a shárú ar aon tslí eile i leith aon loinge, beidh únaer nó máistír na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann arna dhíotáil dlífear fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air nó ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(7) Féadfaidh suirbhéir long aon long d'iniúchadh féachaint an bhfuil radio-fhearas agus radio-oifigigh nó radio-oibritheoirí uirthi mar is cuí i gcomhréir leis na rialacha sin, agus beidh aige chun na críche sin cumhachta uile cigire don Roinn Tionscail agus Tráchtála faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta; agus má gheibheann sé amach nach bhfuil ar an long sin radio-fhearas nó radio-oifigigh nó radio-oibritheoirí i gcomhréir leis na rialacha sin, bhéarfaidh sé fógra i scríbhinn don únaer nó don mháistir ag cur an easnaimh sin in iúl dó agus fós á chur in iúl céard is dóigh leis is riachtanach chun an t-easnamh a leigheas.

(8) Déanfar gach fógra a bhéarfar faoi fho-alt (7) den alt seo a chur in iúl, sa tslí a ordós an tAire, do phríomh-oifigeach custam aon phoírt a bhféachfaidh an long le himréiteach nó transire d'fháil, agus ní deonfar imréiteach ná transire don long agus coinneofar an long nó go dtabharfar ar aird deimhniú faoi láimh shuirbhéara long á rá go bhfuil radio-fhearas agus radio-oifigigh nó radio-oibritheoirí ar an long mar is cuí i gcomhréir leis na rialacha sin.

Radioshuirbhéirí.

16.— (1) Féadfar duine a bheas ceaptha ina shuirbhéir long faoi alt 724 den Phríomh-Acht a cheapadh ina radio-shuirbhéir.

(2) Ní déanfar feidhmeanna an Aire faoin alt sin 724, maidir le suirbhéirí long, d'fheidhmiú maidir le radio-shuirbhéirí ach amháin le ceadú an Aire Poist agus Telegrafa.

(3) Suirbhéirí radio-thelegrafaíochta a ceapadh faoi alt 724 den Phríomh-Acht arna leasú le halt 8 d'Acht 1933, beid ina radio-shuirbhéirí.

Radioshuirbhéirí do dhéanamh suirbhéireachta ar ghaltáin phaisnéirí.

17. —(1) Sa tsuirbhéireacht is gá do réir an Phríomh-Achta a dhéanamh ar ghaltán paisnéirí áireofar, i gcás galtáin farraige nach bhfuil díolmhaithe ó na hoblagáidí a fhorchuireas na radiorialacha, suirbhéireacht ag radio-shuirbhéir, agus dá réir sin leasófar fo-alt (1) d'alt 272 den Acht sín trí na focail “and, in the case of a sea-going passenger steamer required to be provided with a radiotelegraph installation, by a radio surveyor” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “engineer surveyor of ships”.

(2) Déanfar alt 275 den Phríomh-Acht (a dhéanas foráil i dtaobh achomharc chun cúirte suirbhéireachta ag daoine ar cúis mhíshasaimh leo dearbhú suirbhéireachta a rinne suirbhéir loinge nó suirbhéir innealltóireachta) a leasú trí na focail “or radio surveyor” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “engineer surveyor” sa dá áit ina bhfuil na focail sin.

Rialacha i dtaobh treo-aimseoirí.

18. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha (dá ngairmtear san Acht seo rialacha i dtaobh treo-aimseoirí) a dhéanamh á cheangal go mbeidh treo-aimseoir de shaghas a ordós na rialacha ar longa lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo le longa atá cláraithe sa Stát agus le longa eile an fhaid a bhíd in aon phort sa Stát agus is longa, i ngach cás, atá sé chéad déag tonna nó os a chionn de mhórthonnáiste.

(3) Beidh sna rialacha sin pé ceanglais a chífear don Aire a bhéarfas éifeacht do na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le treo-aimseoirí.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht na bhforál roimhe seo den alt seo, féadfar foráil a dhéanamh le rialacha faoin alt seo i dtaobh suíomh an treo-aimseora sa long, i dtaobh na cumarsáide idir an treo-aimseoir agus an droichead, i dtaobh tástáil an treo-aimseora ó thráth go chéile agus do réir mar is gá agus i dtaobh taifeadadh toradh na tástála.

(5) Má bhíonn aon cheann de na rialacha sin gan comhlíonadh maidir le haon long, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cead punt a chur air.

Forála breise maidir le radiochabhracha loingseoireachta.

19. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh—

(a) ag ordú na gceanglas nach foláir a chomhlíonadh maidir le radio-chabhracha loingseoireachta, seachas treo-aimseoirí, má bhíd ar iompar ar bord long atá clárithe sa Stát, lena n-áirítear ceanglais a bhaineas lena suíomh agus le modh a bhfeistithe;

(b) ag ordú na gceanglas nach foláir a chomhlíonadh maidir le goireas atá ceaptha le comharthaí, chun radiochabhracha loingseoireachta nó uathu a thiomarnú nó a fhriothchaitheamh, agus is goireas atá sa Stát nó amach ó chóstaí an Stáit agus é á chothabháil ón Stát.

(2) Má théann aon long atá cláraithe sa Stát, nó má thriaileann sí dul, chun farraige, agus radio-chabhracha loingseoireachta uirthi nach bhfuil do réir na rialacha a rinneadh faoi fho-alt (1) den alt seo, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(3) Má bhunaíonn nó má oibríonn duine ar bith aon ghoireas den tsórt a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, gan an goireas sin a bheith do réir na rialacha sin, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Deimhnithe.

Deimhnithe sábháltacha agus deimhnithe díolúine i leith galtán paisnéirí d'eisiúint.

20. —(1) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta i leith galtáin phaisnéirí atá cláraithe sa Stát d'fháil dó, go gcomhlíonann an galtán na rialacha déanmhais, na rialacha i dtaobh fearas tarrthála, na radio-rialacha agus na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí ag a bhfuil feidhm maidir leis an ngaltán agus le pé turais eadarnáisiúnta atá le déanamh aici, agus go bhfuil uirthi mar is cuí na soilse, na fíoracha agus na meáin déanta ceo-chomharthaí is gá do réir na rialachán iombuailte, déanfaidh sé, ar an únaer dá iarraidh sin, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú sábháltachta ginearálta san Acht seo) d'eisiúint i leith an ghaltáin á thaispeáint go gcomhlíonann an galtán na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta ag a bhfuil feidhm mar adúradh.

(2) Más gearr-thurais eadarnáisiúnta na turais atá le déanamh ag an ngaltán agus mura gcomhlíonann sí ach na cinn sin de na rialacha sin is infheidhme maidir leis na turais sin, taispeánfaidh an deimhniú go gcomhlíonann an galtán na ceanglais den Choinbhinsiún Sábhaltachta is infheidhme maidir léi mar ghaltán a bhíos ag dul ar ghearr-thurais eadarnáisiúnta, agus gairmtear deimhniú sábháltachta gearr-thurais anseo ina dhiaidh seo san Acht seo d'aon deimhniú den tsórt sin.

(3) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta d'fháil dó i leith aon ghaltáin phaisnéirí den tsórt adúradh, go bhfuil an galtán díolmhaithe, de bhuaidh aon fheidhmithe ag an Aire ar chumhacht chuige sin a bheirtear dó leis an Acht seo nó a bheirtear dó leis na rialacha atá i gceist, ó aon chuid de cheanglais na rialacha déanmhais, na rialacha i dtaobh fearas tarrthála, na radio-rialacha nó na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí, is infheidhme maidir leis an ngaltán agus leis na turais eadarnáisiúnta sin atá le déanamh aici, pé acu gearr-thurais nó eile iad, agus go gcomhlíonann sí an chuid eile de na ceanglais sin agus go bhfuil uirthi mar is cuí na soilse, na fíoracha agus na meáin déanta ceo-chomharthaí is gá do réir na rialachán iombuailte, eiseoidh sé i leith an ghaltáin, ar an únaer dá iarraidh sin—

(a) deimhniú díolúine á rá cé acu de na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta is infheidhme mar adúradh a bhfuil an galtán díolmhaithe uathu agus á rá go bhfuil an díolúine faoi réir an choinníll nach raghaidh an galtán ach ar na turais, agus nach ngabhfaidh sí ach do na trádála, agus go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha eile (más ann), a sonrófar sa deimhniú, agus

(b) deimhniú go gcomhlíonann an galtán an chuid eile de na ceanglais sin;

agus gairmtear deimhniú sábháltachta tóranta nó deimhniú sábháltachta gearr-thurais tóranta do réir mar bheas anseo ina dhiaidh seo san Acht seo d'aon deimhniú a heiseofar faoi mhír (b) den fho-alt seo.

Modhnú ar dheimhnithe sábháltachta i leith fearas tarrthála.

21. —(1) Más rud é, le linn bheith ar aon turas eadarnáisiúnta do ghaltán paisnéirí atá cláraithe sa Stát agus a bhfuil deimhniú sábháltachta ginearálta, deimhniú sábháltachta gearr-thurais, deimhniú sábháltachta tóranta nó deimhniú sábháltachta gearrthurais tóranta i bhfeidhm ina leith, gur lú an líon iomlán daoine atá ar bord uirthi ná an líon a bhfuil luaite sa deimhniú sin gurb é an líon é a bhfuil fearais tarrthála ar an ngaltán ina gcóir, féadfaidh an tAire, ar mháistir an ghaltáin dá iarraidh sin, meabhrán d'eisiúint á rá cad é an líon iomlán daoine atá á n-iompar ar an ngaltán ar an turas sin, agus cad iad na modhnuithe a féadfar a dhéanamh dá dhroim sin, chun críocha an turais sin, ar na sonraí maidir le fearais tarrthála atá luaite sa deimhniú, agus ceanglófar an meabhrán sin den deimhniú.

(2) Cuirfear gach meabhrán den tsórt sin ar ais chun an Aire ar bheith críochnaithe don turas lena mbaineann sé agus, mura gcuirtear ar ais amhlaidh é, beidh máistir an ghaltáin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Deimhnithe trealaimh shabhálteachta agus deimhnithe díolúine d'eisiúint do longa lasta.

22. —(1) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta i leith loinge atá cláraithe sa Stát d'fháil dó, nach galtán paisnéirí, go gcomhlíonann an long na rialacha i dtaobh fearas tarrthála is infheidhme maidir leis an long agus le pé turais eadarnáisiúnta atá le déanamh aici agus go bhfuil uirthi mar is cuí na soilse, na fíoracha agus na meáin déanta ceo-chomharthaí is gá do réir na rialachán iombuailte, déanfaidh sé, ar an únaer dá iarraidh sin, deimhniú (dá ngairmtear deimhniú trealaimh shábháltachta san Acht seo) d'eisiúint i leith na loinge á thaispeáint go gcomhlíonann an long an chuid sin de cheanglais an Choinbhinsiúin Shábháltachta a bhaineas leis na nithe sin agus is infheidhme mar adúradh.

(2) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta d'fháil dó i leith aon loinge den tsórt adúradh, go bhfuil an long díolmhaithe, de bhuaidh aon fheidhmithe aige ar chumhacht chuige sin a bheirtear dó leis an Acht seo nó a bheirtear dó leis na rialacha i dtaobh fearas tarrthála, ó aon chuid de cheanglais na rialacha sin is infheidhme maidir leis an long agus leis na turais eadarnáisiúnta sin atá le déanamh aici, agus go gcomhlíonann sí an chuid eile de na ceanglais sin agus go bhfuil uirthi mar is cuí na soilse, na fíoracha agus na meáin déanta ceo-chomharthaí is gá do réir na rialachán iombuailte, eiseoidh sé i leith na loinge, ar an únaer dá iarraidh sin—

(a) deimhniú díolúine á rá cé acu de na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta, is ceanglais is ábhar do na rialacha i dtaobh fearas tarrthála agus is infheidhme mar adúradh, a bhfuil an long díolmhaithe uathu agus á rá go bhfuil an díolúine faoi réir an choinníll nach raghaidh an long ach ar na turais, agus go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha eile (más ann), a sonrófar sa deimhniú, agus

(b) deimhniú (dá ngairmtear deimhniú trealaimh shábháltachta tóranta san Acht seo) á thaispeáint go gcomhlíonann an long an chuid eile de na ceanglais sin.

Radiodheimhnithe agus deimhnithe díolúine d'eisiúint do longa lasta.

23. —(1) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta d'fháil dó i leith loinge atá cláraithe sa Stát, nach galtán paisnéirí, go gcomhlíonann an long na radio-rialacha agus na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí is infheidhme maidir leis an long agus le pé turais eadarnáisiúnta atá le déanamh aici, déanfaidh sé, ar an únaer dá iarraidh sin, deimhniú (dá ngairmtear radio-dheimhniú san Acht seo) d'eisiúint i leith na loinge á thaispeáint go gcomhlíonann an long an chuid de na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí agus is infheidhme mar adúradh.

(2) Más deimhin leis an Aire, ar dhearbhuithe suirbhéireachta d'fháil dó i leith aon loinge den tsórt adúradh, go bhfuil an long díolmhaithe, de bhuaidh aon fheidhmithe aige ar chumhacht chuige sin a bheirtear dó leis an Acht seo nó a bheirtear dó leis na rialacha atá i gceist, ó aon chuid de cheanglais na radio-rialacha nó na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí is infheidhme maidir leis an long agus leis na turais eadarnáisiúnta sin atá le déanamh aici agus go gcomhlíonann sí an chuid eile de cheanglais na radiorialacha agus na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí, eiseoidh sé i leith na loinge, ar an únaer dá iarraidh sin—

(a) deimhniú díolúine á rá cé acu de na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí, agus is infheidhme mar adúradh, a bhfuil an long díolmhaithe uathu, agus á rá go bhfuil an díolúine faoi réir an choinníll nach raghaidh an long ach ar na turais, agus go gcomhlíonfaidh sí na coinníollacha eile (más ann), a sonrófar sa deimhniú, agus

(b) deimhniú (dá ngairmtear radio-dheimhniú tóranta san Acht seo) á thaispeáint go gcomhlíonann an long an chuid eile de na ceanglais sin.

(3) Má bhíonn aon long atá cláraithe sa Stát díolmhaithe go hiomlán ó cheanglais na radio-rialacha agus na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí, déanfaidh an tAire, ar an únaer dá iarraidh sin, deimhniú díolúine d'eisiúint á rá go bhfuil an long díolmhaithe go hiomlán ó na ceanglais den Coinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí agus ag sonrú na dturas dá bhfuil, agus na gcoiníoll (más ann) ar a bhfuil, an long díolmhaithe amhlaidh.

Deimhnithe sábháltachta ginearálta, etc., d'eisiúint ar na rialacha a chomhlíonadh go páirteach.

24. —Má chomhlíonann long ceanglais uile na rialacha déanmhais, na rialacha i dtaobh fearas tarrthála, na radio-rialacha nó na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí, is infheidhme maidir leis an long agus leis na turais atá le déanamh aici, sa mhéid gur ceanglais de chuid an Choinbhinsiúin Shábháltachta is infheidhme maradúradh na ceanglais sin, féadfaidh an tAire deimhniú sábháltachta ginearálta, deimhniú sábháltachta gearr-thurais, deimhniú trealaimh shábháltachta nó radio-dheimhniú, do réir mar bheas, d'eisiúint i leith na loinge d'ainneoin í a bheith díolmhaithe ó aon chuid, nó nach gcomhlíonann sí ar chúis éigin eile aon chuid, de cheanglais na rialacha sin nach ceanglais de chuid an Choinbhinsiúin Shábháltachta is infheidhme maidir léi.

Fógra i dtaobh athruithe agus suirbhéireachta breise.

25. —(1) Déanfaidh únaer nó máistir galtáin phaisnéirí a bhfuil aon deimhniú galtáin phaisnéirí a heisíodh faoin bPríomh-Acht, nó aon deimhniú a heisíodh faoin Acht seo, i bhfeidhm ina leith, fógra scríofa a thabhairt don Aire, a luaithe is féidir tar éis aon athrú a bheith déanta ar chabhail, trealaimh nó inneallra an ghaltáin a dhéanas difir d'éifeachtúlacht an chéanna nó d'intseoltacht an ghaltáin, agus bhéarfaidh sa bhfógra sin sonraí iomlána an athruithe.

(2) Déanfaidh únaer nó máistir loinge a bhfuil aon deimhniú a heisíodh faoin Acht seo i bhfeidhm ina leith, seachas galtán paisnéirí, fógra scríofa a thabhairt don Aire, a luaithe is féidir tar éis aon athrú a bheith déanta ar na fearais nó na trealaimh is gá, do réir na rialacha i dtaobh fearas tarrthála, na radiorialacha, na rialacha i dtaobh treo-aimseoirí nó na rialachán iombuailte, a bheith ar an long, agus arb athrú é a dhéanas difir d'éifeachtúlacht nó do chomhláine na bhfearas nó na dtrealamh sin, agus bhéarfaidh sa bhfógra sin sonraí iomlána an athruithe.

(3) Mura dtugtar fógra i dtaobh athruithe mar ceanglaítear leis an alt seo, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Má bhíonn cúis ag an Aire chun a chreidiúint gur tharla aon ní acu seo a leanas ó rinneadh an dearbhú suirbhéireachta deiridh i leith aon loinge den tsórt adúradh—

(a) aon athrú a dhéanamh den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) nó, do réir mar bheas, i bhfo-alt (2), den alt seo; nó

(b) aon díobháil a bhaint do chabhail, trealaimh nó inneallra na loinge (agus í ina galtán paisnéirí) nó iad sin a bheith neamhiomlán ar shlí eile; nó

(c) aon díobháil a bhaint d'fhearais nó trealaimh sin na loinge (agus gan í ina galtán paisnéirí) a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo nó iad a bheith neamhiomlán ar shlí eile;

féadfaidh an tAire, gan dochar dá chumhachta faoi alt 279 den Phríomh-Acht (a bhaineas le cealú deimhnithe agus le suirbhéireachta breise), a cheangal suirbhéireacht a dhéanamh arís ar an long, a mhéid is oiriúnach leis an Aire é, agus, mura ndéantar do réir an cheanglais sin, féadfaidh sé aon deimhniú galtáin phaisnéirí a heisíodh i leith na loinge faoin bPríomh-Acht nó aon deimhniú a heisíodh i leith na loinge faoin Acht seo a chealú.

(5) Chun críche an ailt seo folaíonn an focal “athrú”, maidir le haon ní, athnuachaint ar aon chuid den ní sin.

Toirmeasc ar dhul chun farraige gan na deimhnithe iomchuí.

26. —(1) Ní raghaidh aon long atá cláraithe sa Stát chun farraige ar thuras eadarnáisiúnta ó phort sa Stát mura bhfuil i bhfeidhm i leith na loinge—

(a) más galtán paisnéirí í, deimhniú sábháltachta ginearálta deimhniú sábháltachta gearr-thurais, deimhniú sábh áltachta tóranta nó deimhniú sábháltachta gearrthurais tóranta is infheidhme (faoi réir na bhforál den alt seo a bhaineas le deimhnithe sábháltachta gearr-thurais) maidir leis an turas a bhfuil an long ar tí dul air agus leis an trádáil a bhfuil sí ag gabháil di de thuras na huaire;

(b) mura galtán paisnéirí í—

(i)  deímhniú trealaimh shábháltachta nó deimhniú trealaimh shábháltachta tóranta, agus

(ii)  radio-dheimhniú nó radio-dheimhniú tóranta nó deimhniú díolúine á rá go bhfuil sí díolmhaithe go hiomlán ó na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí.

(2) Ní thoirmiscfidh fo-alt (1) den alt seo ar long, nach galtán paisnéirí, dul chun farraige mar adúradh má bhíonn i bhfeidhm i leith na loinge an deimhniú nó na deimhnithe ba ghá dá mba ghaltán paisnéirí í.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní measfar deimhniú tóranta a bheith i bhfeidhm i leith loinge mura bhfuil an deimhniú díolúine comhréire i bhfeidhm freisin i leith na loinge; agus ní bheidh éifeacht ar bith ag deimhniú díolúine mura bhfuil sé, do réir a théarmaí, infheidhme maidir leis an turas a bhfuil an long ar tí dul air.

(4) Má théann aon long, nó má thriaileann sí dul, chun farraige contrártha don alt seo—

(a)  i  gcás galtáin phaisnéirí, beidh únaer nó máistir an ghaltáin, gan dochar d'aon leigheas nó pionós eile faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta, ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air i leith gach paisnéara a hiompraíodh ar bord an ghaltáin, agus beidh únaer nó máistir aon bháid freastail a thug paisnéirí ar bord an ghaltáin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear an fhíneáil chéanna a chur air i leith gach paisnéara a tugadh ar bord amhlaidh, agus

(b) i gcás loinge nach galtán paisnéirí, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) Bhéarfaidh máistir gach loinge atá cláraithe sa Stát ar aird, don oifigeach custam ar a n-éileofar imréiteach don long le haghaidh turais eadarnáisiúnta, an deimhniú nó na deímhnithe is gá do réir na bhforál roimhe seo den alt seo a bheith i bhfeidhm nuair a bheas an long ag dul chun farraige, agus ní deonfar imréiteach, agus féadfar an long a choinneáil, nó go dtugtar ar aird amhlaidh an deimhniú nó na deimhnithe sin.

(6) Nuair a cheadós an tAire d'aon ghaltán paisnéirí a bhfuil deimhniú sábháltachta gearr-thurais, pé acu tóranta dhó nó nach ea, i bhfeidhm ina leith, dul chun farraige ar thuras eadarnáisiúnta ó phort sa Stát nach faide ná dhá chéad déag míle farraige ón bport cuarda deiridh sa Stát go dtí an port cinn turais, measfar, chun críocha an ailt seo, feidhm a bheith ag an deimhniú maidir leis an turas a bhfuil an galtán ar tí dul air, d'ainneoin an turas a bheith níos mó ná sé chéad míle farraige idir na poirt sin.

(7) I gcás deimhniú díolúine a heisíodh i leith aon loinge atá cláraithe sa Stát do shonrú aon choinníollacha ar ar heisíodh an deimhniú, agus aon cheann áirithe de na coinníollacha sin a bheith gan comhlíonadh, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Forála ilghnéitheacha maidir le suirbhéireachta agus deimhnithe.

27. —(1) Scoirfidh fo-ailt (3) go (5) d'alt 272 den Phríomh-Acht (a ordaíos na nithe nach foláir a bheith i ndearbhuithe suirbhéireachta) d'éifeacht a bheith acu.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 272 den Phríomh-Acht (a cheanglaíos ar shuirbhéir dearbhuithe suirbhéireachta a sheachadadh d'únaer loínge), ag alt 273 den Acht sin (a cheanglaíos ar an únaer an dearbhú a sheachadadh don Aire) agus ag alt 275 den Acht sin (a bhaíneas le hachomhairc chun na cúirte suirbhéireachta) maidir le suirbhéireachta chun aon deimhniú d'eisiúint i leith loinge faoin Acht seo amhail mar atá feidhm acu maidir le suirbhéireachta chun deimhnithe galtán paisnéirí d'eisiúint.

(3) Beidh deimhniú sábháltachta nó radio-dheimhniú nó deimhniú díolúine, adeir go bhfuil long díolmhaithe go hiomlán ó na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radiothelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí, i bhfeidhm go ceann bliana, agus beidh deimhniú trealaimh shábháltachta i bhfeidhm go ceann ceithre mhí fichead, ó dháta a eisiúna, nó go ceann pé tréimhse is giorra ná sin a sonrófar sa deimhniú, ach ní fhanfaidh aon deimhniú den tsort sin i bhfeidhm tar éis don Aire fógra a thabhairt d'únaer nó do mháistir na loinge ar heisíodh ina leith é á rá go bhfuil an tAire tar éis an deimhniú a chealú.

(4) Beidh deimhniú díolúine, seachas deimhniú á rá go bhfuil an long díolmhaithe go hiomlán ó na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radiothelefónaíocht agus le treo-aimseoirí, i bhfeidhm go ceann na tréimhse a bheas an deimhniú tóranta comhréire i bhfeidhm.

(5) Féadfaidh an tAire tréimhse feidhme aon deimhnithe a heisíodh faoin Acht seo i leith loinge atá cláraithe sa Stát d'fhadú go ceann mí ar a mhéid ón dáta a raghadh an deimhniú in éag mura mbeadh an fadú sin nó, mura mbíonn an long sa Stát ar an dáta sin, go ceann tréimhse cúig mhí ar a mhéid ón dáta sin.

(6) Féadfar aon deimhniú sábháltachta ginearálta nó aon deimhniú sábháltachta gearr-thurais, pé acu tóranta dhó nó nach ea, a chur san aon-doiciméad le deimhniú galtáin phaisnéirí.

(7) Féadfar aon deimhniú d'eisigh an tAire faoin Acht seo, agus aon deimhniú galtáin phaísnéirí, pé acu atá nó nach bhfuil sé san aon-doiciméad le deimhniú sábháltachta faoi fho-alt (6) den alt seo, a ghlacadh i bhfianaise.

(8) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas den Phríomh-Acht i leith deimhnithe a eiseos an tAire, agus i leith long a deimhneofar faoin Acht seo, amhail mar atá feidhm acu i leith deimhnithe galtán paisnéirí agus i leith galtán paisnéirí, eadhon, alt 276 (a bhaineas le deimhniú a chur go dtí únaer an ghaltáin), alt 279 (a bhaineas le deimhnithe a chealú), alt 280 (a bhaineas le deímhnithe atá as feidhm a thabhairt suas), alt 281 (a bhaineas le deimhniú a phostáil suas ar bord) agus alt 282 (a bhaineas le deimhnithe a bhrionnú agus d'fhalsú).

(9) Féadfaidh an tAire a iarraidh ar rialtas tíre lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta aon deimhniú a n-údaraítear a eisiúint faoin Acht seo d'eisiúint i leith loinge atá cláraithe sa Stát; agus aon deimhniú a heiseofar de bhun iarratais den tsórt sin agus ina mbeidh ráiteas á rá gur heisíodh amhlaidh é, beidh éifeacht aige chun críocha an Achta seo amhail is dá mb'é an tAire agus nárbh é rialtas na tíre sin d'eisigh é.

Longa faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát.

Deimhnithe do longa faoin gCoinbhinsiún nach bhfuil cláraithe sa Stát.

28. —(1) Féadfaidh an tAire, ar rialtas tíre lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta dá iarraidh sin, aon deimhniú, a n-údaraítear a eisiúint faoi na forála roimhe seo den Acht seo i leith long atá cláraithe sa Stát, d'eisiúint i leith loinge atá cláraithe sa tír sin más deimhin leis gur cuí dhó sin a dhéanamh; agus aon deímhniú a heiseofar de bhun iarratais den tsórt sin agus ina mbeidh ráiteas á rá gur heisíodh amhlaidh é, beidh éifeacht aige, chun críocha an Achta seo, amhail is dá mb'é an rialtas sin agus nárbh é an tAire d'eisigh é.

(2) Déanfaidh an tAire pé rialacháin is dóigh leis is gá chun a áirithiú go ndéanfar deimhnithe d'eisigh rialtas aon tíre seachas an Stát, do réir an Choinbhinsiúin Shábháltachta, i leith long faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát, nó deimhnithe a bhfuil éifeacht acu faoi fho-alt (1) den alt seo amhail is dá mba ar an gcuma sin a heisíodh iad, a ghlacadh mar dheimhnithe a bhfuil an fheidhm chéanna acu atá ag deimhnithe comhréire arna n-eisiúint ag an Aire faoin Acht seo; agus gairmtear san Acht seo deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta d'aon deimhniú is gá do réir na rialachán sin a ghlacadh amhlaidh.

(3) Beidh ag suirbhéir long, chun a fhíoradh—

(a) go bhfuil deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta i bhfeidhm i leith loinge faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát; nó

(b) go bhfuil cabhail, trealaimh agus inneallra aon loinge den tsórt sin faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta i riocht atá go substainteach ar comhréir leis na sonraí i ndeimhniú den tsórt sin; nó

(c) ach amháin i gcás ina ndeir deimhniú den tsórt sin go bhfuil an long díolmhaithe go hiomlán ó na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radiothelegrafaíocht agus le radio-thelefónaíocht, gur mar atá ráite sa deimhniú atá líon, gráid agus cáilíochta na radio-oifigeach nó na radio-oibritheoirí atá ar bord; nó

(d) go gcomhlíontar aon choinníollacha ar ar heisíodh deimhniú den tsórt sin, agus é i gcomhionannas le deimhniú díolúine,

cumhachta uile chigire don Roinn Tionscail agus Tráchtála faoi na hAchta Loíngis Cheannaíochta.

(4) Má bhíonn ag gabháil le deímhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta, i leith galtáin phaisnéirí faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát, meabhrán—

(a) a heisíodh ag rialtas, nó faoi údarás rialtais, na tíre ina bhfuil an galtán cláraithe; agus

(b) a mhodhnaíos chun críocha aon turais áirithe, ag féachaint don méid daoine a hiompraítear ar an turas sin, na sonraí sa deimhniú i dtaobh na bhfearas tarrthála,

beidh éifeacht chun críocha an turais sin ag an deimhniú amhail is dá mbeadh sé modhnuithe do réir an mheabhráin.

Suirbhéireacht mhodhnuithe ar ghaltáin phaisnéirí ag a bhfuil deimhnithe faoin gCoinbhinsiún.

29. —(1) Má déantar deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta a thabhairt ar aird i leith galtáin phaisnéirí faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát—

(a) ní gá suirbhéireacht a dhéanamh ar an ngaltán faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta ag suirbhéir long ach amháin chun go gcinnfear an líon paisnéirí a bhfuil an galtán inniúil ar iad d'iompar;

(b) ar aon dearbhú suirbhéireachta chun na críocha réamhráite d'fháil dó, eiseoidh an tAire deimhniú faoi alt 274 den Phríomh-Acht nach mbeidh ann ach na sonraí atá leagtha amach i mír (b) den alt sin (a bhaineas leis an líon paisnéirí sin), agus aon deimhniú a heiseofar amhlaidh beidh éifeacht aige mar dheimhniú galtáin phaisnéirí.

(2) Má déantar deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta a thabhairt ar aird i leith aon galtáin phaisnéirí den tsórt adúradh, agus fós deimhniú arna eisiúint ag rialtas, nó faoi údarás rialtais, na tíre ina bhfuil an galtán cláraithe, ag taíspeáint an líon paisnéirí a bhfuil an galtán inniúil ar iad d'iompar, agus gur deimhin leis an Aire gur cinneadh an líon sin go substainteach ar an gcuma ina gcinnfí é i gcás galtáin phaisnéirí a bheadh cláraithe sa Stát, féadfaidh sé, más oiriúnach leis, a shocrú nach gá aon tsuirbhéireacht a dhéanamh ar an ngaltán sin chun a chinneadh cad é líon paisnéirí a bhfuil sí inniúil ar iad d'iompar agus a ordú go mbeidh éifeacht mar dheimhniú galtáin phaisnéirí ag an deimhniú sin is déanaí a luaitear.

Pribhléidí ilghnéitheacha long ag a bhfuil deimhnithe faoin gCoinbhinsiún.

30. —(1) Má déantar deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta a thabhairt ar aird i leith galtáin phaisnéirí faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát, beidh an galtán díolmhaithe ó mhíreanna (d) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt290 den Phríomh-Acht (a bhaineas le trealaimh long imirce) agus ó alt 420 den Acht sín (a bhaineas le soilse agus ceo-chomharthaí) agus ó na rialacha i dtaobh fearas tarrthála.

(2) Má déantar deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta, is ionann agus deimhniú trealaímh shábháltachta, a thabhairt ar aird i leith loinge faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta (seachas galtán paisnéirí) nach bhfuil cláraithe sa Stát, beidh an long díolmhaithe ó alt 420 den Phríomh-Acht (a bhaineas le soilse agus ceo-chomharthaí) agus ó na rialacha i dtaobh fearas tarrthála.

(3) Má déantar deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta a thabhairt ar aird i leith loinge faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát, agus go dtaispeánfaidh an deímhniú go gcomhlíonann an long na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radío-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí nó go bhfuil sí díolmhaithe ó chuid de na ceanglaís sin agus go gcomhlíonann sí an chuid eile, nó go bhfuil sí díolmhaithe go hiomlán ó na ceanglaís sin, beidh an long díolmhaithe ó fhorála na radioríalacha agus na rialacha i dtaobh treo-aimseoírí.

Forála breise maidir le deimhnithe faoin gCoinbhinsiún a thabhairt ar aird.

31. —(1) Bhéarfaidh máistir gach loinge faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta nach bhfuil cláraithe sa Stát ar aird, don oifigeach custam ar a n-éileofar imréiteach don long le haghaidh turais eadarnáisiúnta ó phort sa Stát, deimhnithe inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta is ionann agus na deimhnithe ón Aire faoin Acht seo ba ghá a bheith i bhfeidhm i leith na loinge dá mbeadh sí cláraithe amhlaidh; agus ní deonfar imréiteach, agus féadfar an long a choinneáil, nó go dtugtar ar aird amhlaidh na deimhnithe sin.

(2) Má tugtar ar aird deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta is ionann agus—

(a) deimhniú tóranta, nó

(b) deimhniú díolúine, seachas deimhniú á rá go bhfuil long díolmhaithe go hiomlán ó na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaíneas le radiothelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí,

ní leor sin chun críocha ailt 29 nó ailt 30 den Acht seo mura dtugtar ar aird freisin an deimhniú díolúine comhréire nó an deimhniú tóranta comhréire, pé acu é.

Forála Ilghnéitheacha chun Cabhrú le Sábháltacht Anama ar Muir.

Eolas i dtaobh cobhsaíochta loinge.

32. —(1) Gach long atá cláraithe sa Stát agus ar leagadh a cíle tar éis tosach feidhme an Achta seo, iomprófar ar bord uirthi pé eolas i scríbhinn i dtaobh cobhsaíochta na loinge is gá mar threoir don mháistir ag ualú agus ag balastú na loinge.

(2) Is i pé foirm a cheadós an tAire a bheas an t-eolas sin (agus féadfaidh sé a cheadú an t-eolas sin a thabhairt i bhfoirm léaráide nó tarraingeoireachta agus sa bhfoirm sin amháin), agus beidh sé bunaithe ar an gcobhsaíocht a cinneadh a bheith ag an long trí thriail chlaontachta a dhéanamh uirthi nó, má cheadaíonn an tAire é, trí thriail dá samhail a dhéanamh ar a leath-cheann de long.

(3) Nuair a thabharfar aon eolas faoin alt seo i dtaobh aon loínge, déanfaidh an t-únaer, murar cuireadh roimhe sin cóip den eolas céanna chun an Aire, cóip de a chur cun an Aire.

(4) Má théann aon long den tsórt sin, nó má thriaíleann sí dul, chun farraige gan eolas den tsórt adúradh ar bord uirthi, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus má sháraíonn únaer aon loinge fo-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion den tsórt céanna agus dlífear an fhíneáil chéanna a chur air.

(5) Dearbhaítear leis seo go measfar, chun críocha ailt 258 den Phríomh-Acht (a cheanglaíos ar mháistir loinge doiciméid a bhaineas le loingseoireacht a sheacadadh dá chomharba), gur doiciméad a bhaineas le loingseoireacht na loinge eolas faoin alt seo.

Oscailtí i gcabhla galtán paisnéirí agus i roinnteáin uisce-dhíonacha.

33. —(1) Féadfaidh an tAire, maidir le galtáin phaisnéirí atá cláraithe sa Stát, rialacha a dhéanamh i dtaobh aon ní acu seo a leanas—

(a) na hoscailtí i gcabhla galtán agus i roinnteáin uiscedhíonacha a dhúnadh agus a choimeád dúnta;

(b) feistí dúnta aon oscailtí den tsórt adúradh a dhaingniú, a choimeád ina n-áit agus d'iniúchadh;

(c) meicníochta feistí dúnta aon oscailtí den tsórt adúradh d'oibriú, agus drileáil i ndáil lena n-oibriú sin;

(d) aon ní acu sin adúradh a thaifeadadh sa turas-leabhar oifigiúil nó taifead eile a choimeád ina thaobh.

(2) Má fágtar gan comhlíonadh aon cheann de na rialacha sin maidir le haon ghaltán den tsórt adúradh, beidh máistir an ghaltáin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Ualach-línte fo-roinne a bháitheadh.

34. —(1) I gcás—

(a) ualach-línte fo-roinne a bheith marcáilte ar ghaltán paisnéirí lena mbaineann an t-alt seo, is é sin le rá, ualach-línte ag taispeáint a dhoimhne is cead an galtán d'ualú ag féachaint don méid fo-roinn uirthi agus don spás atá ceaptha de thuras na huaire de phaisnéirí; agus

(b) an ualach-líne fho-roinne iomchuí, is é sin le rá, an ualach-líne fho-roinne is iomchuí don spás atá ceaptha de thuras na huaire do phaisnéirí ar an ngaltán, a bheith níos ísle ná an ualach-líne a thaispeánas an doimhneas uasta ar cead de thuras na huaire faoi Chuid II d'Acht 1933 an galtán d'ualú;

ní hualófar an galtán i slí go ndéanfar an ualach-líne fho-roinne iomchuí ar dhá thaobh an ghaltáin a bháitheadh faoi sháile nuair nach mbíonn aon liosta ar an ngaltán.

(2) Má déantar aon ghaltán den tsórt sin d'ualú contrártha don alt seo, beidh únaer nó máistir an ghaltáin ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus pé fíneáil bhreise, nach mó ná an tsuim a sonraítear anseo ina dhiaidh seo, is oiriúnach leis an gcúirt d'fhorchur, ag féachaint don méid a méadaíodh nó a méadófaí cumas tuillimh na loinge de dhroim an bháite sin.

(3) Ní bheidh an fhíneáil bhreise sin níos mó ná céad punt in aghaidh gach orlaigh nó codáin d'orlach a báitheadh an ualachlíne fho-roinne iomchuí ar dhá thaobh an ghaltáin, nó a báithfí í, dá mba nach mbeadh aon liosta ar an long.

(4) Gan dochar d'aon imeachta faoi na forála roimhe seo den alt seo, féadfar aon ghaltán den tsórt sin a bheas ualaithe contrártha don alt seo a choinneáil nó go scoirfidh sí de bheith ualaithe amhlaidh.

(5) Baineann an t-alt seo le galtáin phaisnéirí atá cláraithe sa Stát agus le galtáin phaisnéirí eile an fhaid a bhíd i bport sa Stát.

Contúirtí do loingseoireacht a thuairisciú.

35. —(1) Déanfaidh máistir aon loinge atá cláraithe sa Stát, nuair a casfar leis leac oighir chontúireach, árthach tréigthe contúirteach, stoirm teo-chreasa nó ní eile is contúirt díreach do loingseoireacht, scéala dá réir sin a chur, ar gach slí chumarsáide atá ar fáil aige agus do réir rialacha a déanfar chun críocha an ailt seo, go dtí longa sa chomharsanacht agus go dtí pé údaráis ar tír a bheas ordaithe leis na rialacha sin.

(2) Déanfaidh an tAire ríalacha chun críocha an ailt seo agus déanfar leo pé socrú is dóigh leis is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorála Rialachán 2, 3 agus 4 de Chaibidil V den Choinbhinsiún Sábháltachta.

(3) Má mhainníon máistir loinge forála an ailt seo a chomhlíonadh, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Gach duine a bheas i mbun stáisiúin radio-thelegrafaíochta atá faoi urlámh an Aire Poist agus Telegrafa nó a bunaíodh nó a feistíodh faoi cheadúnas ón Aire Poist agus Telegrafa, staonfaidh sé, nuair a gheobhas sé an comhartha a bheas ordaithe leis na rialacha sin chun a chur in iúl go bhfuiltear ar tí teachtaireacht a chur amach faoin alt seo, ó theachtaireachta a chur amach go ceann tamaill is leor chun caoi a thabhairt do stáisiúin eile an teachtaireacht d'fháil agus, má cheanglaíonn an tAire air é, tarchuirfidh an teachtaireacht i pé slí a cheanglós an tAire, agus measfar comhlíonadh an fho-ailt seo a bheith ina choinníoll a ghabhas le gach ceadúnas a dheoin an tAire Poist agus Telegrafa faoin Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 (Uimh. 45 de 1926) .

(5) Ní chuirfidh aon ní i bhfo-alt (4) den alt seo bac ar tharchur guais-chomharthaí a hordaítear faoi alt 36 den Acht seo.

(6) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn an abairt “stoirm teo-chreasa” airicín, tíofún, cuar-anfa nó stoirm eile dá samhail sin, agus measfar máistir loinge do chasadh le stoirm teo-chreasa má bhíonn cúis aige chun a chreidiúint stoirm den tsórt sin a bheith ina chomharsanacht.

Guaischomharthaí.

36. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh ag ordú na gcomharthaí a úsáidfeas longa mar ghuais-chomharthaí agus na n-imthosca ina ndéanfar, agus na críocha chun a ndéanfar, aon chomhartha den tsórt sin d'úsáid agus na himthosca ina gcúlghairmfear é.

(2) Má dhéanann máistir loinge, nó má chuireann faoi ndear nó má cheadaíonn do dhuine ar bith faoina údarás—

(a) aon chomhartha a bheas ordaithe faoin alt seo d'úsáid nó a thaispeáint ach amháin sna himthosca agus chun na gcríocha a bheas ordaithe amhlaidh, nó

(b) aon chomhartha príobháideach, pé acu cláraithe dhó nó nach ea, d'úsáid nó a thaispeáint, ar baolach go gceapfaí gurb aon chomhartha é a bheas ordaithe amhlaidh,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus ina theannta sin dlífidh sé cúiteamh d'íoc as aon obair a gabhadh de láimh, nó as aon fhiontar ina ndeachthas nó aon chaillteanas a tharla, toisc gur ceapadh gur ghuais-chomhartha an comhartha sin; agus féadfar, gan dochar d'aon leigheas eile, an cúiteamh sin a ghnóthú amhail mar gnóthófaí tarrthálas.

E bheith d'oblagáid cabhrú le hárthaigh, etc., i nguais.

37. —(1) Ar mháistir loinge atá cláraithe sa Stát d'fháil, ar muir, guais-chomhartha nó scéala ó fhoinse ar bith go bhfuil árthach nó aer-árthach i nguais, raghaidh sé má luaithe i gcabhair ar na daoine atá i nguais (agus cuirfidh in iúl dóibh, más féidir é, go bhfuil sé á dhéanamh sin) mura rud é nach bhfuil ar a chumas, nó gur dóigh leis in imthoscaí speisialta an cháis go bhfuil sé neamhréasúnach nó neamhriachtanach, sin a dhéanamh, nó mura bhfuil sé saortha faoi fhorála fo-ailt (3) nó fo-ailt (4) den alt seo.

(2) Má dhéanann máistir aon loinge atá i nguais foréileamh ar aon long atá cláraithe sa Stát agus d'fhreagair a ghlaoch, beidh de dhualgas ar mháistir na loinge a foréilíodh déanamh do réir an fhoréilimh trí leanúint de dhul má luaithe i gcabhair ar na daoine atá i nguais.

(3) Beidh máistir saortha ón oblagáid a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a luaithe a cuirfear in iúl dó go bhfuil foréileamh déanta ar long nó longa seachas a long féin agus go bhfuil an long nó na longa a foréilíodh ag déanamh do réir an fhoréilimh.

(4) Beidh máistir saortha ón oblagáid a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo agus, má rinneadh foréileamh ar a long, ó na hoblagáidí a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo, má chuireann na daoine i nguais, nó máistir aon loinge atá tar éis na daoine i nguais a shroicheadh, in iúl dó nach gá cabhair a thuilleadh.

(5) Má mhainníonn máistir déanamh do réir na bhforál roimhe seo den alt seo beidh sé ciontach in oilghníomh.

(6) Más rud é, ar mháistir loinge atá cláraithe sa Stát d'fháil, ar muir, guais-chomhartha nó scéala ó fhoinse ar bith go bhfuil árthach nó aer-árthach i nguais, nach bhfuil ar a chumas, nó gur dóigh leis in imthoscaí speisialta an cháis go bhfuil sé neamhréasúnach nó neamhriachtanach, dul i gcabhair ar na daoine i nguais, bhéarfaidh sé láithreach go dtaifeadfar ráiteas sa turasleabhar oifigiúil nó, mura bhfuil turas-leabhar oifigiúil ann, bhéarfaidh sé go gcoimeádfar taifead eile, ag insint na gcúiseanna a bhí aige le gan dul i gcabhair ar na daoine sin, agus má mhainníonn sé sin a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(7) Taifeadfaidh máistir gach loinge atá cláraithe sa Stát agus ar gá turas-leabhar oifigiúil di, nó bhéarfaidh go dtaifeadfar, sa turas-leabhar oifigiúil, gach guais-chomhartha nó scéala go bhfuil árthach, aer-árthach nó duine i nguais ar muir.

(8) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'fhorála ailt 6 den Maritime Conventions Act, 1911; agus ní dhéanfaidh comhlíonadh forál an ailt seo ag máistir loinge difir dá cheart, ná do cheart aon duine eile, chun tarrthálais.

Iompar earraí contúirteacha.

38. —(1) Féadfaidh an tAire rialacha a dhéanamh chun iompar earraí contúirteacha i longa lena mbaineann an t-alt seo a rialú ar mhaithe le sábháltacht.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) le longa atá cláraithe sa Stát, agus

(b) le longa eile an fhaid a bhíd in aon phort sa Stát, nó ag tógaint paisnéirí ar bord nó á gcur de bhord laistigh d'uiscí tórainn an Stáit, nó ag ualú nó ag dí-ualú lasta nó breosla laistigh de na huiscí sin.

(3) Má fágtar aon riail a déanfar de bhun an ailt seo gan comhlíonadh maidir le haon long, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann arna dhíotáil dlífear fíneáil nach mó ná trí chéad punt a chur air nó, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt, agus measfar chun críocha Coda V den Phríomh-Acht, an long a bheith neamhshábháilte toisc í a bheith ualaithe go neamhchuí.

(4) Aon earraí a dearbhófar leis na rialacha a déanfar faoin alt seo a bheith contúirteach ó nádúir, measfar gur earraí contúirteacha iad chun críocha Coda V den Phríomh-Acht.

Iompar gráin.

39. —(1) Nuair a hualófar grán ar bord aon loinge atá cláraithe sa Stát, nó nuair a hualófar é in aon phort sa Stát ar bord aon loinge, glacfar gach cúram is riachtanach agus is réasúnach chun an grán a choimeád ó chorraí, agus mura nglactar cúram mar adúradh beidh únaer nó máistir na loinge, nó aon ghníomhaire don únaer a raibh de dhualgas air an long d'ualú nó í a chur chun farraige ualaithe leis an ngrán, ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo, agus measfar chun críocha Coda V den Phríomh-Acht an long a bheith neamhshábháilte toisc í a bheith ualaithe go neamhchuí.

(2)  (a) I gcás aon long, a hualaíodh le grán lasmuigh den Stát gan gach cúram is riachtanach agus is réasúnach a ghlacadh chun an grán a choimeád ó chorraí, do theacht isteach in aon phort sa Stát agus í ualaithe amhlaidh, beidh únaer nó máistir na loinge ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo, agus measfar chun críocha Coda V den Phríomh-Acht an long a bheith neamhshábháilte toisc í a bheith ualaithe go neamhcuí.

(b) Ní bheidh éifeacht ag an bhfo-alt seo más rud é nach dtiocfadh an long isteach in aon phort den tsórt sin mura mbeadh droch-aimsir nó aon tsiocair eile nach bhféadfadh an máistir ná an t-únaer ná an fostóir (más ann) a chosc nó d'oirchill.

(3)  (a) Gan dochar do ghinearáltacht fo-alt (1) agus (2) den alt seo, aon chúram áirithe a hordófar le rialacha a dhéanfas an tAire faoín bhfo-alt seo, maidir le hualú long go gínearálta nó long d'aon aicme áirithe, mar chúram a háireofar a bheith riachtanach nó réasúnach chun grán a choimeád ó chorraí, áireofar é amhlaidh i gcás long go ginearálta, nó i gcás long den aicme sin, do réir mar bheas.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás long d'ualú ar gach slí do réir aon fhorál a cheadaigh an tAire maidir leis an ualú áirithe sin seachas rialacha a déanfar faoin bhfo-alt seo.

(4) Má dhéanann aon duine cion faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, dlífear ar a chiontú ann arna dhíotáil fíneáil nach mó ná trí chéad punt nó, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt, a chur air.

(5) Ar theacht chun poirt sa Stát ó phort lasmuigh den Stát d'aon long ag iompar last gráin, bhéarfaidh an máistir go seachadfar don oifigeach cuí custam sa Stát, i dteannta na tuarascála is gá do réir an Customs Consolidation Act, 1876, fógra ina luafar—

(a) tarraingt uisce agus saorbhord, mar mínítear sin le Cuid V den Phríomh-Acht, na loinge sin tar éis ualú a lasta a bheith críochnaithe sa phort ualuithe deiridh, agus

(b) na sonraí seo a leanas i dtaobh an ghráin atá á iompar, eadhon,

(i) an cineál gráin agus an chainníocht de, do réir troithe ciúbacha, ceathrún, buiséal nó tonnaí meáchain;

(ii) an modh ar a bhfuil an grán stuáilte, agus

(iii) an cúram a glacadh chun an grán a choimeád ó chorraí,

agus má mhainníonn an máistir aon fhógra a ceanglaítear leis an bhfo-alt seo a sheachadadh, nó má dhéanann sé, in aon fhógra den tsórt sin, aon ráiteas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó má dhéanann sé go meargánta aon ráiteas atá bréagach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(6) Aon duine a mbeidh údarás ginearálta nó údarás speisialta aige chuige sin ón Aire, féadfaidh sé, chun a áirithiú go gcomhlíontar forála an ailt seo, iniúchadh a dhéanamh ar aon ghrán, agus ar mhodh a stuála, agus beidh aige chun na críche sin cumhachta uile cigire don Roinn Tionscail agus Tráchtála faoin bPríomh-Acht.

(7) San alt seo folaíonn an abairt “grán” cruithneacht, grán buí, coirce, seagal, eorna, rís, pulsanna agus síolta, agus ciallaíonn an abairt “long ag iompar last gráin” long atá ag iompar cainníochta gráin is mó ná trian de thonnáiste cláraithe na loinge, á áireamh gurb ionann céad troigh chiúbach gráin, nó dhá thonna meáchain gráin, agus tonna amháin de thonnáiste cláraithe.

An modh chun orduithe stiúrach a thabhairt.

40. —(1) Ní dleathach do dhuine ar bith ar aon long atá cláraithe sa Stát, agus an long sin ag dul chun tosaigh, ordú stiúrach a thabhairt uaidh ina mbeidh an abairt “bord na heangaí” nó an focal “deiseal” nó aon fhocal nó abairt ar comhbhrí leis an abairt nó an focal sin murab é atá ar intinn ag an duine sin go raghadh ceann na loinge faoi dheis, ná ordú stiúrach a thabhairt uaidh ina mbeidh an abairt “bord na sceathraí” nó an focal “tuathal” nó aon fhocal ar comhbhrí leis an abairt nó an focal sin murab é atá ar intinn ag an duine sin go raghadh ceann na loinge faoi chlé.

(2) Gach duine a dhéanfas aon ghníomh is sárú ar an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Loingseoireacht chúramach in aice le leac oighir.

41. —(1) Ar mháistir loinge atá cláraithe sa Stát d'fháil tuairisce go bhfuil leac oighir ina chúrsa nó in aice lena chúrsa, raghaidh sé ar aghaidh faoi réidh-luas istoíche nó athróidh sé a chúrsa istoíche chun coinneáil sáthach glan ar an leac oighir ar a bhfuair sé tuairisc agus ar límistéir na contúirte.

(2) Má mhainníonn máistir aon loinge den tsórt sin déanamh do réir an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Fógra i dtaobh cúrsaí san Atlantach.

42. —(1) Déanfaidh únaer aon líne de ghaltáin phaisnéirí a théas trasna na hAtlantaí Thuaidh, ó aon phort nó chun aon phoirt sa Stát, ar chúrsaí rialta, fógra poiblí a thabhairt, i pé slí a ordós an tAire, i dtaobh na gcúrsaí a bheas beartaithe do longa na líne sin, agus i dtaobh aon athruithe a déanfar ar na cúrsaí sin.

(2) Má mhainníonn únaer aon líne de ghaltáin phaisnéirí den tsórt sin déanamh do réir an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

Forlíontach.

Míniú ar “paisnéir” agus “galtán paisnéirí”.

43. —(1) I gCuid III den Phríomh-Acht agus san Acht seo, ciallaíonn an focal “paisnéir” aon duine a hiompraítear ar long, seachas—

(a) duine atá fostaithe nó fruilithe in aon fheidhmeanas ar bord na loinge le gnó na loinge,

(b) duine ar bord na loinge de bhun na hoblagáide atá ar an máistir daoine longbhriste nó daoine i nguais nó daoine eile d'iompar nó ar aon tsiocair eile nach bhféadfadh an máistir ná an t-únaer ná an fostóir (más ann) a chosc ná d'oirichill, agus

(c) leanbh faoi bhun bliana d'aois.

(2) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “galtán paisnéirí” galtán a iompraíos níos mó ná dhá phaisnéir déag.

Daoine d'aistriú i gcás contúirte.

44. —Más rud é, chun go bhféadfaí daoine d'aistriú ó aon áit toisc iad á bheith i mbaol báis, gur cheadaigh an tAire níos mó daoine d'iompar ar bord loinge ná mar ceadaítear faoi na hAchta Loingis Cheannaíochta lasmuigh den alt seo, ní cion faoi na hAchta sin an bhreis daoine sin d'iompar.

Cumhacht an Aire chun díolúine a thabhairt ó na ceanglais sábháltachta.

45. —(1) Féadfaidh an tAire aon longa nó aon aicmí long a dhíolmhadh ó aon chuid de cheanglais na rialacha i dtaobh fearas tarrthála nó aon rialacha nó rialachán a déanfar faoin Acht seo, go hiomlán nó faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis.

(2) Gan dochar do na forála roimhe seo den alt seo, i gcás inar gá do long nach ndéanann turasanna eadarnáisiúnta de ghnáth dul ar thuras eadarnáisiúnta amháin, féadfaidh an tAire, más dóigh leis go gcomhlíonann an long ceanglais sábháltachta atá leordhóthaineach don turas sin, an long a dhíolmhadh ó aon chuid de na ceanglais sábháltachta a forchuirtear leis na hAchta Loingis Cheannaíochta nó faoi na hAchta sin.

Longa áirithe a bheith díolmhaithe ó fhorála aírithe den Acht seo.

46. —(1) Aon ní san Acht seo—

(a) a thoirmisceas nó a choisceas ar long dul chun farraige mura bhfuil i bhfeidhm i leith na loinge, nó mura dtugtar ar aird, na deimhnithe iomchuí d'eisigh an tAire faoin Acht seo nó na deimhnithe inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta is iomchuí;

(b) a bheir cumhacht do shuirbhéir long chun a fhíoradh go bhfuil deimhniú áirithe ann faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta, nó go bhfuil sé bailí nó ceart nó go bhfuil na coinníollacha ar ar heisíodh aon deimhniú den tsórt sin comhlíonta;

(c) a cheanglaíos go ndéanfar eolas i dtaobh cobhsaíocht loinge a choimeád ar bord;

(d) a fhorchuireas pionós mar gheall ar shárú aon rialacha a bhaineas le hoscailtí i gcabhla long agus i roinnteáin uisce-dhíonacha,

ní bheidh feidhm aige, mura n-ordóidh an tAire a mhalairt i gcás eolais i dtaobh cobhsaíocht loinge, maidir le haon trúp-long, luamh áineasa ná árthach iascaigh, ná le haon long is lú ná cúig chéad tonna de mhór-thonnáiste seachas galtán paisnéirí ná le haon long nach dtiomáintear le meáin mheicniúla.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir don díolúine a bheirtear le halt 741 den Phríomh-Acht do longa leis an Stát.

(3) D'ainneoin é a bheith sainráite go mbaineann foráil áirithe den Acht seo le longa nach bhfuil cláraithe sa Stát an fhaid a bhíd in aon phort sa Stát, ní bhainfidh an fhoráil sin le long nach mbeadh in aon phort den tsórt sin mura mbeadh droch-aimsir nó aon tsiocair eile nach bhféadfadh máistir ná únaer ná fostóir (más ann) na loinge a chosc ná d'oirichill.

Leasú iarmartach ar na hAchta Loingis Cheannaíochta.

47. —(1) I bhfo-alt (3) d'alt 724 den Phríomh-Acht, cuirfear an focal “ships” in ionad na bhfocal “passenger steamers”.

(2) I gcás long a choinneáil faoi aon fhoráil den Acht seo a údaraíos long a choinneáil nó go dtugtar deimhniú ar aird, beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 460 den Phríomh-Acht (a chuireas de dhliteanas ar únaer loinge costais an Aire i leith a coinneála agus a suirbhéireachta d'íoc leis an Aire) amhail is dá mba faoin Acht sin, faoi dheireadh, a coinníodh í.

(3) Beidh éifeacht ag alt 63 d'Acht 1933 (a cheanglaíos go dtabharfar fógra d'oifigigh chonsalachta i dtaobh longa coigríche áirithe a choinneáil, nó i dtaobh imeacht i gcoinne máistrí nó únaerí faoin Acht sin) amhail is dá bhfolódh aon tagairt ann don Acht sin tagairt don Acht seo.

(4) I bhfo-alt (1) d'Alt 272 den Phríomh-Acht déanfar tagairt do radio-fhearas a chur in ionad aon tagairte d'fhearas radiothelegrafaíochta.

AN CHÉAD SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 8.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

57 & 58 Vic., c. 60.

An Merchant Shipping Act, 1894.

In alt 267, an míniú ar “passenger”.

In alt 272, fo-ailt (3) go (5).

Ailt 427, 431, 435 agus 452 go 456.

6 Edw. 7, c. 48.

An Merchant Shipping Act, 1906.

Ailt 3, 4, 9 (1) agus 11.

9 & 10 Geo. 5, c. 38.

An Merchant Shipping (Wireless Telegraphy) Act, 1919.

An tAcht iomlán.

Uimh. 42 de 1933 .

An tAcht Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiúin um Shábháltacht agus um Ualach-Line), 1933.

Cuid I.

In alt 58, i bhfo-alt (1), na focail “agus i bhfo-alt (1) d'alt 454”.

In alt 62, i bhfo-alt (1) na focail “den Choinbhinsiún um Shábháltacht nó,” agus i bhfo-alt (2), na focail “an Choinbhinsiún um Shábháltacht nó”.

An Chéad Sceideal.

AN DARA SCEIDEAL.

Forála Idirlinne.

Alt 9.

1. Aon rialacha nó rialacháin a rinneadh, nó ag a bhfuil éifeacht amhail is go ndearnadh iad, faoi aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, beidh éifeacht acu, nó go n-athghairmtear iad, amhail is dá mba faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh iad.

2. (1) Aon deimhniú sábháltachta ginearálta, deimhniú sábháltachta gearr-thurais, deimhniú sábháltachta tóranta, deimhniú díolúine galtáin phaisnéirí, deimhniú radio-thelegrafaiochta nó deimhniú díolúine radio-thelegrafaíochta atá i bhfeidhm i leith aon loinge i dtosach feidhme an Achta seo, leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an dáta atá ar an deimhniú, ach sin faoi réir aon chealuithe ar an deimhniú faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo; agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 26 den Acht seo.

(2) Beidh éifeacht ag alt 25 den Acht seo amhail is dá mba faoin Acht seo a heisíodh aon deimhniú den tsórt adúradh.

(3) I gcás deimhniú radio-thelegrafaíochta nó deimhniú díolúine radio-thelegrafaíochta a bheith i bhfeidhm i leith loinge i dtosach feidhme an Achta seo, déanfar, chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 26 den Acht seo, an deimhniú sin d'áireamh mar radiodheimhniú nó mar dheimhniú díolúine á rá go bhfuil sí díolmhaithe go hiomlán ó na ceanglais den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí, do réir mar is gá sa chás.

(4) Ní thoirmiscfidh aon ní sa mhír sin (b) ar long dul chun farraige gan deimhniú trealaimh shábháltachta (pé acu tóranta dhó nó nach ea) go ceann ceithre mhí fichead ó dháta thosach feidhme an Achta seo, ná ar long is lú ná sé chéad déag tonna de mhór-thonnáiste dul chun farraige gan radio-dheimhniú (pé acu tóranta dhó nó nach ea) nó deimhniú á rá go bhfuil sí díolmhaithe go hiomlán ó na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí, go ceann bliana ón dáta sin.

(5) Bainfidh fo-alt (5) d'alt 27 den Acht seo le haon deimhniú den tsórt a luaitear i bhfo-mhír (1) den mhír seo amhail mar bhaineas sé le deimhnithe a heiseofar faoin Acht seo.

3. (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin a fhoráil—

(a) maidir le haon tír lena mbaineann an Coinbhinsiún Eadarnáisiúnta um Shábháltacht Anama ar Muir, 1929, go ndéanfar, chun pé críocha, go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha, a sonrófar leis na rialacháin, nó fúthu, í d'áireamh, chun críocha an Achta seo, mar thír lena mbaineann an Coinbhinsiún Sábháltachta; agus

(b) maidir le haon deimhniú a airbheartós a bheith arna eisiúint do réir an Choinbhinsiúin sin 1929 agus a bheith do réir pé cinn de na rialacháin a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 16 d'Acht 1933 is infheidhme sna himthosca áirithe, go bhféadfar, chun pé críocha, go ceann pé tréimhse agus faoi réir pé coinníollacha, a sonrófar leis na rialacháin nó fúthu, é d'áireamh amhail is dá mba dheimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta é do réir bhrí an Achta seo.

(2) Gan dochar d'aon fhoráil ghinearálta sa Sceideal seo i dtaobh bailíochta rialachán a rinneadh faoi aon Acht a hath ghairmtear leis an Acht seo, leanfaidh rialacháin a rinneadh faoi fho-alt (2) d'alt 16 den Acht sin 1933 de bheith i bhfeidhm a mhéid is gá iad chun críocha na míre seo.

4. Ní cheanglóidh aon ní in alt 31 den Acht seo ar mháistir loinge is lú ná sé chéad déag tonna de mhór-thonnáiste, seachas galtán paisnéirí, deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiúin Sábháltachta is ionann agus radio-dheimhniú (pé acu tóranta dhó nó nach ea), nó deimhniú á rá go bhfuil sí díolmhaithe go hiomlán nó go páirteach ó na forála den Choinbhinsiún Sábháltachta a bhaineas le radio-thelegrafaíocht, le radio-thelefónaíocht agus le treo-aimseoirí, a thabhairt ar aird roimh dhá mhí dhéag a bheith caite tar éis dáta thosach feidhme an Achta seo; ná ar mháistir aon loinge deimhniú inghlactha faoin gCoinbhinsiún Sábháltachta is ionann agus deimhniú trealaimh shábháltachta (pé acu tóranta dhó nó nach ea) a thabhairt ar aird roimh cheithre mhí fichead a bheith caite tar éis an dáta sin; agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forála den alt sin a bhaineas le himréiteach agus coinneáil long.