|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 10 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (BAILE ÁTHA CLIATH) (LEASÚ), 1953. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE I LEITH LIMISTÉIR DLÍNSE CHOROINEARA AGUS SHIRRIAIM CHONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH DE DHROIM TORAINN CHONTAE-BHUIRGE BHAILE ÁTHA CLIATH A LEATHNÚ LE hORDÚ SEALADACH CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH (TORAINN A LEATHNÚ), 1953, ARNA DHAINGNIÚ AG AN OIREACHTAS. [31ú Márta, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Forléiriú. |
1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an tOrdú” Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Tórainn a Leathnú), 1953, arna dhaingniú ag Acht ón Oireachtas. |
[EN] | (2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1945, mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Límistéir dlínse choróinéara Chontae Bhaile Atha Cliath. |
2. —An fhaid a leanfas an duine a bheas i seilbh oifige choróinéara an Chontae le linn tosach feidhme an Orduithe seo de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh a límistéir dlínse amhail is nár tháinig an tOrdú i bhfeidhm ach, ar an duine sin a scor toisc é d'éag nó ar chúis eíle, de bheith i seilbh na hoifige sin, déanfar an méid sin den límistéir sin a folaítear sa chathair leis an Ordú a bhaint de límistéir dlínse choróinéara an chontae agus cuirfear é le límistéir dlínse choróinéara na cathrach agus beidh sé folaithe sa límistéir sin feasta. |
[EN] |
Límistéir dlínse shirriaim Chontae Bhaile Atha Cliath. |
3. —An fhaid a leanfas an duine a bheas i seilbh oifige shirriaim an chontae le linn tosach feidhme an Orduithe de bheith i seilbh na hoifige sin, leanfaidh a límistéir dlínse amhail is nár tháinig an tOrdú i bhfeidhm ach, ar an duine sin a scor toisc é d'éag nó ar chúis eile, de bheith i seilbh na hoifige sin, déanfar an méid sin den limistéir sin a folaítear sa chathair leis an Ordú a bhaint de límistéir dlínse shirriaim an Chontae agus cuirfear é le límistéir dlínse shirriaim na cathrach agus beidh sé folaithe sa limistéir sin feasta. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath) (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1953, a ghairm de na hAchta Rialtais Áitiúil (Baile Atha Cliath), 1930 go 1945, agus den Acht seo le chéile. |