14 1953


Uimhir 14 de 1953.


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT I dTAOBH CLEACHTAS SRIANTA TRÁDÁLA MAIDIR LE SOLÁTHAR AGUS IMDHÁIL EARRAÍ. [7ú Bealtaine, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Cóir-Thrádála a bunaítear le halt 2;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

An Coimisiún Cóir-Thrádála.

2. —(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar an Coimisiún Cóir-Thrádála.

(2) Bainfidh forála an Chéad Sceidil leis an gCoimisiún.

Cleachtais neamhchóra trádála.

3. —Mar threoir don Choimisiún tá liosta de chleachtais neamhchóra trádála leagtha amach sa Dara Sceideal. Ní hinmheasta gur liosta iomlán atá sa Sceideal agus ní chuirfidh sé tórainn leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

Rialacha cóir-thrádála.

4. —(1) Maidir le haon chineál earraí féadfaidh an Coimisiún, as a dtreoir féin nó ar iarratas ó chomhlachas a ionadaíos daoine atá ag gabháil do sholáthar agus d'imdháil na n-earraí sin, rialacha d'ullmhú agus d'fhoilsiú a léiríos, dar leis an gCoimisiún, coinníollacha cóir-thrádála maidir le soláthar agus imdháil na n-earraí sin agus, as a dtreoir féin nó ar iarratas ó chomhlachas a ionadaíos daoine atá, i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh, ag tabhairt aon tseirbhísí a bhaineas leis an soláthar nó an imdháil sin, féadfaid freisin rialacha d'ullmhú agus d'fhoilsiú a léiríos, dar leis an gCoimisiún, coinníollacha cóir-thrádála maidir leis na seirbhísí sin a thabhairt.

(2) Gairmtear san Acht seo rialacha cóir-thrádála de rialacha faoin alt seo.

Nós imeachta.

5. —(1) Sara ndéanfaid rialacha cóir-thrádála bhéarfaidh an Coimisiún go bhfoilseofar i pé slí is oiriúnach leo fógra go bhfuil ar intinn acu sin a dhéanamh agus bhéarfaid d'aon duine ar mian leis é caoi chun uiríolla a chur faoina mbráid i dtaobh déanamh na rialacha beartaithe; agus sonrófar sa bhfógra an t-am agus an tslí chun uiríolla a dhéanamh.

(2) Féadfaidh an Coimisiún an tslí d'ordú chun a iarraidh go ndéanfar rialacha cóir-thrádála.

Léirbhreithniú ar oibriú rialacha.

6. —Coimeádfaidh an Coimisiún oibriú rialacha cóir-thrádála faoi léirbhreithniú agus má chítear dóibh nach bhfuil na rialacha sin á gcomhlíonadh bhéarfaid tuarascáil dá réir sin don Aire.

Fiosrúcháin.

7. —(1) Féadfaidh an Coimisiún, as a dtreoir féin, a chur faoi deara agus, ar an Aire dá iarraidh sin, cuirfid faoi deara, fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh na ndála atá ann maidir le soláthar agus imdháil aon chineál earraí.

(2) Faoi réir fo-alt (3) agus (4), féadfaidh comhalta nó comhaltaí den Choimisiún ar a gcuirfidh an Coimisiún an cúram sin fiosrúchán a dhéanamh.

(3) Ní dhéanfaidh comhalta sealadach, ag gníomhú ina aonar, fiosrúchán gan toiliú an Aire.

(4) Ní fhéadfaidh níos mó ná aon chomhalta sealadach amháin gníomhú chun críche aon fhiosrúcháin áirithe.

(5) Féadfaidh an Coimisiún, i gcúrsa fiosrúcháin maidir le soláthar nó imdháil aon chineál earraí, fiosrú a dhéanamh i dtaobh na ndála atá ann maidir le haon tseirbhísí, a bhaineas leis an soláthar nó an imdháil sin, a thabhairt i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh.

(6) Is go poiblí a déanfar fiosrúchán ach amháin sa mhéid gur gá, i dtuairim an chomhalta nó na gcomhaltaí a bheas á dhéanamh, suíonna príobháideacha ionas nach nochtfar aon eolas rúnda d'fhéadfadh díobháil ábhartha a dhéanamh do leasa dlisteanacha gnótha dhuine ar bith.

(7) Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar gach fiosrúchán faoi bhráid an Aire.

(8) Má chinneann an Coimisiún, tar éis dóibh iarratas d'fháil ó dhuine ar bith á iarraidh fiosrúchán a dhéanamh, nach ndéanfaid an fiosrúchán sin, cuirfid in iúl don duine sin na fátha gur chinneadar amhlaidh.

Tuarascáil ar fhiosrúchán.

8. —(1) Gach tuarascáil a bhéarfas an Coimisiún faoi alt 6 nó 7—

(a) tuairisceofar inti na dála atá ann maidir le soláthar nó imdháil na n-earraí atá i gceist agus, más iomchuí é, na dála maidir le haon tseirbhísí, a bhaineas leis an soláthar nó an imdháil sin, a thabhairt i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh;

(b) luafar inti cé acu a dhéanas nó nach ndéanann agus, má dhéanann, conas a dhéanas, na dála sin iomaíocht a chosc nó a shrianadh nó trádáil a shrianadh nó praghas athdhíola a chothabháil;

(c) luafar inti cé acu atá nó nach bhfuil, dar leis an gCoimisiún, aon chur-isteach den tsórt sin ar iomaíocht, nó ar thrádáil, neamhchóir nó ag oibriú in aghaidh leasa an phobail;

(d) luafar inti na fátha a bhí acu lena mbreatha.

(2) Más é tuairim an Choimisiúin gur cheart don Aire ordú a dhéanamh faoi alt 9, déanfaid moladh dá réir sin ina dtuarascáil agus luafaid inti foirm an orduithe a mholaid.

(3) (a) Leagfaidh an tAire cóip den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(b) Is dleathach don Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, aon eolas sa tuarascáil d'fhágaint ar lár as an gcóip más dóigh leis go ndéanfadh foilsiú an eolais sin dochar ábhartha do leasa dlisteanacha gnótha dhuine ar bith, mura rud é gur gá an t-eolas sin chun an tuarascáil a thuiscint go hiomlán.

(c) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, i dteannta na cóipe den tuarascáil, ráiteas ag tabhairt cuntais ghinearálta ar aon eolas a fágadh ar lár amhlaidh.

Orduithe maidir le cleachtais srianta.

9. —(1) Ar an Aire do bhreithniú tuarascála ón gCoimisiún faoi alt 6 nó 7, féadfaidh sé, más cuí leis é, tar éis dó dul i gcomhairle le haon Aire eile lena mbaineann, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, le hordú, maidir le hearraí lena mbaineann an tuarascáil nó le haon aicme nó aicmí de na hearraí sin:—

(a) comhshocraíochta nó comhaontuithe sonraithe a thoir measc;

(b) a thoirmeasc soláthairtí earraí, nó seirbhísí a tugtar i gcúrsa aon trádáil nó gnó a sheoladh agus a bhaineas le soláthar nó imdháil na n-earraí sin, a choimeád siar ó aon aicme shonraithe daoine;

(c) a thoirmeasc fábhair shonraithe a thabhairt maidir le soláthar earraí nó le horduithe a thabhairt chun earraí a sholáthar, nó maidir le tabhairt aon tseirbhísí den tsórt sin;

(d) a thoirmeasc coinníollacha sonraithe d'fhorchur maidir le soláthar nó imdháil earraí nó le tabhairt aon tseirbhísí den tsórt sin;

(e) pé socrú a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá chun a áirithiú go dtabharfar cothrom go gach duine maidir le soláthar nó imdháil na n-earraí a bheas i gceist nó maidir le tabhairt aon tseirbhísí den tsórt sin agus go seachnófar cleachtais neamhchóra;

(f) pé socrú eile is oiriúnach leis a dhéanamh maidir le cleachtais srianta a bhaineas le soláthar agus imdháil earraí nó a bhaineas le tabhairt aon tseirbhísí den tsórt sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoi fho-alt (1) a chúlghairm nó a leasú.

(3) Ní bheidh éifeacht ag ordú faoin alt seo mura ndaingnítear é le hAcht an Oireachtas ach, ar é a bheith daingnithe amhlaidh, beidh feidhm dlí aige do réir a théarmaí.

(4) Má mholann an Coimisiún, i dtuarascáil chun an Aire, ordú a dhéanamh agus go gcinnfidh an tAire gan aon ordú a dhéanamh, leagfaidh sé ráiteas faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina n-inseoidh sé na fátha a bhí aige leis an gcinneadh sin.

(5) Déanfaidh an tAire do réir fo-ailt (4) laistigh de thrí mhí tar éis dó an tuarascáil d'fháil.

Dualgais ghinearálta an Choimisiúin.

10. —Coimeádfaidh an Coimisiún faoi léirbhreithniú an éifeacht ghinearálta atá ar leas an phobail ag cleachtais srianta maidir le soláthar agus imdháil earraí agus maidir le haon tseirbhísí, a bhaineas leis an soláthar nó an imdháil sin, a thabhairt i gcúrsa aon trádála nó gnótha, agus oibriú orduithe faoi alt 9 agus féadfaid (agus, má iarrann an tAire é, déanfaid) tuarascáil ar aon ní den tsórt sin agus a molta maidir leis an mbeart ba cheart a dhéanamh ina thaobh a chur faoi bhráid an Aire.

Dlínse Chúirte chun urghaire a dheonadh.

11. —Is dleathach do chúirt dlínse inniúla urghaire a dheonadh ar fhoriarratas ón Aire nó ó dhuine ar bith eile á ordú go ndéanfar do réir téarmaí orduithe, faoi alt 9, atá i bhfeidhm de thuras na huaire, d'ainneoin ábhar aon imeachta eile, sibhialta nó coiriúil, a bheith ann chun na críche sin.

Sárú ar Ordú.

12. —(1) Aon duine a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil d'ordú faoi alt 9 a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Gach duine a chabhrós, a neartós nó a chomhcheilgfeas le duine eile chun aon ní a dhéanamh (trí ghníomh nó neamhghníomh) a ndearbhaítear le fo-alt (1) gur cion é a dhéanamh, beidh sé féin ciontach i gcion.

Cionta maidir le comhluchta corpraithe agus comhluchta neamhchorpraithe.

13. —(1) Má dhéanann comhlucht corpraithe, nó duine a airbheartós a bheith ag gníomhú thar ceann comhluchta chorpraithe nó comhluchta neamhchorpraithe daoine, cion faoin Acht seo, agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó aontú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí mhainneachtaint, aon duine atá, i gcás comhluchta chorpraithe, ina stiúrthóir air nó, i gcás comhluchta neamhchorpraithe', ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialuithe an chomhluchta sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

(2) (a) Féadfar comhlucht corpraithe a chur ar aghaidh chun a thriala ar díotáil i leith ciona faoin Acht seo faoi chúirtbhannaí nó dá n-éagmais.

(b) Ar é a dhíotchúiseamh i láthair na Príomh-Chúirte Coiriúla nó na Cúirte Cuarda, féadfaidh an comhlucht corpraithe pléadáil chiontachta nó neamhchiontachta a thaifeadadh i scríbhinn trína ionadaí agus mura láithreoidh sé trí ionadaí arna cheapadh aige chuige sin nó, cé go láithreoidh sé amhlaidh, má mhainníonn sé aon phléadáil a thaifeadadh, ordóidh an chúirt pléadáil neamhchiontachta a thaifeadadh agus raghaidh an triail ar aghaidh amhail is dá mbeadh an comhlucht corpraithe tar éis an phléadáil sin a thaifeadadh go cuí.

(c) Aon ráiteas i scríbhinn a airbheartós a bheith sínithe ag rúnaí an chomhluchta chorpraithe, á rá go bhfuil an duine a hainmnítear sa ráiteas ceaptha ina ionadaí don chomhlucht chun críche an fho-ailt seo, beidh sé inghlactha gan a thuilleadh cruthúnais mar fhianaise gur ceapadh an duine sin amhlaidh.

(3) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil, chun críche nó i gcúrsa imeacht faoin alt seo, ar chomhlucht corpraithe, féadfar é a sheirbheáil trína fhágaint ag oifig chláraithe an chomhluchta sin nó trína chur leis an bpost go dtí an oifig sin nó, mura bhfuil aon oifig den tsórt sin sa Stát, trína fhágaint ag an gcomhlucht, nó trína chur leis an bpost go dtí an comhlucht, in aon áit sa Stát ina bhfuil gnó á sheoladh aige.

Pionóis.

14. —(1) Gach duine a dhéanfas cion faoin Acht seo nach bhforáltar pionós speisialta ina leith—

(a) dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná caoga punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile, nó

(b) dlífear, ar a chiontú ann ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig mhíle punt a chur air (agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig chéad punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion) nó, de roghain na Cúirte, piantseirbhís ar feadh téarma nach sia ná deich mbliana nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain nó an fhíneáil sin agus an phiantseirbhís nó an phríosúntacht sin le chéile.

(2) (a) Más rud é—

(i) go gciontófar duine i gcion faoin Acht seo toisc é do mhainniú, d'fhaillí nó do dhiúltú déanamh do réir forála in ordú á cheangal air gníomh sonraithe a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe nó roimh dháta sonraithe, agus

(ii) go bhfanfaidh an gníomh sin gan déanamh aige tar éis dáta an chiontuithe sin, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chiontuithe chéadluaite sin, a fhanfas an gníomh gan déanamh aige nó, de roghain na Cúirte, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá mhí dhéag.

(b) Is cion leanúnach cion faoin bhfo-alt seo agus dá réir sin féadfar imeachta nua a thionscnamh ina leith ó am go ham.

Imeachta achomaire.

15. —(1) Féadfaidh an tAire imeachta sa Chúirt Dúiche i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh agus a thabhairt ar aghaidh.

(2) D'ainneoin fo-ailt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachta achomaire i leith ciona faoin Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí déag ó dháta an chiona.

Cosaint le haghaidh feidhmiú dualgais reachtúil.

16. —Ní bhainfidh an tAcht seo le haon ní a déanfar i bhfeidhmiú dualgais reachtúil.

Caiteachais.

17. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire nó an Coimisiún ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

18. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 , a ghairm den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL.

An Coimisiún Cóir-Thrádála.

Alt 2.

Comhdhéanamh.

1.—(1) Is iad buan-chomhaltaí a bheas ar an gCoimisiún cathaoirleach agus beirt chomhaltaí eile ar a laghad agus ceathrar comhaltaí eile ar a mhéid. Is é an tAire a cheapfas iad.

(2) Aon uair a chífear don Aire go bhfuil buan-chomhalta éagumasach go sealadach ar a dhualgais a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire comhalta sealadach a cheapadh chun gníomhú ina ionad ar feadh an éagumais sin nó ar feadh pé tréimhse is giorra ná sin is cuí leis an Aire.

(3) Féadfaidh an tAire comhaltaí sealadacha breise a cheapadh freisin.

Comhaltaí.

2.—(1) Socróidh an tAire téarma oifige buan-chomhalta nuair a bheas sé á cheapadh agus ní bheidh an téarma sin níos sia ná cúig bliana.

(2) Féadfar buan-chomhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.

(3) Sealbhóidh gach comhalta a oifig ar pé coinníollacha a shocrós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(4) Féadfar pé luach saothair a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhalta.

(5) Ní bhainfidh Achta Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 agus 1926, le hoifig chomhalta.

Srian le duine leasmhar do ghníomhú mar chomhalta.

3.—Má bhíonn leas pearsanta ag comhalta i ní áirithe atá á phlé ag an gCoimisiún, cuirfidh sé sin in iúl don Aire agus ní ghníomhóidh sé mar chomhalta le linn an ní sin a bheith á bhreithniú mura ndéanfaidh an tAire, ar bheith dhó ar an tuairim nach bhfuil an leas atá aige ann de shaghas a chuirfeadh isteach ar chomhlíonadh neamhchlaon a dhualgas, údaras a thabhairt dó gníomhú amhlaidh.

Cur as oifig, éirí as oifig agus dícháiliú.

4.—(1) Féadfaidh an tAire comhalta a chur as oifig má éiríonn sé éagumasach de dheasca easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtach nó má chítear don Aire gur gá é a chur as oifig ar mhaithe le comhlíonadh éifeachtach eacnamúil feidhmeanna an Choimisiúin.

(2) Má chuireann an tAire comhalta as oifig leagfaidh sé faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas i scríbhinn ag lua na bhfáth a bhí aige lena chur as oifig.

(3) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig.

(4) Má thagann comhalta den Choimisiún chun bheith ina chomhalta de cheachtar Tigh den Oireachtas, ansin, ar é a theacht, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, i dteideal suí sa Tigh sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(5) Aon duine a bheas de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Tigh sin, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Choimisiún.

(6) Beidh comhalta dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh se de bheith, i seilbh oifige má breithnítear ina fhéimhí é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó má dhaorann cúirt dlínse inniúla chun príosúntachta nó piantseirbhíse é nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Nós imeachta.

5.—(1) Beirt bhuan-chomhalta is córam ag cruinniú den Choimisiún mura dtreoróidh an tAire a mhalairt.

(2) Féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas ina gcomhaltas.

(3) Féadfaidh an Coimisiún a nós imeachta féin a rialú.

Cumhacht an Choimisiúin chun finnéithe a thoghairm, etc.

6.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, chun críocha a bhfeidhmeanna, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:—

(a) finnéithe a thoghairm chun teacht os a gcomhair,

(b) na finnéithe a thiocfas os a gcomhair a cheistniú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo do gach comhalta finnéithe a chur faoi mhionn),

(c) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choimisiún.

(2) Beidh teideal ag finné os comhair an Choimisiúin chun na saoirsí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(3) Ní foláir toghairm a bheith sínithe ag comhalta amháin ar a laghad.

(4) Duine ar bith—

(a) a toghairmfear go cuí mar fhinné os comhair an Choimisiúin agus a mhainneos teacht i láthair, nó

(b) a bheas i láthair mar fhinné agus a dhiúltós mionn a thabhairt a cheanglós an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird a cheanglós an Coimisiún air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an Coimisiún air go dlíthiúil d'fhreagairt, nó

(c) a dhéanfas aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt bhreithiúnais ag a raibh cumhacht chimithe mar gheall ar dhísbeagadh cúirte an Coimisiún, ina dhísbeagadh ar an gcúirt sin,

féadfaidh an Coimisiún cion an duine sin a dheimhniú faoina lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an chúirt, tar éis pé fiosrúcháin is cuí léi a dhéanamh, an duine sin a phionósú, nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú, amhail agus dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh ar an gcúirt sin.

(5) Sa mhír seo forléireofar tagairtí don Choimisiún mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chomhalta nó do chomhaltaí a bheas ag déanamh fiosrúcháin faoi alt 7.

Fógra i dtaobh fiosrúcháin agus aighneachta ó dhaoine leasmhara.

7.—(1) Bhéarfaidh an Coimisiún go bhfoilseofar, i pé slí is oiriúnach leo, fógra go bhfuil beartaithe acu fiosrúchán a dhéanamh.

(2) Féadfaidh duine ar bith aighneacht a chur faoi bhráid an Choimisiúin, sa tslí a hordófar lena rialacha, maidir le hábhar fiosrúcháin.

Aitribh d'iniúchadh agus eolas d'fháil.

8.—(1) Sa mhír seo, ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a bheas údaraithe i scríbhinn ag an gCoimisiún chun críocha na míre seo.

(2) Ineosfar in údarás oifigigh údaraithe na nithe a bhféadfaidh sé gníomhú ina leith faoin mír seo.

(3) D'fhonn an t-eolas d'fháil is gá chun an tAire nó an Coimisiún d'fheidhmiú aon fheidhme faoin Acht seo, údaraítear leis seo d'oifigeach údaraithe, ar é do thaispeáint a údaráis, má hiarrtar sin ar—

(a) dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina bhfuil aon ghníomhacht ar siúl i ndáil le gnó soláthair nó imdhála earraí nó i ndáil le heagrú daoine, nó le cúnamh a thabhairt do dhaoine, atá ag gabháil d'aon ghnó den tsórt sin agus an t-áitreabh d'iniúchadh;

(b) a cheangal ar an duine a bhfuil an ghníomhacht sin ar siúl aige, agus ar aon duine atá fostaithe i ndáil léi, aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhaineas leis an ngníomhacht sin agus atá ar chumas nó faoi urláimh an duine sin a thabairt ar aird don oifigeach agus pé eolas a thabhairt dó a theastós uaidh do réir réasúin i dtaobh aon nithe a taifeadadh sna leabhair, sna doiciméid agus sna taifid sin;

(c) na leabhair, na doiciméid agus na taifid sin d'iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógaint astu;

(d) a cheangal ar dhuine den tsórt sin aon eolas a thabhairt don oifigeach a theastós uaidh maidir leis na daoine a bhfuil an ghníomhacht sin ar siúl acu (lena n-áirítear, go sonrach, i gcás comhluchta neamhchorpraithe daoine, eolas maidir le comhaltas an chomhluchta sin agus a choiste bhainistí nó a údaráis rialuithe eile) nó atá fostaithe i ndáil leis an ngníomhacht sin;

(e) a cheangal ar dhuine den tsórt sin aon eolas a thabhairt don oifigeach a theastós do réir réasúin ón oifigeach maidir leis an ngníomhacht sin.

(4) Aon duine a bhacfas nó a choiscfeas oifigeach údaraithe agus é ag feidhmiú cumhachta faoin alt seo, nó nach ndéanfaidh do réir ceanglais faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.

Toirmeasc le heolas rúnda a nochtadh.

9.—(1) Ní nochtfaidh duine ar bith eolas a bhí ar fáil aige de bhuaidh na gcumhacht chun eolas d'fháil a bheirtear leis an Acht seo nó trína bheith i láthair ag cruinniú den Choimisiún a comóradh go príobháideach.

(2) Ní bhaineann fo-mhír (1) den mhír seo—

(a) le scéala ó chomhalta den Choimisiún nó ó oifigeach údaraithe i gcomhlíonadh a dhualgas dó faoin Acht seo, ná

(b) le nochtadh eolais i dtuarascáil ón gCoimisiún nó chun críche imeacht dlíthiúla faoin Acht seo.

(3) Má sháraíonn duine ar bith an mhír seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh tréimhse nach sia ná sé mhí nó, de roghain na Cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Oifigigh agus seirbhísigh.

10.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cuidiú leis an gCoimisiún i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

(2) Na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar amhlaidh, sealbhóid oifig ar pé téarmaí agus gheobhaid pé luach saothair a chinnfeas an tAire Airgeadais.

Tuarascáil bhliantúil.

11.—A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, bhéarfaidh an Coimisiún tuarascáil don Aire ar a n-imeachta i gcaitheamh na bliana agus leagfaidh an tAire an tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

AN DARA SCEIDEAL.

Cleachtais Neamichóra Trádála.

Alt 3.

Bearta, rialacha, comhaontuithe nó gníomhartha ar bith a bhfuil éifeacht á tabhairt dóibh, nó le tabhairt dóibh, ag duine ina aonar nó i gcomhar nó faoi chomhaontú, sainráite nó intuighte, le daoine eile nó trí chomhdhlús, ollchuing, cairteal, monaplacht nó meán nó sás eile d'aon tsórt agus—

(a) a bhfuil d'éifeacht acu, nó ar dóigh é a bheith d'éifeacht acu, tórainn nó srian neamhréasúnach a chur le saoirse chóir iomaíochta, nó

(b) a chuireas srian neamhréasúnach le trádáil, nó

(c) a bhfuil d'éifeacht acu, nó ar dóigh é a bheith d'éifeacht acu, iomaitheoir trádála a chur go míchóir ó iomaíocht, nó

(d) a ardaíos go míchóir luach earraí, nó a chuireas go neamhchóir le tairbhe soláthróirí nó imdálaithe earraí, chun éadairbhe an phobail, nó

(e) a thugas faoi urlámhas, nó ar dóigh go dtabharfaidh siad faoi urlámhas, go substainteach nó go hiomlán, soláthar nó imdháil earraí nó aon aicme earraí, go neamhchóir nó contrártha do leas an phobail, nó

(f) a dhéanas, gan chúis chóir, toirmeasc nó srianadh ar sholáthar earraí d'aon duine nó d'aon aicme dhaoine nó fábhar a thabhairt maidir le soláthar earraí nó maidir le horduithe a thabhairt chun earraí a sholáthar, nó

(g) a chuireas, nó ar dóigh go gcuirfid, srian mhíchóir le feidhmiú saoirse roghan ag duine ar bith i dtaobh na n-earraí a sholáthrós nó a imdháilfeas sé nó i dtaobh an cheantair ina soláthróidh nó ina n-imdháilfidh sé a chuid earraí, nó

(h) a fhorchuireas coinníollacha míchóra nó neamh-réasúnacha maidir le soláthar nó imdháil earraí, nó

(i) a choinníos, nó ar dóigh go gcoinneoid, gan chúis mhaith, daoine ó ghabháil le haon trádáil nó tionscal, nó

(j) a dhéanas, nó ar dóigh go ndéanfaid, go míchóir, margaí a roinnt do réir cheantar idir daoine áirithe nó aicmí áirithe daoine agus daoine eile d'eisiamh, nó

(k) atá, in aon tslí eile, in aghaidh leasa an phobail nó ar neamhréir le buntreora an cheartais chomhdhaonnaigh.