21 1953


Uimhir 21 de 1953.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS d'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [28ú Iúil, 1953.]

CHTAITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1953-54.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forchám don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1952, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1953, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar alt 32 den Income Tax Act, 1918.

2. —Más rud é go ndéanfaidh duine ar bith, tar éis an 21ú lá de Bhealtaine, 1953—

(a) árachas a chur ar a shaol féin nó ar shaol a mhná céile, nó

(b) conradh a cheangal i gcóir aon bhlianachta iarchurtha ar a shaol féin nó ar shaol a mhná céile,

le haon chuideachta árachais nó cara-chumann, is cuideachta nó cumann atá cláraithe sa Stát, agus á bhainistí agus á rialú ann, cinnfear méid aon fhaoisimh a bhfuil sé ina theideal faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, maidir leis an árachas nó an conradh sin, amhail is dá mbeadh na focail “two-thirds of the standard rate of tax” curtha i gClásal (A) de mhír (i) d'fho-alt (1) agus i gclásal (A) d'fho-mhír (i) de mhír (e) d'fho-alt (3) den alt sin in ionad na bhfocal “half the standard rate of tax”.

Faoiseamh i gcásanna áirithe.

3. —(1) Más rud é, i gcás aon duine lena mbaineadh forála ailt 2 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941)

(a) go bhfuil ioncam ag an duine sin as tír lasmuigh den Stát agus lasmuigh den Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann a dtugtaí faoiseamh ina leith de bhuaidh na bhforál sin, agus

(b) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim i dtaobh an ioncaim sin gur mó an cháin iomlán, is é sin, cáin na hÉireann (lena n-áirítear forcháin) i leith an ioncaim, maraon le cáin chomhréire na tíre sin, ná méid na cánach comhréire sin dá ríomhtaí í ar an bhforas go raibh cáin inghearrtha, i leith ioncaim ó bhunaidh sa tír sin, ar an duine sin mar dhuine a raibh a aon-chónaí sa tír sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh nach mó ná méid na breise sin a thabhairt.

(2) Measfar an t-alt seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán 1952, agus beidh éifeacht aige amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

CUID II.

Mál.

Dleacht shiamsa— rátaí i gcás taispeántas oinematografach.

4. —Ar an lú lá de Mheán Fómhair, 1953, agus dá éis, beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Airgeadais, 1948 ( Uimh. 12 de 1948 ), amhail is dá gcuirtí na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí a sonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin, is é sin le rá:—

An Ráta Dleachta

Má tá an íocaíocht as dul isteach, gan dleacht d'áireamh,

níos mó ná

4d.

ach gan bheith níos mó ná

4½d.

..

½d.

,,     ,,     ,,

4½d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

5d.

..

1d.

,,     ,,     ,,

5d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

6½d.

..

1½d.

,,      ,,     ,,

6½d.

,,      ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

8d.

..

2d.

,,     ,,     ,,

8d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,      ,,

9d.

..

3d.

,,     ,,     ,,

9d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

10½d.

..

4½d.

,,     ,,     ,,

10½d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1s. 0d.

..

6d.

,,     ,,     ,,

1s. 0d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1s. 1d.

..

7d.

,,     ,,     ,,

1s. 1d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1s. 3d.

..

9d.

,,     ,,     ,,

1s. 3d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1s. 5d.

..

10d.

,,     ,,     ,,

1s. 5d.

,,     ,,     ,,     ,,     ,,     ,,

1s. 6d.

..

1s. 0d.

,,     ,,     ,,

1s. 6d.

     ..       ..     ..     ..

..

1s. 0d. ar an gcéad 1s. 6d. agus 3d. ar gach 3d. nó cuid de 3d. sa bhreis.

Dleacht shiamsadíolúine.

5. —Ní muirearófar ná ní toibheofar dleacht shiamsa do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, is inmhuirir faoin alt sin, ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a gcruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim—

(a) go bhfuil an siamsa á thionscnamh ag Cumann Peil Cise Báigheach na hÉireann nó ag club atá cleamhnaithe leis an gcumann sin nó faoina rialú go díreach agus nach bhfuil sa tsiamsa ach cluiche taispeántais peile cise, nó

(b) go bhfuil an siamsa á thionscnamh ag Cumann Rothaidheachta na hÉireann nó ag club atá cleamhnaithe leis an gcumann sin nó faoina rialú go díreach agus nach bhfuil sa tsiamsa ach taispeántas rásaíochta rothar rollóra agus nach mbronntar airgead ar dhuine ar bith, ná nach n-íoctar airgead le duine ar bith, a ghlacas páirt nó a dhéanas iomaíocht ann, pé acu mar dhuais nó luach saothair nó eile é.

Dleacht shiamsa-aisíoc i gcás taispeántas cinematografach áirithe.

6. —(1) I gcás—

(a) dleacht shiamsa do réir bhrí ailt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, is inmhuirir faoin alt sin, a bheith íoctha i leith íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a bheas ar siúl an lú lá de Mheán Fómhair, 1953, nó dá éis, agus.

(b) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur siamsa é ar comhlíonadh ina leith na coinníollacha a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo,

aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le dílseánach an tsiamsa suim is ionann agus caoga faoin gcéad den dleacht a híocadh amhlaidh.

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo:

(a) nach bhfuil sa tsiamsa ach taispeántas cinematografach, agus

(b) go bhfuil fiúntas oideachais sa tsiamsa—

(i) toisc gur pictiúirí reatha a táirgtear trí mheán scannáin chinematografaigh, lena ngabhann fuaim-rian leanúnach trína dtáirgtear urlabhra i nGaeilge, tríocha is trí is trian faoin gcéad ar a laghad den tsiamsa, nó

(ii) toisc gur pictiúirí reatha a táirgtear trí mheán scannáin chinematografaigh, lena ngabhann fuaim-rian leanúnach trína dtáirgtear urlabhra i dteanga seachas teangacha oifigiúla an Stáit, caoga faoin gcéad ar a laghad den tsiamsa.

(3) Ní measfar an siamsa a bheith ina shiamsa oideachasúil ar fad, do réir bhrí míre (b) d'fho-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), de bhíthin amháin go gcomhlíonann sé an coinníoll a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo.

Dleacht shiamsa— leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais, 1949 .

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-alt” alt 13 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ).

(2) Beidh éifeacht ag an bpríomh-alt faoi réir an choinníll—

(a) má thaispeánann an daonáireamh is déanaí de thuras na huaire gur mó ná cúig chéad daonra baile áirithe, agus

(b) murar mhó ná cúig chéad daonra an bhaile sin do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin,

go measfar chun críocha an phríomh-ailt daonra an bhaile do réir an daonáirimh sin is déanaí a bheith laghdaithe chun nach mó é ná cúig chéad i leith na tréimhse dhá bhliain dár tosach lá foilsithe an daon- áirimh sin is déanaí (mar dheimhneos an tAire Airgeadais é le hordú chun críocha an choinníll seo).

(3) Forléireofar an tagairt i mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo do dhaonra an bhaile do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin, i gcás ina raibh éifeacht maidir leis an daonra sin ag an gcoinníoll a chuir alt 10 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), leis an bpríomh-alt mar thagairt don daonra sin arna laghdú mar sonraítear sa choinníoll sin.

(4) Más é daonáireamh 1951 an daonáireamh is déanaí de thuras na huaire, beidh éifeacht ag an gcoinníoll a sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ach tagairt don tréimhse dhá bhliain dár tosach an lú lá de Mheán Fómhair, 1953, a chur in ionad na tagairte don tréimhse dhá bhliain dár tosach lá foilsithe an daonáirimh mar deimhneofar é.

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 .

8. —(1) Leasaítear leis seo mír (3) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 (Uimh. 24 de 1952) , tríd an bhforáil seo a leanas a chur léi:

“Má tá feirm á seoladh mar chuid d'aon cheann díobh seo a leanas nó i ndáil leis—

(a) ospidéal, sanatorium, teach téarnaimh nó foras dá samhail sin,

(b) foras meabhair-ghalar do réir bhrí an Achta Chóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 ),

(c) mainistir, coinbhint nó foras dá samhail sin, nó

(d) coláiste, scoil nó foras dá samhail sin,

measfar chun críocha na míre seo gur duine arb í an fheirmeoireacht is príomhghnó aige an duine atá ag seoladh na feirme.”

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a rith.

(3) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint do na forála roimhe seo den alt seo agus is do réir pé treoruithe a bhéarfas an tAire Rialtais Áitiúil a déanfar iad.

CUID III.

Cáin Bhrabús Corparáide.

Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint i bhfeidhm.

9. —Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus le fo-alt (2) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), a thabhairt in aghaidh na tréimhse dár tosach an lú lá d'Eanáir, 1953, agus dár críoch an 31ú lá de Nollaig, 1955.

CUID IV.

Ioncam nach féidir a chur chun an Stáit: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Ioncam nach féidir a chur chun an Stáit.

10. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide, do réir mar bheas;

ciallaíonn “ioncam sonrach” ioncam a bhfuil a bhunadh lasmuigh den Stát agus arb é a mhéid an méid nó cuid den mhéid (dá ngairmtear an méid adúradh san alt seo) ar a ríomhtar an cháin do réir an reachta iomchuí.

(2) Faoi réir na bhfo-alt eile den alt seo, beidh éifeacht ag forála an ailt seo i gcás—

(a) cáin a mhuirearú trí mheasúnú in aghaidh aon tréimhse, pé acu roimh dháta an Achta seo a rith a thosnaigh sé nó nach ea, agus pé acu roimh an dáta sin a rinneadh an measúnú nó nach ea, agus

(b) gan an cháin a bheith íoctha.

(3) In aon chás ina dtabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim, ar an dáta a bheas an cháin iníoctha nó dá éis sin, pé cruthúnas is leor leo nach féidir, mar gheall ar reachtaíocht sa tír ina bhfuil a bhunadh nó mar gheall ar bheart feidhmiúcháin ag Rialtas na tíre sin, ioncam sonrach a chur chun an Stáit, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha bailiúcháin, an measúnú d'áireamh amhail is nár fholaigh an méid adúradh an t-ioncam sonrach, ach beidh deireadh leis an áireamh sin a luaithe a bheas na Coimisinéirí Ioncaim gan leor-chruthúnas den tsórt sin.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, aon eolas is riachtanach leo d'éileamh.

(5) Duine ar bith atá míshásta le breith na gCoimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh sé, trí fhógra scríofa a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de lá agus fiche tar éis an bhreith a chur in iúl dó, a iarraidh an cás a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Speisialta, agus beidh a mbreith sin ina breith chríochnaitheach.

Forléiriú na Coda seo den Acht seo.

11. —Déanfar an Chuid seo den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a léamh agus d'fhorléiriú i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim agus, a mhéid a bhaineas sí le cáin bhrabús corparáide, léifear agus forléireofar í i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

CUID V.

Dleachta Stampa

Malairtiú.

12. —(1) San alt seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Stamp Act, 1891.

(2) (a) Más rud é, i gcás aon mhaoin a mhalairtiú ar aon mhaoin eile, nach ionann luach don dá mhaoin a malairtíodh, muirearófar dleacht stampa ar na bpríomh-ionstraim nó ar an aon-ionstraim (dá ngairmtear an ionstraim adúradh sa bhfo-alt seo) trína ndearnadh an mhalairt, agus beidh sí faoi réir forál an Phríomh-Achta (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin), amhail is mdá ba tíolacas d'éis díola í, in ionad í a bheith ina hionstraim den tsórt sin, i leith na maoine is airde luach—

(i) a rinneadh i gcomaoin suime dob ionann agus an difríocht idir luach an dá mhaoin a malairtíodh,

(ii) a rinneadh chun an duine nó na ndaoine inar dhílsigh an mhaoin is airde luach,

(iii) faoinar aistrigh an leas tairbhiúil go léir chun an duine a tháinig i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin is airde luach, nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, faoinar aistrigh leas tairbhiúil chun gach duine acu, agus

(iv) ina raibh ráitis agus deimhnithe ar bith den tsórt dá dtagartar in alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus in alt 21 den Acht Airgeadais, 1952 ( Uimh. 14 de 1952 ), d'fhéadfadh go cuí a bheith ann dá mba tíolacas d'éis díola den tsórt sin é iarbhír.

(b) Má bhíonn ionstraimí éagsúla ann chun teideal cheachtar páirtí sa mhalairt a chomhlánú, fionnfar an phríomh-ionstraim agus muirearófar dleacht ar na hionstraimí eile mar foráltar sa Phríomh-Acht i gcás ionstraimí éagsúla tíolactha.

(c) Measfar gan an ionstraim adúradh a bheith stampáilte go cuí mura bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a thabhairt ina taobh do réir ailt 12 den Phríomh-Acht.

(d) Sa bhfo-alt seo ciallaíonn “maoin” tailte, tionóntáin nó oidhreachtáin agus ciallaíonn “luach”, nuair a húsáidtear é maidir le maoin, luach na maoine agus í saor ó gach muirear agus eire.

(3) Ní bheidh feidhm ag alt 73 den Phríomh-Acht maidir le malairt lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, agus i gcás aon mhalairte den tsórt sin forléireofar mar thagairtí don fho-alt sin na tagairtí don alt sin 73 atá faoin mírcheann “Exchange or Excambion” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht.

Díolúine d'admhála áirithe.

13. —(1) Cuirfear an díolúine seo a leanas in ionad díolúine uimhir (6) faoin mírcheann “Receipt given for, or upon the payment of, money amounting to £2 or upwards” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891:

“(6) Receipt given for or on account of any salary, pay or wages, or for or on account of any other like payment made to or for the account or benefit of any person, being the holder of an office or an employee, in respect of his office or employment, or for or on account of money paid in respect of any pension, superannuation allowance, compassionate allowance or other like allowance.”

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 38 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , agus alt 36 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935) .

Dleachta stampa d'aisíoc i gcásanna áirithe.

14. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “alt 1947” alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 ( Uimh. 33 de 1947 ), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin;

ciallaíonn “alt 1949” alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

(2) Más rud é—

(a) gur muirearaíodh dleacht stampa ar ionstraim (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) do réir fo-ailt (5) d'alt 1947,

(b) go n-iarrfaidh duine faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim a thabhairt i dtaobh na hionstraime, agus

(c) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh an duine a tháinig, faoin ionstraim, i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin a tíolaiceadh nó a haistríodh (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, gach duine ar leith acu) ina shaoránach Éireannach ar dháta forghníomhuithe na hionstraime,

measfar go raibh san ionstraim aon ráitis den tsórt dá dtagartar in alt 1947 d'fhéadfadh go cuí a bheith inti, agus go raibh dleacht inmhuirir uirthi dá réir sin, pé acu stampáladh nó nár stampáladh cheana í le stampa áirithe á thaispeáint gur stampáladh go cuí í.

(3) Más rud é—

(a) gur muirearaíodh dleacht stampa ar ionstraim (roimh an Acht seo a rith nó dá éis) do réir fo-ailt (5) d'alt 1949,

(b) go n-iarrfaidh duine faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim a thabhairt i dtaobh na hionstraime, agus

(c) go gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh an duine a tháinig i dteideal an leasa thairbhiúil go léir i leas an léasaí faoin ionstraim (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil ann, gach duine ar leith acu) ina shaoránach Éireannach ar dháta forghníomhuithe na hionstraime,

measfar go raibh san ionstraim aon ráitis den tsórt dá dtagartar in alt 1949 d'fhéadfadh go cuí a bheith inti, agus go raibh dleacht inmhuirir uirthi dá réir sin, pé acu stampáladh nó nár stampáladh cheana í le stampa áirithe á thaispeáint gur stampáladh go cuí í.

(4) In aon chás den tsórt dá dtagartar i bhfo-alt (2) nó i bhfo-alt (3) den alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an difríocht idir an méid dleachta a muirearaíodh iarbhír ar an ionstraim agus an méid a meastar is inmhuirir uirthi de bhuaidh an ailt seo d'aisíoc, ar choinníoll go n-iarrfar an t-aisíoc laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an Achta seo a rith nó dáta na hionstraime (pé dáta acu is déanaí).

(5) Forléireofar an tagairt i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), do na hachtacháin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht sin a rith mar thagairt a fholaíos tagairt do na fo-ailt roimhe seo den alt seo.

CUID VI.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

15. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasaitheach 1952” alt 23 den Acht Airgeadais 1952 ( Uimh. 14 de 1952 );

ciallaíonn “an tríú blianacht bhreise” an tsuim a muirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead as a chéile dár tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1954, ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1952 ach “£463,805” a chur in ionad “£501,992”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1952 ach “£292,755” a chur in ionad “£323,127”.

(4) Déanfar suim £767,274 chun fuascailte iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais as a chéile dár tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1954.

(5) Íocfar an tríú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den tríú blianacht bhreise, nach mó ná £493,955 in aon bhliain airgeadais áirithe, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiachas poiblí d'íoc.

(7) Déanfar iarmhéid na tríú blianachta breise d'úsáid in aon cheann nó cinn de na slite a sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomhalt.

Dleachta báis d'íoc trí Iasacht Náisiúnta 5% 1962/72 d'aistriú.

16. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Iasacht” an Iasacht Náisiúnta 5%, 1962/72;

ciallaíonn “an Cuntas” pé cuntas a hordófar de bhun fo-ailt (3) den alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire a fhoráil le rialacháin go ndéanfar, faoi réir na rialachán, stoc de chuid na hIasachta a ghlacadh mar íocaíocht ar aon dleacht bháis.

(3) I gcás rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo, ansin, duine ar bith a dhlífeas aon tsuim d'íoc i leith aon dleachta báis, féadfaidh sé, faoi réir na rialachán, an tsuim nó aon chuid di d'íoc trí aistriú a dhéanamh, chun pé cuntais de chuid an Aire a bheas ordaithe leis na rialacháin, ar an oiread de stoc na hIasachta is comhionann ina luach ar dháta an aistrithe leis an tsuim nó leis an gcuid den tsuim.

(4) Aon tsealbháin de stoc na hIasachta a haistreofar chun an Chuntais, féadfar iad a choinneáil ann nó iad a dhíol nó a chealú nó déileáil leo ar shlí eile mar ordós an tAire.

(5) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aistriú sealbháin de stoc na hIasachta chun an Chuntais a ghlacadh mar ní is ionann agus suim airgid d'íoc leo de mhéid is comhionann le luach an tsealbháin ar dháta an aistrithe.

(6) Íocfaidh an tAire leis na Coimisinéirí Ioncaim as an gCuntas na luacha a bhí, ar dháta an aistrithe, ar shealbháin de stoc na hIasachta a haistríodh chun an Chuntais.

(7) Íocfar isteach sa Chuntas suimeanna a híocfar mar ús, nó mar fhuascailt, ar shealbháin de stoc na hIasachta a coinneofar sa Chuntas agus suimeanna a gheofar as sealbháin den tsórt sin a dhíol nó as aon déileála eile leo.

(8) Déanfar suimeanna a híocfar isteach sa Chuntas de bhun fo-ailt (7) den alt seo d'úsáid chun nó mar chabhair chun íocaíochtaí a dhéanamh a ceanglaítear ar an Aire leis an alt seo a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim as an gCuntas, agus íocfar aon iarmhéid, mar threorós agus nuair a threorós an tAire é, isteach sa Stát-Chiste chun airgead d'aisíoc a hairleacadh chun an Chuntais as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, má bhíonn breis ag an iarmhéid ar an tsuim is gá chun airgead d'aisíoc a hairleacadh chun an Chuntais as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, cuirfear an bhreis chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire.

(9) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun an Chuntais pé suimeanna is gá faoi chomhair aon íocaíochtaí faoin alt seo ón Aire chun na gCoimisinéirí Ioncaim, as an gCuntas, nach ndéantar faoi fho-alt (8) den alt seo.

(10) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis faoin alt seo, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a thógaint ar iasacht, féadfaidh urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste aon airgead a thógfas sé ar iasacht amhlaidh.

(11) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin alt seo agus na gcaiteachas faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin.

(12) Chun críocha an ailt seo—

(a) is é luach a bheas, ar dháta an aistrithe, ar aon tsealbhán de stoc na hIasachta a haistreofar chun an Chuntais an t-aghluach ainmniúil maraon le haon ús a bheas faibhrithe chun bheith dlite ar dháta an aistrithe ach a bheas gan íoc ar an dáta sin, tar éis aon ús a bhaint de a bheas le fáil ag an aistreoir i ndiaidh an dáta sin, agus

(b) measfar ús ar aon tsealbhán den tsórt sin de stoc na hIasachta d'fhaibhriú ó lá go lá.

Alt 2 den Public Revenue and Consolidated Fund Charges Act, 1854, a leasú.

17. —Déantar leis seo alt 2 den Public Revenue and Consolidated Fund Charges Act, 1854, a leasú trí na focail “the thirtieth day of September” a chur in ionad na bhfocal “the thirtieth day of June, if Parliament be sitting, or if Parliament be not sitting then within fourteen days after the next meeting of Parliament”.

Cúram agus bainstí cánach agus dleacht.

18. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

19. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Forléireofar Cuid II den Acht seo i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo, ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite inti, a theacht i bhfeidhm ar an 6ú lá d'Aibreán, 1953, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.