|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 22 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT PRÍOMH-CHISTE (Uimh. 2), 1953. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO CHUR SUIME ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA MÍLE NAOI gCÉAD CAOGA A CEATHAIR. [31ú Iúil, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
£38,905,250 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an 31ú Márta, 1954. |
1. —Féadfaidh an tAire Arigeadais suim Tríocha agus Ocht Milliún, Naoi gCéad agus Cúig Mhíle, Dhá Chéad agus Caoga Punt d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dár críoch an taonú lá tríochad de Mhárta míle naoi gcéad caoga a ceathair. |
[EN] |
Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £38,905,250 d'fháil ar iasacht. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná Tríocha agus Ocht Milliún, Naoi gCéad agus Cúig Mhíle, Dhá Chéad agus Caoga Punt d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chun an Aire Airgeadais agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na hurrúis sin d'eisiúint. | |
[EN] | (3) Aon airgead a cruinneofar trí urrúis a heiseofar faoin Acht seo, cuirfear chun creidiúnais do chuntas an Stát-Chiste é agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
3. —Féadfar an tAcht Príomh-Chiste (Uimh. 2), 1953 , a ghairm den Acht seo. |