36 1953


Uimhir 36 de 1953.


AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1953.


[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN AN tACHT UM RÁTAÍ AR THALAMH THALMHAÍOCHTA (FAOISEAMH), 1946 , A LEATHNÚ FAOI RÉIR MODHNUITHE. [23ú Nollaig, 1953.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Feidhm an Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 .

1. —Beidh feidhm ag an Acht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 (Uimh. 36 de 1946) , maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1954, agus leis an dá bhliain airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin agus beidh feidhm aige amhlaidh faoi réir na modhnuithe seo a leanas:—

(i) ní bhéarfar lamháltais fhorlíontacha faoi alt 6,

(ii) beidh éifeacht ag alt 7 fo-ailt (1) agus (4) a scrios agus an fo-alt seo a leanas a chur isteach ann:—

“ (1) (a) Bhéarfaidh comhairle chontae don duine atá rátaithe i leith tionóntáin de thalamh thalmhaíochta lamháltas (dá ngairmfear ` lamháltas fostaíochta ') in aghaidh gach oibrí fásta a bhí, ar feadh iomláine na tréimhse cáilithí do bhliain airgeadais lena mbaineann an tAcht seo, ag obair ar an tionóntán.

(b) Ríomhfar méid an lamháltais do réir seacht bpunt déag in aghaidh gach oibrí ach ní raghaidh iomlán na lámháltas thar méid is ionann agus toradh an ráta ghinearálta sa phunt ar gach cuid faoi leith de luacháil iarmhair an tionóntáin.”

Rátaí a leasú.

2. —(1) Féadfaidh comhairle chontae a ghearr ráta chun seirbhíse na bliana airgeadais áitiúla leasú a dhéanamh ó am go ham ar aon ráta nó measúnú a ghearradar i leith tionóntáin de thalamh thalmhaíochta chun go mbeidh sé do réir forál an Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1946 , mar bheirtear feidhm dó leis an Acht seo.

(2) Measfar gur faoi údarás fo-ailt (1) den alt seo a rinneadh leasú a rinne comhairle chontae roimh an Acht seo a rith más rud é, dá mba tar éis an tAcht seo a rith a déanfaí é, go mbeadh sé údaraithe leis an bhfo-alt sin.

(3) Beidh ag duine ar cúis mhíshásaimh leis leasú a rinneadh nó a measfar a rinneadh faoin alt seo an ceart céanna achomhairc i gcoinne an leasuithe sin a bheadh aige i leith ráta nó measúnuithe bhunaidh agus, i gcás an duine sin, measfar an ráta a ghearradh an tráth a fuair sé fógra i dtaobh an leasuithe.

(4) Measfar, chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 agus 1942, nach cumhachta agus feidhmeanna maidir le gearradh ráta na cumhachta agus na feidhmeanna a bheirtear do chomhairle chontae leis an alt seo.

(5) Déanfaidh an chomhairle pé aisíoca is gá de thoradh leasuithe nó achomhairc faoin alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1953 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1953, a ghairm de na h Achta um Rátaí ar Thalamh Thalmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1952, agus den Acht seo le chéile.