|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 37 de 1953. | ||
[EN] |
AN tACHT GAIRM-OIDEACHAIS (LEASÚ), 1953. | |
[An tiontó oifigiúil]. | ||
ACHT DO LEASÚ NA nACHT GAIRM-OIDEACHAIS, 1930 GO 1950. [23ú Nollaig, 1953.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar dhliteanas uasta bliantúil údarás rátúcháin. |
1. —(1) Ní bheidh méid an ranníoca áitiúil bhliantúil is iníoctha ag an údarás rátúcháin le coiste gairm-oideachais i leith bliana airgeadais áitiúla a thosnós an 1ú lá d'Aibreán, 1954, nó dá éis sin, níos mó ná suim (dá ngairmtear an dliteanas uasta bliantúil san Acht seo) is comhionann— | ||||||||||||
[EN] | (a) i gcás na gcoistí gairm-oideachais do chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, buirgí Shligigh agus Dhroichead Atha, ceantar uirbeach Thráighlí agus contaethe Chorcaighe agus Longphoirt, le ráta ocht bpingne déag sa phunt, | |||||||||||||
[EN] | (b) i ngach cás eile, le ráta cúig pingne déag sa phunt, | |||||||||||||
[EN] | ar luach inrátuithe an líomatáiste mhuirir i dtosach na bliana airgeadais áitiúla díreach roimhe sin. | |||||||||||||
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2A) d'alt 43, agus an Tríú Sceideal, den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930) (a cuireadh isteach ann le halt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1950 (Uimh. 33 de 1950) . | |||||||||||||
[EN] | (3) Measfar fo ailt (1) agus (2) a theacht i ngníomh an 1ú lá de Shamhain, 1953. | |||||||||||||
[EN] |
Liúntais leanaí do mhúinteoirí scortha agus do bhaintreacha múinteoirí. |
2. —(1) Féadfaidh coiste gairm-oideachais liúntais leanaí d'íoc, do réir pé rátaí agus faoi réir pé coinníollacha a chinnfeas an tAire Oideachais le toiliú an Aire Airgeadais, i leith leanaí múinteoirí scortha nó éagtha a raibh a dtuarastal idirdhealaithe ó thaobh pósadh. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar liúntais d'íoc faoin alt seo i leith tréimhsí a thosnaigh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, nó dá éis sin. | |||||||||||||
[EN] |
Gan liúntas leanaí ná liúntas cíosa a bheith ina luach saothair inphinsin. |
3. —Chun deireadh a chur le hamhrais, dearbhaítear leis seo nach bhfuil liúntais leanaí ná liúntais i leith cíosa, a íocas coiste gairm-oideachais le múinteoir, inríofa mar thuarastal ná luach saothair chun críocha na n-achtachán a bhaineas le haoisliúntas múinteoirí den tsórt sin. | ||||||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
4. —(1) Féadfar an tAcht Gairm-Oideachais (Leasú), 1953 , a ghairm den Acht seo. | ||||||||||||
[EN] | (2) Féadfar an hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1953, a ghairm de na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus den Acht seo le chéile. | |||||||||||||
[EN] | (3) Forléireofar na hAchta Gairm-Oideachais, 1930 go 1950, agus an tAcht seo mar aon ní amháin. | |||||||||||||
Na hAchta Priobhaideacha. | ||||||||||||||
|