22 1954


Uimhir 22 de 1954.


AN tACHT AIRGEADAIS, 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [13ú Iúil, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1954-55.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, a mhuirearú ar ioncaim aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1953, a muireófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muireófar mar adúradh don bhliain dár tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1954, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1954, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Méadú ar an liúntas pearsanta.

2. —(1) Forléireofar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947), agus le halt 2 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), agus beidh éifeacht aige amhail is dá ndéantaí—

(a) “three hundred pounds” a chur ann in ionad “two hundred and eighty pounds”, agus

(b) “one hundred and fifty pounds” a chur ann in ionad “one hundred and forty pounds”.

(2) Más rud é, mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeadh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte céad agus caoga punt faoi fho-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le fo-alt (1) den alt seo, ansin, má chruthaíonn an t-éilitheoir gur baintreach fir é nó gur baintreach mná í sa bhliain mheasúnuithe, beidh teideal ag an éilitheoir chun asbhainte céad agus seachtó agus cúig puint in ionad na hasbhainte céad agus caoga punt sin.

Díolúine nuair nach mó ná £240 an t-ioncam iomlán, agus faoiseamh marghanach.

3. —(1) (a) Aon phearsa a dhéanfas, sa tslí a hordaítear leis na hAchta Cánach Ioncaim, éileamh chuige sin, agus tuairisceán a thabhairt sa bhfoirm ordaithe ar a ioncam iomlán, agus cruthúnas a thabhairt nach mó ná dhá chéad agus ceathracha punt a ioncam iomlán don bhliain mheasúnuithe, beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim.

(b) Aon phearsa ag a mbeadh, mura mbeadh a ioncam iomlan a bheith níos mó ná dhá chéad agus ceathracha punt, teideal chun díolúine mar foráltar i mír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige chun an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin, dá mba rud é go raghadh an méid sin, d'éagmais forál na míre seo, thar suim is comhionann le trí chúigiú na méide atá a ioncam iomlán os cionn dhá chéad agus ceathracha punt, a laghdú anuas go dtí an tsuim sin.

(2) Na forála sin go léir de na hAchta Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu maidir le liúntais nó asbhaintí do réir bhrí an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Finance Act, 1920, beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le díolúintí ó cháin nó le laghduithe ar cháin faoin alt seo.

(3) San alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim.

Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí.

4. —(1) Déanfar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of eighty-five pounds” a chur in ionad “a deduction of eighty pounds” (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 )).

(2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 )—

(a) trí “na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952” a chur in ionad “Acht 1944” i bhfo-alt (1), agus

(b) trí fho-ailt (2), (3) agus (4) a scrios.

Alt 3 den Acht Airgid, 1935 , do scor i gcásanna áirithe.

5. —(1) San alt seo ciallaíonn “maoin iomchuí” aon tionóntán nó oidhreachtán inrátuithe lena mbainfeadh alt 3 den Acht Airgid, 1935 ( Uimh. 28 de 1935 ), mura mbeadh an t-alt seo.

(2) Má dhéanann pearsa éileamh sa tslí orduithe agus go gcruthóidh gurb é únaer na maoine iomchuí é agus go bhfuil an mhaoin sin á háitiú aige d'aon-toisc mar áit chónaithe dhó féin, ansin—

(a) ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an alt sin 3 maidir leis an maoin iomchuí,

(b) déanfar cáin faoi Sceideal A den Income Tax Act, 1918, a mhuirearú dá réir sin i leith na maoine iomchuí amhail is nár hachtaíodh an t-alt sin 3, agus

(c) má muirearaíodh cáin i leith na maoine iomchuí ar shlí seachas do réir an ailt seo, aisíocfar aon cháin iomarcach a bheas íoctha.

(3) Measfar an mhaoin iomchuí a bheith á háitiú d'aon-toisc mar áit chónaithe dhó féin ag an bpearsa dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo más rud é gur chuige sin atá sí á háitiú aige go formhór agus nach bhfuil aon chuid di á háitiú chun críocha trádála ach go bhfuil cuid di á háitiú chun críocha gairme.

Pinsin áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin ioncaim.

6. —(1) Beidh ioncam lena mbaineann an t-alt seo díolmhaithe ó cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus ní háireofar é nuair a bheas ioncam á ríomh chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim.

(2) Baineann an t-alt seo—

(a) leis an bpinsean is iníoctha faoi alt (1) d'Acht Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 (Uimh. 30 de 1950) , agus

(b) le pinsean is iníoctha faoin Acht Pinsean, 1952 (Uimh. 27 de 1952) .

Leasú ar alt 3 den Acht Airgid, 1925 .

7. —Déantar leis seo alt 3 (a bhaineas le díolmhadh pinsean agus aiscí míleata áirithe) den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach ann in ionad fo-ailt (2) atá anois (de bhuaidh ailt 2 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) ) san alt sin 3:

“(2) Folóidh na pinsin chréachta agus míchumais lena mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, agus measfar gur fholaíodar riamh—

(a) gach pinsean créachta agus míchumais, agus gach méadú ar na pinsin sin, a deonadh faoi na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1953, agus

(b) gach aisce i leith créachta nó míchumais a deonadh amhlaidh,

agus forléireofar an t-alt sin 16 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.”

Feidhm ailt 8 den Acht Airgid, 1932 .

8. —Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 8 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), maidir le haon liúntas a deonadh faoi alt 4 den Acht Arm-Phinsean, 1953 ( Uimh. 23 de 1953 ), do bhaintreach, do thuismitheoir, do dheirfiúr nó do dheartháir dhuine a maraíodh i rith Eirí-Amach an Aibreáin agus na Bealtaine, 1916.

Feidhm ailt 4 den Acht Airgeadais, 1950 .

9. —Beidh feidhm, agus measfar go raibh feidhm riamh, ag alt 4 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 ), maidir le haon liúntas is iníoctha faoi alt 45 den Acht Arm-Phinsean, 1953 ( Uimh. 23 de 1953 ).

Leasú ar alt 11 den Acht Airgid, 1924 .

10. —(1) Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 )—

(a) trí “£600” a chur in ionad “£300” i bhfo-alt (1),

(b) trí “£50” a chur in ionad “£25” i bhfo-alt (2).

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 .

11. —Déantar leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ), arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), a leasú tuilleadh trí na focail “nó, i gcás an chuid sin dá ioncam d'eirí in aon tír (dá ngairmtear an tír áirithe anseo feasta) de na tíortha a thagas faoin tuairisc atá luaite go deiridh i bhfo-alt (3) den alt seo, go raibh sé ina chónaí, roimh an mbliain cháinmheasa sin in aon dá thír nó níos mó, arb í an tír áirithe ceann acu, de na tíortha a thagas faoin tuairisc sin ar feadh tréimhsí nach lú ná deich mbliana a gcomhiomlán,” a chur isteach i ndiaidh na bhfocal “le deich mbliana ar a laghad”.

Us d'ioc ar urrúis Bhord Soláthair an Leictreachais agus Chóras Iompair Éireann

12. —(1) Aon stoc nó aon tsaghsanna eile urrúis a eiseos Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann tar éis dáta an Achta seo a rith, measfar gur urrúis iad a heisíodh faoi údarás an Aire Airgeadais do réir bhrí ailt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní i mír (l) de Riail 3 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, nó i Rialacha 19, 20 agus 21 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceidil A, B, C, D agus E den Acht sin, nuair a beifear, chun críocha measúnuithe faoin Sceideal sin D, ag ríomh méid brabús nó gnóthachain Bhord Soláthair an Leictreachais nó Chóras Iompair Éireann, do réir mar bheas, d'aon tréimhse dá n-ullmhaítear cuntais, lamhálfar mar asbhaint méid an úis ar stoc nó saghsanna eile urrúis a íocas Bord Soláthair an Leictreachais nó Córas Iompair Éireann, pé acu é, do réir treora ón Aire Airgeadais faoi alt 2 den Acht Airgid, 1924 , mar bheirtear feidhm dó leis an alt seo, gan cáin a bhaint as in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Cuirfear an clásal seo a leanas le Riail 1 de Chás III de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, is é sin le rá:

“(i) interest on stock or other forms of security issued by the Electricity Supply Board or by Córas Iompair Éireann in cases where such interest is paid without deduction of tax.”

CUID II.

Custaim agus Máil.

Beoir—dleachta custam.

13. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) .

(2) Déanfar an dleacht chustam a forchuirtear le halt 9 d'Acht 1952 ar mhum, beoir sprúis nó beoir dhubh, fionn-bheoir Bherlíneach, agus ullmhóidí eile (giosáilte nó neamhghiosáilte) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir na rátaí seo a leanas:

(a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, dé shaindlús nach mó ná míle, dhá chéad agus cúig gráid déag, seacht bpuint tríochad;

(b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a bhfuil a foirt, nó a raibh sí roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, trí puint cheathrachad agus ocht scillinge.

(3) Déanfar an dleacht chustam a forchuirtear le halt 9 d'Acht 1952, ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a forchuirtear le fo-alt (1) den alt sin) a hallmhuireofar isteach sa Stát, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir naoi bpuint agus cúig scillinge ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

(4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar nó ina loingseofar, chun a húsáidte mar stóras, beoir allmhuirithe a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh dleacht uirthi do réir ráta a foráltar le fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, ceithre scillinge agus naoi bpingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(5) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoi mhuirear dleachta do réir an ráta a foráltar le fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (4) den alt seo iníoctha, nach ionann saindlús na beorach sin agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt sin (3) nó sa bhfo-alt sin (4) (pé acu is iomchuí) athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) go coibhneasach.

(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir le ceachtar de na dleachta custam lena mbaineann an t-alt seo.

Beoir—dleachta máil.

14. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) .

(2) An dleacht mháil a forchuirtear le halt 10 d'Acht 1952, deánfar, maidir le beoir is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir naoi bpuint, ceithre scillinge agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad foirte de shaindlús míle agus cúig ghráid chaogad.

(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar, mar mharsantas nó chun a húsáidte mar stóras loinge, beoir a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi dleacht do réir an ráta a foráltar le fo-alt (2) den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir naoi bpuint, ceithre scillinge agus naoi bpingne ar gach sé ghalún tríochad ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

(4) I gcás beorach nach ionann a saindlús agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt iomchuí den alt seo, athrófar go coibhneasach an dleacht is inmhuirir nó an aistarraing is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo.

Lasáin—dleacht mháil.

15. —An dleacht mháil a forchuirtear le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), déanfar, maidir le lasáin is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 22ú lá d'Aibreán, 1954, agus dá éis, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Dleacht shiamsa— tuath-límistéirí.

16. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil ar a dtugtar “entertainments duty” in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin;

ciallaíonn “an daonáireamh” an daonáireamh arb é an daonáireamh is déanaí a foilsíodh de thuras na huaire é;

ciallaíonn “baile” baile ar a bhfuil Coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó aon áit eile ar a dtugtar baile sa daonáireamh.

(2) Ní déanfar dleacht shiamsa a mhuirearú ná a thobhach maidir le híocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a bheas ar siúl an lú lá de Mheán Fómhair, 1954, nó dá éis, in áit nach bhfuil a shuíomh in aon cheann acu seo a leanas ná i bhfogas trí mhíle dhó, eadhon—

(a) contae-bhuirg nó buirg eile, nó

(b) ceantar uirbeach, nó

(c) baile;

ar mó ná míle, in aon chás acu, a dhaonra do réir an daonáirimh.

(3) Má híocadh dleacht shiamsa maidir le híocaíochtaí as dul isteach go dtí aon tsiamsa a bhí ar siúl an lú lá de Mheán Fómhair, 1954, nó dá éis, in áit nach bhfuil a shuíomh in aon cheann acu seo a leanas ná i bhfogas trí mhíle dhó, eadhon—

(a) contae-bhuirg nó buirg eile, nó

(b) ceantar uirbeach, nó

(c) baile,

ar mó ná dhá mhíle, in aon chás acu, a dhaonra do réir an daonáirimh, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim suim is comhionann le caoga faoin gcéad den dleacht a híocadh amhlaidh d'aisíoc le dílseánach an tsiamsa.

(4) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo faoi réir an choinníll, má cruthaítear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil ar áireamh i ndaonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, do réir an daonáirimh, daoine a ríomhadh mar dhaoine a bhí in aon tsámhadh creidimh, foras oideachais, dílleachtlann, ospidéal, foras moabhair-ghalar nó teaghlach contae nó in aon phríosún nó scoil cheartúcháin, go measfar chun críocha na bhfo-alt sin daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile do réir an daonáirimh a bheith arna laghdú líon na ndaoine sin.

(5) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo faoi réir an choinníll—

(a) má thaispeánann an daonáireamh (i gcás daonáirimh a foilseofar tar éis an tAcht seo a rith) gur mó ná míle daonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, agus

(b) más rud é nár mhó ná míle daonra na contae-bhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin,

go measfar chun críocha fo-ailt (2) den alt seo daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile, do reir an daonáirimh a bheith, maidir leis an tréimhse dhá bhliain dár tosach dáta foilsithe an daonáirimh, arna laghdú ionas nach mó ná míle é.

(6) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo faoi réir an choinníll—

(a) má thaispeánann an daonáireamh (i cás daonáirimh a foilseofar tar éis an tAcht seo a rith) gur mó ná dhá mhíle daonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, agus

(b) más rud é nár mhó ná dhá mhíle daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin,

go measfar chun críocha fo-ailt (3) den alt seo daonra na contaebhuirge nó na buirge eile, an cheantair uirbigh nó an bhaile, do réir an daonáirimh, a bheith, maidir leis an tréimhse dhá bhliain dár tosach dáta foilsithe an daonáirimh, arna laghdú ionas nach mó ná dhá mhíle é.

(7) Déanfar na tagairtí i mír (b) d'fho-alt (5) agus i mír (b) d'fho-alt (6) den alt seo do dhaonra contae-bhuirge nó buirge eile, ceantair uirbigh nó baile, do réir an daonáirimh dheiridh roimhe sin, d'fhorléiriú, i gcás ina raibh éifeacht maidir leis an daonra sin ag an gcoinníoll atá i bhfo-alt (4) den alt seo, mar thagairtí don daonra sin arna laghdú mar sonraítear sa choinníoll sin.

(8) Má bhíonn aisíoc dleachta dlite faoi fhorála ailt 6 den Acht Airgeadais, 1953 (Uimh. 21 de 1953) , maidir le haon tsiamsa lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo, ríomhfar an t-aisíoc sin do réir mhéid iomlán na dleachta a híocadh, arna laghdú an tsuim is inaisíoctha faoi fhorála an fho-ailt sin (3).

(9) Má éiríonn aon cheist maidir leis an daonáireamh is infheidhme aon tráth áirithe chun críocha an ailt seo nó maidir le dáta foilsithe aon daonáirimh den tsórt sin, féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú dá réir sin a thabhairt agus beidh an deimhniú sin dochloíte.

Bróga agus bróga ísle—dleachta custam.

17. —(1) Na dleachta custam is inmhuirir ar bhróga agus bróga ísle do réir ailt 9, agus an Dara Sceidil, den Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, scoirfid de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith.

(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar dleacht chustam do réir seasca faoin gcéad de luach na hearra ar gach earra acu seo a leanas a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:

comhpháirteanna de bhróga agus de bhróga ísle arb é a bheas sna comhpháirteanna sin boinn chumtha, sála cumtha nó uachtair chumtha nó páirteanna cumtha de bhoinn, sála nó uachtair, a bheas déanta go hiomlán nó go formhór de leathar agus de chraiceann nó de cheachtar acu.

(3) Aon uair is cuí leis an Aire Airgeadais é, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a údarú le ceadúnas d'aon duine áirithe, faoi réir comhlíonadh pé coinníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, aon earraí is inchurtha faoi mhuirear na dleachta a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo d'allmhuiriú gan an dleacht sin d'íoc nó, i gcás aon earraí den tsórt sin a hallmhuiríodh cheana, seachadadh na n-earraí sin a ghlacadh gan an dleacht sin d'íoc agus sin, do réir mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim, gan tórainn ama nó cainníochta ná ceachtar acu nó laistigh de thréimhse shonraithe nó i gcainníocht shonraithe, ach i slí nach mbeidh aon cheadúnas den tsórt sin díolmhaithe ó fhorála ailt 15 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) .

(4) San alt seo, folaíonn “bróg” aon choisbheart imeachtrach a thagas aníos thar rúitín an té a chaitheas í, agus folaíonn “bróg íseal” slipéid, golais, cuarán, paitín agus aon choisbheart imeachtrach eile nach dtagann aníos thar rúitín an té a chaitheas í.

Glúcós agus siúicrín—dleachta cnstam agus máil.

18. —(1) Scoirfidh an dleacht chustam is inmhuirir ar shiúicrín faoi fho-alt (3) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith.

(2) Scoirfidh an dleacht mháil is inmhuirir ar ghlúcós agus siúicrín faoi fho-alt (4) d'alt 9 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith.

(3) Leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), trí na focail “ach sacairín i méid nach mó ná aon per cent.,” a scrios.

Mataí tuí, luachra nó féir—diolúine ó dhleacht chustam.

19. —Scoirfidh an dleacht chustam a forchuirtear le halt 11 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ), agus a luaitear ag uimhir thagartha 33 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, de bheith inmhuirir, ar an Acht seo a rith, ar mhataí a bheas déanta de thuí, luachair nó féar.

Dleachta custam áirithe d'fhorceannadh.

20. —(1) An dleacht a luaitear sa tríú colún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha agus a forchuireadh leis na hachtacháin a luaitear sa dara colún den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin, scoirfidh sí de bheith inmhuirir ar an Acht seo a rith.

(2) Na sonraí a luaitear sa cheathrú colún den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is chuige amháin a cuireadh isteach iad chun go mb'fhusaide na dleachta ar leithligh a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin d'aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh aon ní sa cheathrú colún sin difir d'fhorléiriú, ná tórainniú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara colúin agus an tríú colúin den Sceideal sin.

CUID III.

Cáin Bhrabús Corparáide.

Alt 12 den Acht Airgeadais, 1943 , d'athghairm.

21. —Déantar leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), d'athghairm i leith gach tréimhse cuntasaíochta pé acu dáta roimh an Acht seo a rith nó dáta dá éis sin is críoch di.

CUID IV.

Dleachta Báis.

Dleachta báis d'íoc trí urrúis d'aistriú.

22. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Cuntas” an cuntas a hordófar de bhun fo-ailt (4) den alt seo.

(2) Baineann an t-alt seo leis na hurrúis seo a leanas:

(a) an Iasacht Náisiúnta 4½%, 1973/78;

(b) aon urrús—

(i) a chruthnós agus a eiseos an tAire tar éis an tAcht seo a rith, ar théarmaí go nglacfar é, faoi réir coinníollacha sonraithe, chun aon dleacht bháis d'íoc, agus

(ii) a muirearófar ar an bPríomh-Chiste.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) is é luach a bheas, ar an dáta aistrithe, ar aon urrús a haistreofar chun an Chuntais a aghluach ainmniúil móide aon ús a bheas faibhrithe chun bheith dlite a dháta an aistrithe ach a bheas gan íoc an uair sin, tar éis aon ús a bhaint de a bheas le fáil ag an aistreoir i ndiaidh an dáta sin, agus

(b) measfar ús ar aon urrús den tsórt sin d'fhaibhriú ó lá go lá.

(4) Aon duine a mbeidh aon tsuim dlite dhe mar gheall ar aon dleacht bháis, féadfaidh sé, faoi réir na rialachán iomchuí faoin alt seo, an tsuim sin nó aon chuid di d'íoc trí aistriú a dhéanamh, chun pé cuntais leis an Aire a hordófar leis na rialacháin, ar an méid sin d'aon urrús lena mbaineann an t-alt seo atá comhionann ina luach, ar dháta an aistrithe, leis an tsuim nó leis an gcuid sin, agus glacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an t-aistriú mar íocaíocht airgid leo sa tsuim nó sa chuid sin.

(5) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag ordú na gcoinníollacha ar a nglacfar aon urrús lena mbaineann an t-alt seo chun aon dleacht bháis d'íoc.

(6) Aon urrúis a haistreofar chun an Chuntais, féadfar iad a choinneáil ann nó iad a dhíol nó iad a chealú nó féadfar déileáil leo ar shlí eile mar threorós an tAire.

(7) Íocfaidh an tAire leis na Coimisinéirí Ioncaim amach as an gCuntas na luacha a bheas, ar na dátaí aistrithe, ar na hurrúis go léir a haistreofar chun an Chuntais.

(8) Íocfar isteach sa Chuntas suimeanna a híocfar mar ús nó mar fhuascailt ar urrúis a coinneofar sa Chuntas agus suimeanna a gheofar as na hurrúis sin a dhíol nó as aon déileála eile leo.

(9) Déanfar suimeanna a híocfar isteach sa Chuntas d'úsáid chun nó i leith íocaíochtaí d'íoc a ceanglaítear leis an alt seo ar an Aire d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim as an gCuntas, agus íocfar aon iarmhéid, mar threorós agus nuair threorós an tAire é, isteach sa Stát-Chiste chun airgead d'aisíoc a hairleacadh chun an Chuntais as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus má bhíonn breis ag an iarmhéid ar an tsuim is gá chun airgead d'aisíoc a hairleacadh as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis cuirfear an bhreis chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire.

(10) Eiseofar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun an Chuntais pé suimeanna a bheas ag teastáil faoi chomhair aon íocaíochtaí faoin alt seo ón Aire leis na Coimisinéirí Ioncaim as an gCuntas agus nach n-íocfar faoi fho-alt (9) den alt seo, agus muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an méid sin de na suimeanna a heiseofar nach n-údaraítear leis an alt seo é d'íoc trí airgead a gheobhas an tAire ar iasacht.

(11) D'fhonn soláthar a dhéanamh go hiomlán nó go páirteach don méid sin de na heisiúintí, a húdaraítear leis an alt seo a dhéanamh as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, atá comhionann leis an bpraghas air ar heisíodh an t-urrús iomchuí chun a shuibscríofa ag an bpobal, féadfaidh an tAire aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna d'fháil ar iasacht, féadfaidh urrúis a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Stát-Chiste aon airgead a gheobhas sé ar iasacht amhlaidh.

(12) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a heiseofar faoi fho-alt (11) den alt seo agus na gcaiteachas faoina raghfar maidir le heisiúint na n-urrús sin.

(13) (a) I gcás ina mbeidh stoc den Iasacht Náisiúnta 4½ faoin gcéad, 1973/78, glactha ag na Coimisinéirí Ioncaim chun dleachta báis d'íoc de bhun Réamheolaire na hIasachta sin agus aistrithe chucu roimh an Acht seo a rith, measfar go mb'ionann an stoc sin agus suim airgid d'íoc leo ba chomhionann le luach an stoic ar dháta an aistrithe, agus is é luach é sin aghluach ainmniúil an stoic móide aon ús a bhí faibhrithe chun bheith dlite (ar an bhforas go raibh ús ag faibhriú ó lá go lá) ar dháta an aistrithe ach a bhí gan íoc ar an dáta sin, lúide aon ús a bhí le fáil ag an aistreoir i ndiaidh an dáta sin.

(b) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le haon stoc a bheas aistrithe amhlaidh agus ar coinneáil acu, an stoc d'aistriú chun an chuntais a hordófar leis na rialacháin faoin alt seo maidir leis an Iasacht Náisiúnta 4½ faoin gcéad, 1973/78, agus íocfaid isteach sa chuntas sin aon ús a bheas íoctha leo ar an stoc, ach is í íocaíocht a bheas le déanamh faoi fho-alt (7) den alt seo maidir leis an stoc an luach dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo.

CUID V.

Dleachta Stampa.

Deireadh le dleachta stampa ar cheadúnais phósta agus ar dheimhnithe áirithe.

23. —Na dleachta stampa is inmhuirir, de bhuaidh ailt 1 den Stamp Act, 1891—

(a) ar Cheadúnas Pósta, agus

(b) ar Chóip nó Sliocht (deimhnithe) d'aon chlár, nó as aon chlár, de bhreitheanna, baistí, póstaí, bása nó adhlacain,

(is ionstraimí a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin), scoirfid de bheith iníoctha.

Stampaí greamaitheacha d'úsáid ar chóip nó sliocht fianaitho, etc., a heiseofar as Clárlann na Talún.

24. —D'ainneoin alt 2 den Stamp Act, 1891, féadfar an dleacht stampa ar aon chóip nó sliocht a bheas fianaithe nó fíordheimhnithe ar shlí eile agus a heiseofar as Clárlann an Talún a chur in iúl le stampa greamaitheach a chealós oifigeach do Chlárlann na Talún sara n-eiseofar an chóip nó an sliocht.

Athrú ar na dleachta stampa ar thíolocadh agus aistriú talún.

25. —(1) Beidh éifeacht ag alt 13 den Acht Airgeadais, (Uimh. 2), 1947 (Uimh. 33 de 1947) , arna leasú le halt 17 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 )—

(a) amhail is dá gcuirtí i bhfo-mhír (ii) de mhír (b) d'fho-alt (2) “dhá mhíle agus cúig chéad punt” in ionad “míle punt”, agus

(b) amhail is dá gcuirtí an táible seo a leanas in ionad an táible atá leagtha amach i bhfo-alt (3):

“Níos

£500

gan

bheith

níos

£550

..

£5

10s.

,,

,,

,,

£550

,,

,,

,,

,,

,,

£600

..

£6. 

,,

,,

,,

£600

,,

,,

,,

,,

,,

£650

..

£6

10s.

,,

,,

,,

£650

,,

,,

,,

,,

,,

£700

..

£7. 

,,

,,

,,

£700

,,

,,

,,

,,

,,

£750

..

£7

10s.

,,

,,

,,

£750

,,

,,

,,

,,

,,

£800

..

£8. 

,,

,,

,,

£800

,,

,,

,,

,,

,,

£850

..

£8

10s.

,,

,,

,,

£850

,,

,,

,,

,,

,,

£900

..

£9. 

,,

,,

,,

£900

,,

,,

,,

,,

,,

£950

..

£9

10s.

,,

,,

,,

£950

,,

,,

,,

,,

,,

£1,000

..

£10. 

,,

,,

,,

£1,000

,,

,,

,,

,,

,,

£1,050

..

£12. 

,,

,,

,,

£1,050

,,

,,

,,

,,

,,

£1,100

..

£14. 

,,

,,

,,

£1,100

,,

,,

,,

,,

,,

£1,150

..

£16. 

,,

,,

,,

£1,150

,,

,,

,,

,,

,,

£1,200

..

£18. 

,,

,,

,,

£1,200

,,

,,

,,

,,

,,

£1,250

..

£20. 

,,

,,

,,

£1,250

,,

,,

,,

,,

,,

£1,300

..

£22. 

,,

,,

,,

£1,300

,,

,,

,,

,,

,,

£1,350

..

£24. 

,,

,,

,,

£1,350

,,

,,

,,

,,

,,

£1,400

..

£26. 

,,

,,

,,

£1,400

,,

,,

,,

,,

,,

£1,450

..

£28. 

,,

,,

,,

£1,450

,,

,,

,,

,,

,,

£1,550

..

£30. 

,,

,,

,,

£1,550

,,

,,

,,

,,

,,

£1,600

..

£34. 

,,

,,

,,

£1,600

,,

,,

,,

,,

,,

£1,650

..

£36. 

,,

,,

,,

£1,650

,,

,,

,,

,,

,,

£1,700

..

£38. 

,,

,,

,,

£1,700

,,

,,

,,

,,

,,

£1,750

..

£40. 

,,

,,

,,

£1,750

,,

,,

,,

,,

,,

£1,800

..

£42. 

,,

,,

,,

£1,800

,,

,,

,,

,,

,,

£1,850

..

£44. 

,,

,,

,,

£1,850

,,

,,

,,

,,

,,

£1,900

..

£46. 

,,

,,

,,

£1,900

,,

,,

,,

,,

,,

£1,950

..

£48. 

,,

,,

,,

£1,950

,,

,,

,,

,,

,,

£2,000

..

£50. 

,,

,,

,,

£2,000

,,

,,

,,

,,

,,

£2,050

..

£52

10s.

,,

,,

,,

£2,050

,,

,,

,,

,,

,,

£2,100

..

£55. 

,,

,,

,,

£2,100

,,

,,

,,

,,

,,

£2,150

..

£57

10s.

,,

,,

,,

£2,150

,,

,,

,,

,,

,,

£2,200

..

£60. 

,,

,,

,,

£2,200

,,

,,

,,

,,

,,

£2,250

..

£62

10s.

,,

,,

,,

£2,250

,,

,,

,,

,,

,,

£2,300

..

£65. 

,,

,,

,,

£2,300

,,

,,

,,

,,

,,

£2,350

..

£67

10s.

,,

,,

,,

£2,350

,,

,,

,,

,,

,,

£2,400

..

£70. 

,,

,,

,,

£2,400

,,

,,

,,

,,

,,

£2,450

..

£72

10s.

,,

,,

,,

£2,450

,,

,,

,,

,,

,,

£2,500

..

£75.”

(2) Déanfar tagairt in aon fhoráil reachtúil d'fho-alt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1947 , d'fhorléiriú nuair is iomchuí é, mar thagairt don fho-alt sin arna leasú leis an alt seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1954, nó ar dháta an Achta seo a rith, pé acu sin is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh é a theacht i ngníomh amhlaidh.

Athrú ar na dleachta stampa ar léasanna.

26. —(1) Beidh éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), arna leasú le halt 18 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 )—

(a) amhail is dá gcuirtí i mír (a) d'fho-alt (3), “dhá mhíle agus cúig chéad punt” in ionad “míle punt”, agus

(b) amhail is dá gcuirtí an táible seo a leanas in ionad an táible atá leagtha amach i bhfo-alt (3):

“Níos

£500

gan

bheith

níos

£550

..

£5

10s.

,,

,,

,,

£550

,,

,,

,,

,,

,,

£600

..

£6. 

,,

,,

,,

£600

,,

,,

,,

,,

,,

£650

..

£6

10s.

,,

,,

,,

£650

,,

,,

,,

,,

,,

£700

..

£7. 

,,

,,

,,

£700

,,

,,

,,

,,

,,

£750

..

£7

10s.

,,

,,

,,

£750

,,

,,

,,

,,

,,

£800

..

£8. 

,,

,,

,,

£800

,,

,,

,,

,,

,,

£850

..

£8

10s.

,,

,,

,,

£850

,,

,,

,,

,,

,,

£900

..

£9. 

,,

,,

,,

£900

,,

,,

,,

,,

,,

£950

..

£9

10s.

,,

,,

,,

£950

,,

,,

,,

,,

,,

£1,000

..

£10. 

,,

,,

,,

£1,000

,,

,,

,,

,,

,,

£1,050

..

£12. 

,,

,,

,,

£1,050

,,

,,

,,

,,

,,

£1,100

..

£14. 

,,

,,

,,

£1,100

,,

,,

,,

,,

,,

£1,150

..

£16. 

,,

,,

,,

£1,150

,,

,,

,,

,,

,,

£1,200

..

£18. 

,,

,,

,,

£1,200

,,

,,

,,

,,

,,

£1,250

..

£20. 

,,

,,

,,

£1,250

,,

,,

,,

,,

,,

£1,300

..

£22. 

,,

,,

,,

£1,300

,,

,,

,,

,,

,,

£1,350

..

£24. 

,,

,,

,,

£1,350

,,

,,

,,

,,

,,

£1,400

..

£26. 

,,

,,

,,

£1,400

,,

,,

,,

,,

,,

£1,450

..

£28. 

,,

,,

,,

£1,450

,,

,,

,,

,,

,,

£1,550

..

£30. 

,,

,,

,,

£1,550

,,

,,

,,

,,

,,

£1,600

..

£34. 

,,

,,

,,

£1,600

,,

,,

,,

,,

,,

£1,650

..

£36. 

,,

,,

,,

£1,650

,,

,,

,,

,,

,,

£1,700

..

£38. 

,,

,,

,,

£1,700

,,

,,

,,

,,

,,

£1,750

..

£40. 

,,

,,

,,

£1,750

,,

,,

,,

,,

,,

£1,800

..

£42. 

,,

,,

,,

£1,800

,,

,,

,,

,,

,,

£1,850

..

£44. 

,,

,,

,,

£1,850

,,

,,

,,

,,

,,

£1,900

..

£46. 

,,

,,

,,

£1,900

,,

,,

,,

,,

,,

£1,950

..

£48. 

,,

,,

,,

£1,950

,,

,,

,,

,,

,,

£2,000

..

£50. 

,,

,,

,,

£2,000

,,

,,

,,

,,

,,

£2,050

..

£52

10s.

,,

,,

,,

£2,050

,,

,,

,,

,,

,,

£2,100

..

£55. 

,,

,,

,,

£2,100

,,

,,

,,

,,

,,

£2,150

..

£57

10s.

,,

,,

,,

£2,150

,,

,,

,,

,,

,,

£2,200

..

£60. 

,,

,,

,,

£2,200

,,

,,

,,

,,

,,

£2,250

..

£62

10s.

,,

,,

,,

£2,250

,,

,,

,,

,,

,,

£2,300

..

£65. 

,,

,,

,,

£2,300

,,

,,

,,

,,

,,

£2,350

..

£67

10s.

,,

,,

,,

£2,350

,,

,,

,,

,,

,,

£2,400

..

£70. 

,,

,,

,,

£2,400

,,

,,

,,

,,

,,

£2,450

..

£72

10s.

,,

,,

,,

£2,450

,,

,,

,,

,,

,,

£2,500

..

£75.”

(2) Déanfar tagairt in aon fhoráil reachtúil d'fho-alt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1949 , d'fhorléiriú, nuair is iomchuí é, mar thagairt don fho-alt sin arna leasú leis an alt seo.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1954. nó ar dháta an Achta seo a rith, pé acu is déanaí, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh an alt seo a theacht í ngníomh amhlaidh.

Díolúine d'admhála áirithe.

27. —Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon admháil acu seo a leanas:

(1) admháil a bhéarfar i leith aon tsuime a híocfar le dall faoin Blind Persons Act, 1920, nó de bhuaidh aon chumhachta a bheirtear leis an Acht sin;

(2) admháil a bhéarfar i leith aon tsuime a híocfar faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939), nó de bhuaidh aon chumhachta a bheirtear leis an Acht sin, le duine atá i dteideal cúnaimh phoiblí;

(3) admháil a bhéarfar i leith aon tsuime a híocfar mar chúiteamh faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1953;

(4) admháil a bhéarfar i leith aon tsuime a híocfar —

(a) faoi fho-alt (3) d'alt 44 den Acht Sláinte, 1947 ( Uimh. 28 de 1947 ),

(b) faoi fho-alt (1) d'alt 23 den Acht Sláinte, 1953 ( Uimh. 26 de 1953 ),

(c) faoi fho-alt (5) d'alt 50 den Acht Sláinte, 1953 , nó

(d) faoi fho-alt (1) d'alt 55 den Acht Sláinte, 1953 , i leith leanbh a bheas curtha amach ar iostas do réir forál an ailt sin.

CUID VI.

Ilghnéitheach agus Ginearálta.

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla

28. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ( Uimh. 18 de 1950 );

ciallaíonn “alt leasaitheach 1953” alt 15 den Acht Airgeadais, 1953 ( Uimh. 21 de 1953 );

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise” an tsuim a muirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

tá leis na habairtí “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísi caipitiúla” na bríonna atá leo faoi seach sa phríomh-alt.

(2) Beidh éifeacht, maidir leis na naoi mbliana airgeadais fichead as a chéile dár tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1955, ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1953 ach “£892,043” a chur in ionad “£767,274”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1953 ach “£563,060” a chur in ionad “£493,955”.

(4) Déanfar suim £777,094 chun fuascailte iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais as a chéile dár tosach an bhliain airgeadais a chríochnós an 31ú lá de Mhárta, 1955.

(5) Íocfar an ceathrú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i pé slí agus pé trátha sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfeas an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise, nach mó ná £500,278 in aon bhliain airgeadais áirithe, d'úsáid chun an t-ús ar an bhfiachas poiblí d'íoc.

(7) Déanfar iarmhéid na ceathrú blianachta breise d'úsáid in aon tslí nó slite dá sonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Athghairm.

29. —Déantar leis seo gach achtachán a sonraítear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin amhail ar an dáta, agus ón dáta, a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin.

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

30. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

31. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo d'fhorléiriú, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, i dteannta na Reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(4) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(5) Measfar Cuid I den Acht seo, ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite inti, a theacht i bhfeidhm ar an 6ú lá d'Aibreán, 1953, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Dleacht Mháil ar Lasáin.

Alt 15.

£

s.

d.

Boscaí nó coimeádáin eile—

A bhfuil 10 lasáin ar a mhéid iontu. An 1,000 coimeádán     ....

0

7

10

A bhfuil níos mó ná 10 ach nach bhfuil níos mó ná 20 lasán iontu. An 1,000 coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....     ....

0

15

8

A bhfuil níos mó ná 20 ach nach bhfuil níos mó ná 50 lasán iontu. An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

0

5

9

A bhfuil níos mó ná 50 ach nach bhfuil níos mó ná 75 lasáin iontu. An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....

0

8

8

Ar gach 25 nó cuid de 25 lasáin de bhreis ar 75. An grós (144) coimeádán     ....     ....     ....     ....     ....     ....     ....

0

2

0

agus dá réir sin ar aon chainníocht choimeádán is lú ná sin.

AN DARA SCEIDEAL.

Dleachta Custam a Forceanntar.

Alt 20.

Uimh. Thag.

An t-achtachán a fhorchuireas an dleacht

Sonraí na dleachta

Tuairisc ghinearálta ar an dleacht

1

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) , alt 2 agus an Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 29 agus uimhir thagartha 8 sa Chúigiú Sceideal, leis an Acht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , alt 11 agus uimhir thagartha 2 i gCuid II den Cheathrú Sceideal, agus leis an Ordú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 206), 1940 (R. & O.R., Uimh. 154 de 1940).

An dleacht a luaitear sa Chéad Sceideal sin arna leasú

An dleacht ar inneallra agus coda d'inneallra talmhaíochta áirithe.

2

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 2), 1932 (Uimh. 11 de 1932) , alt 15 arna leasú leis an Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , alt 14 agus uimhir thagartha 9 sa Cheathrú Sceideal, agus leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 29 agus uimhir thagartha 7 sa Chúigiú Sceideal.

An dleacht a luaitear san alt sin 15 arna leasú.

An dleacht ar fheithiclí a tharraingíos ainmhithe.

3

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , alt 1 agus uimhir thagartha 17 i gCuid I den Chéad Sceideal arna leasú leis an Acht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 31 agus uimhir thagartha 6 sa Seachtú Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 17 arna leasú.

An dleacht ar chomhpháirteanna d'fheithiclí a tharraingíos ainmhithe.

4

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 2 i gCuid I den Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , alt 20 agus uimhir thagartha 7 sa Tríú Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 2 arna leasú.

An dleacht ar ábhair áirithe le haghaidh scuab agus scuab urláir.

5

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 1 i gCuid II den Chéad Sceideal arna leasú leis an Ordú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 223), 1941 (R. & O.R., Uimh. 464 de 1941), mír 3 agus uimhir thagartha 14 sa Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 1 arna leasú.

An dleacht ar aol.

6

An tAcht Airgid, 1933 (Uimh. 15 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 3 i gCuid II den Chéad Sceideal, arna leasú leis an Ordú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 223), 1941 (R. & O.R., Uimh. 464 de 1941), mír 3 agus uimhir thagartha 15 sa Sceideal.

An dleachta luaitear ag an uimhir thagartha sin 3 arna leasú.

An dleacht ar chaifé.

7

An tAcht Airgid (Diúitéthe Custam agus Máil), 1933 (Uimh. 52 de 1933) , alt 4 agus uimhir thagartha 2 sa Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , alt 15 agus uimhir thagartha 12 i gCuid V den Cheathrú Sceideal, agus an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 223), 1941 (R. & O.R., Uimh. 464 de 1941), mír 3 agus uimhir thagartha 17 sa Sceideal.

An dleachta luaitear ag an uimhir thagartha sin 2 arna leasú.

An dleacht ar bhoinn inmheánacha do bhróga agus bróga ísle agus coisbheart eile.

8

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 8 agus uimhir thagartha 10 sa Chéad Sceideal.

An dleachta luaitear ag an uimhir thagartha sin 10.

An dleacht ar chruite capall.

9

An tAcht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) , alt 11, arna leasú leis an Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938) , alt 6 agus uimhir thagartha 19 sa Chéad Sceideal.

An dleachta luaitear san alt sin 11 arna leasú.

An dleacht ar earraí fite áirithe.

10

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , alt 10 agus uimhir thagartha 11 sa Chéad Sceidcal arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947) , alt 7 agus uimhir thagartha 5 i gCuid II den Tríú Sceideal.

An dleachta luaitear ag an uimhir thagartha sin 11 arna leasú.

An dleacht ar thíleacha din áirithe.

11

An tAcht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) , alt 10 agus uimhir thagartha 20 sa Chéad Sceideal arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940) , alt 20 agus uimhir thagartha 22 sa Tríú Sceadeal.

An dleachta luaitear ag an uimhir thagartha sin 20 arna leasú.

An dleacht ar strapaí áirithe, etc.

12

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , alt 7 agus uimhir thagartha 19 sa Chéad Sceideal.

An dleachta luaitear ag an uimhir thagartha sin 19.

An dleacht ar stiall chruaidhe neamhfhaghartha chun lanna rásúr sábhála a dhéanamh.

13

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , alt 7 agus uimhir thagartha 36 sa Chéad Sceideal.

An dleachta luaitear ag an uimhir thagartha sin 36.

An dleacht ar chraicne coinín cóirithe nó daite

14

An tAcht Airgid, 1936 (Uimh. 31 de 1936) , alt 7 agus uimhir thagartha 44 sa Chéad Sceideal, arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939) , alt 15 agus uimhir thagartha 20 sa Cheathrú Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 44 arna leasú.

An dleacht ar chumaisc chúitsiúic.

15

An tAcht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , alt 5 agus uimhir thagartha 4 sa Chéad Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 4.

An dleacht ar ghoiris cheartuithe coise.

16

An tAcht Airgid, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , alt 5 agus uimhir thagartha 23 sa Chéad Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 23.

An dleacht ar fheadánra nó píopa hóis áirithe.

17

An tAcht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , alt 15 agus uimhir thagartha 5 sa Chéad Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 5.

An dleacht ar earraí fite áirithe de shíoda nó de shíoda saorga.

18

An tAcht Airgeadais, 1938 (Uimh. 25 de 1938) , alt 15 agus uimhir thagartha 9 sa Chéad Sceideal.

An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 9.

An dleacht ar rís, rís mheilte agus plúr ríse.

AN TRIU SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 29.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Dáta na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

(4)

54 & 55 Vic., c. 39.

An Stamp Act, 1891.

Alt 64;

Sa Chéad Sceideal, na tagairtí do Cheadúnas Pósta agus do Chóip nó Sliocht (deimhnithe) d'aon chlár, nó as aon chlár, de bhreitheanna, baistí, póstaí, bása nó adhlacain.

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 27 de 1924 .

An tAcht Airgid, 1924 .

I bhfo-alt (1) d'alt 11: “ar theacht agus tar éis teacht i ngníomh do Chuid II den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924) ”; i bhfo-alt (2) d'alt 11 “ar theacht agus tar éis teacht i ngníomh do Chuid III den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 1924 ( Uimh. 10 de 1924 )”.

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh. 16 de 1943 .

An tAcht Airgeadais, 1943 .

Alt 12.

Dáta an Achta seo a rith.

Uimh 18 de 1944 .

An tAcht Airgeadais, 1944 .

Fo-ailt (2), (3) agus (4) d'alt 4.

An 6ú lá d'Aibreán, 1954.

Uimh. 13 de 1949 .

An tAcht Airgeadais, 1949 .

Alt 13.

An 1ú lá de Mheán Fómhair, 1954.

Uimh. 15 de 1951 .

An tAcht Airgeadais, 1951 .

Alt 3.

An 6ú lá d'Aibreán, 1954.

Alt 10.

An 1ú lá de Mheán Fómhair, 1954.

Uimh. 21 de 1953 .

An tAcht Airgeadais, 1953 .

Alt 7.

An 1ú lá de Mheán Fómhair, 1954.